Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0360

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN ‘Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’

    COM/2022/360 final

    An Bhruiséil,20.7.2022

    COM(2022) 360 final

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    ‘Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’


    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    ‘Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’

    Tá margaí fuinnimh curtha bunoscionn ag an gcogadh ionsaitheach gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, rud a spreag luaineacht praghsanna agus neamhdheimhneacht fuinnimh ar fud an domhain, a raibh tionchar ar leith aige ar an Aontas Eorpach agus ar a chomharsanacht máguaird.

    An 18 Bealtaine 2022, chuir an Coimisiún an Plean REPowerEU chun cinn chun deireadh a chur lenár spleáchas ar ghás na Rúise a luaithe is féidir. Agus na gníomhaíochtaí sin á saothrú ag an Eoraip agus í fós tiomanta go hiomlán do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ní mór di dlús a chur lena hullmhúcháin don tionchar láithreach a d’fhéadfadh a bheith ag tuilleadh suaite i soláthairtí gáis ón Rúis, lena n-áirítear dá scoithfí iad go hiomlán. D’iarr an Chomhairle Eorpach, sna conclúidí uaithi an 31 Bealtaine agus an 23 Meitheamh 2022, go ndéanfaí an t-ullmhúchán sin mar ábhar práinne, rud a chumasódh comhordú níos dlúithe leis na Ballstáit agus eatarthu. 

    I gcás ina mbeidh tuilleadh suaite sa soláthar sin, nó i gcás ina scoithfear go hiomlán é, ní mór don Eoraip a bheith réidh. De réir mheon na dlúthpháirtíochta agus an chomhair san Eoraip, ní mór don Aontas a áirithiú go sreabhfaidh an gás san áit is mó gá leis, agus leis sin, ár gcustaiméirí baile, ár bpoist agus an geilleagar ina iomláine a chosaint. 

    Is é sin an fáth a bhfuil an tAontas ag ullmhú le haghaidh suaitheadh den sórt sin le roinnt míonna anuas. Le bheith sonrach, d’oibrigh an Coimisiún, faoi Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, agus na Ballstáit, le soláthróirí malartacha gáis chun soláthairtí a áirithiú. Ag cur le tograí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, tá sé d’aidhm ag an bPlean REPowerEU dlús a chur le suiteáil fuinnimh in-athnuaite ar fud an Aontais agus le húsáid infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh. Tá grinn-athbhreithniú ullmhachta déanta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit. Tá rialachán de chuid an Aontais maidir le stóráil glactha ag comhreachtóirí an Aontais chun ceanglas dlíthiúil a leagan síos maidir le líonadh stórála roimh an gheimhreadh.

    D’oibrigh an Coimisiún go dícheallach chun soláthairtí malartacha breise a áirithiú agus tá sé fós ag déanamh amhlaidh. Leis an Teachtaireacht seo, comhlánaítear an cur chuige sin trí dhíriú ar thaobh an éilimh. Déantar athbhreithniú inti ar an staid reatha agus ar na bearta atá déanta cheana, chomh maith leis na huirlisí atá ar fáil don Aontas chun freagra a thabhairt a leagan amach. Ina dhiaidh sin, moltar inti gníomhaíochtaí breise chun an t-éileamh a laghdú ar bhealach comhordaithe, agus chun dlús a chur le hiarrachtaí comhpháirteacha an Aontais maidir le soláthar. Tá sé sin ríthábhachtach chun an seans go mbeidh suaitheadh níos déanaí sa bhliain a íoslaghdú, maille leis an gcostas a bhainfeadh leis, agus chun an rochtain is gá ar ghás a áirithiú le haghaidh thomhaltóirí agus thionscail na hEorpa amach anseo tríd an leas is mó is féidir a bhaint as tionchar an Aontais.  

    Chuige sin, moltar sa Teachtaireacht Plean Eorpach nua um an Éileamh ar Ghás a Laghdú, agus leas á bhaint as dea-chleachtais ó gach cearn den Aontas, agus Rialachán ón gComhairle ag gabháil leis lena mbeartaítear moladh láithreach a dhéanamh maidir le laghdú deonach ar an éileamh ar ghás de 15 % i ngach Ballstát as seo go ceann 8 mí ar a laghad, agus lena dtugtar isteach próiseas chun sprioc cheangailteach maidir leis an éileamh ar ghás a spreagadh, i gcás ina mbeadh gá leis sin tráth ar bith sna seachtainí nó sna míonna amach romhainn.

    Breoslaí eile a úsáid in ionad gáis agus fuinneamh a choigleoidh gach úsáideoir i rith an tsamhraidh seo, is fuinneamh é sin a chabhróidh linn an geimhreadh a chur tharainn. Má ghníomhóimid go comhpháirteach anois, is lú an suaitheadh agus an costas a bheidh ann dá bharr, éascófar an dlúthpháirtíocht agus seachnófar an gá le gníomhaíochtaí neamhphleanáilte agus neamhchomhordaithe a dhéanamh níos déanaí i gcás ina mbeidh géarchéim ann de dheasca taiscí gáis a bheith ag éirí íseal. Ina theannta sin, leanfaimid ar aghaidh go gasta i dtreo gás (agus hidrigin in-athnuaite amach anseo) a cheannach ar bhealach atá comhordaithe agus a bheidh comhpháirteach sa deireadh, chun riachtanais fuinnimh a bheidh ann amach anseo a áirithiú le soláthairtí malartacha. I ndeireadh na dála, le cur i bhfeidhm an phlean sin um an éileamh ar ghás a laghdú, cruthófar na coinníollacha lena mbeifear in ann allmhairí gáis ón Rúis a chéimniú amach go hiomlán agus ar bhealach níos tapúla, i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU, agus cuirfear feabhas ar shlándáil agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais.

    1.    Ag ullmhú le haghaidh an gheimhridh

    Cad é an staid sa lá atá inniu ann? 

    Is as an t-éileamh ar ghás a thagann 24 % d’iomlán an oll-ídithe fuinnimh intíre san Eoraip. Le blianta fada, ba í an Rúis an príomhsholáthróir gáis don Aontas. Bhraith an tAontas ar an Rúis le haghaidh níos mó ná 40 % dá soláthairtí gáis anuraidh, agus dá bhrí sin, le haghaidh thart ar 10 % dá riachtanais fuinnimh fhoriomlána. 

    Ó bhí anuraidh ann, tá laghdú suntasach ag teacht ar sholáthairtí gáis ón Rúis chuig an Aontas, ar iarracht d’aon ghnó é arm a dhéanamh as an bhfuinneamh. Ar an iomlán, ba lú sreabha gáis ón Rúis chuig an Aontas i mí an Mheithimh 2022 ná 30 % de mheán 2016-2021. Tá aghaidh tugtha ag an Aontas ar shraith gníomhaíochtaí tobanna aontaobhacha gan údar ón Rúis chun seachadtaí chuig custaiméirí Eorpacha a laghdú nó a stopadh, lena gcuirtear isteach ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus lena mbrúitear praghsanna in airde. Tá stop curtha le sreabha píblíne gáis ón Rúis ar fud na Bealarúise agus tá laghdú leanúnach tagtha orthu tríd an Úcráin. Tá stop curtha freisin leis an soláthar chuig na Stáit Bhaltacha, an Pholainn, an Bhulgáir agus an Fhionlainn. Laghdaíodh an soláthar chuig roinnt tíortha, lena n-áirítear an Pholainn, an Ghearmáin, an Ostair, an Danmhairg, an tSlóvaic, an Ísiltír agus an Iodáil. Ó bhí lár mhí an Mheithimh 2022 ann, scoitheadh faoi 60 % na sreabha trí Nord Stream 1, atá ar cheann de na bealaí allmhairiúcháin is mó chuig an Aontas.

    (Graf: Sreabha gáis ón Rúis in 2022 i gcomparáid leis na blianta roimhe sin.) 

    De thoradh na sraithe laghduithe sin, tá praghsanna fuinnimh níos airde agus níos luainí ná riamh, rud a chuireann leis an mboilsciú agus a mhéadaíonn an riosca go mbeidh cor chun donais eacnamaíoch san Eoraip chomh maith le mór-éifeachtaí diúltacha ar an bhfostaíocht agus go mbeidh mórthionchair dhiúltacha dáileacháin ann. Is dócha go spreagfaidh siad sin méadú ar an mbochtaineacht fuinnimh agus tá an riosca ann dá ndeasca go dtiocfaidh méadú ar an neamh-chomhionannas idir na Ballstáit agus idir na réigiúin.

    Níl aon chúis lena chreidiúint go dtiocfaidh athrú ar an bpatrún iompraíochta sin, rud a chruthaíonn éiginnteacht soláthair agus an t-ardú as cuimse ar phraghsanna a ghabhann léi. Ina ionad sin, tugann roinnt comharthaí le fios gur dócha go dtiocfaidh meathlú ar ionchas an tsoláthair gáis.

    Agus coinne ag an Aontas le riosca den sórt sin, tá sé ag ullmhú cheana féin le haghaidh na féidearthachta go scoithfidh an Rúis an soláthar gáis go ceann i bhfad nó go hiomlán tráth ar bith. Soláthairtí malartacha gáis a áirithiú, fuinneamh glan a chur in ionad gás nádúrtha aon uair is féidir agus foinsí eile fuinneamh a chur in ionad gás nádúrtha nuair is gá: is codanna fíor-riachtanacha den phlean REPowerEU iad na nithe sin, ar ghlac na Ballstáit leo, Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, go háirithe.

    Is bunphrionsabal de chuid ár nAontais í an dlúthpháirtíocht, agus ní mór go bhfuil sí ina bhunchloch d’ullmhacht an Aontais. Ina theannta sin, tá na Ballstáit ar fad idirnasctha ag an margadh aonair, rud a spreagann fás eacnamaíoch, nuálaíocht, cruthú post agus infheistíochtaí. Chun go bhfeidhmeoidh an dlúthpháirtíocht sin, ba cheart do na gníomhaithe ar fad féachaint leis na bearta ar fad atá ar fáil dóibh a dhéanamh chun na héifeachtaí a bheadh ag suaitheadh iomlán féideartha sa sholáthar gáis ón Rúis a chosc.

    Mar gheall ar an spleáchas frithpháirteach sin, is é an toradh a bheadh ar ghéarchéim iomlán mórthionchair dhiúltacha i ngach Ballstát, bíodh sin go díreach nó go hindíreach. Cé gur mó an tionchar díreach a bheadh ar roinnt Ballstát mar gheall ar shuaitheadh mór nó iomlán sa sholáthar ón Rúis, bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ar gheilleagair eile dá ligfí do na tíortha sin aghaidh a thabhairt ar an tionchar sin leo féin. Beidh tionchar eacnamaíoch diúltach díreach ag meath eacnamaíoch mór in aon Bhallstát ar a chomharsana agus ar a chomhpháirtithe onnmhairiúcháin eile. Dá bharr sin, ní mór bearta a dhéanamh láithreach chun tuilleadh gníomhaíochtaí suaiteacha a thuar agus chun athléimneacht an Aontais a neartú.

    Sa Teachtaireacht seo, lena n-áirítear an Plean Eorpach um an Éileamh ar Ghás a Laghdú atá san iarscríbhinn a ghabhann léi, dírítear ar na gníomhaíochtaí is gá ar thaobh an éilimh, ag cur le REPowerEU agus le Plean an Aontais um Choigilteas Fuinnimh. Leis na gníomhaíochtaí sin chun an t-éileamh a laghdú, comhlánaítear obair leanúnach chun soláthairtí malartacha a áirithiú mar a leagtar amach i Straitéis Rannpháirtíochta Fuinnimh Sheachtraigh an Aontais, agus cuirtear dlús leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Ba cheart do na Ballstáit iad a dhéanamh láithreach i ndlúthchomhar le chéile chun laghdú suntasach a dhéanamh ar an riosca go mbeidh éagothroime iomarcach ann idir an soláthar agus an t-éileamh an gheimhreadh seo chugainn agus ina dhiaidh sin. Leis an ngníomhaíocht sin, is féidir na rioscaí a bhaineann le ganntanas gáis a laghdú go mór, lena n-áirítear le haghaidh na dtionscal sin atá criticiúil i gcomhair shlabhraí soláthair san Aontas, post agus fáis, iomaíochas foriomlán agus gheilleagar na hEorpa.

    I Roinn 3 den Teachtaireacht seo, tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar an Rialachán a ghabhann leis seo atá beartaithe chun an creat a sholáthar le haghaidh an laghdaithe ar an éileamh sin.

    Is iad na torthaí a bheidh ar ghníomhaíocht chomhordaithe inchreidte láidir ón Aontas cinnteacht níos fearr i staid éagobhsaí an mhargaidh, méadú ar athléimneacht an Aontais agus teorainn le tionchair ar phraghsanna arb iad cúrsaí soláthair is cúis leo. Cuideoidh sí le níos mó stórála a líonadh roimh an gheimhreadh i gcás ina mbeidh acmhainneacht ar fáil. Ní bheadh gníomhaíochtaí aontaobhacha ag na mBallstát barrmhaith le haghaidh an Aontais ina iomláine agus, dá bhrí sin, le haghaidh gach Ballstát aonair freisin. Le gníomhaíochtaí comhordaithe ón Aontas, is féidir cuidiú le slabhraí soláthair tionsclaíocha feidhmiúla agus sláine an Mhargaidh Aonair a chaomhnú i gcásanna mórthurraingí soláthair.

     

    Cad iad na huirlisí atá ar fáil don Aontas cheana féin agus cad iad na gníomhaíochtaí a rinneadh roimh an ngéarchéim atá ann faoi láthair? 

    Ar an gcéad dul síos, tá creat láidir i bhfeidhm ag an Aontas chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus chun astaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030. Tá an t-aistriú chuig fuinneamh glan agus slándáil an tsoláthair fite fuaite ina chéile. Trí dheireadh a chur de réir a chéile lenár spleáchas ar fhoinsí breoslaí iontaise agus trí thomhaltas fuinnimh foriomlán an Aontais a laghdú trí éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh, neartaíonn an Comhaontú Glas don Eoraip agus an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ slándáil soláthair an Aontais.

    Ar an dara dul síos, creat rialála forbartha ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar chásanna áirithe de shlándáil an tsoláthair, ar bhonn na gceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéimeanna fuinnimh a bhí ann roimhe seo agus ar bhonn ár ngníomhaíochtaí a rinneadh tar éis ionghabháil na Crimé agus Sevastopol ag Cónaidhm na Rúise in 2014.

    Faoin Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis 1 , ní mór pleananna náisiúnta um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna náisiúnta éigeandála a bheith ag na Ballstáit, ar pleananna iad atá bunaithe ar mheasúnuithe riosca comhchoiteanna arna ndéanamh ag grúpaí réigiúnacha feadh na mbealaí soláthair. Sainítear trí leibhéal géarchéime náisiúnta: Luathrabhadh, Leibhéal Foláirimh agus Leibhéal Éigeandála. Sainítear na bearta is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh i ngach ceann de na leibhéil sin sna pleananna náisiúnta éigeandála um shlándáil an tsoláthair gáis. Is é an prionsabal uileghabhálach gur mar rogha dheiridh a dhéantar sreabha gáis a shrianadh, a chiondáil agus a chiorrú, tar éis triail a bhaint as gach rogha eile, amhail roghanna chun athrú chuig breoslaí malartacha.   

    Féadfaidh an Coimisiún Éigeandáil Aontais nó Éigeandáil Réigiúnach a fhógairt i réigiún geografach a ndéantar difear dó go sonrach, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó. I gcásanna den sórt sin, comhordaíonn an Coimisiún gníomhaíochtaí na mBallstát lena mbaineann agus féadfaidh sé gníomhú mar mhodhnóir má thugtar bearta isteach lena bhféadfaí srian míchuí a chur ar an sreabhadh gáis chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha, amhail baill an Chomhphobail Fuinnimh. Leis sin, cuidítear lena áirithiú go sreabhann gás chuig na tíortha agus chuig na custaiméirí is mó a ndéantar difear dóibh i gcás éigeandála.

