EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1201

Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin

PE/43/2022/REV/1

IO L 186, 13.7.2022, p. 1–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 23/09/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1201/oj

13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 186/1


CINNEADH (AE) 2022/1201 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2022

lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Meán Fómhair 2017, tháinig comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin (2), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, i bhfeidhm. Ós rud é gur aithin Comhairle na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 peirspictíocht Eorpach na hÚcráine agus gur chinn sí stádas tír is Iarrthóir a thabhairt don Úcráin, ba cheart a mheas go bhfuil an Úcráin incháilithe chun cúnamh macrairgeadais a fháil ón Aontas.

(2)

In earrach 2014, thug an Úcráin faoi chlár uaillmhianach um athchóiriú arb é is aidhm dó a geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár oibre, tá an comhrac i gcoinne an éillithe chomh maith le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha. Tugadh tacaíocht do chur chun feidhme na n-athchóirithe sin le sé chlár cúnaimh macrairgeadais as a chéile, faoina bhfuair an Úcráin cúnamh i bhfoirm iasachtaí dar luach EUR 6,2 billiún san iomlán. Leis an gcúnamh macrairgeadais éigeandála is déanaí, a cuireadh ar fáil i gcomhthéacs an teannais atá ag méadú ag an teorainn leis an Rúis, de bhun Chinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugadh EUR 1,2 billiún d’iasachtaí don Úcráin a eisíocadh in dhá thráthchuid de EUR 600 milliún i mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2022.

(3)

Is é cogadh fogha na Rúise gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 is cúis leis an gcailleadh rochtain ar an margadh san Úcráin agus an laghdú ollmhór ar ioncam poiblí na hÚcráine, agus tá méadú suntasach tagtha ar an gcaiteachas poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil agus chun leanúnachas na seirbhísí Stáit a choimeád. Sa chás éiginnte agus luaineach seo, is léir ó na meastacháin is fearr ó thaobh riachtanais chistiúcháin na hÚcráine ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) go bhfuil bearna urghnách chistiúcháin de thart ar USD 39 mbilliún ann in 2022 agus d’fhéadfaí tuairim is leath de sin a bhaint amach dá n-eiseofaí go hiomlán an tacaíocht idirnáisiúnta a gealladh go dtí seo. Maidir le soláthar pras cúnaimh macrairgeadais don Úcráin ón Aontas faoin gCinneadh seo a bheith ina chéad chéime de chur chun feidhme an chúnaimh macrairgeadais iomláin eisceachtúil, meastar gur freagairt ghearrthéarmach iomchuí é, faoi na dálaí eisceachtúla atá ann faoi láthair, ar riachtanais chistiúcháin is práinní na hÚcráine agus ar na rioscaí suntasacha do chobhsaíocht mhacrairgeadais na tíre sin. Tá an cúnamh macrairgeadais ón Aontas le tacú le cobhsaíocht airgeadais na hÚcráine agus le hathléimneacht láithreach na tíre sin a neartú, agus dá bhrí sin, cuirtear le hinbhuanaitheacht fiachais phoiblí na hÚcráine agus lena cumas a cuid oibleagáidí airgeadais a aisíoc sa deireadh.

(4)

Déantar méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a chinneadh faoin gCinneadh seo, agus cúnamh macrairgeadais iomlán eisceachtúil atá beartaithe á chur san áireamh an tráth ceanna, bunaithe ar mheasúnú cainníochtúil ar na riachtanais chistiúcháin sheachtraigh atá fós ag an Úcráin, measúnú a rinneadh i gcomhar le CAI agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile, agus cuirtear san áireamh cumas na hÚcráine í féin a mhaoiniú lena hacmhainní dílse féin. Maidir leis an gcinneadh sin, cuirtear san áireamh freisin na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó dheontóirí déthaobhacha agus ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile de chuid an Aontais san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine. Ba cheart tiomantas Údaráis na hÚcráine do dhlúthchomhar leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le bearta éigeandála gearrthéarmacha a cheapadh agus a chur chun feidhme a aithint, mar aon leis an rún atá acu oibriú leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le clár eacnamaíoch iomchuí, nuair a bheidh na dálaí ann chuige sin. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag cúnamh macrairgeadais an Aontais cobhsaíocht mhacrairgeadais agus athléimneacht a choinneáil ar bun i gcúinsí an chogaidh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an cúnamh macrairgeadais ón Aontas i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na mbeart a glacadh laistigh de réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(5)

Leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, ba cheart tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Úcráin. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile i rith na hoibríochta cúnaimh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(6)

Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Úcráin nach mór don Úcráin sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine. Níor cheart, de bharr an chogaidh, agus go háirithe staid an dlí airm atá ann faoi láthair, cuir isteach ar na prionsabail sin, d’ainneoin chomhchruinniú na cumhachta sa bhrainse feidhmiúcháin.

