Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1279

    Rialachán (AE) 2022/1279 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2022 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile

    PE/29/2022/REV/1

    IO L 195, 22.7.2022, p. 6–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/07/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1279/oj

    22.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 195/6


    RIALACHÁN (AE) 2022/1279 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 18 Iúil 2022

    maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive den pháirt eile (2) (an “Comhaontú Comhlachais”), ina bhonn leis an ngaol idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive. I gcomhréir le Cinneadh 2014/492/AE ón gComhairle, ón 1 Meán Fómhair 2014 (3), bhí feidhm shealadach ag Teideal V den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le cúrsaí trádála, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016 tar éis do na Ballstáit uile an Comhaontú Comhlachais a dhaingniú.

    (2)

    Cuirtear in iúl sa Chomhaontú Comhlachais gur mian leis na Páirtithe sa Chomhaontú Comhlachais (na “Páirtithe”) an caidreamh a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach, comhtháthú eacnamaíoch a éascú agus a bhaint amach de réir a chéile, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí is toradh ar bhallraíocht na bPáirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

    (3)

    Foráiltear le hAirteagal 143 den Chomhaontú Comhlachais go mbunófar limistéar saorthrádála de réir a chéile idir na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal XXIV den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (“CGTT 1994”). Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 147 den Chomhaontú Comhlachais go gcuirfear deireadh de réir a chéile le dleachtanna custaim i gcomhréir leis na Sceidil a áirítear in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais agus an fhéidearthacht atá ann dlús a chur le raon feidhme an díothaithe sin agus é a leathnú.

    (4)

    I ngeall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, cogadh gan chúis gan údar, bhí tionchar thar a bheith diúltach ar chumas Phoblacht na Moldóive trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, go háirithe toisc go raibh onnmhairí na Moldóive ag brath ar idirthuras trí chríoch na hÚcráine agus ag brath ar úsáid a bhaint as bonneagar na hÚcráine le haghaidh na trádála sin, rudaí nach bhfuil fáil orthu den chuid is mó anois. I bhfianaise imthosca criticiúla den sórt sin agus chun na drochéifeachtaí ar gheilleagar Phoblacht na Moldóive de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú, is gá luas a chur le forbairt caidrimh eacnamaíoch níos dlúithe idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive agus tacaíocht thapa a thabhairt do gheilleagar Phoblacht na Moldóive . Is gá agus is iomchuí dá bhrí sin sreabha trádála Phoblacht na Moldóive a spreagadh trí bhíthin bearta léirscaoilte trádála sealadach lena ndeonaítear cuótaí breise saor ó tharaifí le haghaidh seacht dtáirge talmhaíochta atá fós faoi réir taraif-chuótaí (TRQanna) bliantúla saor ó dhleacht, i gcomhréir le luasghéarú i ndáil le deireadh a chur le dleachtanna custaim ar thrádáil idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive.

    (5)

    I gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas le comhchuibheas idir réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht sheachtrach a áirithiú. De bhun Airteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an comhbheartas tráchtála le stiúradh i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

    (6)

    Ba cheart na bearta léirscaoilte trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo, a bheith i bhfoirm cuótaí breise saor ó chuótaí ar tháirgí talmhaíochta áirithe atá fós faoi réir TRQanna. Trí bhearta den sórt sin, déanfaidh an tAontas an comhtháthú eacnamaíoch idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive a dhoimhniú agus tabharfaidh an tAontas tacaíocht eacnamaíoch iomchuí a rachaidh chun tairbhe do Phoblacht na Moldóive agus do na hoibreoirí eacnamaíocha atá buailte ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Faoi Iarscríbhinn XV-A a ghabhann leis an Comhaontú Comhlachais, tá seacht dtáirge talmhaíochta ó Phoblacht na Moldóive faoi réir TRQanna. Is iad seo a leanas na táirgí sin: trátaí, gairleog, fíonchaora boird, úlla, silíní, plumaí agus sú fíonchaor. Rinne an Mholdóiv dhá cheann de na táirgí sin (plumaí agus fíonchaora boird) a onnmhairiú i méideanna móra go dtí tríú margaí, go háirithe chuig an Rúis, chuig an mBealarúis agus chuig an Úcráin. I gcás na dtáirgí sin, is iomchuí cuótaí breise saor ó dhleacht a thabhairt isteach chun tacú go sealadach leis na méideanna díolacháin sin, méideanna a díríodh ar na margaí sin go dtí seo, a atreorú, más gá, chuig an Aontas. I gcás na dtáirgí atá fágtha (trátaí, gairleog, úlla, silíní agus sú fíonchaor), is éard a bheadh i gceist leis an TRQ nua atá tagtha isteach, toirt bhreise saor ó dhleacht den mhéid chéanna leis an gceann dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais.