    Áirítear sásra dlúthpháirtíochta sa Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis freisin, lena ráthaítear soláthar chuig ‘custaiméirí atá faoi chosaint’ a shainmhínítear mar theaghlaigh, suiteálacha téimh ceantair nach bhfuil in ann athrú go breoslaí eile agus seirbhísí sóisialta riachtanacha áirithe, amhail cúram sláinte. I gcás móréigeandáil nach féidir an soláthar do chustaiméirí atá faoi chosaint a ráthú i mBallstát a thuilleadh lena linn, tá oibleagáid ar Bhallstáit a bhfuil nasc díreach acu bearta a dhéanamh i ndlúthpháirtíocht agus gás a sholáthar do na háiteanna is mó a bhfuil gá leis, fiú má bhíonn ciorrú ar a gcustaiméirí nach bhfuil faoi chosaint i gceist leis sin. Tá sé sin faoi réir cúiteamh pras cothrom arna leagan amach i socruithe déthaobhacha teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais nach mór do na Ballstáit teacht ar chomhaontú ina leith roimh ré.

    Is ann do Ghrúpa Eorpach Comhordaithe Gáis, ar grúpa saineolaithe é a bhfuil an Coimisiún ina chathaoirleach air agus ar a bhfuil saineolaithe ó na Ballstáit, ó na comhlachais Eorpacha ábhartha agus ó Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, a dhéanann dlúthfhaireachán ar shlándáil soláthair an Aontais agus a chomhordaíonn gníomhaíochtaí de réir mar is gá. Tá an Grúpa tar éis a bheith ríthábhachtach ó thaobh staid shlándáil an tsoláthair a bhainistiú ó thús an chogaidh in aghaidh na hÚcráine, go háirithe trí fhaisnéis a mhalartú agus trí chuidiú le gníomhaíocht na mBallstát a chomhordú i ndáil le dearbhuithe luathrabhaidh agus foláirimh 2 . 

    Níl an creat a dtugtar tuairisc air thuas go hiomlán oiriúnach don ghéarchéim atá ann faoi láthair, áfach, ós rud é go bhfuil sé beartaithe aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh gearrthéarmach i ndáil le codanna áirithe den bhonneagar nó le hadhaimsir ghearrthéarmach, seachas suaitheadh níos fadtéarmaí sa soláthar ó mhórsholáthróir, ar suaitheadh é a dhéanann difear do roinnt bealaí éagsúla an tráth céanna. Is é sin an fáth ar gá an creat rialachais sin a choigeartú, agus an fáth gur dlúthchuid de dhearcadh aireachtaí tionscail Eorpacha agus náisiúnta é freisin.

    Ar an tríú dul síos, tá an tAontas tar éis líonra idirnascairí fuinnimh agus margadh inmheánach fuinnimh a fhorbairt níos mó agus níos mó atá in ann gás agus leictreachas a thabhairt chuig na háiteanna a bhfuil gá leo. Tá an beartas gníomhach sin tar éis cuidiú le soláthairtí gáis – agus rud atá chomh tábhachtach céanna – bealaí gáis a éagsúlú, a bhuí le hinfheistíochtaí i mbonneagar gáis trasteorann, tionscadail sreibhe cúltreo, amhail an tsreabh chúltreo ar phíblíne Yamal idir an Ghearmáin agus an Pholainn agus críochfoirt GNL (gás nádúrtha leachtaithe) sa réigiún Baltach, i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa. Tá go leor Tionscadal Leasa Choitinn faoi chuimsiú an Ghréasáin Fuinnimh Thras-Eorpaigh tar éis tairbhe a bhaint as tacaíocht airgeadais ón Aontas tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus tríd an mBeartas Comhtháthaithe.

    Príomhthionscadail le 10 mbliana anuas

    - Le críochfoirt GNL in Klaipeda, Świnoujście agus Krk, BRUA 3 agus an Píobán Baltach, laghdaíodh iarghúltacht stairiúil réigiún sonrach.

    - D’oscail an tAontas Conair Gháis an Deiscirt tríd an bPíblíne Thrasaidriadach (TAP) agus an Phíblíne Gháis Nádúrtha Thrasanatólach (TANAP) a thabhairt i gcrích, píblínte ina sreabhtar gás anois go díreach chuig an Eoraip ó Mhuir Chaisp.

    - I measc na dtionscadal tábhachtach eile tá an t-idirnascaire gáis idir an Pholainn agus an Liotuáin (GIPL), an nascóir Baltach idir an Fhionlainn agus an Eastóin, idirnascaire na Polainne-na Slóvaice agus píblíne na Gréige-na Bulgáire (IGB). Tá ról lárnach ag na tionscadail sin chun gur féidir gás ón Rúis a ionadú.

    Tá feabhas mór tagtha ar shlándáil soláthair an Aontais – nó tiocfaidh feabhas uirthi – de bharr na bhforbairtí thuas, lena gcumasaítear soláthróirí agus bealaí a éagsúlú go héifeachtach. Tá na Ballstáit aonair uile, lena n-áirítear na tíortha is neamhchosanta go stairiúil, amhail an Bhulgáir agus an Fhionlainn, tar éis deireadh a chur lena spleáchas aonfhoinse ar allmhairí gáis ón Rúis.

    Cad atá déanta ag an Aontas chun slándáil an tsoláthair a áirithiú ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin?

     

    Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, leag an tAontas amach an Plean REPowerEU arb é is aidhm dó deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe is féidir. Chun é sin a bhaint amach, leagtar amach sa Phlean REPowerEU bearta a bhaineann le soláthróirí fuinnimh a éagsúlú, le coigilteas fuinnimh agus le héifeachtúlacht fuinnimh, agus moltar ann dlús a chur le rolladh amach an fhuinnimh ghlain chun é a chur in ionad breoslaí iontaise i dtithe, in earnáil na tionsclaíochta agus i nginiúint cumhachta, go háirithe trí leictreachas in-athnuaite agus hidrigin. Ina theannta sin, is maith atá na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla 4 in ann gníomhaíochtaí coigiltis fuinnimh atá oiriúnaithe do chúinsí áitiúla a chur chun cinn.

    Faoin bplean REPowerEU, tá bearta déanta ag an Aontas chun a shlándáil soláthair agus a athléimneacht a threisiú, trí dhul i ngleic le taobh an tsoláthair agus taobh an éilimh araon. Baineann an méid seo a leanas le hábhar go háirithe: 

    ·Moladh reachtaíocht nua an Aontais i mí an Mhárta 2022 chun a áirithiú go líonfar stóráil faoi thalamh an Aontais le haghaidh an gheimhridh atá le teacht, ar reachtaíocht í a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mí na Bealtaine agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 5 . Is cúis imní é a ísle a bhí leibhéil stórála gáis ar feadh an gheimhridh seo caite – 10 bpointe céatadáin níos ísle ná mar a bhí in 2016-2018 – ach d’ainneoin leibhéil laghdaithe allmhairiúcháin ón Rúis agus praghsanna arda a dhíspreagann an stóráil, tá na leibhéil i gcomhréir leis an meán stairiúil arís – os cionn 64 % faoi láthair, arb ionann é agus 46 lá de thomhaltas geimhridh.

    ·Sa chéad seimeastar de 2022, rinne an Coimisiún grinn-athbhreithniú ar na pleananna náisiúnta éigeandála um shlándáil an tsoláthair gáis, lenarbh fhéidir leis na Ballstáit a n-ullmhacht a threisiú maidir le haon suaitheadh forleathan a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá an Coimisiún tar éis grinnfhaireachán ar staid shlándáil an tsoláthair agus measúnú riosca a dhéanamh freisin – a raibh gás agus leictreachas i gceist leo araon – i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSO-G) agus le Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E).

    ·Tá an Coimisiún tar éis Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh a bhunú chun an t-éileamh ar fhuinneamh a chomhiomlánú ar an leibhéal réigiúnach agus chun ceannach comhpháirteach deonach a éascú, chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr as an mbonneagar ionas go sreabhfaidh gás sna háiteanna mó a bhfuil gá leis, agus chun teagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe soláthair idirnáisiúnta amhail na Stáit Aontaithe 6 , an Iorua, an Asarbaiseáin, Catar, an Éigipt, Iosrael, an Ailgéir agus go leor eile. Is i gcomhréir le Straitéis Rannpháirtíochta Fuinnimh Sheachtraigh an Aontais 7 a dhéantar an teagmháil sin. A bhuí leis na gníomhaíochtaí sin go háirithe, tá méideanna GNL nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo faighte ag an Aontas ó thús na bliana seo mar aon le gás píblíne breise chun caillteanais gáis ón Rúis a chúiteamh – féach an bosca thíos.

    ·Tá cúig ghrúpa réigiúnacha Ballstát bunaithe ag an gCoimisiún laistigh d’Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, chun teacht in ionad soláthairtí gáis ón Rúis agus chun feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair i ngach réigiún, mar shampla trí phleananna gníomhaíochta a fhorbairt maidir le cur chun feidhme tapa – mar atá déanta i ngrúpa réigiúnach Oirdheisceart na hEorpa, ar éirigh go hard leis. Comhlánaíonn na grúpaí sin obair na nGrúpaí Ardleibhéil réigiúnacha atá ann cheana féin agus a dhíríonn ar dhlús a chur le príomhidirnaisc fuinnimh, le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus le hathchóirithe tábhachtacha ar an margadh fuinnimh, amhail an Grúpa Ardleibhéil maidir leis an Nascacht Gháis do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa.

    ·Tá an Coimisiún tar éis dul i dteagmháil le saineolaithe tionscail chun an poitéinseal maidir le malartú breoslaí agus le laghdú deonach ar an éileamh a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí neamh-chomhordaithe chun an t-éileamh ar ghás ó úsáideoirí tionsclaíocha a laghdú.

    Éagsúlú ó bhí thús 2022 ann

    Tá ag éirí leis an Aontas éagsúlú a dhéanamh chun éirí as allmhairí gáis ón Rúis, go háirithe a bhuí le hallmhairí GNL agus píblíne níos airde. Sa chéad leath de 2022, a bhuí le hiarrachtaí an Aontais dul i dteagmháil le táirgeoirí GNL i dtríú tíortha, tháinig méadú 21 bcm ar allmhairí GNL nach ón Rúis iad i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Tháinig méadú 14 bcm ar allmhairí píblíne nach ón Rúis iad, is é sin ón Iorua, Muir Chaisp, an Ríocht Aontaithe agus an Afraic Thuaidh.

    Os a choinne sin, laistigh den tréimhse sin, tháinig laghdú 28 bcm ar allmhairí píblíne ón Rúis go dtí 44.6 bcm san iomlán, ach tháinig méadú 3 bcm ar allmhairí GNL ón Rúis. De bharr an tsoláthair mhéadaithe sin, tá an laghdú ar iomlán na n-allmhairí gáis ón Rúis á fhritháireamh ag an Aontas faoi láthair.Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú 24.3 bcm (59 %) ar allmhairí GNL ó gach foinse (lena n-áirítear an Rúis) i gcomparáid le 2021. Allmhairíodh 30 bcm de GNL ó na Stáit Aontaithe an tráth chéanna, i gcomparáid le 22 bcm san iomlán in 2021 (agus níor allmhairíodh ach 11.6 bcm de sa chéad leath de 2021).

    An 25 Márta 2022, fógraíodh sa ráiteas comhpháirteach ón Uachtarán Von der Leyen agus ón Uachtarán Biden méadú 15 bcm ar allmhairí GNL ó na Stáit Aontaithe chuig an Aontas in 2022, sprioc a bhfuil an chuma ar an scéal go comhlíonfar í trí sholáthairtí ó na Stáit Aontaithe a mhéadú. Bhí sciar na Stát Aontaithe in allmhairí GNL an Aontais thart ar 46 % i mí an Mheithimh.

    Is é is cuspóir don raon beart a rinneadh ó bhí mí Feabhra ann, lena n-áirítear na bearta sin a bhfuil sé d’aidhm acu creat shlándáil soláthair an Aontais a neartú, bainistíocht a dhéanamh ar ghás ón Rúis a chéimniú amach go hiomlán agus de réir a chéile a luaithe is féidir.  

    Mar sin féin, leis an suaitheadh is déanaí sa soláthar gáis ón Rúis, tugtar le tuiscint go bhfuil riosca suntasach ann go dtiocfaidh stop iomlán aontaobhach tobann le soláthairtí gáis ón Rúis i mbliana. Ní mór don Aontas a bheith ullamh don chás sin agus bearta breise a dhéanamh i gcomhréir leis an dúshlán atá i gceist leis sin. Má laghdaítear tomhaltas gáis ar bhealach ordúil anois maolófar na costais a bheidh ar an tsochaí amach anseo. Is comhlánú riachtanach é dul i dtreo ceannach comhpháirteach faoin Ardán Fuinnimh chun comhordú níos láidre ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair araon a shaothrú, agus cuirfidh an Coimisiún dlús lena chuid oibre chun an tArdán a oibríochtú go dtí deireadh na bliana. Anuas air sin, is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar cheannach comhpháirteach gáis, mar shampla, ról níos láidre a bheith ag cuideachtaí beaga gáis agus é a chur ar chumas an Aontais giaráil cheannaigh níos fearr a bheith aige, an t-allmhaireoir gáis nádúrtha is mó ar domhan, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, lena gcuirfí feabhas ar ár n-athléimneacht fuinnimh agus ár slándáil fuinnimh fhadtéarmach.

    Cad atá romhainn?

    D’ainneoin an dul chun cinn maith atá déanta maidir le líonadh stórála go dtí seo, léiríonn ionsamhluithe a rinne an Coimisiún agus ag ENTSO-G gurb é an toradh a bheadh ar shuaitheadh iomlán ó mhí Iúil go dtí geimhreadh 2023 go mbeadh an leibhéal líonta stórála níos lú ná an sprioc 80 % a leagtar amach le haghaidh mhí na Samhna sa Rialachán nua de chuid an Aontais maidir le Stóráil. Tugann na hionsamhluithe le fios go bhféadfadh an leibhéal stórála a bheith chomh híseal le 65 % go 71 % faoi thús an tséasúir téimh.

    Príomhthorthaí na hanailíse ar chásanna gan ullmhacht bhreise

    Sa chéad chás, 30 bcm a bheadh sa bhearna chun an t-éileamh ar ghás a shásamh le linn an gheimhridh faoi ghnáthdhálaí aimsire agus soláthar GNL a bheadh ard ar bhonn leanúnach, i gcomparáid le meántomhaltas iomlán san Aontas Lúnasa-Márta de 300 bcm. Sa chás sin, bheadh an stóráil beagnach caite ag deireadh mhí an Mhárta 2023, rud a d’fhágfadh nach mbeadh maolán ar bith fágtha haghaidh shéasúr gáis 2023-2024.

    Sa dara cás, d’fhanfadh an stóráil ar leibhéal íosta mar atá 15 % ag deireadh mhí an Mhárta 2023, agus 45 bcm a bheadh sa bhearna éilimh le linn an gheimhridh.

    Maidir le ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh an gheimhridh dár gcionn, ag glacadh leis go mbeadh na margaí idirnáisiúnta gáis síor-teann, is dócha gur dhúshlán mór é an stóráil a athlíonadh le linn shamhradh 2023. Ní shroichfeadh leibhéil líonta stórála i mí Dheireadh Fómhair 2023 ach 41 % sa chéad chás agus 56 % sa dara cás.

    Dá mbeadh an geimhreadh ní b’fhuaire ná mar is gnách nó dá mbeadh laghdú ar allmhairí gáis ó fhoinsí eile (mar shampla dá dtiocfadh feabhas ar an bhfás eacnamaíoch i margadh mór amhail an tSín), mhéadófaí an riosca go mbeadh orainn aghaidh a thabhairt ar an ngá le tuilleadh laghduithe ollmhóra a dhéanamh tráth éigin le linn na tréimhse sin.

    Dhéanfadh ciorruithe tobanna dochar do réimsí sonracha na dtionscal sin nach mór an deis atá acu táirgeacht a laghdú gan dochar tromchúiseach a dhéanamh nó athrú chuig breoslaí eile, mar shampla, i gcás ina n-úsáidtear gás mar bhunábhar le haghaidh próisis thionsclaíocha. 

