Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1190

    Rialachán (AE) 2022/1190 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais

    PE/16/2022/REV/1

    IO L 185, 12.7.2022, p. 1–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1190/oj

    12.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 185/1


    RIALACHÁN (AE) 2022/1190 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 6 Iúil 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 88(2), pointe (a) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is uirlis riachtanach Córas Faisnéise Schengen (SIS) chun ardleibhéal slándála a choimeád laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais trí thacú le comhar eagraíochtúil idir na húdaráis náisiúnta inniúla, go háirithe gardaí teorann, na póilíní, údaráis chustaim, údaráis inimirce, agus údaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú. Is é atá i Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an bunús dlí le haghaidh SIS i leith ábhair a thagann faoi raon feidhme Chaibidlí 4 agus 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    (2)

    I bhfoláirimh SIS, tá faisnéis maidir le duine nó ábhar áirithe chomh maith le treoracha do na húdaráis maidir lena bhfuil le déanamh nuair a aimsítear an duine sin nó an t-ábhar sin. Cuirtear foláirimh maidir le daoine agus ábhair arna n-iontráil in SIS ar fáil, i bhfíor-am, go díreach d’úsáideoirí deiridh uile údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát atá údaraithe SIS a chuardach de bhun Rialachán (AE) 2018/1862. Tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), comhaltaí náisiúnta Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus foirne an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), údaraithe freisin rochtain a fháil ar shonraí in SIS agus sonraí in SIS a chuardach de bhun a sainorduithe faoi seach agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1862.

    (3)

    Tá ról tábhachtach ag Europol sa chomhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta trí anailísí agus measúnuithe ar bhagairtí a sholáthar chun tacú le himscrúduithe arna ndéanamh ag údaráis náisiúnta inniúla. Comhlíonann Europol an ról sin freisin trí bhíthin SIS a úsáid agus faisnéis fhorlíontach a mhalartú leis na Ballstáit maidir le foláirimh SIS. Ba cheart an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta a bheith faoi réir comhordú leanúnach i measc na mBallstát maidir le próiseáil sonraí agus maidir le foláirimh a iontráil in SIS.

    (4)

    I bhfianaise chineál domhanda na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta, tá an fhaisnéis a fhaigheann tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi dhéantóirí coireachta tromchúisí agus sceimhlitheoireachta agus daoine a bhfuil drochamhras fúthu go bhfuil coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht á ndéanamh acu ag éirí níos ábhartha do shlándáil inmheánach an Aontais. Ní chomhroinntear cuid den fhaisnéis sin, go háirithe i gcás inar náisiúnach tríú tír an duine lena mbaineann, ach le Europol, a phróiseálann an fhaisnéis agus a chomhroinneann toradh a chuid anailísí leis na Ballstáit.

    (5)

    Admhaítear go forleathan an gá oibríochtúil atá le faisnéis fhíoraithe arna soláthar ag tríú tír a chur ar fáil d’oifigigh thúslíne, go háirithe do ghardaí teorann agus póilíní. Mar sin féin, ní bhíonn rochtain i gcónaí ag na húsáideoirí deiridh ábhartha sna Ballstáit ar an bhfaisnéis luachmhar sin toisc, i measc cúiseanna eile, nach mbíonn sé ar a gcumas ag na Ballstáit i gcónaí foláirimh a iontráil in SIS ar bhonn faisnéis den sórt sin i ngeall ar an dlí náisiúnta.

    (6)

    Chun an bhearna a líonadh i dtaca le comhroinnt faisnéise maidir leis an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht, go háirithe maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta, i gcás inar ríthábhachtach é faireachán a dhéanamh ar a ngluaiseachtaí, is gá a áirithiú, ar thogra ó Europol, gur féidir le Ballstáit foláirimh faisnéise a iontráil in SIS maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais, chun an fhaisnéis sin a sholáthraíonn tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur ar fáil, go díreach agus i bhfíor-am, d’oifigigh thúslíne sna Ballstáit.

    (7)

    Chuige sin, ba cheart catagóir shonrach foláireamh faisnéise maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais (“foláirimh faisnéise”) a chruthú in SIS. Ba cheart do na Ballstáit foláirimh faisnéise den sórt sin a iontráil in SIS faoina rogha féin agus faoi réir fíorú agus anailís a bheith déanta acu ar an togra ó Europol chun leas an Aontais maidir le náisiúnaigh tríú tír, chun úsáideoirí deiridh atá i mbun cuardaigh in SIS a chur ar an eolas go bhfuil drochamhras ann go bhfuil an duine lena mbaineann bainteach le cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith, agus chun gur féidir leis na Ballstáit agus Europol dearbhú a fháil gur aimsíodh an duine is ábhar don fholáirimh faisnéise agus tuilleadh faisnéise a fháil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1862, arna leasú leis an Rialachán seo.

