EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1139

Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004

PE/53/2021/INIT

IO L 247, 13.7.2021, p. 1–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1139/oj

13.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42, Airteagal 43(2), Airteagal 91(1), Airteagal 100(2), Airteagal 173(3), Airteagal 175, Airteagal 188, Airteagal 192(1), Airteagal 194(2), Airteagal 195(2) agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2)

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (“CEMID”) a bhunú don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027 chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil (“CAI 2021-2027”) a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (4). Leis an Rialachán seo, ba cheart tosaíochtaí CEMID, a bhuiséad agus na rialacha sonracha maidir le cistiú ón Aontas a sholáthar a leagan síos, agus ar an dóigh sin na rialacha ginearálta is infheidhme maidir le CEMID faoi Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chomhlánú. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag CEMID cistiú ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt don Comhbheartas Iascaigh (CBI), do bheartas muirí an Aontais agus do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais i réimse an rialachais aigéan. Is áis thábhachtach é an cistiú sin le haghaidh iascaigh inbhuanaithe agus chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara, le haghaidh na slándála bia trí bhíthin earraí bia mara a sholáthar, le haghaidh fás geilleagair ghoirm inbhuanaithe agus le haghaidh farraigí agus aigéin atá sláintiúil, sábháilte, slán, glan agus a bhainistítear go hinbhuanaithe.

(2)

Mar ghníomhaí domhanda aigéan agus mar cheann de na táirgeoirí bia mara is mó ar domhan, tá freagracht mhór ar an Aontas na haigéin agus na hacmhainní atá iontu a chosaint, a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe. Go deimhin, tá sé ríthábhachtach na farraigí agus na haigéin a chaomhnú do dhaonra an domhain, daonra atá ag fás go mear. Is chun leas socheacnamaíoch an Aontais é freisin toisc, le geilleagar gorm inbhuanaithe, cuirtear borradh faoi infheistíochtaí, faoi phoist agus faoin bhfás, cothaítear taighde agus nuálaíocht agus rannchuidítear leis an tslándáil fuinnimh trí fhuinneamh an aigéin. Ina theannta sin, tá rialú éifeachtach ag teorainneacha agus an comhrac domhanda in aghaidh na coireachta muirí riachtanach le haghaidh farraigí sábháilte slána agus aigéin shábháilte shlána, agus mar sin, tugtar aghaidh ar ábhair imní na saoránach i ndáil leis an tslándáil.

(3)

Glacadh Rialachán (AE) 2021/1060 chun feabhas a chur ar an gcomhordú a dhéantar ar thacaíocht ó Chistí faoi bhainistíocht roinnte (“na Cistí”), agus chun comhchuibhiú a dhéanamh ar chur chun feidhme na tacaíochta sin, agus é mar phríomhaidhm dó seachadadh beartas a shimpliú ar bhealach comhleanúnach. Tá feidhm ag an Rialachán sin maidir leis an gcuid de CEMID atá faoi bhainistíocht roinnte. Leis na Cistí, saothraítear cuspóirí comhlántachta agus is ionann modh bainistíochta dóibh ar fad. Dá bhrí sin, le Rialachán (AE) 2021/1060, leagtar síos sraith cuspóirí coiteanna ginearálta agus prionsabail ghinearálta amhail an chomhpháirtíocht agus an rialachas il-leibhéal. Tá eilimintí coiteanna na pleanála straitéisí agus an chlársceidealaithe straitéisigh ann chomh maith, lena n-áirítear forálacha maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta atá le tabhairt i gcrích le gach Ballstát, agus leagtar amach ann cur chuige coiteann maidir le díriú feidhmíochta na gCistí. Dá réir sin, leagtar amach leis coinníollacha cumasúcháin, athbhreithniú feidhmíochta agus socruithe maidir le faireachán, tuairisciú agus meastóireacht. Lena chois sin, leagtar amach leis forálacha coiteanna maidir le rialacha incháilitheachta, agus bunaítear socruithe speisialta d'ionstraimí airgeadais, d'úsáid InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), d'fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus do bhainistíocht airgeadais. Baineann roinnt socruithe bainistíochta agus rialaithe leis na Cistí uile. Ba cheart tuairisc a thabhairt sa Chomhaontú Comhpháirtíochta ar chomhlántachtaí idir na Cistí, lena n-áirítear CEMID, agus cláir eile de chuid an Aontais, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060.

(4)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir le CEMID. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(5)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(6)

Faoi bhainistíocht dhíreach, le CEMID, ba cheart sineirgí agus comhlántachtaí a fhorbairt le cistí agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart dó maoiniú a cheadú freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais mar chuid d'oibríochtaí measctha arna gcur chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2021/523.

(7)

Ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith ag tacaíocht faoi CEMID, inter alia, trí aghaidh a thabhairt, ar bhealach comhréireach, ar chlistí margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamaí agus níor cheart, de dheasca na tacaíochta sin, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná níor cheart an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach.

(8)

Ba cheart feidhm a bheith ag Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE maidir leis an gcabhair arna deonú ag na Ballstáit do ghnóthais san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe faoin Rialachán seo. Mar sin féin, i bhfianaise shaintréithe na hearnála sin, níor cheart feidhm a bheith ag na hAirteagail sin maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag Ballstáit de bhun an Rialacháin seo agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE.

(9)

Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú ar bhonn an chumais atá iontu na tosaíochtaí a leagtar amach i gcomhair na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach, agus, go háirithe, costais na rialuithe, an t-ualach riaracháin agus an riosca neamhchomhlíonta a bhfuiltear ag súil leis á gcur san áireamh. Chuige sin, ba cheart féachaint an bhféadfaí úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(10)

Foráiltear i CAI 2021-2027 go bhfuiltear, le buiséad an Aontais, chun leanúint de thacaíocht a thabhairt do bheartais mhuirí agus iascaigh. Ba cheart gur EUR 6 108 000 000 i bpraghsanna reatha a bheadh i mbuiséad CEMID. Ba cheart acmhainní CEMID a roinnt idir bainistíocht roinnte agus bainistíocht dhíreach agus indíreach. Ba cheart EUR 5 311 000 000 a leithdháileadh ar thacaíocht faoi bhainistíocht roinnte agus ba cheart EUR 797 000 000 a leithdháileadh ar thacaíocht faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach. Chun cobhsaíocht a áirithiú, go háirithe i ndáil le cuspóirí CBI a bhaint amach, ba cheart an sainiú ar leithdháiltí náisiúnta faoin bhainistíocht roinnte do chlárthréimhse 2021-2027 a bheith bunaithe ar chuótaí 2014-2020 faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (8) (“CEMI”). Ba cheart méideanna sonracha a choimeád do na réigiúin is forimeallaí, do rialú agus forfheidhmiú, agus chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil le haghaidh bainistiú iascaigh agus chun críoch eolaíoch, agus ba cheart uasteorainn a chur le méideanna le haghaidh infheistíochtaí áirithe i soithigh iascaireachta agus le haghaidh scor buan agus scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta.

(11)

Tá breis agus 5 mhilliún duine fostaithe in earnáil mhuirí na hEorpa agus gineann sin beagnach EUR 750 000 000 000 i láimhdeachas agus EUR 218 000 000 000 in oll-bhreisluach in aghaidh na bliana, agus tá poitéinseal san earnáil chéanna i bhfad níos mó post a chruthú. Meastar gurb é EUR 1 300 000 000 000 an luach ar aschur an gheilleagair dhomhanda aigéan, agus d'fhéadfadh sé sin a bheith breis agus a dhá oiread níos mó faoi 2030. An gá spriocanna CO2 a bhaint amach, éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú agus lorg an gheilleagair ghoirm ar an gcomhshaol a laghdú, is mór an spreagadh a bhí sa ghá sin don nuálaíocht in earnálacha eile amhail an trealamh muirí, an tógáil long, an bhreathnóireacht aigéan, an dreidireacht, an chosaint cósta agus an tógáil muirí. Cuireadh infheistíocht sa gheilleagar muirí ar fáil trí chistí struchtúracha an Aontais, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus CEMID. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as uirlisí nua infheistíochta, amhail InvestEU, chun poitéinseal fáis na hearnála muirí a shásamh.

(12)

Ba cheart CEMID a bheith bunaithe ar cheithre thosaíocht: an t-iascach inbhuanaithe agus athbhunú agus caomhnú acmhainní bitheolaíocha uisceacha a chothú; gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe agus próiseáil agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chothú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le slándáil bia san Aontas; geilleagar gorm inbhuanaithe a chumasú i gceantair chósta, oileánacha agus intíre, agus forbairt na bpobal iascaireachta agus dobharshaothraithe a chothú; an rialachas idirnáisiúnta aigéan a neartú agus farraigí agus aigéin atá sábháilte, slán, glan agus a bhainistítear go hinbhuanaithe a chumasú. Ba cheart na tosaíochtaí sin a shaothrú tríd an mbainistíocht roinnte, dhíreach agus indíreach.

(13)

Ba cheart CEMID a bheith bunaithe ar ailtireacht shimplithe gan bearta agus rialacha mionsonraithe incháilitheachta a réamhshainiú ar leibhéal an Aontais ar bhealach atá saintreorach. Ina ionad sin, ba cheart tuairisc a thabhairt ar réimsí leathana tacaíochta faoi gach tosaíocht. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a gcláir a ullmhú ina léirítear an bealach is oiriúnaí chun na cuspóirí sin a bhaint amach. D'fhéadfaí tacaíocht a thabhairt do réimse beart a shainaithníonn na Ballstáit sna cláir sin faoi na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2021/1060, ar choinníoll go bhfuil siad cumhdaithe leis na cuspóirí sonracha a shainaithnítear sa Rialachán seo. Mar sin féin, is gá liosta d'oibríochtaí neamh-incháilithe a leagan amach chun tionchar díobhálach ar an gcaomhnú iascaigh a sheachaint. Chomh maith leis sin, ba cheart d'infheistíochtaí agus do chúiteamh le haghaidh an chabhlaigh a bheith coinníollach ar bhealach docht ar iad a bheith ag teacht le cuspóirí caomhnaithe CBI.

(14)

I gClár Oibre don Fhorbairt Inbhuanaithe 2030 na Náisiún Aontaithe (“Clár Oibre 2030”), sainaithníodh caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n-aigéan mar cheann de na 17 sprioc forbartha inbhuanaithe (SFInna), eadhon SFI 14 (“Na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inmharthana ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe”). Tá an tAontas tiomanta go hiomlán don sprioc sin agus dá cur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, tá sé geallta aige geilleagar gorm inbhuanaithe a chur chun cinn a thagann leis an bpleanáil spásúil mhuirí, le caomhnú na n-acmhainní bitheolaíocha agus le baint amach dea-stádais comhshaoil mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), mar aon le toirmeasc a chur ar chineálacha áirithe fóirdheontas iascaigh a chuireann leis an ró-acmhainneacht agus leis an ró-iascaireacht, deireadh a chur le fóirdheontais a chuireann leis an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) agus gan fóirdheontais nua den sórt sin a thabhairt isteach. Ba cheart gurb é sin an dara toradh a thiocfaidh as an idirbheartaíocht laistigh den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) i ndáil le fóirdheontais iascaigh. Chomh maith leis sin, mar chuid d'idirbheartaíocht EDT ag Cruinniú Mullaigh Domhanda 2002 maidir le Forbairt Inbhuanaithe agus ag Comhdháil 2012 na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe (Rio+20), gheall an tAontas go gcuirfí deireadh le fóirdheontais a chuireann leis an ró-acmhainneacht iascaigh agus leis an ró-iascaireacht.

(15)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, agus an tiomantas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart, leis na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, rannchuidiú le baint amach na sprice go gcaithfí 30 % den chaiteachas iomlán faoi CAI 2021-2027 ar phríomhshruthú na gcuspóirí aeráide agus ba cheart rannchuidiú freisin leis an uaillmhian go gcuirfí 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI 2021-2027 ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2024 agus go gcuirfí 10 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI 2021-2027 ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, agus ag an am céanna aon fhorluí atá ann cheana idir na spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a mheas.

(16)

Le CEMID, ba cheart rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach maidir leis an gcomhshaol agus an athrú aeráide agus maidir leis an oiriúnú don athrú sin. Ba cheart an rannchuidiú sin a rianú trí mharcóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a chur i bhfeidhm agus ba cheart é a thuairisciú go rialta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ba cheart cúnamh airgeadais ón Aontas faoi CEMID a bheith coinníollach ar chomhlíonadh rialacha CBI. Níor cheart iarratais ó thairbhithe a bhfuil sáruithe tromchúiseacha déanta acu ar rialacha CBI a bheith inghlactha.

(18)

Chun aghaidh a thabhairt ar na coinníollacha sonracha de CBI dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus chun rannchuidiú le rialacha CBI a chomhlíonadh, ba cheart forálacha sa bhreis ar na rialacha maidir le briseadh, fionraíocht agus ceartuithe airgeadais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060 a leagan amach. I gcás nach gcomhlíonann Ballstát na hoibleagáidí a cuireadh air faoi CBI, nó i gcás ina bhfuil fianaise ag an gCoimisiún a thugann le fios nach bhfuiltear ag comhlíonadh na n-oibleagáidí, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún, mar bheart réamhchúraim, spriocdhátaí le haghaidh íocaíochta a bhriseadh. Chomh maith le bheith in ann an spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh, agus chun an riosca go n-íocfaí caiteachas neamh-incháilithe amach a sheachaint, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún íocaíochtaí a chur ar fionraí agus ceartuithe airgeadais a fhorchur i gcásanna nach gcomhlíonann Ballstát rialacha CBI ar bhealach tromchúiseach.

(19)

Rinneadh bearta le blianta beaga anuas i dtreo stoic éisc a thabhairt ar ais ar leibhéil shláintiúla, i dtreo brabúsacht earnáil iascaireachta an Aontais a mhéadú agus i dtreo éiceachórais mhuirí a chaomhnú. Mar sin féin, tá dúshláin mhóra fós ann maidir le cuspóirí soch-eacnamaíocha agus comhshaoil CBI a bhaint amach ina n-iomláine, go háirithe cuspóirí maidir le líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a tháirgeadh, maidir le deireadh a chur le gabhálacha de thaisme agus maidir le limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá tacaíocht leanúnach de dhíth tar éis 2020, go háirithe maidir leis na himchuacha farraige ina bhfuil an dul chun cinn níos moille.

(20)

Le CEMID, ba cheart rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta CBI a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe na cuspóirí maidir le líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil atá in acmhainn UTI a tháirgeadh, maidir le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir, agus maidir le tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a íoslaghdú. Le tacaíocht den sórt sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil san fhadtéarma agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, d'fhonn sochair eacnamaíocha, shóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia sláintiúla agus rannchuidiú le caighdeán cóir maireachtála a bheith acu siúd atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus aird á tabhairt ar iascaigh chósta agus ar ghnéithe socheacnamaíocha. Ba cheart a áireamh sa tacaíocht sin nuálaíocht agus infheistíochtaí i dtaca le cleachtais agus teicnící iascaireachta ísealtionchair, roghnaíocha, aeráid-díonacha agus ísealcharbóin.

(21)

Tá an t-iascach lárnach i slí mhaireachtála agus oidhreacht chultúrtha go leor pobal cósta san Aontas, go háirithe mar a mbíonn ról tábhachtach ag an iascaireacht chósta ar mhionscála. Toisc go bhfuil formhór na ndaoine i bpobail iascaireachta os cionn 50 bliain ar an meán, tá dúshlán fós ag baint leis an athnuachan glúine agus le gníomhaíochtaí a éagsúlú. Go háirithe, tá dúshláin airgeadais os comhair iascairí óga ó thaobh gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua a chruthú agus a fhorbairt san earnáil iascaigh agus is gné í sin ar cheart a chur san áireamh agus cistí faoi CEMID á leithdháileadh agus á ndíriú. Tá forbairt den sórt sin bunriachtanach d'iomaíochas na hearnála iascaigh san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht d'iascairí óga atá ag dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta a chur ar fáil chun cabhrú lena mbunú. Chun inmharthanacht gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua arna dtacú faoi CEMID a áirithiú, ba cheart don tacaíocht a bheith coinníollach ar thaithí agus cáilíochtaí leordhóthanach a fháil. I gcás ina ndeonaítear tacaíocht do bhunú gnó chun soitheach iascaireachta a fháil, níor cheart, leis an tacaíocht sin, rannchuidiú ach leis an gcéad soitheach iascaireachta a fháil nó sciar rialaithe den soitheach sin a fháil.

(22)

Gabhálacha de thaisme a sheachaint, sin ceann de na dúshláin is mó atá ag CBI. I ndáil leis an méid sin, leis an oibleagáid dhlíthiúil gach gabháil a thabhairt i dtír, tháinig athruithe suntasacha tábhachtacha ar chleachtais iascaireachta don earnáil, athruithe a mbaineann costas tábhachtach airgeadais leo uaireanta. Dá bhrí sin, ba cheart a bheith in ann, le CEMID, tacú leis an nuálaíocht agus leis na hinfheistíochtaí a chuireann le cur chun feidhme iomlán na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, chomh maith le forbairt agus cur chun feidhme na mbeart caomhnaithe a chuireann leis an roghnaíocht. Ba cheart a bheith in ann ráta déine cabhrach is airde ná an ráta a bhfuil feidhm aige maidir le hoibríochtaí eile a dheonú maidir le hinfheistíochtaí i dtrealamh iascaireachta roghnaíche, i bhfeabhas a chur ar bhonneagar calafoirt agus i margaíocht a dhéanamh ar ghabhálacha de thaisme. Ba cheart a bheith in ann freisin uasráta déine cabhrach 100 % a dheonú chun córais thrédhearcacha maidir le deiseanna iascaireachta a mhalartú idir Ballstáit (“babhtáil cuóta”) a dhearadh, a fhorbairt agus a bhainistiú agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, chun éifeacht an “speicis scoir” a eascraíonn as an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a mhaolú.

