This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022H0627(02)
Council Recommendation of 16 June 2022 on a European approach to micro-credentials for lifelong learning and employability 2022/C 243/02
Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht 2022/C 243/02
Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht 2022/C 243/02
ST/9790/2022/INIT
IO C 243, 27.6.2022, p. 10–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
27.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 243/10 |
MOLADH ÓN GCOMHAIRLE
an 16 Meitheamh 2022
maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht
(2022/C 243/02)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 149 agus 292, 165 agus 166 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. |
Laistigh den Eoraip, tá méadú ag teacht ar an líon daoine ar gá dóibh a gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú chun an bhearna a líonadh idir an t-oideachas agus an oiliúint fhoirmiúil agus na riachtanais atá ag sochaí agus margadh saothair atá ag athrú go tapa. Chuir an téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus na haistrithe digiteacha agus glasa dlús leis an athrú ar an gcaoi a mairimid, a bhfoghlaimímid agus a n-oibrímid. Chuir siad chun suntais freisin gur gá go mbeidh daoine in ann déileáil níos fearr le dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Rinne an phaindéim difear d’ionchais ghairme daoine óga agus daoine fásta araon. Tháinig méadú ar an dífhostaíocht freisin agus rinneadh dochar do dhea-bhail fhisiciúil, mheabhrach agus mhothúchánach na gcéadta milliún duine san Eoraip. |
2. |
Tá soláthar easpach na scileanna ábhartha i margadh saothair an Aontais ar cheann de na príomhdhúshláin roimh ghnólachtaí agus roimh fhostóirí Eorpacha. Ag an am céanna, tá aghaidh á tabhairt ag oibrithe ar athruithe dífhasaigh ar an gcaoi a n-eagraítear an obair. Ina theannta sin, tá athruithe bunúsacha ag teacht ar phróifílí tascanna agus ar riachtanais scileanna mar gheall ar na haistrithe digiteacha agus glasa. Mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2021/1868 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2021 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (1), “Oibreoidh na Ballstáit agus an tAontas i dtreo straitéis chomhordaithe le haghaidh fostaíocht a fhorbairt, go háirithe chun lucht saothair sciliúil oilte solúbtha a chur chun cinn, chomh maith le margaí saothair atá in ann a bheith freagrúil i leith athruithe eacnamaíocha”. Tá uas-sciliú agus athsciliú leanúnach fíor-riachtanach d’oibrithe le go mbeidh siad in ann freagairt ar riachtanais a bpoist reatha nó aistriú chuig poist nua agus earnálacha atá ag leathnú, amhail an earnáil ghlas agus an earnáil dhigiteach, go háirithe i gcomhthéacs an aosaithe dhéimeagrafaigh. |
3. |
Tá rochtain ar theagasc agus ar fhoghlaim ar ardchaighdeán a sholáthraítear ar bhealaí agus i suíomhanna éagsúla de dhíth ar dhaoine chun a n-eolas, scileanna agus inniúlachtaí pearsanta, sóisialta, cultúrtha agus gairmiúla a fhorbairt. Iarradh go mbeadh córais oideachais agus oiliúna níos solúbtha agus go dtiocfaidís ar réitigh chun foghlaim níos dírithe ar an bhfoghlaimeoir, níos inrochtana agus níos cuimsithí a sholáthar do raon níos leithne próifílí. Tá aghaidh á tabhairt ag soláthraithe seachfhoirmiúla oideachais agus oiliúna ar an riachtanas sin freisin trí dheiseanna nua agus nuálacha maidir le huas-sciliú agus athsciliú a sholáthar. |
4. |
Tá cultúr éifeachtach na foghlama ar feadh an tsaoil ríthábhachtach chun a áirithiú go bhfuil an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá ag gach duine le go mbeidh rath orthu sa tsochaí, sa mhargadh saothair agus ina saol pearsanta. Tá sé fíor-riachtanach gur féidir le daoine rochtain a fháil ar oideachas agus oiliúint ábhartha ar ardchaighdeán, ar uas-sciliú agus ar athsciliú ar feadh a saoil. Ba cheart do dheiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a bheith mar chuid de straitéis fhadtéarmach na n-institiúidí oideachais agus oiliúna chun feabhas a chur ar a bhfreagrúlacht ar riachtanais na bhfostaithe agus na bhfoghlaimeoirí atá ag athrú go tapa. Cuirfidh sé sin ar a gcumas do phobal foghlama níos éagsúla (lena n-áirítear céimithe na n-institiúidí sin agus foghlaimeoirí fásta eile) uas-sciliú agus athsciliú. Moltar d’institiúidí ardoideachais, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET), soláthraithe na foghlama d’aosaigh agus soláthraithe eile micridhintiúr oibriú i gcomhar le chéile agus na torthaí taighde is déanaí a chur i bhfeidhm maidir le deiseanna foghlama a dhearadh agus a thabhairt cothrom le dáta. |
5. |
