Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Beidh feidhm ag an treoir maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthróidh trádálaí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, agus a íocfaidh an tomhaltóir an praghas, nó a gheallfaidh sé nó sí an praghas a íoc. Tá feidhm léi freisin i gcás nach n–íocann an tomhaltóir praghas ach go soláthraíonn sé nó sí sonraí pearsanta don trádálaí nó go ngeallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí, ach amháin i gcás go ndéanfaidh an trádálaí na sonraí pearsanta a sholáthraíonn an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun críche an t–ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar nó chun go gcomhlíonfaidh an tradálaí ceanglais dlí.
Áirítear le heisceachtaí conarthaí maidir leis na nithe seo a leanas:
earraí lena bhfuil gnéithe digiteacha (a rialaítear i dTreoir (AE) 2019/771);
rochtain ar an idirlíon;
téacsáil (mar shampla SMS), cé is moite de chumarsáid idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhreacha;
cúram sláinte;
seirbhísí cearrbhachais;
seirbhísí airgeadais;
bogearraí a thairgtear faoi shaorcheadúnas agus nó faoi cheadúnas foinse oscailte (i gcás nach n–íoctar aon phraghas agus go n–úsáidtear na sonraí pearsanta a sholáthraíonn an tomhaltóir chun na bogearraí sonracha a fheabhsú agus chuige sin amháin);
ábhar digiteach mar chuid de léiriú nó d’imeacht, amhail teilgean digiteach cineamatagrafaíochta;
ábhar digiteach arna sholáthar ag comhlachtaí na hearnála poiblí i gcomhréir le Treoir 2003/98/CE.
Comhréireacht
Ní mór an méid seo a leanas a bheith ag baint le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha go ginearálta:
go bhfuil siad i gcomhréir leis an tuairisc, leis an gcainníocht agus leis an gcáilíocht, agus gnéithe eile a bheidh leo amhail feidhmiúlacht, comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht, mar a cheanglaítear leis an gconradh;
go bhfuil siad oiriúnach don chuspóir arna aontú mar chuid den phróiseas conartha;
gur soláthraíodh iad leis na hoiriúintí, na treoracha agus an cúnamh go léir de réir mar a cheanglaítear leis an gconradh;
go ndéantar iad a nuashonrú mar a shonraítear sa chonradh;
go bhfuil siad oiriúnach do na feidhmeanna a mbainfí úsáid as ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach den chineál céanna ina leith de ghnáth;
go bhfuil na cáilíochtaí agus na gnéithe feidhmíochta (lena n–áirítear feidhmiúlacht, comhoiriúnacht, inrochtaineacht, leanúnachas) leo lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún;
gur soláthraíodh iad le haon oiriúintí agus treoracha lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún;
go gcloíonn siad le haon leagan trialach nó réamhamhairc a chuirfear ar fáil sular tugadh an conradh i gcrích.
Ní mór do thrádálaithe a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe, lena n–áirítear nuashonruithe slándála, agus go ndéanfar iad a sholáthar dó nó di, rud is gá chun go mbeidh an t–ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach comhlíontach i gcónaí. Tá rialacha níos mionsonraithe sa treoir freisin maidir leis an oibleagáid nuashonruithe a sholáthar.
Dliteanas trádálaí
Tá an trádálaí faoi dhliteanas i leith:
aon mhainneachtain soláthair maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach;
aon easpa comhréireachta maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach tráth an tsoláthair agus a éireoidh follasach laistigh de dhá bhliain ar a laghad. Má éiríonn an easpa comhréireachta follasach le linn na chéad bhliana, ní gá don tomhaltóir a chruthú go raibh sé ann tráth an tsoláthair.
I gcás ina soláthrófar an t–ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach go leanúnach, beidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith aon easpa comhréireachta a thagann chun solais le linn na tréimhse soláthair.
Leigheasanna
I gcás nár sholáthair an tradálaí an t–ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach gan moill mhíchuí nó laistigh de thréimhse ama arna comhaontú, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh.
I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal an t–ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith curtha chun comhréireachta, (ach amháin dá mbeadh sé sin dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an trádálaí). I gcás go mainneoidh tradálaí é sin a dhéanamh, beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh.
Ar fhoirceannadh an chonartha, ní mór don trádálaí an tomhaltóir a chúiteamh go hiomlán ach amháin i gcás tréimhsí nuair a bhí an t–ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh go leanúnach comhlíontach.
Oibleagáidí agus cearta i gcás ina ndéanfar an conradh a fhoirceannadh
Tar éis fhoirceannadh an chonartha, ní mór do thrádálaithe oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta Rialachán (AE) 2016/679 ((An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) a chomhlíonadh. Faoi choinníollacha áirithe, ní mór do thrádálaithe:
staonadh freisin ó úsáid a bhaint as aon ábhar seachas sonraí pearsanta agus a chuir an tomhaltóir ar fáil nó a chruthú sé nó sí agus úsáid á baint aige nó aici as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach;
ligean don tomhaltóir freisin an t–ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnta ama.
Tar éis fhoirceannadh an chonartha, ní mór do thomhaltóirí staonadh ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó an tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú gur ann do mhodhanna éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú.
B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha an Aontais Eorpaigh faoin . Ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh rialacha na treorach a chur i bhfeidhm ón i leith.
Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, , lgh. 1-27)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n–aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, , lgh. 28-50)
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, , lgh. 1-88)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/679 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis um margadh aonair digiteach don Eoraip (COM(2015) 192 críochnaitheach, an )
Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, , lgh. 64-88)
Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, , lgh. 37-47)
Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí sochaí faisnéise, go háirithe an ríomhthráchtáil, sa Mhargadh Inmheánach (“Treoir maidir le ríomhthráchtáil”) (IO L 178, , lgh. 1-16)
Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, , lgh. 29-34)