Használjon felül nyitó és záró idézőjeleket (""), ha pontos kifejezésre kíván rákeresni. Tegyen a keresett kifejezés végére csillagot (*), ha a kifejezés több változatát is be szeretné foglalni a keresésbe (pl.: szállít*, 32019R*). Használjon kérdőjelet (?), ha a keresőkifejezésben csak egyetlen karaktert szeretne helyettesíteni (pl. a tagállam?t kifejezéssel meg lehet találni a „tagállamát”, „tagállamit” és „tagállamot” szavakat).
Le Rialachán (AE) 2021/1060, dá ngairtear rialachán na bhforálacha coiteanna, leagtar amach na rialacha comhchoiteanna airgeadais a bhfuil feidhm acu maidir leis na foinsí seo a leanas um maoiniú an Aontais Eorpaigh (AE), chomh maith le forálacha comhchoiteanna breise do na cistí atá marcáilte le réiltín (*):
Eoraip a bheidh níos gaire do shaoránaigh, a bhainfear amach trí fhorbairt inbhuanaithe agus chomhtháite gach cineáil críoch agus tionscnamh áitiúil.
Spriocanna aeráide
Ba cheart go gcuirfeadh na cistí le bearta ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le sprioc fhoriomlán 30 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bhaint amach chun tacú le cuspóirí aeráide. Go sonrach, ní mór do Bhallstáit AE faisnéis a sholáthar faoin dóigh a bhfuil siad ag tacú le cuspóirí comhshaoil agus aeráide, agus an méid a chuireann siad leis an sprioc fhoriomlán a chur in iúl mar chéatadán dá leithdháileadh iomlán de CFRE agus den Chiste Comhtháthaithe. Mura ndéantar dul chun cinn leordhóthanach i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach, tiocfaidh an Ballstát agus an Coimisiún Eorpach ar chomhaontú maidir le bearta feabhais sa chruinniú bliantúil um athbhreithniú.
Príomhphrionsabail
Cuireann na Ballstáit agus an Coimisiún na leithdháiltí buiséid chun feidhme bunaithe ar na prionsabail seo a leanas.
Bainistíocht chomhroinnte. Tá bearta beartaithe i gcomhpháirt idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Tá na Ballstáit freagrach as na bearta a chur chun feidhme agus as caiteachas a aisíoc le tairbhithe, agus déanann an Coimisiún faireachán ar an gcur chun feidhme, aisíocann sé na Ballstáit agus tá sé freagrach ar deireadh as an mbuiséad.
Comhpháirtíocht agus rialachas ardleibhéil. Ní mór do na Ballstáit comhpháirtíocht chuimsitheach a eagrú agus a chur chun feidhme lena n–áirítear na comhpháirtithe seo a leanas ar a laghad:
údaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile;
comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht don tsochaí shibhialta, amhail comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhlachtaí a chuireann cuimsiú sóisialta, cearta bunúsacha, cearta daoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne agus neamh–idirdhealú chun cinn;
go gcuirfear comhionannas idir fir agus mná, príomhshruthú inscne agus comhtháthú ghné na hinscne, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas san áireamh;
go ndéanfar bearta iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a chosc agus cláir á n–ullmhú, á gcur chun feidhme, agus tuairisciú, faireachán agus meastóireacht á ndéanamh orthu.
Comhaontú comhpháirtíochta
Ullmhaíonn gach Ballstát comhaontú comhpháirtíochta lena leagtar amach an dóigh a bhfuil sé beartaithe acu úsáid éifeachtach agus éifeachtúil a bhaint as CFRE, as CSE+, as an gCiste Comhtháthaithe, as CUAC agus as CEMID don tréimhse 2021–2027.
Clárú
I gcomhar leis na comhpháirtithe, ullmhaíonn na Ballstáit cláir chistiúcháin le haghaidh 2021–2027 a bheidh le cur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dóibh an comhaontú comhpháirtíochta a chur isteach. Leagtar amach leis an rialachán rialacha maidir leis na gnéithe clársceidealaithe seo a leanas:
ábhar;
faomhadh;
leasú;
tacaíocht chomhpháirteach ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CUAC;
aistriú acmhainní, lena n–áirítear rialacha speisialta maidir le haistrithe ó CFRE agus CSE+ chuig CUAC.
Forbairt chríochach
Neartaítear an cur chuige comhtháite maidir le forbairt chríochach agus is féidir tacú leis ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:
infheistíocht chríochach chomhtháite, trínar féidir leis na Ballstáit maoiniú a chomhcheangal ó roinnt cistí, clár nó tosaíochtaí den chlár céanna chun straitéis chomhtháite a áirithiú do chríoch ar leith;
forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, uirlis a úsáidtear ar an leibhéal foréigiúnach, lena gcomhlánaítear tacaíocht ar an leibhéal áitiúil chun pobail áitiúla agus eagraíochtaí áitiúla a ghríosú agus ról a thabhairt dóibh, ag díriú ar an méid seo a leanas:
fothú acmhainneachta,
oibríochtaí a chur chun feidhme, agus
bainistíocht, faireachán agus meastóireacht straitéise, lena n–áirítear cumarsáid idir geallsealbhóirí;
uirlisí críochacha eile arna ndearadh ag an mBallstát.
