This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1469
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1469 of 10 September 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2020/2235 as regards the addition of a new model certificate for products of animal origin that originate in the Union, are moved to a third country or territory and moved back to the Union after unloading, storage and reloading in that third country or territory, amending Implementing Regulation (EU) 2021/404 as regards the list of third countries authorised for entry into the Union of products of animal origin originated in and returning to the Union from a third country or territory, and amending Implementing Regulation (EU) 2021/405 as regards the list of third countries or regions thereof authorised for entry into the Union of products of animal origin and certain goods originated in and returning to the Union from a third country or region thereof (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1469 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhniú caighdeánach nua a chur leis le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó chuig tríú críoch agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis an liosta de na tríú tíortha a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, ar táirgí de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas ó thríú tír nó ó thríú críoch, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann leis an liosta de na tríú tíortha nó réigiúin díobh a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas, ar táirgí agus earraí de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas ó thríú tíortha nó réigiúin di (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1469 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhniú caighdeánach nua a chur leis le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó chuig tríú críoch agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis an liosta de na tríú tíortha a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, ar táirgí de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas ó thríú tír nó ó thríú críoch, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann leis an liosta de na tríú tíortha nó réigiúin díobh a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas, ar táirgí agus earraí de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas ó thríú tíortha nó réigiúin di (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/6590
IO L 321, 13.9.2021, pp. 21–31
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
13.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 321/21 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1469 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhniú caighdeánach nua a chur leis le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó chuig tríú críoch agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis an liosta de na tríú tíortha a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, ar táirgí de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas ó thríú tír nó ó thríú críoch, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann leis an liosta de na tríú tíortha nó réigiúin díobh a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas, ar táirgí agus earraí de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas ó thríú tíortha nó réigiúin di
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1), Airteagal 238(3) agus Airteagal 239(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 90, an chéad mhír, pointe (a) agus pointe (e), agus Airteagal 126(3) agus Airteagal 127(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le galair ainmhithe is in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine, lena n-áirítear ceanglais i dtaca le sláinte ainmhithe a dheimhniú go hoifigiúil le haghaidh gluaiseachtaí éagsúla ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear ceanglais i dtaca lena dtabhairt isteach san Aontas. Déantar na ceanglais sin a bhaineann hainmhithe beo, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas a shonrú a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (3). |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos rialacha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de, i measc nithe eile, rialacha maidir le sábháilteacht bia ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh, mar aon le ceanglais maidir le sláinte agus leas ainmhithe agus seachtháirgí ainmhithe. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (4) leagtar síos deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe oifigiúla i dtaobh teacht isteach san Aontas ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch, táirgí ilchodacha, táirgí geirmeacha, seachtháirgí ainmhithe, péacán lena gcaitheamh ag an duine agus síolta a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun péacáin lena gcaitheamh ag an duine a tháirgeadh. |
|
(4) |
Mar sin féin, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, níl aon deimhniú caighdeánach lena gcumhdófaí teacht isteach san Aontas na dtáirgí agus na n-earraí sin, ar táirgí agus earraí de thionscnamh an Aontas iad agus a aistrítear chuig tríú tír nó chuig tríú críoch, agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe. Dá bhrí sin, is gá an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le deimhnithe caighdeánacha den sórt sin agus chun aon bhriseadh míchuí trádála a sheachaint i gcásanna den sórt sin. |
|
(5) |
In Airteagal 229 de Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ag teacht isteach san Aontas a theacht ó thríú tír nó ó thríú críoch, nó ó chrios nó deighleog díobh, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin. |
|
(6) |