    I bprionsabal, ní bheadh tionchar díreach ag suaitheadh mór mar gheall ar an Rúis ar infhaighteacht gáis i gcás custaiméirí atá faoi chosaint, go háirithe teaghlaigh, ar lú a dtomhaltas ná 37 % de thomhaltas iomlán an Aontais. Mar sin féin, glactar leis sin nach dtarlóidh eachtraí eile nach raibh coinne leo.

    Tá sé fíor-riachtanach bogadh go tapa anois, ar bhealach diongbháilte. Gan iarrachtaí ionadaithe fónta agus laghdú ar an éileamh sna seachtainí amach romhainn, bheadh tionchar mór ag dian-suaitheadh gáis le linn gheimhreadh 2022/2023 ar gheilleagar na hEorpa agus ar mhargaí saothair, agus dhéanfadh sé difear díreach nó indíreach do na Ballstáit uile 8 .

    Dá ndéanfaimis beart anois, laghdófaí an costas a bhainfeadh le suaitheadh tobann sa soláthar. 

    Ba lú ar fad an costas a bhainfeadh leis an poitéinseal ionadaithe a uasmhéadú agus tús a chur leis an éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú anois agus faoi mhéid measartha, a bhuí le haga tionscanta níos faide a bheith againn, ná mar a bhainfeadh leis dá mbeadh orainn mórchiorrú a dhéanamh ar an éileamh go tobann le linn na buaic-thréimhse tomhaltais (i.e. an geimhreadh) agus gan ullmhúchán cuí a dhéanamh. Dá mbeadh coinne ag na hoibreoirí líonra leis an laghdú ar an éileamh, d’fhéadfaidís acmhainn an ghréasáin a optamú, níos mó gáis a iompar ón Iarthar go dtí an tOirthear go tráthúil agus níos mó stórála a líonadh i gcás ina mbeidh an toilleadh ar fáil i bhfianaise an chéad gheimhridh eile agus gheimhreadh 2023/2024. Dá ndéanfaí laghdú tuartha dáilte sin ar an éileamh, chuirfí deireadh foriomlán le haon ghanntanas geimhridh a d’fhéadfadh a bheith ann, nó laghdófaí é faoi bhreis is 50 %. Dá ndéanfaí laghdú a thuar anois, chumasófaí dreasachtaí spriocdhírithe i gcás na dtionscadal sin a bhfuil an poitéinseal acu a dtomhaltas a laghdú trí, mar shampla, athrú chuig breoslaí in-athnuaite, nó in aon chás inar féidir, chuig breoslaí a bhfuil an cion astaíochtaí is ísle is féidir acu, faoi réir iarrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus éifeachtaí fadtéarmacha glasála a sheachaint.

    Maidir leis an tionchar maicreacnamaíoch foriomlán a bheadh ag mórshuaitheadh féideartha, chuirfeadh freagairt chomhordaithe ón Aontas atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht teorainn leis an tionchar diúltach ar OTI agus ar phoist dá gcuirfí an freagairt sin i bhfeidhm roimh an ngeimhreadh. 

    Ag cur leis na riachtanais a shainaithin ENTSO-G sna cásanna thuas, agus i gcás ina ndéanfaí bearta luath chun an t-éileamh a laghdú, i gcás ina mbeadh gnáthgheimhreadh ann, d’fhéadfadh suaitheadh ón Rúis OTI an Aontais ina iomláine a laghdú faoi 0.4 % ar an meán agus faoi 0.6 % ar an meán i gcás ina mbeadh geimhreadh fuar ann.

    Mar sin féin, dá bhfanfaí go dtí dtarlódh an suaitheadh iomlán sa soláthar chun bearta a dhéanamh, thiocfadh méadú aon trian ar a laghad ar an gcostas a bhainfeadh leis, i bpáirt mar gheall ar an deis a chaillfí chun comhordú agus coigeartú níos éasca a dhéanamh, rud a chuirfeadh leis an méadú sin. I gcás ina mbeadh gnáthgheimhreadh ann, dá bhfanfaí chun bearta a dhéanamh bheadh tionchar idir 0.6 % agus 1 % de OTI aige sin.

    I gcás ina mbeadh geimhreadh fuar ann, thiocfadh méadú breise ar na costais sin. Dá mbeadh moill ar bhearta a dhéanamh i gcás geimhreadh fuar, chuirfeadh sé sin borradh mór ar na costais ar an Aontas, mar atá tionchar OTI idir 0.9-1.5 % ar an meán, go háirithe ar na Ballstáit is mó a ndéanfaí difear dóibh.

    Chun bearna gháis a sheachaint sna míonna amach romhainn, is é 15 % an laghdú foriomlán a mholtar ar an éileamh ar ghás ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Márta 2023 9 .

    2.    Plean chun an t-éileamh ar ghás a laghdú agus tús áite á thabhairt do chustaiméirí criticiúla an tráth céanna

    An Plean Eorpach um an Éileamh ar Ghás a Laghdú

    Is féidir an laghdú ar an éileamh de 15 % a dtugtar tuairisc air thuas a bhaint amach trí bhearta a dhéanamh anois, tríd an bPlean um Choigilteas Fuinnimh 10 a chur chun feidhme agus trí bhearta breise coigilte gáis a dhéanamh in earnálacha nach bhfuil faoi chosaint, agus úsáid á mbaint as na dea-chleachtais agus as na critéir tosaíochta cliste a shainaithnítear sa Plean Eorpach um an Éileamh ar Ghás a Laghdú atá i gceangal leis seo. Leagtar amach sa phlean na prionsabail agus na critéir maidir le laghdú comhordaithe ar an éileamh a bhfuil sé d’aidhm acu ní hamháin an soláthar gáis do theaghlaigh agus d’úsáideoirí fíor-riachtanacha amhail ospidéil a chosaint, ach táirgí agus seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar don gheilleagar freisin, do thionscail atá cinntitheach maidir le slabhraí soláthair an Aontais agus don iomaíochas. Cuireann sé leis na pleananna náisiúnta éigeandála atá ann cheana, leis na dea-chleachtais atá ann cheana agus le comhairliúcháin spriocdhírithe le réimse na tionsclaíochta.

    Le bainistiú an éilimh, ba cheart a dhíriú mar thosaíocht ar na hearnálacha sin a bhfuil deiseanna ionadaithe níos fearr acu agus ba cheart an t-ualach a roinnt ar bhealach níos fearr ar fud an gheilleagair, agus OTI agus an fhostaíocht á gcosaint an tráth céanna. Ba lú an riosca go mbeadh scrogaill iartheachtacha agus brú boilscitheach ann agus dhéanfaí fálú níos éifeachtaí in aghaidh rioscaí eile (e.g. geimhreadh dian).

    Príomhphrionsabail an phlean: ionadú, dlúthpháirtíocht agus coigilteas

    Ionadú: Coigilteas comhordaithe éilimh ar ghás trí thacú le deiseanna ionadaithe

    Leis na hiarrachtaí ar fad ó Ballstát go chéile, i nginiúint cumhachta, i dtionscail agus i dteaghlaigh, ba cheart díriú ar dtús ar na deiseanna ionadaithe lena bhféadfaí éirí as úsáid gáis nádúrtha de réir a chéile, agus na comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na roghanna sin a choinneáil san áireamh i gcónaí, agus, mar shampla, gual á thabhairt isteach sa mheascán (arís), fiú ar bhonn sealadach. Is é an chloch is mó ar ár bpaidrín a athrú chuig foinsí fuinnimh ghlain, i ngach cás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ar bhealach tráthúil agus costéifeachtach. Ba cheart leanúint d’iarrachtaí éagsúlaithe freisin trí dhlús a chur le tabhairt i gcrích críochfort GNL nó bonneagair eile gáis a bhfuil géarghá leo, go háirithe idirnaisc, mar aon le hiarrachtaí an Aontais an soláthar GNL a éagsúlú faoi Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh.

    I gcás nach féidir teacht ar réiteach níos glaine ar bith eile, beidh gá freisin le húsáid a bhaint as deiseanna ionadaithe gáis nádúrtha ar bhonn sealadach, is é sin foinsí ar mó a lorg carbóin amhail díosal nó gual, agus feidhm a bheith ag na clásail coimirce comhshaoil is gá an tráth céanna. Chuige sin, féadfar tacú le deiseanna malartaithe breoslaí atá teoranta ó thaobh ama de ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát,  

    Dlúthpháirtíocht: Coinne a bheith leis na rioscaí a bhaineann le suaitheadh iomlán sa soláthar gáis ón Rúis agus iad a mhaolú 

    Déanann turraingí soláthair gáis difear do na Ballstáit agus do na réigiúin ar bhealaí éagsúla. Chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí den sórt sin, ní mór don Aontas dlúthpháirtíocht iomlán a léiriú agus bearta á ndéanamh aige ó Bhallstát go chéile agus i dtaobh úsáideoirí éagsúla gáis nádúrtha. Cé go ndéanfar difear do na Ballstáit ar bhealaí éagsúla, le hiarracht chomhpháirteach, laghdófar déine an tionchair ar na Ballstáit is mó a ndéanfar difear dóibh, agus dá réir sin, bainfidh na Ballstáit ar fad tairbhe as gníomhaíocht chomhpháirteach. Dá bhrí sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith ar an airdeall chun an Margadh Aonair a chosaint, agus go háirithe chun aon srian a d’fhéadfadh a bheith ar thrádáil idir na Ballstáit a chosc, agus oibreoidh sé chun a áirithiú nach mbeidh aon suaitheadh i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a mbaineann riachtanas ar leith leo ná i seirbhísí sóisialta criticiúla. Má fhágann an scéal go bhfuil gá le bearta ciorraithe a bheartú, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir agus i gcomhar leis na Ballstáit, agus aird chuí á tabhairt ar an tionchar ar fhostaíocht agus ar ioncaim a mhaolú.

    Ionas go bhfeidhmeoidh an dlúthpháirtíocht sin sa chleachtas, ní mór do na Ballstáit agus do na rannpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha ar fad gach a bhfuil ar a gcumas a dhéanamh chun ullmhúchán a dhéanamh agus chun an t-éileamh ar ghás a ionadú nó a laghdú anois i gcás inarb indéanta. Chun go bhfeidhmeoidh na bearta comhordúcháin sin, ní mór córas rialachais leordhóthanach a bhunú, lenar féidir leas a bhaint as acmhainní ó aireachtaí fuinnimh agus tionscail ó Bhallstát go chéile, agus lenar féidir teagmháil chuimsitheach le gach grúpa tomhaltóirí agus rannpháirtíocht na ngrúpaí sin a áireamh.

     
    Coigilteas: Is féidir le gach duine a chion a dhéanamh

    Ba cheart laghdú breise ar an éileamh a bheartú i réimse théamh agus fhuarú na bhfoirgneamh agus i réimse théamh an uisce. I gcás éigeandála, i gcás ina bhféadfadh slándáil an tsoláthair leictreachais i mbaol, ceadaítear le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir slándáil an tsoláthair tús áite a thabhairt don soláthar gáis do ghléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla áirithe, agus do chatagóirí áirithe tomhaltóirí faoi chosaint. Mar sin féin, fiú má ráthaítear an soláthar gáis do theaghlaigh agus do ghléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla áirithe, níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar údaráis phoiblí gníomhaíochtaí breise a dhéanamh chun tomhaltas gáis ag custaiméirí atá faoi chosaint agus in earnáil na cumhachta a laghdú, ná laghduithe deonacha a chur chun cinn. Tá sé sin fíor-riachtanach ionas nach gcaithfear ciorrú a dhéanamh ar chustaiméirí tionsclaíocha atá criticiúil le haghaidh na sochaí agus an gheilleagair 11 .

    Leis an bhfíor thíos, cuirtear i láthair an measúnú is déanaí ar phoitéinseal na gcineálacha éagsúla beart chun an t-éileamh ar ghás a laghdú agus chun an bhearna a dhúnadh, nach mór.

    Foirgnimh: Téamh agus fuarú a laghdú

    Sa Phlean um Choigilteas Fuinnimh an 18 Bealtaine faoi REPowerEU 12 , sainaithníodh cheana féin raon beart coigiltis féideartha i réimse na bhfoirgneamh meastar go bhféadfaí 11 bcm a choigilt. Má dhéantar athruithe simplí iompraíochta amhail teocht an bhaile a laghdú i gcás nach bhfuil sé íseal cheana féin, cithfholcthaí a ghiorrú, fearais a mhúchadh seachas iad a chur ar fuireachas, cócaráil, cuisniú agus reo a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil, is é an tionchar atá ar na hathruithe sin bearta ‘gan aiféala’ i dtaobh billí fuinnimh. Dá airde an laghdú trí ghníomhaíochtaí deonacha, is ea is lú a bheidh an gá le ciorrú éigeantach a dhéanamh i réimse na tionsclaíochta níos faide anonn. Dar ndóigh, nuair a thomhlaítear níos lú gáis, beidh billí níos ísle billí ann.

    Is féidir coigilteas gáis a sheachadadh le linn an tsamhraidh seo fiú, tríd an mbuaicthomhaltas leictreachais mar gheall ar fhuarú a laghdú (rud a laghdóidh an tomhaltas gáis go díreach). Le linn an ‘gheimhridh gáis’ (Deireadh Fómhair-Márta), is féidir coigilteas mór a dhéanamh trí fhoinsí teasa malartacha a úsáid le haghaidh téamh ceantair, trí theaschaidéil agus trí chórais chliste bainistíochta fuinnimh i dteaghlaigh, agus trí fheachtais coigiltis, mar shampla, an teirmeastat a laghdú 1° (seachas i gcás na ndaoine nach bhfuil in ann a dtithe a théamh go sásúil cheana féin) nó trí níos lú uisce the a úsáid. Is féidir athruithe iompraíochta agus coigilteas breise a chothú le córais taraifithe bonus-malus dhea-dheartha freisin. Is féidir teacht ar choigilteas freisin trí shainordú a thabhairt téamh a laghdú i gcás foirgnimh phoiblí, oifigí, foirgnimh tráchtála agus spásanna oscailte amhail ardáin lasmuigh, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus in-fhorfheidhmithe. Tá ról na n-údarás poiblí, mar atá dea-shampla a thabhairt, ríthábhachtach i ndáil leis sin.

    Táirgeadh leictreachais agus teasa: Gás neamhchriticiúil a choigilt

    Is mór an deis atá i dtáirgeadh leictreachais agus teasa chun gás a choigilt, trí thomhaltas leictreachais a laghdú, trí fhoinsí cumhachta agus teasa a mhalartú agus trí leictreachas a allmhairiú. D’iarr an Coimisiún ar ENTSO-E meastachán a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag ganntanas féideartha gáis ar tháirgeadh leictreachais. De réir an chéad mheastacháin, ní mheastar ach leath den ghás a thomhlaítear in earnáil an leictreachais a bheith criticiúil chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú. Tá tuilleadh anailíse ar siúl faoi láthair maidir le hullmhacht leictreachais le haghaidh an gheimhridh, lenar cheart infhaighteacht stáisiún núicléacha agus cúltaiscí hidreachumhachta – a bhféadfaí níos mó difir a dhéanamh dóibh i mbliana – a chur san áireamh. Mar sin féin, tugtar le fios sa chéad mheastachán sin go bhfuil an fhéidearthacht ann méid mór gás a choigilt. Mar shampla, ó bhí tús na bliana ann, tá an tAontas tar éis 20 GW d’acmhainneacht nua fuinnimh in-athnuaite a úsáid ar a laghad. D’fhéadfaí méid mór a choigilt sna 8 mí amach romhainn trí mhalartú chuig breoslaí malartacha chun cumhacht a ghiniúint (féach an graf ar leathanach 11), anuas ar sholúbthacht ar thaobh an éilimh de chun an buaicéileamh a laghdú.