D’fhéadfadh micridhintiúir a bheith ina gcuidiú chun torthaí na n-eispéireas saincheaptha beag a dheimhniú. Le micridhintiúir, bítear in ann eolas, scileanna agus inniúlachtaí a fháil ar bhealach spriocdhírithe solúbtha chun freastal ar riachtanais nua atá ag teacht chun cinn sa tsochaí agus sa mhargadh saothair, agus bíonn daoine aonair in ann na bearnaí scileanna is gá dóibh a líonadh le go mbeidh rath air i dtimpeallacht atá ag athrú go tapa, ach ní thiocfaidh siad in ionad cáilíochtaí traidisiúnta. Is féidir le micridhintiúir, i gcás inarb iomchuí, na cáilíochtaí atá ag daoine cheana a chomhlánú, breisluach a thabhairt dóibh ach gan an bonn a bhaint ó chroíphrionsabal clár iomlán céime san oideachas agus oiliúint tosaigh. D’fhéadfadh soláthraithe éagsúla micridhintiúir a dhearadh agus a eisiúint i suíomhanna foghlama éagsúla (suíomhanna foghlama foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla). |
6. |
D’ainneoin go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear astu, níl aon sainmhíniú nó caighdeán comhchoiteann ann maidir le micridhintiúir san Eoraip. Cuireann sin srian leis an tuiscint ar mhicridhintiúir agus le glacadh na micridhintiúr agus, dá bhrí sin, déantar dochar d’acmhainneacht na micridhintiúr conairí solúbtha foghlama agus gairme a éascú. Is é is aidhm don mholadh seo tacú le muinín a chothú sna micridhintiúir ar fud na hEorpa i measc na ndaoine uile lena mbaineann, bídís ina soláthraithe nó ina dtairbhithe. |
7. |
Leagtar síos sa chéad phrionsabal i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (2) go bhfuil an ceart ag gach duine ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán a fháil chun scileanna a choinneáil agus a fháil, scileanna a chuirfidh ar a gcumas do dhaoine a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil, ar fud an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos sa cheathrú prionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag gach duine cúnamh tráthúil saincheaptha a fháil chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta nó féinfhostaíochta. Áirítear leis an gceart chun cúnaimh an ceart chun tacaíocht a fháil don oiliúint agus don athcháiliú. Luaitear sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta gurb é atá i micridhintiúir ionstraim nuálach lena bhféadfaí “conairí solúbtha foghlama a éascú agus tacú le hoibrithe lena bpost nó le linn aistrithe gairmiúla”. Féadfaidh ról a bheith ag micridhintiúir i bpríomhspriocanna an Aontais atá le baint amach faoi 2030 ghnóthú, lena n-áirítear sprioc 60 % de dhaoine fásta a bheith ag tabhairt faoi chúrsaí oiliúna gach bliain agus ráta fostaíochta 78 % ar a laghad. Chuir ceannairí an Aontais, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta in iúl gur dhíol sásaimh dóibh an dá sprioc sin, ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus rinne an Chomhairle Eorpach amhlaidh ag an gcruinniú a bhí aici an 24 go dtí an 25 Meitheamh 2021 (3). |
8. |
I gcomhthreo leis an bPlean Gníomhaíochta, ghlac an Coimisiún Moladh maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19’ (Moladh “EASE”) (4). Tá treoir nithiúil maidir le beartais le haghaidh na mBallstát sa Mholadh seo i dtaca le pacáistí beartais comhleanúnacha a fhorbairt chun aistrithe post a éascú agus téarnamh ó COVID-19 lena gcruthófar poist a chothú. Clúdaítear leis an treoir maidir le beartais deiseanna uas-scilithe agus athscilithe agus bearta tacaíochta. |
9. |
Fógraíodh sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip (5), i measc an 12 bheart shuaitheanta atá aige, tionscnamh nua maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh nua tacú le cáilíocht, trédhearcacht agus glacadh na micridhintiúr ar fud an Aontais. Fógraíodh tionscnamh maidir le cuntais foghlama aonair sa Chlár Oibre Scileanna freisin a d’fhéadfadh cuidiú chun bearnaí sa rochtain atá ag daoine atá in aois oibre ar oideachas agus oiliúint a dhúnadh agus chun é a chur ar a gcumas do dhaoine aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Féadfar micridhintiúir a úsáid mar chuid den oideachas agus oiliúint a chuirtear ar fáil do dhaoine chun bheith mar bhonn taca le hoibriú na gcuntas foghlama aonair sin. |
10. |
Fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (6) go n-oibreodh an Coimisiún chun cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr a fhorbairt le deiseanna foghlama a leathnú agus ról na n-institiúidí ardoideachais agus na n-institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a neartú. |
11. |
Leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta (7), iarrtar ar an gCoimisiún “féachaint ar choincheap agus ar úsáid na micridhintiúr”. |
12. |
Sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (8) déantar iniúchadh ar choincheap agus ar úsáid na micridhintiúr agus mar cheann de na saincheisteanna agus na gníomhaíochtaí nithiúla do réimse tosaíochta 2 den chreat straitéiseach (Foghlaim ar feadh an tsaoil agus soghluaisteacht). |
13. |