Cúnamh teicniúil
Ar thionscnamh an Choimisiúin, féadfaidh na cistí tacú le cúnamh ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta, meastóireachta, cumarsáide, infheictheachta, riaracháin agus teicniúil chun an rialachán a chur chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, i dtíortha nach bhfuil san Aontas freisin.
Ar thionscnamh Ballstáit, féadfaidh na cistí tacú le gníomhaíochtaí chun na cistí a riar agus a úsáid go héifeachtach, lena n–áirítear acmhainneacht na gcomhpháirtithe a fhorbairt agus ullmhú, oiliúint, bainistiú, faireachán, meastóireacht, infheictheacht agus cumarsáid.
Feidhmíocht
Cuireann na Ballstáit córas ar bun lena chur ar a gcumas faireachán, tuairisciú agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht, ina gcuimsítear:
táscairí aschur agus torthaí a bhaineann le sainchuspóirí;
garspriocanna atá le baint amach faoi dheireadh 2024 le haghaidh táscairí aschur; agus
spriocanna atá le baint amach faoi dheireadh 2029 le haghaidh táscairí aschur agus torthaí.
Faireachán
Bunaíonn gach Ballstát coiste faireacháin laistigh de 3 mhí ón dáta ar faomhadh clár. Tagann na coistí le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí an chláir a bhaint amach. Cinneann an Ballstát comhdhéanamh an choiste agus caithfidh sé ionadaíocht chothrom ó na comhlachtaí ábhartha agus na hionadaithe comhpháirtíochta a áirithiú.
Tá vóta ag gach ball den choiste faireacháin. Rialaítear na cearta vótála agus na sonraí ar an nós imeachta sa choiste faireacháin leis na rialacha nós imeachta.
Glacann ionadaithe an Choimisiúin páirt i gcáil faireacháin agus comhairleach.
Eagraítear cruinnithe bliantúla um athbhreithniú idir an Coimisiún agus gach Ballstát chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú.
Measúnú
Déanann na Ballstáit nó a n–údaráis bhainistíochta measúnú ar na cláir, ag úsáid saineolaithe atá neamhspleách ón taobh feidhmiúil, chun cáilíocht agus cur chun feidhme an chláir a fheabhsú.
Déanfaidh an Coimisiún a mheastóireacht mheán–téarma féin ar gach ciste faoi dheireadh 2024 agus déanfaidh sé measúnú siarghabhálach faoin . Bunaítear na measúnuithe ar na critéir seo a leanas:
éifeachtúlacht
éifeachtacht
ábharthacht
comhleanúnachas
tairbhe don Aontas Eorpach.
D’fhéadfaí uilechuimsitheacht, neamh–idirdhealú agus infheictheacht a chur san áireamh sna measúnuithe chomh maith.
Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar gach clár chun a thionchar a mheas faoin .
Infheictheacht
Ní foláir go n–áiritheoidh gach Ballstát infheictheacht na tacaíochta i ngach gníomhaíocht a bhaineann le hoibríochtaí a dtacaíonn na cistí leo, agus le ról agus na gcistí agus na méid atá bainte amach leo a chur in iúl do shaoránaigh AE trí thairseach suímh gréasáin amháin lena soláthraítear rochtain ar gach clár a bhaineann leis an mBallstát sin.
Go sonrach, nó foláir go n–admhóidh tairbhithe agus comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme tacaíocht ó na cistí i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach leis an rialachán; má theipeann orthu déanamh amhlaidh, beidh an t–údarás bainistíochta i dteideal bearta a chur i bhfeidhm agus suas le 3% den tacaíocht ó na cistí i gcomhair na hoibríochta lena mbaineann a chur ar ceal.
Tacaíocht airgeadais
Féadfaidh aon cheann de na foirmeacha seo a leanas a bheith i gceist le ranníocaíocht airgeadais an Aontais:
maoiniú nach mbaineann le costais, bunaithe ar choinníollacha a chomhlíonadh nó ar thorthaí a bhaint amach;
aisíocaíocht deontas a sholáthraíonn na Ballstáit do thairbhithe;
cnapshuimeanna atá sainaitheanta go soiléir roimh ré;
maoiniú ar ráta comhréidh arna shainaithint roimh ré;
meascán den dá rud thuas.
Úsáideann na Ballstáit na cistí chun tacaíocht a sholáthar do thairbhithe i bhfoirm deontas, ionstraimí airgeadais nó duaiseanna (nó meascán díobh sin).
