This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0162
Council Decision (CFSP) 2023/162 of 23 January 2023 on a European Union mission in Armenia (EUMA)
Cinneadh (CBES) 2023/162 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 maidir le misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA)
Cinneadh (CBES) 2023/162 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 maidir le misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA)
ST/16342/2022/INIT
IO L 22, 24.1.2023, p. 29–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 30/01/2025
24.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 22/29 |
CINNEADH (CBES) 2023/162 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Eanáir 2023
maidir le misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 6 Deireadh Fómhair 2022, ag cruinniú den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach i bPrág, dhearbhaigh Poblacht na hAirméine agus Poblacht na hAsarbaiseáine a dtiomantas do Chairt na Náisiún Aontaithe agus don Dearbhú a comhaontaíodh in Alma Ata an 21 Nollaig 1991, inar aithin an dá Stát iomláine chríochach agus ceannasacht a chéile. |
(2) |
I litir a fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), d’iarr Aire Eachtrach Phoblacht na hAirméine ar an Aontas Misean sibhialtach a imscaradh san Airméin faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC). |
(3) |
An 19 Eanáir 2023 d’fhormheas an Chomhairle Coincheap Bainistithe Géarchéime do Mhisean sibhialtach CBSC a d’fhéadfaí a dhéanamh san Airméin. Ba cheart, dá bhrí sin, an Misean sin a bhunú. |
(4) |
Ba cheart don Choiste Polaitiúil agus Slándála, faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí, rialú polaitiúil a fheidhmiú ar an Misean sibhialtach CBSC san Airméin, treoir straitéiseach a chur ar fáil di agus na cinntí ábhartha a dhéanamh i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). |
(5) |
Ní mór comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích a bhaineann le stádas aonad agus pearsanra faoi stiúir an Aontais agus le rannpháirtíocht tríú Stáit sa Mhisean. |
(6) |
Cuirfear an Misean i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Misean
1. Bunaíonn an tAontas leis seo Misean sibhialtach de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) faoi CBSC.
2. Beidh EUMA mar chuid den rannchuidiú a dhéanfaidh an tAontas, mar ghníomhaí neamhchlaonta inchreidte, chun timpeallacht shábháilte chobhsaí a chruthú i limistéir ina bhfuil coinbhleacht san Airméin, ar faoina chuimsiú a fhéadfar, mar gheall ar shlándáil feabhsaithe do dhaoine agus normalú an chaidrimh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin ar an láthair, dul chun cinn breise a dhéanamh i dtreo comhaontú síochána féideartha.
Airteagal 2
Sainordú
1. Is é an cuspóir straitéiseach a bheidh ag EUMA rannchuidiú le líon na dteagmhas a laghdú i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir teorann san Airméin, leibhéal na rioscaí a laghdú don phobal atá ina gcónaí sna limistéir sin agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le normalú an chaidrimh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin ar an láthair.
2. Chun na críche sin, rannchuideoidh an Misean le cothú muiníne idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, ar bhealaí a sheasfaidh lena inchreidteacht mar ghníomhaí neamhchlaonta, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
breathnú trí ghnáthphatrólú agus tuairisciú a dhéanamh ar an staid ar an láthair agus ar aon teagmhais a bhaineann le coinbhleacht, chun feasacht mhionsonraithe ar an staid slándála a áirithiú; |
(b) |
rannchuidiú le slándáil an duine i limistéir ina bhfuil coinbhleacht, inter alia trí fhaisnéis a bhailiú trí phatrólú ad hoc agus trí thuairisciú a dhéanamh ar chásanna ina bhfuil an bheatha agus cearta bunúsacha an duine i mbaol de bharr iarmhairtí díreacha nó indíreacha na coinbhleachta; |
(c) |
bunaithe ar a chuid gníomhaíochtaí faoi fhomhíreanna (a) agus (b) agus trína láithreacht bhuan infheicthe ar an talamh, rannchuidiú le muinín a chothú idir pobail na hAirméine agus na hAsarbaiseáine agus, i gcás inar féidir, idir údaráis na dtíortha sin, mar thaca leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht sa réigiún. |
3. Déanfar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, cearta an duine agus prionsabal an chomhionannais inscne, cosaint na sibhialtach agus na cláir oibre faoi Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, Rún 2250 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil agus Rún 1612 (2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha a chomhtháthú go hiomlán agus a phríomhshruthú go réamhghníomhach i bpleanáil straitéiseach agus oibríochtúil, i ngníomhaíochtaí agus i dtuairisciú an Mhisin.
