This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1421
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/1421 of 6 July 2023 approving sulfur dioxide released from sodium metabisulfite as an active substance for use in biocidal products of product-type 9 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1421 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2023 lena bhformheastar dé-ocsaíd sulfair a scaoiltear ó mheitidhéshuilfít sóidiam mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 9 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1421 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2023 lena bhformheastar dé-ocsaíd sulfair a scaoiltear ó mheitidhéshuilfít sóidiam mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 9 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/4456
IO L 174, 7.7.2023, p. 9–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 174/9 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1421 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Iúil 2023
lena bhformheastar dé-ocsaíd sulfair a scaoiltear ó mheitidhéshuilfít sóidiam mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 9 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 9(1), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 2 Nollaig 2013, fuair an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) iarratas, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, Airteagal 7(1), ar fhormheas dé-ocsaíde sulfair a scaoiltear ó mheitidhéshuilfít sóidiam mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 9, leasaithigh snáithíní, leathair, rubair agus ábhar polaiméirithe, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Is é údarás inniúil na Gearmáine (‘an t-údarás inniúil meastóireachta’) a rinne meastóireacht ar an iarratas sin. |
(2) |
An 22 Eanáir 2018, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnaithe maidir leis an iarratas mar aon le conclúidí a mheastóireachta féin faoi bhráid na Gníomhaireachta. Phléigh an Ghníomhaireacht an tuarascáil mheasúnaithe ag cruinnithe teicniúla. |
(3) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, Airteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (a), ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir leis na hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. An 26 Meán Fómhair 2022, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 528/2012, Airteagal 8(4), ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht (2), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil mheastóireachta. |
(4) |
Sa tuairim uaithi, is é conclúid na Gníomhaireachta go bhféadfar coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh táirgí bithicídeacha de chineál táirge 9 ina n-úsáidtear dé-ocsaíd sulfair a scaoiltear ó mheitidhéshuilfít sóidiam na critéir a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, Airteagal 19(1), pointe (b), ar choinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe a bhaineann lena n-úsáid. |
(5) |
Agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur san áireamh, is iomchuí dé-ocsaíd sulfair a scaoiltear ó mheitidhéshuilfít sóidiam a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 9 faoi réir comhlíonadh coinníollacha áirithe. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá dé-ocsaíd sulfair a scaoiltear ó mheitidhéshuilfít sóidiam formheasta mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 9, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar an tsubstaint gníomhach dé-ocsaíd sulfair a scaoiltear ó mheitidhéshuilfít sóidiam a fhormheas; Cineál táirge 9; ECHA/BPC/355/2022, arna glacadh an 26 Meán Fómhair 2022.
IARSCRÍBHINN
Gnáthainm |
Ainm IUPAC Uimhreacha Aitheantais |
Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1) |
Dáta formheasa |
Dáta éaga an fhormheasa |
Cineál táirge |
Coinníollacha sonracha |
||||||||
dé-ocsaíd sulfair a scaoiltear ó mheitidhéshuilfít sóidiam |
Ainm IUPAC: déshuilfít déshóidiam Uimh. CE: 231-673-0 Uimh. CAS: 7681-57-4 |
Íonacht íosta na meitidhéshuilfíte sóidiam: 95 % w/w |
1 Lúnasa 2023 |
31 Iúil 2033 |
9 |
Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
(1) Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith comhionann nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.