    I ndeireadh na dála, is faoi gach Ballstát aonair atá rogha na bhfoinsí fuinnimh chun leictreachas agus teas a tháirgeadh, agus na nithe seo a leanas ar fad á gcur san áireamh: sprioc aeráide 2030 an Aontais, sprioc fhadtéarmach na haeráidneodrachta, beartais an Aontais maidir le haer glan, agus tionchar a chinntí ar Bhallstáit eile agus ar shlándáil chomhchoiteann an tsoláthair. Mar chuid den obair atá ar siúl faoi láthair chun ullmhacht náisiúnta a threisiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an bpleanáil maidir le gléasraí cumhachta a chéimniú isteach agus amach, ba cheart an tionchar Eorpach a chur san áireamh i bhfianaise na n-imthosca nua atá ann faoi láthair, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair agus praghsanna breoslaí malartacha ar mhargaí fuinnimh an domhain. Is príomhghné é sin de na pleananna náisiúnta um riosca-ullmhacht leictreachais faoin Rialachán maidir le Riosca-Ullmhacht in earnáil an leictreachais 13 a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún air.

    Is iondúil go malartófaí chuig breoslaí eile go huathoibríoch mar gheall ar na praghsanna arda gáis, bíodh gur mó nó gur lú a lorg carbóin nó gur mó nó gur lú truailliú a dhéanann siad ná gás nádúrtha. Mar sin féin, chun malartú breosla a dhéanamh chuig bithmhais nó díosal, ní mór a áirithiú go gcuirtear cainníochtaí leordhóthanacha de na breoslaí malartacha sin ar fáil do na suíomhanna ina n-úsáidtear iad agus bearta iomchuí chun slándáil soláthair na mbreoslaí malartacha sin a stóráil agus faireachán a dhéanamh orthu. Tá roinnt Ballstát tar éis céimniú amach a stáisiún núicléach a chur siar. Thug Ballstáit eile cead do ghléasraí guail/ligníte teacht ar líne arís nó níos mó a tháirgeadh.

    Ba cheart do na Ballstáit an toirmeasc ar allmhairiú guail agus ola ón Rúis mar chuid den chúigiú agus den séú pacáiste de smachtbhannaí an Aontais a chur san áireamh i gcomhthéacs malartú breoslaí, toisc go bhféadfadh tionchar a bheith aige sin ar infhaighteacht na bhfoinsí soláthair a bhí ann roimhe sin. I gcás ola, is eilimint fíor-riachtanach í an bhainistíocht is fearr is féidir a dhéanamh ar na stoic éigeandála atá ann cheana. Is líontán sábhála iad na stoic éigeandála ola atá ann cheana, atá le húsáid i gcomhréir le rialacha an Aontais agus le pleananna teagmhasacha náisiúnta.

    D’fhéadfadh malartú breoslaí tionchar a imirt freisin ar thruailliú aeir, agus dá bhrí sin ar shláinte an duine agus an éiceachórais agus ar thomhaltas uisce freisin. Leis an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, ceadaítear maoluithe ar a teorainnluachanna astaíochta a dheonú do ghléasraí dócháin gásadhainte atá ag malartú chuig ola faoi choinníollacha áirithe, i gcás ina bhfuil gá sáraitheach leis an soláthar fuinnimh a choinneáil ar bun. Is féidir an maolú sin a bheith ann fad is atá gá leis, ar choinníoll go gcuirtear an Coimisiún ar an eolas go cuí. Mar a shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais, mura bhfuil aon oibreacha nó idirghabhálacha a bhfuil malartuithe chuig suiteálacha atá ann cheana i gceist leo, níl an tionscadal incháilithe mar thionscadal a éilíonn údarú nua, de réir bhrí na Treorach maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol 14 . De réir analaí, ní bheadh malartú breoslaí incháilithe mar thionscadal mura mbeadh aon oibreacha nó idirghabhálacha i gceist leis. I gcomhréir le REPowerEU, tagraítear sa leasú ar an gCreat Sealadach Géarchéime um Státchabhair don fhéidearthacht cabhair a dheonú le haghaidh malartú breoslaí, mar thosaíocht chuig foinsí fuinnimh ghlain.  

    Ba cheart bearta malartaithe breoslaí a dhearadh ar bhealach nach ndéanfar dochar do na cuspóirí meantéarmacha dícharbónaithe don ghá atá le dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus ar bhealach lena n-íoslaghdaítear aon mhéadú ar thruailliú agus níor cheart na gealltanais fhoriomlána fhadtéarmacha maidir le céimniú amach guail arna ndéanamh ag na Ballstáit a chur faoi bhagairt. Dá bhrí sin, tá sé criticiúil a áirithiú nach n-eascróidh gaibhniú carbóin astu amach anseo.  

    Ar deireadh, tá an tAontas ag obair leis an Úcráin agus le ENTSO-E chun an trádáil leictreachais idir an Úcráin agus an tAontas a mhéadú, chun tacú leis an Úcráin agus chun rogha eile ísealcharbóin a sholáthar do na Ballstáit chomharsanachta araon.

    Tionscal: Malartú breoslaí, bearta eile margadhbhunaithe agus critéir tosaíochta cliste

    Tá réimse na tionsclaíochta ag dul i ngleic le praghsanna fuinnimh níos airde cheana, agus tá rátaí dúnta arda ag bagairt ar roinnt tionscal cheana. Ba phraghsanna arda gáis ba chuid den chúis le laghdú 5 % ar an éileamh ar ghás san Aontas sa chéad leath de 2022 i gcomparáid leis na blianta roimhe sin. Is dócha go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh chomh fada agus a bheidh praghsanna ard i gcónaí. Soláthraítear tuairisc níos mionsonraithe ar bhearta coigiltis gáis agus ar bhearta malartaithe breoslaí san iarscríbhinn a ghabhann leis an teachtaireacht seo.

    Sa chéad fhreagairt eile a thagann ó earnáil na tionsclaíochta, ba cheart díriú ar bhearta margadhbhunaithe chun laghdú ar an éileamh a dhreasú agus chun dochar don tsochaí agus don gheilleagar a theorannú. Úsáideann tionscail gás mar bhunábhar agus mar fhoinse fuinnimh, ar tionscail iad ina bhfuil éagsúlacht mhór ó earnáil go chéile sa phoitéinseal teicniúil breosla a mhalartú nó tomhaltas a laghdú agus sa chostas a bhainfeadh leis an méid sin. Is bealach éifeachtach iad ionstraimí margaidh chun na roghanna laghdaithe is fabhraí a spreagadh.

    Tacaíonn an Coimisiún go láidir le dea-chleachtais, amhail ceantanna nó córais tairisceana náisiúnta, réigiúnacha nó comhpháirteacha chun laghdú an tomhaltais ó thomhaltóirí tionsclaíocha a dhreasú trí ligean do thionscail laghdú ar thomhaltas gáis a thairiscint. Is é an toradh a bheadh air sin laghdú ar thomhaltas comhiomlán reatha gáis, lena gcuirfí níos mó gáis ar fáil, e.g. le haghaidh líonadh stórála. D’fhéadfaí na ceantanna nó na tairiscintí sin a reáchtáil ar an leibhéal trasteorann chun na deiseanna laghdaithe ar an éileamh a uasmhéadú, go háirithe i gcás custaiméirí móra trasteorann a oibríonn i roinnt Ballstát. I ndáil leis sin, mar a leagtar amach freisin sa Chreat Sealadach Géarchéime um Státchabhair, le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, cuirtear é ar a gcumas do na Ballstáit laghduithe deonacha ar éileamh ar ghás a dhreasú, faoi réir coinníollacha áirithe, amhail an malartú i dtreo foinsí fuinnimh níos glaine a dhreasú 15 .

    Déanfaidh an Coimisiún iniúchadh tapa ar an gcoincheap mar atá ceantanna Aontais i ndlúthchomhairle leis na Ballstáit.

    I measc na mbeart comhchosúil margadhbhunaithe dá bhforáiltear cheana sna pleananna náisiúnta éigeandála, tá ‘conarthaí in-idirbhriste’, mar a thugtar orthu, i.e. beart solúbthachta lena ndeonaítear cúiteamh airgeadais réamhchinntithe, le haghaidh leibhéal réamhchinntithe de laghdú ar an méid gáis i gcomhair na tréimhse dínasctha. 

    I gcás éigeandála, nuair a bheidh triail bainte as gach beart margadhbhunaithe agus gach beart neamh-margadhbhunaithe, d’fhéadfadh sé go mbeidh ar na Ballstáit tús a chur le ciorrú iomlán nó páirteach a dhéanamh ar ghrúpaí tomhaltóirí sonracha a shainaithin siad in ord réamhshainithe ina bpleananna éigeandála. Tá cineálacha cur chuige éagsúla ag na Ballstáit i dtaobh tosaíocht den sórt sin, agus d’fhéadfaí go gcuirtear san áireamh leo nó nach gcuirtear san áireamh leo tionchar níos leithne ar chodanna criticiúla de gheilleagar an Aontais nó de gheilleagar an domhain. I gcás cinntí neamh-chomhordaithe, tá riosca mór ann go ndéanfaí an Margadh Aonair a ilroinnt, agus go mbeadh tionchar neamhbheartaithe ag cinntí náisiúnta ar thíortha eile den Aontas mar atá feicthe againn le linn ghéarchéim COVID. Tá an comhordú ríthábhachtach chun sláine an Mhargaidh Aonair a chaomhnú a mhéid is féidir. Sa Phlean Eorpach um an Éileamh a Laghdú atá i gceangal leis seo, soláthraítear treoirlínte do na Ballstáit chun a n-ord tosaíochta a athbhreithniú agus a fheabhsú trí úsáid a bhaint as prionsabail agus critéir choiteanna chun an tionchar socheacnamaíoch i gcomhthéacs níos leithne an Aontais a chomhordú agus a íoslaghdú, agus dlúthpháirtíocht na hEorpa á coinneáil ar bun an tráth céanna.

    I gcás ciorrú spriocdhírithe, beidh sé criticiúil a thionchar socheacnamaíoch a mhaolú. Ba cheart do na Ballstáit na treoirlínte sin a léiriú go soiléir agus a bpleananna náisiúnta éigeandála á dtabhairt cothrom le dáta acu. Éascófar leo cleachtaí comhordúcháin amach anseo nuair a bheidh gá leo. Mar a luaitear sa Teachtaireacht maidir le hIdirghabhálacha Gearrthéarmacha sa Mhargadh 16 a ghabhann le Plean REPowerEU, i gcás staid éigeandála réigiúnach nó Aontais de réir an Rialacháin maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá freisin le praghas riaracháin ar ghás a bhunú chun tréimhse na héigeandála dearbhaithe Aontais a chumhdach.

    D’fhéadfaí ionstraimí nua a fhorbairt le haghaidh na dtionscal a bhfuil ról straitéiseach i bhfeidhmiú gheilleagar agus shochaí an Aontais chun iad a spreagadh i dtaobh a n-iarrachtaí ionadaithe, éagsúlaithe agus coigiltis, de réir agus a bhaineann sásraí praghsanna margaidh a bpoitéinseal amach agus a ídítear roghanna margadhbhunaithe.

    Rialachas neartaithe maidir leis an dlúthpháirtíocht agus sásraí chun tacú le comhar

    Tá gá le sásra chun go mbeidh an Coimisiún agus na Ballstáit in ann a gcomhar a neartú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla den ghéarchéim de réir mar a thagann forbairt uirthi agus chun an margadh inmheánach a chosaint. D’fhéadfadh an Grúpa Comhordaithe Gáis atá ann cheana aghaidh a thabhairt ar an gceanglas sin trí theacht le chéile go tráthrialta agus, aon uair is gá, ar leibhéal an Ard-Stiúrthóra agus i dteannta ionadaithe ó na haireachtaí tionscail. Beidh ról criticiúil aige chun faireachán á dhéanamh ar thionchar an laghdaithe ar an éileamh ar earnálacha criticiúla agus ar shlabhraí luacha ar fud an Aontais, chun an malartú faisnéise is gá a chumasú, agus chun ceangal a dhéanamh idir páirtithe leasmhara, comhpháirtithe sóisialta agus fóraim bheartais ábhartha eile i gcás inarb iomchuí.

    I staid éigeandála, dhéanfaí dlúthpháirtíocht éifeachtach phras a éascú trí chomhaontuithe dlúthpháirtíochta déthaobhacha dá bhforáiltear faoin Rialachán maidir le slándáil an tsoláthair gáis a bheith i bhfeidhm, lena soiléireofaí na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais chun gás a sholáthar do na custaiméirí atá faoi chosaint faoin dlí sna tíortha máguaird i gcás géarchéime. Na Ballstáit ar fad nach bhfuil an t-ullmhúchán ar na comhaontuithe dlúthpháirtíochta is gá tugtha i gcrích acu go fóill, tá sé práinneach é sin a dhéanamh. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach leor comhaontuithe dlúthpháirtíochta déthaobhacha leo féin. Is den riachtanas a bheidh comhordú ar leibhéal an Aontais.

    3.    Uirlis choiteann an Aontais chun an laghdú ar an éileamh ar ghás a chomhordú

    Leis an laghdú riachtanach ar an éileamh, beifear in ann na rioscaí don chéad gheimhreadh eile a laghdú má tá sé bunaithe ar ghealltanas daingean ó na Ballstáit ar fad ár sprioc chomhchoiteann a bhaint amach, agus sa chás sin amháin. Thairis sin, i bhfianaise chineál na géarchéime soláthair gáis nach bhfacthas a leithéid riamh agus na n-éifeachtaí trasteorann a bhaineann léi, ní féidir le haon Bhallstát amháin aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ná go héifeachtach ar an riosca go n-eascróidh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha as an ardú praghsanna nó as suaitheadh mór sa soláthar. Chun a bheith go hiomlán éifeachtach, ní mór creat rialála daingean, lena n-áirithítear gníomhaíocht chomhordaithe ghasta, a bheith ina bhonn taca le hullmhú coiteann an Aontais le haghaidh an gheimhridh. Mar gheall ar na cúinsí atá ann faoi láthair, tá údar cuí le dul i muinín na gcumhachtaí éigeandála rialála a leagtar amach in Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Dá bhrí sin, tá Rialachán ón gComhairle á mholadh ag an gCoimisiún chun gníomhaíocht éifeachtach a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go mbeadh éagothroime ann idir an soláthar agus an t-éileamh i margadh gáis na hEorpa, lena n-áirítear tríd an gcreat rialachais is gá. I dtús báire, féadfaidh na Ballstáit na laghduithe is gá a chur chun feidhme ar bhonn deonach. Má théann an staid in olcas agus más gá foláireamh Aontais a ghníomhachtú, de réir an chreata a leagtar amach sa togra éigeandála, chuirfí sprioc cheangailteach laghdaithe ar an éileamh ar ghás chun feidhme. Chinnfeadh gach Ballstát bearta laghdaithe ar an éileamh, i gcomhairle leis na tíortha máguaird. Dá bhrí sin, déantar an méid seo a leanas leis an dréacht-Rialachán:

    ·Iarrtar ar na Ballstáit uile a ndícheall a dhéanamh leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i roghanna malartacha ar ghás ón Rúis agus sprioc laghdaithe neamhcheangailteach a bhaint amach a chomhfhreagraíonn do 15 % dá n-éileamh – i gcomparáid leis an meánéileamh ar feadh na 5 bliana dheireanacha (2016-2021) – as seo go ceann 8 mí ar a laghad. Leis sin, bheifí in ann 45 bcm de ghás a choigilt ar fud na hEorpa ar feadh na tréimhse sin. Ba cheart na hiarrachtaí laghdaithe comhfhreagracha a bhunú ar threoirlínte an Phlean Eorpaigh um an Éileamh a Laghdú.

    ·Iarrtar ar na Ballstáit a bpleananna náisiúnta éigeandála a thabhairt cothrom le dáta chun na bearta sonracha laghdaithe ar an éileamh a chinneann siad a dhéanamh dá réir sin a shainaithint faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair.

    ·Leagtar amach ann creat rialachais lena n-éascaítear an measúnú ar na hiarrachtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit ar fad chun infheistíocht a dhéanamh i roghanna malartacha ar ghás ón Rúis, lena ndéantar an t-éileamh ar ghás a laghdú, agus lena gcuirtear san áireamh suaitheadh i slabhraí soláthair an Aontais de dheasca beart náisiúnta.