Airteagal 3
Slabhra ceannais agus struchtúr
1. Beidh slabhra ceannais aontaithe ag an Misean ós oibríocht bainistithe géarchéime é.
2. Is san Airméin a bheidh ceanncheathrú an Mhisin.
3. Déanfar an Misean a struchtúrú i gcomhréir lena dhoiciméid phleanála.
Airteagal 4
Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha
1. Is é an Stiúrthóir Bainistíochta um Chumas Sibhialtach Pleanála agus Seolta (CPCC) a bheidh ina Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha ar an Misean. Beidh an CPCC ar fáil don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha chun an Misean a phleanáil agus a stiúradh.
2. Is é an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha, faoi rialú polaitiúil agus faoi stiúradh straitéiseach an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus údarás foriomlán an Ardionadaí, a bheidh i gceannas ar an Misean agus a rialóidh é ar an leibhéal straitéiseach.
3. Áiritheoidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha go gcuirfear cinntí na Comhairle agus an Choiste Polaitiúil agus Slándála chun feidhme go cuí agus go héifeachtach maidir le hoibríochtaí a chur i gcrích, lena n-áirítear trí threoracha a eisiúint ar an leibhéal straitéiseach chuig an gCeann Misin de réir mar a cheanglaítear agus trí chomhairle agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil dó nó di.
4. Tuairisceoidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha don Chomhairle tríd an Ardionadaí.
5. Maidir leis an bhfoireann uile ar iasacht, fanfaidh sí, i gcomhréir le rialacha náisiúnta, faoi cheannas iomlán údaráis náisiúnta Stát tionscnaimh na hinstitiúide de chuid an Aontais lena mbaineann nó na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), faoi seach. Aistreoidh na húdaráis sin Rialú Oibríochtúil a bhfoirne chuig an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha.
6. Beidh sé de fhreagracht fhoriomlán ar an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha a áirithiú go gcomhlíonfar dualgas cúraim an Aontais mar is gceart.
7. Rachaidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha, Cinn Thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh chuig an Airméin agus an Asarbaiseáin, agus Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chugas Theas agus don Ghéarchéim sa tSeoirsia (“ISAE”) i gcomhairle le chéile de réir mar is gá.
Airteagal 5
Ceann Misin
1. Glacfaidh an Ceann Misin freagracht as an Misean agus beidh sé i gceannas air agus rialóidh sé é, ar leibhéal láthair na n-oibríochtaí. Beidh an Ceann Misin freagrach go díreach don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus gníomhóidh an duine sin i gcomhréir leis na treoracha a fhaightear.
2. Is é an Ceann Misin ionadaí an Mhisin ina réimse freagrachta.
3. Is ar an gCeann Misin a bheidh freagracht riaracháin agus lóistíochta an Mhisin, lena n-áirítear freagracht as na sócmhainní, na hacmhainní agus an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don Mhisean. Féadfaidh an Ceann Misin cúraimí bainistíochta i gcúrsaí foirne agus airgeadais a tharmligean chuig baill foirne an Mhisin, faoina fhreagracht fhoriomlán féin nó faoina freagracht fhoriomlán féin.
4. Is é an Ceann Misin a bheidh freagrach as rialú araíonachta ar fhoireann an Mhisin. Maidir leis an bhfoireann uile ar iasacht, is iad údaráis náisiúnta Stát tionscnaimh na hinstitiúide de chuid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, faoi seach, a thionscnóidh caingean araíonachta, i gcomhréir le rialacha náisiúnta.
5. Áiritheoidh an Ceann Misin infheictheacht iomchuí an Mhisin.
Airteagal 6
Foireann
1. Is foireann ar iasacht ó na Ballstáit, ó institiúidí an Aontais nó ó SEGS a bheidh go príomha i bhfoireann an Mhisin. Íocfaidh gach Ballstát, gach institiúid de chuid an Aontais agus SEGS na costais a bhaineann le haon duine den fhoireann a bheidh ar iasacht aige, lena n-áirítear speansais taistil chuig áit an imscartha agus uaidh, tuarastail, cumhdach leighis agus liúntais seachas na liúntais laethúla is infheidhme.
