Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0566

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/566 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) straidhn QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS-1857 agus straidhn GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis straidhn AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS 351, straidhn PB 54, straidhn SA 11, straidhn SA12 agus straidhn EG 2348, Beauveria bassiana straidhn ATCC 74040 agus straidhn GHA, clóidineafop, clóipirilid, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cipróidinil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, meapainipiri, Metarhizium anisopliae (var. anisopliae) straidhn BIPESCO 5/F52, meatconasól, meitrifeanón, pirimicharb, Pseudomonas chlororaphis straidhn MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. Griseoviridis” roimhe seo), Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn ICC012, straidhn T25 agus straidhn TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “T. Viride” roimhe seo) straidhn ICC080, Trichoderma harzianum straidhn T-22 agus straidhn ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/2028

    IO L 118, 7.4.2021, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/566/oj

    7.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 118/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/566 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Márta 2021

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) straidhn QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS-1857 agus straidhn GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis straidhn AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS 351, straidhn PB 54, straidhn SA 11, straidhn SA12 agus straidhn EG 2348, Beauveria bassiana straidhn ATCC 74040 agus straidhn GHA, clóidineafop, clóipirilid, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cipróidinil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, meapainipiri, Metarhizium anisopliae (var. anisopliae) straidhn BIPESCO 5/F52, meatconasól, meitrifeanón, pirimicharb, Pseudomonas chlororaphis straidhn MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. Griseoviridis” roimhe seo), Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn ICC012, straidhn T25 agus straidhn TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “T. Viride” roimhe seo) straidhn ICC080, Trichoderma harzianum straidhn T-22 agus straidhn ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 17 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (2) ón gCoimisiún na substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (2)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/421 ón gCoimisiún (3) cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) straidhn QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS-1857 agus straidhn GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis straidhn AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS 351, straidhn PB 54, straidhn SA 11, straidhn SA12 agus straidhn EG 2348, Beauveria bassiana straidhn ATCC 74040 agus straidhn GHA, clóidineafop, clóipirilid, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cipróidinil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, meapainipiri, Metarhizium anisopliae (var. anisopliae) straidhn BIPESCO 5/F52, meatconasól, meitrifeanón, pirimicharb, Pseudomonas chlororaphis straidhn MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. Griseoviridis” roimhe seo), Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn ICC012, straidhn T25 agus straidhn TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “T. Viride” roimhe seo) straidhn ICC080, Trichoderma harzianum straidhn T-22 agus straidhn ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram go dtí an 30 Aibreán 2021.

    (3)

    Cuireadh isteach iarratais ar athnuachan fhormheas na substaintí sin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (4).

    (4)

    Ós rud é gur cuireadh moill ar mheasúnú na substaintí sin ar chúiseanna nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí orthu, is dócha go n-éagfaidh na formheasanna atá ag na substaintí gníomhacha sin sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena n-athnuachan. Is gá, dá bhrí sin, síneadh a chur lena dtréimhsí formheasa.

    (5)

    Thairis sin, is gá síneadh a chur leis an tréimhse formheasa i gcás na substaintí gníomhacha cipróidinil, déchlórpróp-P, foiseitil, meapainipiri, meitrifeanón, pirimicharb, pirimeiteanail, spionasad, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram d’fhonn an t-am is gá a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh i ndáil le hairíonna suaite inchríneach na substaintí gníomhacha sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012.

    (6)

    A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le socrú ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna sin a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar le haghaidh athnuachan substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a shocrú, de réir mar is iomchuí sna himthosca.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/421 ón gCoimisiún an 18 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) straidhn QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS-1857 agus straidhn GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis straidhn AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS 351, straidhn PB 54, straidhn SA 11, straidhn SA12 agus straidhn EG 2348, Beauveria bassiana straidhn ATCC 74040 agus straidhn GHA, clóidineafop, clóipirilid, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cipróidinil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, Lecanicillium muscarium (ar a dtugtaí “Verticillium lecanii” roimhe seo) straidhn Ve6, meapainipiri, Metarhizium anisopliae (var. Anisopliae) straidhn BIPESCO 5/F52, meatconasól, meitrifeanón, Phlebiopsis gigantea straidhn FOC PG 410.3, straidhn VRA 1835 agus straidhn VRA 1984, pirimicharb, Pseudomonas chlororaphis straidhn MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. Griseoviridis” roimhe seo), Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn ICC012, straidhn T25 agus straidhn TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn IMI 206040 agus straidhn T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “T. Viride” roimhe seo) straidhn ICC080, Trichoderma harzianum straidhn T-22 agus straidhn ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (IO L 84, 20.3.2020, lch. 7).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh. (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

    (1)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 74, Sioram, cuirtear ‘30 Aibreán 2022’ in ionad an dáta;

    (2)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 89, Pseudomonas chlororaphis straidhn MA 342, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (3)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 90, Meapainipiri, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (4)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 123, Clóidineafop, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (5)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 124, Pirimicharb, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (6)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 125, Riomsulfúrón, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (7)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 127, Tríthiaconasól, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (8)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 129, Clóipirilid, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (9)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 130, Cipróidinil, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (10)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 131, Foiseitil, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (11)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 132, Tríneicseapac, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (12)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 133, Déchlórpróp-P, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (13)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 134, Meatconasól, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (14)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 135, Pirimeiteanail, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (15)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 136, Tríchlóipir, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (16)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 137, Meitrifeanón, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (17)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 138, Bacillus subtilis (Cohn 1872) straidhn QST 713, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (18)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 139, Spionasad, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (19)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 193, fospeiceas aizawai de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS-1857 agus straidhn GC-91, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (20)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 194, fospeiceas israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis straidhn AM65-52, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (21)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 195, fospeiceas kurstaki de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS 351, straidhn PB 54, straidhn SA 11, straidhn SA 12 agus straidhn EG 2348, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (22)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 197, Beauveria bassiana straidhn ATCC 74040 agus straidhn GHA, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (23)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 198, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (24)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 200, Metarhizium anisopliae var. anisopliae (ar a dtugtaí “Metahizium anisopliae” roimhe seo) straidhn BIPESCO 5/F52, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (25)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 202, Pythium oligandrum straidhn M1, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (26)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 203, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. Griseoviridis” roimhe seo), cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (27)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 204, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn T11, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (28)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 206, Trichoderma harzianum Rifai straidhn T-22 agus straidhn ITEM 908, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (29)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 207, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn ICC012, straidhn T25 agus straidhn TV1, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (30)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 208, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “T. Viride” roimhe seo) straidhn ICC080, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (31)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 210, Abaimeictin, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta;

    (32)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 213, Feinpiorocsamáit, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta.


    Top