(7)

Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, ba cheart don Úcráin bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus le haon neamhrialtacht eile a chosc agus a chomhrac i dtaca leis an gcúnamh sin. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa chomhaontú iasachta go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha, go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, agus go bhfeidhmeodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí, i gcomhréir le hAirteagail 129 agus 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (“an Rialachán Airgeadais”).

(8)

Ba cheart tacaíocht macrairgeadais ón Aontas faoin gCinneadh seo, mar chéad chéim de chur chun feidhme an chúnaimh mhacrairgeadais iomlán eisceachtúil atá beartaithe don Úcráin, a bheith nasctha le ceanglais tuairiscithe dhiana, atá le leagan amach i meabhrán tuisceana. Is é is ceart a bheith d’aidhm ag na ceanglais tuairiscithe dhianasin, faoi dhálaí an chogaidh atá ann faoi láthair, a áirithiú go ndéanfar na gcistí a úsáid ar bhealach éifeachtúil trédhearcach agus cuntasach. Maidir le coinníollacha beartais, ar cheart é a bheith d’aidhm acu athléimneacht láithreach na hÚcráine a neartú mar aon lena hinbhuanaitheacht fiachais fhadtéarmach, agus ar an gcaoi sin, na rioscaí a bhaineann le haisíoc a hoibleagáidí airgeadais gan íoc, agus a hoibleagáidí airgeadais a bheidh ann amach anseo, a laghdú, beidh sí nasctha le hoibríochta cúnaimh macrairgeadais a bheidh ann amach anseo.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(10)

Dliteanas airgeadais don Aontas is ea é an cúnamh macrairgeadais de suas le EUR 1 bhilliún faoin gCinneadh seo, laistigh de mhéid foriomlán na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 210(3) den Rialachán Airgeadais, táthar lena mheas go bhfuil na dliteanais theagmhasacha a eascraíonn ó na ráthaíochtaí buiséadacha, nó ón gcúnamh airgeadais arna n-íoc ón mbuiséad, inbhuanaithe, má tá an t-athrú ilbhliantúil atá tuartha dóibh comhoiriúnach leis na teorainneacha arna socrú le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (7) agus le huasteorainn na leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (8). Chun cur ar chumas an Aontais tacaíocht shuntasach a thabhairt don Úcráin trí trí chúnamh macrairgeadais ar bhealach atá sábháilte ó thaobh airgeadais de, agus seasamh ard creidmheasa an Aontais á chaomhnú ag an am céanna, agus, dá bhrí sin, a chumas maoiniú éifeachtach a chur ar fáil i gcomhthéacs a bheartas inmheánach agus seachtrach araon, tá sé ríthábhachtach buiséad an Aontais a chosaint go leormhaith ó theacht chun cinn na ndliteanas teagmhasach sin agus a áirithiú go mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de réir bhrí Airteagal 210(3) den Rialachán Airgeadais.

(12)

I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, is gá, sula ndéanfar tabhairt faoi iasachtaí breise faoin gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil a sholáthar don Úcráin, athléimneacht an chiste don soláthar coiteann a atreisiú le hacmhainní atá i gcomhréir leis na rioscaí a eascraíonn ó na dliteanais theagmhasacha a bhaineann le tacaíocht macrairgeadais an Aontais don Úcráin faoin gCinneadh seo. Gan atreisiú den sórt sin, ní bheadh buiséad an Aontais in ann, ar bhonn atá sábháilte ó thaobh airgid de, an cúnamh a chur ar fáil le haghaidh na riachtanas atá ag an Úcráin a bhaineann leis an gcogadh. Chun buiséad an Aontais a chosaint, bunaithe ar an measúnú reatha, maidir leis an gcumhdach atá beartaithe d’iasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil de suas le EUR 8,8 billiún don Úcráin, lena n-áirítear an tráthchuid seo de EUR 1 bhilliún, ba cheart é a bheith ag 70 % de luach na hiasachta.