(23)

Le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú leis an nuálaíocht agus le hinfheistíochtaí ar bord shoithí iascaireachta an Aontais. Ba cheart gníomhaíochtaí a bheith san áireamh sa tacaíocht sin a bhfuil sé d'aidhm acu feabhas a chur ar an tsláinte, ar an tsábháilteacht agus ar dhálaí oibre, ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus ar cháilíocht na ngabhálacha. Níor cheart a bheith san áireamh inti trealamh a fháil a mhéadaíonn cumas an tsoithigh iascaireachta éisc a aimsiú. Níor cheart méadú ar acmhainn iascaireachta aon soithigh aonair teacht mar thoradh ar thacaíocht den sórt sin, ach amháin más toradh díreach é ar mhéadú in olltonnáiste soithigh iascaireachta a bhfuil gá leis chun an tsábháilteacht, dálaí oibre nó an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. Sna cásanna sin, ba cheart an méadú ar acmhainn iascaireachta an tsoithigh aonair a chúiteamh tríd an méid céanna acmhainne iascaireachta gan cabhair phoiblí, ar a laghad, a tharraingt siar roimh ré ón roinn cabhlaigh chéanna nó ó roinn cabhlaigh nach bhfuil an acmhainn iascaireachta cothrom leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil, ionas nach dtiocfaidh aon mhéadú ar an acmhainn iascaireachta ar leibhéal an chabhlaigh. Thairis sin, níor cheart tacaíocht a dheonú díreach chun ceanglais atá éigeantach faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, cé is moite de na ceanglais a fhorchuireann Ballstát chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha roghnacha faoi Threoir (AE) 2017/159 ón gComhairle (11) agus maidir le trealamh áirithe a cheannach, a shuiteáil agus a bhainistiú chun críoch rialaithe. Faoi ailtireacht gan bearta saintreoracha, ba cheart gurbh iad na Ballstáit a dhéanfadh na rialacha incháilitheachta beachta a leagan síos le haghaidh na n-infheistíochtaí sin. Maidir leis an tsláinte, an tsábháilteacht agus dálaí oibre ar bord soithí iascaireachta, ba cheart ráta déine cabhrach is airde ná an ráta a bhfuil feidhm aige maidir le hoibríochtaí eile a cheadú.

(24)

Is gá rialacha incháilitheachta sonracha a bhunú le haghaidh infheistíochtaí áirithe eile a dtacaítear leo le CEMID sa chabhlach iascaireachta, ionas nach gcuirfidh na hinfheistíochtaí sin leis an ró-acmhainneacht nó leis an ró-iascaireacht. Go háirithe, maidir le tacaíocht d'iascaire óg an chéad soitheach a fháil, ar soitheach athláimhe é, agus d'inneall soithigh iascaireachta a ionadú nó a nuachóiriú, ba cheart í a bheith faoi réir coinníollacha freisin, lena n-áirítear go mbainfeadh an soitheach le roinn cabhlaigh atá cothrom leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin agus nach mbeadh níos mó cumhachta ag an inneall nua nó nuachóirithe i gcileavatanna (kW) ná mar atá ag an inneall atá á ionadú.

(25)

Tá ról riachtanach ag an infheistíocht i gcaipiteal daonna maidir le hiomaíochas agus feidhmíocht eacnamaíoch na n-earnálacha iascaigh, dobharshaothraithe agus muirí. Dá bhrí sin, le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú le seirbhísí comhairleacha, comhar idir eolaithe agus iascairí, oiliúint ghairmiúil, foghlaim ar feadh an tsaoil, chomh maith le hidirphlé sóisialta a chur chun cinn agus eolas a scaipeadh.

(26)

Tá an rialú ar iascach ríthábhachtach maidir le CBI a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, le CEMID, ba cheart tacú, faoi bhainistíocht roinnte, le córas rialaithe iascaigh de chuid an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (12). Le hoibleagáidí áirithe a bunaíodh sa Rialachán sin, tugtar údar do thacaíocht shonrach ó CEMID, eadhon córais éigeantacha rianaithe soithí agus tuairiscithe leictreonacha, córais éigeantacha chianbhrathadóireachta leictreonacha agus tomhas leanúnach éigeantach na cumhachta tiomána innill agus taifeadadh leanúnach éigeantach ar an gcumhacht tiomána innill. Anuas air sin, d'fhéadfaí infheistíochtaí ó na Ballstáit i sócmhainní rialaithe a úsáid chun críoch faireachais mhuirí agus comhair i dtaobh feidhmeanna garda cósta.

(27)

Braitheann rath CBI ar chomhairle eolaíoch a bheith ar fáil do bhainistiú iascach, agus, mar sin, ar shonraí i dtaca le hiascaigh a bheith ar fáil. I bhfianaise na ndúshlán agus na gcostas a bhaineann le sonraí iontaofa iomlána a fháil, is gá tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus chun cur leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil. Leis an tacaíocht sin, ba cheart go gcuideofaí le go mbeadh sineirgí ann le cineálacha eile sonraí muirí a bhailiú agus a phróiseáil.

(28)

Le CEMID, ba cheart tacú le cur chun feidhme agus rialachas éifeachtach eolasbhunaithe i ndáil le CBI faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach trí chomhairle eolaíoch a chur ar fáil, trí chomhar réigiúnach maidir le bearta caomhnaithe, trí chóras rialaithe iascaigh de chuid an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, trí fheidhmiú Comhairlí Comhairleacha agus trí ranníocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

(29)

Chun gníomhaíochtaí iascaireachta atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de a neartú, le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú le hoibríochtaí chun iascaigh agus cabhlaigh iascaireachta a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis, chomh maith le hiarrachtaí na mBallstát leithdháileadh a n-acmhainne iascaireachta atá ar fáil a bharrfheabhsú, agus riachtanais a gcabhlach á gcur san áireamh, agus gan a n-acmhainn fhoriomlán iascaireachta a mhéadú.

(30)

I bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le cuspóirí caomhnaithe CBI a bhaint amach, is gá uaireanta tacaíocht a thabhairt d'oiriúnú cabhlaigh maidir le ranna cabhlaigh agus imchuacha farraige áirithe. Ba cheart tacaíocht den sórt sin a dhíriú go dlúth ar bhainistiú cabhlach níos fearr agus ar acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe, agus é mar aidhm aici cothromaíocht a bhaint amach idir an acmhainn iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil. Dá bhrí sin, le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú le scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta i ranna cabhlaigh nach bhfuil cothromaíocht iontu idir an acmhainn iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil. Ba cheart tacaíocht den sórt sin a bheith ina huirlis de chuid na bpleananna gníomhaíochta chun ranna cabhlaigh inar aithníodh ró-acmhainneacht struchtúrach a choigeartú, dá bhforáiltear in Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus ba cheart í a chur chun feidhme tríd an soitheach iascaireachta a chur ó úsáid nó trína dhíchoimisiúnú nó trína iarfheistiú le haghaidh gníomhaíochtaí eile. I gcás ina gcuirfeadh an t-iarfheistiú sin tuilleadh brú ar éiceachóras na mara de dheasca na hiascaireachta áineasa, níor cheart tacaíocht a dheonú ach amháin dá mbeadh sí i gcomhréir le CBI agus le cuspóirí na bpleananna ilbhliantúla ábhartha.

(31)

Chun rannchuidiú le cuspóirí caomhnaithe CBI nó chun imthosca eisceachtúla áirithe a mhaolú, le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú le cúiteamh as scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta arb iad bearta caomhnaithe áirithe a chur chun feidhme, bearta éigeandála a chur chun feidhme, cur isteach, ar chúiseanna force majeure, ar chur i bhfeidhm comhaontaithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe (SFPA), tubaiste nádúrtha, teagmhas comhshaoil nó géarchéim sláinte is cúis leis. Níor cheart an tacaíocht i gcás scor sealadach arb iad bearta caomhnaithe is cúis leis a dheonú ach amháin i gcás ina bhfuil gá, bunaithe ar chomhairle eolaíoch, le laghdú ar an iarracht iascaireachta chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2) agus i bpointe (a) d'Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach.

(32)

Ós rud é go bhfuil iascairí neamhchosanta ar rioscaí eacnamaíocha agus comhshaoil atá ag dul i méid, rioscaí atá ann, inter alia, de bharr an athraithe aeráide agus luaineacht praghsanna, le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú le gníomhaíochtaí a neartaíonn athléimneacht na hearnála iascaigh, lena n-áirítear trí chistí frithpháirteacha, ionstraimí árachais nó scéimeanna comhchoiteanna eile a chuireann le hacmhainneacht na hearnála rioscaí a bhainistiú agus freagairt ar theagmhais dhíobhálacha.

(33)

Is iad soithí iascaireachta muirí agus intíre ar lú ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán agus nach n-úsáideann trealamh iascaireachta tarraingthe, agus iascairí de chois, lena n-áirítear bailitheoirí sliogéisc, a dhéanann iascaireacht chósta ar mhionscála. Cuimsítear leis an earnáil sin beagnach 75 % de na soithí iascaireachta ar fad atá cláraithe san Aontas agus beagnach leath den fhostaíocht ar fad san earnáil iascaigh. Bíonn oibreoirí ó iascaigh chósta ar mhionscála ag brath go háirithe ar stoic shláintiúla éisc mar phríomhfhoinse ioncaim. Agus é mar aidhm aige cleachtas iascaireachta inbhuanaithe a spreagadh, le CEMID, ba cheart cóir fhabhrach a thabhairt do na hoibreoirí sin, trí ráta déine cabhrach uasta 100 %, seachas d'oibríochtaí a bhaineann leis an gcéad soitheach iascaireachta a fháil, inneall a ionadú nó a nuachóiriú agus oibríochtaí lena méadaítear olltonnáiste soithigh iascaireachta chun críoch sábháilteacht, dálaí oibre nó éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit riachtanais shonracha na hiascaireachta cósta ar mhionscála a chur san áireamh ina gclár agus ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt ar na cineálacha gníomhaíochtaí atá á meas maidir le hiascaireacht chósta ar mhionscála a fhorbairt.

(34)

Ba cheart gur 70 % den chaiteachas poiblí incháilithe a bheadh in uasráta cómhaoinithe CEMID in aghaidh an chuspóra shonraigh, cé is moite de chúiteamh as costais bhreise sna réigiúin is forimeallaí, áit ar cheart gur 100 % a bheadh ann.

(35)

Ba cheart gur 50 % den chaiteachas incháilithe iomlán an t-uasráta déine cabhrach, ach ba cheart a bheith in ann, i gcásanna áirithe, rátaí maolaitheacha a shocrú.

(36)

Bíonn dúshláin ar leith a bhaineann leis an iargúltacht, an topagrafaíocht agus an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE ag na réigiúin is forimeallaí, agus tá sócmhainní ar leith acu freisin lenar féidir geilleagar gorm a fhorbairt. Dá bhrí sin, i gcás gach ceann de na réigiúin is forimeallaí, ba cheart plean gníomhaíochta i ndáil le hearnáil an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear iascaigh agus dobharshaothrú inbhuanaithe, a chur le clár na mBallstát lena mbaineann, agus ba cheart leithdháileadh airgeadais a choimeád chun tacú leis na pleananna gníomhaíochta sin a chur chun feidhme. Chomh maith leis sin, le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú le cúiteamh a íoc as na costais bhreise a bhíonn ar oibreoirí ó na réigiúin is forimeallaí mar gheall ar shuíomh nó oileánachas na réigiún sin. Ba cheart teorainn a chur leis an tacaíocht sin mar chéatadán den leithdháileadh foriomlán airgeadais sin. Anuas air sin, ba cheart ráta déine cabhrach is airde ná an ráta a bhfuil feidhm aige maidir le hoibríochtaí eile a chur i bhfeidhm sna réigiúin is forimeallaí. Ba ceart na Ballstáit a bheith in ann maoiniú breise a dheonú chun an tacaíocht sin a chur chun feidhme. Mar Státchabhair, ba cheart maoiniú den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún, agus féadfaidh an Coimisiún é a fhormheas faoin Rialachán seo mar chuid den tacaíocht sin.

(37)

Faoi bhainistíocht roinnte, le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú leis an mbithéagsúlacht uisceach agus éiceachórais uisceacha, lena n-áirítear in uiscí intíre, a chosaint agus a athbhunú. Chun na críche sin, ba cheart tacaíocht ó CEMID a bheith ar fáil chun cúiteamh a íoc, inter alia, le hiascairí as trealamh iascaireachta a cailleadh agus bruscar muirí a bhailiú go héighníomhach ón bhfarraige, lena n-áirítear feamainn shargasach, agus le haghaidh infheistíochtaí i gcalafoirt chun saoráidí cuí glactha a chur ar fáil i gcomhair trealamh iascaireachta a cailleadh agus bruscar muirí. Ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil freisin le haghaidh gníomhaíochtaí chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil sa mhuirthimpeallacht mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE, le haghaidh bearta cosanta spásúla arna mbunú de bhun na Treorach sin a chur chun feidhme, le haghaidh limistéir NATURA 2000 a bhainistiú agus a athbhunú agus chun faireachán a dhéanamh orthu, i gcomhréir leis na creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (14), le haghaidh speicis a chosaint, go háirithe faoi Threoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), chomh maith le huiscí intíre a athbhunú i gcomhréir leis an gclár beart arna bhunú de bhun Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Faoi bhainistíocht dhíreach, le CEMID, ba cheart tacú le farraigí glana sláintiúla a chur chun cinn agus leis an straitéis Eorpach um plaistigh sa gheilleagar ciorclach, a forbraíodh i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2018, a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gcuspóir i ndáil le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a chothú sa mhuirthimpeallacht.

(38)

Leis an iascach agus an dobharshaothrú, rannchuidítear le slándáil bia agus le cothú. Mar sin féin, meastar go n-allmhairíonn an tAontas breis agus 60 % dá sholáthar táirgí iascaigh agus, dá bhrí sin, bíonn sé ag brath go mór ar thríú tíortha. Is dúshlán tábhachtach dúinn borradh a chur faoi thomhaltas an phróitéin éisc a tháirgtear san Aontas ar chaighdeáin ardcháilíochta agus é a bheith ar fáil do thomhaltóirí ar phraghasanna inacmhainne.

(39)

Le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú le cur chun cinn agus forbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe, lena n-áirítear an dobharshaothrú fionnuisce, le haghaidh saothrú ainmhithe agus plandaí uisceacha chun bia agus amhábhair eile a tháirgeadh. Tá nósanna imeachta riaracháin casta fós i bhfeidhm i mBallstáit áirithe, amhail deacrachtaí rochtana ar spás agus nósanna imeachta támáilte ceadúnaithe, agus fágann sé sin gur deacair don earnáil feabhas a chur ar íomhá agus iomaíochas táirgí saothraithe. Ba cheart tacaíocht ó CEMID a bheith comhleanúnach le pleananna straitéiseacha náisiúnta ilbhliantúla don dobharshaothrú arna bhforbairt ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Go háirithe, maidir le tacaíocht i ndáil le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, infheistíochtaí táirgiúla, nuálaíocht, scileanna gairmiúla a fháil, dálaí oibre a fheabhsú, agus bearta cúitimh lena soláthraítear seirbhísí bainistithe talún agus nádúir criticiúla, ba cheart í a bheith incháilithe. Gníomhaíochtaí sláinte poiblí, scéimeanna árachais do stoic dhobharshaothraithe agus gníomhaíochtaí sláinte agus leasa ainmhithe, ba cheart iad a bheith incháilithe freisin.

(40)

Braitheann slándáil bia ar mhargaí éifeachtúla dea-eagraithe, rud a chuireann feabhas ar thrédhearcacht, cobhsaíocht, cáilíocht agus éagsúlacht i dtaobh an tslabhra soláthair, agus ar fhaisnéis do thomhaltóirí. Chun na críche sin, le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú le margaíocht an iascaigh agus na dtáirgí dobharshaothraithe, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Go háirithe, ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil le haghaidh eagraíochtaí táirgeoirí a chruthú, pleananna táirgeachta agus margaíochta a chur chun feidhme, asraonta margaidh nua a chur chun cinn agus faisnéis mhargaidh a fhorbairt agus a scaipeadh.

(41)

Bíonn ról ag tionscal na próiseála maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bheith ar fáil agus maidir le cáilíocht na dtáirgí sin. Le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú le hinfheistíochtaí spriocdhírithe sa tionscal sin, ar choinníoll go rannchuidítear leo le cuspóirí chomheagrú na margaí a bhaint amach. I gcás eintitis nach fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad, níor cheart an tacaíocht sin a chur ar fáil ach trí ionstraimí airgeadais nó trí InvestEU níor cheart í a chur ar fáil trí dheontais.

(42)

Le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú le cúiteamh d'oibreoirí san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe i gcás imeachtaí eisceachtúla a mbeadh suaitheadh suntasach sna margaí mar thoradh orthu.