    (8)

    An Ballstát ar mhol Europol dó foláireamh faisnéise a iontráil, chun gur féidir leis an mBallstát sin a mheas an bhfuil cás ar leith leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá an foláireamh faisnéise sin a iontráil in SIS, agus chun iontaofacht fhoinse na faisnéise agus cruinneas na faisnéise faoin duine lena mbaineann a dhearbhú, ba cheart do Europol an fhaisnéis uile atá ina sheilbh maidir leis an gcás a chomhroinnt, seachas faisnéis ar léir go bhfuarthas í agus sárú á dhéanamh ar chearta an duine. An toradh ar chros-seiceáil a dhéanamh ar na sonraí i mbunachair sonraí Europol, faisnéis a bhaineann le cruinneas agus iontaofacht na sonraí agus an anailís a dhéanann Europol ar cibé acu atá nó nach bhfuil forais leordhóthanacha ann lena mheas go ndearna an duine lena mbaineann cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith, nó gur ghlac an duine sin páirt i gcion coiriúil den sórt sin, nó go bhfuil sé beartaithe ag an duine sin cion coiriúil den sórt sin a dhéanamh, ba cheart do Europol an méid sin, go háirithe, a chomhroinnt.

    (9)

    Ba cheart do Europol na Ballstáit a chur ar an eolas gan mhoill i gcás ina bhfuil sonraí ábhartha breise nó modhnaithe aige i ndáil lena thogra foláireamh faisnéise a iontráil in SIS nó fianaise a thugann le tuiscint go bhfuil na sonraí a áirítear ina thogra mícheart go fíorasach nó gur stóráladh go neamhdhleathach iad, chun dlíthiúlacht, iomláine agus cruinneas shonraí SIS a áirithiú. Ba cheart do Europol sonraí breise nó modhnaithe i ndáil le foláireamh faisnéise a iontráladh in SIS ar thogra uaidh a tharchur chuig an mBallstát eisiúna gan mhoill chun a cheadú don Bhallstát eisiúna an foláireamh faisnéise a chomhlánú nó a mhodhnú. Ba cheart do Europol gníomhú, go háirithe, má thagann sé ar an eolas go raibh an fhaisnéis a fuarthas ó údaráis tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta mícheart nó gur cuireadh in iúl do Europol í chun críoch neamhdhleathach, mar shampla más rud é go raibh cúiseanna polaitiúla le comhroinnt na faisnéise faoin duine.

    (10)

    Ba cheart feidhm a bheith ag Rialacháin (AE) 2016/794 agus (AE) 2018/1725 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann Europol agus a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige.

    (11)

    Níor cheart go mbeadh tionchar ag na hullmhúcháin do chur chun feidhme foláireamh faisnéise ar úsáid SIS.

    (12)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon bunú agus rialáil catagóire foláirimh ar leith a iontrálann Ballstáit in SIS ar thogra ó Europol chun leas an Aontais chun faisnéis a mhalartú faoi dhaoine a bhfuil baint acu leis an gcoireacht thromchúiseach nó leis an sceimhlitheoireacht, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál na gcuspóirí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (13)

    Leis an Rialachán seo, urramaítear go hiomlán cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus in CAE. Go háirithe, urramaítear go hiomlán leis an Rialachán seo cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 16 CFAE, Airteagal 8 den Chairt agus na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Féachtar leis an Rialachán seo freisin le timpeallacht shábháilte a áirithiú do gach duine a chónaíonn ar chríoch an Aontais.

    (14)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

    (15)

    Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (7) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1745 ón gComhairle (8).

    (16)

    Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (10).

    (17)

    Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (11), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (12).

    (18)

    Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (13), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (14).

    (19)

    Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005, agus ba cheart é a léamh i gcomhar le Cinntí 2010/365/AE (15) agus (AE) 2018/934 (16) ón gComhairle.

    (20)

    Maidir leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 agus ba cheart é a léamh i gcomhar le Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle (17).

    (21)

    Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003.

    (22)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2018/1725.