    ·Tugtar isteach próiseas chun foláireamh Aontais a dhearbhú tráth ar bith sna seachtainí nó sna míonna amach romhainn má thagann athrú diúltach ar an staid agus ar an ionchas i dtéarmaí na cothromaíochta idir an soláthar agus an t-éileamh , agus má bheidh rioscaí ann go mbeidh géarghanntanas gáis agus go dtiocfaidh meath mór ar shlándáil an tsoláthair. Más amhlaidh an cás, féadfaidh an Coimisiún laghdú ceangailteach de 15 % a ghníomhachtú chun an laghdú foriomlán is gá san Aontas a áirithiú le haghaidh geimhreadh níos sábháilte do chách.

    4.    Conclúid agus na chéad bhearta eile

    Is mithid don Aontas coinne a bheith aige le rioscaí agus dlús réamhghníomhach a chur le hullmhacht maidir le slándáil an tsoláthair gáis. Is comhartha é sin do gach comhlacht poiblí, tomhaltóir, teaghlach, úinéir foirgnimh phoiblí agus soláthróir cumhachta nach mór dóibh bearta urghnácha gasta a dhéanamh anois chun gás a choigilt chun iarmhairtí an tsuaite a d’fhéadfadh a bheith ar gheilleagar an Aontais sna míonna amach romhainn a laghdú.

    Tá an t-ullmhúchán le haghaidh mórshuaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann roimh an ngeimhreadh seo chugainn nó lena linn ríthábhachtach i gcomhair athléimneacht an Aontais agus i gcomhair inchreidteacht fhreagairt an Aontais ar na himeachtaí atá ag titim amach ar an leibhéal geopholaitiúil. Ní bheidh rath air sin ach amháin má bheidh glacadh leis i measc na saoránach agus tomhaltóirí eile, ar glacadh é a bhainfear amach trí rannpháirt sa phróiseas cinnteoireachta a thabhairt dóibh.

    Beag beann ar shuaitheadh iomlán gearrthéarmach ar shreabha ón Rúis, má bheidh gníomhaíocht chomhpháirteach luath ar leibhéal an Aontais an tráth criticiúil seo den phróiseas líonta stórála, laghdófar an gá le laghdú féideartha agus níos pianmhaire ar an éileamh níos déanaí sa gheimhreadh.

    Trí dhlús a chur leis an éagsúlú agus trí laghdú inchreidte ar an éileamh a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe ar fud na mBallstát, is féidir leis an Aontas teachtaireacht chumhachtach a sheoladh chuig an margadh go bhfuil an Eoraip réidh le haghaidh tuilleadh suaite. Tá sí níos athléimní, is fearr is féidir léi dul i ngleic le forbairtí gan choinne, agus is féidir léi na tionchair praghais agus eacnamaíocha atá leo a mhaolú.

    Ba cheart muinín a bheith ag an Aontas as a chumas déileáil leis na hiarmhairtí a bhaineann le mórshuaitheadh soláthair agus dlús radacach a chur lena iarrachtaí deireadh a chur lena spleáchas ar ghás na Rúise. Leis an Rialachán ón gComhairle atá beartaithe agus le Plean an Aontais maidir le hUllmhacht don Gheimhreadh atá i gceangal leis seo, soláthraítear uirlis choiteann rialála agus treoirlínte do na Ballstáit chun an t-éileamh a laghdú ar bhealach tapa agus costéifeachtach go dtí leibhéal atá leordhóthanach chun an geimhreadh seo chugainn a chur tharainn agus chun ullmhúchán maidir leis na chéad bearta eile a dhéanamh go sábháilte. Is é an cuspóir atá ann bearta agus critéir chomhordaithe ar thaobh an éilimh a chumasú ar fud an Aontais, de mheon na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta, mar a d’iarr ceannairí an Aontais. Ba cheart a chuimhneamh go práinneach ar dhea-chleachtais amhail ceantanna comhpháirteacha chun tomhaltas a laghdú agus téamh a laghdú i bhfoirgnimh phoiblí.

    Tuairisceoidh an Choimisiún don Chomhairle go tráthrialta. Le rannpháirtíocht pholaitiúil leanúnach, áiritheofar comhordú réamhghníomhach agus éifeachtach an Aontais atá i gcomhréir leis na dúshláin atá romhainn.

    Anuas air sin, tá sé ríthábhachtach dlús a chur le glacadh an athbhreithnithe ar an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis a beartaíodh san athbhreithniú i mí na Nollag 2021 ar an Rialachán maidir leis an Margadh Gáis, lena dtabharfar isteach clásail uathoibríocha chomhchuibhithe dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit chun an soláthar do chustaiméirí atá faoi chosaint a ráthú fiú i gcás géarchéim thromchúiseach.

    Má dhéantar an plean seo a thabhairt chun cinn agus a chur chun feidhme láithreach, laghdófar an éiginnteacht, cuirfear teorainn le préimheanna riosca ar na margaí fuinnimh, cuideofar le tuilleadh stórála a líonadh agus tabharfar tús áite don tomhaltas gáis sna háiteanna is mó a bhfuil gá leis. I ndeireadh na dála, fágfaidh sé go mbeidh an tAontas agus na Ballstáit níos láidre in aghaidh mórshuaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann sa soláthar gáis faoin gcéad gheimhreadh eile agus lena linn.

    (1)

       Rialachán (AE) 2017/1938

    (2)

       Tá 11 Bhallstát tar éis luathrabhadh a eisiúint agus tá ceann amháin acu, an Ghearmáin, tar éis leibhéal ‘foláirimh’ a dhearbhú.

    (3)

       Idirnascaire gáis na Bulgáire, na Rómáine, na hUngáire agus na hOstaire

    (4)

       Rialachán AE 2022/1032 maidir le stóráil gáis

    (5)

       Ag deireadh mhí an Mhárta 2022, chomhaontaigh an tAontas agus na Stáit Aontaithe i ráiteas comhpháirteach go mbeartaíonn siad allmhairí GNL an Aontais ó na Stáit Aontaithe a mhéadú faoi 15 bcm in 2022. Allmhairíodh 30 bcm de GNL ó na Stáit Aontaithe sa chéad leath de 2022, i gcomparáid le 22 bcm ar feadh 2021 ar fad.Bhí sciar na Stát Aontaithe in allmhairí GNL an Aontais thart ar 46 % i mí an Mheithimh.

    (6)

       Rannpháirtíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh sheachtraigh i ndomhan atá ag athrú {SWD(2022) 152 final}

    (7)

       Bhraitheadh an tionchar i ngach Ballstát ar an leibhéal reatha allmhairí gáis ón Rúis, ar an bhféidearthacht foinsí a éagsúlú ar gearrfhógra, ar ról an gháis sa mheascán fuinnimh agus ar an bhfabraic thionsclaíoch.

    (8)

       i gcomparáid leis an meánéileamh ar ghás san Aontas Eorpach in 2017-2021 – réimse ar baineadh úsáid as chun éagsúlacht i ndéine na haimsire geimhridh le blianta beaga anuas a chur san áireamh

    (9)

        https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52022DC0240&from=GA

    (10)

       De réir Airteagal 2(5) de Rialachán 2017/1938, cumhdaítear le custaiméirí atá faoi chosaint suiteálacha téimh ceantair agus seirbhísí sóisialta riachtanacha áirithe amhail cúram sláinte, agus faoi theorainn áirithe, gnóthais bheaga agus mheánmhéide

    (11)

        https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52022DC0240&from=GA  

    (12)

        EUR-Lex - 32019R0941 - GA - EUR-Lex (europa.eu)

    (13)

    C-275/09, C-121/11, C-411/17, C-254/19.

    (14)

       Ina theannta sin, leis an mbeartas fioscach, ba cheart díriú ar choigilteas fuinnimh, trí thacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus trí laghdú ar an éileamh a dhreasú araon. Ba cheart do na Ballstáit beartais inacmhainneachta a choigeartú chun an laghdú ar an éileamh a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcreat dlíthiúil CBL agus aistriú chuig rátaí nialasacha CBL nialais ar an tsuiteáil grianphainéal, rátaí a laghdú ar an tsuiteáil córas téimh íseal-astaíochtaí agus ar bhearta praghsála eile fuinnimh, agus an t-aistriú chuig teaschaidéil agus ceannach fearas níos éifeachtúla a spreagadh. Is féidir faoisimh chánach a chomhlánú le fóirdheontais le haghaidh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh atá dírithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mhicreaghnólachtaí leochaileacha.

    (15)

    https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52022DC0236&from=GA

    Top

    An Bhruiséil,20.7.2022

    COM(2022) 360 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    ‘Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’


    Treoirlínte maidir le Plean Eorpach um an Éileamh ar Ghás a Laghdú

    Réamhrá    

    1. Bearta coigiltis deonacha agus dea-chleachtais    

    a)    Bearta maidir le malartú breosla    

    b)    Ionstraimí margadhbhunaithe    

    Córais cheantála nó tairisceana    

    Conarthaí babhtála idir custaiméirí móra    

    Conarthaí inidirbhriste    

    c)    Coigilteas i dtéamh agus i bhfuarú    

    Feachtais múscailte feasachta    

    Oibleagáid spriocdhírithe chun téamh agus fuarú a laghdú    

    2. Critéir chun tosaíocht a thabhairt do chustaiméirí criticiúla nach bhfuil faoi chosaint    

    a)     Critéir maidir le laghdú ar éileamh i gcás réamhéigeandála nó i gcás éigeandála    

    Criticiúlacht shochaíoch    

    Criticiúlacht an tslabhra luacha trasteorann    

    Damáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh do shuiteálacha    

    Ionadú agus féidearthacht laghdaithe    

    Gnéithe eacnamaíocha    

    b)    Comhar trasteorann chun na critéir a úsáid    

    3 – Rialachas agus céimeanna na freagartha ar ghéarchéimeanna    


    Treoirlínte maidir le Plean Eorpach um an Éileamh ar Ghás a Laghdú

    Réamhrá

    Is é is aidhm do Phlean an Aontais maidir le hullmhacht don gheimhreadh tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh a threisiú i gcás éigeandála a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis. Leis an bplean seo, comhlánaítear na hiarrachtaí a rinneadh roimhe seo ullmhacht an Aontais a mhéadú, amhail for-rochtain ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun soláthar a mhéadú agus bearta eile a fógraíodh in REPowerEU. Ba cheart coinne a bheith le laghdú ar éileamh a mhéid is féidir agus chun coigilteas a dhéanamh, ba cheart díriú ar earnálacha agus ar ghníomhaíochtaí a bhfuil an laghdú níos saoire dóibh. Is féidir le gach duine gás a choigilt, fiú custaiméirí atá faoi chosaint amhail teaghlaigh, foirgnimh atá á n‑oibriú ag eintitis phoiblí agus phríobháideacha, tionscail a bhfuil acmhainneacht acu maidir le malartú breosla agus, ag brath ar an gcomhthéacs náisiúnta, earnáil an leictreachais freisin.

    Tá an plean bunaithe ar thorthaí na gcomhairliúchán leis na Ballstáit agus leis na tionscail a bhíonn ag brath ar ghás nádúrtha.

    Sainaithnítear i gcaibidil a haon dea-chleachtais maidir le bearta margadhbhunaithe agus bearta nach bhfuil margadhbhunaithe ar thaobh an éilimh is féidir a dhéanamh láithreach chun toirteanna gáis a shaoradh. I gcaibidil a dó tugtar treoirlínte maidir le critéir chun earnálacha criticiúla den gheilleagar agus suiteálacha tionsclaíocha a shainaithint. I gcaibidil a trí déantar achoimre ar na trí chéim de réir a chéile de fhreagairt an Aontais ar an mbagairt go mbeidh mórshuaitheadh sa soláthar gáis ar an leibhéal Eorpach, de réir na bhforálacha atá ann cheana sa Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair, chomh maith leis na bearta nua a leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe.

    1.    Bearta coigiltis deonacha agus dea-chleachtais

    Tá raon leathan beart ar fáil do na Ballstáit chun an t‑éileamh ar ghás i ngach earnáil a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit, in éineacht leis na páirtithe leasmhara, triail a bhaint as na féidearthachtaí ionadaithe uile, na scéimeanna coigiltis neamhéigeantacha uile agus na húsáidí uile a bhaintear as foinsí malartacha fuinnimh atá ann cheana sula gcuirfidh siad ciorrúchán chun feidhme ar chustaiméirí nach bhfuil faoi chosaint, amhail an tionscal. Ba cheart tús áite a thabhairt do na féidearthachtaí sin ar choinníoll go mbeidh siad fós níos fearr ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de ná roghanna maidir le laghdú sainordaitheach ar éileamh. Ba cheart tosaíocht a thabhairt, i gcás inar féidir, d’athrú tapa agus cinntitheach chuig foinsí in‑athnuaite, nó roghanna níos glaine agus ar lú a lorg carbóin. Bearta margadhbhunaithe agus bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a ghníomhachtú chun an t‑éileamh ar ghás a laghdú a thuilleadh, d’fhéadfadh sé sin a bheith ríthábhachtach chun na rioscaí a bhaineann le ganntanas gáis a d’fhéadfadh a bheith ann don tsochaí agus don gheilleagar a réamh‑mheas agus a mhaolú.

    a)Bearta maidir le malartú breosla

    Is féidir leis na Ballstáit tús áite a thabhairt do bhearta maidir le malartú breosla sa tionscal agus i dtáirgeadh leictreachais araon agus dlús a chur leo chun gás a choigilt roimh ré agus ullmhacht a fheabhsú, agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh ag gabháil leo. Tá roinnt roghanna ag na Ballstáit maidir le malartú breosla:

    ·Acmhainneachtaí malartaithe breosla a dhreasú i dtionscail agus sa ghiniúint cumhachta agus teasa (cinneadh margaidh), lena náirítear aistriú chuig grianfhuinneamh, bithmhais a fhoinsítear go hinbhuanaithe, bithmheatán ó dhramhaíl agus ó iarmhair, foinsí grianfhuinnimh agus foinsí inathnuaite fuinnimh eile.

    ·Ocsaigin a úsáid seachas gás nádúrtha i suiteálacha tionsclaíocha áirithe, agus tiomántáin leictreacha a chur in ionad tiomántáin ghaile a úsáideann gás.

    ·An úsáid a bhaintear as fuíoll fuinnimh agus bunábhair dramhaíola sa tionscal a mhéadú chun úsáid gáis a laghdú.

    ·Bearta níos mionsaothraithe maidir le malartú breosla a chur i bhfeidhm e.g. gléasraí cumhachta gásadhainte, aistriú chuig gásola, ag brath ar an bhforbairt ar infhaighteacht na dtoirteanna sna margaí gáis.

    ·Oibleagáid a chur ar oibreoirí giniúna cumhachta teirmí a bhfuil gineadóirí cúltaca díosail acu na réamhchúraimí is gá a dhéanamh chun go noibreoidh a naonaid gan bhriseadh má tá orthu aistriú chuig díosal.

    Is rogha tosaíochta é an malartú breosla, cé go bhféadfadh costais, indéantacht theicniúil agus infhaighteacht na mbreoslaí ionadúla inacmhainne srianta a chruthú dar ndóigh, agus ní mór measúnú cúramach a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol. Ba cheart gaibhniú carbóin fadtéarmach a sheachaint agus ní mór an cion astaíochtaí is ísle is féidir a bheith ag malartú breosla, seachas chuig breoslaí in‑athnuaite, agus ní mór teorainn ama a bheith leis chun cur le hinfhaighteacht an gháis sa chéad gheimhreadh eile. Thairis sin, ní mór do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an nganntanas breoslaí ionadúla a eascraíonn as malartú breosla ar mórscála agus ar na héifeachtaí ar phraghsanna.

    Na critéir i gcaibidil 2 maidir le custaiméirí agus slabhraí soláthair fíor-riachtanacha nach bhfuil faoi chosaint a shainaithint, tá siad ríthábhachtach chun cuidiú leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh faoi shásraí tacaíochta, go háirithe ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh sásraí margadhphraghsanna leordhóthanach chun malartú breosla den sórt sin a threorú astu féin. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar bhonn cás ar chás ar scéimeanna Státchabhrach lena gcumasaítear tacaíocht riachtanach, chomhréireach agus iomchuí atá dírithe ar fheabhas a chur ar inmharthanacht eacnamaíoch na n‑oibríochtaí sin in earnálacha a mheastar a bheith criticiúil. Thairis sin, leis an gCreat Sealadach Géarchéime athbhreithnithe um Státchabhair, cumasaítear dreasachtaí maidir le malartú breosla chuig foinsí in‑athnuaite fuinnimh mar ábhar tosaíochta agus tacaítear freisin le malartú breosla chuig foinsí fuinnimh eile i gcás ina bhfuil géarghá leis. 