(13)

Ar an mbonn sin, ba cheart an ráta soláthair don iasacht de EUR 1 bhilliún a shocrú ag 70 %, seachas an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 31(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/947 a chur i bhfeidhm. Ba cheart an méid comhfhreagrach de EUR 700 milliún a mhaoiniú ón gclúdach airgeadais do chláir gheografacha faoi Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart an méid sin a ghealladh agus a íoc isteach in urrann ar leith den chiste don soláthar coiteann sa tréimhse go dtí 2027.

(14)

I bhfianaise an mhéadaithe ar ráta soláthair na tráthchoda seo de chúnamh macrairgeadais an Aontais arna tacú leis na ráthaíochtaí, is iomchuí go ndéanfar an dliteanas airgeadais ón gcúnamh macrairgeadais faoin gCinneadh seo a bhainistiú ar leithligh ó dhliteanais airgeadais eile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Thairis sin, tá sé beartaithe úsáid a bhaint as an soláthar a chuirtear ar leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil le cúnamh macrairgeadais faoin gCinneadh seo le haghaidh dliteanais airgeadais faoin gCinneadh seo, agus chuige sin amháin, seachas i gcomhréir leis an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 31(6) de Rialachán (AE) 2021/947. Ina dhiaidh sin, ba cheart an soláthar a chuirtear ar leataobh i ndáil le cúnamh macrairgeadais faoin gCinneadh seo a eisiamh ó chur i bhfeidhm an ráta soláthair iarbhír a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 213 den Rialachán Airgeadais.

(15)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon cúnamh macrairgeadais an Aontaisa sholáthar don Úcráin d’fhonn tacú, go háirithe, le hathléimneacht agus cobhsaíocht eacnamaíoch na tíre sin agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(16)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla arb é cogadh míleata na Rúise gan chúis gan údar is cúis leo, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(17)

I bhfianaise chruachás na hÚcráine a bhfuil cogadh foghach na Rúise ina chúis leis, agus chun tacú léi ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí maolú ar Airteagal 220(5) pointe (e), den Rialachán Airgeadais agus a cheadú go mbeidh an deis ag an Aontas na costais ráta úis a bhaineann leis an iasacht faoin gCinneadh seo a chumhdach agus na costais riaracháin a bheidh le hiompar ag an Úcráin murach sin a tharscaoileadh. Ba cheart an fóirdheontas ráta úis a dheonú, ar bhonn eisceachtúil, mar ionstraim a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú de réir bhrí Airteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais agus ba cheart é a íoc as buiséad an Aontais. Le linn thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart an fóirdheontas ráta úis a íoc as an gclúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), an chéad fhleasc, de Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart anÚcráin a bheith in ann an fóirdheontas ráta úis agus an tarscaoileadh ar chostais riaracháin a iarraidh gach bliain faoi dheireadh mhí Mhárta. Ionas go mbeidh solúbthacht ann maidir le haisíoc na príomhshuime, ba cheart é a bheith indéanta freisin na hiasachtaí gaolmhara conarthacha thar ceann an Aontais a thar-rolladh , de mhaolú ar Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais.

(18)

I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais d’uasmhéid EUR 1 000 billiún a chur ar fáil don Úcráin (“an cúnamh macrairgeadais ón Aontas”), d’fhonn tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine. Is i bhfoirm iasachta a sholáthrófar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Úcráin.

2.   Chun an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Úcráin. Beidh meánaibíocht uasta 25 bliana ag gabháil leis an iasacht.

3.   Déanfar an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a) an chéad fhleasc, de Rialachán (AE) 2021/947 a úsáid chun costais na n-íocaíochtaí úis a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais le linn thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a chumhdach mar fhóirdheontas ráta úis dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Chinneadh seo.

4.   Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a scaoilfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí ar thángthas orthu idir an Coimisiún agus an Úcráin in MT dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairt maidir leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus cuirfidh sé na doiciméid ábhartha ar fáil do na hinstitiúidí sin in am trátha.

6.   Cuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar fáil go ceann tréimhse 12 mhí ag tosú ar an gcéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

7.   Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas á eisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh a laghdú nó cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó ar ceal.

Airteagal 2

1.   Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Úcráin, ní mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas, go háirithe sula ndéanfar eisíocaíochtaí, agus na himthosca san Úcráin agus na hiarmhairtí a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí airm ann á gcur san áireamh freisin.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (9).

Airteagal 3

1.   Comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar leis an Úcráin ceanglais tuairiscithe atá sainithe go soiléir agus a bhfuil an cúnamh macrairgeadais ón Aontas nasctha leo. Déanfar na ceanglais tuairiscithe a leagan amach sa Mheabhrán Tuisceana (MT)agus a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 8(2).

