This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2469
Council Decision (EU) 2022/2469 of 12 December 2022 on the position to be adopted on behalf of the European Union within the Committee on Customs established under the Free Trade Agreement between the European Union and the Republic of Singapore, as regards the amendment of Protocol 1 concerning the definition of ‘originating products’ and methods of administrative cooperation
Cinneadh (AE) 2022/2469 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chustam arna bhunú faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 1 a bhaineann leis an sainmhíniú ar “táirgí tionscnaimh” agus le modhanna comhair riaracháin
Cinneadh (AE) 2022/2469 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chustam arna bhunú faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 1 a bhaineann leis an sainmhíniú ar “táirgí tionscnaimh” agus le modhanna comhair riaracháin
ST/14636/2022/INIT
IO L 322, 16.12.2022, p. 91–106
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
16.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 322/91 |
CINNEADH (AE) 2022/2469 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chustam arna bhunú faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 1 a bhaineann leis an sainmhíniú ar “táirgí tionscnaimh” agus le modhanna comhair riaracháin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an tAontas an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (“an Comhaontú”) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/1875 (1) ón gComhairle, agus tháinig sé i bhfeidhm an 21 Samhain 2019. |
(2) |
De bhun Airteagal 34 de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Coiste um Chustam Cinntí a ghlacadh chun forálacha an Prótacail sin a leasú. |
(3) |
Tá an Coiste um Chustam, le linn an chéad chruinnithe a bheidh aige, le Cinneadh a ghlacadh lena leasófar Prótacal 1 agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis (“an Cinneadh”). |
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Chustam a leagan síos, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ina cheangal ar an Aontas. |
(5) |
Tugadh isteach leasuithe ar an bPrótacal an 1 Eanáir 2012, an 1 Eanáir 2017 agus an 1 Eanáir 2022 i ndáil leis an ainmníocht arna rialú ag an gChoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (“CC”). Is gá an Cinneadh chun Prótacal 1 agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis a thabhairt cothrom le dáta chun an leagan is déanaí de CC a léiriú. |
(6) |
Ba cheart raon feidhme na gcuótaí bliantúla a leagtar amach in Iarscríbhinn B(a) a ghabhann le Prótacal 1 maidir le feoil lóin stánaithe, millíní éisc curaí agus millíní cudail a leathnú, ionas gur féidir le honnmhaireoirí Shingeapór iad a úsáid. |
(7) |
Chun foráil a dhéanamh maidir le cóir chomhionann idir oibreoirí eacnamaíocha sa dá Pháirtí a mhéid a bhaineann leis an deimhniú tionscnaimh, ba cheart Prótacal 1 a leasú ionas go bhféadfaidh gach Páirtí a chinneadh, i gcomhréir lena ndlíthe agus rialacháin féin, cén t-onnmhaireoir is féidir féindeimhniúchán a dhéanamh ar thionscnamh a tháirgí tionscnaimh. San Aontas, fágfaidh sé sin go ndeimhneoidh onnmhaireoirí cláraithe tionscnamh na n-earraí seachas onnmhaireoirí formheasta, ar an gcuma chéanna leis an gcóras a chuireann Singeapór i bhfeidhm i gcomhthéacs an Chomhaontaithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chéad chruinniú den Choiste um Chustam, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste um Chustam atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Choiste um Chustam mioncheartuithe teicniúla ar an dréachtchinneadh a chomhaontú.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) Cinneadh (AE) 2019/1875 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (IO L 294, 14.11.2019, lch. 1).
DRÉACHT
CINNEADH UIMH. 2022/01 ÓN gCOISTE UM CHUSTAM DEN CHOMHAONTÚ SAORTHRÁDÁLA IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT SHINGEAPÓR
an ...
