Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0533

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/533 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Colóime leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/2189

    IO L 105, 4.4.2022, p. 60–62 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/533/oj

    4.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 105/60


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/533 ÓN gCOIMISIÚN

    an 1 Aibreán 2022

    lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Colóime leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Rannchuidítear freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

    (2)

    Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na Colóime do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na Colóime do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

    (3)

    An 21 Meán Fómhair 2021, chuir Poblacht na Colóime faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe COVID-19 idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú faoin gcóras dar teideal “MINSALUD DIGITAL”. Chuir Poblacht na Colóime in iúl don Choimisiún go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Poblacht na Colóime in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht a Colóime i gcomhréir leis an gcóras “MINSALUD DIGITAL”.

    (4)

    Chuir Poblacht na Colóime in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

    (5)

    An 18 Márta 2022, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Phoblacht na Colóime, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na Colóime i gcomhréir le córas, an córas “MINSALUD DIGITAL”, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na Colóime i gcomhréir leis an gcóras “MINSALUD DIGITAL”.

    (6)

    Ina theannta sin, chuir Poblacht na Colóime in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair tá Comirnaty, Vaxzevria, CoronaVac, Spikevax agus COVID-19 Vaccine Janssen.

    (7)

    Chuir Poblacht na Colóime in iúl don Choimisiún freisin nach n-eisíonn sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha.

    (8)

    Thairis sin, chuir Poblacht na Colóime in iúl don Choimisiún nach n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh.

    (9)

    Ina theannta sin, chuir Poblacht na Colóime in iúl don Choimisiún go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun vacsaíniú, stádas an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí i bPoblacht na Colóime, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

    (10)

    Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Colóime i gcomhréir leis an gcóras “MINSALUD DIGITAL” a mheastar gur deimhniú é atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

    (11)

    Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na Colóime i gcomhréir leis an gcóras “MINSALUD DIGITAL”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/953.

    (12)

    Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Poblacht na Colóime a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

    (13)

    Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur ar fionraí nó é a aisghairm, i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

    (14)

    Chun Poblacht na Colóime a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (15)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na Colóime i gcomhréir leis an gcóras “MINSALUD DIGITAL” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

    Airteagal 2

    Déanfar Poblacht na Colóime a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Aibreán 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).


    Top