Déanann Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó thríú críocha nó ó chriosanna díobh, nó ó dheighleoga díobh i gcás ainmhithe dobharshaothraithe. Le hAirteagal 3, an chéad mhír, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, foráiltear nach ceadmhach coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha ná táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a theacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó thríú tír nó ó thríú críoch, nó ó chrios nó ó dheighleog di, a liostaítear le haghaidh an speicis áirithe sin ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha áirithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch áirithe i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe. |
|
(7) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (5) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh, nó i gcás ainmhithe dobharshaothraithe, de dheighleoga díobh, ónar ceadmhach na speicis agus na catagóirí ainmhithe sin agus na catagóirí sin de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. |
|
(8) |
Déantar foráil in Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir leis an liosta de na tríú tíortha a údaraítear maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch ar de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas tar éis a n-iompartha trí thríú tír nó tríú críoch. Ba cheart an Iarscríbhinn sin a leasú chun go liostófar na tríú tíortha nó na tríú críocha a údaraítear maidir le coinsíneachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch de thionscnamh an Aontais a theacht isteach san Aontas, ar coinsíneachtaí iad a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a stórála sna tríú tíortha nó tríú críocha sin, agus chun coinníollacha sonracha is gá a chomhlíonadh i gcásanna den sórt sin a shannadh. |
|
(9) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2017/625 nach dtiocfaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe isteach san Aontas ach ó thríú tír nó réigiún sa tír sin atá ar liosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún chun na críche sin. |
|
(10) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (6), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a bhfuil siad beartaithe lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais ábhartha a bhunaítear sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625 nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad. |
|
(11) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (7), leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin ónar ceadmhach táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas agus forlíontar na liostaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis. Chun gur féidir táirgí de bhunadh ainmhíoch nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a leasú chun go liostófar na tríú tíortha nó na réigiúin a údaraítear maidir le coinsíneachtaí na dtáirgí sin de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe de thionscnamh an Aontais a theacht isteach san Aontas, ar coinsíneachtaí iad a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a stórála sna tríú tíortha nó sna réigiúin sin, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, (AE) 2021/404 agus (AE) 2021/405 a leasú dá réir. |
|
(13) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 mar a leanas:
|
1. |
cuirtear isteach an tAirteagal 30a seo a leanas idir Airteagal 30 agus Airteagal 31. “Airteagal 30a Deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil caighdeánach i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas, ar táirgí agus earraí de thionscnamh an Aontais iad a aistrítear chuig tríú tír nó tríú críoch agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin An deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 1(3), pointe (b)(i), atá le húsáid i dtaobh táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe de thionscnamh an Aontais a theacht isteach san Aontas, ar táirgí agus earraí iad a aistrítear chuig tríú tír nó chuig tríú críoch agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch, beidh an deimhniú sin ag comhfhreagairt don deimhniú caighdeánach STORAGE-TC-PAO arna tharraingt suas i gcomhréir leis an deimhniú caighdeánach a leagtar amach i gCaibidil 53 d’Iarscríbhinn III.”; |
|
2. |
leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Cuirtear isteach an tAirteagal 26a seo a leanas idir Airteagal 26 agus Airteagal 27 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
“Airteagal 26a
Liosta de na tríú tíortha a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas, ar de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó réigiún di agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír sin nó i réigiún di
I gcás coinsíneachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe de thionscnamh an Aontais a aistrítear ó thríú tír nó réigiún di agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír sin nó i réigiún di, ní údarófar iad maidir le teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin díobh a údaraítear maidir le teacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE.”.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 mar a leanas:
|
1. |
i liosta na ndeimhnithe, cuirtear catagóir nua leis i ndiaidh na hiontrála “TRANSIT-COMP”, dar teideal “idirthuras tríd an Aontas chuig tríú tír nó chuig tríú críoch, tríd an idirthuras a dhéanamh láithreach nó tar éis táirgí ilchodacha a stóráil san Aontas”:
|
||||
|
2. |
cuirtear isteach an Chaibidil 53 seo a leanas i ndiaidh Chaibidil 52: “CAIBIDIL 53 DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE/OIFIGIÚIL CAIGHDEÁNACH I dTACA LE TÁIRGÍ DE BHUNADH AINMHÍOCH AGUS EARRAÍ ÁIRITHE A THEACHT ISTEACH SAN AONTAS, AR TÁIRGÍ AGUS EARRAÍ DE THIONSCNAMH AN AONTAIS IAD A AISTRÍTEAR CHUIG TRÍÚ TÍR NÓ TRÍÚ CRÍOCH AGUS A AISTRÍTEAR AR AIS CHUIG AN AONTAS TAR ÉIS A nDÍLUCHTAITHE, A STÓRÁLA AGUS A nATHLUCHTAITHE SA TRÍÚ TÍR NÓ SA TRÍÚ CRÍOCH SIN (DEIMHNIU CAIGHDEÁNACH STORAGE-TC-PAO)
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
1. |
i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, le Geansaí, le hOileán Mhanann agus le Geirsí:
|
|
2. |
i gCuid 3, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann leis an gcoinníoll sonrach “Ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach”, agus roimh an iontráil “Coinsíneachtaí uisceacha - Ón Rúis chuig an Rúis”:
|