lena modhnaítear eilimintí áirithe i bPrótacal 1 a bhaineann leis an sainmhíniú ar an gcoincheap “táirgí tionscnaimh” agus lena modhnaítear modhanna comhair riaracháin agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis
TÁ AN COISTE UM CHUSTAM,
Ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 34 de Phrótacal 1 agus Airteagal 16.2 den Chomhaontú,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 34 (Leasuithe ar an bPrótacal seo) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú, déantar foráil go bhféadfaidh na Páirtithe, trí chinneadh ón gCoiste um Chustam arna bhunú de bhun Airteagal 16.2 (Coistí Speisialaithe) den Chomhaontú, forálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. |
(2) |
Tugadh isteach leasuithe an 1 Eanáir 2012, an 1 Eanáir 2017 agus an 1 Eanáir 2022 i ndáil leis an ainmníocht atá faoi rialú an Choinbhinsiúin ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (“CC”). Chomhaontaigh na Páirtithe Prótacal 1 a thabhairt cothrom le dáta chun an leagan is déanaí CC a léiriú. |
(3) |
Chomhaontaigh na Páirtithe raon feidhme na gcuótaí a leagtar amach in Iarscríbhinn B(a) a ghabhann le Prótacal 1 a mhodhnú maidir le feoil lóin stánaithe, millíní éisc agus millíní cudail. |
(4) |
Leagtar síos le hAirteagal 17 (Coinníollacha maidir le Dearbhú Tionscnaimh a tharraingt suas) de Phrótacal 1 go bhféadfaidh onnmhaireoir ar onnmhaireoir ceadaithe é, inter alia, dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas san Aontas, agus go bhféadfaidh, onnmhaireoir ceadaithe, inter alia, déanamh amhlaidh i Singeapór. Chun foráil a dhéanamh maidir le cóir chomhionann idir oibreoirí eacnamaíocha sa dá Pháirtí, ba cheart Prótacal 1 a leasú ionas go bhféadfadh gach Páirtí a chinneadh, i gcomhréir lena ndlíthe agus rialacháin féin, cén t-onnmhaireoir a fhéadfaidh dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas. Chun na críche sin, ba ghá sainmhíniú ar “onnmhaireoir” dá bhrí sin. |
(5) |
I bhfianaise an tsainmhínithe nua ar “onnmhaireoir”, is gá an téarma “coinsíneoir” a chur in ionad an téarma “onnmhaireoir” sa sainmhíniú ar “choinsíneacht” i bpointe (d) d’Airteagal 1(1), Airteagal 13 (Neamhathrú) agus in Airteagal 14 (Taispeántais) de Phrótacal 1. |
(6) |
Déantar foráil le mír 5 d’Airteagal 17 (Coinníollacha maidir le Dearbhú Tionscnaimh a Tharraingt Suas) go mbeidh síniú bunaidh an onnmhaireora lámhscríofa ar an dearbhú tionscnaimh. Chomhaontaigh na Páirtithe an ceanglas sin a tharscaoileadh chun trádáil a éascú agus chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le tairbhe a bhaint as fabhair tharaife an Chomhaontaithe a laghdú. |
(7) |
Sa sainmhíniú ar “phraghas díreach ón monarcha” i bpointe (f) d’Airteagal 1(1), is gá a shoiléiriú an chaoi ar cheart an téarma “monaróir” a thuiscint nuair a ligtear an t-oibriú deiridh nó an phróiseáil deiridh amach ar fochonradh. |
(8) |
Ós rud é go bhfuil an dá Pháirtí le córas onnmhaireoirí cláraithe le cur i bhfeidhm, ba cheart an doiciméad maidir le tionscnamh a tharraingítear suas sna Páirtithe a athainmniú mar “ráiteas maidir le tionscnamh” seachas “dearbhú tionscnaimh”. |
(9) |
Mar bheart idirthréimhseach, ba cheart foráil a dhéanamh, ar feadh tréimhse 3 mhí dar tús dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, go nglacfaidh Singeapór le dearbhuithe tionscnaimh a tharraingítear suas i gcomhréir le hAirteagal 17 (Coinníollacha maidir le Dearbhú Tionscnaimh a Tharraingt Suas) agus le hAirteagal 18 (Onnmhaireoir Ceadaithe) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú atá i bhfeidhm roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú mar aon le roinnt Iarscríbhinní a ghabhann leis a mhodhnú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad chlár Phrótacal 1: “CLÁR ROINN 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
ROINN 2 SAINMHÍNIÚ AN CHOINCHEAPA “TÁIRGÍ TIONSCNAIMH”
ROINN 3 CEANGLAIS CHRÍCHE
ROINN 4 AISÍOCAÍOCHT NÓ DÍOLÚINE
ROINN 5 RