This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0818
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/818 of 28 November 2023 amending the regulatory technical standards laid down in Delegated Regulation (EU) No 153/2013 as regards the extension of temporary emergency measures on CCP collateral requirements
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/818 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2023 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bearta éigeandála sealadacha maidir le ceanglais chomhthaobhachta CPL
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/818 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2023 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bearta éigeandála sealadacha maidir le ceanglais chomhthaobhachta CPL
C/2023/8114
IO L, 2024/818, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/818/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/818 |
6.3.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/818 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Samhain 2023
lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bearta éigeandála sealadacha maidir le ceanglais chomhthaobhachta CPL
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 46(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2311 ón gCoimisiún (2), leasaíodh Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiún (3) a mhéid a bhaineann le bearta éigeandála sealadacha maidir le ceanglais chomhthaobhachta. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2311, leathnaíodh go sealadach comhthiomsú na comhthaobhachta incháilithe atá ar fáil do chomhaltaí imréitigh neamhairgeadais atá gníomhach ar mhargaí rialaithe gáis agus leictreachais. Leis an leathnú sin, cuireadh ráthaíochtaí bainc neamh-chomhthaobhaithe san áireamh sa chomhthiomsú sin go dtí an 29 Samhain 2023. Leis an Rialachán Tarmligthe sin, tugadh cead don CPL freisin úsáid a bhaint as ráthaíochtaí a bhíonn á n-eisiúint ag eintitis phoiblí nó a dtacaíonn na heintitis sin leo mar chomhthaobhacht incháilithe le haghaidh contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais go dtí an 29 Samhain 2023. |
|
(2) |
Leis an togra ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2022 (4), moltar Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú chun go bhféadfar ráthaíochtaí bainc agus ráthaíochtaí poiblí a mheas a bheith incháilithe mar chomhthaobhacht fhíorleachtach, faoi réir coimircí áirithe. De bhun an leasaithe sin, bheadh CPLanna, lena n-áirítear CPLanna a imréitíonn díorthaigh fuinnimh, in ann cead a thabhairt dá gcomhaltaí imréitigh agus do chliaint a gcomhaltaí imréitigh raon níos leithne comhthaobhachta a úsáid chun glaonna ar éarlais ó CPLanna a chomhlíonadh. Sheachnófaí leis sin strus leachtachta nach bhfuil gá leis ar na comhaltaí imréitigh agus ar na cliaint sin. Is gá neamhleanúnachas féideartha a sheachaint maidir le láimhseáil ráthaíochtaí sula bhfaighfear toradh na caibidlíochta maidir leis na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus go háirithe an leasú ar Airteagal 46(1) den Rialachán sin, a bhaineann le láimhseáil ráthaíochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh 6 mhí a chur leis na bearta sealadacha lena gcumasaítear úsáid na ráthaíochtaí sin. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 a leasú dá réir sin. |
|
(4) |
Chun feidhmiú rianúil mhargaí airgeadais agus fuinnimh an Aontais a áirithiú, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(5) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais. |
|
(6) |
Ní dhearna ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, ná ní dhearna sé anailís ar na costais agus tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, mar go mbeadh sé sin thar a bheith díréireach le raon feidhme agus tionchar na leasuithe a bheidh le glacadh, agus cineál práinneach agus raon feidhme teoranta na n-athruithe atá beartaithe á gcur san áireamh. I bhfianaise phráinn an ábhair, níor iarr ESMA comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Cuirfear an Grúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí ar an eolas faoi sin de bhun na forála sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 39, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Go dtí an 7 Meán Fómhair 2024, chun críocha Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, measfar gur comhthaobhacht fhíorleachtach iad ráthaíochtaí poiblí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.’; |
|
(2) |
in Airteagal 62, an dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: ‘Ní bheidh feidhm, áfach, ag Roinn 2, mír 1, pointe (h), d’Iarscríbhinn I i leith idirbhearta a dhéantar ar dhíorthaigh, dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointí (b) agus (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ón 29 Samhain 2022 go dtí an 7 Meán Fómhair 2024.’; |
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2311 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 a mhéid a bhaineann le bearta éigeandála sealadacha maidir le ceanglais chomhthaobhachta (IO L 307, 28.11.2022, lch. 31).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála a bhaineann leis na ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha (IO L 52, 23.2.2013, lch. 41).
(4) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2017/1131 a mhéid a bhaineann le bearta chun neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír a mhaolú agus chun éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú (COM(2022) 697 final).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘ Coinníollacha is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí bainc, ráthaíochtaí poiblí agus ór a mheastar gur comhthaobhacht fhíorleachtach iad ’; |
|
(2) |
i Roinn 2a, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: ‘Go dtí an 7 Meán Fómhair 2024, ráthaíocht phoiblí nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le ráthaíocht bainc ceannais a leagtar amach i Roinn 2, mír 2, ní mór di na coinníollacha uile seo a leanas a chomhlíonadh atá le glacadh mar chomhthaobhacht faoi Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012:’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/818/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)