This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2333
Commission Implementing Decision (EU) 2022/2333 of 23 November 2022 concerning certain emergency measures relating to sheep pox and goat pox in Spain and repealing Implementing Decision (EU) 2022/1913 (notified under document C(2022) 8629) (Only the Spanish text is authentic) (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Spáinn agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8629) (Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Spáinn agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8629) (Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/8629
IO L 308, 29.11.2022, pp. 22–28
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023: This act has been changed. Current consolidated version:
10/08/2023
|
29.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 308/22 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2333 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Samhain 2022
maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Spáinn agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8629)
(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é bolgach caorach agus bolgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe de chineál caorach nó gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráige den ghalar sin in ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfaidh sé go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar na hainmhithe sin. |
|
(2) |
Sainmhínítear bolgach caorach agus bolgach gabhar mar ghalar de chatagóir A i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (2). Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe 2020/687 ón gCoimisiún (3) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882. Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear bolgach caorach agus bolgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe rialaithe galar a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta agus crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 ón gCoimisiún (4) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála le haghaidh na Spáinne i ndáil le ráigeanna de bholgach caorach agus de bholgach gabhar. |
|
(4) |
Go sonrach, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 go gcuimseoidh na criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag an mBallstát tar éis ráigeanna de bholgach caorach agus de bholgach gabhar, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 ann, thug an Spáinn fógra don Choimisiún faoi sheacht ráig bhreise de bholgach caorach agus de bholgach gabhar i mbunaíochtaí inar coimeádadh ainmhithe den chineál gabhair agus/nó den chineál caorach, bunaíochtaí atá lonnaithe i réigiúin na hAndalúise agus Castilla — La Mancha. Dá thoradh sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais don Spáinn san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, leasaíodh iad le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2004 ón gCoimisiún (5). |
|
(6) |
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2004 ann, thug an Spáinn fógra don Choimisiún faoi thrí ráig bhreise de bholgach caorach agus de bholgach gabhar i mbunaíochtaí inar coimeádadh ainmhithe den chineál caorach agus/nó den chineál gabhair, bunaíochtaí atá lonnaithe i réigiúin na hAndalúise. Tá na ráigeanna sin uile ann laistigh de na criosanna srianta atá bunaithe cheana féin i gcúige Granada, i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913, seachas ráig amháin atá ann i gcúige Almería. Is í an ráig sin an chéad ráig riamh i gcúige Almería, agus tá sí ann lasmuigh de na criosanna cosanta agus faireachais atá ann cheana. |
|
(7) |
Ar an iomlán, thug an Spáinn fógra faoi 19 ráig de bholgach caorach agus bolgach gabhar go dtí seo, ráigeanna atá scaipthe ar dhá bhraisle ar leithligh, braisle amháin acu i réigiún na hAndalúise agus an bhraisle eile i réigiún Castilla — La Mancha. I bhformhór na cásanna bíonn gaol eipidéimeolaíoch idir ráigeanna sa bhraisle chéanna, agus bíonn gné chomhchoiteann amháin nó níos mó acu. |
|
(8) |
Rinne údarás inniúil na Spáinne na bearta rialaithe galar is gá i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna sin. |
|
(9) |
Tá nuashonruithe á soláthar ag an Spáinn don Choimisiún go rialta i leith na staide eipidéimeolaíche maidir le bolgach caorach agus bolgach gabhar. Áirítear leis na nuashonruithe sin na bearta rialaithe galar a dhéanann an Spáinn agus a ndéanann an Coimisiún athbhreithniú orthu, chun measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, agus éabhlóid an ghalair á cur san áireamh. |
|
(10) |