(43)

Braitheann cruthú post i réigiúin chósta go mór ar an bhforbairt faoi thionchar an phobail a dhéantar ar gheilleagar gorm inbhuanaithe lena dtugtar beocht do chreatlach shóisialta na réigiún sin. Is dócha gur mó an fás a thiocfaidh faoi thionscail agus seirbhísí aigéin ná faoin ngeilleagar domhanda agus go gcuirfidh siad go mór leis an bhfostaíocht agus leis an bhfás faoi 2030. Le go mbeidh sé inbhuanaithe, braitheann an fás gorm ar an nuálaíocht agus ar an infheistíocht i ngnólachtaí muirí nua agus sa bhithgheilleagar, lena n-áirítear samhlacha inbhuanaithe turasóireachta, fuinneamh in-athnuaite aigéanbhunaithe, longthógáil nuálach ardleibhéil agus seirbhísí nua calafoirt, lenar féidir poist a chruthú agus feabhas a chur ar an bhforbairt áitiúil ag an am céanna. Cé gur cheart infheistíocht sa gheilleagar gorm inbhuanaithe a phríomhshruthú ar fud bhuiséad an Aontais, ba cheart, le tacaíocht ó CEMID, díriú go sonrach ar na coinníollacha cumasúcháin chun an geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt agus ar dheireadh a chur le bacainní chun forbairt margaí nua, teicneolaíochtaí nua nó seirbhísí nua a éascú agus chun infheistíochtaí iontu a éascú. Ba cheart tacaíocht d'fhorbairt an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe a sholáthar tríd an mbainistíocht roinnte, dhíreach agus indíreach.

(44)

Braitheann forbairt geilleagair ghoirm inbhuanaithe go láidir ar chomhpháirtíochtaí idir geallsealbhóirí áitiúla a chuireann go mór le beocht phobail agus gheilleagair, idir chósta agus intíre. Le CEMID, ba cheart uirlisí a chur ar fáil chun comhpháirtíochtaí den sórt sin a chothú. Chun na críche sin, ba cheart tacaíocht trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a bheith ar fáil faoi bhainistíocht roinnte. Leis an gcur chuige sin, ba cheart borradh a chur faoin éagsúlú eacnamaíoch i gcomhthéacs áitiúil trí iascaigh chósta agus intíre, dobharshaothrú agus geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt. Le straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, ba cheart a áirithiú go mbaineann pobail áitiúla i limistéir iascaigh agus dobharshaothraithe leas agus tairbhe as deiseanna a chuirtear ar fáil leis an ngeilleagar gorm inbhuanaithe, agus go mbaineann siad buntáiste as acmhainní comhshaoil, cultúrtha, sóisialta agus daonna agus go ndéanann siad iad a threisiú. Ba cheart, dá bhrí sin, do gach comhpháirtíocht príomhfhócas a straitéise a léiriú trí rannpháirtíocht chothrom agus ionadaíocht chothrom na ngeallsealbhóirí ar fad ón ngeilleagar gorm inbhuanaithe áitiúil a áirithiú.

(45)

Faoi bhainistíocht roinnte, le CEMID, ba cheart é a bheith indéanta tacú le neart a chur le bainistíocht inbhuanaithe na bhfarraigí agus na n-aigéan trí shonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid chun eolas ar staid na muirthimpeallachta a fheabhsú. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis an tacaíocht sin na ceanglais faoi Threoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE a chomhlíonadh, tacú leis an bpleanáil spásúil mhuirí agus feabhas a chur ar cháilíocht sonraí agus ar roinnt sonraí trí bhíthin an líonra breathnóireachta agus sonraí muirí Eorpach.

(46)

Faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, le tacaíocht ó CEMID, ba cheart díriú ar na coinníollacha cumasúcháin don gheilleagar gorm inbhuanaithe trí rialachas comhtháite agus bainistíocht chomhtháite an bheartais mhuirí a chur chun cinn, feabhas a chur ar aistriú agus ar ghlacadh taighde, nuálaíochta agus teicneolaíochta sa gheilleagar gorm inbhuanaithe, feabhas a chur ar scileanna muirí, ar thuiscint ar na haigéin agus ar roinnt sonraí socheacnamaíocha faoin ngeilleagar gorm inbhuanaithe, geilleagar gorm inbhuanaithe ísealcharbóin aeráid-díonach a chur chun cinn, agus píblínte tionscadail agus ionstraimí nuálacha maoiniúcháin a fhorbairt. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar chás sonrach na réigiún is forimeallaí i ndáil leis na réimsí thuasluaite.

(47)

Tá 60 % de na haigéin lastall de theorainneacha dlínse náisiúnta. Ciallaíonn sin go bhfuil freagracht chomhroinnte idirnáisiúnta ann. Is fadhbanna trasteorann iad formhór na bhfadhbanna a bhaineann leis na haigéin, amhail an róshaothrú, an t-athrú aeráide, an t-aigéadú, an truailliú agus meath na bithéagsúlachta, agus, dá bhrí sin, ní mór freagairt chomhroinnte a thabhairt orthu. Faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, ar Páirtí ann an tAontas faoi Chinneadh 98/392/CE ón gComhairle (18), bunaíodh neart ceart dlínse, institiúidí agus creataí sonracha chun gníomhaíocht an duine ar na haigéin a rialáil agus a bhainistiú. Le blianta beaga anuas, tá an domhain ar aon intinn gur cheart an mhuirthimpeallacht agus gníomhaíochtaí muirí an duine a bhainistiú go héifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú méadaitheach ar na haigéin.

(48)

Mar ghníomhaí domhanda, tá an tAontas tiomanta go mór do rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a chur chun cinn, i gcomhréir le Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Samhain 2016 dar teideal International ocean governance: an agenda for the future of our oceans [Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan: clár oibre le haghaidh thodhchaí ár n-aigéan]. Le beartas an Aontais maidir le rialachas na n-aigéan, cumhdaítear na haigéin ar bhealach comhtháite. Ní hamháin go bhfuil rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan lárnach maidir le “Clár Oibre 2030” a bhaint amach, agus go háirithe SFI 14, ach tá sé tábhachtach freisin chun farraigí agus aigéin atá sábháilte, slán, glan agus a bhainistítear go hinbhuanaithe a chinntiú do na glúine atá le teacht. Ní mór don Aontas na gealltanais idirnáisiúnta sin a thug sé a chomhlíonadh agus a bheith ina cheann feadhna maidir le rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a fheabhsú ar an leibhéal déthaobhach, réigiúnach agus iltaobhach, lena n-áirítear chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, feabhas a chur ar an gcreat um rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan, brú ar na haigéin agus ar na farraigí a laghdú, dálaí a chruthú do gheilleagar gorm inbhuanaithe agus taighde agus sonraí idirnáisiúnta i dtaobh na n-aigéan a threisiú.

(49)

Na gníomhaíochtaí faoi CEMID chun rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a chur chun cinn, tá sé mar aidhm leo feabhas a chur ar chreat uileghabhálach na bpróiseas idirnáisiúnta agus réigiúnach, na gcomhaontuithe, na rialacha agus na n-institiúidí chun gníomhaíocht an duine ar na haigéin a rialáil agus a bhainistiú. Socruithe idirnáisiúnta atá tugtha i gcrích ag an Aontas i réimsí nach gcumhdaítear leis na SFPAnna agus a bunaíodh le tríú tíortha éagsúla, agus ranníocaíocht ballraíochta shainordaitheach an Aontais le heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna), ba cheart iad a mhaoiniú le CEMID. Leanfar de SFPAnna agus ERBInna a chistiú faoi shnáitheanna éagsúla de bhuiséad an Aontais.

(50)

I ndáil leis an tslándáil agus leis an gcosaint, tá sé éigeantach go bhfeabhsófar an chosaint teorainneacha agus an tslándáil mhuirí. Faoi Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh an 24 Meitheamh 2014 agus an Plean Gníomhaíochta a ghabhann léi a glacadh an 16 Nollaig 2014, tá an chomhroinnt faisnéise agus comhar an gharda teorann agus cósta Eorpaigh a dhéantar idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta an-tábhachtach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, le CEMID, ba cheart tacú leis an bhfaireachas muirí agus le comhar an gharda cósta faoi bhainistíocht roinnte agus faoi bhainistíocht dhíreach araon, lena n-áirítear trí bhíthin ítimí a cheannach i gcomhair oibríochtaí muirí ilchuspóireacha. Chomh maith leis sin, le CEMID, ba cheart cead a thabhairt do na gníomhaireachtaí ábhartha tacaíocht a chur chun feidhme i réimse an fhaireachais mhuirí agus na slándála muirí trí bhainistíocht indíreach.

(51)

Faoi bhainistíocht roinnte, ba cheart do gach Ballstát clár aonair a ullmhú agus ba cheart don Choimisiún iad a fhormheas. Ba cheart don Choimisiún na dréachtchláir a mheasúnú trí uasmhéadú a rannchuidithe le tosaíochtaí CEMID agus le cuspóirí na hathléimneachta, an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a chur san áireamh. Agus na dréachtchláir á measúnú aige, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh a mhéid a rannchuidíonn siad le forbairt na hiascaireachta inbhuanaithe cósta ar mhionscála, leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta, le dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil agus shocheacnamaíocha CBI, le feidhmíocht shocheacnamaíoch an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe, le caomhnú agus athchóiriú na n-éiceachóras muirí, le laghdú an bhruscair mhuirí agus le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú dó freisin.

(52)

I gcomhthéacs an réigiúnaithe agus d'fhonn na Ballstáit a ghríosú chun cur chuige straitéiseach a ghlacadh agus na cláir á n-ullmhú acu, ba cheart don Choimisiún na dréachtchláir a mheasúnú tríd an anailís imchuach farraige réigiúnaigh a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme, ar anailís í a d'fhorbair an Coimisiún agus lena léirítear na láidreachtaí agus laigí coiteanna i ndáil le cuspóirí CBI a bhaint amach. Ba cheart an anailís sin a bheith mar threoir ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún araon le linn dóibh idirbheartaíocht a dhéanamh ar gach clár, agus dúshláin agus riachtanais réigiúnacha á gcur san áireamh acu.

(53)

Ba cheart measúnú a dhéanamh, ar bhonn táscairí, ar fheidhmíocht CEMID sna Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú ar an dul chun cinn ionsar na gcloch míle agus na spriocanna arna leagan síos i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060. Ba cheart creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú chun na críche sin.

(54)

Chun faisnéis a chur ar fáil maidir leis an tacaíocht ó CEMID do chuspóirí comhshaoil agus aeráide i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060, ba cheart modheolaíocht atá bunaithe ar chineálacha idirghabhála a bhunú. Leis an modheolaíocht sin, ba cheart ualú sonrach a shannadh don tacaíocht arna soláthar ar leibhéal a léireodh an méid rannchuidithe atá sa tacaíocht sin do chuspóirí comhshaoil agus do chuspóirí aeráide.

(55)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (19), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar CEMID ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí CEMID ar an talamh.

(56)

Ba cheart don Choimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le CEMID agus lena chuid gníomhaíochtaí agus torthaí a chur chun feidhme. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar CEMID, ba cheart rannchuidiú freisin le cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le tosaíochtaí CEMID.

(57)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (21), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (22) agus (AE) 2017/1939 (23) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit aon neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, arna ndéanamh ag tairbhithe, a chosc agus a bhrath agus déileáil go héifeachtach leo. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le haon neamhrialtachtaí a bhraitear, lena n-áirítear calaois, agus maidir le haon ghníomhaíocht leantach a rinne siad i dtaca leis na neamhrialtachtaí sin agus maidir le haon imscrúduithe de chuid OLAF.

(58)

Chun feabhas a chur ar an trédhearcacht maidir le húsáid chistí an Aontais agus maidir leis an mbainistíocht fhónta airgeadais a dhéantar orthu, go háirithe an rialú poiblí ar an airgead a úsáidtear a threisiú, ba cheart faisnéis áirithe faoi na hoibríochtaí arna gcistiú faoi CEMID a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin de chuid Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060. Nuair a fhoilseoidh Ballstát faisnéis faoi oibríochtaí arna gcistiú faoi CEMID, comhlíonfar na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

(59)

Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an tairseach, lena gníomhachtaítear neamh-inghlacthacht i ndáil le critéir inghlactha na n-iarratas, chomh maith le tréimhse na neamh-inghlacthachta sin, a shainaithint, i dtaca leis na socruithe maidir leis an gcúnamh a deonaíodh a ghnóthú i gcás sáruithe tromchúiseacha, i dtaca le dátaí ábhartha tosaithe nó críochnaithe na tréimhse neamh-inghlacthachta agus na coinníollacha do thréimhse laghdaithe neamh-inghlacthachta agus i dtaca le sainiú na gcritéar chun costais bhreise mar gheall ar bhaic shonracha ar na réigiúin is forimeallaí a ríomh. Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean freisin chuig an gCoimisiún ionas go bhféadfar croítháscairí feidhmíochta breise a thabhairt isteach. Chun aistriú rianúil ón scéim a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 chuig an scéim a bhunaítear leis an Rialachán seo a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean freisin chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí fhorálacha idirthréimhseacha a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(60)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na cláir oibre, teicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a shainaithint agus eilimintí modheolaíochta a bhunú chun laghduithe astaíochtaí CO2 ar innill soithigh iascaireachta a thomhas, teagmhas eisceachtúil a bheith tarlaithe, cásanna neamhchomhlíonadh na mBallstát a shainmhíniú a d'fhéadfadh cur isteach ar an spriocdháta íocaíochta, íocaíochtaí a chur ar fionraí de bharr neamhchomhlíonadh tromchúiseach Ballstáit, ceartuithe airgeadais agus sonraí ábhartha cur chun feidhme ar leibhéal na hoibríochta a shainaithint agus na sonraí sin a chur i láthair. Ach amháin a mhéid a bhaineann leis na cláir oibre, lena n-airítear cúnamh teicniúil, agus teagmhas eisceachtúil a bheith tar éis tarlú, ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

(61)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, ba cheart é a bheith indéanta deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana féin, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula sínítear an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe na costais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach a sheachaint ar thacaíocht ón Aontas, a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart an deis a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, ar feadh tréimhse theoranta ama ag tús CAI 2021-2027, agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo amháin, d'incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ó thús na bliana airgeadais 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme iad agus gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas. Ar na cúiseanna céanna agus faoi na coinníollacha céanna, is gá maolú ar Airteagal 193(4) den Rialachán Airgeadais sin a mhéid a bhaineann le deontais oibriúcháin.

(62)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(63)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun cur chun feidhme a cheadú amhail ó thús CAI 2021-2027, is gá foráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, le héifeacht chúlghabhálach, a mhéid a bhaineann leis an tacaíocht faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach ón 1 Eanáir 2021. Dá bharr sin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

CREAT GINEARÁLTA

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (“CEMID”), don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. Ailínítear ré CEMID le ré CAI 2021-2027. Leagtar síos ann tosaíochtaí CEMID, a bhuiséad agus na rialacha sonracha maidir le cistiú ón Aontas a sholáthar, lena gcomhlánaítear na rialacha ginearálta a bhaineann le CEMID faoi Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo agus gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/523 agus in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise” nó “TCCF” timpeallacht córas arna forbairt chun tacú le malartú faisnéise idir údaráis a bhfuil baint acu le faireachas muirí, thar earnálacha agus thar theorainneacha, ionas go gcuirfear lena bhfeasacht siúd maidir le gníomhaíochtaí ar muir;

(2)

ciallaíonn “garda cósta” údaráis náisiúnta a dhéanann feidhmeanna garda cósta, lena gcuimsítear sábháilteacht mhuirí, slándáil mhuirí, custaim mhuirí, gáinneáil agus smuigleáil a chosc agus a dhíchur, forfheidhmiú cónasctha an dlí muirí, rialú teorann muirí, faireachas muirí, cosaint an chomhshaoil mhuirí, cuardach agus tarrtháil, freagairt timpiste agus tubaiste, rialú agus cigireacht iascach agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann leis na feidhmeanna sin;

(3)

ciallaíonn “an líonra Eorpach um breathnóireacht agus sonraí muirí” nó “EMODnet” comhpháirtíocht ina gcuirtear sonraí agus meiteashonraí muirí i dtoll a chéile chun gur fusa ag an bpobal agus ag úsáideoirí príobháideacha teacht a bheith acu ar na hacmhainní ilroinnte sin agus iad a úsáid trí shonraí muirí idir-inoibritheacha, comhchuibhithe, ar cháilíocht dhearbhaithe, a chur ar fáil;

(4)

ciallaíonn “iascaireacht thaiscéalaíoch” aon oibríocht iascaireachta a dhéantar chun críoch tráchtála i limistéar ar leith, d'fhonn measúnú a dhéanamh ar bhrabúsacht agus ar inbhuanaitheacht bhitheolaíoch shaothrú rialta fadtéarmach na n-acmhainní iascaigh sa limistéar sin i gcás stoic nach ndearnadh iascach tráchtála orthu roimhe sin;

(5)

ciallaíonn “iascaire” aon duine nádúrtha ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála, faoi mar atá aitheanta ag an mBallstát lena mbaineann;

(6)

ciallaíonn “iascaireacht intíre” gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh, chun críoch tráchtála, in uiscí intíre ag soithí nó ag feistí eile, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear le haghaidh iascaireacht oighir;

(7)

ciallaíonn “rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan” tionscnamh de chuid an Aontais chun feabhas a chur ar an gcreat uileghabhálach ina gcuimsítear próisis idirnáisiúnta agus réigiúnacha, comhaontuithe, socruithe, rialacha agus institiúidí trí chur chuige comhtháite trasearnála riailbhunaithe, chun a áirithiú go bhfuil na haigéin agus na farraigí sábháilte, slán, glan agus go mbainistítear iad go hinbhuanaithe;

(8)

ciallaíonn “áit ina dtugtar gabhálacha i dtír” suíomh seachas calafort muirí mar a shainmhínítear i bpointe (16) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), a aithníonn Ballstát go hoifigiúil, nach bhfuil a úsáid teoranta dá úinéir agus a úsáideann soithí iascaireachta cósta ar mhionscála, go príomha, chun gabhálacha a thabhairt i dtír;

