EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1821

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1821 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2021 lena nglactar le hiarraidh ar chóir an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

C/2021/7351

IO L 369, 19.10.2021, p. 5–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1821/oj

19.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 369/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1821 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Deireadh Fómhair 2021

lena nglactar le hiarraidh ar chóir an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (“an bun-Rialachán”) (1),

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2), agus go háirithe Airteagal 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

A.   NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM

(1)

An 13 Bealtaine 2013, d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine (“an táirge lena mbaineann”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle (“an Rialachán bunaidh”) (3).

(2)

An 12 Iúil 2019, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún síneadh 5 bliana eile le bearta an Rialacháin bunaidh trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún.

(3)

An 28 Samhain 2019, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ón gCoimisiún (4).

(4)

Cuireadh sampláil i bhfeidhm san imscrúdú bunaidh chun táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

(5)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne, d’fhorchuir an Coimisiún rátaí dleachta frithdhumpála aonair idir 13,1 % agus 23,4 % (5) ar allmhairí an táirge lena mbaineann. Forchuireadh ráta dleachta 17,9 % ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla, liostaítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131. Thairis sin, forchuireadh ráta dleachta 36,1 % ar bhonn náisiúnta ar an táirge lena mbaineann ó chuideachtaí i nDaon-Phoblacht na Síne nár chuir iad féin in aithne ná nár chomhoibrigh leis an imscrúdú.

(6)

De bhun Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú tríd an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla a dheonú do tháirgeoir onnmhairiúcháin nua, eadhon an meánráta dleachta ualaithe 17,9 %, i gcás inar leor an fhianaise a thugann táirgeoir onnmhairiúcháin nua i nDaon-Phoblacht na Síne don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe ar a mbunaítear na bearta, is é sin ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2011), (“tréimhse an imscrúdaithe bunaidh”);

(b)

nach bhfuil gaol aige le haon onnmhaireoir ná táirgeoir i nDaon-Phoblacht na Síne atá faoi réir bearta frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198; agus

(c)

go ndearna sé an táirge lena mbaineann a onnmhairiú iarbhír chuig an Aontas nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh thréimhse an imscrúdaithe bunaidh.

B.   IARRAIDH AR CHÓIR AN TÁIRGEORA ONNMHAIRIÚCHÁIN NUA

(7)

Chuir an chuideachta Liling Taichang Ceramics Co., Ltd. (“Taichang” nó “an t-iarratasóir”) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí cóir an táirgeora onnmhairiúcháin nua (“NEPT”) di agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha i nDaon-Phoblacht na Síne nár áiríodh sa sampla, is é sin 17,9 %. Mhaígh an t-iarratasóir gur chomhlíon sé na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

(8)

Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha chun go ndeonófaí NEPT dó, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 (“coinníollacha NEPT”), chuir an Coimisiún ceistneoir ar dtús chuig an iarratasóir inar iarradh fianaise air a léiríonn gur chomhlíon sé coinníollacha NEPT.

(9)

Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfreagra ar an gceistneoir, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus fianaise tacaíochta, rud a chuir an t-iarratasóir faoina bhráid.

(10)

D’fhéach an Coimisiún le gach faisnéis a mheas sé a raibh gá léi a dheimhniú lena chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir coinníollacha NEPT. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach ina fhreagra ar an gceistneoir trí bhunachair sonraí éagsúla ar líne a cheadú lena n-áirítear Qichacha (6) agus trí fhaisnéis a bhaineann leis an gcuideachta a chros-seiceáil leis an bhfaisnéis atá ar fáil don phobal ar an idirlíon. I gcomhthráth, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais ar an eolas faoin iarraidh ón iarratasóir agus d’iarr sé air barúlacha a thabhairt, i gcás inar ghá. Thug tionscal an Aontais barúlacha agus cuireadh san áireamh iad.