    (7)

    Chun calaois a chosc, ba cheart teideal chun leas a bhaint as na bearta trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a bhaint go hiomlán a bheith faoi réir na coinníollacha ábhartha uile chun sochair a fháil faoin gcomhaontú comhlachais a bheith comhlíonta ag Poblacht na Moldóive, lena n-áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí ábhartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus faoi réir Phoblacht na Moldóive a bheith ag obair i ndlúthchomhar riaracháin leis an Aontas, lena bhforlíontar sa Chomhaontú Comhlachais.

    (8)

    Ba cheart do Phoblacht na Moldóive staonadh ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu nó ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, sin nó ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó muirir atá ann cheana agus ó shrian d’aon saghas eile a thabhairt isteach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs an chogaidh. I gcás nach gcomhlíonann Poblacht na Moldóive aon cheann de na coinníollacha sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún na bearta trádála uile a bunaíodh leis an Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí ar bhonn sealadach.

    (9)

    Foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais gur bunghnéithe den Chomhaontú Comhlachais, i measc nithe eile, prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú chomh maith le cur i gcoinne leathadh na n-arm ollscriosta, ábhair ghaolmhara agus modhanna seachadta na n-arm sin. Faoin Airteagal céanna, léiríonn na Páirtithe tiomantas go háirithe do na prionsabail ghinearálta seo a leanas: urraim do phrionsabail an smacht reachta agus an dea-rialachais, an comhrac i gcoinne an éillithe, i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla, iad eagraithe nó gan a bheith eagraithe, lena n-áirítear iad siúd de chineál trasnáisiúnta, agus i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus an urraim do phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh. Is iomchuí an fhéidearthacht a thabhairt isteach na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach mura n-urramóidh Poblacht na Moldóive na prionsabail ghinearálta sin.

    (10)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na bearta léirscaoilte dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach i gcás ina bhfuil tionchar tromchúiseach ar tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach, sin nó i gcás ina bhféadfadh tionchar tromchúiseach a bheith orthu, i ngeall ar allmhairí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

    (11)

    Faoi réir imscrúdú ag an gCoimisiún, is gá foráil a dhéanamh don fhéideareacht na bearta léirscaoilte trádála dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach, i gcás allmhairí táirge amháin nó níos mó a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar cúis iad, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo san Aontas Eorpach.

    (12)

    Ba cheart measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a chuimsiú sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar chur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála, rud atá ina dhlúthchuid den Chomhaontú Comhlachais.

    (13)

    I bhfianaise na práinne atá leis an ábhar a bhaineann leis an staid arb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leis, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.

    (14)

    I bhfianaise na staide eacnamaíche i bPoblacht na Moldóive, ba cheart an Rialachán seo, mar ábhar práinne, a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Bearta léirscaoilte trádála

    Sa bhreis ar na taraif-chuótaí saor ó dhleacht (“TRQanna”) arna mbunú ag an gComhaontú Comhlachais in Iarscríbhinn XV-A a ghabhann leis, na táirgí talmhaíochta a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ceadófar iad le haghaidh allmhairiú isteach san Aontas ó Phoblacht na Moldóive laistigh de theorainneacha TRQanna saor ó dhleacht mar a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Is é an Coimisiún a riarfaidh na TRQanna saor ó dhleacht sin i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (5).

    Airteagal 2

    Coinníollacha chun bheith i dteideal na mbeart léirscaoilte trádála

    Na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear in Airteagal 1, beidh siad faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    (a)

    comhlíonadh na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais;

    (b)

    staonadh Phoblacht na Moldóive ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu nó ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó muirir atá ann cheana agus ó shrian d’aon saghas eile a thabhairt isteach, lena n-áirítear bearta riaracháin inmheánacha atá idirdhealaitheach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs an chogaidh; agus

    (c)

    urraim Phoblacht na Moldóive do phrionsabail dhaonlathacha, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha mar aon le cur i gcoinne leathadh na n-arm ollscriosta, na n-ábhar a bhaineann leo agus na modhanna a úsáidtear chun iad a sheachadadh, urraim do phrionsabail an smacht reachta agus dea-rialachais, an comhrac i gcoinne an éillithe, i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla, iad eagraithe nó gan a bheith eagraithe, lena n-áirítear iad siúd de chineál trasnáisiúnta agus i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus urraim do phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh dá bhforáiltear in Airteagail 2, 9 agus 16 den Chomhaontú Comhlachais.

