EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1046

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1046 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/9577/2023/INIT

IO L 140I, 30.5.2023, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1046/oj

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 140/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1046 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (1) nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart beirt atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

 

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1500.

Aleksandr KALININ

(Александр КАЛИНИН)

Feidhm: polaiteoir, ceannaire Pháirtí Réigiúin na Moldóive, ceann na heagraíochta poiblí idir-réigiúnaí darb ainm an Congress of Moldovan Diasporas

Dáta breithe: 16.2.1977

Áit bhreithe: Balti, USSR roimhe seo (Poblacht na Moldóive anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Moldóvach, Rúiseach

Is polaiteoir Moldóvach é Aleksandr Kalinin, agus tá sé ina cheannaire ar Pháirtí Réigiúin na Moldóive. Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá cuairt tugtha aige ar limistéir fhorghafa oirthear na hÚcráine agus tá tacaíocht tugtha aige d’fhórsaí míleata na Rúise. Ina theannta sin, tá siombailí Rúiseacha an ionraidh ar an Úcráin agus ghníomhaíochtaí na Rúise in oirthear na hÚcráine curtha chun cinn go poiblí aige.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agusbeartais, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

30.5.2023

1501.

Grigore CARAMALAC

ar a dtugtar freisin Grigory Ivanovich KARAMALAK

(Григорий Иванович КАРАМАЛАК)

Feidhm: fear gnó uachtarán Fhondúireacht IFAVIS; leas-uachtarán an Russian Federation of Wrestling; cúntóir an tseanadóra do réigiún Kursk, Alexander Bryksin

Dáta breithe: an 21.5.1965

Áit bhreithe: Taraclia, iar-USSR (Poblacht na Moldóive anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Moldóvach, Rúiseach

Daoine gaolmhara: Alexander Yuryevich BRYKSIN

Is duine gnó Rúiseach/Moldóvach é Grigore Caramalac. Tá smacht aige ar Fhondúireacht IFAVIS (Cónaidhm na Rúise), trína bhfuil imeachtaí tírghrácha agus spóirt eagraithe aige sna críocha faoi fhorghabháil in oirthear na hÚcráine, le tacaíocht ó na húdaráis forghabhála.

Ina theannta sin, is cúntóir é do sheanadóir na Rúise do réigiún Kursk, Alexander Bryksin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad sin ar an méid sin. Tá baint ag Grigore Caramalac freisin le Alexander Bryksin.

30.5.2023’.


Top