C.   ANAILÍS AR AN IARRAIDH

(11)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, nár onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe ar a mbunaítear na bearta, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe nárbh ann do chuideachta an iarratasóra an tráth sin. I mí an Mhárta 2016, bunaíodh Airteagail Chomhlachais Taichang agus a cheadúnas gnó. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe agus ar an gcaoi sin, comhlíonann sé an coinníoll sin.

(12)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 nach bhfuil gaol ag an iarratasóir le haon onnmhaireoir ná táirgeoir atá faoi réir bearta frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe nach bhfuil gaol ag Taichang le haon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne atá faoi réir na mbeart frithdhumpála. De réir Qichacha, maidir le Zhou Jianxiang, arb é an príomh-scairshealbhóir in Taichang é, ní scairshealbhóir é in aon chuideachta a bhfuil baint aici le táirgeadh, próiseáil, díol ná ceannach an táirge lena mbaineann seachas Taichang féin. Is leis an gcuideachta gaolmhar Liling Taichang Carton Factory (“Taichang Carton”), arb é Zhou Jianxiang an t-aon scairshealbhóir amháin atá aici, atá na scaireanna eile de chuid na cuideachta.

(13)

Taichaing Carton, a bunaíodh i mí Eanáir 2014, i.e. tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, bhí baint aige le próiseáil an táirge lena mbaineann le haghaidh tríú cuideachtaí go dtí mí an Mhárta 2017. I mí an Mhárta 2017, d’aistrigh Taichang Carton na saoráidí táirgthe ábhartha go dtí an t-iarratasóir mar ranníocaíocht chaipitil ina cháil mar scairshealbhóir. Ina dhiaidh sin, chuir Taichang Carton deireadh lena oibriú féin. Níor shainaithin an Coimisiún gurbh ann d’aon ghaol mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (7). Dá bhrí sin, comhlíonann an t-iarratasóir an coinníoll seo.

(14)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge iarbhír chuig an Aontas nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe go raibh an t-iarratasóir i mbun onnmhairiú chuig an Aontas in 2019 agus in 2020, tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh. Chuir an t-iarratasóir sonraisc isteach, mar aon le billí luchta agus admhálacha íocaíochta ar thrí ordú a rinne cuideachta sa Fhrainc. Dá bhrí sin, comhlíonann an t-iarratasóir an coinníoll seo.

(15)

Dá réir sin, comhlíonann an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófar NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 agus ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarratas. Dá réir sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 17,9 % le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla le linn an imscrúdaithe bunaidh.

D.   NOCHTADH

(16)

Cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na fíricí agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a measadh gurbh iomchuí an ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla den imscrúdú bunaidh a dheonú do Liling Taichang Ceramics Co., Ltd.

(17)

Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(18)

Tá an Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an chuideachta seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ina bhfuil liosta de na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla:

Cuideachta

TARIC cód breise

Liling Taichang Ceramics Co., Ltd.

C685

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO L 189, 15.7.2019, lch. 8.

(3)  IO L 131, 15.5.2013, lch. 1.

(4)  IO L 321, 12.12.2019, lch. 139.

(5)  Tar éis Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 a ghlacadh, tá na rátaí aonair idir 13,1 % agus 18,3 %.

(6)  Is bunachar sonraí príobháideach brabúsach atá faoi úinéireacht na Síne é Qichacha a sholáthraíonn sonraí gnó, faisnéis chreidmheasa, agus anailísíocht do thomhaltóirí nó do ghairmithe maidir le cuideachtaí príobháideacha agus cuideachtaí poiblí atá bunaithe sa tSín.

(7)  Leagtar amach in Airteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558) (Cód Custaim an Aontais Eorpaigh), go measfar gaol a bheith ag beirt i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú duine; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; (h) más daoine ón teaghlach céanna iad. Ní mheasfar gaol a bheith ag daoine atá i mbun gnó le chéile nuair is gníomhaire aonair, dáileoir aonair nó lamháltóir aonair duine acu, cibé tuairisc a dhéantar air, de chuid an duine eile ach amháin má thagann siad faoi na critéir dá dtagraítear san abairt roimhe seo.


Top