(9)

ciallaíonn “beartas muirí” beartas an Aontais a bhfuil sé mar aidhm leis cinnteoireacht chomhtháite chomhleanúnach a chothú chun forbairt inbhuanaithe, fás eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta an Aontais a uasmhéadú, go háirithe sna limistéir chósta agus oileánacha agus sna réigiún is forimeallaí, chomh maith le hearnálacha an gheilleagair ghoirm, trí bhíthin beartais chomhtháite a bhaineann le cúrsaí muirí agus trí bhíthin comhar idirnáisiúnta ábhartha;

(10)

ciallaíonn “slándáil mhuirí agus faireachas muirí” gníomhaíochtaí a dhéantar chun tuiscint a fháil ar na heachtraí agus na gníomhaíochtaí uile a bhaineann leis an réimse muirí, chun cosc a chur leo i gcás inarb infheidhme agus chun bainistiú cuimsitheach a dhéanamh orthu, ar eachtraí iad agus ar gníomhaíochtaí iad a d'imreodh tionchar ar réimsí na sábháilteachta muirí agus na slándála muirí, an forfheidhmiú dlí, an chosaint, an rialú teorann, cosaint an chomhshaoil mhuirí, an rialú iascaigh, an trádáil agus leas eacnamaíoch an Aontais;

(11)

ciallaíonn “pleanáil spásúil mhuirí” próiseas trína ndéanann údaráis an Bhallstáit ábhartha anailís ar ghníomhaíochtaí an duine i limistéir mhuirí, agus trína ndéanann siad na gníomhaíochtaí sin a eagrú, chun cuspóirí éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach;

(12)

ciallaíonn “comhlacht poiblí” údaráis Stáit, réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachais ina bhfuil údarás amháin nó roinnt údarás den sórt sin nó comhlacht amháin nó roinnt comhlachtaí den sórt sin faoi rialú an dlí phoiblí;

(13)

ciallaíonn “straitéis imchuach farraige” creat comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna i ndáil le cúrsaí muirí agus cúrsaí mara atá ag na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, ag tríú tíortha, in imchuach farraige sonrach nó in imchuach farraige amháin nó níos mó, agus chun comhar agus comhordú a chur chun cinn chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach. Is é an Coimisiún a fhorbraíonn é i gcomhar leis na Ballstáit agus na tríú tíortha lena mbaineann, lena réigiúin agus le geallsealbhóirí eile de réir mar is iomchuí;

(14)

ciallaíonn “iascaireacht chósta ar mhionscála” gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh ag:

(a)

soithí iascaireachta muirí agus intíre ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán agus nach n-úsáideann trealamh iascaireachta tarraingthe mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle (28); nó

(b)

iascairí de chois, lena n-áirítear bailitheoirí sliogéisc;

(15)

ciallaíonn “geilleagar gorm inbhuanaithe” gach gníomhaíocht eacnamaíoch earnála agus trasearnála ar fud an mhargaidh inmheánaigh a bhaineann le haigéin, le mara, le cóstaí agus le huiscí intíre, a chumhdaíonn na réigiúin oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus tíortha talamhiata, lena n-áirítear earnálacha atá ag teacht chun cinn agus earraí agus seirbhísí nach mbaineann leis an margadh, a bhfuil sé mar aidhm leo inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch a áirithiú go fadtéarmach agus atá comhsheasmhach leis na SFInna, agus le SFI 14 go háirithe, agus le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais.

Airteagal 3

Tosaíochtaí

Le CEMID, rannchuideofar le cur chun feidhme CBI agus bheartas muirí an Aontais. Saothrófar leis na tosaíochtaí seo a leanas:

(1)

an t-iascach inbhuanaithe agus athbhunú agus caomhnú acmhainní bitheolaíocha uisceacha a chothú;

(2)

gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe, agus próiseáil agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, a chothú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le slándáil bia san Aontas;

(3)

geilleagar gorm inbhuanaithe a chumasú i gceantair chósta, oileánacha agus intíre, agus forbairt na bpobal iascaireachta agus dobharshaothraithe a chothú;

(4)

rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a neartú agus farraigí agus aigéin atá sábháilte, slán, glan agus a bhainistítear go hinbhuanaithe a chumasú.

Le tacaíocht faoi CEMID, rannchuideofar le cuspóirí an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus maidir le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin. Rianófar an rannchuidiú sin i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

CAIBIDIL II

Creat airgeadais

Airteagal 4

An buiséad

1.   Is é EUR 6 108 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme CEMID don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Déanfar an chuid den imchlúdach airgeadais a leithdháiltear ar CEMID faoi Theideal II den Rialachán seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060 agus Airteagal 63 den Rialachán Airgeadais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an chuid den imchlúdach airgeadais a leithdháiltear ar CEMID faoi Theideal III den Rialachán seo a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó faoi chuimsiú na bainistíochta indírí i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 62(1) den Rialachán sin.

Airteagal 5

Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht roinnte

1.   Is é EUR 5 311 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh sa chuid den imchlúdach airgeadais faoi bhainistíocht roinnte mar a shonraítear i dTeideal II, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

2.   Maidir le hoibríochtaí sna réigiúin is forimeallaí, déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann, mar chuid dá thacaíocht ón Aontas a leagtar amach in Iarscríbhinn V, na suimeanna seo a leanas ar a laghad a leithdháileadh:

(a)

EUR 102 000 000 i gcomhair na nAsór agus Mhaidéara;

(b)

EUR 82 000 000 i gcomhair na nOileán Canárach;

(c)

EUR 131 000 000 i gcomhair Ghuadalúip, Ghuáin na Fraince, Martinique, La Réunion agus Saint-Martin.

3.   Ní rachaidh an cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 24 thar 60 % de gach ceann de na leithdháiltí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 2 den Airteagal seo, nó thar 70 % i gcúinsí lena bhfuil bonn cirt i ngach plean gníomhaíochta do na réigiúin is forimeallaí.

4.   Ar a laghad 15 % de thacaíocht airgeadais an Aontais arna leithdháileadh in aghaidh an Bhallstáit, leithdháilfear é sa chlár, arna ullmhú agus arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 21(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060, ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 14(1) den Rialachán seo. Féadfaidh Ballstáit nach bhfuil rochtain acu ar uiscí an Aontais céatadán níos ísle a chur i bhfeidhm maidir le méid a gcuid cúraimí rialaithe agus bailithe sonraí.

5.   Tacaíocht airgeadais an Aontais ó CEMID arna leithdháileadh in aghaidh an Bhallstáit ar shuim iomlán na tacaíochta dá dtagraítear in Airteagail 17 go 21, ní rachaidh sí thar an tairseach is airde den dá thairseach seo a leanas:

(a)

EUR 6 000 000; nó

(b)

15 % de thacaíocht airgeadais an Aontais arna leithdháileadh in aghaidh an Bhallstáit.

6.   I gcomhréir le hAirteagail 36 agus 37 de Rialachán (AE) 2021/1060, le CEMID, féadfar tacaíocht a thabhairt, ar thionscnamh Ballstáit, do chúnamh teicniúil chun é a riar agus a úsáid go héifeachtach.

Airteagal 6

Dáileadh airgeadais don bhainistíocht roinnte

Leagtar amach in Iarscríbhinn V na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh ghealltanais na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 5(1) don tréimhse 2021 go 2027.

Airteagal 7

Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

1.   Is é EUR 797 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh sa chuid den imchlúdach airgeadais atá faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach mar a shonraítear i dTeideal III.

2.   Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun CEMID a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

Go háirithe, ar thionscnamh an Choimisiúin, le CEMID, féadfar tacú leis an méid seo a leanas, faoi réir uasteorainn 1,5 % den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1):

(a)

cúnamh teicniúil chun an Rialachán seo a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060;

(b)

SFPAnna a ullmhú, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus rannpháirtíocht an Aontais in ERBInna;

(c)

gréasán uile-Eorpach de ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta a bhunú.

3.   Le CEMID, tacófar le costais na ngníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

CAIBIDIL III

Clársceidealú

Airteagal 8

Clársceidealú don tacaíocht faoi bhainistíocht roinnte

1.   I gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/1060, ullmhóidh gach Ballstát aon chlár amháin chun na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a chur chun feidhme (“an clár”).

Agus an clár á ullmhú, féachfaidh na Ballstáit le dúshláin réigiúnacha agus/nó áitiúla, de réir mar is iomchuí, a chur san áireamh agus féadfaidh siad comhlachtaí idirmheánacha a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 71(3) de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Tacaíocht faoi Theideal II den Rialachán seo chun na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/1060 a shaothrú, déanfar í a eagrú de réir na dtosaíochtaí agus na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar sa chlár an méid seo a leanas:

(a)

anailís ar an staid ó thaobh láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí, agus sainaithint na riachtanas a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu sa limistéar geografach ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, imchuacha farraige is ábhartha don chlár;

(b)

i gcás inarb infheidhme, na pleananna gníomhaíochta maidir leis na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 35.

4.   Agus an anailís á déanamh acu ar an staid ó thaobh na láidreachtaí, na laigí, na ndeiseanna agus na mbagairtí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit riachtanais shonracha na hiascaireachta cósta ar mhionscála a chur san áireamh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060.

Maidir leis na cuspóirí sonracha lena rannchuidítear le forbairt na hiascaireachta chósta inbhuanaithe ar mhionscála, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar na cineálacha gníomhaíochtaí a bhreithnítear chun na críche sin, mar a leagtar amach i bpointe (i) de phointe (d) d'Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis.

Féachfaidh an t-údarás bainistíochta le sainiúlachtaí oibreoirí iascaireachta cósta ar mhionscála a chur san áireamh le haghaidh bearta simpliúcháin ionchasacha, amhail foirmeacha iarratais simplithe.

5.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gclár i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/1060. Ina mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe a chur san áireamh:

(a)

uasmhéadú rannchuidiú an chláir leis na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3 agus le cuspóirí na hathléimneachta, an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, lena n-áirítear trí réimse leathan réiteach nuálach;

(b)

rannchuidiú an chláir le hiascaireacht inbhuanaithe chósta ar mhionscála a fhorbairt;

(c)

rannchuidiú an chláir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta;

(d)

an chothromaíocht idir acmhainn iascaireachta na gcabhlach agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil, mar a thuairiscíonn na Ballstáit go bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(e)

i gcás inarb infheidhme, na pleananna bainistíochta ilbhliantúla arna nglacadh faoi Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, na pleananna bainistíochta arna nglacadh faoi Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus na moltaí arna nglacadh ag ERBInna atá ina gceangal ar an Aontas;

(f)

cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(g)

an fhianaise is déanaí maidir le feidhmíocht shocheacnamaíoch an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe, go háirithe san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe;

(h)

i gcás inarb infheidhme, na hanailísí ar na himchuacha farraige réigiúnacha a d'fhorbair an Coimisiún ina léirítear láidreachtaí agus laigí coiteanna gach imchuach farraige maidir le cuspóirí CBI, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a bhaint amach;

(i)

rannchuidiú an chláir le caomhnú agus athshlánú éiceachóras muirí, agus beidh an tacaíocht a bhaineann le limistéir Natura 2000 i gcomhréir le creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Airteagal 8(4) de Threoir 92/43/CEE;

(j)

rannchuidiú an chláir le bruscar muirí a laghdú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);

(k)

rannchuidiú an chláir le maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin.

Airteagal 9

Clársceidealú do thacaíocht faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Chun Teideal III a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos cláir oibre. Leagfar amach sna cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh na n-oibríochtaí measctha dá dtagraítear in Airteagal 56. Ach amháin a mhéid a bhaineann le cúnamh teicniúil, déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

TEIDEAL II

TACAÍOCHT FAOI BHAINISTÍOCHT ROINNTE

CAIBIDIL I

Prionsabail ghinearálta tacaíochta

Airteagal 10

Státchabhair

1.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE maidir le cabhair arna deonú ag na Ballstáit do ghnóthais san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe.

2.   Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag Airteagail 107, 108 ná 109 CFAE maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE.

3.   Forálacha náisiúnta lena mbunaítear maoiniú poiblí a théann thar fhorálacha an Rialacháin seo maidir le híocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, déanfar iad a láimhseáil ina n-iomláine ar bhonn mhír 1.

4.   Maidir leis na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE, a bhfuil feidhm ag Airteagail 107, 108 agus 109 de ina leith, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 108 CFAE, cabhair oibriúcháin a údarú sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE i leith na n-earnálacha ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear agus ina margaítear táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, d'fhonn na srianta sonracha sna réigiúin sin mar thoradh ar a leithlisiú, a n-oileánachas nó a n-iargúltacht a mhaolú.

Airteagal 11

Inghlacthacht iarratas

1.   Ní bheidh aon iarratas ar thacaíocht arna thíolacadh ag oibreoir inghlactha, ar feadh tréimhse shainaitheanta ama a leagtar síos de bhun mhír 4 den Airteagal seo, má chinn an t-údarás inniúil gur fíor an méid seo a leanas i leith an oibreora lena mbaineann:

(a)

tá sáruithe tromchúiseacha déanta aige faoi Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (30) nó faoi Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 nó faoi reachtaíocht eile a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle faoi chuimsiú CBI;

(b)

bhí sé páirteach in oibriú, i mbainistiú nó in úinéireacht soithigh iascaireachta atá ar áireamh i liosta soithí NNN an Aontais a leagtar amach in Airteagal 40(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, nó soithigh a bhfuil bratach tíortha a shainaithnítear mar thríú tíortha neamh-chomhoibritheacha, mar a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán sin, ar foluain aige; nó

(c)

tá aon cheann de na cionta comhshaoil a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 de Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) déanta aige, i gcás ina ndéantar an t-iarratas ar thacaíocht a thíolacadh faoi Airteagal 27 den Rialachán seo.

2.   Má tharlaíonn aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcaitheamh na tréimhse idir an t-iarratas ar thacaíocht a thíolacadh agus 5 bliana tar éis na híocaíochta deiridh, déanfar an tacaíocht a íocadh ó CEMID agus a bhaineann leis an iarratas sin a ghnóthú ón oibreoir, i gcomhréir le hAirteagal 44 den Rialachán seo agus Airteagal 103 de Rialachán (AE) 2021/1060.

3.   Gan dochar do rialacha is forleithne mar a comhaontaíodh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta leis an mBallstát lena mbaineann, ní bheidh iarratas ar thacaíocht a thíolacann oibreoir inghlactha, ar feadh tréimhse shainaitheanta ama a leagtar síos de bhun mhír 4 den Airteagal seo, má chinn an t-údarás inniúil lena mbaineann trí bhíthin cinneadh críochnaitheach go bhfuil calaois déanta ag an oibreoir, mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/1371, i gcomhthéacs CEMI nó CEMID.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 62, lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an tairseach thruiceartha, agus tréimhse ama na neamh-inghlacthachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, a shainaithint, a bheidh comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na sáruithe tromchúiseacha, na gcionta nó na calaoise a rinneadh, agus bliain amháin ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin;

(b)

i gcomhréir le hAirteagal 44 den Rialachán seo agus Airteagal 103 de Rialachán (AE) 2021/1060, na socruithe chun an tacaíocht arna deonú de bhun mhír 2 den Airteagal seo a ghnóthú, a bheidh comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na sáruithe tromchúiseacha, na gcionta tromchúiseacha nó na calaoise tromchúisí a rinneadh;

(c)

dátaí ábhartha tosaithe nó críochnaithe na dtréimhsí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 agus na coinníollacha le haghaidh tréimhse laghdaithe neamh-inghlacthachta.

5.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le rialacha náisiúnta, tréimhse ama neamh-inghlacthachta is faide ná mar a leagtar síos de bhun mhír 4 a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, féadfaidh na Ballstáit tréimhse neamh-inghlacthachta a chur i bhfeidhm maidir le hiarratais ar thacaíocht arna dtíolacadh ag oibreoirí a bhíonn i mbun iascaireacht intíre agus a bhfuil sáruithe tromchúiseacha déanta acu, mar a shainítear i rialacha náisiúnta.

6.   Ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí a bhfuil iarratas ar thacaíocht á thíolacadh acu faoi CEMID go soláthróidh siad dearbhú sínithe don údarás bainistíochta lena ndaingnítear nach dtagann siad faoi aon cheann de na cásanna a liostaítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo. Fíoróidh na Ballstáit fírinneacht an dearbhaithe sin roimh dóibh an t-iarratas a fhormheas, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil i gcláir náisiúnta de sháruithe dá dtagraítear in Airteagal 93 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, nó ar shonraí eile atá ar fáil.

Chun críocha an fhíoraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, cuirfidh Ballstát ar fáil, arna iarraidh sin do Bhallstát eile, an fhaisnéis atá ina chlár náisiúnta de sháruithe dá dtagraítear in Airteagal 93 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 12

Incháilitheacht le haghaidh tacaíocht ó CEMID faoi bhainistíocht roinnte

1.   Gan dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh na Ballstáit na hoibríochtaí ar fíor an méid seo a leanas ina leith a roghnú le haghaidh tacaíocht faoin Teideal seo:

(a)

tagann siad faoi raon feidhme na dtosaíochtaí agus na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 8(2);

(b)

níl siad neamh-incháilithe de bhun Airteagal 13; agus

(c)

tá siad i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

2.   Le CEMID, féadfar tacú le hinfheistíochtaí ar bord atá riachtanach chun ceanglais a chomhlíonadh arna bhforchur ag Ballstát chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha roghnacha faoi Threoir (AE) 2017/159.

