This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1424
Commission Implementing Decision (EU) 2023/1424 of 5 July 2023 not renewing the approval of acrolein for use in biocidal products of product-type 12 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1424 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2023 gan athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le hacroiléin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1424 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2023 gan athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le hacroiléin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/1600
IO L 174, 7.7.2023, p. 17–18
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 174/17 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1424 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Iúil 2023
gan athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le hacroiléin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(4), an chéad fhomhír, pointe (b), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Áiríodh acroiléin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh an tsubstaint a bheith formheasta go dtí an 31 Lúnasa 2020 faoin Rialachán sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE. |
(2) |
An 28 Feabhra 2019, cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le hacroiléin a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 (‘an t-iarratas’) ós rud é go raibh an formheas maidir le hacroiléin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 ceaptha dul in éag an 31 Lúnasa 2020. |
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1037 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 28 Feabhra 2023 dáta éaga an fhormheasa maidir le hacroiléin a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 chun go mbeidh go leor ama ann d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1486 ón gCoimisiún (4), cuireadh an dul in éag sin siar arís go dtí an 28 Feabhra 2025. |
(4) |
Mar sin féin, an 6 Deireadh Fómhair 2022, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún ar an eolas gur tharraing an t-iarratasóir siar a iarratas ar athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le hacroiléin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12. Dá bhrí sin, ós rud é nár suíodh go gcomhlíonann acroiléin fós na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, is iomchuí gan athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le hacroiléin lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12. |
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ní dhéantar formheas acroiléine mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 a athnuachan.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1037 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le hacroiléin a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 (IO L 227, 16.7.2020, lch. 72).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1486 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le hacroiléin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 12 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 233, 8.9.2022, lch. 83).