2.   Beidh sé d’aidhm ag na ceanglais tuairiscithe a áirithiú, go háirithe, go ndéanfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontais a úsáid ar bhealach éifeachtúil trédhearcach agus cuntasach. Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar chur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe sin.

3.   Is i gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin a leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas.

4.   Fíoróidh an Coimisiún, go tráthrialta, cur chun feidhme chúnamh macrairgeadais an Aontais agus go háirithe cur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe atá leagtha amach sa MT. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí an fhíoraithe sin.

Airteagal 4

1.   Faoi réir na gceanglas dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur ar fáil in aon tráthchuid amháin, agus sin i bhfoirm iasachta. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tráthchlár chun an tráthchuid a eisíoc. Féadfar an tráthchuid a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

2.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh an tráthchoda faoi réir a mheasúnaithe ar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1) a urramú;

(b)

teacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana, lena ndéanfar foráil maidir le córas tuairiscithe is infheidhme le linn thréimhse iomlán na hiasachta a chur ar bun.

3.   I gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i mír 2, déanfaidh an Coimisiún eisíoc an chúnaimh macrairgeadais ón Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal, nó déanfaidh sé bearta iomchuí de bhun an chomhaontaithe iasachta. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcealú.

4.   Is le Banc Náisiúnta na hÚcráine, i bprionsabal, a eisíocfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas. Faoi réir na bhforálacha atá le comhaontú sa MT, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoiniúcháin bhuiséadaigh iarmharach, féadfar cistí an Aontais a eisíoc chuig Aireacht Airgeadais na hÚcráine ina cáil mar an tairbhí deiridh.

Airteagal 5

1.   Déanfar na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 220 den Rialachán Airgeadais.

2.   De mhaolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an tAontas ús a iompar, trí fhóirdheontas ráta úis, agus costais riaracháin a dheonú a bhaineann le hiasacht a fháil agus a thabhairt, cé is moite de chostais a bhaineann le haisíoc luath na hiasachta, i ndáil leis na hiasachtaí faoin gCinneadh seo.

3.   Féadfaidh an Úcráin fóirdheontas ráta úis agus cumhdach na gcostas riaracháin a iarraidh ar an Aontas faoi dheireadh mhí an Mhárta gach bliain.

4.   I gcás inar gá, de mhaolú ar Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún na hiasachtaí gaolmhara a ndéanamh conradh ina leith thar ceann an Aontais a thar-rolladh.

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

Airteagal 6

Le linn chur chun feidhme chúnamh macrairgeadais an Aontais, déanfaidh an Coimisiún a athmheasúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, a fhónta agus atá socruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

Airteagal 7

1.   Maidir lei cúnamh macrairgeadais an Aontais a sholáthraítear i bhfoirm iasachta faoin gCinneadh seo, beidh feidhm ag ráta soláthair 70 % in ionad na rialach ginearálta a leagtar amach in Airteagal 31(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/947.

2.   In ionad na rialach ginearálta a leagtar amach in Airteagal 31(6) de Rialachán (AE) 2021/947, déanfar na dliteanais airgeadais ó chúnamh macrairgeadais an Aontais a thugtar i bhfoirm iasachta faoin gCinneadh seo a chumhdach ar leithligh ó dhliteanais airgeadais eile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus an soláthar atá curtha i leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil le cúnamh macrairgeadais an Aontais a thugtar i bhfoirm iasachta faoin gCinneadh seo, ní úsáidfear iad ach amháin le haghaidh na ndliteanas airgeadais a eascraíonn as sin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 213 den Rialachán Airgeadais, ní bheidh feidhm ag an ráta soláthair iarbhír maidir leis an soláthar a chuirtear ar leataobh sa chiste soláthair coiteann i ndáil le cúnamh macrairgeadais an Aontais a chuirtear ar fáil i bhfoirm iasachta faoin gCinneadh seo.

Airteagal 8

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 9

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh an Coimisiún, mar chuid dá thuarascáil bhliantúil, measúnú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur chun feidhme;

(b)

measúnú ar an staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine, chomh maith le measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(1);

(c)

léiriú a thabhairt ar an nasc idir na ceanglais agus na coinníollacha a leagtar amach sa MT, staid macrairgeadais leanúnach na hÚcráine, agus cinneadh an Choimisiúin maidir le tráthchuid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a scaoileadh.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse infhaighteachta, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022.

(2)  Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin (IO L 55, 28.2.2022, lch. 4).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(8)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(9)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).


Top