Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2201

Rialachán (AE) 2021/2201 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

ST/14436/2021/INIT

IO L 446, 14.12.2021, pp. 1–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2201/oj

14.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 446/1


RIALACHÁN (AE) 2021/2201 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do Chinneadh (CBES) 2017/1775 agus déantar foráil maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine áirithe arna n-ainmniú ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“Comhairle Slándála”) nó ag Coiste ábhartha Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a reo mar dhaoine atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais, nó atá comhpháirteach iontu, atá ina mbagairt ar shíocháin, ar shlándáil nó ar chobhsaíocht Mhailí nó atá ag gabháil dóibh, go díreach nó go hindíreach.

(2)

Bunaítear le Cinneadh (CBES) 2021/2208 (3) critéir maidir le liostú uathrialach an Aontais.

(3)

Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2021/2208, go háirithe chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach ag oibreoirí eacnamaíocha sna Ballstáit uile a áirithiú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1770 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1770 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

1.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha go léir ar le duine nádúrtha nó dlítheanach iad, nó le heintiteas, comhlacht nó grúpa a liostaítear in Iarscríbhinn I nó Iarscríbhinn Ia agus atá ina seilbh, faoina gcoimeád nó á rialú acu, déanfar iad a reo.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis, nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia, ná ní chuirfear chun sochair dóibh iad.”;

(2)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach, i ndiaidh Airteagal 2:

“Airteagal 2a

1.   Áireofar in Iarscríbhinn I daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a shainaithníonn an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí mar a leanas:

(a)

eintiteas a ghlacann páirt sa chogaíocht de shárú ar an gComhaontú maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí (“an Comhaontú”);

(b)

eintiteas a dhéanann gníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada a dhéanamh, nó a bhagraíonn ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe;

(c)

eintiteas a ghníomhaíonn le haghaidh nó thar ceann daoine aonair nó faoina dtreoir, nó ag tabhairt tacaíocht nó maoiniú dóibh ar shlí eile, agus eintitis a shainaithnítear faoi phointe (a) nó pointe (b), lena n-áirítear trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil drugaí támhshuanacha agus a réamhtheachtaithe de thionscnamh Mhailí nó iad a bheith ar idirthuras trí Mhailí, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, smuigleáil arm agus gáinneáil ar mhaoin chultúrtha;

(d)

páirt a ghlacadh i bpleanáil, i stiúradh, in urraíocht, nó i gcoinne ionsaithe a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(i)

na heintitis éagsúla dá dtagraítear sa Chomhaontú, lena n-áirítear institiúidí áitiúla, réigiúnacha agus stáit, patról comhpháirteach agus fórsaí slándála agus cosanta Mhailí;

(ii)

coimeádaithe síochána Mhisean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe (Minusma) agus na Náisiúin Aontaithe agus an pearsanra gaolmhar, lena n-áirítear comhaltaí an Phainéil Saineolaithe;

(iii)

láithreacht slándála idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Force Conjointe des Etats du G5 Sahel (FC-G5S), Misin an Aontais Eorpaigh agus fórsaí na Fraince;

(e)

bac a chur ar chúnamh daonnúil a thabhairt do Mhailí, nó ar chúnamh daonnúil a fháil nó a dháileadh i Mailí;

(f)

gníomhartha lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta, de réir mar is infheidhme, nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear gníomhartha lena ndírítear ar shibhialtaigh, lena n-áirítear mná nó leanaí, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh, trí ghníomhartha foréigin a dhéanamh (lena n-áirítear marú, caimsiú, céasadh, éigniú nó foréigean gnéasach eile), fuadach, fuadach éigeantach, easáitiú éigeantach, nó ionsaithe ar scoileanna, ar ospidéil, ar láithreacha reiligiúnacha, nó ar láithreacha ina bhfuil tearmann á lorg ag sibhialtaigh;

(g)

leanaí a úsáid nó a earcú ag grúpaí armtha nó ag fórsaí armtha, de shárú ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, i gcomhthéacs na coinbhleachta armtha i Mailí; nó

(h)

taisteal an duine liostaithe a éascú go feasach de shárú ar na srianta taistil.

2.   Beidh in Iarscríbhinn I na forais atá le daoine, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a liostú.

3.   Beidh in Iarscríbhinn I freisin, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha lena n-áirítear ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin agus áit ghnó.

Airteagal 2b

1.   Áireofar in Iarscríbhinn Ia na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí arna n-ainmniú ag an gComhairle ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

a bheith freagrach as na gníomhaíochtaí nó na beartais a bhagraíonn ar shíocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí, nó a bheith comhpháirteach iontu, amhail na gníomhaíochtaí nó na beartais sin dá dtagraítear in Airteagal 2a, mír 1, nó a bhí ag gabháil, go díreach nó go hindíreach, do na gníomhaíochtaí nó do na beartais sin, nó

(b)

bac a chur ar an aistriú polaitiúil Mhailí a chur i gcrích go rathúil nó an bonn a bhaint den aistriú sin, lena n-áirítear trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó tríd an gcumhacht a aistriú chuig údaráis thofa nó tríd an mbonn a bhaint de na toghcháin sin nó

(c)

a bheith bainteach le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b).

2.   Áireofar in Iarscríbhinn Ia na forais chun na daoine agus na heintitis dá dtagraítear inti a liostú.

