Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009D0316

    An córas faisnéise Eorpach um thaifid choiriúla (ECRIS)

    An córas faisnéise Eorpach um thaifid choiriúla (ECRIS)

     

    ACHOIMRE AR:

    Cinneadh 2009/316/CGB maidir le bunú an chórais faisnéise Eorpaigh um thaifid choiriúla

    CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

    Bunaíodh leis:

    • an córas faisnéise Eorpach um thaifid choiriúla (ECRIS);
    • formáid chaighdeánaithe le haghaidh malartú leictreonach faisnéise idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE), go háirithe maidir le cionta agus ciontuithe.

    Tá feidhm iomlán fós leis an gcinneadh in Éirinn agus sa Danmhairg, nach bhfuil faoi cheangal ag Treoir (AE) 2019/884 a cuireadh in ionad Chinneadh 2009/316/CGB ón 28 Meitheamh 2022.

    Maidir leis na Ballstáit eile go léir, is é Cinneadh Réime 2009/315/CGB, arna leasú le Treoir (AE) 2019/884, an t aon ionstraim is infheidhme maidir le ECRIS (féach an achoimre).

    PRÍOMHPHOINTÍ

    • Is ionann ECRIS agus córas TF díláraithe bunaithe ar bhunachair shonraí maidir le taifid náisiúnta choiriúla. Éascaítear leis malartú faisnéise a fhaightear ó thaifid náisiúnta choiriúla idir údaráis láir na mBallstát. Cuimsítear ann:
      • bogearraí idirnasctha ag baint úsáid as sraith choiteann prótacal chun faisnéis a mhalartú;
      • bonneagar coiteann cumarsáide, a oibrítear faoi fhreagracht an Choimisiúin Eorpaigh, le líonra criptithe.
    • Níl rochtain dhíreach ar líne ag údaráis náisiúnta láir ar bhunachair shonraí maidir le taifid choiriúla i mBallstáit.
    • Maidir leis an gCoimisiún:
      • soláthraíonn sé tacaíocht ghinearálta, cúnamh teicniúil agus bogearraí tagartha cur chun feidhme;
      • ní mór dó na costais a chumhdach a bhaineann le bonneagar coiteann cumarsáide ECRIS, agus lena fhorbairt amach anseo, a chur chun feidhme, a riar, a úsáid agus a chothabháil, mar aon leis na costais a bhaineann leis na bogearraí tagartha cur chun feidhme a chur chun feidhme agus a fhorbairt amach anseo;
      • foilsíonn sé tuarascálacha go rialta maidir le húsáid agus feidhmiú ECRIS.
    • Maidir leis na Ballstáit:
      • bainfidh siad úsáid as na cóid iomchuí maidir le catagóirí na gcionta (Iarscríbhinn A) agus smachtbhannaí (Iarscríbhinn B) agus faisnéis á malartú;
      • tá siad freagrach as a mbunachair shonraí féin maidir le taifid choiriúla;
      • soláthraíonn siad liosta cionta agus pianbhreitheanna náisiúnta d’Ard-Rúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le lámhleabhar neamhcheangailteach a sholáthar d’úsáideoirí ECRIS.
    • Roinneann na Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis agus téann siad i gcomhairle lena chéile sa Chomhairle chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
      • lámhleabhar neamhcheangailteach a dhréachtú ina leagtar amach na nósanna imeachta um malartú faisnéise, ina bpléitear go sonrach an fhadhb a bhaineann le ciontóirí a shainaithint;
      • forbairt agus oibriú ECRIS a chomhordú, go háirithe trí chórais agus nósanna imeachta logála, sonraíochtaí teicniúla agus slándála, agus nósanna imeachta maidir le comhréireacht bogearraí náisiúnta a bhunú.
    • Maidir leis an gcinneadh:
      • níl sé mar aidhm leis bunachar sonraí taifead coiriúil láraithe a chur ar bun, toisc go ndéantar na sonraí coiriúla uile a stóráil i mbunachair sonraí náisiúnta;
      • cuirtear chun feidhme leis Cinneadh Réime 2009/315/CGB — (féach an achoimre), lena leagtar amach na prionsabail ghinearálta maidir le hoibriú mhalartú faisnéise na dtaifead coiriúla idir na Ballstáit.
    • Tá an cinneadh comhlánaithe le:
      • Treoir 2011/93/CE maidir le drochúsáid ghnéasach leanaí a chomhrac (féach an achoimre), lena gceanglaítear faisnéis a mhalartú, má iarrtar sin, i nósanna imeachta earcaíochta maidir le poist a bhaineann le teagmháil dhíreach nó rialta le leanaí;
      • Rialachán (AE) 2019/816 maidir le ECRIS-TCN, lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach neamh-AE(féach an achoimre);
      • Rialachán (AE) 2018/1726 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais — féach an achoimre.
    • Cuirtear Treoir (AE) 2019/884, chomh maith le Cinneadh Réime 2009/315/CGB (féach thuas), in ionad Chinneadh 2009/316/CGB, lenar bunaíodh ECRIS, agus ní mór dlí a dhéanamh di sna Ballstáit tráth nach déanaí ná an 28 Meitheamh 2022.
    • Mar sin féin, ba cheart a lua nach bhfuil Éire agus an Danmhairg faoi cheangal ag Treoir (AE) 2019/884. Ciallaíonn sé sin go bhfuil Cinneadh 2009/316/CGB fós i bhfeidhm sa dá Bhallstát sin.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

    Tá sé i bhfeidhm ón 07 Aibreán 2009. B’éigean do na Ballstáit an treoir a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 27 Aibreán 2012.

    CÚLRA

    • Sular bunaíodh ECRIS, d’fhorchuir na cúirteanna náisiúnta pianbhreitheanna go minic gan fios a bheith acu cé acu an raibh ciontuithe roimhe sin ag coirpeach i mBallstát eile nó nach raibh.
    • Ó 2008 i leith, ceanglaítear le Cinneadh Réime 2008/675/CGB — féach an achoimre) go gcuirfidh cúirt ciontuithe coiriúla roimhe sin san áireamh le linn imeachtaí coiriúla úra i gcoinne duine aonair. Tacaíonn ECRIS leis an bpróiseas sin trí fhaisnéis chuimsitheach ar stair choiriúil shaoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh a sholáthar do bhreithiúna, d’ionchúisitheoirí agus d’údaráis ábhartha riaracháin, beag beann ar an áit inár ciontaíodh iad.
    • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Cinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 ar bhunú an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla (ECRIS) maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 11 de Chinneadh Réimse 2009/315/CGB (IO L 93, 7.4.2009, lgh. 33-48).

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Treoir (AE) 2019/884 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise faoi náisiúnaigh tríú tír agus a mhéid a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS), agus a chuirtear in ionad Chinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle (IO L 151, 7.6.2019, lgh. 143-150).

    Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lgh. 1-26).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/816 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99-137).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le comhrac i gcoinne drochúsáid ghnéasach agus dúshaothrú gnéasach leanaí agus pornagrafaíocht leanaí, agus a thagann in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB (IO L 335, 17.12.2011, lgh. 1-14).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lgh. 23-32).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Cinneadh Réime 2008/675/CGB ón gComhairle an 24 Iúil 2008 maidir le ciontuithe i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh i gcúrsa imeachtaí nua coiriúla (IO L 220, 15.8.2008, lgh. 32-34).

    Nuashonraithe 20.10.2022

    Barr