Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0211

    Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2020/211 ón Gcomhairle an 17 Feabhra 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    ST/5864/2020/INIT

    IO L 43I, 17.2.2020, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/211/oj

    17.2.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 43/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/211 ÓN GCOMHAIRLE

    an 17 Feabhra 2020

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ar an 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

    (2)

    I bhfianaise go bhfuil brabúis mhóra á ndéanamh ag lucht gnó mór le rá trína naisc le réimeas Assad agus go bhfuil siad ag cabhrú leis an réimeas sin a mhaoiniú i gcomaoin air sin, lena n-áirítear trí chomhfhiontair arna mbunú ag lucht gnó mór le rá agus eintitis áirithe in éineacht le comhlachtaí a bhfuil tacaíocht ón Stát acu chun talamh a díshealbhaíodh a fhorbairt, tá lucht gnó agus na heintitis sin ag tacú le réimeas Assad agus ag baint tairbhe as an réimeas sin, lena n-áirítear trí mhaoin a díshealbhaíodh a úsáid.

    (3)

    Thairis sin, le díshealbhú talún ag réimeas Assad ó dhaoine atá easáitithe mar gheall ar an gcoinbhleacht sa tSiria, ní féidir leis na daoine sin filleadh ar a dtithe.

    (4)

    Ba cheart ochtar daoine nádúrtha agus dhá eintiteas a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 16, 19.1.2012, lch 1.


    IARSCRÍBHINN

    1.   

    Cuirtear na daoine seo a leanas leis an liosta, a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “288.

    Yasser Aziz ABBAS

    (ar a dtugtar freisin Yasser, Yaser, Yasr; Aziz, Aziz; Abbas, Abas; ياسر عزيز عباس)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 22.8.1978

    Náisiúntacht: Siriach

    Gaolta/páirtithe gnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc: Bajaa Trading Services LLC, Qudrah Trading, Tafawoq Tourism Projects Company, Top Business, Yang King, Al-Aziz Group

    Ar dhuine de na daoine is mó ón lucht gnó atá ag feidhmiú sa tSiria. Tacaíonn sé leis an réimeas agus/nó baineann sé tairbhe as trí idirbhearta gnó, lena n‐áirítear smuigleáil breosla agus aistrithe arm. Baineann Yasser Aziz Abbas brabús as allmhairí ola a éascú thar ceann réimeas na Siria agus úsáideann sé an caidreamh atá aige leis an réimeas chun déileálacha fabhracha agus cóir fhabhrach a fháil.

    17.2.2020

    289.

    Mahir BurhanEddine AL-IMAM

    (ar a dtugtar freisin ماهر برهان الدين الإمام)

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Siriach

    Ionad: Bainisteoir Ginearálta ar Telsa Group / Telsa Telecom

    Gaolta/páirtithe gnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc: Telsa Group/Telecom; Tazamon Contracting LLC; Castro LLC

    Ar dhuine de na daoine is mó ón lucht gnó atá ag feidhmiú sa tSiria a bhfuil leasanna gnó aige sa turasóireacht, sa teileachumarsáid agus sa réadmhaoin. Ina cháil mar Bhainisteoir Ginearálta ar Telsa Communication Group, a bhfuil tacaíocht ón réimeas acu, agus ar Castro LLC agus trína leasanna gnó eile, baineann Mahir BurhanEddine Al-Imam tairbhe as an réimeas agus tacaíonn sé lena bheartas airgeadais agus brústocaireachta chomh maith lena bheartas tógála.

    17.2.2020

    290.

    Waseem AL-KATTAN

    (ar a dtugtar freisin Waseem, Wasseem, Wassim, Wasim; Anouar; Al-Kattan, Al-Katan, Al-Qattan, Al-Qatan; وسيم قطان, وسيم أنوار القطان)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 4.3.1976

    Náisiúntacht: Siriach

    Ionad: Uachtarán ar Damascus Countryside (Rural) Province Chamber of Commerce

    Gaolta/páirtithe gnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc:

    Larosa Furniture/Furnishing; Jasmine Fields Company Ltd.; Muruj Cham (Murooj al-Cham) Investment and Tourism Group; Adam and Investment LLC; Universal Market Company LLC; Cisteoir ar Federation of Syrian Chambers of Commerce