    (23)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/1862 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

    “(8)

    ciallaíonn ‘bratach’ fionraí bailíochta foláirimh ar an leibhéal náisiúnta a fhéadfar a chur le foláirimh maidir le gabháil, le foláirimh maidir le daoine ar iarraidh agus daoine leochaileacha, le foláirimh maidir le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin agus seiceálacha sonracha agus le foláirimh faisnéise;”;

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(22)

    ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach den Aontas é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE seachas daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas acu i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE nó i gcomhréir le comhaontú idir an tAontas nó an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus tríú tír, den pháirt eile;”;

    (2)

    leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Gan dochar d’Airteagal 8(1) nó d’fhorálacha an Rialacháin seo lena ndéantar foráil maidir le stóráil sonraí breise, ní bheidh in SIS ach na catagóirí sonraí sin a sholáthraíonn gach Ballstát, de réir mar a éilítear chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 26, 32, 34, 36, 37a, 38 agus 40.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    faisnéis faoi ábhair dá dtagraítear in Airteagail 26, 32, 34, 36, 37a agus 38.”;

    (3)

    in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   I gcás ina measann Ballstát go mbeadh sé ar neamhréir lena dhlí náisiúnta, lena oibleagáidí idirnáisiúnta nó le leasanna fíor-riachtanacha náisiúnta éifeacht a thabhairt d’fholáireamh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagal 26, 32, 36 nó 37a, féadfaidh sé a cheangal go gcuirfear bratach leis an bhfoláireamh á chur in iúl nach ndéanfar an ghníomhaíocht, atá le déanamh ar bhonn an fholáirimh, ar a chríoch. Déanfaidh Biúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna an bhratach a chur leis an bhfoláireamh.”;

    (4)

    cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach:

    CAIBIDIL IXa

    Foláirimh faisnéise maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais

    Airteagal 37a

    Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le foláirimh a iontráil

    1.   Féadfaidh na Ballstáit foláirimh faisnéise maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais (‘foláirimh faisnéise’) a iontráil in SIS, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (t), de Rialachán (AE) 2016/794, ar thogra ó Europol chun foláireamh faisnéise a iontráil ar bhonn faisnéis a fhaightear ó údaráis tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Tabharfaidh Europol fógra dá Oifigeach Cosanta Sonraí i gcás ina ndéanfaidh sé togra den sórt sin.

    2.   Déanfar foláirimh faisnéise a iontráil in SIS chun úsáideoirí deiridh a dhéanann cuardach in SIS a chur ar an eolas faoi rannpháirtíocht amhrasta na náisiúnach tríú tír sin i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794, d’fhonn an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 37b den Rialachán seo a fháil.

    3.   Molfaidh Europol nach ndéanfar foláirimh faisnéise a iontráil in SIS ach amháin sna cásanna seo a leanas agus ar choinníoll go bhfuil sé fíoraithe aige go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 4:

    (a)

    i gcás inar léir go fíorasach go bhfuil sé beartaithe ag duine aon cheann de na cionta dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh nó go bhfuil aon cheann de na cionta sin á dhéanamh ag an duine sin;

    (b)

    i gcás ina bhfuil measúnú foriomlán a rinneadh ar dhuine, go háirithe ar bhonn cionta coiriúla roimhe seo, ina chúis lena chreidiúint go bhféadfadh sé go ndéanfadh an duine sin cion dá dtagraítear i mír 2.

    4.   Molfaidh Europol nach ndéanfar foláirimh faisnéise a iontráil in SIS ach amháin tar éis dó a shuíomh go bhfuil gá leis an bhfoláireamh faisnéise agus go bhfuil údar leis, trína áirithiú go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

    (a)

    dearbhaíodh in anailís ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 17(1)(b) de Rialachán (AE) 2016/794 iontaofacht fhoinse na faisnéise mar aon le cruinneas na faisnéise maidir leis an duine lena mbaineann, rud a cheadaíonn do Europol a chinneadh, i gcás inar gá, tar éis tuilleadh malartuithe faisnéise a dhéanamh leis an soláthraí sonraí i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/794, go bhfuil feidhm ag ceann amháin ar a laghad de na cásanna a leagtar amach i mír 3;

    (b)

    níor nochtadh le cuardach in SIS, a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán seo, go bhfuil foláireamh ann maidir leis an duine lena mbaineann.

    5.   Déanfaidh Europol an fhaisnéis atá ina sheilbh maidir leis an gcás ar leith agus torthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chur ar fáil do na Ballstáit, agus molfaidh sé go n-iontrálfaidh Ballstát amháin nó níos mó foláireamh faisnéise in SIS.

