This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D0712
Council Implementing Decision (CFSP) 2021/712 of 29 April 2021 implementing Decision 2013/798/CFSP concerning restrictive measures against the Central African Republic
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/712 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/712 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir
ST/8074/2021/INIT
IO L 147, 30.4.2021, pp. 19–20
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
30.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 147/19 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/712 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Aibreán 2021
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (1), agus go háirithe Airteagal 2c de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 23 Nollaig 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/798/CBES. |
|
(2) |
An 5 Aibreán 2021, d’fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) arna bhunú de bhun Rún 2127 (2013) ó CSNA eintiteas amháin a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
IARSCRÍBHINN
Sa liosta a leagtar amach i gCuid B (Eintitis) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES, scriostar an iontráil a bhaineann leis an eintiteas seo a leanas:
|
1. |
BUREAU D'ACHAT DE DIAMANT EN CENTRAFRIQUE/KARDIAM (ailias: a) BADICA/KRDIAM b) KARDIAM). |