    Ar dhuine de na daoine is mó ón lucht gnó atá ag feidhmiú sa tSiria a bhaineann tairbhe as an réimeas agus a thugann tacaíocht dó ina úinéir ar gnólachtaí éagsúla agus cuideachtaí sealbhaíochta a bhfuil leasanna agus gníomhaíochtaí acu in earnálacha eacnamaíocha éagsúla amhail réadmhaoin, tionscal na n‐óstán sóúla agus ionaid tráchtála. Rinne Waseem Al-Kattan dul chun cinn tapa go dtí go raibh sé ina phríomhfhear gnó trí chánacha a ghearradh ar earraí a smuigleáladh isteach in Oirthear Ghouta a bhí faoi léigear agus tá baint aige anois le cineálacha cliantachais atá chun sochair don réimeas. Baineann Waseem Al-Kattan tairbhe airgeadais as rochtain fhabhrach ar thairiscintí poiblí agus ar cheadúnais agus ar chonarthaí arna ndámhachtain ag gníomhaireachtaí rialtais mar thoradh ar na dlúthnaisc atá aige leis an réimeas.

    17.2.2020

    291.

    Amer FOZ

    (ar a dtugtar freisin عامر فوز)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 11.03.1976

    Náisiúntacht: Siriach

    Uimhir an Phas: 06010274747

    Post: Bainisteoir Ginearálta ar ASM International General Trading LLC (ASM International Trading)

    Gaolta/páirtithe gnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc: Samer Foz arna ainmniú ag an Aontas; Aman Holding arna hainmniú ag an Aontas (Aman Damascus Joint Stock Company); ASM International General Trading LLC (ASM International Trading)

    Príomhdhuine gnó a bhfuil leasanna gnó pearsanta agus teaghlaigh aige agus a oibríonn in earnálacha éagsúla i ngeilleagair na Siria, lena n‐áirítear trí Aman Holding (ar a dtugtaí Aman Group air roimhe seo). Is trí Aman Holding a bhaineann sé tairbhe airgeadais as rochtain a fháil ar dheiseanna tráchtála agus tacaíonn sé le réimeas Assad, lena n‐áirítear tríd an mbaint atá aige le forbairt Chathair Marota a bhfuil tacaíocht aici ón réimeas. Ina theannta sin, ó 2012, tá sé ina Bhainisteoir Ginearálta ar ASM International Trading LLC.

    Tá baint aige freisin lena dheartháir Samer Foz arna ainmniú ag an Aontas ó Eanáir 2019 mar phríomhdhuine gnó atá ag oibriú sa tSiria de bharr na tacaíochta a thugann sé don réimeas agus de bharr na tairbhe a bhaineann sé as.

    17.2.2020

    292.

    Saqr RUSTOM

    (ar a dtugtar freisin Saqr, Saqer; As'ad, Asaad, Asad; Al‐Rustom, Al-Rostom; صقر رستم, صقر أسعد الرستم)

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Siriach

    Post: Ina cheann ar National Defence Force in Homs

    Gaolta/páirtithe gnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc: Damas Real Estate Development and Investment LLC

    Ina cheann ar an mbrainse áitiúil den National Defence Force in Homs (mílíste réimis - Shabiha). Tá sé freagrach as rannpháirtíocht an bhrainse áitiúil den National Defence Force in Homs sin sa chos ar bolg bhrúidiúil ar an daonra sibhialtach sa tSiria. Trína mhílíste, tá Saqr Rustom freagrach as scéimeanna éagsúla a dhéanann brabús as an gcogadh agus dá bhrí sin baineann sé tairbhe as réimeas na Siria agus tá tacaíocht á thabhairt aige dó. Tá baint aige le duine ainmnithe darb ainm Bassam Hassan, a uncail, ar bhunaigh sé na Damas Real Estate Development agus Investment LLC leis chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail réadmhaoine.

    17.2.2020

    293.