    I gcás ina bhfuil sonraí ábhartha breise nó modhnaithe ag Europol i ndáil lena thogra foláireamh faisnéise a iontráil, nó i gcás ina bhfuil fianaise ag Europol a thugann le tuiscint go bhfuil na sonraí a áirítear ina thogra chun foláireamh faisnéise a iontráil mícheart go fíorasach nó gur stóráladh go neamhdhleathach iad, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoi sin gan mhoill.

    6.   Beidh an togra ó Europol chun foláirimh faisnéise a iontráil faoi réir a fhíoraithe agus anailís a bheith déanta ag an mBallstát ar mhol Europol dó foláirimh den sórt sin a iontráil. Déanfar foláirimh faisnéise den sórt sin a iontráil in SIS faoi rogha an Bhallstáit sin.

    7.   I gcás ina ndéantar foláirimh faisnéise a iontráil in SIS i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh an Ballstát eisiúna an iontráil sin in iúl do na Ballstáit eile agus do Europol trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

    8.   I gcás ina gcinneann na Ballstáit gan an foláireamh faisnéise a iontráil ar thogra ó Europol agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha faoi seach, féadfaidh siad a chinneadh cineál eile foláirimh a iontráil maidir leis an duine céanna.

    9.   Cuirfidh na Ballstáit na Ballstáit eile agus Europol ar an eolas maidir le toradh an fhíoraithe agus an anailísithe ar na sonraí atá sa togra ó Europol, dá dtagraítear i mír 6, agus maidir le cibé ar iontráladh na sonraí in SIS, laistigh de thréimhse 12 mhí tar éis do Europol a mholadh foláireamh faisnéise a iontráil in SIS.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh na Ballstáit sásra tuairiscithe thréimhsiúil i bhfeidhm.

    10.   I gcás ina bhfuil sonraí ábhartha breise nó modhnaithe ag Europol maidir le foláireamh faisnéise, déanfaidh sé na sonraí sin a tharchur gan mhoill, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, chuig an mBallstát eisiúna chun a chur ar chumas an Bhallstáit eisiúna sin an foláireamh faisnéise a chomhlánú, a mhodhnú nó a scriosadh.

    11.   I gcás ina bhfuil fianaise ag Europol a thugann le tuiscint go bhfuil sonraí a iontráladh in SIS i gcomhréir le mír 1 mícheart go fíorasach, nó gur stóráladh go neamhdhleathach iad, déanfaidh sé, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, an méid sin a chur in iúl don Bhallstát eisiúna a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 lá oibre tar éis a aird a bheith tarraingthe ar an bhfianaise sin. Seiceálfaidh an Ballstát eisiúna an fhaisnéis agus, más gá, ceartóidh nó scriosfaidh sé na sonraí atá i gceist gan mhoill.

    12.   I gcás inar léir go bhfuil na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 38(2), pointí (a), (b), (c), (e), (g), (h), (j) agus (k), nó modhanna íocaíochta neamhairgid bainteach le duine is ábhar d’fholáireamh faisnéise de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfar foláirimh faoi na hábhair sin a iontráil chun an duine sin a aimsiú. I gcásanna den sórt sin, déanfar an foláireamh faisnéise agus an foláireamh maidir leis an ábhar a nascadh i gcomhréir le hAirteagal 63.

    13.   Cuirfidh na Ballstáit na nósanna imeachta is gá ar bun chun foláirimh faisnéise a iontráil, a nuashonrú agus a scriosadh in SIS i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    14.   Coinneoidh Europol taifid a bhaineann lena mholtaí maidir le foláirimh faisnéise a iontráil in SIS faoin Airteagal seo, agus déanfaidh sé tuarascálacha a sholáthar do na Ballstáit gach 6 mhí faoi na foláirimh faisnéise a iontráladh in SIS agus faoi na cásanna nár iontráil na Ballstáit na foláirimh faisnéise.

    15.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

    Airteagal 37b

    Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláireamh faisnéise

    1.   I gcás amas ar fholáireamh faisnéise, déanfaidh an Ballstát forghníomhaitheach an fhaisnéis seo a leanas go léir, nó cuid di, a bhailiú agus a chur in iúl don Bhallstát eisiúna:

    (a)

    gur aimsíodh an duine is ábhar d’fholáireamh faisnéise;

    (b)

    áit agus am na seiceála agus an chúis a bhí léi;

    (c)

    bealach an turais agus an ceann scríbe;

    (d)

    na daoine atá ag tionlacan an duine is ábhar don fholáireamh faisnéise ar féidir a chreidiúint le réasún go mbeadh baint acu leis an duine is ábhar don fholáireamh faisnéise;

    (e)

    ábhair a bhí á n-iompar, lena n-áirítear doiciméid taistil;

    (f)

    na himthosca inar aimsíodh an duine.