    D’fhéadfadh malartú breosla astaíochtaí a mhéadú, rud a cheadófaí i gcásanna áirithe faoin Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha. Mar gheall ar chineál eisceachtúil agus sealadach an mhaolaithe sin, ní mór faireachán leanúnach a dhéanamh air agus ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún faoi.

    Cuireadh leis an úsáid a bhaintear as gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe a bhí ann cheana i roinnt Ballstát, agus cuireadh na srianta dlíthiúla atá orthu oibriú ar fionraí go sealadach. Mar sin féin, ba cheart iad sin a mheas i gcónaí mar bhearta sealadacha gearrthéarmacha agus inchúlaithe, ionas nach gcruthófar gaibhniú carbóin fadtéarmach, i gcomhréir le cuspóir an Aistrithe Chóir sa Chomhaontú Glas don Eoraip, agus ba cheart dó creat rialála an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon mhaolú ar rialacha maidir le hastaíochtaí truailleán a mheastar a bheith ina chuid de phleananna um malartú breosla. Níor cheart an maolú sin a dhéanamh ach sa chás nach bhfuil aon rogha eile ann agus níor cheart é a chur san áireamh ach amháin nuair a bheidh triail bainte as gach beart bainistíochta éilimh eile agus as gach féidearthacht maidir le haistriú chuig breosla níos glaine. Ba cheart leis an maolú sin méid agus fad aon mhéadaithe ar astaíochtaí truailleán a íoslaghdú. Ar bhonn na gcritéar sin, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit uile a dhéanfaidh fógraí den sórt sin, agus déanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme na mbeart náisiúnta lena n‑áiritheofar go gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le hastaíochtaí truailleán ina n‑iomláine arís.

    Chuir roinnt Ballstát dúnadh na ngléasraí cumhachta núicléiche siar.

    Is rogha beartais do na Ballstáit é an cinneadh a mhéid a bhaineann le céimniú amach gléasraí núicléacha a chur ar athló i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil. In aon chás, tá feidhm agus forlámhas ag caighdeáin sábháilteachta chonradh Euratom agus creat rialála an Aontais is infheidhme.

    Ar deireadh, in earnáil na cumhachta, ba cheart measúnú cuí a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí chun tomhaltas gáis a laghdú sna pleananna náisiúnta riosca-ullmhachta atá le bunú faoin Rialachán maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais.

    Malartú breosla

    ·Malartú breosla a chur chun cinn i dtionscail

    ·Malartú breosla a chur chun cinn in earnálacha na cumhachta agus an teasa nuair is féidir, agus tús áite á thabhairt d’aistriú breosla chuig breoslaí inathnuaite agus níos glaine

    ·Cuspóirí an Aistrithe Chóir le fanacht i bhfeidhm

    ·An riosca a bhaineann le ganntanas gáis a chomhtháthú sna pleananna náisiúnta riosca-ullmhachta maidir le leictreachas

    b)Ionstraimí margadhbhunaithe

    Córais cheantála nó tairisceana

    Is éard atá i gceist le beart amháin a mholtar ceantanna náisiúnta nó comhpháirteacha nó córais tairisceana trína ndreasaíonn na Ballstáit laghdú ar thomhaltas ag tomhaltóirí móra (tionscail den chuid is mó). Na tionscail sin is fearr atá in ann an t‑éileamh a laghdú, dhéanfaidís go deonach é. De réir an dearaidh, d’fhéadfaidís cúiteamh airgeadais a fháil mar mhalairt ar choigilteas breise. Is féidir le tomhaltóirí tionsclaíocha iad féin a shainiú an uair a bheadh sé ciallmhar dóibh an t‑éileamh a mhúchadh nó a laghdú go sealadach, bunaithe ar a saintréithe aonair féin agus an tionchar ar an bhfostaíocht á chur san áireamh. D’fhéadfadh córas den sórt sin coigilteas gáis a spreagadh i ngnólachtaí a bhfuil sé i gceist acu dúnadh chun críoch cothabhála nó nuachóirithe.

    I gcás ina mbíonn státchabhair i gceist le beart den sórt sin, agus mar a shoiléirítear sa leasú ar an gCreat Sealadach Géarchéime um Státchabhair, féadfaidh na Ballstáit laghduithe deonacha ar an éileamh ar ghás a dhreasú i gcomhthéacs na géarchéime reatha, agus déanfaidh an Coimisiún measúnú díreach orthu ina dhiaidh sin faoi Airteagal 107(3)(b) CFAE 1 .

    D’fhéadfadh an Coimisiún agus na Ballstáit araon iniúchadh a dhéanamh ar an smaoineamh maidir le ceantanna nó tairiscintí an Aontais. Thairbheodh custaiméirí móra trasteorann a bhfuil próisis táirgthe acu i roinnt mhaith Ballstát de nós imeachta den sórt sin. Laghdaítear an t‑éileamh i gcás ina mbíonn sé níos saoire é sin a dhéanamh (ní hamháin níos saoire laistigh de Bhallstát ar leith), lena n‑áirítear maidir le drochthionchair eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann agus caillteanas post.

    Conarthaí babhtála idir custaiméirí móra

    Féidearthacht eile do chustaiméirí tionsclaíocha is ea babhtálacha conarthacha táirgthe a chomhaontú roimh ré idir réigiún atá neamhchosanta ar shuaití agus réigiún nach bhfuil chomh neamhchosanta céanna i gcás ganntanas mór. Ar leibhéal géarchéime ‘foláirimh’ nó ‘éigeandála de chuid an Aontais’, ráthódh an táirgeoir atá lonnaithe sa réigiún is lú atá thíos le ganntanas gáis soláthar na táirgeachta don táirgeoir ar cuireadh stop leis mar gheall ar ghanntanas gáis sa réigiún atá buailte. Dá réir sin, chosnódh babhtáil den sórt sin an suíomh agus an réigiún a ndéanann ciorrúchán éigeantach neamhphleanáilte difear dóibh.

    Ní mheasfaí, i bprionsabal, go mbeadh fadhbanna ag baint le comhar den sórt sin idir gnóthais faoi rialacha iomaíochta an Aontais sa mhéid go bhfuil sé (i) ceaptha agus riachtanach go hoibiachtúil chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas gáis a bhaineann le ‘foláireamh’ nó ‘staid éigeandála’ dearbhaithe i margadh gáis Eorpach amháin nó níos mó, (ii) de chineál sealadach (i.e. ní chuirtear i bhfeidhm é ach a fhad a mhaireann an foláireamh nó an staid éigeandála) agus (iii) nach dtéann sé thar a bhfuil fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas gáis a bhaineann le ‘foláireamh’ nó ‘staid éigeandála’ dearbhaithe i margadh gáis Eorpach amháin nó níos mó 2 .

    Conarthaí in‑idirbhriste

     
    Nuair is féidir, spreagtar úsáid a bhaint as
    conarthaí inidirbhriste maidir le tomhaltas gáis, mar bheart deonach margadhbhunaithe, toisc gur foinse thábhachtach solúbthachta iad. Tá bearta den sórt sin i bhfeidhm ar an leibhéal ‘luathrabhaidh’ nó ‘foláirimh’ (i.e. leibhéil na géarchéime réamhéigeandála) i roinnt Ballstát. Baineann cúiteamh airgeadais réamhchinntithe le gníomhachtú an tsuaite, cúiteamh a chomhfhreagraíonn do leibhéal réamhchinntithe maidir le laghdú toirte nó tréimhse díscoir. Cé nach bhfuil an cúiteamh agus na méideanna saincheaptha i bprionsabal do shuaitheadh fada iomlán ó sholáthar gáis na Rúise, is féidir le laghduithe gearrthéarmacha ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais, a eascraíonn as conarthaí inidirbhriste, tionchar carnach suntasach a imirt chun gás a shaoradh, e.g. chun stóráil a athlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit úsáid mhéadaithe na gcineálacha conarthaí sin a spreagadh a luaithe is féidir chun coigilteas a mhéadú an geimhreadh seo.

    Solúbthacht ar thaobh an éilimh sa leictreachas

    Ar bhonn níos ginearálta, d’fhéadfaí cuidiú leis an tomhaltas gáis a laghdú leis an bhfreagairt don éileamh sa mhargadh leictreachais. Is féidir é sin a uathoibriú trí theicneolaíochtaí agus seirbhísí cliste solúbthachta ar thaobh an éilimh lena laghdaítear an téileamh ar bhealach am-spleách nuair a tháirgtear leictreachas le gás, ag buaic-amanna. Is coigilt dhinimiciúil é ar fhuinneamh breosla iontaise, ar cheart dó coigilteas níos stataí, a eascraíonn as bearta éifeachtúlachta fuinnimh nó ceant fadtéarmach ar a dtugtar tuairisc thuas, a chomhlánú. Le freagairt don éileamh den sórt sin d’fhéadfaí díriú ar thomhaltas leictreachais tionscal, foirgnimh chónaithe, oifige agus tráchtála, agus earnálacha iompair. Chun leas a bhaint as acmhainneacht na freagartha don éileamh don gheimhreadh seo chugainn cheana féin, ba cheart do na Ballstáit na margaí uile a oscailt d’acmhainní solúbtha ar thaobh an éilimh chun a rannpháirtíocht a chumasú. Ar bhonn na meastachán tionscail 3 , d’fhéadfadh acmhainneacht sholúbtha sa chóras leictreachais allmhairí gáis ón Rúis chuig an Aontas a laghdú 5 %, má dhéantar iad a shaothrú agus a ghníomhachtú go hiomlán ar fud na margaí uile.

    Ionstraimí margadhbhunaithe chun an t‑éileamh a laghdú agus chun ullmhú do ghanntanas:

    ·Córais cheantála nó tairisceana

    ·Conarthaí inidirbhriste

    ·Conarthaí babhtála idir tomhaltóirí tionsclaíocha

    ·Solúbthacht ar thaobh an éilimh sa leictreachas

    c)Coigilteas i dtéamh agus i bhfuarú 

    Feachtais múscailte feasachta

    Is féidir le gach duine gás a choigilt, fiú custaiméirí atá faoi chosaint. D’fhéadfadh laghdú mór teacht ar thomhaltas gáis mar gheall ar fheachtais faisnéise chun tomhaltóirí a chur ar an eolas, i gcás inar féidir, gur cheart dóibh gás a shábháil, mar aon le leictreachas a bhíonn ag brath go minic ar ghás. Tá an beart sin leagtha amach i bPleananna Éigeandála roinnt Ballstát maidir le slándáil an tsoláthair gáis ag an gcéim luathrabhaidh. Is éard atá i gceist leis feasacht a mhúscailt i measc na dtomhaltóirí, na dtionscal, na ngnólachtaí, na n‑údarás poiblí, agus na dteaghlach ar fad, agus samplaí nithiúla agus oibríochtúla a thabhairt freisin den chaoi ar féidir tomhaltas gáis a laghdú trí athruithe iompraíochta, mar shampla. Thairis sin, moltar bearta feachtais a chur chun feidhme lena spreagtar saoránaigh chun a dtomhaltas gáis a laghdú, mar shampla trí theocht an teirmeastait nó an uisce a laghdú le linn an tséasúir téimh, toisc go bhféadfadh sé sin a bheith ina chúis le coigilteas mór gáis. Tathantaíonn an Coimisiún ar na Ballstáit uile bearta “gan aiféala” den sórt sin a chur chun feidhme, mura bhfuil sé déanta acu go fóill, agus tacaíocht á tabhairt an tráth céanna do na teaghlaigh is leochailí agus is boichte ó thaobh fuinnimh de, a bhfuil teorainn curtha acu cheana féin, i dtíortha áirithe, lena dtomhaltas fuinnimh faoi bhun na leibhéal compoird.

    Mar chuid de REPowerEU, chuir an Coimisiún Plean an Aontais maidir le ‘Fuinneamh a Choigilt’ 4 i láthair ina leagtar amach freisin raon leathan beart gearrthéarmach a d’fhéadfadh an Ballstát a dhéanamh chun gníomhaíochtaí a dhreasú lena mbainfear amach coigilteas gáis láithreach (amhail téamh a laghdú, coirí a sheirbhísiú agus teocht na gcoirí a laghdú). Leanann an Coimisiún de bheith ag obair le gníomhaithe áitiúla chun na teachtaireachtaí sin a scaipeadh, mar shampla leis an bhfeachtas ‘Energy Savings Sprint’ mar aon le Cúnant na Méaraí. Is féidir le cathracha na bearta sin a chur chun feidhme freisin, lena náirítear trí mhisean na gcathracha aeráidneodracha cliste.

    sé ríthábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit uile tús le cur chun feidhme na mbeart sin láithreach, fiú na Ballstáit nár dhearbhaigh luathrabhadh go fóill. Go deimhin, thuairiscigh roinnt mhaith Ballstát go raibh bearta múscailte feasachta á gcur i bhfeidhm acu, chomh maith le scéimeanna fóirdheontais do theaghlaigh agus d’fhiontair lena ndírítear ar athchóiriú fuinnimh, úsáid teaschaidéal agus malartú breosla eile, agus ar fhearais agus trealamh níos éifeachtúla a chur in ionad na bhfearas agus an trealaimh atá ann cheana.

    Más féidir, d’aistreodh na Ballstáit a mbeartais chúitimh chuig bearta ioncaim de chineál cúitimh airgeadaíochta éigin le haghaidh tomhaltóirí fuinnimh. Trí thástáil acmhainne, ba cheart iad a dhíriú ar ghrúpaí leochaileacha.

    Oibleagáid spriocdhírithe chun téamh agus fuarú a laghdú

    Ag leibhéal ‘foláirimh’, d’fhéadfaí a áireamh sna bearta a ghlactar i bpleananna náisiúnta laghdú sainordaitheach náisiúnta ar thomhaltas in earnáil an téimh agus an fhuaraithe. Má dhírítear ar bhearta den sórt sin, ní chuirfí i mbaol an prionsabal gur custaiméirí atá faoi chosaint iad teaghlaigh, téamh ceantair agus seirbhísí riachtanacha áirithe agus go ráthaítear a soláthar. Is dócha gur spreag na praghsanna níos airde tomhaltóirí cheana féin leis an úsáid a bhaineann siad as gás a laghdú go pointe áirithe, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hoibleagáidí nuair nach leor praghsanna amháin chun téamh agus fuarú a laghdú. Beidh sé tábhachtach seirbhís a dháilfear go cothrom agus rochtain ar sheirbhísí riachtanacha a áirithiú do na custaiméirí uile, go háirithe custaiméirí leochaileacha atá nasctha le líonraí soláthair fuinnimh. Is bealach éifeachtach infhorfheidhmithe é sainordú a thabhairt don laghdú spriocdhírithe ar théamh agus fuarú teochta agus uisce, i bhfoirgnimh atá faoi úinéireacht nó á noibriú ag údaráis phoiblí nó thar a gceann, in ionaid siopadóireachta, i bhfoirgnimh oifige agus i spásanna poiblí. Taithí rathúil a fuarthas roimhe seo ar chórais taraifithe bonusmalus, d’fhéadfaí í a mheas chun coigilteas a spreagadh agus d’fhéadfaí í a oiriúnú d’imthosca sonracha na mBallstát 5 .