    Airteagal 3

    Bearta a chur ar fionraí go sealadach

    1.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann nach bhfuil Poblacht na Moldóive ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na bearta léirscaoilte go léir dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

    2.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún aon cheann de na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí ar an mbonn nár chomhlíon Poblacht na Moldóive na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (b), cuirfidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe ar fáil laistigh de 4 mhí ó rinneadh an iarraidh i dtaobh cé acu an raibh nó nach raibh bunús le héileamh an Bhallstáit. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil bunús leis an éileamh, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    Airteagal 4

    Clásal coimirce

    1.   I gcás ina ndéanfar táirge de thionscnamh Phoblacht na Moldóive a allmhairiú ar théarmaí is cúis, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach, féadfar an beart léirscaoilte trádála dá bhforáiltear in Airteagal 1 a chur ar fionraí tráth ar bith i ndáil leis an táirge sin.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar thionchar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le praghsanna ar mhargadh an Aontais, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis maidir le honnmhairí, allmhairí agus táirgeacht an Aontais i ndáil leis na dtáirgí atá faoi réir na mbeart léirscaoilte trádála arna mbunú leis an Rialachán seo.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i leith imscrúdú a thionscnamh laistigh d’achar réasúnta ama:

    (a)

    arna iarraidh sin do na Ballstáit;

    (b)

    arna iarraidh sin do dhuine dlítheanach nó do chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann táirgeoirí uile an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach nó cion mór de na táirgeoirí sin; nó

    (c)

    ar thionscnamh uaidh féin más dealraitheach dó go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann ar na deacrachtaí móra ar tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo faoi mar a thagraítear dóibh i mír 1.

    Chun críocha na míre seo, ciallaíonn “cion mór de tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach” táirgeoirí de chuid an Aontais arb ionann a gcomhaschur agus 50 % de tháirgeacht iomlán an Aontais i gcás táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach arna dtáirgeadh ag an gcuid sin de tháirgeoirí an Aontais a chuir in iúl go dtacaíonn siad leis an iarraidh nó go gcuireann siad ina haghaidh agus a ionadaíonn do mhéid nach lú ná 25 % de tháirgeacht iomlán na dtáirgí comhchosúla nó na dtáirgí atá in iomaíocht dhíreach a tháirgeann tionscal an Aontais.

    4.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar tionscnamh an imscrúdaithe. Beidh achoimre san fhógra ar an bhfaisnéis a fuarthas agus sonrófar ann gur cheart aon fhaisnéis ábhartha a sheoladh chuig an gCoimisiún. Sonróidh sé an tréimhse ina bhféadfaidh páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn. Ní rachaidh an tréimhse sin thar 4 mhí ó dháta foilsithe an fhógra.

    5.   Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach, agus féadfaidh sé an fhaisnéis a fhaightear a dheimhniú le Poblacht na Moldóive nó le haon fhoinse ábhartha eile. Féadfaidh oifigigh de chuid na mBallstát a bhféadfaí deimhniú a lorg ar a gcríoch a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún, má iarrann an Ballstát sin cúnamh ar na hoifigigh sin.

    6.   Agus scrúdú á dhéanamh aige arbh ann do dheacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach faoi mar a thagraítear dóibh i mír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tosca seo a leanas, i measc nithe eile, maidir le táirgeoirí de chuid an Aontais i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha ar fáil:

    an sciar den mhargadh,

    táirgeacht,

    stoic,

    acmhainneacht táirgeachta,

    úsáid na hacmhainneachta táirgeachta,

    fostaíocht,

    allmhairí,

    praghsanna.