2. Is iad an Ballstát, an institiúid de chuid an Aontais, nó SEGS faoi seach a bheidh freagrach as aon éilimh a fhreagairt a bhaineann leis an iasacht ó na comhaltaí foirne a thug siad ar iasacht nó a bhaineann leo, agus as aon chaingean a thionscnamh i gcoinne na ndaoine sin.
3. Féadfaidh an Misean baill foirne idirnáisiúnta agus áitiúla a earcú ar bhonn conarthach mura féidir le pearsanra ar iasacht ó na Ballstáit na feidhmeanna is gá a chur ar fáil. Go heisceachtúil, i gcásanna cuí-réasúnaithe, nuair nach bhfuil aon iarratasóirí cáilithe ó na Ballstáit ar fáil, féadfar náisiúnaigh ó thríú Stáit rannpháirteacha a earcú ar bhonn conarthach, mar is iomchuí.
4. Leagfar síos coinníollacha fostaíochta agus cearta agus oibleagáidí na foirne idirnáisiúnta agus áitiúla sna conarthaí idir an Misean agus an ball foirne lena mbaineann.
Airteagal 7
Stádas an Mhisin agus a fhoirne
Beidh stádas an Mhisin agus a fhoirne, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá chun an Misean a chomhlánú agus a fheidhmiú go rianúil, ina n-ábhar do chomhaontú arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 37 CAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 8
Rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach
1. Déanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála rialú polaitiúil ar an Misean agus tabharfaidh sé treoir straitéiseach dó faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí. Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh chun na críche sin i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 38 CAE. Áireofar san údarú sin an chumhacht chun Ceann Misin a cheapadh, ar thogra ón Ardionadaí, agus an Plean Oibríochtaí (OPLAN) a leasú. Leanfaidh na cumhachtaí cinnteoireachta maidir le cuspóirí agus foirceannadh an Mhisin de bheith dílsithe don Chomhairle. Foilseofar na cinntí a dhéanann an Coiste Polaitiúil agus Slándála maidir le ceapadh an Chinn Misin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Tuairisceoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála don Chomhairle go tráthrialta.
3. Gheobhaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tuarascálacha ón gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus ón gCeann Misin maidir le saincheisteanna laistigh dá réimsí freagrachta ar bhonn rialta agus de réir mar is gá.
Airteagal 9
Rannpháirtíocht tríú Stáit
1. Gan dochar do neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais agus dá chreat institiúideach aonair, féadfar a iarraidh ar thríú Stáit rannchuidiú leis an Misean, ar choinníoll go seasfaidh siad costas na foirne a thabharfaidh siad ar iasacht, lena n-áirítear tuarastail, gach cumhdach árachais riosca, gach liúntas cothaithe laethúil agus gach speansas taistil chuig an Airméin agus uaithi, agus go rannchuideoidh siad le costais reatha an Mhisin, de réir mar is iomchuí.
2. Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ó thaobh bhainistiú laethúil an Mhisin ag tríú Stáit a rannchuidíonn leis an Misean agus atá ag na Ballstáit.
3. Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a ghlacadh maidir leis na ranníocaíochtaí beartaithe a ghlacadh agus Coiste Ranníocóirí a bhunú.
4. Cumhdófar socruithe mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht tríú Stáit le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 37 CAE agus le socruithe teicniúla breise de réir mar is gá. I gcás ina dtabharfaidh an tAontas agus tríú Stát comhaontú i gcrích lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht an tríú Stát sin in oibríochtaí bainistithe géarchéime de chuid an Aontais, nó i gcás ina mbeidh comhaontú tugtha i gcrích acu cheana, beidh feidhm ag forálacha an chomhaontaithe sin i gcomhthéacs an Mhisin.
Airteagal 10
An tslándáil
1. Stiúrfaidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha an phleanáil arna déanamh ag an gCeann Misin maidir le bearta slándála agus áiritheoidh sé go gcuirfidh an Misean na bearta sin chun feidhme go cuí agus go héifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 4.