    Téamh agus fuarú a laghdú

    ·Feachtais náisiúnta múscailte feasachta poiblí

    ·Laghdú sainordaitheach ar fhoirgnimh a oibrítear thar ceann na núdarás poiblí

    ·Scéimeanna taraifithe bonusmalus

    ·Laghdú ar thomhaltas i lárionaid tráchtála, in oifigí agus i spásanna poiblí,

    ·Údaráis phoiblí chun tairseacha teochta nua agus/nó tairseacha nua in aghaidh na huaire a shocrú maidir le téamh agus/nó téamh ceantair san earnáil teaghlaigh trí úsáid a bhaint as gás

    2.    Critéir chun tosaíocht a thabhairt do chustaiméirí criticiúla nach bhfuil faoi chosaint

    Is é bunprionsabal an Rialacháin maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis grúpaí tomhaltóirí sonracha a chosaint nach bhfuil sé d’acmhainn acu a soláthar féin a áirithiú i gcás géarcháis soláthair agus nach bhfuil aon rogha malartach inmharthana acu chun déileáil le cás den sórt sin (custaiméirí atá faoi chosaint). D’fhéadfadh teaghlaigh, téamh ceantair do theaghlaigh (teaghlaigh nach féidir leo breosla a mhalartú), chomh maith le seirbhísí sóisialta riachtanacha agus FBManna, ar bhonn roghnach agus faoi choinníollacha áirithe, a bheith i gceist. Leis an Rialachán, ceadaítear do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do ghléasraí cumhachta gásadhainte áirithe, seachas grúpaí áirithe custaiméirí atá faoi chosaint.

    Sa Phlean seo, tugtar treoirlíne do na Ballstáit maidir le conas forálacha an Rialacháin maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis a chomhlánú go héifeachtach le haghaidh na ngrúpaí tomhaltóirí nach bhfuil faoi chosaint ar bhealach comhordaithe agus bunaithe ar chritéir agus ar phrionsabail choiteanna, chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a choinneáil agus a athléimneacht a threisiú. Ba cheart go gcuideodh sé leis na Ballstáit na custaiméirí nó na suiteálacha is criticiúla, i measc an tionscail den chuid is mó, a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta, laistigh dá ngrúpaí tomhaltóirí ‘nach bhfuil faoi chosaint’, ionas go ndéanfaí ciorrúchán na grúpaí sin ar deireadh roimh chustaiméirí atá faoi chosaint. Leis an tosaíocht sin, ba cheart a gcriticiúlacht don Aontas ina iomláine a chur san áireamh, chomh maith leis na naisc chriticiúla sa slabhra soláthair lena chomhpháirtithe trádála idirnáisiúnta. Ba cheart an tábhacht eacnamaíoch agus an breisluach don fhostaíocht atá leo a mheas freisin. I gcás ina ndéantar foráil maidir le cúiteamh airgeadais, cuidíonn rialú státchabhrach lena áirithiú go bhfuil na bearta sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit cur leis na treoirlínte seo a leanas agus a n‑orduithe tosaíochta agus a mbearta gaolmhara á dtabhairt cothrom le dáta acu ina gcuid pleananna éigeandála náisiúnta maidir le slándáil an tsoláthair gáis faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2022. 

    a)Critéir maidir le laghdú ar éileamh i gcás réamhéigeandála nó i gcás éigeandála

    Ba cheart breithniú a dhéanamh ar na critéir seo a leanas (le chéile) maidir le tosaíocht a thabhairt do chustaiméirí nach bhfuil faoi chosaint i gcás suaití móra:

    I dteannta na gceithre chritéar sin, ba cheart ceisteanna eacnamaíocha a chur san áireamh freisin mar bhreithniú breise sa tástáil cothromaíochta.

    Criticiúlacht shochaíoch

    Moltar tús áite a thabhairt do thionscail a mheastar a bheith criticiúil nó straitéiseach ó thaobh na sochaí de, más rud é go mbeadh éifeachtaí diúltacha ag suaitheadh ar shlabhraí soláthair, rud a d’imreodh tionchar ar shláinte, sábháilteacht agus an comhshaol, slándáil, cosaint agus earnálacha ríthábhachtacha eile, amhail bia agus scaglanna. Mar shampla, mura ndéantar dramhaíl nó uisce a chóireáil, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, chomh maith le cosaint sábháilteachta gléasraí ar nós gléasraí ceimiceacha. Chun táirgí sonracha, suiteálacha agus gnéithe den slabhra luacha, a mbíonn tionchar acu ar sheirbhísí sóisialta criticiúla, a shainaithint, ní mór breithniú cúramach a dhéanamh orthu.

    Cé go bhféadfadh sé gur mhian le gach Ballstát sainmhíniú a thabhairt ar an gciall atá le criticiúlacht shóisialta ina gcomhthéacs náisiúnta féin, molann an Coimisiún go n‑áireofaí ar a laghad anailís neamh‑uileghabhálach ar an tionchar ar an tsláinte, bia, sábháilteacht agus an comhshaol, slándáil, agus cosaint ina n‑ord tosaíochta náisiúnta.

    Samplaí d’earnálacha agus de ghníomhaíochtaí atá criticiúil don tsochaí

    ·Sláinte agus cógaisíocht

    ·Bia

    ·Sábháilteacht agus an comhshaol

    ·Slándáil, cosaint agus scaglanna

    Criticiúlacht an tslabhra luacha trasteorann

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit machnamh a dhéanamh i gcónaí ar an tionchar a bhíonn ag laghdú ar ghníomhaíocht eacnamaíoch in earnáil amháin ar shlabhra luacha iomlán an Aontais nó ar an slabhra luacha domhanda. Pléitear an chaoi ar féidir ceisteanna den sórt sin a chomhordú sa roinn deiridh den chaibidil seo.

    Agus a bpleananna éigeandála maidir le slándáil an tsoláthair gáis á n‑ullmhú ag na Ballstáit, díríonn siad go príomha ar an tionchar náisiúnta a bheadh ag suaití gáis a d’fhéadfadh a bheith ann. Mar sin féin, i bhfianaise mhéid an chomhtháthaithe thionsclaíoch agus an idirnaisc ar fud an Mhargaidh Aonair, d’fhéadfadh suaití in earnálacha sonracha (réamhtheachtacha) tionchar mór (iartheachtach) a imirt ar earnálacha criticiúla i mBallstáit eile. Thairis sin, tá codanna Eorpaithe nó idirnáisiúnaithe i slabhraí luacha fhormhór na dtionscal, codanna atá tábhachtach don fhostaíocht agus chun seirbhísí agus earraí sochaíocha ríthábhachtacha a sholáthar.

    Mar shampla, is cuid de shlabhraí luacha atá ríthábhachtach d’earnálacha fíor-riachtanacha nó straitéiseacha iad tionscal an trealaimh leighis agus na cógaseolaíochta, codanna de thionscal na gceimiceán (e.g. cur le córais bhia agus sláinte) nó codanna de thionscail na dteicstílí (cur le táirgí cúraim sláinte agus cosanta).

    Cur chuige amháin is féidir a ghlacadh chun féachaint ar éifeachtaí trasteorann is ea díriú ar leibhéal an táirge, seachas ar leibhéal na hearnála, agus ar an gcaoi sin táirgí riachtanacha seachas earnálacha a shainaithint. I measc roinnt samplaí tá an chuid is mó den táirgeadh gloine a úsáideann tionscal an bhia agus na cógaisíochta go díreach (coimeádáin bhia, fiala agus steallairí) chomh maith le táirgeadh fuinnimh in‑athnuaite agus déantúsaíocht na teicneolaíochta glaine (fótavoltachas, fuinneamh gaoithe) agus feidhmeanna caomhnaithe fuinnimh. Chuige sin, bheadh gá le mapáil fhairsing ar shlabhraí luacha a bhaineann leis na táirgí riachtanacha sin. Mar shampla, b’fhéidir go gceapfaí ar an gcéad amharc nach bhfuil ceimiceáin bhunúsacha ar an earnáil is ríthábhachtaí ó thaobh na sochaí de. Mar sin féin, úsáidtear táirgí na gceimiceán sin go forleathan ar fud earnálacha éagsúla eile, rud a chiallaíonn gur dócha go mbeidh tionchar mór acu ar an slabhra luacha (trasteorann). Is sampla eile iad leasacháin, ar earnáil iad atá an‑spleách ar ghás agus a sholáthraíonn earnáil na feirmeoireachta atá ríthábhachtach go sóisialta ar fud an Aontais, ach tá táirgeadh na hearnála sin dírithe ar an ngeografaíocht. Dá bhrí sin, ní leor freastal ar riachtanais áitiúla amháin ó thaobh an Aontais de.

    Rud eile is féidir a chur san áireamh is ea líon na gcuideachtaí atá gníomhach i slabhra luacha criticiúil ar fud an Aontais nó ar fud an domhain, agus dá bhrí sin, is féidir na deiseanna atá ann do chuideachtaí eile gníomhú nó an easpa cuideachtaí atá ann a chur san áireamh freisin. Más rud é go gciallaíonn laghdú ar éileamh i saoráid nach féidir táirge riachtanach a tháirgeadh ar fud an Aontais nó ar bhonn níos forleithne, ba cheart é sin a chur san áireamh. Moltar sásra chun cuidiú leis na Ballstáit tionchar a n‑earnálacha thar theorainneacha a shainaithint san fhochaibidil seo a leanas.

    Thairis sin, bheadh ar na Ballstáit imscrúdú a dhéanamh ar an slabhra luacha, agus ar a mhéid a d’fhéadfadh suaitheadh gáis in earnáil ar leith cur isteach níos mó ar shlabhraí luacha áirithe i gcomparáid le slabhraí luacha eile.

    Gnéithe den slabhra luacha trasteorann atá le breithniú

    ·Éifeachtaí iartheachtacha an laghdaithe réamhtheachtaigh ar ghás agus comhtháthú an tslabhra luacha

    ·Meáchan margaidh na cuideachta

    ·Cur chuige bunaithe ar tháirgeadh chun táirgí riachtanacha a shainaithint laistigh d’earnálacha

    ·Comhairliúchán trasteorann

     

    Damáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh do shuiteálacha

    Ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar an tionchar marthanach a d’fhéadfadh a bheith ag díscor, mar shampla, i dtaca le damáiste féideartha d’uirlisí tionsclaíocha agus an t‑am a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil agus na costais a thabhófaí chun innealra a dheisiú. 

    Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na hearnálacha nach mór dóibh a bheith ag rith go leanúnach agus i gcás ina bhféadfadh scoitheadh tobann an tsoláthair gáis damáiste a dhéanamh do na suiteálacha (e.g. táirgeadh gáis, leigheas bitheolaíoch agus codanna eile den tionscal leighis, codanna áirithe den innealtóireacht mheicniúil, tionscal na dteicstílí agus go háirithe a fho-earnáil bhailchríochnaithe, an chógaisíocht, an chuid is mó de na próisis cheimiceacha, leasacháin, gloine, cruach, alúmanam, scaglanna, aol, earnáil na ceirmeachta, úsáid an gháis iarmharaigh in earnálacha leictridhiana amhail alúmanam), agus d’fhéadfadh an scoitheadh sin tionchair dhiúltacha fhadtéarmacha a imirt ar tháirgeadh agus ar fhostaíocht. Tá íosmhéid gáis le haghaidh leanúnachas an táirgthe de dhíth ar roinnt tionscal a chuimsíonn earnálacha dianfhuinnimh agus earnálacha nach bhfuil dian ar fhuinneamh araon, ós rud é, má chuirtear stop leis an táirgeadh, nach féidir é a atosú go héasca gan moill shuntasach, gan formheas rialála ná gan chostais. Molann an Coimisiún do na Ballstáit íosleibhéal an tomhaltais gáis a chinneadh mar leibhéal criticiúil atá curtha in ord tosaíochta dá réir, ag brath ar conas a éiríonn leis na tionscail sin i ndáil leis na critéir eile.

    Damáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh do shuiteálacha

    ·Machnamh a dhéanamh ar an tionchar marthanach a bheadh ag díscor nó ag soláthar laghdaithe gáis ar uirlisí tionsclaíocha

    ·Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar earnálacha a bhfuil próisis leanúnacha á reáchtáil acu

    Ionadú agus féidearthacht laghdaithe

    Tugann roinnt Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí trí tháirgí, tionscail nó cuideachtaí atá criticiúil go sóisialta a shainaithint agus measúnú á dhéanamh an tráth céanna ar fhéidearthachtaí teicniúla agus eacnamaíocha na dtionscal nó na gcuideachtaí sin táirgeadh a chur ar athló nó a athsceidealú. Is féidir measúnú den sórt sin a dhéanamh i gcás earnálacha a shainaithnítear mar earnálacha criticiúla don tsochaí agus i gcás earnálacha nach dtagann faoin gcatagóir sin freisin, rud a fhágann gur féidir tosaíocht bhreise a thabhairt do thionscal nach sainaithnítear mar thionscal criticiúil ón taobh sin de.

    Faoin gcritéar sin, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir tionscail atá in ann táirgeadh a chur ar athló nó atá in ann stop a chur leis an obair e.g. le linn buaicuaireanta, agus na tionscail sin a bhfuil sreabhadh leanúnach gáis nádúrtha de dhíth orthu le haghaidh a gcuid oibríochtaí. D’fhéadfadh deis a bheith ann freisin díriú ar earnálacha áirithe inar féidir táirgeadh a athlonnú laistigh den Aontas chuig réigiúin ina bhfuil gás ar fáil (féach conarthaí babhtála sa chaibidil roimhe seo), agus an gá atá le haistrithe cothroma a áirithiú ar an leibhéal réigiúnach á chur san áireamh an tráth céanna.

    Trí thionscal na hEorpa a chomhtháthú i slabhraí luacha domhanda, is féidir roghanna ionadaithe a chur ar fáil agus brú a mhaolú i gcás suaití gáis. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, ní rogha é táirgí agus seirbhísí áirithe a allmhairiú go sealadach (seachas iad a tháirgeadh san Eoraip chun tomhaltas gáis a sheachaint), toisc gur féidir gurb iad na céimeanna leis na riachtanais is mó ó thaobh an gháis de na céimeanna a chuireann an luach is mó leis na táirgí deiridh freisin. Ina theannta sin, i roinnt tionscal (e.g. an chógaisíocht), tá ionadú na n‑ionchur le haghaidh allmhairí faoi réir formheasanna rialála agus is deacair é a bhaint amach sa ghearrthéarma. Éifeachtaí iarmharta idirnáisiúnta na smachtbhannaí domhanda ar an Rúis ar shlabhraí soláthair domhanda, in éineacht le scrogaill soláthair idirnáisiúnta, d’fhéadfaidís srian a chur le roghanna malartacha allmhairiúcháin, an brú aníos ar phraghsanna a mhéadú, nó moilleanna fada ar sheachadadh a spreagadh.

    Féidearthachtaí maidir le hionadú breosla agus laghdú aschuir

    ·Táirgeadh a chur ar athló nó a athsceidealú

    ·Táirgeadh a bhabhtáil laistigh den Aontas chuig na háiteanna a bhfuil níos mó gáis ar fáil

    ·Roghanna ionadaithe sna slabhraí luacha domhanda

    Gnéithe eacnamaíocha

    Leis an anailís ar shonraí ar leibhéal na mBallstát, cuirtear i dtábhacht na difríochtaí sna héiceachórais thionsclaíocha náisiúnta. Go háirithe, leis an sciar intíre den tomhaltas gáis nádúrtha corpraithe san aschur deiridh, léirítear an éagsúlacht sa tábhacht a bhaineann le tionscail náisiúnta áirithe.

    Tar éis na dtástálacha ar chriticiúlacht shóisialta, tionchair agus srianta teicniúla na slabhraí luacha trasteorann, riosca damáiste nó féidearthachtaí ionadaithe, ba cheart tábhacht eacnamaíoch na n‑earnálacha éagsúla a chur san áireamh i bhfianaise tús áite a thabhairt do na tionscail atá fágtha. Áirítear leis na táscairí féideartha atá le cur san áireamh breisluach (slán agus i gcoibhneas le húsáid gáis araon) agus fostaíocht a bhaineann le leibhéal úsáide gáis nádúrtha agus an tábhacht a bhaineann le hearnáil shonrach sa slabhra luacha. Ach ar ndóigh, féadfaidh earnálacha áirithe a bhfuil breisluach íseal acu i ndáil le húsáid gáis ionchuir fhíor-riachtanacha a sholáthar d’earnálacha iartheachtacha eile freisin.

    Dá bhrí sin, gné thábhachtach le breithniú is ea comhtháthú tionscail ar leith trí shuíomhanna braisle toisc go bhfuil siad nasctha go domhain le próisis táirgthe iomadúla trí theas agus idirmheánaigh.