Ina theannta sin, chuir an Spáinn an Coimisiún agus an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ar an eolas, in éagmais bearta maolaithe riosca atá dírithe go speisialta ar bholgach caorach agus ar bholgach gabhar in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus ag feitheamh le leasú ar an Iarscríbhinn sin, go gcuirfidh sí i bhfeidhm na bearta maolaithe riosca a leagtar amach san Iarscríbhinn sin le haghaidh ghalar an chraicinn chnapánaigh, maidir le feoil agus bainne ó ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach de thionscnamh na gcriosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin. Tá sé ráite ag an Spáinn gur gá di na bearta maolaithe riosca sin a dhéanamh a chuireann san áireamh an chosúlacht idir víreas na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar agus víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, dhá víreas a bhaineann leis an bhfine Poxviridae agus leis an ngéineas Capripoxvirus. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais don Spáinn san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913, ba cheart iad a choigeartú a thuilleadh, ó thaobh spáis agus/nó ama de, agus ba cheart crios srianta breise a bhunú, chun leathadh breise an ghalair a chosc sa Spáinn agus sa chuid eile den Aontas. Ba cheart éabhlóid dhifreálach an ghalair i réigiúin na hAndalúise agus Castilla-La Mancha a chur san áireamh leis an gcoigeartú sin. |
|
(12) |
Thairis sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, ba cheart iad a ghrúpáil agus dáta coiteann a leagan síos, le haghaidh gach braisle, a bheidh siad infheidhme go dtí, agus an dáta a tugadh an réamhghlanadh agus an réamhdhíghalrú deireanach i gcrích á chur san áireamh, ionas go ndearnadh réamhghlanadh agus réamhdhíghalrú i leith gach ráige laistigh den limistéar céanna, san Andalúis agus in Castilla - La Mancha araon. |
|
(13) |
I dteannta na gcriosanna cosanta agus faireachais, ba cheart crios srianta breise a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) pointe (c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, i réigiún na hAndalúise, áit nach bhfuil éabhlóid an ghalair chomh fabhrach céanna agus inar cheart don Spáinn bearta áirithe a chur i bhfeidhm, maidir le gluaiseachtaí caorach agus gabhar lasmuigh den chrios sin, d’fhonn cosc a chur ar leathadh an ghalair chuig an gcuid eile dá críoch. |
|
(14) |
Agus éabhlóid na staide eipidéimeolaíche a mhéid a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Spáinn á cur san áireamh, agus chun aon chur isteach neamhriachtanach ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair laistigh den Aontas a sheachaint, agus chun bacainní gan údar ar thrádáil ag tríú tíortha a sheachaint, is gá i gcónaí na criosanna srianta do bholgach caorach agus do bholgach gabhar a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais. Ba cheart criosanna cosanta agus faireachais a bheith sna criosanna srianta sin, mar aon le crios srianta breise sa Bhallstát sin. Dá réir sin, na limistéir a shainaithnítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais, agus crios srianta breise, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, sa Spáinn, ba cheart iad a liostáil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú. Ina theannta sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad. |
|
(15) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh seo a luaithe is féidir. |
|
(16) |
Ina theannta sin, agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Aontas a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Márta 2023. |
|
(17) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an gCinneadh seo, bunaítear an méid seo a leanas ar leibhéal an Aontais:
|
(a) |
na criosanna srianta ina bhfuil criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag an Spáinn tar éis ráig nó ráigeanna de bholgach caorach agus de bholgach gabhar sa Spáinn, mar aon le crios srianta breise i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; |
|
(b) |
fad na mbeart rialaithe galar atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, sna criosanna faireachais i gcomhréir le hAirteagal 55 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus sa chrios srianta breise i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán Tarmligthe sin. |
Airteagal 2
Criosanna srianta a bhunú
Áiritheoidh an Spáinn:
|
(a) |
go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach criosanna srianta ina bhfuil criosanna cosanta agus faireachais agus an crios srianta breise i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin agus in Airteagal 23 pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; |
|
(b) |
go gcuimseoidh na criosanna cosanta agus faireachais agus an crios srianta breise dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(c) |
go mbeidh feidhm ag na bearta i ngach crios srianta ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 3
Bearta sa chrios srianta breise
1. Gluaiseachtaí caorach agus gabhar ón gcrios srianta breise go dtí ceann scríbe lasmuigh den chrios srianta breise sin, ní fhéadfar iad a dhéanamh ach amháin má údaraíonn an t-údarás inniúil iad agus má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.