    2.   Déanfaidh an Ballstát forghníomhaitheach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl don Bhallstáit eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

    3.   Beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo freisin i gcás ina bhfuil an duine is ábhar d’fholáireamh faisnéise suite ar chríoch an Bhallstáit a d’iontráil an foláireamh faisnéise in SIS chun Europol a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 48(8), pointe (b).

    4.   Áiritheoidh an Ballstát forghníomhaitheach go ndéanfar an méid is mó is féidir den fhaisnéis a thuairiscítear i mír 1 a bhailiú ar bhealach discréideach le linn gnáthghníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis náisiúnta inniúla sa Bhallstát sin. Ní chuirfidh bailiú faisnéise den sórt sin cineál discréideach na seiceálacha i mbaol agus ní chuirfear an duine is ábhar don fholáireamh faisnéise ar an eolas in aon slí go bhfuil foláireamh den sórt sin ann.”;

    (5)

    in Airteagal 43, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Féadfar sonraí dachtalascópacha atá in SIS i ndáil le foláirimh arna n-iontráil i gcomhréir le hAirteagail 26, 32, 36, 37a, agus 40 a chuardach freisin trí úsáid a bhaint as sraitheanna iomlána nó neamhiomlána méarlorg nó lorg dearnana a aimsítear ag láithreacha coireanna tromchúiseacha nó cionta sceimhlitheoireachta a bhíonn á n-imscrúdú, i gcás inar féidir a shuí, go hardleibhéal dóchúlachta, gur le déantóir ciona na sraitheanna méarlorg sin, agus ar an gcoinníoll go ndéantar an cuardach go comhuaineach i mbunachair sonraí méarlorg ábhartha náisiúnta an Bhallstáit.”;

    (6)

    leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    “8.   Cuirfidh na Ballstáit Europol ar an eolas trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    aon amas ar fholáirimh faisnéise a iontráiltear in SIS faoi Airteagal 37a;

    (b)

    i gcás inar aimsíodh an duine is ábhar don fholáireamh faisnéise i gcríoch an Bhallstáit eisiúna i gcomhréir le hAirteagal 37b, pointe (3); agus

    (c)

    aon amas ar fholáirimh a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nach n-iontráiltear in SIS faoi Airteagal 37a.

    Féadfaidh Ballstáit staonadh go heisceachtúil ó Europol a chur ar an eolas faoi amais ar fholáirimh faoi phointe (c) den mhír seo más rud é go ndéanfadh sé sin imscrúduithe reatha nó sábháilteacht duine aonair a chur i mbaol nó i gcás ina mbeadh sé contrártha do leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit eisiúna.”;

    (b)

    scriostar mír 9;

    (7)

    leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Féadfaidh Ballstát foláireamh a iontráil maidir le duine chun críocha Airteagal 32 (1), pointí (c), (d) agus (e), Airteagal 36, agus Airteagal 37a, ar feadh tréimhse bliana. Déanfaidh an Ballstát eisiúna athbhreithniú ar an ngá atá leis an bhfoláireamh a choimeád laistigh den tréimshe bliana sin.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

    “6.   Laistigh den tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3, 4 agus 5, féadfaidh an Ballstát eisiúna, tar éis measúnú cuimsitheach aonair, measúnú a thaifeadfar, a chinneadh an foláireamh maidir le duine a choimeád go ceann tréimhse níos faide ná an tréimhse athbhreithnithe i gcás inar gá sin agus i gcás ina bhfuil sé sin comhréireach chun na gcríoch ar chucu a iontráladh an foláireamh. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag míreanna 2, 3, 4 agus 5 maidir leis an síneadh freisin. Déanfar aon síneadh den sórt sin a chur in iúl do CS-SIS.