    7.   Críochnófar an t-imscrúdú faoi cheann 6 mhí tar éis fhoilsiú an fhógra dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse sin, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

    8.   Laistigh de 3 mhí ó chur i gcrích an imscrúdaithe, cinnfidh an Coimisiún an gcuirfear an beart léirscaoilte trádála dá bhforáiltear in Airteagal 1 ar fionraí i ndáil leis an táirge atá faoi réir an imscrúdaithe, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a ghlactar i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Tiocfaidh an gníomh cur chun feidhme sin i bhfeidhm faoi cheann mí amháin ó dháta a fhoilsithe. Déanfar an fionraí a choimeád a fhad a mbeidh gá leis chun meathlú chúinsí eacnamaíocha nó airgeadais tháirgeoirí an Aontais a fhritháireamh, nó a fhad a mbeadh baol an mheathlaithe sin fós ann. I gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo á gcomhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcuirfear deireadh leis an imscrúdú agus leis na himeachtaí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

    9.   I gcás nach bhfuil sé indéanta imscrúdú a dhéanamh de dheasca imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún, tar éis an méid sin a chur in iúl don Choiste um an gCód Custaim dá dtagraítear in Airteagal 5(1), aon bheart ceartaitheach is gá a dhéanamh.

    Airteagal 5

    Nós imeachta coiste

    1.   Déanfaidh an Coiste um Chód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún (6). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 6

    Measúnú ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála

    Beidh measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála agus beidh ann, a mhéid is iomchuí, measúnú ar an tionchar sóisialta a bheidh ag na bearta sin san Aontas agus i bPoblacht na Moldóive. Cuirfear faisnéis faoi allmhairiú na dtáirgí faoi Airteagal 1(3) ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

    Airteagal 7

    Foráil idirthréimhseach

    Beidh feidhm ag na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le táirgí atá, ar an 23 Iúil 2022, faoi rialú custaim san Aontas, faoi réir éileamh chuige sin a bheith déanta ar údaráis chustaim an Aontais atá freagrach laistigh de 6 mhí ón dáta sin.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 24 Iúil 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. NEKULA


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Iúil 2022.

    (2)  IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.

    (3)  Cinneadh 2014/492/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, 30.8.2014, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    TARAIF-CHUÓTAÍ BREISE SAOR Ó DHLEACHT LE hAGHAIDH NA dTÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

    D'ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte (AC), is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí. Chun críoch na hIarscríbhinne seo, is iad na cóid AC a shaineoidh raon feidhme na scéime fabhraí de réir mar is ann dóibh an dáta a ghlacfar an Rialachán seo.

    Sraithuimhir

    Cód AC

    Tuairisc ar na táirgí

    Méid an chuóta bhliantúil (i dtonaí)

    09 6810

    0702 00 00

    Trátaí, iad úr nó fuaraithe

    2 000

    09 6811

    0703 20 00

    Gairleog, í úr nó fuaraithe

    220

    09.6812

    0806 10 10

    Fíonchaora boird, iad úr

    38 000

    09.6816

    0808 10 80

    Úlla, iad úr (seachas úlla leanna úll, ina mbulc, ón 16 Meán Fómhair go dtí an 15 Deireadh Fómhair)

    40 000

    09 6813

    0809 29 00

    Silíní (seachas silíní searbha), iad úr

    1 500

    09 6814

    0809 40 05

    Plumaí, iad úr

    25 000

    09 6815

    2009 61 10

    Sú fíonchaor, lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor, é neamhchoipthe, ag a bhfuil luach Brix 30 ag 20 °C, agus luach > EUR 18 an 100 kg,

    500

    2009 69 19

    Sú fíonchaor, lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor, é neamhchoipthe, ag a bhfuil luach Brix > 67 ag 20 °C, agus luach > EUR 22 an 100 kg, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile (seachas ábhar a bhfuil biotáille ann) ann nó ná bíodh

    2009 69 51

    Sú fíonchaor dlúth, lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor, é neamhchoipthe, ag a bhfuil luach Brix > 30 ach 67 ag 20 °C, agus luach > EUR 18 an 100 kg, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile (seachas ábhar a bhfuil biotáille ann) ann nó ná bíodh

    2009 69 59

    Sú fíonchaor, lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor, é neamhchoipthe, ag a bhfuil luach Brix > 30 ach < 67 ag 20 °C, agus luach > EUR 18 an 100 kg, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile (seachas ábhar dlúth nó ábhar a bhfuil biotáille ann) ann nó ná bíodh


    Top