EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0616

Cinneadh (AE) 2023/616 ón gCoimisiún an 17 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2005/37/CE a mhéid a mhéid a bhaineann leis na cúraimí a dhéanann Lárionad Eolaíochta agus Teicniúla na hEorpa (ETSC)

C/2023/1707

IO L 80, 20.3.2023, p. 96–98 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/616/oj

20.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 80/96


CINNEADH (AE) 2023/616 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Márta 2023

lena leasaítear Cinneadh 2005/37/CE a mhéid a mhéid a bhaineann leis na cúraimí a dhéanann Lárionad Eolaíochta agus Teicniúla na hEorpa (ETSC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh 2003/861/CE ón gComhairle (1) an 8 Nollaig 2003 maidir le hanailísiú agus comhar i ndáil le boinn euro góchumtha, agus go háirithe Airteagal 1 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2003/862/CE ón gComhairle (2) an 8 Nollaig 2003 lena leathnaítear éifeachtaí Chinneadh 2003/861/CE maidir le hanailísiú agus comhar i ndáil le boinn euro góchumtha chuig na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair, agus go háirithe Airteagal 1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear Lárionad Eolaíochta agus Teicniúla na hEorpa (“ETSC”) laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an Choimisiúin (AS ECFIN), i gcomhréir le hAirteagal 1 de Chinneadh 2005/37/CE ón gCoimisiún (3).

(2)

De bhun Airteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle (4), tá na húdaráis inniúla náisiúnta, an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach le comhoibriú chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, trí fhaisnéis a mhalartú agus trí chúnamh frithpháirteach a áirithiú.

(3)

Déanann ETSC a chuid cúraimí sa Bhruiséil. Cuirtear cuid dá chúraimí i gcrích in Ionad Náisiúnta Anailíse Bonn na Fraince, arna bunú laistigh den Mhionta Francach in Pessac.

(4)

De bhun Airteagal 2 de Chinneadh 2005/37/CE, tá ETSC le cur chun feidhme na nósanna imeachta fíordheimhnithe a chomhordú mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(5)

Úsáideann ETSC an trealamh teicniúil atá ar fáil chun réamhanailís neamhscriosach a dhéanamh ar bhoinn euro ghóchumtha. Áirítear leis sin inter alia anailís mhicreascópach, amhairc agus theicniúil ar bhoinn euro ghóchumtha arna n-urghabháil ag na Ballstáit, na doiciméid theicniúla ábhartha a ullmhú agus taighde a dhéanamh trí bhunachair sonraí thiomnaithe TF a úsáid chun saintréithe comhchoiteanna a shainaithint atá ag catagóirí boinn euro ghóchumtha atá ann cheana agus atá aicmithe cheana.

(6)

Tá sé riachtanach go ndéanfaidh ETSC ardanailís neamhscriosach freisin d’fhonn boinn euro ghóchumtha ardcháilíochta a shainaithint ar bhealach tráthúil, a ngnéithe teicniúla a shainiú agus measúnú a dhéanamh go pras ar an leibhéal bagartha a bhaineann leo. Le hardanailís neamhscriosach den chineál sin, chuirfí ar chumas ETSC na cinntí beartais iomchuí, tráthúla agus éifeachtacha a dhéanamh chun dul i ngleic le bagairtí atá ag teacht chun cinn agus chun údaráis forfheidhmithe dlí a chur ar an eolas faoi bhagairtí atá ag teacht chun cinn mar chuid den straitéis frith-ghóchumtha. Chuige sin, ba cheart do ETSC a bheith in ann an trealamh teicniúil iomchuí a fháil chun ardanailís neamhscriosach den sórt sin a dhéanamh. Faoi na rialacháin airgeadais is infheidhme, ba cheart na speansais a bhaineann le trealamh teicniúil a chuirtear ar fáil agus le pearsanra ETSC a mhuirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

(7)

Déanann ETSC anailís chomhlántach neamhscriosach ar an Mionta Francach chun aicmiú cineálacha nua boinn euro ghóchumtha a thabhairt chun críche. Ar bhonn ad hoc, déanann ETSC anailís scriosach chomhlántach freisin trí úsáid a bhaint as trealamh teicniúil speisialaithe ag an Mionta Francach.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2005/37/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Cinneadh 2005/37/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear isteach an pointe e) seo a leanas:

“e)

ardanailís neamhscriosach a dhéanamh ar bhoinn euro ghóchumtha ardcháilíochta chun Europol agus údaráis forfheidhmithe dlí a chur ar an eolas faoi bhagairtí atá ag teacht chun cinn”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

1.   Agus a chuid feidhmeanna á gcur i gcrích aige, déanfaidh ETSC réamhanailís theicniúil sa Bhruiséil, agus féadfar anailís chomhlántach a dhéanamh ag Ionad Náisiúnta Anailíse Bonn na Fraince arna bhunú laistigh den Mhionta Francach.

2.   Déanfaidh AS ECFIN an trealamh teicniúil iomchuí a chur ar fáil do ETSC chun anailís neamhscriosach a dhéanamh sa Bhruiséil d’fhonn bagairtí a bhaineann le boinn euro ghóchumtha ardcháilíochta a shainaithint agus freagairt dóibh go tráthúil.

3.   Úsáidfidh ETSC pearsanra agus trealamh an Mhionta Fhrancaigh chun an anailís chomhlántach is gá a dhéanamh ina áitreabh. Cuirfidh údaráis na Fraince an pearsanra agus an trealamh iomchuí ar fáil do ETSC mar thosaíocht. Beidh údaráis na Fraince freagrach as cothabháil an trealaimh theicniúil ag an Mionta Francach.

4.   Na costais le haghaidh phearsanra ETSC agus an trealaimh theicniúil is gá chun a chúraimí a chur i gcrích sa Bhruiséil, déanfar iad a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais. Cumhdófar le buiséad an Aontais na speansais a bhaineann le costais mhisin phearsanra ETSC chuig Pessac agus mionchostais iolartha réasúnaithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn dóibh an trealamh teicniúil a úsáid i saotharlann an Mhionta Fhrancaigh.

5.   Féadfaidh AS ECFIN, i gcomhar leis an Mionta Francach, na módúlachtaí riaracháin is infheidhme maidir le ETSC a shainiú agus trealamh teicniúil an Mhionta Fhrancaigh á úsáid aici.”;

(3)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Comhordóidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí is gá chun boinn euro a chosaint ar ghóchumadh agus áiritheoidh sé cur chun feidhme éifeachtach aonfhoirmeach na nósanna imeachta fíordheimhnithe sa limistéar euro inter alia trí chruinnithe tréimhsiúla le Europol agus le saineolaithe bonn góchumtha.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 325, 12.12.2003, lch. 44.

(2)  IO L 325, 12.12.2003, lch. 45.

(3)  Cinneadh ón gCoimisiún 2005/37/CE an 29 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Lárionad Eolaíochta agus Teicniúla na hEorpa (ETSC) agus lena bhforáiltear do chomhordú gníomhaíochtaí teicniúla chun boinn an euro a chosaint ar ghóchumadh (IO L 19, 21.1.2005, lch. 73).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (IO L 181, 4.7.2001, lch. 6).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 maidir le boinn euro a fhíordheimhniú agus le boinn euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil (IO L 339, 22.12.2010, lch. 1).


Top