Cuirtear I bhfáth sna conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na n-Ollscoileanna Eorpacha - An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach (9), “gan imeacht ón gcroíphrionsabal gur clár de chéimeanna iomlána atá i gceist agus gan baint de bhonn an chroíphrionsabail sin, d’fhéadfadh micreachreidiúnachtaí cabhrú le deiseanna foghlama a leathnú chun freastal ar fhoghlaimeoirí neamhthraidisiúnta agus ar an éileamh ar scileanna nua i margadh an tsaothair; an fhoghlaim a dhéanamh níos solúbtha agus níos modúlaí; tacú leis an rochtain ar an ardoideachas; agus agus plé ar bhealach fóinteach le foghlaimeoirí, gan beann ar na cáilíochtaí atá acu cheana ná ar a gcúlra, deiseanna athscilithe agus uas-scilithe á gcur chun cinn, agus oideachas ardchaighdeáin á áirithiú”. |
14. |
Thug Airí Oideachais Limistéar Eorpach an Ardoideachais gealltanas in Communiqué na Róimhe de chuid Phróiseas idir-rialtasach Bologna (10) cuidiú le hinstitiúidí ardoideachais an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) a soláthar foghlama a éagsúlú; agus (ii) nuálaíocht a dhéanamh san ábhar oideachais agus sna modhanna seachadta. Chomh maith le cláir iomlána chéime, agus a gceart chun cláir staidéir a dhearadh agus ceisteanna maidir le haistriú creidmheasa a rialú go neamhspleách á chaomhnú ag an am céanna, tá aonaid foghlama níos lú á gcur ar fáil ag a lán institiúidí ardoideachais nó tá sé beartaithe acu iad a thairiscint. Is féidir leis na haonaid níos lú sin cuidiú le foghlaimeoirí a gcuid scileanna agus inniúlachtaí cultúrtha, gairmiúla, agus idirdhisciplíneacha a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta ag céimeanna éagsúla dá saol. Sa chomhar faoi chuimsiú Phróiseas Bologna déanfar iniúchadh ar an gcaoi ar féidir agus ar a mhéid is féidir na haonaid foghlama solúbtha níos lú – lena n-áirítear na haonaid a mbronntar micridhintiúir ina leith – a shainiú, a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a aithint trí uirlisí comhchoiteanna a úsáid. |
15. |
Ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna freastal ar riachtanais, ar chumais agus ar inniúlachtaí éagsúla gach foghlaimeora. Ba cheart dóibh freisin deiseanna foghlama a thairiscint do chách, lena n-áirítear i suíomhanna seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla mar a chuirtear i dtreis sna conclúidí ón gComhairle maidir le cothromas agus cuimsiú san oideachas agus san oiliúint chun rath san oideachas do chách a chur chun cinn (11). Féadfar micridhintiúir dhea-cheaptha a úsáid mar chuid de bhearta spriocdhírithe chun tacú le cuimsiú agus rochtain ar oideachas agus ar oiliúint a bheith ag raon níos leithne foghlaimeoirí. Áirítear leis an raon níos leithne foghlaimeoirí sin grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha (amhail daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, daoine ar bheagán cáilíochtaí/scileanna, mionlaigh, daoine de bhunadh imirceach, dídeanaithe agus daoine ar lú na deiseanna atá acu mar gheall ar a suíomh geografach agus/nó ar an gcás iad a bheith faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch). Is féidir micridhintiúir a úsáid freisin ionas gur fearrde a threoraítear mic léinn agus chun rochtain ar an bhfoghlaim agus ar an oiliúint chomh maith le rath iontu a éascú agus chun tacú leis an aistriú ón scoil go dtí an obair. Leis an bhfás a bhfuil coinne leis ar líon na ndídeanaithe agus na n-iarratasóirí tearmainn, éileofar go bhforbrófar straitéisí chun na grúpaí sin a chomhtháthú go héifeachtach laistigh de chórais oideachais, oiliúna agus saothair. Le treoir agus foghlaim fhrithpháirteach ar fud an Aontais i ndáil le dearadh agus eisiúint na micridhintiúr, féadfar cuimsiú a chothú agus a áirithiú gur féidir le foghlaimeoirí ó gach grúpa den tsochaí leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann leo. |
16. |
Is féidir le micridhintiúir tacú freisin le forbairt ghairmiúil agus soghluaisteacht oibrithe, lena n-áirítear daoine i gcineálacha neamhchaighdeánacha oibre, amhail iad siúd i ngeilleagar an ardáin (12), a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu rochtain a fháil ar oiliúint ag brath ar a stádas fostaíochta (13). |
17. |
D’fhéadfadh ról gníomhach a bheith ag micridhintiúir maidir le tionscnaimh bheartais an Aontais a bhaint amach chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a chur chun cinn. D’fhéadfaí, le micridhintiúir, an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) a bheith mar bhonn taca le spriocanna an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 (14) chun deiseanna foghlama solúbtha agus inrochtana maidir le scileanna digiteacha a sholáthar; agus (ii) spriocanna phlean an Choimisiúin “Compás Digiteach 2030” a bhaint amach chun daonra a bhfuil scileanna digiteacha aige agus gairmithe digiteacha ardoilte a fhorbairt san Eoraip faoi 2030. D’fhéadfadh ról a bheith ag micridhintiúir freisin maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach (15), comhaontú arb é straitéis fáis na hEorpa é agus a bhfuil sé d’aidhm aige geilleagar agus sochaí na hEorpa a athrú ó bhonn agus iad a chur ar bhealach níos inbhuanaithe. |
18. |
Leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus lena n-aisghairtear moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí ar feadh an tsaoil a bhunú (16), cuirtear creat tagartha comhchoiteann ar fáil chun cuidiú le daoine agus le heagraíochtaí comparáid a dhéanamh idir an dá chóras cáilíochta éagsúla agus leibhéil na gcáilíochtaí ó na córais sin. Mar chreat tagartha Eorpach, tá an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) oscailte do gach cineál agus gach leibhéal cáilíochtaí agus is é an tagairt chaighdeánach choiteann don trédhearcacht, don inaistritheacht agus don inchomparáideacht. Tá EQF oscailte freisin do mhicridhintiúir más rud é go n-áirítear ar dtús iad i gcreataí náisiúnta um cháilíochtaí. |
19. |
Leis an Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú (17), iarradh ar na Ballstáit socruithe a chur i bhfeidhm faoi 2018 – de réir imthosca agus sainiúlachtaí náisiúnta agus de réir mar a mheasann siad a bheith iomchuí – , chun foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú. Leis na socruithe sin maidir le bailíochtú, féadfaidh daoine an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a fuair siad tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú. Féadfaidh na socruithe sin maidir le bailíochtú cur ar a gcumas do dhaoine freisin cáilíocht iomlán a bhaint amach nó, i gcás inarb infheidhme, páirtcháilíocht. I meastóireacht 2020 ar an Moladh (18), iarradh go ndéanfaí forbairt níos fearr ar na naisc idir bailíochtú agus micridhintiúir. |
20. |
I gCinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE (19), leagtar amach an bonn le huirlisí gréasánbhunaithe a sholáthar lena gcumasaítear do dhaoine a ngairm agus a bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a bhainistiú le seirbhísí fíordheimhniúcháin le haghaidh micridhintiúr, seirbhísí a fhágann go bhfuil micridhintiúir inaistrithe. |
21. |
Braitheann ábharthacht, forbairt agus nuashonrú na micridhintiúr ar na nithe seo a leanas:
|
22. |
Leis an Moladh seo, urramaítear go hiomlán prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, prionsabail an neamhspleáchais institiúidigh agus na saoirse acadúla, agus an fhreagracht atá ar na Ballstáit as ábhar agus eagrú an oideachais agus na gairmoiliúna i gcomhréir le himthosca náisiúnta, agus i ndlúthchomhar le gach geallsealbhóir ábhartha. |
23. |
Tá an Moladh seo gan dochar do Threoir 2005/36/CE arna leasú le Treoir 2013/55/AE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint agus leis an gcóras aitheantais uathoibríoch dá bhforáiltear inti, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH atá le cur chun feidhme i gcomhréir le reachtaíocht agus tosaíochtaí réigiúnacha agus náisiúnta agus le reachtaíocht agus tosaíochtaí an Aontais, le himthosca náisiúnta agus leis na hacmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear an staid shocheacnamaíoch agus saintréithe an oideachais náisiúnta, na hoiliúna náisiúnta, na foghlama ar feadh an tsaoil agus na gcóras fostaíochta náisiúnta, agus i ndlúthchomhar le gach geallsealbhóir ábhartha:
Cuspóirí
1. |
Moltar do na Ballstáit cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr a ghlacadh arb é is cuspóir dó:
|
2. |
Moltar do na Ballstáit micridhintiúir a úsáid, i gcás inarb iomchuí, mar uirlis chun na deiseanna foghlama reatha a neartú agus a chomhlánú, chun rannpháirtíocht san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a mhéadú, agus mar chúnamh chun an sprioc go mbeadh 60 % den phobal lánfhásta páirteach i gcúrsaí oiliúna gach bliain a bhaint amach, mar a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus mar a d’fháiltigh ceannairí an Aontais roimhe agus arna fhormheas sa Rún ón gComhairle maidir le clár oibre nua Eorpach don fhoghlaim aosach 2021-2030 (20). |
Raon feidhme
3. |
Clúdaítear leis an Moladh seo micridhintiúir, chomh maith le beartais lena bhféadfar tacú le dearadh, le heisiúint agus le húsáid éifeachtach na micridhintiúr sin. |
4. |
Féadfar micridhintiúir a úsáid chun oideachas, oiliúint, foghlaim ar feadh an tsaoil agus éiceachórais infhostaitheachta a chomhlánú agus a fheabhsú. Is é is aidhm do na bearta a leagtar amach sa Mholadh seo deiseanna foghlama agus infhostaitheachta a neartú gan cur isteach ar na córais oideachais – oideachas tosaigh, ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET), agus gan an bonn a bhaint de cháilíochtaí agus céimeanna reatha ná iad a ionadú. Moltar sna bearta go mbunófaí cur chuige comhchoiteann Eorpach i leith sholáthar leanúnach na micridhintiúr san Aontas Eorpach agus i leith sholáthar na micridhintiúr atá ag teacht chun cinn agus leagtar amach ann sainiú agus treoir maidir le dearadh agus eisiúint micridhintiúr agus tuairisc orthu chun a gcáilíocht agus a dtrédhearcacht a fheabhsú, agus a nglacadh a éascú. |
Sainmhínithe
5. |
Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
Sainmhíniú agus Eilimintí Caighdeánacha Eorpacha le haghaidh tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúr
6. |
Moltar do na Ballstáit na nithe seo a leanas a ghlacadh agus a chur chun cinn:
|
An t-éiceachóras le haghaidh micridhintiúr a fhorbairt
7. |
Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, forbairt leanúnach na micridhintiúr agus forbairt na micridhintiúr atá ag teacht chun cinn laistigh de shuíomhanna foghlama foirmiúla a éascú, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
8. |
Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tacú le forbairt leanúnach na micridhintiúr agus forbairt na micridhintiúr atá ag teacht chun cinn laistigh de shuíomhanna foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
9. |
Moltar do na Ballstáit tacú le cáilíocht agus le trédhearcacht na micridhintiúr, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
10. |
Moltar do na Ballstáit comhar, rialachas agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha ina measc seo a leanas a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí, agus tacú leo:
Tá an turgnamh, an comhar, an rialachas agus an chomhpháirtíocht sin tábhachtach chun riachtanais a shainaithint maidir le micridhintiúir, chun micridhintiúir a fhorbairt i gcomhar, agus chun micridhintiúir a thabhairt cothrom le dáta, agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar uas-sciliú agus athoiliúint, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar fhorbairt gairmréime. |
Acmhainneacht na micridhintiúr a bhaint amach
11. |
Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, micridhintiúir a chomhtháthú i gcórais oideachais agus oiliúna agus i mbeartais scileanna, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
12. |
Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, micridhintiúir a chomhtháthú ina mbeartais fostaíochta agus ina mbeartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair (i.e. seirbhísí fostaíochta, tacaíocht oiliúna agus dreasachtaí fostaíochta), lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
13. |
Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do Líonra Eorpach na Lárionad Náisiúnta Faisnéise agus do na Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (líonraí ENIC-NARIC) nó do chomhlachtaí leordhóthanacha chun nósanna imeachta aitheantais trédhearcacha a fhorbairt, i gcás inarb ábhartha, do mhicridhintiúir arna n-eisiúint ag cineálacha éagsúla soláthraithe. Ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhar le geallsealbhóirí ábhartha a luaitear i mír 10, lena n-áirítear trí fhéachaint ar an bhféidearthacht a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le aithint uathoibríoch micridhintiúir (26). |
14. |
Moltar do na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, a áirithiú go n-ionchorprófar faisnéis agus comhairle maidir le micridhintiúir a aithint agus a roghnú laistigh de sheirbhísí treorach i dtaca leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil. Áirítear leis sin seirbhísí treorach i lárionaid ghairme na n-institiúidí ardoideachais, SPF, seirbhísí príobháideacha fostaíochta, seirbhísí sóisialta agus seirbhísí treorach eile (fostaíocht, gairm, oideachas agus oiliúint, cóitseáil). Ba cheart freastal ar riachtanais gach foghlaimeora, lena n-áirítear foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste agus foghlaimeoirí leochaileacha, tríd an treoir maidir le micridhintiúir a ionchorprú sna seirbhísí sin. |
15. |
Moltardo na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Tacaíocht ón gCoimisiún
Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún, agus aird chuí á tabhairt aige ar an gcoimhdeacht agus ar imthosca náisiúnta agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, an méid seo a leanas a dhéanamh:
16. |
uirlisí agus seirbhísí an Aontais atá ann cheana a fhorbairt agus a oiriúnú, i gcás inarb ábhartha, chun tacú le forbairt micridhintiúr ag gach cineál soláthraí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
17. |
tacú le comhar idir na Ballstáit agus geallsealbhóirí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
18. |
tacú le cur chun feidhme teicniúil an Mholta trí iniúchadh a dhéanamh ar fhorbairtí breise in ardán Europass chun an méid seo a leanas a sholáthar, i gcás inarb ábhartha:
|
19. |
tacú le tuilleadh taighde ar na nithe seo a leanas:
|
20. |
Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún oibriú i gcomhar le chéile chun feabhas a chur ar raon feidhme agus ar ábharthacht an bhailithe sonraí atá ar siúl cheana maidir le micridhintiúir ar leibhéal an Aontais. |
Tuairisciú
21. |
Moltar do na Ballstáit an Moladh seo a chur chun feidhme a luaithe is féidir. Iarrtar orthu na bearta comhfhreagracha atá le déanamh ar an leibhéal iomchuí chun tacú le cuspóirí an Mholta seo a chur in iúl don Choimisiún faoi mhí na Nollag 2023. |
22. |
Iarrtar ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an Mholta seo trí chreataí ábhartha faireacháin agus tuairiscithe an Aontais, gan aon ualach breise do na Ballstáit, i gcomhar leo agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, agus iarrtar air tuairisciú don Chomhairle laistigh de 5 bliana ó dháta a ghlactha. |
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 16 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
O. DUSSOPT
(1) IO L 379, 26.10.2021, lch. 1.
