EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1382

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1382 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2022 maidir le húdarú ullmhóid Propionibacterium freudenreichii DSM 33189 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5590

IO L 207, 9.8.2022, p. 16–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1382/oj

9.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1382 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Lúnasa 2022

maidir le húdarú ullmhóid Propionibacterium freudenreichii DSM 33189 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus leis na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú ullmhóid Propionibacterium freudenreichii DSM 33189 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le húdarú ullmhóid Propionibacterium freudenreichii DSM 33189 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, ullmhóid atá le haicmiú i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin theicneolaíocha”.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 26 Eanáir 2022 (2) nach bhfuil tionchar díobhálach ag ullmhóid Propionibacterium freudenreichii DSM 33189 and Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Chinn sé freisin nach greannaitheoir súl agus craicinn é an breiseán ach gur cheart é a mheas mar íogróir riospráide agus nach bhféadfaí teacht ar aon chonclúid maidir leis an íogrú craicinn a d’fhéadfadh an breiseán a dhéanamh. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. Ina theannta sin, chinn an tÚdarás go bhféadfadh an ullmhóid atá i gceist feabhas a chur ar leasú na gcothaitheach i sadhlas a ullmhaítear le hábhar a bhfuil sé éasca agus measartha deacair sadhlas a dhéanamh as. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Léirítear leis an measúnú ar ullmhóid Propionibacterium freudenreichii DSM 33189 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ar ullmhóid í a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “breiseáin sadhlais”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(2):7151.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU breiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha

Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k1801

Propionibacterium freudenreichii DSM 33189 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Propionibacterium freudenreichii DSM 33189 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 ina bhfuil íosmhéid 5 × 1011 CFU/g de bhreiseán, le cóimheas 1:4 (1×1011 CFU P. freudenreichii DSM 33189/g agus 4×1011 CFU L. buchneri DSM 12856/g)

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Propionibacterium freudenreichii DSM 33189 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856

Modh anailíse  (1)

Maidir le Propionibacterium freudenreichii DSM 33189 agus Lentilactobacillus buchneriDSM 12856 a shainaithint:

Modh na leictreafóiréise glóthaí bíogréimse (PFGE) nó modh seicheamhaithe DNA

Maidir le Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 a áireamh sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Maidir le Propionibacterium freudenreichii DSM 33189 a áireamh sa bhreiseán beathaithe:

Modh an doirte ar phláta ar peaptón cáiséine, eastóscán giosta, lachtáit sóidiam agus agar L-cistéin

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le miocrorgánaigh eile ina mbreiseáin sadhlais: 1×108 CFU/kg d’ábhar úr (2) a bhfuil sé éasca agus measartha deacair sadhlas a dhéanamh as.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann agus don análú, a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

29 Lúnasa 2032


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(2)  Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).


Top