Airteagal 13

Oibríochtaí nó caiteachas neamh-incháilithe

Ní bheidh na hoibríochtaí nó an caiteachas seo a leanas incháilithe le haghaidh tacaíocht ó CEMID:

(a)

oibríochtaí a mhéadaíonn acmhainn iascaireachta soithigh iascaireachta, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 19;

(b)

trealamh a fháil a mhéadaíonn cumas an tsoithigh iascaireachta éisc a aimsiú;

(c)

soithí iascaireachta a thógáil, a fháil nó a allmhairiú, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 17;

(d)

soithí iascaireachta a aistriú go tríú tíortha nó soithí iascaireachta a aistriú go clár loingseoireachta tríú tíortha, lena n-áirítear trí chomhfhiontair a chruthú le comhpháirtithe na tríú dtíortha sin;

(e)

scor sealadach nó buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagail 20 agus 21;

(f)

iascaireacht thaiscéalaíoch;

(g)

aistriú úinéireachta ar ghnóthas;

(h)

athstocáil dhíreach, mura bhfuil foráil déanta di go sainráite mar bheart athbhunaithe nó bearta eile caomhnaithe i ngníomh dlíthiúil de chuid an Aontais nó i gcás athstocáil thrialach;

(i)

calafoirt nua nó hallaí ceantála nua a thógáil, cé is moite d’áiteanna nua ina dtugtar gabhálacha i dtír;

(j)

sásraí idirghabhála margaidh arb é is aidhm dóibh táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a tharraingt siar ón margadh ar bhonn sealadach nó buan d'fhonn an soláthar a laghdú ionas nach dtitfeadh praghsanna nó chun praghsanna a ardú, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 26(2);

(k)

infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta atá riachtanach chun go gcomhlíonfar na ceanglais faoi dhlí an Aontais atá i bhfeidhm an tráth a dtíolactar an t-iarratas ar thacaíocht, lena n-áirítear ceanglais faoi oibleagáidí an Aontais i gcomhthéacs ERBInna, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 22;

(l)

infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta ar feadh níos lú ná 60 lá le linn an 2 bhliain féilire roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar thacaíocht;

(m)

príomhinneall nó inneall coimhdeach ar shoitheach iascaireachta a ionadú nó a nuachóiriú, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 18.

CAIBIDIL II

Tosaíocht 1: An t-iascach inbhuanaithe agus athbhunú agus caomhnú acmhainní bitheolaíocha uisceacha a chothú

Roinn 1

Raon feidhme na tacaíochta

Airteagal 14

Cuspóirí sonracha

1.   Leis an tacaíocht faoin gCaibidil seo, cumhdófar idirghabhálacha a rannchuidíonn le cuspóirí CBI a bhaint amach mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, trí cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí iascaireachta atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de a neartú;

(b)

éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus astaíochtaí CO2 a laghdú trí na hinnill ar shoithí iascaireachta a ionadú nó a nuachóiriú;

(c)

oiriúnú na hacmhainne iascaireachta do dheiseanna iascaireachta i gcásanna scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta a chur chun cinn agus rannchuidiú le caighdeán cóir maireachtála i gcásanna scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta;

(d)

rialú agus forfheidhmiú éifeachtúil iascaigh a chothú, lena n-áirítear iascaireacht NNN a chomhrac, mar aon le sonraí iontaofa le haghaidh cinnteoireacht eolasbhunaithe;

(e)

cothrom na Féinne ó thaobh iomaíochta de a chur chun cinn do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí; agus

(f)

rannchuidiú le cosaint agus le hathbhunú na bithéagsúlachta uiscí agus na n-éiceachóras uisceach.

2.   Féadfar tacaíocht faoin gCaibidil seo a dheonú don iascaireacht intíre faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 16.

Roinn 2

Coinníollacha sonracha

Airteagal 15

Soithí iascaireachta a aistriú nó iad a aistriú go clár loingseoireachta eile

I gcás ina ndeonófar tacaíocht faoin gCaibidil seo i dtaca le soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, ní aistreofar an soitheach sin ná ní aistreofar go clár loingseoireachta eile é lasmuigh den Aontas le linn 5 bliana ar a laghad tar éis íocaíocht deiridh na hoibríochta dár tugadh tacaíocht.

Airteagal 16

Iascaireacht intíre

1.   Na forálacha a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 17(6), i bpointe (a) d'Airteagal 18(2), i bpointí (a) agus (d) d'Airteagal 19(2), in Airteagal 20, i bpointí (a) go (d) d'Airteagal 21(2), agus an tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 i bpointe (d) d'Airteagal 19(3) den Rialachán seo, ní bheidh feidhm acu maidir le soithí iascaireachta intíre.

2.   I gcás soithí iascaireachta intíre, cuirfear na tagairtí don dáta cur i seirbhís, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, in ionad na dtagairtí don dáta clárúcháin i gclár cabhlaigh an Aontais i bpointí (d) agus (e) d'Airteagal 17(6), i bpointe (b) d'Airteagal 18(2) agus i bpointe (c) d'Airteagal 19(2).

Airteagal 17

An chéad soitheach iascaireachta a fháil

1.   De mhaolú ar phointe (c) d'Airteagal 13, le CEMID, féadfar tacú leis an gcéad soitheach iascaireachta a fháil, nó úinéireacht pháirteach a fháil air.

Leis an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 14(1).

2.   Ní fhéadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú ach do dhuine nádúrtha ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

níl sé nó sí níos sine ná 40 bliain d'aois ar an dáta a dtíolactar an t-iarratas ar thacaíocht; agus

(b)

tá 5 bliana oibre ar a laghad caite ag an té sin mar iascaire nó tá cáilíocht leordhóthanach bainte amach aige nó aici.

3.   Féadfar tacaíocht faoi mhír 1 a dheonú freisin d'eintitis dhlítheanacha atá faoi lánúinéireacht duine nádúrtha amháin nó níos mó, ar daoine nádúrtha iad a chomhlíonann gach ceann acu na coinníollacha a leagtar amach i mír 2.

4.   Féadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú i gcás daoine nádúrtha éagsúla, a gcomhlíonann gach duine acu na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, chun an chéad soitheach iascaireachta a fháil go comhpháirteach.

5.   Féadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú freisin i gcás duine nádúrtha chun úinéireacht pháirteach a fháil ar shoitheach iascaireachta, ar duine nádúrtha é nó í a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 agus a measfar go bhfuil cearta rialaithe aige nó aici sa soitheach sin trí 33 % ar a laghad den soitheach nó de scaireanna an tsoithigh a bheith faoina úinéireacht aige nó aici, nó i gcás eintiteas dlítheanach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 agus a measfar go bhfuil cearta rialaithe aige sa soitheach sin trí 33 % ar a laghad den soitheach nó de scaireanna an tsoithigh a bheith faoina úinéireacht aige.

6.   Ní fhéadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú ach maidir le soitheach iascaireachta ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

baineann sé le roinn chabhlaigh ar léiríodh ina leith sa tuarascáil is déanaí maidir le hacmhainn iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go raibh cothromaíocht inti maidir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin;

(b)

tá sé feistithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta;

(c)

ní faide ná 24 mhéadar a fhad foriomlán;

(d)

tá sé cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais do na 3 bliana féilire, ar a laghad, roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar thacaíocht i gcás soitheach iascaireachta cósta ar mhionscála, agus ar feadh 5 bliana féilire ar a laghad i gcás cineál eile soithigh; agus

(e)

tá sé cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais don 30 bliain féilire, ar a mhéad, roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar thacaíocht.

7.   Má fhaightear an chéad soitheach iascaireachta le tacaíocht faoin Airteagal seo, ní mheasfar gur aistriú úinéireachta ar ghnóthas de réir bhrí phointe (g) d'Airteagal 13 atá i gceist leis.

Airteagal 18

Príomhinneall nó inneall coimhdeach a ionadú nó a nuachóiriú

1.   De mhaolú ar phointe (m) d'Airteagal 13, le CEMID, féadfar tacú le hionadú nó nuachóiriú príomh-innill nó innill choimhdigh de chuid soitheach iascaireachta nach faide ná 24 mhéadar a fhad foriomlán.

Leis an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 14(1).

2.   Ní fhéadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú ach amháin ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

baineann an soitheach le roinn chabhlaigh ar léiríodh ina leith sa tuarascáil is déanaí maidir le hacmhainn iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go raibh cothromaíocht inti maidir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil di;

(b)

tá an soitheach cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais do na 5 bliana féilire, ar a laghad, roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar thacaíocht;

(c)

i gcás soithí iascaireachta cósta ar mhionscála, ní mó an chumhacht in kW atá ag an inneall nua nó nuachóirithe ná ag an inneall a bhí ann cheana; agus

(d)

i gcás soithí eile nach faide ná 24 mhéadar a bhfad foriomlán, ní mó an chumhacht in kW atá ag an inneall nua nó nuachóirithe ná ag an inneall a bhí ann cheana agus astaíonn an t-inneall nua nó nuachóirithe 20 % níos lú CO2 ar a laghad i gcomparáid leis an inneall a bhí ann cheana.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar fíorú fisiciúil ar gach inneall ionadaithe nó nuachóirithe.

4.   Ní chuirfear acmhainn iascaireachta nua in ionad acmhainn iascaireachta a tarraingíodh siar mar thoradh ar ionadú nó nuachóiriú príomhinnill nó innill choimhdigh.

5.   Measfar gur comhlíonadh an laghdú ar astaíochtaí CO2 a cheanglaítear faoi phointe (d) de mhír 2 in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina léirítear le faisnéis ábhartha atá deimhnithe ag monaróir an innill lena mbaineann mar chuid de chineálcheadú nó de dheimhniú táirge go n-astaíonn an t-inneall nua 20 % níos lú CO2 ná an t-inneall atá á ionadú; nó

(b)

i gcás ina léirítear le faisnéis ábhartha atá deimhnithe ag monaróir an innill lena mbaineann mar chuid de chineálcheadú nó de dheimhniú táirge go n-úsáideann an t-inneall nua 20 % níos lú CO2 ná an t-inneall atá á ionadú.

I gcás nach féidir comparáid a dhéanamh idir astaíochtaí CO2 nó an t-ídiú breosla leis an bhfaisnéis ábhartha atá deimhnithe ag monaróir an innill lena mbaineann mar chuid de chineálcheadú nó de dheimhniú táirge le haghaidh ceann amháin nó an dá cheann de na hinnill, measfar gur comhlíonadh an laghdú ar astaíochtaí CO2 a cheanglaítear faoi phointe (d) de mhír 2 in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

úsáideann an t-inneall nua teicneolaíocht atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus tá 7 mbliana, ar a laghad, de dhifear idir aois an innill nua agus an innill atá á ionadú;

(b)

úsáideann an t-inneall nua cineál breosla nó córas tiomána a mheastar go n-astaíonn sé níos lú CO2 ná an t-inneall atá á ionadú;

(c)

déanann an Ballstát a thomhas go n-astaíonn an t-inneall nua 20 % níos lú CO2 nó go n-úsáideann sé 20 % níos lú breosla ná an t-inneall atá á ionadú faoi ghnáthiarracht iascaireachta an tsoithigh lena mbaineann.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na teicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a shainaithint agus chun na heilimintí modheolaíochta do chur chun feidhme phointe (c) den fhomhír sin a shonrú tuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

Airteagal 19

Méadú in olltonnáiste soithigh iascaireachta chun an tsábháilteacht, dálaí oibre nó an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú

1.   De mhaolú ar phointe (a) d'Airteagal 13, le CEMID, féadfar tacú le hoibríochtaí a mhéadaíonn olltonnáiste soithigh iascaireachta ar mhaithe leis an tsábháilteacht, dálaí oibre nó an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.

Leis an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 14(1).

2.   Ní fhéadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú ach amháin ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

baineann an soitheach iascaireachta le roinn chabhlaigh ar léiríodh ina leith sa tuarascáil is déanaí maidir le hacmhainn iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go raibh cothromaíocht idir acmhainn iascaireachta na roinne agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin;

(b)

ní faide ná 24 mhéadar fad foriomlán an tsoithigh iascaireachta;

(c)

tá an soitheach iascaireachta cláraithe i gclár cabhlaigh an Aontais do na 10 mbliana féilire, ar a laghad, roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar thacaíocht; agus

(d)

cúitítear iontráil acmhainne iascaireachta nua sa chabhlach iascaireachta arna giniúint ag an oibríocht tríd ar a laghad an méid céanna acmhainne iascaireachta gan cúnamh poiblí a tharraingt siar roimhe sin ón roinn chabhlaigh chéanna nó ó roinn chabhlaigh eile ar léiríodh ina leith sa tuarascáil is déanaí maidir le hacmhainn iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nach raibh an acmhainn iascaireachta cothrom leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin.

3.   Chun críocha mhír 1, ní bheidh incháilithe ach na hoibríochtaí seo a leanas:

(a)

an méadú ar an olltonnáiste is gá chun saoráidí cóiríochta a shuiteáil nó a athchóiriú ina dhiaidh sin a bheidh ann d'úsáid eisiach na foirne, lena n-áirítear saoráidí sláintíochta, comhlimistéir, saoráidí cistine agus struchtúir boird fothana;

(b)

an méadú ar an olltonnáiste is gá chun córais coisc dóiteáin ar bord, córais sábháilteachta agus aláraim nó córais laghdaithe torainn a fheabhsú nó a shuiteáil ina dhiaidh sin;

(c)

an méadú ar an olltonnáiste is gá chun córais chomhtháite droichid a shuiteáil ina dhiaidh sin chun loingseoireacht nó rialú innill a fheabhsú;

(d)

an méadú ar an olltonnáiste is gá chun inneall nó córas tiomána a shuiteáil nó a athchóiriú ina dhiaidh sin a léiríonn éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr nó astaíochtaí CO2 níos ísle i gcomparáid leis an staid a bhí ann roimhe sin, nach mó an chumhacht ná cumhacht innill an tsoithigh iascaireachta a deimhníodh roimhe sin de bhun Airteagal 40(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus a bhfuil aschur uasta cumhachta deimhnithe ag an monaróir don inneall sin nó don tsamhail córais tiomána sin;

(e)

an bogha bleibíneach a ionadú nó a athchóiriú ar choinníoll go bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh fhoriomlán an tsoithigh iascaireachta leis.

4.   Mar chuid de na sonraí a sholáthraítear de bhun Airteagal 46(3), cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún saintréithe na n-oibríochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin Airteagal seo, lena n-áirítear méid na hacmhainne iascaireachta atá méadaithe agus cuspóir an mhéadaithe sin.

5.   Ní chumhdófar le tacaíocht faoin Airteagal seo oibríochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo an tsábháilteacht, dálaí oibre nó an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú i gcás nach méadaítear leis na hoibríochtaí sin acmhainn iascaireachta an tsoithigh lena mbaineann. Féadfar tacú leis na hoibríochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 20

Scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta

1.   De mhaolú ar phointe (e) d'Airteagal 13, le CEMID, féadfar tacú le cúiteamh as scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta.

Leis an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(1).

2.   Ní fhéadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú ach amháin ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an scor beartaithe mar uirlis de phlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

cuirtear an scor buan i gcrích tríd an soitheach iascaireachta a bhriseadh nó trína chur as feidhm agus a iarfheistiú i gcomhair gníomhaíochtaí eile seachas iascaireacht tráchtála, agus na bearta sin fós i gcomhréir le cuspóirí CBI agus na bpleananna ilbhliantúla dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(c)

tá an soitheach cláraithe mar shoitheach gníomhach agus rinne sé gníomhaíochtaí iascaireachta ar muir ar feadh 90 lá sa bhliain, ar a laghad, le linn an 2 bhliain féilire deiridh roimh dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht;

(d)

déantar an acmhainn iascaireachta choibhéiseach a bhaint go buan de chlár cabhlaigh iascaireachta an Aontais agus déantar na ceadúnais iascaireachta agus na húdaruithe iascaireachta a tharraingt siar go buan, i gcomhréir le hAirteagal 22(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; agus

(e)

ní chláróidh an tairbhí aon soitheach iascaireachta laistigh de 5 bliana tar éis an tacaíocht sin a fháil.

3.   Ní fhéadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú ach dóibh seo a leanas amháin:

(a)

úinéirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann an scor buan; agus

(b)

iascairí a d'oibrigh ar muir ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann an scor buan ar feadh 90 lá sa bhliain ar a laghad le linn an 2 bhliain féilire roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar thacaíocht.

Scoirfidh na hiascairí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de ghníomhaíochtaí uile iascaireachta ar feadh 5 bliana tar éis an tacaíocht a fháil. Má fhilleann iascaire ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh laistigh den tréimhse ama sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na suimeanna a íocadh go míchuí i leith na hoibríochta a ghnóthú, ar mhéid atá comhréireach leis an tréimhse nár comhlíonadh an coinníoll a leagtar amach sa chéad abairt den fhomhír seo.

Airteagal 21

Scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta

1.   De mhaolú ar phointe (e) d'Airteagal 13, le CEMID, féadfar tacú le cúiteamh as scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta.

Leis an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(1).

2.   Ní fhéadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú ach amháin i gcás na nithe seo a leanas:

(a)

bearta caomhnaithe, dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (i) agus (j) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nó, i gcás inarb infheidhme maidir leis an Aontas, bearta caomhnaithe coibhéiseacha arna nglacadh ag ERBInna;

(b)

bearta de chuid an Choimisiúin i gcás bagairt thromchúiseach ar acmhainní bitheolaíocha na mara, dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(c)

bearta éigeandála de chuid na mBallstát de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(d)

briseadh ar chur i bhfeidhm SFPA nó prótacail a ghabhann leis de dheasca cúiseanna force majeure; nó

(e)

tubaistí nádúrtha, teagmhais chomhshaoil nó géarchéimeanna sláinte, arna n-aithint go foirmiúil ag údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha.