3.   Beidh in Iarscríbhinn Ia freisin, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nó na heintitis nó lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le heintitis, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin agus áit ghnó.”;

(3)

in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;”;

(4)

in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

go bhfuil siad ceaptha go heisiach chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a choinneáil ar bun ar bhonn rialta; agus”;

(5)

in Airteagal 3, mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí:

“i gcás ina mbaineann an t-údarú le duine, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I agus ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann don Choiste Smachtbhannaí faoin gcinneadh sin agus faoin rún atá aige údarú a dheonú, agus in éagmais cinneadh diúltach ón gCoiste Smachtbhannaí laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra sin a fháil.”;

(6)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

“2.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann riachtanach le haghaidh costais urghnácha, más amhlaidh:

(a)

i gcás ina mbaineann an t-údarú le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá liostaithe in Iarscríbhinn I, gur chuir údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an cinneadh sin in iúl don Choiste Smachtbhannaí agus gur fhormheas an Coiste sin an cinneadh; agus

(b)

i gcás ina mbaineann an t-údarú le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, go mbeidh fógra tugtha ag an mBallstát lena mbaineann do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoi na forais ar a measann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú a dheonú.

3.   De mhaolú ar Airteagal 2, maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas agus comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi cibé coinníollacha is iomchuí leo, ar choinníoll go gcinnfidh an Coiste Smachtbhannaí ar bhonn gach cáis faoi leith go gcuirfeadh maolú den sórt sin le cuspóirí na síochána agus an athmhuintearais náisiúnta i Mailí agus leis an gcobhsaíocht sa réigiún.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(7)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 3:

“Airteagal 3a

1.   De mhaolú ar Airteagal 2 agus, maidir le duine, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch daonnúil, amhail seachadadh an chúnaimh a chur ar fáil nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó aistriú na n-oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnuithe as Mailí.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 3b

1.   De mhaolú ar Airteagal 2, agus maidir le duine, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad is iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go ndéanfar na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann a íoc isteach i gcuntas nó ó chuntas misin taidhleoireachta nó consalacha áirithe nó a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé beartaithe na híocaíochtaí taidhleoireachta nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a íoc le haghaidh nó ó chuntas misean taidhleoireachta nó consalach nó eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit a údarú cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó Iarscríbhinn Ia, nó do chistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó Iarscríbhinn Ia, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha ina n-ábhar dóibh seo a leanas:

(i)

le haghaidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, cinneadh breithiúnach, riaracháin nó eadrána arna bhunú roimh an dáta a bhí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2a san áireamh in Iarscríbhinn I, nó de lian breithiúnach, riaracháin nó eadrána a tugadh roimh an dáta sin;

(ii)

le haghaidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i Airteagal 2b a áireamh in Iarscríbhinn Ia, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun leas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia é an cinneadh nó an lian;

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh nó an lian a aithint; agus

(e)

i gcás duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, thug Ballstát an chinnidh nó an liain fógra don Choiste Smachtbhannaí maidir leis an gcinneadh nó maidir leis an lian.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1), agus ar choinníoll gur íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:

(a)

go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I nó Iarscríbhinn Ia; agus,

(b)

nach sárú ar Airteagal 2(2) í an íocaíocht sin.

2.   I gcás duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, tabharfaidh an Ballstát ábhartha fógra don Choiste Smachtbhannaí maidir leis an rún údarú a dheonú 10 lá oibre roimh ré.

3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(10)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) maidir le cuntais reoite i leith an mhéid seo a leanas:

(a)

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a áireamh in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá liostaithe in Iarscríbhinn Ia faoi bhreitheanna breithiúnacha, riaracháin nó eadrána arna dtabhairt san Aontas nó is féidir a fhorfheidhmiú sa Bhallstát lena mbaineann,

ar choinníoll go ndéanfar aon ús den sórt sin, aon tuilleamh eile agus aon íocaíocht den sórt sin a reo i gcomhréir le hAirteagal 2.”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(1), pointe (a):

“(a)

daoine ainmnithe nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn Ia;”;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12a

1.   I gcás ina liostóidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbannaí duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, áireoidh an Chomhairle in Iarscríbhinn I duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht den sórt sin.

2.   Bunóidh an Chomhairle liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí in Iarscríbhinn Ia.

3.   Cuirfidh an Chomhairle a cinneadh, lena n-áirítear na forais atá leis an liostú, in iúl don duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, más eol an seoladh nó, nó trí fhógra a fhoilsiú, lena dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a thíolacadh.

4.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach, nó ina gcuirfear fianaise shubstaintiúil nua i láthair, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar a cinneadh agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht ar an eolas dá réir sin.

5.   I gcás ina ndéanfaidh na Náisúin Aontaithe cinneadh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a dhíliostú, nó leasú a dhéanamh ar shonraí aitheantais duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta, déanfaidh an Chomhairle Iarscríbhinn I a leasú dá réir sin.

6.   Déanfar athbhreithniú ar an liosta in Iarscríbhinn Ia go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.

7.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn II ar bhonn na faisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit.”;

(13)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 13:

“Airteagal 13a

1.   Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear ar na cúraimí sin:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn Ia a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn Ia a ullmhú;

(c)

a mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún:

(i)

ábhair Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn Ia a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;

(ii)

próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

2.   Ní fhéadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí sonraí ábhartha a phróiseáil, nuair is infheidhme, ar sonraí iad a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine nó le bearta slándála i ndáil leis na daoine sin, ach a mhéid is gá an phróiseáil sin a dhéanamh chun Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn Ia a ullmhú.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, déantar an Chomhairle, an tseirbhís de chuid an Choimisiúin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus an tArdionadaí a shannadh mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

(*1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn I:

Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2a ”;

(15)

cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach i ndiaidh Iarscríbhinn I:

“IARSCRÍBHINN Ia

Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2b

.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 251, 29.9.2017, lch. 23.

(2)  Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/2208 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (Féach leathanach 44 den Iris Oifigiúil seo).


Top