2. Beidh an Ceann Misin freagrach as slándáil an Mhisin agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na híoscheanglais slándála is infheidhme maidir leis, i gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V CAE, agus i gcomhréir le hionstraimí tacaíochta an bheartais sin.
3. Tabharfaidh Oifigeach Slándála Misin cúnamh don Cheann Misin, agus tabharfaidh an t-oifigeach sin tuairisc don Cheann Misin agus beidh dlúthchaidreamh feidhmiúil aige le SEGS.
4. Cuirfear oiliúint slándála éigeantach ar fhoireann an Mhisin sula rachaidh siad i mbun a gcuid dualgas, i gcomhréir le OPLAN. Gheobhaidh siad oiliúint athnuachana rialta ar láthair na n-oibríochtaí freisin, rud a eagróidh an tOifigeach Slándála Misin.
5. Áiritheoidh an Ceann Misin go ndéanfar faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (1).
Airteagal 11
Cumas Faire
Déanfar an Cumas Faire a ghníomhachtú le haghaidh an Mhisin.
Airteagal 12
Socruithe dlíthiúla
Beidh sé d’acmhainn ag an Misean seirbhísí agus soláthairtí a fháil, conarthaí agus socruithe riaracháin a dhéanamh, foireann a fhostú, cuntais bhainc a shealbhú, sócmhainní a fháil agus a dhiúscairt agus a dhliteanais a urscaoileadh, agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla, de réir mar is gá chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme.
Airteagal 13
Socruithe airgeadais
1. EUR 8 103 590,82 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an Misean a chumhdach ar feadh 4 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais d'aon tréimhse ina dhiaidh sin.
2. Bainisteofar an caiteachas uile i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais. Beidh rannpháirtíocht daoine nádúrtha agus dlítheanacha i ndámhachtain conarthaí soláthair ag an Misean ar oscailt gan teorainneacha. Thairis sin, ní bheidh feidhm ag aon riail tionscnaimh maidir leis na hearraí arna gceannach ag an Misean. Faoi réir fhormheas an Choimisiúin, féadfaidh an Misean socruithe teicniúla a thabhairt i gcrích leis na Ballstáit, leis an Stát óstach, le tríú Stáit rannpháirteacha agus le gníomhaithe idirnáisiúnta eile maidir le trealamh, seirbhísí agus áitribh a sholáthar don Mhisean.
3. Beidh an Misean freagrach as a bhuiséad a chur chun feidhme. Chun na críche sin, síneoidh an Misean comhaontú leis an gCoimisiún. Urramóidh na socruithe airgeadais an slabhra ceannais dá bhforáiltear in Airteagail 3, 4 agus 5 agus riachtanais oibríochtúla an Mhisin.
4. Tuairisceoidh an Misean go hiomlán don Choimisiún, agus déanfaidh an Coimisiún maoirseacht air, maidir leis na gníomhaíochtaí airgeadais arna ndéanamh faoi chuimsiú a gcomhaontaithe.
5. Beidh an caiteachas a bhaineann leis an Misean incháilithe amhail ón dáta a nglacfar an Cinneadh seo.
Airteagal 14
Saoráid forbartha muiníne
1. Beidh saoráid forbartha muiníne ag an Misean chun tionscadail a shainaithint agus a chur chun feidhme mar thaca lena chúram faoi Airteagal 2, mír 2(c).
2. Maidir leis na tionscadail arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag tríú Stáit atá faoina gcúram i réimsí a bhaineann leis an Misean, déanfaidh an t-aonad tionscadail sin na tionscadail sin a éascú agus cuirfidh sé comhairle ar fáil i dtaca leo, de réir mar is iomchuí, chun tacú lena chuspóirí.