Cáilitheacht
Cinntear incháilitheacht chaiteachais le rialacha náisiúnta, ach amháin i gcás go bhfuil rialacha sonracha sa rialachán seo nó i rialacháin a bhaineann go sonrach le cistí.
Níl na costais seo a leanas incháilithe i gcomhair ranníocaíochta ó na cistí:
an t–ús ar fhiacha, le heisceachtaí beaga;
ceannach talún níos mó ná 10% den chaiteachas incháilithe iomlán, nó 15% do láithreáin tréigthe agus seanláithreáin thionsclaíocha ina bhfuil foirgnimh (neamhbhainteach má tá caomhnú comhshaoil i gceist leis an tionscadal);
cáin bhreisluacha (CBL), seachas i gcás:
oibríochtaí faoi bhun €5,000,000 (CBL san áireamh),
oibríochtaí os cionn €5,000,000 (CBL san áireamh) sa chás go bhfuil CBL neamh-inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta, nó ina leith
Féadfar costais bhreise nach bhfuil incháilithe i gcomhair ranníocaíochta ón gciste áirithe a shainaithint le rialacháin a bhaineann go sonrach le cistí .
Bainistíocht agus rialú
Ní foláir go mbeidh córais bhainistíochta agus rialaithe a fheidhmíonn go héifeachtach dá gcláir ag na Ballstáit agus beidh siad freagrach, i measc nithe eile, as an méid seo a leanas:
a áirithiú go bhfeidhmíonn na cláir i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus le príomhcheanglais mhionsonraithe;
dlíthiúlacht an chaiteachais sna cuntais a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin a áirithiú;
neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a thuairisciú, lena n–áirítear calaois;
cáilíocht, cruinneas agus iontaofacht an chórais faireacháin agus sonraí ar tháscairí a áirithiú;
a áirithiú go ndéanfar gach malartú faisnéise idir tairbhithe agus údaráis an chláir trí chórais leictreonacha um mhalartú sonraí;
foilsiú faisnéise a áirithiú;
córais agus nósanna imeachta a bheith acu le háirithiú go gcoinnítear gach doiciméad a theastaíonn don rian iniúchta.
Ní mór don Choimisiún, i measc nithe eile:
bheith sásta go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha, éifeachtúla agus chomhlíontacha ag na Ballstáit;
iniúchtaí a dhéanamh suas le 3 bliana tar éis glacadh leis na cuntais, ach amháin i gcás ina bhfuil amhras faoi chalaois.
Tá na húdaráis bhainistíochta freagrach, i measc nithe eile, as an méid seo a leanas:
oibríochtaí a roghnú;
bainistíocht cláir a dhéanamh;
tacú le hobair an choiste faireacháin;
maoirseacht a dhéanamh ar chomhlachtaí idirmheánacha;
sonraí a thaifeadadh go slán ar gach oibríocht maidir le faireachán, measúnú, bainistíocht airgeadais, fíorú agus iniúchadh.
Leagtar amach leis an rialachán rialacha mionsonraithe maidir le hiniúchtaí a dhéanann údaráis iniúchta náisiúnta, lena n–áirítear:
iniúchtaí ar oibríochtaí;
socruithe d’iniúchadh aonair;
brath ar chórais bhainistíochta náisiúnta trí shocruithe comhréireacha feabhsaithe.
Bainistíocht airgeadais
Leagtar amach leis an rialachán rialacha mionsonraithe, maidir leis an méid seo a leanas:
ceangaltais bhuiséid;
aisíocaíocht;
rialacha maidir le híocaíochtaí leis na Ballstáit;
cineálacha íocaíochtaí agus na rialacha comhchoiteanna is infheidhme;
ranníocaíocht AE bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe, agus ar mhaoiniú nach bhaineann le costais;
cur isteach agus fionraí;
ábhar, cur isteach agus scrúdú cuntas;
ríomh iarmhéideanna;
ceartuithe airgeadais;
prionsabail, rialacha, nósanna imeachta agus eisceachtaí maidir le saoradh (tarraingt siar).
Go sonrach, leithdháiltear acmhainní ó CFRE agus ó CSE+ ar na trí chatagóir réigiún seo a leanas:
réigiúin bheagfhorbartha, ar lú a n–olltáirgeacht intíre (OTI) in aghaidh an duine ná 75% de mheán AE-27 (na 27 Ballstát uile);
réigiúin trasdula, ag a bhfuil OTI in aghaidh an duine idir 75% agus 100% de mheán AE-27;
réigiúin níos forbartha, ag a bhfuil OTI in aghaidh an duine os cionn 100% de mheán AE-27.