3.   Ní fhéadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú ach amháin i gcás ina gcuirtear stop le gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh nó an iascaire lena mbaineann ar feadh 30 lá ar a laghad i mbliain féilire ar leith.

4.   Ní fhéadfar an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a dheonú ach amháin i gcás ina bhfuil gá, bunaithe ar chomhairle eolaíoch, le laghdú ar an iarracht iascaireachta chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus i bpointe (a) d'Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach.

5.   Ní fhéadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú ach dóibh seo a leanas amháin:

(a)

úinéirí nó oibreoirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá cláraithe mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta ar muir ar feadh 120 lá ar a laghad le linn an 2 bhliain féilire deiridh roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar thacaíocht;

(b)

iascairí a d'oibrigh ar muir ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann an scor sealadach ar feadh 120 lá ar a laghad le linn an 2 bhliain féilire roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar thacaíocht; nó

(c)

iascairí de chois a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta ar feadh 120 lá ar a laghad le linn an 2 bhliain féilire deiridh roimh an mbliain a tíolacadh an t-iarratas ar thacaíocht.

Ní bheidh feidhm ag an tagairt do líon na laethanta ar muir sa mhír seo maidir le hiascaigh eascann.

6.   Féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú ar feadh uastréimhse 12 mhí in aghaidh an tsoithigh nó in aghaidh an iascaire le linn na clárthréimhse.

7.   Na gníomhaíochtaí iascaireachta uile arna ndéanamh ag na soithigh agus na hiascairí lena mbaineann, cuirfear ar fionraí go hiarbhír iad le linn na tréimhse lena mbaineann an scor sealadach. Deimhneoidh an Ballstát lena mbaineann dó féin go mbeidh an soitheach nó an t-iascaire lena mbaineann tar éis scor d’aon ghníomhaíochtaí iascaireachta le linn na tréimhse lena mbaineann an scor sealadach agus go seachnófar aon róchúiteamh as an soitheach a úsáid chun críoch eile.

Airteagal 22

Rialú agus forfheidhmiú

1.   Le CEMID, féadfar tacú le forbairt agus cur chun feidhme córais rialaithe iascaigh de chuid an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus a shonraítear tuilleadh i Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009 agus (CE) Uimh. 1005/2008.

Leis an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 14(1).

2.   De mhaolú ar phointe (k) d'Airteagal 13, leis an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach:

(a)

ceannach, suiteáil agus bainistiú comhpháirteanna ar bord, ar comhpháirteanna iad atá riachtanach do chórais éigeantacha rianaithe soithí agus tuairiscithe leictreonacha a úsáidtear chun críoch rialaithe;

(b)

ceannach, suiteáil agus bainistiú comhpháirteanna ar bord, ar comhpháirteanna iad atá riachtanach do chórais éigeantacha chianfhaireacháin leictreonacha a úsáidtear chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a rialú;

(c)

ceannach, suiteáil agus bainistiú feistí ar bord, ar feistí iad chun an tomhas leanúnach éigeantach agus an taifeadadh éigeantach a dhéanamh ar an gcumhacht tiomána innill.

3.   Leis an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar rannchuidiú freisin leis an bhfaireachas muirí dá dtagraítear in Airteagal 33 agus leis an gcomhar i ndáil le feidhmeanna garda cósta dá dtagraítear in Airteagal 34.

Airteagal 23

Sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú, a úsáid agus a phróiseáil, agus cláir thaighde agus nuálaíochta

1.   Le CEMID, féadfar tacú le sonraí bitheolaíochta, comhshaoil, teicniúla agus socheacnamaíocha san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú, a úsáid agus a phróiseáil, dá bhforáiltear in Airteagal 25(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus a shonraítear tuilleadh i Rialachán (AE) 2017/1004, ar bhonn na bpleananna oibre náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/1004. Le CEMID, féadfar tacú freisin le cláir thaighde agus nuálaíochta maidir leis an iascach agus le dobharshaothrú, dá bhforáiltear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Leis an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 14(1).

Airteagal 24

Cothrom na Féinne ó thaobh iomaíochta de a chur chun cinn do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí

1.   Le CEMID, féadfar tacú le cúiteamh as na costais bhreise a thabhaíonn oibreoirí agus táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí á n-iascaireacht, á saothrú, á bpróiseáil agus á margú acu.

2.   Leis an tacaíocht dá dtagraítear i mhír 1 den Airteagal seo, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 14(1).

3.   Ní fhéadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú ach amháin ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 36.

Airteagal 25

Bithéagsúlacht uisceach agus éiceachórais uisceacha a chosaint agus a athbhunú

1.   Le CEMID, féadfar tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cosaint agus le hathbhunú na bithéagsúlachta uiscí agus na n-éiceachóras uisceach, lena n-áirítear in uiscí intíre.

Leis an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 14(1).

2.   Féadfar, inter alia, an méid sa a leanas a áireamh sa tacaíocht dá dtagraítear i mír 1:

(a)

cúiteamh d'iascairí as trealamh iascaireachta a cailleadh agus bruscar muirí a bhailiú go héighníomhach ón bhfarraige;

(b)

infheistíochtaí i gcalafoirt nó i mbonneagar eile chun saoráidí glactha leordhóthanacha a sholáthar le haghaidh trealamh iascaireachta a cailleadh agus bruscar muirí arna mbailiú ón bhfarraige;

(c)

gníomhaíochtaí chun dea-stádas comhshaoil sa mhuirthimpeallacht a bhaint amach nó a choinneáil, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE;

(d)

bearta cosanta spásúla arna nglacadh de bhun Airteagal 13(4) de Threoir 2008/56/CE a chur chun feidhme;

(e)

limistéir Natura 2000 a bhainistiú agus a athbhunú agus faireachas agus faireachán a dhéanamh orthu, agus na creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Airteagal 8 de Threoir 92/43/CEE á gcur san áireamh;

(f)

speicis a chosaint faoi Threoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, agus na creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Airteagal 8 de Threoir 92/43/CEE á gcur san áireamh;

(g)

uiscí intíre a athbhunú i gcomhréir le clár na mbeart arna bhunú de bhun Airteagal 11 de Threoir 2000/60/CE.

CAIBIDIL III

Tosaíocht 2: Gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe agus próiseáil agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chothú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le slándáil bia san Aontas.

Roinn 1

Raon feidhme na tacaíochta

Airteagal 26

Cuspóirí sonracha

1.   Leis an tacaíocht faoin gCaibidil seo, cumhdófar idirghabhálacha a rannchuideoidh le cuspóirí CBI a bhaint amach mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 iad, trí na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn, go háirithe iomaíochas táirgeachta dobharshaothraithe a neartú, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh na gníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtéarma;

(b)

margaíocht, cáilíocht agus breisluach táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chur chun cinn, chomh maith le próiseáil na dtáirgí sin.

2.   De mhaolú ar phointe (j) d'Airteagal 13, i gcás imeachtaí eisceachtúla a mbíonn suaitheadh suntasach sna margaí mar thoradh orthu, féadfar an méid seo a leanas a chumhdach sa tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

cúitimh d'oibreoirí san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe as a n-ioncam tarscaoilte nó costais bhreise; agus

(b)

cúitimh d'eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann táirgí iascaigh a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, ar choinníoll go stóráiltear na táirgí sin i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 den Rialachán sin.

Ní fhéadfaidh an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith incháilithe ach amháin má tá sé suite ag an gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, gur tharla teagmhas eisceachtúil. Ní bheidh caiteachas incháilithe ach amháin le linn na tréimhse a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme sin.

3.   De bhreis ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo faoi raon feidhme Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfar a chumhdach freisin le tacaíocht faoin bpointe sin idirghabhálacha a rannchuidíonn le dobharshaothrú lena soláthraítear seirbhísí comhshaoil, mar aon le sláinte agus leas ainmhithe a áirithiú i ndobharshaothrú faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32).

4.   Le tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar rannchuidiú freisin le cuspóirí chomheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bhaint amach, dá bhforáiltear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena n-áirítear na pleananna táirgthe agus margaíochta mar a thuairiscítear iad in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.

Roinn 2

Coinníollacha sonracha

Airteagal 27

An dobharshaothrú

Chun an cuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 26(1) den Rialachán seo a bhaint amach a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí dobharshaothraithe a chur chun cinn, beidh an tacaíocht comhleanúnach leis na pleananna straitéiseacha náisiúnta ilbhliantúla chun dobharshaothrú a fhorbairt dá dtagraítear in Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 28

Táirgí iascaireachta agus táirgí dobharshaothraithe a phróiseáil

Chun an cuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 26(1) den Rialachán seo a bhaint amach a mhéid a bhaineann le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a phróiseáil, ní dheonófar tacaíocht d'fhiontair seachas FBManna ach trí na hionstraimí airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2021/1060 nó trí InvestEU, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/523.

CAIBIDIL IV

Tosaíocht 3: Geilleagar gorm inbhuanaithe a chumasú i gceantair chósta, oileánacha agus intíre agus forbairt na bpobal iascaireachta agus dobharshaothraithe a chothú

Roinn 1

Raon feidhme na tacaíochta

Airteagal 29

Cuspóir sonrach

Cumhdófar le tacaíocht faoin gCaibidil seo idirghabhálacha a rannchuidíonn le geilleagar gorm inbhuanaithe a chumasú i gceantair chósta, oileánacha agus intíre, agus le forbairt inbhuanaithe na bpobal iascaireachta agus dobharshaothraithe a chothú.

Roinn 2

Coinníollacha sonracha

Airteagal 30

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.   Chun an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo a bhaint amach, déanfar tacaíocht a chur chun feidhme tríd an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a leagtar amach in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, áiritheofar leis na straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060 go mbainfidh pobail i limistéir iascaireachta nó dobharshaothraithe leas agus tairbhe níos fearr as na deiseanna a thugann an geilleagar gorm inbhuanaithe, agus tairbhe á bhaint as acmhainní comhshaoil, cultúrtha, sóisialta agus daonna agus na hacmhainní sin á neartú. Féadfaidh raon straitéisí a bheith sna straitéisí forbartha áitiúla sin faoi stiúir an phobail, idir straitéisí atá dírithe ar iascach nó ar dhobharshaothrú agus straitéisí níos forleithne atá dírithe ar éagsúlú pobal áitiúil.

CAIBIDIL V

Tosaíocht 4: Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a neartú agus farraigí agus aigéin atá sábháilte, slán, glan agus a bhainistítear go hinbhuanaithe a chumasú

Roinn 1

Raon feidhme na tacaíochta

Airteagal 31

Cuspóir sonrach

Cumhdófar le tacaíocht faoin gCaibidil seo idirghabhálacha a rannchuidíonn le bainistiú inbhuanaithe na bhfarraigí agus na n-aigéan a neartú trí eolas muirí, faireachas muirí agus comhar an gharda cósta a chur chun cinn.

Roinn 2

Coinníollacha sonracha

Airteagal 32

Eolas muirí

Le tacaíocht arna deonú chun an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 31 den Rialachán seo a bhaint amach trí eolas muirí a chur chun cinn, rannchuideofar le gníomhaíochtaí lena ndírítear ar shonraí a bhailiú, a bhainistiú, a anailísiú, a phróiseáil agus a úsáid chun feabhas a chur ar an eolas faoi staid na muirthimpeallachta, d'fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na ceanglais maidir le faireachán agus ainmniú agus bainistiú láithreán faoi Threoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE a chomhlíonadh;

(b)

tacaíocht a thabhairt don phleanáil spásúil mhuirí faoi Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33); nó

(c)

feabhas a chur ar cháilíocht agus comhroinnt sonraí tríd an líonra Eorpach um breathnóireacht agus sonraí muirí (EMODnet).

Airteagal 33

An faireachas muirí

1.   Chun an cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 31 a bhaint amach trí fhaireachas muirí a chur chun cinn, deonófar tacaíocht do ghníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí TCCF a bhaint amach.

2.   Leis an tacaíocht do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar rannchuidiú freisin le forbairt agus cur chun feidhme córais rialaithe iascaigh de chuid an Aontais faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22.

Airteagal 34

Comhar an gharda cósta

1.   Le tacaíocht arna deonú chun an cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 31 a bhaint amach trí chomhar an gharda cósta a chur chun cinn, rannchuideofar le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis náisiúnta faoi chuimsiú an chomhair Eorpaigh um fheidhmeanna garda cósta dá dtagraítear in Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34), Airteagal 2b de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36).

2.   Leis an tacaíocht do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar rannchuidiú freisin le forbairt agus cur chun feidhme córais rialaithe iascaigh de chuid an Aontais faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22.

CAIBIDIL VI

Forbairt inbhuanaithe na réigiún is forimeallaí

Airteagal 35

Plean gníomhaíochta do na réigiún is forimeallaí

I gcomhréir le hAirteagal 8(3), déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann, mar chuid dá gclár, plean gníomhaíochta a ullmhú le haghaidh gach ceann dá réigiúin is forimeallaí, lena leagfar síos an méid seo a leanas:

(a)

straitéis maidir leis an saothrú inbhuanaithe iascach agus maidir le hearnálacha den gheilleagar inbhuanaithe gorm a fhorbairt;

(b)

tuairisc ar na príomhghníomhaíochtaí atá beartaithe agus na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha, lena n-áirítear:

(i)

an tacaíocht struchtúrtha don earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe faoin Teideal seo;

(ii)

cúiteamh as costais bhreise dá dtagraítear in Airteagail 24 agus 36, lena n-áirítear an mhodheolaíocht chun é a ríomh;

(iii)

aon infheistíocht eile sa gheilleagar gorm inbhuanaithe is gá chun forbairt inbhuanaithe cósta a bhaint amach.

Airteagal 36

Cúiteamh as costais bhreise le haghaidh táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe

1.   Chun cúiteamh as costais bhreise a thabhaíonn oibreoirí agus táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí á n-iascaireacht, á saothrú, á bpróiseáil agus á margú acu a chur chun feidhme, costais bhreise dá dtagraítear in Airteagal 24, cinnfidh gach Ballstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, maidir le gach réigiún is forimeallaí, an liosta de tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus cainníocht na dtáirgí sin atá incháilithe do chúiteamh.

2.   Agus na liostaí agus na cainníochtaí dá dtagraítear i mír 1 á mbunú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na tosca ábhartha ar fad, go háirithe an gá lena áirithiú go bhfuil an cúiteamh ag luí le rialacha CBI.

3.   Ní dheonófar an cúiteamh le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe:

(a)

arna ngabháil ag soithí tríú tír, cé is moite de shoithí iascaireachta a bhfuil bratach Veiniséala ar foluain acu agus a oibríonn in uiscí an Aontais, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2015/1565 ón gComhairle (37);

(b)

arna ngabháil ag soithí iascaireachta an Aontais nach bhfuil cláraithe i gcalafort i gceann amháin de na réigiúin is forimeallaí;

(c)

arna n-allmhairiú ó thríú tíortha.

4.   Ní bheidh feidhm ag pointe (b) de mhír 3 má sháraíonn acmhainneacht reatha an tionscail próiseála sa réigiún is forimeallaí lena mbaineann cainníocht an amhábhair arna sholáthar.

5.   Leis an gcúiteamh a íocfar do na tairbhithe atá i mbun na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 sna réigiúin is forimeallaí nó ar úinéirí soithigh iad atá cláraithe i gcalafort i gceann de na réigiúin sin agus atá ag oibriú ann, cuirfear san áireamh an méid seo a leanas chun an róchúiteamh a sheachaint:

(a)

i gcás gach táirge iascaigh nó dobharshaothraithe nó gach catagóir táirgí, na costais bhreise a eascraíonn as míbhuntáistí sonracha na réigiún lena mbaineann; agus

(b)

aon chineál eile idirghabhála poiblí a dhéanann difear do leibhéal na gcostas breise.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na critéir a leagan síos maidir le ríomh na gcostas breise a eascraíonn as míbhuntáistí sonracha na réigiún lena mbaineann.

Airteagal 37

Státchabhair chun cúiteamh as costais bhreise a chur chun feidhme

Féadfaidh na Ballstáit maoiniú breise a dheonú chun an cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 24 a chur chun feidhme. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin Státchabhair, agus féadfaidh an Coimisiún í a fhormheas i gcomhréir leis an Rialachán seo mar chuid den chúiteamh sin. Státchabhair arna fógairt mar sin, measfar go mbeidh fógra tugtha ina leith de réir bhrí na chéad abairte d'Airteagal 108(3) CFAE.

Airteagal 38

Meastóireacht

Agus an mheastóireacht mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2021/1060 á déanamh aige, scrúdóidh an Coimisiún go sonrach forálacha na Caibidle seo, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le costais bhreise a chúiteamh.

CAIBIDIL VII

Rialacha le haghaidh cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte

Roinn 1

Tacaíocht ó CEMID

Airteagal 39

An cúiteamh a ríomh

Cúiteamh as costais bhreise nó ioncam tarscaoilte agus cúiteamh eile dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, déanfar é a dheonú faoi aon cheann de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointí (b) go (e) d'Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 40

Rátaí cómhaoinithe a chinneadh

Is é 70 % den chaiteachas poiblí incháilithe a bheidh in uasráta cómhaoinithe CEMID in aghaidh an chuspóra shonraigh, cé is moite den chuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 14(1), a mbeidh 100 % i gceist leis.

Airteagal 41

Déine an chúnaimh phoiblí

1.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm uasráta déine cabhrach de 50 % de chaiteachas incháilithe iomlán na hoibríochta.