(2) IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.
(3) “[...] is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach, i gcomhréir le Dearbhú Porto, príomhspriocanna sin an Aontais atá i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta”, conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, EUCO 7/21.
(4) C(2021) 1372 final.
(5) COM(2020) 274 final.
(6) COM(2020) 625 final.
(7) IO C 417, 2.12.2020, lch. 1.
(8) IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.
(9) IO C 221, 10.6.2021, lch. 14.
(10) Communiqué Aireachta na Róimhe an 19 Samhain 2020.
(11) IO C 221, 10.6.2021, lch. 3.
(12) “[...] ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear le coincheap an gheilleagair ardán ar líne gach gníomhaíocht eacnamaíoch a eascraíonn as idirbhearta tráchtála iarbhír nó beartaithe sa mhargadh inmheánach agus a éascaítear go díreach nó go hindíreach le hardáin ar líne, go háirithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus innill chuardaigh ar líne”, Cinneadh ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2018 maidir leis an ngrúpa saineolaithe a chur ar bun don Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne C(2018) 2393 final, 26 Aibreán 2018, lch. 1.
(13) Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le dálaí oibre cothroma, cearta agus cosaint shóisialta d’oibrithe ardáin – cineálacha nua fostaíochta atá nasctha leis an bhforbairt dhigiteach (2019/2186(INI)), iarradh go dtabharfaí aghaidh ar oideachas agus oiliúint oibrithe ardáin i gcomhthéacs chur chuige an Aontais i leith micridhintiúr.
(14) COM(2020) 624 final.
(15) COM(2019) 640 final.
(16) IO C 189, 15.6.2017, lch. 15.
(17) IO C 398, 22.12.2012, lch. 1.
(18) SWD (2020) 121 final.
(19) IO L 112, 2.5.2018, lch. 42.
(20) IO C 504, 14.12.2021, lch. 9.
(21) Is é “foghlaim chumaisc” san oideachas agus san oiliúint fhoirmiúil an téarma a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt ar an gcás ina nglacann scoil, oideoir nó mac léinn níos mó ná cur chuige amháin i leith an phróisis foghlama.
(22) Sainmhíniú bunaithe ar an Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú IO C 398, 22.12.2012, lth. 1.
(23) Sainmhíniú a fuarthas i Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, IO L 189, 28.5.2021, lch. 1.
(24) Sainmhíniú a fuarthas i Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, IO L 189, 28.5.2021, lch. 1.
(25) IO C 221, 10.6.2021, lch. 14.
(26) Mar a sainíodh i Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haithint fhrithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear IO C 444, 10.12.2018, lch. 1.
IARSCRÍBHINN I
Eilimintí caighdeánacha Eorpacha le haghaidh tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúr
Áirítear san iarscríbhinn seo liosta eilimintí comhchoiteanna caighdeánacha Eorpacha le haghaidh tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúir a mholtar mar acmhainn chun tacú le cur chun feidhme (1).
Eilimintí éigeantacha: |
Sainaithint an fhoghlaimeora |
Teideal an mhicridhintiúir |
|
Tír nó tíortha/Réigiún nó réigiúin an eisitheora |
|
Comhlacht/comhlachtaí dámhachtana |
|
Dáta eisiúna |
|
Torthaí foghlama |
|
Ualach oibre barúlach is gá chun na torthaí foghlama a bhaint amach (i gcreidiúint ECTS, i gcás inar féidir) |
|
Leibhéal (agus timthriall, más infheidhme) an eispéiris foghlama a mbronntar an micridhintiúr ina leith (EQF, QF-EHEA), más infheidhme |
|
An cineál measúnaithe |
|
An cineál rannpháirtíochta sa ghníomhaíocht foghlama |
|
An cineál dearbhaithe cáilíochta a úsáidtear chun bonn taca a chur leis an micridhintiúr |
|
Eilimintí roghnacha, i gcás inarb ábhartha (liosta neamh-uileghabhálach) |
Réamhriachtanais is gá chun clárú sa ghníomhaíocht foghlama |
Maoirseacht agus fíorú céannachta le linn an mheasúnaithe (neamh-mhaoirsithe gan fíorú céannachta, faoi mhaoirseacht gan fíorú céannachta, faoi mhaoirseacht ar líne, nó ar an láthair le fíorú céannachta) |
|
An grád a baineadh amach |
|
Roghanna comhtháthaithe/inchruachtachta (ina micridhintiúir iontu féin, micridhintiúr neamhspleách/comhtháite, inchruachta i dtreo micridhintiúir eile) |
|
Tuilleadh faisnéise |
Áireofar na heilimintí caighdeánacha seo i samhail sonraí de chuid an Aontais (2) lena sonraítear formáid chomhchoiteann chun tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúir. Beidh an tsamhail sonraí ar fáil mar chaighdeán oscailte a bheidh le húsáid ag soláthraithe micridhintiúr, i gcás inarb ábhartha, agus d’fhéadfadh sí tacú le hidir-inoibritheacht agus le malartú níos éasca sonraí maidir le micridhintiúir.