    7.   Déanfar foláirimh maidir le daoine a scriosadh go huathoibríoch tar éis don tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3, 4 agus 5 den Airteagal seo dul in éag, ach amháin i gcás ina mbeidh an Ballstát eisiúna tar éis fógra a chur chuig CS-SIS faoi shíneadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo. Déanfaidh CS-SIS an Ballstát eisiúna agus, i gcás foláirimh faisnéise arna n-iontráil in SIS i gcomhréir le hAirteagal 37a, Europol a chur ar an eolas faoi scriosadh sceidealta sonraí 4 mhí roimh ré. I gcás foláirimh faisnéise arna n-iontráil in SIS i gcomhréir le hAirteagal 37a, tabharfaidh Europol cúnamh don Bhallstát eisiúna gan mhoill maidir lena mheasúnú cuimsitheach aonair dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.”;

    (8)

    in Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Déanfar athbhreithniú de bhun Airteagal 53 ar fholáirimh maidir le hábhair arna n-iontráil i gcomhréir le hAirteagail 26, 32, 34, 36 agus 37a i gcás ina bhfuil siad nasctha le foláireamh maidir le duine. Ní dhéanfar foláirimh den sórt sin maidir le hábhair a choinneáil ach amháin ar feadh na tréimhse a choinneofar an foláireamh maidir leis an duine.”;

    (9)

    leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “4a.   Déanfar foláirimh faisnéise de bhun Airteagal 37a a scriosadh de bharr na nithe seo a leanas:

    (a)

    dul in éag an fholáirimh i gcomhréir le hAirteagal 53; nó

    (b)

    cinneadh arna dhéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna iad a scriosadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ar thogra ó Europol;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    “7.   Aon fholáireamh maidir le hábhar arna iontráil i gcomhréir le hAirteagail 26, 32, 34, 36 agus 37a, i gcás ina bhfuil foláireamh den sórt sin nasctha le foláireamh maidir le duine, déanfar an foláireamh sin a scriosadh nuair a scriosfar an foláireamh maidir leis an duine i gcomhréir leis an Airteagal seo.”;

    (10)

    leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20 a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch a leagtar síos maidir le gach catagóir foláirimh dá dtagraítear in Airteagail 26, 32, 34, 36, 37a, 38 agus 40.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Maidir leis na foláirimh a leagtar síos in Airteagail 26, 32, 34, 36, 37a, 38 agus 40 den Rialachán seo, aon phróiseáil a dhéantar ar fhaisnéis in SIS chun críoch seachas na críocha ar chucu a iontráladh í, ní mór í a nascadh le cás sonrach agus ní mór údar a bheith léi a bhaineann leis an ngá le gar-bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí agus ar an tslándáil phoiblí a chosc, ar fhorais thromchúiseacha slándála náisiúnta nó chun coir thromchúiseach a chosc. Gheofar údarú roimh ré chun na críche sin ón mBallstát eisiúna.”;

    (11)

    in Airteagal 74, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “5a.   Soláthróidh na Ballstáit, Europol agus eu-LISA don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun rannchuidiú leis an meastóireacht agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2016/794.”;

    (12)

    in Airteagal 79, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “7.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena socrófar an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit tús a chur le foláirimh faisnéise a iontráil, a nuashonrú agus a scriosadh in SIS i gcomhréir le hAirteagal 37a den Rialachán seo, tar éis a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    rinneadh na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a leasú a mhéid is gá chun an Rialachán seo arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1190 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) a chur i bhfeidhm;

    (b)

    thug na Ballstáit agus Europol fógra don Choimisiún go bhfuil na socruithe nós imeachta agus teicniúla riachtanacha déanta acu chun sonraí SIS a phróiseáil agus chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú de bhun an Rialacháin seo arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1190;

    (c)

    thug eu-LISA fógra don Choimisiún maidir le críochnú rathúil na ngníomhaíochtaí tástála go léir maidir le CS-SIS agus maidir leis an idirghníomhaíocht idir CS-SIS agus N.SIS.

    Foilseofar an cinneadh sin ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (*1)  Rialachán (AE) 2022/1190 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais (IO L 185, 12.7.2022, lch. 1).”."

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 79(7) de Rialachán (AE) 2018/1862, cé is moite d’Airteagal 1, pointe 12, den Rialachán seo a mbeidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Iúil 2022.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022.

    (2)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

    (3)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

    (4)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

    (5)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (7)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1745 ón gComhairle an 18 Samhain 2020 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha acquis Schengen maidir le cosaint sonraí agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach fhorálacha áirithe an acquis céanna sin in Éirinn (IO L 393, 23.11.2020, lch. 3).

    (9)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

    (10)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176,10.7.1999, lch. 31).

    (11)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    (12)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

    (13)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

    (14)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).

    (15)  Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17).

    (16)  Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá fágtha de acquis Schengen maidir le Córas Faisnéise Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 165, 2.7.2018, lch. 37).

    (17)  Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle an 25 Aibreán 2017 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cróite (IO L 108, 26.4.2017, lch. 31).


    Top