Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12005SAN01

    Act concerning the conditions of accession of the Republic of Bulgaria and Romania and the adjustments to the Treaties on which the European Union is founded - Annex I:List of conventions and protocols to which Bulgaria and Romania accede upon accession (referred to in Article 3(3) of the Act of Accession)

    IO L 157, 21.6.2005, p. 221–223 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2005/act_1/anx_1/sign

    12005SAN01



    Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0221 - 0223


    IARSCRÍBHINN I

    Liosta na gCoinbhinsiún agus na bPrótacal lena n-aontóidh an Bhulgáir agus an Rómáin amhail ón aontachas (dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Ionstraim Aontachais)

    1. Coinbhinsiún an 19 Meitheamh 1980 ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh ar an 19 Meitheamh 1980 (IO L 266, 9.10.1980, lch. 1)

    - Coinbhinsiún an 10 Aibreán 1984 ar aontú na Poblachta Heilléanaí don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh ar an 19 Meitheamh 1980 (IO L 146, 31.5.1984, lch. 1)

    - An Chéad Phrótacal, dar dáta an 19 Nollaig 1988, ar léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ar an gCoinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh ar an 19 Meitheamh 1980 (IO L 48, 20.2.1989, lch. 1)

    - An Dara Prótacal, dar dáta an 19 Nollaig 1988, ag tabhairt cumhachtaí áirithe do Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun an Coinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh ar an 19 Meitheamh 1980, a léiriú (IO L 48, 20.2.1989, lch. 17)

    - Coinbhinsiún an 18 Bealtaine 1992 ar aontú Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh ar an 19 Meitheamh 1980 (IO L 333, 18.11.1992, lch. 1)

    - Coinbhinsiún an 29 Samhain 1996 ar aontú Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne don Choinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha, a osclaíodh chun a shínithe sa Róimh ar an 19 Meitheamh 1980, agus don Chéad Phrótacal agus don Dara Prótacal ar léiriú air ag an gCúirt Bhreithiúnais (IO C 15, 15.1.1997, lch. 10)

    2. Coinbhinsiún an 23 Iúil 1990 maidir le cánachas dúbailte a dhíchur i ndáil le brabúis de chuid gnóthas comhlachaithe a choigeartú (IO L 225, 20.8.1990, lch. 10)

    - Coinbhinsiún an 21 Nollaig 1995 maidir le haontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne leis an gCoinbhinsiún maidir le cánachas dúbailte a dhíchur i ndáil le brabúis de chuid gnóthas comhlachaithe a choigeartú (IO C 26, 31.1.1996, lch. 1)

    - Prótacal an 25 Bealtaine 1999 ag leasú Choinbhinsiún an 23 Iúil 1990 maidir le cánachas dúbailte a dhíchur i ndáil le brabúis de chuid gnóthas comhlachaithe a choigeartú (IO C 202, 16.7.1999, lch. 1)

    3. Coinbhinsiún an 26 Iúil 1995, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO C 316, 27.11.1995, lch. 49)

    - Prótacal an 27 Meán Fómhair 1996, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO C 313, 23.10.1996, lch. 2)

    - Prótacal an 29 Samhain 1996, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le léiriú, trí réamhrialú, ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (IO C 151, 20.5.1997, lch. 2)

    - An Dara Prótacal, dar dáta an 19 Meitheamh 1997, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO C 221, 19.7.1997, lch. 12)

    4. Coinbhinsiún an 26 Iúil 1995 ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú (Coinbhinsiún Europol) (IO C 316, 27.11.1995, lch. 2)

    - Prótacal an 24 Iúil 1996, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le léiriú, trí réamhrialú, ar an gCoinbhinsiún maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (IO C 299, 9.10.1996, lch. 2)

    - Prótacal an 19 Meitheamh 1997, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 41(3) de Choinbhinsiún Europol, maidir le pribhléidí agus díolúintí Europol, chomhaltaí a orgán agus leas — stiúrthóirí agus fhostaithe Europol (IO C 221, 19.7.1997, lch. 2)

    - Prótacal an 30 Samhain 2000, arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal 43(1) den Choinbhinsiún maidir le hOifig Eorpach Póilíní (Coinbhinsiún Europol) a bhunú, a leasaíonn Airteagal 2 agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin (IO C 358, 13.12.2000, lch. 2)

    - Prótacal an 28 Samhain 2002 a leasaíonn an Coinbhinsiún maidir le hOifig Eorpach Póilíneachta a bhunú (Coinbhinsiún Europol) agus an Prótacal maidir le pribhléidí agus díolúintí Europol, chomhaltaí a orgán, agus leas-stiúrthóirí agus fhostaithe Europol (IO C 312, 16.12.2002, lch. 2)

    - Prótacal an 27 Samhain 2003, arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal 43(1) den Choinbhinsiún maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú (Coinbhinsiún Europol), a leasaíonn an Coinbhinsiún sin (IO C 2, 6.1.2004, lch. 3)

    5. Coinbhinsiún an 26 Iúil 1995, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim (IO C 316, 27.11.1995, lch. 34)

    - Prótacal an 29 Samhain 1996, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le léiriú, trí réamhrialú, ar an gCoinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (IO C 151, 20.5.1997, lch. 16)

    - Prótacal an 12 Márta 1999, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir leis an raon feidhme atá ag sciúradh fáltas sa Choinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim agus maidir le huimhir chlárúcháin na córa iompair a áireamh sa Choinbhinsiún (IO C 91, 31.3.1999, lch. 2)

    - Prótacal an 8 Bealtaine 2003, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a leasaíonn, ar mhaithe le bunachar sonraí aitheantais do chomhaid chustaim a chruthú, an Coinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim (IO C 139, 13.6.2003, lch. 2)

    6. Coinbhinsiún an 26 Bealtaine 1997, arna dhréachtú ar bhonn phointe (c) d'Airteagal K.3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (IO C 195, 25.6.1997, lch. 2)

    7. Coinbhinsiún an 18 Nollaig 1997, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le cúnamh frithpháirteach agus comhar idir riaracháin chustaim (IO C 24, 23.1.1998, lch. 2)

    8. Coinbhinsiún an 17 Meitheamh 1998, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le dícháiliúcháin ón tiomáint (IO C 216, 10.7.1998, lch. 2)

    9. Coinbhinsiún an 29 Bealtaine 2000, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 3)

    - Prótacal an 16 Deireadh Fómhair 2001, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 21.11.2001, lch. 2)

    --------------------------------------------------

    Top