This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Rialachán (AE) Uimh. 2017/1369 maidir le lipéadú fuinnimh
Leagtar amach sa Rialachán an bonn chun gníomhartha a ghlacadh maidir le lipéadú fuinnimh táirgí a bhaineann le fuinneamh, lena soláthraítear faisnéis chaighdeánach faoin éifeachtúlacht fuinnimh — mar aon le hídiú fuinnimh agus acmhainní eile — chun cabhrú le tomhaltóirí lena gcinntí ceannaigh. Ní chumhdaíonn sé táirgí athláimhe, mura rud é go n-allmhairítear iad ó lasmuigh den Aontas Eorpach (AE), nó den mhodh iompair.
Aisghairtear Treoir 2010/30/AE leis.
Taispeánann táirgí a bhaineann le fuinneamh lipéid a chuireann ar chumas custaiméirí roghanna eolasacha a dhéanamh maidir le táirgí atá níos tíosaí ar fhuinneamh agus níos inbhuanaithe, agus dul chun cinn teicneolaíochta á chur san áireamh. Foráiltear leis an rialachán do scála nua, nuashonraithe agus níos soiléire, ó A (is éifeachtaí) go G (is lú éifeacht), a bheidh le glacadh i rialacháin tarmligthe atá le teacht. Tá ceanglas ann chomh maith maidir le bileog faisnéise faoin táirge.
Rinne an Coimisiún Eorpach mórán de na lipéid a bhí in úsáid cheana roimh an 1 Lúnasa 2017 a “athscálú”, i.e. athchalabrú chun cloí leis an rialachán nua le scála A-go-G.
Glacann an Coimisiún acht tarmligthe ar leith do gach grúpa táirgí ar leith chun an rialachán a fhorlíonadh. Bunaítear leis seo ceanglais mhionsonraithe maidir le lipéadú grúpaí táirgí sonracha:
Gníomhartha tarmligthe a bhaineann le grúpaí sonracha táirgí, i measc nithe eile:
Tá an soláthraí agus an déileálaí freagrach as:
Ní mór do dhéileálaithe, lena n-áirítear déileálaithe ar líne, an lipéad a sholáthraíonn an soláthraí a thaispeáint agus an bhileog faisnéise táirge a chur ar fáil do chustaiméirí ag an díolphointe.
Tá bunachar sonraí um chlárú táirgí bunaithe ag an gCoimisiún ar a dtugtar an Chlárlann Eorpach Táirgí um Lipéadú Fuinnimh:
Ligeann an bunachar sonraí don phobal breathnú ar lipéid táirgí agus bileoga faisnéise, rud a fhágann gur fusa éifeachtúlacht fuinnimh fearas tí a chur i gcomparáid lena chéile. Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/994 sonraí oibríochtúla an bhunachair sonraí táirgí.
Ceanglaíonn an rialachán freisin ar mhonaróirí tomhaltóirí a chur ar an eolas an bhféadfadh nuashonruithe ar bhogearraí nó ar fhirmware (bogearraí atá leabaithe i bpíosa crua-earraí agus a fheidhmíonn mar chomhéadan idir na crua-earraí sin agus an córas oibriúcháin, m.sh. ar fhón cliste nó ar ríomhaire) éifeachtúlacht fuinnimh táirge a laghdú. Cuirtear cosc leis ar úsáid “feistí uathmhaolaithe”, lena n–athraítear feidhmíocht táirgí faoi dhálaí tástála.
Faoin 2 Lúnasa 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme an rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Tá feidhm aige ón 1 Lúnasa 2017, seachas na hoibleagáidí atá ar sholáthróirí maidir leis an mbunachar sonraí táirgí, atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena mbunaítear creat i ndáil le lipéadú fuinnimh lena n–aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lgh. 1–23).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/1369 a ionchorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/994 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2024 lena leagtar síos sonraí oibríochtúla an bhunachar sonraí táirgí a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/994, 2.4.2024).
Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10–35).
Féach an leagan comhdhlúite.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: An straitéis Eorpach um shlándáil fuinnimh (COM(2014) 330 críochnaitheach, an 28.5.2014).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta — Creat-straitéis le haghaidh aontas fuinnimh athléimneach a mbeidh beartas um athrú aeráide ag súil leis (COIM(2015) )80 deiridh, 25 Feabhra 2015).
Nuashonraithe 07.05.2024