    Abdelkader SABRA

    (ar a dtugtar freisin Abdelkader, Abd el Kader, Abd al Kader, Abdul Kader Abd al Qadr, Abdul Qadr; Sabra, Sabrah; عبد القاد صبرا; عبد القادر صبره)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 14.9.1955

    Náisiúntacht: Siriach; Liobánach

    Post: Úinéir Sabra Maritime Agency; ina cheann ar Chomhairle fhir ghó na Siria agus na Tuirce; ar dhuine de bhunaitheoirí Phenicia Tourism Company; Uachtarán ar Theach na Loingseoireachta Muirí sa tSiria

    Gaolta/páirtithe gnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc:

    Phoenicia Tourism Company (شركة فينيقيا للسياحة); Sabra Maritime Agency (كالة صبره البحرية)

    Ar dhuine de na daoine is mó den lucht gnó atá ag feidhmiú sa tSiria ar iomaí leas eacnamaíoch aige, go háirithe in earnáil na mara agus in earnáil na turasóireachta. Is mór é a cháil i gcúrsaí loingseoireachta agus mar dhlúthchomhpháirtí gnó ag Rami Makhlouf (tacadóir an réimis agus col ceathrar Bashar al-Assad), tugann Abdelkader Sabra tacaíocht airgeadais agus eacnamaíoch do réimeas na Siria, lena n‐áirítear trí chuideachtaí eischósta. Baineann Abdelkader Sabra leas as an gceangal atá aige leis an réimeas, ceangal a chuireann ar a chumas a ghníomhaíochtaí in earnáil na réadmhaoine a leathnú. Anuas air sin, tá sé páirteach i sciúradh airgid agus i ngníomhaíochtaí tráchtála a thacaíonn le réimeas na Siria agus lena comhpháirtithe.

    17.2.2020

    294.

    Khodr Ali TAHER

    (ar a dtugtar freisin خضر علي طاه)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 1976

    Náisiúntacht: Siriach

    Post: Stiúrthóir agus úinéir Ella Media Services; ar dhuine de bhunaitheoirí Castle Security and Protection and of Jasmine Contracting Company; Cathaoirleach agus duine de bhunaitheoirí Syrian Hotel Management Company; Bainisteoir agus úinéir Ematel

    Gaolta/páirtithe gnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc:

    Citadel for Protection; Guard and Security Services (Castle Security and protection); Ematel LLC (Ematel Communications); Syrian Hotel Management Company; Jasmine Contracting Company

    Ar dhuine de na daoine is mó den lucht gnó atá ag feidhmiú in earnálacha éagsúla i ngeilleagar na Siria, lena n‐áirítear an tslándáil phríobháideach, miondíol fón póca, bainistiú ósta, seirbhísí fógraíochta agus aistriú airgid intíre.

    Tacaíonn sé leis an réimeas agus baineann sé leas as an réimeas sin trí chomhar ina chuid gníomhaíochtaí gnó agus trína rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí smuigléireachta agus brabúsaíochta. Tá roinnt cuideachtaí faoi úinéireacht Khodr Ali Taher agus cuideachtaí eile atá cómhbhunaithe aige. Tá baint aige le déileálacha gnó leis an réimeas, lena n‐áirítear dul i gcomhfhiontar leis an Syrian Transport and Tourism Company, a bhfuil a dhá thrian faoi úinéireacht na hAireachta Turasóireachta.

    17.2.2020

    295.

    Adel Anwar AL‐OLABI

    (ar a dtugtar freisin Adel Anouar el-Oulabi, Adil Anwar al-Olabi; عادل أنور العلبي)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 1976

    Náisiúntacht: Siriach

    Post: Leas-Chathaoirleach ar Damascus Cham Holding Company (DCHC); Gobharnóir na Damaisce

    Ar dhuine de na daoine is mó den lucht gnó atá ag baint leas as an réimeas agus atá ag tacú leis an réimeas sin. Leas‐Chathaoirleach ar Damascus Cham Holding Company (DCHC), géag infheistíochta de chuid ghobharnóireacht na Damaisce chun maoin ghobharnóireacht na Damaisce a bhainistiú agus tionscadal Marota City a chur i ngníomh.

    Anuas air sin, is é Adel AnwarAl-Olabi Gobharnóir na Damaisce, arna cheapadh ag Bashar Al-Assad i mí na Samhna 2018. Ina cháil mar Ghobharnóir ar an Damaisc agus Leas-Chathaoirleach ar DCHC, is é atá freagrach as iarrachtaí chun beartais an réimis maidir le talamh a díshealbhaíodh a fhorbairt a chur i ngníomh sa Damaisc (lena n‐áirítear Foraithne Uimh. 66 agus Dlí Uimh. 10), go háirithe trí thionscadal Marota City.".

    17.2.2020”.