2.   De mhaolú ar mhír 1, leagtar amach in Iarscríbhinn III uasrátaí sonracha déine cabhrach.

3.   I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi níos mó ná ceann amháin de línte 2 go 19 d'Iarscríbhinn III, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach is airde.

4.   I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi cheann amháin nó níos mó de línte 2 go 19 d'Iarscríbhinn III agus ina dtagann sí, ag an am céanna, faoi shraith 1 den Iarscríbhinn sin, beidh feidhm ag an uasráta déine cabhrach dá dtagraítear i sraith 1.

Roinn 2

Bainistíocht airgeadais

Airteagal 42

An spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh

1.   I gcomhréir le hAirteagal 96(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an Coimisiún an spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh i ndáil le hiarratas ar íocaíocht ina iomláine nó i ndáil le cuid den iarratas sin i gcás nár chomhlíon Ballstát na rialacha infheidhme faoi CBI, más dócha go ndéanfaidh an neamh-chomhlíonadh sin difear don chaiteachas atá in iarratas íocaíochta dá bhfuil an íocaíocht eatramhach á hiarraidh.

2.   Sula ndéantar an briseadh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát lena mbaineann nár comhlíonadh na rialacha agus tabharfaidh sé deis don Bhallstát barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse réasúnta ama.

3.   Beidh an briseadh dá dtagraítear i mír 1 comhréireach do chineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na neamhchomhlíontachta.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na cásanna neamhchomhlíontachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shainiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

Airteagal 43

Íocaíochtaí a chur ar fionraí

1.   I gcomhréir le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirtear ar fionraí iomlán na n-íocaíochtaí eatramhacha nó cuid de na híocaíochtaí eatramhacha faoin gclár i gcás ina ndéanann Ballstát neamhchomhlíonadh tromchúiseach ar na rialacha is infheidhme faoi CBI, más dócha go ndéanfaidh an neamhchomhlíonadh tromchúiseach sin difear don chaiteachas atá in iarratas ar íocaíocht dá bhfuil an íocaíocht eatramhach á hiarraidh.

2.   Sula gcuirfear íocaíocht ar fionraí dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát lena mbaineann go measann an Coimisiún go bhfuil cás tromchúiseach de neamhchomhlíonadh ann ó thaobh an Bhallstáit sin maidir leis na rialacha is infheidhme faoi CBI agus tabharfaidh sé deis don Bhallstát barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse réasúnta ama.

3.   Beidh an fhionraí dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an neamhchomhlíonta thromchúisigh.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na cásanna de neamhchomhlíonadh tromchúiseach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shainiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

Airteagal 44

Ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag na Ballstáit

I gcásanna de na ceartuithe airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 11(2), cinnfidh na Ballstáit méid an cheartaithe, agus beidh an méid sin comhréireach do chineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na sáruithe tromchúiseacha nó na gcionta a rinne an tairbhí lena mbaineann agus a thábhachtaí atá an rannchuidiú ó CEMID do ghníomhaíocht eacnamaíoch an tairbhí sin.

Airteagal 45

Ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag an gCoimisiún

1.   I gcomhréir le hAirteagal 104(5) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéantar ceartuithe airgeadais trí iomlán an rannchuidithe ón Aontas leis an gclár, nó cuid de, a chur ar ceal, más rud é, tar éis dó an scrúdú is gá a dhéanamh, go measann sé:

(a)

go ndéantar difear do chaiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht le cásanna inar tharla aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Rialachán seo agus nár cheartaigh an Ballstát lena mbaineann é sular osclaíodh an nós imeachta ceartúcháin faoin mír seo;

(b)

go ndéantar difear do chaiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht le cásanna ina ndearna Ballstát neamhchomhlíonadh tromchúiseach ar rialacha CBI agus ar cuireadh an íocaíocht ar fionraí faoi Airteagal 43 den Rialachán seo dá dheasca agus ina dteipeann ar an mBallstát lena mbaineann fós féin a thaispeáint go bhfuil na gníomhaíochtaí riachtanacha ceartaitheacha déanta aige lena áirithiú go gcomhlíonfaí agus go bhforfheidhmeofaí rialacha CBI is infheidhme sa todhchaí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2) den Rialachán seo.

2.   Cinnfidh an Coimisiún méid an cheartaithe ag féachaint do chineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an neamhchomhlíonta thromchúisigh maidir le rialacha CBI arna dhéanamh ag an mBallstát nó ag an tairbhí lena mbaineann agus a thábhachtaí atá an ranníocaíocht ó CEMID do ghníomhaíocht eacnamaíoch an tairbhí lena mbaineann.

3.   I gcás nach féidir méid an chaiteachais a bhaineann leis an neamhchomhlíonadh tromchúiseach maidir le rialacha CBI arna dhéanamh ag Ballstát a chainníochtú go cruinn, cuirfidh an Coimisiún ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite airgeadais i bhfeidhm i gcomhréir le mír 4.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na critéir a chinneadh maidir le leibhéal an cheartaithe airgeadais a bheidh le cur i bhfeidhm a bhunú agus chun na critéir a chinneadh maidir le rátaí comhréidh nó ceartuithe eachtarshuite airgeadais a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

Roinn 3

Faireachán agus tuairisciú

Airteagal 46

Creat faireacháin agus meastóireachta

1.   Úsáidfear táscairí coiteanna aschuir agus toraidh do CEMID, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus, i gcás inar gá, táscairí clár-shonracha, i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d'Airteagal 16(1), pointe (d)(ii) d'Airteagal 22(3) agus pointe (b) d'Airteagal 42 (2) de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   I gcomhréir leis an gceanglas tuairiscithe atá air de bhun mhír (iii) de phointe (h) d'Airteagal 41(3) den Rialachán Airgeadais, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmíocht CEMID. Sa tuarascáil sin, úsáidfidh an Coimisiún na croítháscairí feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   I dteannta na rialacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfaidh an t-údarás bainistíochta sonraí ábhartha cur chun feidhme ar leibhéal na hoibríochta a sholáthar don Choimisiún, agus áireofar ar na sonraí sin príomh-shaintréithe an tairbhí (ainm, cineál tairbhí, méid an fhiontair, inscne agus sonraí teagmhála) agus na hoibríochta arna tacú (cuspóir sonrach, cineál oibríochta, an earnáil lena mbaineann, luachanna táscairí, dul chun cinn na hoibríochta, an uimhir choiteann cláir cabhlaigh, sonraí airgeadais agus cineál na tacaíochta). Soláthrófar na sonraí faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Iúil gach bliain. Beidh an chéad tarchur de na sonraí sin le déanamh faoin 31 Eanáir 2022 agus an ceann deireanach faoin 31 Eanáir 2030.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha ina sonraítear tuilleadh na sonraí beachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus cur i láthair na sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 62, chun Iarscríbhinn I a leasú trí na croítháscairí feidhmíochta a chur isteach chun dul in oiriúint d'athruithe a tharlaíonn le linn na clárthréimhse.

Airteagal 47

Torthaí na hoibríochta arna cistiú a thuairisciú

1.   Déanfaidh na tairbhithe luach na dtáscairí toraidh ábhartha a thuairisciú tar éis don oibríocht a bheith tugtha i gcrích agus tráth nach déanaí ná an tráth a dhéantar an t-iarratas deireadh ar íocaíocht. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta athbhreithniú ar inchreidteacht luach na dtáscairí toraidh arna dtuairisciú ag an tairbhí i gcomhthreo leis an íocaíocht deiridh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit na hamlínte a bhunaítear i mír 1 a chur ar atráth.

TEIDEAL III

TACAÍOCHT FAOI BHAINISTÍOCHT DHÍREACH AGUS INDÍREACH

CAIBIDIL I

Tosaíocht 1: An t-iascach inbhuanaithe agus athbhunú agus caomhnú acmhainní bitheolaíocha uisceacha a chothú

Airteagal 48

Cur chun feidhme CBI

Le CEMID, tacófar le cur chun feidhme CBI tríd an méid seo a leanas:

(a)

comhairle agus eolas eolaíoch a sholáthar chun cinntí fónta agus éifeachtúla maidir le bainistiú iascaigh faoi CBI a chur chun cinn, lena n-áirítear trí shaineolaithe a bheith rannpháirteach i gcomhlachtaí eolaíocha;

(b)

comhar réigiúnach i dtaobh bearta caomhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe i gcomhthéacs na bpleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10;

(c)

cur chun feidhme córais rialaithe iascaigh de chuid an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus a shonraítear tuilleadh i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(d)

feidhmiú Comhairlí Comhairleacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a bhfuil sé mar chuspóir acu a bheith mar chuid de CBI agus CBI a thacú;

(e)

ranníocaíochtaí deonacha le gníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéileálann leis an iascach, i gcomhréir le hAirteagail 29 agus 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 49

Farraigí agus aigéin atá glan agus folláin a chur chun cinn

1.   Le CEMID, tacófar le farraigí agus aigéin atá glan agus folláin a chur chun cinn, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí lena dtacaítear le cur chun feidhme Threoir 2008/56/CE agus trí ghníomhaíochtaí lena n-áirithítear comhleanúnachas leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach mar a leagtar amach i bpointe (j) d'Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus lena n-áirithítear cur chun feidhme na straitéise Eorpaí le haghaidh plaisteach i ngeilleagar ciorclach.

2.   Beidh an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE.

CAIBIDIL II

Tosaíocht 2: Gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe agus próiseáil agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chothú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le slándáil bia san Aontas.

Airteagal 50

Faisnéis maidir leis an margadh

Le CEMID, tacófar le forbairt agus le scaipeadh na faisnéise maidir leis an margadh le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.

CAIBIDIL III

Tosaíocht 3: Geilleagar gorm inbhuanaithe a chumasú i gceantair chósta, oileánacha agus intíre agus forbairt na bpobal iascaireachta agus dobharshaothraithe a chothú

Airteagal 51

Beartas muirí agus geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt

Le CEMID, tacófar le cur chun feidhme an bheartais mhuirí agus le forbairt geilleagair ghoirm inbhuanaithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

geilleagar gorm inbhuanaithe ísealcharbóin aeráid-díonach a chur chun cinn;

(b)

rialachas agus bainistiú comhtháite an bheartais mhuirí a chur chun cinn, lena n-áirítear trí phleanáil spásúil mhuirí, straitéisí imchuach farraige agus comhar réigiúnach muirí;

(c)

feabhas a chur ar aistriú agus glacadh taighde, nuálaíochta agus teicneolaíochta sa gheilleagar gorm inbhuanaithe;

(d)

feabhas a chur ar scileanna muirí, tuiscint ar na haigéin agus comhroinnt sonraí socheacnamaíocha agus comhshaoil faoin ngeilleagar gorm eacnamaíoch;

(e)

píblínte tionscadal agus ionstraimí airgeadais nuálacha a fhorbairt.

CAIBIDIL IV

Tosaíocht 4: Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a neartú agus farraigí agus aigéin atá sábháilte, slán, glan agus a bhainistítear go hinbhuanaithe a chumasú

Airteagal 52

An líonra Eorpach um breathnóireacht agus sonraí muirí

Le CEMID, tacófar le cur chun feidhme EMODnet.

Airteagal 53

Slándáil mhuirí agus faireachas muirí

Le CEMID, tacófar le slándáil mhuirí agus faireachas muirí a chur chun cinn, lena n-airítear trí chomhroinnt sonraí, le comhar i measc gardaí cósta agus i measc gníomhaireachtaí, agus leis an gcomhrac i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla agus mídhleathacha ar muir.

Airteagal 54

Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan

Le CEMID, tacófar le cur chun feidhme an bheartais maidir le rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan tríd an méid seo a leanas:

(a)

ranníocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse rialachas na n-aigéan;

(b)

comhar deonach le fóraim, eagraíochtaí, comhlachtaí agus institiúidí idirnáisiúnta i gcomhthéacs Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, “Chlár Oibre 2030” agus comhaontuithe, socruithe agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, agus comhordú eatarthu;

(c)

comhpháirtíochtaí aigéin a chur chun feidhme idir an tAontas agus gníomhaithe ábhartha aigéin;

(d)

comhaontuithe, socruithe agus ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme a bhfuil sé mar aidhm acu rialachas aigéan níos fearr a chur chun cinn, mar aon le gníomhaíochtaí, bearta, uirlisí agus eolas a fhorbairt a chumasaíonn farraigí agus aigéin atá sábháilte, slán, glan agus a bhainistítear go hinbhuanaithe;

(e)

comhaontuithe, bearta agus uirlisí idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú;

(f)

comhar agus forbairt idirnáisiúnta maidir le taighde agus sonraí aigéin.

CAIBIDIL V

Rialacha maidir le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 55

Foirmeacha maoinithe ón Aontas

1.   Le CEMID, féadfar cistiú a chur ar fáil in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe soláthar agus deontais de bhun Theidil VII agus VIII den Rialachán sin, faoi seach. Ina theannta sin, féadfar maoiniú a sholáthar leis i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d'oibríochtaí measctha, dá dtagraítear in Airteagal 56 den Rialachán seo.

2.   Féadfaidh saineolaithe neamhspleácha an mheastóireacht ar thograí deontais a dhéanamh.

Airteagal 56

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha faoi CEMID chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 57

Meastóireacht arna déanamh ag an gCoimisiún

1.   Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta. Fágfar na meastóireachtaí sin faoi chúram saineolaithe inmheánacha nó seachtracha atá neamhspleách ó thaobh feidhme de.

2.   Déanfar an mheastóireacht eatramhach ar an tacaíocht faoi Theideal III faoi dheireadh 2024.

3.   Déanfar tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach maidir leis an tacaíocht faoi Theideal III a ullmhú faoi dheireadh 2031.

4.   Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 58

Faireachán faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

1.   Bainfidh an Coimisiún úsáid as na táscairí toraidh agus aschuir a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun faireachán a dhéanamh ar thorthaí chur chun feidhme CEMID faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach.

2.   Baileoidh an Coimisiún sonraí ar oibríochtaí a roghnaíodh le haghaidh tacaíocht faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, lena n-áirítear príomh-shaintréithe an tairbhí agus na hoibríochta, mar a leagtar amach in Airteagal 46(3).

Airteagal 59

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid ranníocaíocht an Aontais arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear daoine nó eintitis seachas iad siúd a bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, beidh na hiniúchtaí sin mar bhonn don chinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 60

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d'fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise iomadúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le CEMID, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun CEMID agus leis na torthaí a baineadh amach. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar CEMID ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na tosaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 61

Eintitis, gníomhaíochtaí agus costais incháilithe

1.   Na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, beidh feidhm acu de bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais.

2.   Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)

eintitis dhlítheanacha arna mbunú i mBallstát nó i dtríú tír a liostaítear sa chlár oibre faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3 agus 4;

(b)

aon eintiteas dlítheanach a cruthaíodh faoi dhlí an Aontais nó faoi aon eagraíocht idirnáisiúnta.

3.   Go heisceachtúil, beidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír incháilithe le bheith rannpháirteach i gcás inar gá sin chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

4.   I bprionsabal, seasfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár costais a rannpháirtíochta.

5.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d'Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais agus de mhaolú ar Airteagal 193(4) de, agus an mhoill ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo á cur san áireamh agus chun leanúnachas a áirithiú, faoi mar a bhunaítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas gurb incháilithe ón 1 Eanáir 2021 gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht faoin Rialachán seo agus a gcostais fholuiteacha, fiú má cuireadh chun feidhme na gníomhaíochtaí agus má tabhaíodh na costais sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 62

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 11, 36, 46 agus 65 a thabhairt don Choimisiún amhail ón 14 Iúil 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 11, 36, 46 agus 65 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 11, 36, 46 agus 65 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 63

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste um an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 64

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1004

Leasaítear Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/1004 mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1   Gan dochar do na hoibleagáidí bailithe sonraí atá orthu faoi láthair faoi dhlí an Aontais, baileoidh na Ballstáit sonraí faoi chuimsiú clár oibre arna tharraingt suas i gcomhréir le clár ilbhliantúil an Aontais (‘an plean oibre náisiúnta’). Cuirfidh na Ballstáit a bpleananna oibre náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin trí mheán leictreonach faoin 15 Deireadh Fómhair den bhliain roimh an mbliain a mbeidh feidhm ag an bplean oibre náisiúnta, ach amháin má tá plean atá ann cheana fós i bhfeidhm, agus sa chás sin, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoin méid sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena bhformheastar na pleananna oibre náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 faoin 31 Nollaig den bhliain roimh an mbliain a mbeidh feidhm ag an bplean oibre náisiúnta. Agus na pleananna oibre náisiúnta á bhformheas aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an mheastóireacht arna déanamh ag CETEI i gcomhréir le hAirteagal 10. Má thugann an mheastóireacht sin le fios nach gcomhlíonann an plean oibre náisiúnta an tAirteagal seo nó nach n-áirithíonn sé ábharthacht eolaíoch na sonraí nó cáilíocht leordhóthanach na modhanna agus nósanna imeachta atá beartaithe, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas láithreach agus molfaidh sé na leasuithe a mheasann sé a bheith riachtanach ar an bplean oibre sin. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann plean oibre náisiúnta athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin.”;

(2)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, formáid agus amchláir i ndáil leis na pleananna oibre náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).”.

Airteagal 65

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 agus aon ghníomh tarmligthe nó cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun an Rialacháin sin d'fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus le hoibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi CEMI faoi chlárthréimhse 2014-2020.

2.   Chun an trasdul a éascú ón scéim tacaíochta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 chuig an scéim a bhunaítear leis an Rialachán seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62 den Rialachán seo chun na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar tacaíocht atá formheasta ag an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a chomhtháthú le tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.