Tacaíonn an Ciste Comhtháthaithe leis na Ballstáit sin ar lú a n–ollioncam náisiúnta in aghaidh an duine, arna thomhas de réir caighdeáin chumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí AE don tréimhse 2015-2017, ná 90% den mheán–ollioncam náisiúnta in aghaidh an duine ó AE-27 le haghaidh na tréimhse tagartha céanna.
Cuimsítear na sonraí seo a leanas sa rialachán freisin:
Solúbthacht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ionsaí gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin
Le Rialachán leasaitheach (AE) 2022/2039), féachtar leis an ualach ar bhuiséid na mBallstát a mhaolú agus cur chun feidhme oibríochtaí ina dtugtar aghaidh ar na dúshláin a eascraíonn as an bhfogha a thug an Rúis faoin Úcráin a éascú.
Méadaíodh leis ráta an réamh–mhaoinithe do chláir ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe faoi sprioc na hinfheistíochta le haghaidh post agus fáis faoi 0.5% in 2022 agus 0.5% in 2023 den tacaíocht iomlán ó na cistí a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an clár i ngach Ballstát.
Éascaítear leis ráta cómhaoinithe suas le 100% ón Aontas go dtí an le haghaidh tosaíochtaí ar leithligh, arna mbunú laistigh de chláir, lena dtacaítear le hoibríochtaí lena gcuirtear lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach neamh–AE chun cinn. Ní mór 30% ar a laghad den tacaíocht laistigh den tosaíocht a dheonú do thairbhithe ar údaráis áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta iad atá ag feidhmiú i bpobail áitiúla. An méid iomlán atá clársceidealaithe faoi thosaíochtaí den sórt sin i mBallstát, ní fhéadfaidh sé a bheith níos mó ná 5% de leithdháileadh náisiúnta tosaigh an Bhallstáit sin ó CFRE agus ó CSE+ le chéile. Déanfar athbhreithniú ar an ráta cómhaoinithe suas le 100 % faoin .
Tá oibríochtaí lena mbaineann costas iomlán níos mó ná €1 mhilliún a roghnaíodh i gcomhair tacaíochta faoi Rialachán (AE) 1303/2013 agus a thosaigh roimh an i dteideal tacaíocht a fháil i gclárthréimhse 2021-2027, agus féadfaidh an tUachtarán Bainistíochta tacaíocht a dheonú go díreach, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha tábhachtacha áirithe.
Tacú le fuinneamh inacmhainne (SAFE)
Is cuid d’athrú beartais níos mó é Rialachán (AE) 2023/435 a leasú chun aghaidh a thabhairt ar spleáchas fuinnimh an Aontais ar an Rúis.
Cuireann sé ar chumas na mBallstát go háirithe suas le 7.5% den leithdháileadh beartais um chomhtháthú 2021-2027 a úsáid chun cur le cuspóirí repowerEU. Ba cheart go mbeadh bearta den sórt sin i gcomhréir leis na rialacha ciste–shonracha i gcónaí, lena n–áirítear leis an bprionsabal “nach ndéanfar aon dochar suntasach”.
Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP)
Le Rialachán leasaitheacha (AE)2024/795, lena mbunaítear tionscnamh an ardáin um theicneolaíochtaí straitéiseacha don Eoraip, féachtar le ceannasacht agus slándáil an Aontais a neartú, le dlús a chur faoina aistriú glas agus faoina aistriú digiteach, lena iomaíochas a fheabhsú agus lena spleáchas straitéiseach a laghdú i dtrí réimse straitéiseacha thionsclaíocha: nuálaíocht dhigiteach agus nuálaíocht dhomhaintheicneolaíochta, teicneolaíochtaí glana agus atá tíosach ar acmhainní, agus biteicneolaíochtaí. Éascaítear leis acmhainní ó chláir AE atá ann cheana a ghiaráil gan gá a bheith le cistí nua a chruthú agus leagtar amach leis rialacha sonracha le haghaidh tionscadal sna réimsí sin. Tionscadail ar ar bronnadh Séala Ceannasachta (lipéad cáilíochta an Aontais a bhronntar ar thionscadail ardcháilíochta a chuireann le cuspóirí an ardáin, a thabharfaidh infheictheacht dóibh agus a chuideoidh le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha malartacha nó breise a mhealladh), is féidir leo leas a bhaint as rochtain níos fearr ar mhaoiniú AE, go háirithe trí mhaoiniú carnach nó comhpháirteach ó roinnt ionstraimí a éascú.
Rialachán (AE) 2021/1060 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim Airgeadais um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IO L 231, , lgh. 159–706).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/1060 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, , lgh. 1–20).
Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, , lgh. 21–59).
Rialachán (AE) Uimh. 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (IO L 231, , lgh. 60–93).
Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, , lgh. 94–158).
Rialachán (AE) Uimh. 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2017/1004 (IO L 247, , lgh. 1–49).
Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (OJ L 347, , lgh. 320–469).
Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, , lgh. 1–41).