2. Na gluaiseachtaí seo a leanas maidir le caoirigh agus gabhair a choimeádtar sa chrios srianta breise lasmuigh den chrios sin laistigh de chríoch na Spáinne, féadfar iad a údarú:
|
(a) |
Gluaiseachtaí caorach agus gabhar díreach chuig seamlas lena marú láithreach; |
|
(b) |
Gluaiseachtaí caorach agus gabhar díreach chuig bunaíocht atá lonnaithe lasmuigh den chrios srianta breise, faoi na coinníollacha seo a leanas:
|
Airteagal 4
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 a aisghairm
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913.
Airteagal 5
Cur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Márta 2023.
Airteagal 6
Seolaí
Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir le bearta áirithe éigeandála a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Spáinn (IO L 261, 7.10.2022, lch. 53).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2004 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus le bolgach gabhar sa Spáinn (IO L 274, 24.10.2022, lch. 69)
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN
A. Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar ráigeanna deimhnithe
|
Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Réigiún na hAndalúise ES-CAPRIPOX-2022-00001 ES-CAPRIPOX-2022-00002 ES-CAPRIPOX-2022-00005 ES-CAPRIPOX-2022-00010 ES-CAPRIPOX-2022-00011 ES-CAPRIPOX-2022-00012 ES-CAPRIPOX-2022-00013 ES-CAPRIPOX-2022-00014 ES-CAPRIPOX-2022-00017 ES-CAPRIPOX-2022-00018 ES-CAPRIPOX-2022-00019 ES-CAPRIPOX-2022-00020 ES-CAPRIPOX-2022-00021 |
An crios cosanta: Na codanna sin de chúige Granada, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 37.6035642, domhanfhad -2.6936342 (2022/1); domhanleithead 37.5863689, domhanfhad -2.6521595 (2022/2); domhanleithead 37.6160813, domhanfhad -2.7256039 (2022/5); domhanleithead 37.5918176, domhanfhad -2.7417097 (2022/10); domhanleithead 37.5911331, domhanfhad -2.7418932 (2022/11); domhanleithead 37.6138680, domhanfhad -2.6847572 (2022/12); domhanleithead 37.5736795, domhanfhad -2.5279898 (2022/13); domhanleithead 37.5733174, domhanfhad -2.5275844 (2022/14); domhanleithead 37.5812026, domhanfhad -2.7483923 (2022/17); domhanleithead 37.6283137, domhanfhad -2.6993772 (2022/19), domhanleithead 37.6616591, domhanfhad -2.682593 (2022/20), domhanleithead 37.6108408, domhanfhad -2.6912363 (2022/21) Na codanna sin de chúige Almería, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 37.4808816, domhanfhad -2.3875457 (2022/18) |
5.12.2022 |
|
An crios faireachais: Na codanna sin de chúige Granada, lasmuigh den limistéar a dtugtar tuairisc air sa chrios cosanta agus atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 gciliméadar agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 37.6035642, domhanfhad -2.6936342 (2022/1); domhanleithead 37.5863689, domhanfhad -2.6521595 (2022/2); domhanleithead 37.6160813, domhanfhad -2.7256039 (2022/5); domhanleithead 37.5918176, domhanfhad -2.7417097 (2022/10); domhanleithead 37.5911331, domhanfhad -2.7418932 (2022/11); domhanleithead 37.6138680, domhanfhad -2.6847572 (2022/12); domhanleithead 37.5736795, domhanfhad -2.5279898 (2022/13); domhanleithead 37.5733174, domhanfhad -2.5275844 (2022/14); domhanleithead 37.5812026, domhanfhad -2.7483923 (2022/17); domhanleithead 37.6283137, domhanfhad -2.6993772 (2022/19), domhanleithead 37.6616591, domhanfhad -2.682593 (2022/20), domhanleithead 37.6108408, domhanfhad -2.6912363 (2022/21) Na codanna sin de chúige Almería, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 37.4808816, domhanfhad -2.3875457 (2022/18) |