3.   Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo maidir leis an gclárthréimhse le haghaidh 2021-2027.

Airteagal 66

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 maidir leis an tacaíocht faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach dá bhforáiltear i dTeideal III.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 104.

(2)  IO C 361, 5.10.2018, lch. 9.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (IO C 116, 31.3.2021, lch. 81) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 14 Meitheamh 2021 (IO C 271, 7.7.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(5)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(6)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(9)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(11)  Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Choinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, a tugadh i gcrích an 21 Bealtaine 2012 idir an Coiste Ginearálta um Chomhar Talmhaíochta san Aontas Eorpach (Cogeca), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhlachas Eagraíochtaí Náisiúnta na bhFiontar Iascaireachta san Aontas Eorpach (Europêche) (IO L 25, 31.1.2017, lch. 12).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).

(14)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(15)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(16)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

(18)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).

(19)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(20)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(21)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(22)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(23)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(24)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(25)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(27)  Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).

(28)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).

(29)  Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 155, 12.6.2019, lch. 1).

(30)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(31)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

(32)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(33)  Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh pleanáil spáis mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).

(34)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

(36)  Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).

(37)  Cinneadh (AE) 2015/1565 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2015, maidir le formheas, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ar dheonú deiseanna iascaireachta in uiscí an Aontais do shoithí iascaireachta faoi bhratach Phoblacht Bholavarach Veiniséala sa limistéar eacnamaíoch eisiach amach ó chósta Ghuáin na Fraince (IO L 244, 19.9.2015, lch. 55).


IARSCRÍBHINN I

COMHTHÁSCAIRÍ CEMID

CROÍTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA  (1)

TÁSCAIRÍ TORAIDH (AONAD TOMHAIS)

TÁSCAIRÍ ASCHUIR

CI 01 - Gnólachtaí arna gcruthú

CI 02 - Gnólachtaí ag a bhfuil láimhdeachas ard

CI 03 - Poist arna gcruthú

CI 04 - Poist arna gcoimeád

CI 05 - Daoine a thairbhíonn

CI 06 - Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le dea-stádas comhshaoil, lena n-áirítear athchóiriú agus caomhnú an dúlra, cosaint na n-éiceachóras, an bhithéagsúlacht, sláinte agus leas ainmhithe

CI 07 - Tomhaltas fuinnimh a bhfuil laghdú astaíochtaí CO2 mar thoradh air

CI 08 - Líon FBManna dá dtugtar tacaíocht

CR 01 - Acmhainneacht nua táirgeachta (tonaí/bliana)

CR 02 - Táirgeacht dobharshaothraithe arna coimeád (tonaí/bliana)

CR 03 - Gnólachtaí arna gcruthú (líon na n-eintiteas)

CR 04 - Gnólachtaí ag a bhfuil láimhdeachas ard (líon na n-eintiteas)

CR 05 - Acmhainneacht na soithí arna dtarraingt siar (GT agus kW)

CR 06 - Poist arna gcruthú (líon na ndaoine)

CR 07 - Poist arna gcoimeád (líon na ndaoine)

CR 08 - Daoine a thairbhíonn (líon na ndaoine)

CR 09 - Limistéar ar a dtugtar aghaidh le hoibríochtaí a rannchuidíonn le dea-stádas comhshaoil agus lena ndéantar an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint, a chaomhnú agus a athchóiriú (km2 nó km)

CR 10 - Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le dea-stádas comhshaoil, lena n-áirítear athchóiriú agus caomhnú an dúlra, cosaint na n-éiceachóras, an bhithéagsúlacht, sláinte agus leas ainmhithe (líon na ngníomhaíochtaí)

CR 11 - Eintitis lena méadaítear an inbhuanaitheacht shóisialta (líon na n-eintiteas)

CO 01 - Líon na n-oibríochtaí

CI 09 - Líon na soithí iascaireachta feistithe le feistí leictreonacha tuairiscithe suímh agus gabhála

CI 10 - Líon na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla

CI 11 - Líon na soithí iascaireachta cósta ar mhionscála dá dtugtar tacaíocht

CI 12 - Úsáid ardán sonraí agus faisnéise

CR 12 - Éifeachtacht an chórais maidir le “sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid” (scála: ard, meánach, íseal)

CR 13 - Gníomhaíochtaí comhair idir geallsealbhóirí (líon na ngníomhaíochtaí)

CR 14 - Nuálaíochtaí arna gcumasú (líon na dtáirgí, na seirbhísí, na bpróiseas, na samhlacha gnó nó na modhanna nua)

CR 15 - Modhanna rialaithe arna suiteáil nó arna bhfeabhsú (líon na modhanna)

CR 16 - Eintitis a thairbhíonn de ghníomhaíochtaí poiblíochta agus faisnéise (líon na n-eintiteas)

CR 17 - Eintitis a fheabhsaíonn éifeachtúlacht acmhainní i dtáirgeadh agus/nó i bpróiseáil (líon na n-eintiteas)

CR 18 - Tomhaltas fuinnimh a bhfuil laghdú astaíochtaí CO2 mar thoradh air (kWh/tonaí nó lítir/h)

CR 19 - Gníomhaíochtaí chun acmhainneacht rialachais a fheabhsú (líon na ngníomhaíochtaí)

CR 20 - Infheistíocht arna spreagadh (EUR)

CR 21 - Tacair sonraí agus comhairle arna gcur ar fáil (líon)

CR 22 - Úsáid ardán sonraí agus faisnéise (líon na n-amharc leathanaigh)

 


(1)  Croítháscairí feidhmíochta do CEMID atá le húsáid ag an gCoimisiún i gcomhréir lena cheanglas tuairiscithe de bhun mhír (iii) de phointe (h) d'Airteagal 41(3) den Rialachán Airgeadais.


IARSCRÍBHINN II

EAGRÚ TACAÍOCHTA FAOI BHAINISTÍOCHT ROINNTE

CUSPÓIR BEARTAIS

Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/1060

TOSAÍOCHT CEMID

CUSPÓIR SONRACH CEMID

AINMNÍOCHT ATÁ LE hÚSÁID SA PHLEAN MAOINITHE

Táblaí 11A d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060

Eoraip athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn

An t-iascach inbhuanaithe agus athbhunú agus caomhnú acmhainní bitheolaíocha uisceacha a chothú

Gníomhaíochtaí iascaireachta atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de a neartú

1.1.1

na hoibríochtaí uile cé is moite díobh siúd dá dtugtar tacaíocht faoi Airteagail 17 agus 19

1.1.2

oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Airteagail 17 agus 19

Éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus astaíochtaí CO2 a laghdú trí na hinnill ar shoithí iascaireachta a ionadú nó a nuachóiriú

1.2

Oiriúnú na hacmhainne iascaireachta do dheiseanna iascaireachta i gcásanna scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta a chur chun cinn agus rannchuidiú le caighdeán cóir maireachtála i gcásanna scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta

1.3

 

 

Rialú agus forfheidhmiú éifeachtúil iascaigh a chothú, lena n-áirítear iascaireacht NNN a chomhrac, mar aon le sonraí iontaofa le haghaidh cinnteoireacht eolasbhunaithe

1.4

Cothrom na Féinne ó thaobh iomaíochta de a chur chun cinn do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí

1.5

Rannchuidiú le cosaint agus le hathbhunú na bithéagsúlachta uiscí agus na n-éiceachóras uisceach

1.6

Gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe, agus próiseáil agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, a chothú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le slándáil bia san Aontas

Gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn, go háirithe iomaíochas táirgthe dobharshaothraithe a neartú agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh na gníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtéarma

2.1

 

 

Margaíocht, cáilíocht agus breisluach táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chur chun cinn, chomh maith le próiseáil na dtáirgí sin

2.2

Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a neartú agus farraigí agus aigéin atá sábháilte, slán, glan agus a bhainistítear go hinbhuanaithe a chumasú

Bainistiú inbhuanaithe farraige agus aigéin a neartú trí eolas faoi chúrsaí mara, faireachas muirí nó le comhar an gharda cósta a neartú

4.1

Eoraip atá níos giorra do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite an uile chineál críoch agus tionscnamh áitiúil a chothú

Geilleagar gorm inbhuanaithe a chumasú i gceantair chósta, oileánacha agus intíre, agus forbairt na bpobal iascaireachta agus dobharshaothraithe a chothú

Geilleagar gorm inbhuanaithe a chumasú i gceantair chósta, oileánacha agus intíre agus forbairt inbhuanaithe na bpobal iascaireachta agus dobharshaothraithe a chothú

3.1

 

Cúnamh teicniúil

5.1

5.2


IARSCRÍBHINN III

NA hUASRÁTAÍ SONRACHA DÉINE CABHRACH FAOI BHAINISTÍOCHT ROINNTE

UIMHIR NA SRAITHE

CATAGÓIR SHONRACH OIBRÍOCHTA

AN tUASRÁTA DÉINE CABHRACH

1

Oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Airteagail 17, 18 agus 19

40 %

2

Na hoibríochtaí seo a leanas lena rannchuidítear le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013:

 

oibríochtaí lena gcuirtear feabhas ar roghnaíocht méideanna nó roghnaíocht speiceas an trealaimh iascaireachta;

100 %

oibríochtaí lena gcuirtear feabhas ar bhonneagar na gcalafort iascaireachta, na hallaí ceantála, na háiteanna ina dtugtar gabhálacha i dtír, agus an foscadh a bhíonn ar fáil, chun tabhairt i dtír agus stóráil na ngabhálacha de thaisme a éascú;

75 %

oibríochtaí lena n-éascaítear margú na ngabhálacha de thaisme a thugtar i dtír ó stoic thráchtála i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.

75 %

3

Oibríochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo feabhas a chur ar shláinte, ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre ar bord soithí iascaireachta, cé is moite d'oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Airteagal 19

75 %

4

Oibríochtaí atá lonnaithe sna réigiúin is forimeallaí

85 %

5

Oibríochtaí atá lonnaithe ar Oileáin iargúlta na Gréige agus ar oileáin Dugi Otok, Vis, Mljet agus Lastovo sa Chróit

85 %

6

Oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Airteagal 22

85 %

7

Oibríochtaí a bhaineann le hiascaireacht chósta ar mhionscála

100 %

8

Oibríochtaí darb é an tairbhí comhlacht poiblí, nó gnóthas a bhfuil de chúram air oibriú seirbhísí ar mhaithe le leas coiteann na heacnamaíochta dá dtagraítear in Airteagal 106(2) CFAE, i gcás ina dtugtar tacaíocht d'oibriú na seirbhísí sin

100 %

9

Oibríochtaí a bhaineann leis na cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 39

100 %

10

Oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Airteagail 23 agus 25 agus faoi Thosaíocht 4

100 %

11

Oibríochtaí a bhaineann le dearadh, forbairt, faireachán, meastóireacht agus bainistiú córas trédhearcach le haghaidh malartú deiseanna iascaireachta idir na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

100 %

12

Oibríochtaí a bhaineann le costais reatha grúpaí gníomhaíochta áitiúla

100 %

13

Oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Airteagal 30 agus a chomhlíonann ceann ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(i)

baineann leas comhchoiteann leo;

(ii)

tá tairbhí comhchoiteann acu; nó

(iii)

baineann saintréithe nuálacha leo, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal áitiúil, agus áirithítear go bhfuil rochtain ag an bpobal ar a dtorthaí.

100 %

14

Oibríochtaí seachas na cinn a chumhdaítear i sraith 13 a chomhlíonann na critéir seo a leanas uile:

(i)

baineann leas comhchoiteann leo;

(ii)

tá tairbhí comhchoiteann acu;

(iii)

baineann saintréithe nuálacha leo agus áirithítear go bhfuil rochtain ag an bpobal ar a dtorthaí.

100 %

15

Oibríochtaí arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí nó d'eagraíochtaí idirchraoibheacha.

75 %

16

Ionstraimí airgeadais, cé is moite d'ionstraimí airgeadais a bhaineann le hoibríochtaí dá dtagraítear i sraith 1

100 %

17

Oibríochtaí a thacaíonn le dobharshaothrú inbhuanaithe arna gcur chun feidhme ag FBManna

60 %

18

Oibríochtaí a thacaíonn le táirgí, próisis nó trealaimh nuálacha san iascach, sa dobharshaothrú agus sa phróiseáil

75 %

19

Oibríochtaí arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí iascairí nó tairbhithe comhchoiteanna eile

60 %


IARSCRÍBHINN IV

CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA

Uimh.

CINEÁL IDIRGHABHÁLA

AN COMHÉIFEACHT AERÁIDE

COMHÉIFEACHT CHOMHSHAOIL

1

Tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a laghdú agus/nó rannchuidiú le tionchair dhearfacha ar an gcomhshaol agus rannchuidiú le dea-stádas comhshaoil

100 %

100 %

2

Dálaí a chur chun cinn d'earnálacha iascaigh, dobharshaothraithe agus próiseála atá inmharthana ó thaobh an heacnamaíochta de agus atá iomaíoch agus tarraingteach

40 %

40 %

3

Rannchuidiú le haeráidneodracht

100 %

100 %

4

Scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta

100 %

100 %

5

Scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta

100 %

100 %

6

Rannchuidiú le dea-stádas comhshaoil trí limistéir mhuirí faoi chosaint, lena n-áirítear Natura 2000, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu

100 %

100 %

7

Cúiteamh as teagmhais chomhshaoil, aeráide nó sláinte poiblí nach raibh coinne leo

0 %

0 %

8

Cúiteamh as costais bhreise sna réigiúin is forimeallaí

0 %

0 %

9

Sláinte agus leas ainmhithe

40 %

40 %

10

Rialú agus forfheidhmiú

40 %

100 %

11

Sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu, agus eolas muirí a chur chun cinn

100 %

100 %

12

Faireachas agus slándáil mhuirí

40 %

40 %

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

13

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin i ndáil le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

0 %

0 %

14

Straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a chur chun feidhme

40 %

40 %

15

Costais reatha agus beochana i dtaca le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

0 %

0 %

Cúnamh teicniúil

16

Cúnamh teicniúil

0 %

0 %


IARSCRÍBHINN V

ACMHAINNÍ DOMHANDA Ó CEMID IN AGHAIDH AN BHALLSTÁIT DON TRÉIMHSE ÓN 1 EANÁIR 2021 GO DTÍ AN 31 NOLLAIG 2027

 

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

IOMLÁN

649 646 302

867 704 926

833 435 808

798 047 503

707 757 512

721 531 085

732 876 864

5 311 000 000

BE

4 925 394

6 578 640

6 318 823

6 050 521

5 365 973

5 470 400

5 556 420

40 266 171

BG

10 390 512

13 878 165

13 330 060

12 764 057

11 319 949

11 540 245

11 721 710

84 944 698

CZ

3 670 269

4 902 222

4 708 614

4 508 683

3 998 577

4 076 392

4 140 492

30 005 249

DK

24 582 747

32 834 129

31 537 379

30 198 278

26 781 687

27 302 881

27 732 208

200 969 309

DE

25 908 996

34 605 542

33 238 833

31 827 487

28 226 569

28 775 883

29 228 372

211 811 682

EE

11 912 962

15 911 637

15 283 223

14 634 286

12 978 583

13 231 157

13 439 212

97 391 060

IE

17 414 773

23 260 170

22 341 533

21 392 895

18 972 532

19 341 754

19 645 895

142 369 552

EL

45 869 836

61 266 389

58 846 736

56 348 059

49 972 919

50 945 434

51 746 530

374 995 903

ES

137 053 465

183 056 482

175 826 854

168 361 115

149 312 971

152 218 730

154 612 307

1 120 441 924

FR

69 372 651

92 658 097

88 998 661

85 219 712

75 578 071

77 048 886

78 260 448

567 136 526

HR

29 808 019

39 813 303

38 240 917

36 617 179

32 474 362

33 106 342

33 626 925

243 687 047

IT

63 388 749

84 665 656

81 321 871

77 868 885

69 058 907

70 402 853

71 509 909

518 216 830

CY

4 685 786

6 258 605

6 011 428

5 756 178

5 104 932

5 204 279

5 286 114

38 307 322

LV

16 498 239

22 035 996

21 165 707

20 266 995

17 974 015

18 323 805

18 611 939

134 876 696

LT

7 484 030

9 996 101

9 601 315

9 193 636

8 153 481

8 312 155

8 442 859

61 183 577

LU

-

-

-

-

-

-

-

-

HU

4 612 763

6 161 072

5 917 747

5 666 475

5 025 378

5 123 176

5 203 735

37 710 346

MT

2 669 689

3 565 790

3 424 963

3 279 536

2 908 494

2 965 097

3 011 721

21 825 290

NL

11 978 187

15 998 755

15 366 900

14 714 410

13 049 642

13 303 600

13 512 794

97 924 288

AT

821 763

1 097 594

1 054 246

1 009 482

895 270

912 693

927 046

6 718 094

PL

62 675 756

83 713 340

80 407 168

76 993 019

68 282 136

69 610 965

70 705 569

512 387 953

PT

46 307 271

61 850 651

59 407 923

56 885 418

50 449 481

51 431 271

52 240 007

378 572 022

RO

19 871 141

26 541 038

25 492 826

24 410 382

21 648 625

22 069 926

22 416 967

162 450 905

SI

2 927 095

3 909 597

3 755 191

3 595 743

3 188 925

3 250 985

3 302 105

23 929 641

SK

1 862 388

2 487 512

2 389 271

2 287 821

2 028 980

2 068 465

2 100 991

15 225 428

FI

8 777 254

11 723 405

11 260 401

10 782 276

9 562 384

9 748 476

9 901 766

71 755 962

SE

14 176 567

18 935 038

18 187 218

17 414 975

15 444 669

15 745 235

15 992 823

115 896 525


Top