Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32004R0138

    Cuntais eacnamaíochta i gcomhair talmhaíochta

    Cuntais eacnamaíochta i gcomhair talmhaíochta

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 maidir leis na cuntais eacnamaíochta i gcomhair talmhaíochta in AE

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    • Bunaítear leis cuntais eacnamaíochta i gcomhair talmhaíochta.
    • Leagtar amach leis an mhodheolaíocht maidir le sonraí náisiúnta agus réigiúnacha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a bhailiú agus na teorainneacha ama chun iad sin a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach.
    • Le Rialachán leasaitheach (AE) 2022/590 cuirtear ar bhonn foirmiúil an ceanglas atá ar na Ballstáit sonraí réigiúnacha talmhaíochta a thuairisciú don Choimisiún, a rabhthas á roinnt, go dtí seo, ar bhonn comhaontaithe neamhfhoirmiúil. Cuirfidh na rialacha nua le tuairisciú níos fearr faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) nua a thiocfaidh i bhfeidhm in 2023.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Maidir le cuntais eacnamaíochta i gcomhair talmhaíochta:

    • is cuntais satailíte* iad de chuid an chórais Eorpaigh cuntas náisiúnta agus réigiúnach;
    • déantar anailís leo ar an táirgeadh eacnamaíochta agus ar an ioncam a ghintear as;
    • tomhaistear leo an t–ionchur iomlán talmhaíochta, lena n–áirítear:
      • earraí agus seirbhísí a dhíoltar nó a thrádáiltear,
      • athruithe ar leibhéil stoic,
      • táirgeadh maidir le tomhaltas deiridh nó tuilleadh próiseála;
    • bailíonn institiúidí staidrimh nó aireachtaí talmhaíochta iad agus comhbhailíonn Eurostat, oifig staidrimh AE iad, i gcomhréir le téarmaí Rialachán (CE) Uimh. 2223/96.

    Modheolaíocht chomhchoiteann

    Faoin modheolaíocht chomhchoiteann sa reachtaíocht, arna leagan amach sna hiarscríbhinní mionsonraithe, cumhdaítear an méid seo a leanas.

    • Caighdeáin (amhail úsáid aonfhoirmeach aonad príomhghníomhaíochta áitiúil mar bhuntomhas cuntas eacnamaíochta).
    • Sainmhínithe (go sonrach idir gníomhaíochtaí talmhaíochta agus gníomhaíochtaí dlúth–ailínithe).
    • rialacha maidir le haicmiú agus cuntasaíocht (miondealú mionsonraithe ar leibhéil ghníomhaíochta eacnamaíche agus comaoineacha fioscacha).
    • Teorainneacha ama atá sainmhínithe go soiléir maidir le sonraí náisiúnta a sheoladh chuig an gCoimisiún (ba é Samhain 2003 an chéad spriocdháta) agus sonraí réigiúnacha, ar leibhéal NUTS 2, faoin 30 Meán Fómhair 2023. Sa dara cás sin, áfach, beidh na Ballstáit ábalta iarratas a dhéanamh ar mhaolú i gcúinsí a mbeidh údar maith leo.

    Féadfaidh an Coimisiún an mhodheolaíocht a athrú, ar an gcoinníoll nach mbainfear an bonn ó bhun–choincheapa an chórais nó nach mbeidh iomarca obair bhreise i gceist d’údaráis náisiúnta mar thoradh air sin.

    Measúnú cáilíochta

    • Cuimsítear i Rialachán Leasaitheach (AE) 2022/590 freisin caighdeáin tuairiscithe cáilíochta, ag tabhairt na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh 138/2004 i gcomhréir leis na critéir cháilíochta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh 223/2009 (féach an achoimre).

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    • Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ón 25 Feabhra 2004.
    • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2022/590 ón 2 Bealtaine 2022.

    CÚLRA

    Chun an comhbheartas talmhaíochta a bhainistiú agus a mheas teastaíonn faisnéis inchomparáide, chothrom le dáta, chórasach agus iontaofa. Léirítear sna sonraí staid sláinte eacnamaíche na hearnála agus athruithe ar ioncam feirmeoireachta agus go bhfuil siad riachtanach chun beartais a phleanáil.

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Cuntais satailíte. Tá cuntais satailíte nasctha leis na cuntais láraithe (náisiúnta nó réigiúnacha), a dhírítear ar réimse nó ar ghné áirithe den saol eacnamaíoch nó sóisialta i gcomhthéacs na gcuntas láraithe; mar shampla, cuntais satailíte maidir leis an gcomhshaol, nó maidir le turasóireacht, nó maidir le hobair tí gan phá.

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta i gcomhair talmhaíochta sa Chomhphobal (IO L 33, 5.2.2004, lgh. 1-87).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lgh. 1–727).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste na gComhphobal Eorpach um an gClár Staidrimh (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 164–173).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach sa Chomhphobal (IO L 310, 30.11.1996, lgh. 1–469).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 03.05.2022

    Barr