Forbróidh an Coimisiún an tsamhail sonraí bunaithe ar na heilimintí caighdeánacha comhchoiteanna a liostaítear thuas. Forbróidh sé an tsamhail sonraí i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(i) |
i gcomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí; |
(ii) |
riachtanais úsáideoirí agus dul chun cinn teicneolaíoch; |
(iii) |
athruithe ar mhargaí saothair agus; |
(iv) |
cuir chuige atá ann cheana i leith oideachas agus oiliúint a sholáthar. |
Is é is aidhm don tsamhail sonraí seo tacú le comhsheasmhacht na faisnéise agus breisluach soiléir a léiriú. Rialófar an tsamhail sonraí le haghaidh micridhintiúr de réir Chinneadh Europass, go háirithe Airteagail 6(1)(b), 6(1)(d), agus 6(2)(b), ina n-iarrtar cheana féin ar an gCoimisiún caighdeáin oscailte a fhorbairt, a thástáil agus a thabhairt cothrom le dáta.
(1) Le húsáid eilimintí caighdeánacha Eorpacha chun tuairisc a thabhairt ar mhicridhintiúir, ní thugtar le tuiscint go ndéantar iad a bhailíochtú go hoifigiúil ná go dtugtar aitheantas oifigiúil dóibh, ach is príomhchumasóir é don bhailíochtú nó aitheantas sin.
(2) Is léirithe grafacha agus/nó foclóireachta ar shonraí iad samhlacha sonraí, lena sonraítear a n-airíonna, a struchtúr agus a n-idirghaoil. Úsáidtear iad mar chaighdeáin oscailte, tá siad saor in aisce agus trédhearcach, agus tá siad bunaithe ar chomhthoil.
IARSCRÍBHINN II
Prionsabail Eorpacha maidir le ceapadh agus eisiúint micridhintiúr
Leis an 10 bprionsabal a chuirtear i láthair thíos, sonraítear cineál na micridhintiúr agus tugtar comhairle do na Ballstáit, d’údaráis phoiblí agus do sholáthraithe maidir le ceapadh agus eisiúint micridhintiúr agus maidir le córais i dtaca le micridhintiúir. Cuirtear i dtábhacht sna prionsabail príomh-shaintréithe an chur chuige Eorpaigh i leith micridhintiúir lenar féidir iontaoibh agus cáilíocht na micridhintiúr a chumasú. Tá na prionsabail uilíoch agus féadfar iad a chur i bhfeidhm in aon réimse nó earnáil, más iomchuí.
1 |
Cáilíocht |
Tá micridhintiúir faoi réir dearbhú cáilíochta inmheánach agus seachtrach ag an gcóras a tháirgeann iad (e.g. comhthéacs an oideachais, na hoiliúna nó an mhargaidh saothair ina bhforbraítear agus ina soláthraítear an micridhintiúr). Ní mór do phróisis dearbhaithe cáilíochta a bheith oiriúnach don fheidhm, doiciméadaithe go soiléir agus inrochtana, agus ní mór dóibh freastal ar riachtanais agus ar ionchais na bhfoghlaimeoirí agus na ngeallsealbhóirí. Soláthraithe: Tá dearbhú cáilíochta seachtrach bunaithe go príomha ar an measúnú ar sholáthraithe (seachas cúrsaí aonair) agus ar éifeachtacht na nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta inmheánaigh. Ba cheart do na soláthraithe a áirithiú go gcumhdófar leis an dearbhú cáilíochta inmheánach na heilimintí uile seo a leanas:
Caighdeáin: Déantar dearbhú cáilíochta seachtrach i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
|
||||||||||||||||
2 |
Trédhearcacht |
Tá micridhintiúir intomhaiste, inchomparáide agus sothuigthe agus tá faisnéis shoiléir iontu maidir le torthaí foghlama, ualach oibre, ábhar, leibhéal agus an soláthar foghlama, de réir mar is ábhartha. Ualach oibre
Creataí/córais cáilíochtaí
Faisnéis maidir le soláthar na micridhintiúr Ba cheart do chórais le haghaidh micridhintiúr faisnéis thrédhearcach agus shoiléir a sholáthar, chun bheith mar bhonn taca le córais treorach le haghaidh foghlaimeoirí, i gcomhréir le cleachtais náisiúnta agus riachtanais na ngeallsealbhóirí:
|
||||||||||||||||
3 |
Ábharthacht |
Ba cheart micridhintiúir a cheapadh agus a eisiúint mar ghnóthachtálacha foghlama spriocdhírithe ar leith agus tugtar na deiseanna foghlama as a dtagann siad suas chun dáta de réir mar is gá, chun freastal ar riachtanais foghlama shainaitheanta. Spreagtar comhar idir eagraíochtaí oideachais agus oiliúna, fostóirí, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe agus úsáideoirí micridhintiúr eile chun ábharthacht na micridhintiúr don mhargadh saothair a mhéadú. |
