This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32018D1544
Bearta sriantacha de chuid AE in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach
Cinneadh (CBES) 2018/1544 — bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach
Rialachán (AE) 2018/1542 — bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach
Tugtar isteach leis an gcinneadh (a glacadh i gcomhthéacs chomhbheartas eachtrach agus slándála AE) agus leis an rialachán (a glacadh ar bhonn Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)) le chéile córas “téamúil” smachtbhannaí AE, chun dul i ngleic leis an mbagairt a bhaineann le húsáid agus leathadh arm ceimiceach1.
Ceanglaítear ar thíortha AE leis an gcinneadh cosc a chur ar na daoine agus ar na eintitis a ndírítear orthu a bhfuil freagracht dhíreach acu as forbairt agus úsáid arm ceimiceach, chomh maith leo siúd a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil nó ábhartha, agus leo siúd a chuidíonn leo, a spreagann iad nó a bhaineann leo dul isteach ina gcríoch nó dul trína gcíoch.
Tá roinnt eisceachtaí ceadaithe, lena n–áirítear, mar shampla:
Ní mór do thíortha AE cistí nó acmhainní eacnamaíocha2 ar bith ar leis na daoine nó na eintitis a ndírítear orthu iad, atá ina seilbh nó atá á rialú acu a reo. Go heisceachtúil, féadfaidh siad údarú a thabhairt i leith scaoileadh cuid de na cistí sin, mar shampla, má tá siad riachtanach sna cásanna seo a leanas:
Ní mór do thíortha AE tíortha AE eile agus an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas maidir leis na cásanna sin.
Tá an Chomhairle freagrach as liosta de na daoine aonair agus de na eintitis a ndírítear orthu a dhréachtú san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh. Gníomhaíonn an Chomhairle de réir aontoilíochta ar bhonn togra ó thír AE nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Cuireann an Chomhairle a cinneadh in iúl ansin don duine (daoine) aonair nó don eintiteas (eintitis) a ndírítear air nó uirthi (orthu) go díreach (má tá a seoladh ar eolas) nó go hindíreach trí fhógra a fhoilsiú.
Leis an rialachán:
Féadfaidh institiúidí airgeadais nó creidmheasa a fhaigheann cistí a aistríonn tríú páirtithe chuig cuntas duine aonair nó comhlachta liostaithe na cistí a chur do shochar na gcuntas reoite, ach déanfar suimeanna breise ar bith ar na cuntais sin a reo chomh maith. Ní mór don institiúid an t–údarás inniúil ábhartha a chur ar an eolas faoi idirbheart ar bith dá leithéid gan aon mhoill.
Ní foláir nach mbeidh an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha nó an diúltú cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, a rinneadh le meon macánta ar an mbonn go bhfuil gníomh ar bith dá leithéid i gcomhréir leis an rialachán seo, ina gcúis le dliteanas de chineál ar bith ar thaobh an duine aonair nó an chomhlachta a bheidh á chur chun feidhme, nó a stiúrthóirí nó a f(h)ostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar mar thoradh ar neamairt.
Tá toirmeasc ar ghníomhaíocht d’aon turas nó d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí chun na bearta (an cosc ar thaisteal/nó an reo sócmhainní) a sheachaint.
Tá feidhm ag an rialachán:
Tá feidhm ag an gcinneadh agus ag an rialachán ón .
Ghlac AE an córas nua maidir le bearta sriantacha, nó smachtbhannaí, an mar thoradh ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach 2018, inar iarradh go nglacfaí córas nua AE maidir le bearta sriantacha a luaithe ab fhéidir chun dul i ngleic le húsáid agus leathadh arm ceimiceach.
Tugadh isteach na chéad smachtbhannaí faoin gcóras nua i mí Eanáir 2019 a raibh leasú ar an gcinneadh agus an rialachán (féach “Doiciméid ghaolmhara”) mar thoradh air.
Cinneadh (CBES) Uimh. 2018/1544 ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, , lgh. 25-30)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, , lgh. 12-21)
Féach an leagan comhdhlúite.
nuashonrú is deireanaí