Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Leagtar amach leis na rialacha a bhaineann le Interreg, ionstraim lena gcuirtear comhar críochach Eorpach chun cinn trí chomhchláir, trí chomhthionscadail agus chomhghréasáin idir ghníomhaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ó Bhallstáit éagsúla den Aontas Eorpach (AE) agus idir gníomhaithe AE agus tíortha máguaird nach tíortha den Aontas Eorpach iad, tíortha comhpháirtíochta, tíortha agus críocha thar lear (OCTanna), críocha eile agus eagraíochtaí lánpháirtíochta réigiúnaí agus comhair réigiúnaigh. Spreagtar le Interreg forbairt chomhchuí eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach an Aontais Eorpaigh ina iomláine agus de chuid a chomharsanachta – príomhchuspóir le beartas comhtháthaithe AE.
Leagtar síos leis na rialacha is gá chun clársceidealú éifeachtach a áirithiú lena n–áirítear cúnamh teicniúil, faireachán, meastóireacht, cumarsáid, incháilitheacht, bainistíocht agus rialú. Leagtar amach leis chomh maith na rialacha maidir le bainistíocht airgeadais clár Interreg, a bhfaightear tacaíocht ina leith ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1058 (féach an achoimre), mar aon le cuspóirí sonracha agus comhtháthú ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais Eorpaigh:
an maoiniú do gach tír agus críoch thar lear don tréimhse 2021-2027.
PRÍOMHPHOINTÍ
Struchtúr
Tá an comhar críochach faoi Interreg forbartha thart ar cheithre shnáithe.
Interreg A – comhar trasteorann idir réigiúin máguaird (ar chóir dó a bheith suite i bprionsabal feadh teorainneacha talún nó farraige a bhfuil le suas le 150 km farraige mar theorainn eatarthu) chun dul i ngleic le dúshláin choiteanna a shainaithnítear i gcomhpháirt sna réigiúin teorann agus chun leas a bhaint as an acmhainn fáis nach bhfuil leas bainte aisti fós sna limistéir sin.
Interreg B – comhar trasnáisiúnta thar chríocha trasnáisiúnta níos mó nó thart ar imchuacha farraige chun leibhéal níos airde de chomhtháthú críochach a bhaint amach.
Interreg C – comhar idir–réigiúnach trí cheithre chlár shonracha chun éifeachtúlacht an bheartais chomhtháthaithe a threisiú tríd an méid seo a leanas a chur chun cinn:
malartú taithí, cuir chuige nuálacha agus fothú acmhainneachta d’fhonn dea–chleachtas a aithint agus a scaipeadh agus é a chur chun feidhme i mbeartais um fhorbairt réigiúnach, lena n–áirítear an “sprioc um infheistíocht i bpoist agus i bhfás” (clár Interreg na hEorpa);
malartú taithí, cuir chuige nuálacha agus fothú acmhainneachta d’fhonn an dea–chleachtas maidir le forbairt uirbeach chomhtháite agus inbhuanaithe a aithint, a aistriú agus leas a bhaint as (an clár Urbact);
malartú taithí, cuir chuige nuálacha agus fothú acmhainneachta chun cur chun feidhme chláir Interreg agus gníomhaíochtaí comhair a fheabhsú agus a shimpliú, mar aon le grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach1 (an clár INTERACT) a chur ar bun agus a fheidhmiú;
an anailís ar threochtaí forbartha maidir le spriocanna um chomhtháthú críochach (clár an Ghréasáin Faire Eorpaigh um Pleanáil Spásúlachta (clár ESPON)).
Interreg D – comhar idir na réigiúin is forimeallaí chun forbairt agus comhtháthú na réigiún is forimeallaí agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear (mar shampla, réigiúin Mhuir Chairib) a éascú ina gcomharsanacht.
Acmhainní agus ráta cómhaonithe
Faightear tacaíocht i leith Interreg ón CFRE agus, i gcás ina gcomhoibríonn Ballstát amháin nó níos mó agus a réigiúin i dteannta le Ballstát amháin nó níos mó agus tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus a réigiúin thar theorainneacha, faightear tacaíocht ina leith ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE (i.e. IPA III agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta).
Le linn na tréimhse a chumhdaítear sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha (2021–2027), gheofar leithdháileadh €8.05 billiún (praghsanna 2018) ó acmhainní CFRE i gcomhair Interreg.
Leithdháilfear acmhainní an CFRE ar chláir Interreg mar a leanas:
72.2% (iomlán de €5,812,790,000 le haghaidh comhar trasteorann talún agus muirí (Interreg A));
18.2% (iomlán de €1,466,000,000 le haghaidh comhar trasnáisiúnta (Interreg B));
6.1% (iomlán de €490,000,000 le haghaidh comhar idir–réigiúnach (Interreg C)); agus
3.5% (iomlán de €281,210,000 le haghaidh comhair do na réigiúin is forimeallaí (Interreg D)).
Ní foláir nach rachaidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach cláir Interreg thar 80%.
Cuspóirí a bhaineann go sonrach le Interreg agus díriú téamach
Faoi chláir Interreg, féadfaidh an CFRE agus, nuair is iomchuí, ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE tacú le sainchuspóirí Interreg maidir le rialachas comhair níos fearr agus Eoraip níos sábháilte agus níos sláine.