    2.   

    Cuirtear na heintitis a leanas leis an liosta, a leagtar amach i Roinn B (Eintitis) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “77.

    Al Qatarji Company

    (ar a dtugtar freisin Qatarji International Group; Al-Sham and Al-Darwish Company; Khatirji / Katarji / Katerji Group; مجموعة/شركة قاطرخي)

    Cineál eintitis: cuideachta phríobháideach

    Earnáil ghnó: allmhairiú/onnmhairiú; cuideachta trucaile; ola agus tráchtearraí a sholáthar

    Ainm an Stiúrthóra/an Bhainistíocht: Hussam AL‐QATIRJI, POF (arna ainmniú ag an Aontas Eorpach)

    Úinéir tairbhiúil/úinéirí tairbhiúla: Hussam AL‐QATIRJI, Muhammad Baraa QATERJI (arna n‐ainmniú ag an Aontas Eorpach)

    Seoladh cláraithe: Mazzah, an Damaisc, an tSiria

    Gaolta/páirtithe gnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc:

    Arvada/Arfada Petroleum Company JSC

    Cuideachta mór le rá atá ag feidhmiú in earnálacha éagsúla i ngeilleagar na Siria. sin trí thrádáil breosla, arm agus armlóin a éascú idir an réimeas agus gníomhaithe éagsúla, lena n‐áirítear ISIS (Daesh) faoi scáth earraí bia a allmhairiú agus a onnmhairiú, trí tacú le mílístí atá ag troid i dteannta an réimis agus trí leas a bhaint as an gceangal atá aici leis an réimeas chun a gníomhaíochtaí tráchtála féin a leathnú, tacaíonn Al Qatarii Company — dar ceann feadhna an duine ainmnithe Hossam Qatarji agus ar comhalta é de Thionól Mhuintir na Siria — le réimeas na Siria agus baineann sí leas as an réimeas sin.

    17.2.2020

    78.

    Damascus Cham Holding Company

    (ar a dtugtar freisin Damascus Cham Private Joint Stock Company; القابضة الشام دمشق)

    Cineál eintitis: Cuideachta atá faoi úinéireacht phoiblí faoin dlí príobháideach

    Earnáil ghnó: Forbairt réadmhaoine

    Ainm an Stiúrthóra/an Bhainistíocht:

    Adel Anwar AL-OLABI, leaschathaoirleach ar Bhord na Stiúrthóirí agus gobharnóir ar an Damaisc (arna ainmniú ag an Aontas Eorpach)

    Úinéir tairbhiúil: Gobharnóireacht na Damaisce

    Gaolta/páirtithe gnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc:

    Rami Makhlouf (arna ainmniú ag an Aontas Eorpach); Samer Foz (arna ainmniú ag an Aontas Eorpach);

    Mazen Tarazi (arna ainmniú ag an Aontas Eorpach); Talas Group, atá faoi úinéireacht an fhir ghnó, Anas Talas (arna ainmniú ag an Aontas Eorpach); Exceed Development and Investment Company, atá faoi úinéireacht na n‐infheisteoirí príobháideacha, Hayan Mohammad Nazem Qaddour agus Maen Rizk Allah Haykal (arna n‐ainmniú ag an Aontas Eorpach); Khaled Al-Zubaidi agus Nader Qalei (arna n‐ainmniú ag an Aontas Eorpach)

    Ba é an réimeas a bhunaigh Damascus Cham Holding Company, mar ghéag infheistíochta de chuid Ghobharnóireacht na Damaisce chun maoin ghobharnóireacht na Damaisce a bhainistiú agus tionscadal Marota City a chur i ngníomh — tionscadal réadmhaoine galánta as talamh a coigistíodh uathu siúd a díshealbhaíodh faoi Fhoraithne Uimh. 66 agus Dlí Uimh. 10 go háirithe.

    Trí bhainistiú a dhéanamh ar chur chun feidhme Marota City, tacaíonn Damascus Cham Holding (dar Leaschathaoirleach Gobharnóir na Damaisce) le réimeas na Siria agus baineann sí leas as an réimeas sin agus soláthraíonn sí buntáistí do lucht gnó a bhfuil dlúthcheangal acu leis an réimeas agus a bhfuil margaí brabúsacha déanta acu leis an eintiteas sin trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí.

    17.2.2020.”


    Top