3. Údarófar an Misean dul i muinín ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit nó ó thríú Stáit chun tionscadail a chur chun feidhme, ar tionscadail iad a sainaithneofar mar bhearta lena bhforlíontar gníomhaíochtaí eile an Mhisin ar bhealach comhsheasmhach, más amhlaidh:
(a) |
go bhforáiltear don tionscadal sa ráiteas airgeadais a bhaineann leis an gCinneadh seo; nó |
(b) |
go ndéantar an tionscadal a chomhtháthú le linn an tsainordaithe trí bhíthin leasú a dhéanamh ar an ráiteas airgeadais arna iarraidh ag an gCeann Misin. |
4. Tabharfaidh an Misean socrú i gcrích leis na Stáit sin, socrú lena gcumhdófar na nósanna imeachta sonracha chun déileáil le haon ghearán ó thríú páirtithe maidir le damáiste arna dhéanamh mar thoradh ar ghníomhartha nó ar neamhghníomhartha de chuid an Mhisin maidir le húsáid na gcistí arna soláthar ag na Stáit sin. Ní fhéadfaidh na Stáit is ranníocóirí iad in imthosca ar bith an tAontas ná an tArdionadaí a chur faoi dhliteanas as gníomhartha nó as neamhghníomhartha arna ndéanamh ag an Misean agus na cistí arna soláthar ag na Stáit sin á n-úsáid acu.
5. Tiocfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála ar chomhaontú maidir le ranníocaíocht airgeadais ó thríú Stáit a thabhairt don Aonad Tionscadail.
Airteagal 15
Comhsheasmhacht fhreagairt agus chomhordú an Aontais
1. Áiritheoidh an tArdionadaí comhsheasmhacht chur chun feidhme an Chinnidh seo le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais ina hiomláine, lena n-áirítear cláir chúnaimh an Aontais.
2. Gan dochar don slabhra ceannais, gníomhóidh an Ceann Misin i ndlúthchomhar le toscaireacht an Aontais chuig an Airméin agus le ISAE chun comhsheasmhacht ghníomhaíocht an Aontais san Airméin a áirithiú; go háirithe, gheobhaidh an Ceann Misin treoir pholaitiúil ó Cheann Thoscaireacht an Aontais chuig an Airméin maidir leis an gcaidreamh le húdaráis na hAirméine agus ó ISAE i ndáil leis an gcaidreamh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin.
3. Ina theannta sin, gan dochar don slabhra ceannais, coinneoidh an Ceann Misin an Ceann Toscaireachta san Asarbaiseáin ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí an Mhisin agus rachaidh sé i gcomhairle leis nó léi maidir le hábhair atá ábhartha don Asarbaiseáin.
4. Déanfaidh an Ceann Misin comhordú le gníomhaithe idirnáisiúnta eile de réir mar is iomchuí.
Airteagal 16
Scaoileadh faisnéise
1. Údarófar an tArdionadaí faisnéis rúnaicmithe AE suas leis an leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL, arna giniúint chun críocha an Mhisin, a scaoileadh leis na tríú Stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le riachtanais an Mhisin, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE.
2. I gcás ina mbeidh gá oibríochtúil sonrach agus láithreach ann, beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí aon fhaisnéis rúnaicmithe AE suas go dtí an leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED, arna giniúint chun críocha an Mhisin, a scaoileadh chuig an Stát óstach i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE. Déanfar socruithe idir an tArdionadaí agus údaráis inniúla an Stáit óstaigh a tharraingt suas chun na críche sin.
3. Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí aon doiciméid neamhaicmithe de chuid an Aontais atá bainteach le plé na Comhairle i ndáil leis an Mhisin agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 6(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (2) a scaoileadh le tríú stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo.
4. Féadfaidh an tArdionadaí na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3, agus an cumas na socruithe dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt i gcrích a tharmligean chuig daoine a chuirtear faoina údarás nó faoina húdarás, chuig an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus chuig an gCeann Misin, i gcomhréir le Roinn VII d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE.
Airteagal 17
Seoladh an Mhisin
1. Seolfar an Misean le Cinneadh ón gComhairle ar an dáta a mhol Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha an Mhisin a luaithe a bheidh a chumas oibriúcháin tosaigh bainte amach aige.
2. Déanfaidh foireann lárnach an Mhisin na hullmhúcháin is gá chun go mbeidh an Misean in ann cumas oibriúcháin tosaigh a bhaint amach.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm agus fad
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Beidh feidhm aige ar feadh tréimhse 2 bhliain ón dáta a sheolfar an Misean.
3. Déanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála measúnú straitéiseach ar an Misean agus ar a shainordú 6 mhí tar éis an Misean a sheoladh. Déanfar athbhreithniú straitéiseach ar an Misean in am trátha sula rachaidh an Cinneadh seo in éag.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
(2) Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).