Ba cheart go dtabharfaí 60% ar a laghad de na hacmhainní a leithdháilfear ar chláir Interreg A, B agus D i gcomhair trí cinn ar a mhéad de na cuspóirí beartais atá leagtha amach in Airteagal 5 den rialachán maidir le forálacha coiteanna (CPR), Rialachán (AE) 2021/1060 (féach an achoimre), agus ní mór Eoraip níos glaise, ísealcharbóin a bheith mar cheann acu. Ní mór do chláir Interreg A feadh teorainneacha inmheánacha talún 60% ar a laghad de na hacmhainní a leithdháileadh ar chuspóirí beartais 2 agus 4, agus dhá chuspóir beartais eile ar a mhéad atá leagtha amach sa rialachán maidir le forálacha coiteanna.
Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe
Féadfaidh an Coimisiún Eorpachgníomhaíochtaí cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach an méid seo a leanas:
na doiciméid straitéise ilbhliantúla maidir le cláir um chomhar seachtrach trasteorann agus trasnáisiúnta lena dtacaíonn an CRFE agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, an CFRE agus IPA III, nó an CFRE, an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus IPA III.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán ina bhfuil teimpléad do chláir Interreg a leasú.
Údaráis agus bainistíocht na gclár
Cuirtear Interreg chun feidhme trí chláir faoi bhainistíocht chomhroinnte2, seachas cláir Interreg D, a fhéadfar iad a chur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach faoi bhainistíocht indíreach3 i gcomhaontú leis an mBallstát (na Ballstáit) lena mbaineann i ndiaidh dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara.
Ceanglaítear leis an rialachán ar Bhallstáit agus, nuair is infheidhme, ar thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, ar thíortha comhpháirtíochta4 agus ar thíortha agus ar chríocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg d’fhonn, chun críocha an rialacháin maidir le forálacha coiteanna, údarás bainistíochta aonair agus údarás iniúchtóireachta aonair a aithint. Leagtar amach leis rialacha mionsonraithe maidir leis na húdaráis sin, maidir lena bhfeidhmeanna agus maidir lena bhfreagrachtaí.
Ní mór do gach údarás bainistíochtasonraí carnacha don chlár Interreg faoi seach a sheoladh chuig an gCoimisiún gach ráithe, i gcomhréir leis na teimpléid atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII leis an rialachán maidir le forálacha coiteanna.
Coiste faireacháin
Ní mór do na Ballstáit agus, nuair is infheidhme, na tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach sa chlár sin coiste faireacháin a bhunú, i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta, chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir Interreg faoi seach laistigh de 3 mhí ó dháta an fhógra do na Ballstáit maidir le faomhadh an chláir Interreg. Ní mór don choiste teacht le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad agus athbhreithniú a dhéanamh ar gach saincheist a bhaineann le dul chun cinn an chláir i dtreo a chuspóirí a bhaint amach.
Meastóireachtaí
Ní mór don Bhallstát nó don údarás bainistíochta meastóireachtaí a dhéanamh ar na cláir a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas: éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE, agus é mar aidhm cáilíocht dhearadh agus chur chun feidhme an chláir a fheabhsú. D’fhéadfaí go gclúdófaí sna meastóireachtaí freisin critéir ábhartha eile, amhail cuimsitheacht, neamh–idirdhealú agus infheictheacht.
Caithfear meastóireacht bhreise a dhéanamh ar gach clár chun a thionchar a mheas roimh an .
Grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (GECCanna). Tá sé mar aidhm leo sin comhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir–réigiúnach san Aontas Eorpach a éascú agus a chur chun cinn. Áirítear lena gcúraimí cur chun feidhme clár atá á gcómhaoiniú ag an Aontas Eorpach nó ag aon tionscadal Eorpach eile le haghaidh comhar trasteorann. Mar eintitis dhlítheanacha, tugann na GECCanna údaráis ó Bhallstáit éagsúla le chéile. Féadfaidh na Ballstáit féin, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, cumainn nó aon chomhlacht poiblí eile a bheith i measc a mball. Caithfidh baill ó dhá Bhallstát ar a laghad a bheith sna GECCanna.
Bainistíocht chomhroinnte. I gcás go ndéanann an Coimisiún Eorpach agus údaráis náisiúnta maoiniú a chomhbhainistiú.
Bainistíocht indíreach. I gcás go mbainistíonn eagraíochtaí comhpháirtíochta nó údaráis eile laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach an maoiniú.
Tíortha comhpháirtíochta. Tairbhí IPA III nó tír nó críoch atá cumhdaithe, maidir le cláir Interreg A agus B, sa limistéar comharsanachta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 nó Cónaidhm na Rúise, nó maidir le cláir Interreg C agus D, tír nó críoch atá cumhdaithe ag aon limistéar geografach faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, agus a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, , lgh. 94–158).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (IO L 231, , lgh. 60–93).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/1058 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2021/1060 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim Airgeadais um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IO L 231, , lgh. 159-706).
Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, , lgh. 1–78).
Rialachán (AE) Uimh. 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, , lgh. 1–26).