    Tá leibhéil éagsúla solúbthachta ag tionscail chun aistriú chuig breoslaí eile. Mar shampla, úsáideann formhór na ngléasraí stroighne gual nó dramhaíl, agus ní úsáideann ach líon beag acu gás. Ciallaíonn sé sin nach ndéantar difear don chuid is mó d’earnáil na stroighne nuair a chuireann earnáil na stroighne stop leis an úsáid a bhaineann sí as an ngás. Trí na breithnithe maidir le déine gáis a chomhcheangal le breithnithe solúbthachta, is féidir a chinneadh cé na hearnálacha is lú costas a bheidh le ciorrú i ngach Ballstát (roimh éifeachtaí réamhtheachtacha-iartheachtacha an tslabhra luacha agus breithnithe straitéiseacha earnála).

    Anailís an Choimisiúin — déine gáis i gcomparáid leis an ról eacnamaíoch

    Léiríodh an méid seo a leanas san anailís a rinne an Coimisiún:

    ·Is ionann leath d’úsáid iomlán an gháis thionsclaíoch agus 10 % den bhreisluach tionsclaíoch.

    ·Na hearnálacha is lú déine ó thaobh an gháis de, fostaíonn siad leath den lucht saothair agus ídíonn siad thart ar 10 % den úsáid iomlán a bhaintear as gás tionsclaíoch. 

    ·Ceiltear gnéithe riachtanacha sna figiúirí sin, áfach. Go deimhin, nuair a chuirtear san áireamh na hionchuir gáis nádúrtha a chorpraítear i dtáirgí a dhíoltar le haghaidh tomhaltas deiridh ar fud an tslabhra soláthair, tugtar léiriú níos fearr orthu. Leis an modh sin, is féidir rianú a dhéanamh ar phríomhionchuir an gháis san earnáil ina núsáidtear go díreach é (e.g. gás a úsáidtear chun umar leá a bhreoslú chun gloine a dhéanamh) tríd an slabhra soláthair (e.g. fuinneoga a mhonarú), síos go dtí na hionchuir fuinnimh sin a shannadh do cheannach táirgí le haghaidh an aschuir dheiridh (e.g. aonad teaghaise nua arna thógáil ag an earnáil tógála).

    ·Mar shampla, léirítear san anailís go soláthraíonn tionscal na gceimiceán (agus ar bhonn níos lú, iarann agus cruach, táirgí mianracha neamhmhiotalacha agus mianadóireacht agus cairéalú) ionchuir do gach earnáil, agus go bhfuil an earnáil iarainn agus cruach freagrach as thart ar 25 % den úsáid iomlán gáis i monarú trealaimh innealra, agus go dtagann níos mó ná 40 % den úsáid iomlán gáis a chorpraítear i dtáirgí cógaisíochta ó bhunábhar ceimiceach. Ar an meán, is ionann tionscal na gceimiceán agus 27 % den úsáid iomlán gáis a chorpraítear in earnálacha eile, is ionann táirgí mianracha neamhmhiotalacha agus iarann agus cruach 11 % faoi seach, agus is ionann mianadóireacht agus cairéalú 6 %. Is lú an bhaint atá ag roinnt earnálacha le hearnálacha iartheachtacha, e.g. trealamh iompair, trealamh innealra, táirgeadh barr agus ainmhithe, tógáil, nó bia, deochanna agus tobac.

    b)Comhar trasteorann chun na critéir a úsáid 

    I bhfianaise mhéid mór an chomhtháthaithe trasteorann a dhéantar ar shlabhraí luacha i Margadh Aonair na hEorpa agus i bhfianaise an ghá atá leis an ngeilleagar agus leis an iomaíochas a chosaint, go háirithe i gcás suaitheadh forleathan gáis, tá comhar trasteorann fíor-riachtanach chun go bhféadfaidh na Ballstáit na critéir thosaíochta is fearr a cheapadh chun torthaí iarmhartacha thar theorainneacha agus ar fud mhargadh inmheánach an Aontais a laghdú. Féadfaidh na Ballstáit an comhar sin a dhéanamh ar bhealach struchtúrtha agus a n‑ord tosaíochta á tharraingt suas nó á thabhairt cothrom le dáta acu ina bpleananna éigeandála maidir le slándáil an tsoláthair gáis. Sásraí rialachais le haghaidh an chomhairliúcháin agus an chomhordaithe sin, mar aon le teagmhálacha déthaobhacha agus fóraim réigiúnacha atá ann cheana, d’fhéadfaí iad a dhíriú ar an nGrúpa Comhordaithe Gáis, agus d’fhéadfaí iad a leathnú chun aireachtaí Tionscail a chumhdach más gá. Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle freisin le fóraim atá ann cheana, amhail an Mheitheal Ardleibhéil um Iomaíochas agus Fás de chuid na Comhairle nó Fóram Tionsclaíoch an Aontais atá á bhainistiú ag an gCoimisiún.

    Ar dtús, ba cheart do gach Ballstát anailís neamhspleách a dhéanamh ar an tírdhreach tionsclaíoch náisiúnta agus ar chriticiúlacht an tírdhreacha sin – agus ról díreach á thabhairt do na páirtithe leasmhara tionsclaíocha agus na comhpháirtithe sóisialta – agus ansin, bunaithe ar an méid sin, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na struchtúir thuasluaite chun na naisc chriticiúla leis na Ballstáit eile a shainaithint, is iad sin na Ballstáit ina bhfuil na sreafaí soláthair lonnaithe.

    Sa chomhthéacs sin, tar éis na hearnálacha tosaíochta a eascraíonn as cur i bhfeidhm an chritéir um chriticiúlacht shochaíoch thuasluaite a shainaithint agus d’fhonn leanúnachas na gníomhaíochta eacnamaíche a choinneáil a rianúla agus is féidir, d’fhéadfadh na Ballstáit dul ar aghaidh go comhpháirteach le mapáil na slabhraí luacha trasteorann agus an riosca a bhaineann le suaití i soláthar na coincréite a fhíorú. Dá bhrí sin, is é brath na híogaireachta trasteorann an bonn chun liosta tosaíochta na mBallstát a mhionchoigeartú a thuilleadh. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina thréaniarracht, go háirithe le haghaidh na mBallstát níos mó ina bhfuil éiceachórais chasta a ídíonn gás agus a ghlacann páirt mhór i slabhraí luacha idirnáisiúnta. Tá an Coimisiún réidh chun tacú leis an gcleachtadh sin.

    3.    Rialachas agus céimeanna na freagartha ar ghéarchéimeanna 

    Leis na céimeanna atá mapáilte thíos, léirítear an chaoi a ndéantar comhordú ar leibhéal an Aontais maidir le freagairt don éileamh a chur i ngníomh leis na forálacha atá ann cheana sa Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis, agus le bearta nua an Phlean seo.

    Céim 1: Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte – roimh Fholáireamh an Aontais

    An uair: Glacadh an Rialacháin maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás a mholtar in ‘Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’

    Cúis: Glacadh an Rialacháin maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás a ghabhann leis an Teachtaireacht ‘coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’ agus leis an bPlean Eorpach seo um an Éileamh ar Ghás a Laghdú.

    Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh:

    ·Na hiarrachtaí is fearr chun an téileamh ar ghás a laghdú 15 % i ngach Ballstát.

    ·Faireachán agus malartú frithpháirteach faisnéise a threisiú, go háirithe chun an Margadh Aonair a chosaint.

    ·Sásraí rialachais agus comhordaithe neartaithe.

    ·Féachaint an bhféadfaí ceantanna comhpháirteacha/réigiúnacha a dhéanamh

    Ar leibhéal na mBallstát:

    ·Dlús a chur le bearta cur chun feidhme lena soláthraítear roghanna malartacha ar ghás nádúrtha i ngach earnáil, go háirithe i dtreo foinsí fuinnimh ghlain.

    ·Ceantanna deonacha nó tairiscintí lena niarrtar tairiscintí chun tomhaltas a laghdú.

    ·Conarthaí inidirbhriste a chur chun cinn agus a ghníomhachtú más ábhartha.

    ·Bearta maidir le malartú breosla a chur chun feidhme le haghaidh an tionscail agus an leictreachais.

    ·Na pleananna éigeandála náisiúnta maidir le slándáil an tsoláthair gáis a thabhairt cothrom le dáta agus iad a chur in iúl don Ghrúpa Comhordaithe Gáis

    ·Oibleagáid ar fhoirgnimh phoiblí teochtaí téimh agus fuaraithe a theorannú ach amháin mura bhfuil sé sin indéanta go teicniúil.

    ·Bearta eile ar thaobh an éilimh dá bhforáiltear sa leibhéal foláirimh sna pleananna éigeandála náisiúnta maidir le slándáil an tsoláthair gáis a ghníomhachtú.

    ·Bearta chun tomhaltas gáis na ngléasraí cumhachta gásadhainte neamhchriticiúla a laghdú.

    Tionchar eacnamaíoch: roghanna gan aiféala atá le saothrú, tionchar ar airgeadas poiblí nuair is gá cúiteamh a dheonú trí laghdú ar éileamh a chur ar ceant, agus le haghaidh teaghlaigh leochaileacha nuair is gá freisin. An gá le hidirghabháil Stáit.

    Ról an Ghrúpa Comhordaithe Gáis: faireachán treisithe, a leathnaíodh chun ceisteanna tionsclaíocha a chumhdach, lena n‑áirítear laghdú ar éileamh, malartú dea-chleachtas a chur chun cinn ina leagtar amach mionsonraí na mbeart

    Céim 2: Foláireamh an Aontais

    An uair: Dearbhú maidir le foláireamh an Aontais

    Cúis: de réir Airteagal 4 den Rialachán atá beartaithe maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás, i gcás ina bhfuil baol mór ann go dtiocfaidh meath suntasach ar an soláthar gáis san Aontas mar thoradh ar ghanntanas mór gáis

    Ionstraimí:

    Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh:

    ·Laghdú sainordaitheach 15 % ar éileamh

    ·Faireachán agus malartú frithpháirteach faisnéise a threisiú, go háirithe chun an Margadh Aonair a chosaint.

    ·Méadú ar an bhfaireachán laethúil agus ar an bhfaisnéis ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún.

    Ar leibhéal na mBallstát:

    ·Ceantanna deonacha nó tairiscintí lena niarrtar tairiscintí chun tomhaltas a laghdú.

    ·Na pleananna éigeandála náisiúnta maidir le slándáil an tsoláthair gáis a thabhairt cothrom le dáta.

    ·Conarthaí inidirbhriste a chur chun cinn agus a ghníomhachtú más gá.

    ·Malartú breosla a chur chun feidhme le haghaidh an tionscail agus an leictreachais.

    ·Oibleagáid ar fhoirgnimh phoiblí teochtaí téimh agus fuaraithe a theorannú ach amháin mura bhfuil sé sin indéanta go teicniúil.

    ·Bearta eile ar thaobh an éilimh dá bhforáiltear sa leibhéal foláirimh sna pleananna éigeandála náisiúnta maidir le slándáil an tsoláthair gáis a ghníomhachtú.

    ·Bearta chun tomhaltas gáis na ngléasraí cumhachta gásadhainte neamhchriticiúla a laghdú.

    ·Faireachán a dhéanamh ar thionchar an laghdaithe ar éileamh ar earnálacha criticiúla ar fud an Aontais, malartú faisnéise idir na Ballstáit.

    Tionchar eacnamaíoch: tacú le hinfheistíochtaí i roghanna malartacha ar ghás na Rúise, tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás suaití a mhaolú (lena n‑áirítear tionchair fostaíochta agus dháileacháin), an gá is dócha a bheidh le státchabhair agus leis an Aontas idirghabháil a dhéanamh trí ionstraimí margaidh go príomha ach ní go heisiach.

    Ról an Choimisiúin: Faireachán ar na laghduithe is gá ar éileamh i ngach Ballstát agus de réir earnála tríd an nGrúpa Comhordaithe Gáis, a leathnaíodh chun saineolaithe tionsclaíocha a chumhach de réir mar is iomchuí. Cur chuige dlúthpháirtíochta a áirithiú agus iarrachtaí a chomhordú de réir mar is gá.

    Ról an Ghrúpa Comhordaithe Gáis: Is fóram malartaithe faisnéise é an Grúpa Comhordaithe Gáis maidir le teorannú, bearta atá ar fáil agus tionchar an laghdaithe ar éileamh ar earnálacha criticiúla, lena n‑áirítear tionscal, thar theorainneacha chun cinnteoireacht ar leibhéal níos airde i dtaca leis an laghdú ar éileamh a éascú.



    Céim 3: Comhordú an Aontais maidir le bearta éigeandála le linn éigeandáil Aontais/Réigiúnach

    An uair: Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó a d’fhógair éigeandálaí náisiúnta (Airteagal 12 den Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis) nuair nach féidir le hionstraimí margaidh an soláthar a chosaint a thuilleadh.

    Cúiseanna:

    ·Ceangailte le héigeandáil réigiúnach nó le héigeandáil Aontais faoin Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis

    ·Féadfaidh an Coimisiún Éigeandáil Aontais nó Éigeandáil Réigiúnach a fhógairt i réigiún geografach a ndéantar difear dó go sonrach, arna iarraidh sin do Bhallstát.

    ·I gcás ina bhfaightear an iarraidh ó dhá Údarás Inniúla ar a laghad a bhfuil foláireamh fógartha acu ar an leibhéal náisiúnta, ní mór don Choimisiún éigeandáil Aontais nó éigeandáil réigiúnach a fhógairt, más iomchuí.

    Ionstraimí agus ról an Choimisiúin:

    De réir Airteagal 12 den Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    ·malartú faisnéise a áirithiú,

    ·comhsheasmhacht agus éifeachtacht a áirithiú i dtaca leis an ngníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát agus ar na leibhéil réigiúnacha i ndáil le leibhéal an Aontais,

    ·na gníomhaíochtaí maidir le tríú tíortha a chomhordú,

    ·más gá, grúpa bainistíochta géarchéime a thionól ina mbeidh bainisteoirí géarchéime a cheapfaidh na Ballstáit lena mbaineann,

    ·Sna pleananna éigeandála náisiúnta maidir le slándáil an tsoláthair gáis, mionsonraítear na bearta atá beartaithe ag an mBallstát do gach leibhéal géarchéime, amhail gás a scaoileadh ó stóráil straitéiseach.

    (1)

    Is gnéithe ábhartha iad na gnéithe seo a leanas le haghaidh measúnú ón gCoimisiún: (1) próiseas iomaíoch trédhearcach a úsáid, (2) easpa srianta trasteorann, (3) teorannú ar chúiteamh as laghduithe éilimh amach anseo agus (4) laghdú ar thomhaltas comhiomlán gáis as a dtagann infhaighteacht mhéadaithe gáis i stóráil agus an t‑aistriú éilimh ó rannpháirtithe go neamh‑rannpháirtithe a sheachaint

    (2)

    Tá an Coimisiún réidh chun treoir neamhfhoirmiúil a sholáthar do chuideachtaí atá ag smaoineamh ar chomhar den sórt sin sa mhéid nach bhfuil siad cinnte cé acu a chomhlíonann ghnéithe áirithe den chomhar atá beartaithe acu rialacha iomaíochta an Aontais nó nach gcomhlíonann.

    (3)

       SmartEN

    (4)

        https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52022DC0240&from=GA  

    (5)

       Analysis of behaviour change due to electricity crisis [Anailís ar athrú iompraíochta de bharr géarchéim leictreachais]: Japanese household electricity consumer behaviour since the earthquake [Iompraíocht tomhaltóirí leictreachais na dteaghlach Seapánach ó tharla an crith talún]; Murakoshi et al, 2013. Can Rationing Affect Long Run Behavior [An gCuirtear Isteach ar Iompraíocht Fhadtréimhseach de bharr Ciondála]? Evidence from Brazil [Fianaise ón mBrasaíl]; Costa, 2012. Féach freisin Policies for energy conservation and sufficiency: Review of existing policies and recommendations for new and effective policies in OECD countries [Beartais le haghaidh caomhnú fuinnimh agus leordhóthanacht fuinnimh: Athbhreithniú ar bheartais atá ann cheana agus moltaí le haghaidh beartais nua éifeachtacha i dtíortha ECFE]: Bertoldi, 2022 (https://doi.org/10.1016/j.enbuild.2022.112075).

    Top