14.12.2022 |
|
|
An crios faireachais: Na codanna sin de chúige Granada, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 37.6035642, domhanfhad -2.6936342 (2022/1); domhanleithead 37.5863689, domhanfhad -2.6521595 (2022/2); domhanleithead 37.6160813, domhanfhad -2.7256039 (2022/5); domhanleithead 37.5918176, domhanfhad -2.7417097 (2022/10); domhanleithead 37.5911331, domhanfhad -2.7418932 (2022/11); domhanleithead 37.6138680, domhanfhad -2.6847572 (2022/12); domhanleithead 37.5736795, domhanfhad -2.5279898 (2022/13); domhanleithead 37.5733174, domhanfhad -2.5275844 (2022/14); domhanleithead 37.5812026, domhanfhad -2.7483923 (2022/17); domhanleithead 37.6283137, domhanfhad -2.6993772 (2022/19), domhanleithead 37.6616591, domhanfhad -2.682593 (2022/20), domhanleithead 37.6108408, domhanfhad -2.6912363 (2022/21) Na codanna sin de chúige Almería, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 37.4808816, domhanfhad -2.3875457 (2022/18) |
6.12.2022 – 14.12.2022 |
|
|
Réigiún Castilla – La Mancha ES-CAPRIPOX-2022-00003 ES-CAPRIPOX-2022-00004 ES-CAPRIPOX-2022-00006 ES-CAPRIPOX-2022-00007 ES-CAPRIPOX-2022-00008 ES-CAPRIPOX-2022-00009 ES-CAPRIPOX-2022-00015 ES-CAPRIPOX-2022-00016 |
An crios cosanta: Na codanna sin de chúige Cuenca, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 39.5900156, domhanfhad -2,6593263 (2022/3); domhanleithead 39.5928739, domhanfhad -2,6693747 (2022/4); domhanleithead 39.6168798, domhanfhad -2.6208532 (2022/6); domhanleithead 39.5855338, domhanfhad -2.6638083 (2022/7); domhanleithead 39.5852137, domhanfhad -2.6648247 (2022/8); domhanleithead 39.5941535, domhanfhad -2.6691450 (2022/9); domhanleithead 39.5929735, domhanfhad -2.6707458 (2022/15); domhanleithead 39.5947196, domhanfhad -2.6688651 (2022/16) |
14.11.2022 |
|
An crios faireachais: Na codanna sin de chúige Cuenca, lasmuigh den limistéar a dtugtar tuairisc air sa chrios cosanta agus atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 gciliméadar agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 39.5900156, domhanfhad -2,6593263 (2022/3); domhanleithead 39.5928739, domhanfhad -2,6693747 (2022/4); domhanleithead 39.6168798, domhanfhad -2.6208532 (2022/6); domhanleithead 39.5855338, domhanfhad -2.6638083 (2022/7); domhanleithead 39.5852137, domhanfhad -2.6648247 (2022/8); domhanleithead 39.5941535, domhanfhad -2.6691450 (2022/9); domhanleithead 39.5929735, domhanfhad -2.6707458 (2022/15); domhanleithead 39.5947196, domhanfhad -2.6688651 (2022/16) |
23.11.2022 |
|
|
An crios faireachais: Na codanna sin de chúige Cuenca, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 39.5900156, domhanfhad -2,6593263 (2022/3); domhanleithead 39.5928739, domhanfhad -2,6693747 (2022/4); domhanleithead 39.6168798, domhanfhad -2.6208532 (2022/6); domhanleithead 39.5855338, domhanfhad -2.6638083 (2022/7); domhanleithead 39.5852137, domhanfhad -2.6648247 (2022/8); domhanleithead 39.5941535, domhanfhad -2.6691450 (2022/9); domhanleithead 39.5929735, domhanfhad -2.6707458 (2022/15); domhanleithead 39.5947196, domhanfhad -2.6688651 (2022/16) |
15.11.2022 – 23.11.2022 |
B. Criosanna srianta breise
|
Réigiún |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna srianta breise, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Réigiún na hAndalúise |
Crios srianta breise ina bhfuil na limistéir seo a leanas. I gCúige Granada, na bardasachtaí seo a leanas:
I gCúige Almería, na bardasachtaí seo a leanas:
|
16.1.2023 |