||||||||||||||||
4 |
Measúnú bailí |
Déantar measúnú ar thorthaí foghlama micridhintiúr de réir critéir thrédhearcacha. |
||||||||||||||||
5 |
Conairí foghlama |
Déantar micridhintiúir a cheapadh agus a eisiúint chun tacú le conairí solúbtha foghlama, lena n-áirítear an fhéidearthacht micridhintiúir ó chórais éagsúla a aithint, a bhailíochtú agus a “chruachadh”. Inchruachtacht Tá micridhintiúir ceaptha le bheith modúlach ionas gur féidir micridhintiúir eile a chur leo chun micridhintiúir níos mó a chruthú. Is faoin eagraíocht is faighteoir (e.g. institiúidí oideachais agus oiliúna, fostóirí, etc.) atá sé cinntí a dhéanamh maidir le dintiúir a “chruachadh” nó a chomhcheangal i gcomhréir le cleachtais na heagraíochta agus ba cheart do na cinntí tacú le spriocanna agus le riachtanais an fhoghlaimeora. Ní chruthaíonn cruachadh teidlíocht uathoibríoch ar cháilíocht ná ar chéim. Is iad na húdaráis nó na hinstitiúidí réigiúnacha agus náisiúnta a dhéanann na cinntí sin i gcomhréir lena bpróisis dámhachtana. Foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú Is féidir micridhintiúir a fháil tar éis measúnú a bheith déanta ar thorthaí foghlama, a fhaightear trí chúrsa sonrach a mbronntar micridhintiúr ina leith, nó ar bhonn measúnaithe ar thorthaí foghlama a eascraíonn as an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil. |
||||||||||||||||
6 |
Aitheantas |
Tugann na micridhintiúir luach soiléir comharthaíochta do thorthaí foghlama modúl foghlama níos lú. Réitíonn an t-aitheantas an bealach do sholáthar níos leithne d’eispéiris foghlama den sórt sin ar bhealach inchomparáide ar fud an Aontais. Aithníonn na húdaráis inniúla na micridhintiúir, i gcás inar féidir, chun críoch acadúil, oiliúna nó fostaíochta bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil de réir na n-eilimintí caighdeánacha Eorpacha (Iarscríbhinn I) agus na bprionsabal maidir le ceapadh agus eisiúint na micridhintiúr (Iarscríbhinn II). Nuair a eisíonn soláthraithe oideachais fhoirmiúil micridhintiúir, aithnítear iad, i gcás inar féidir, bunaithe ar nósanna imeachta caighdeánacha aitheantais a úsáidtear chun cáilíochtaí eachtracha agus tréimhsí foghlama thar lear a aithint. Tá an méid sin gan dochar do cheart na n-údarás inniúil nósanna imeachta aitheantais a cheapadh nó chun barántúlacht doiciméad a fhíorú. |
||||||||||||||||
7 |
Inaistrithe |
Is leis an sealbhóir dintiúir (an foghlaimeoir) na micridhintiúir agus féadfaidh sé iad a stóráil agus a chomhroinnt go héasca, lena n-áirítear trí thiachóga digiteacha slána (e.g. Europass), i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá an bonneagar chun sonraí a stóráil bunaithe ar chaighdeáin oscailte agus ar shamhlacha sonraí. Áirithítear leis sin idir-inoibritheacht agus malartú faisnéise gan uaim, agus féadtar seiceálacha rianúla a dhéanamh ar bharántúlacht sonraí freisin. |
||||||||||||||||
8 |
Dírithe ar an bhfoghlaimeoir |
Tá micridhintiúir ceaptha freastal ar riachtanais spriocghrúpa na bhfoghlaimeoirí. Tá foghlaimeoirí páirteach sna próisis dearbhaithe cáilíochta inmheánacha agus sheachtracha agus cuirtear a n-aiseolas san áireamh mar chuid den fheabhas leanúnach ar an micridhintiúr. |
||||||||||||||||
9 |
Barántúil |
Tá faisnéis leordhóthanach i micridhintiúir chun céannacht an tsealbhóra dintiúir (an foghlaimeoir), céannacht dhlíthiúil an eisitheora, agus dáta agus áit eisiúna an mhicridhintiúir a sheiceáil. |
||||||||||||||||
10 |
Faisnéis agus treoir |
Ba cheart faisnéis agus comhairle maidir le micridhintiúir a ionchorprú i seirbhísí treorach i dtaca leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus ba cheart go sroichfidís na grúpaí foghlaimeoirí is leithne is féidir, ar bhealach cuimsitheach, agus tacaíocht á tabhairt don oideachas, don oiliúint agus do roghanna gairme. |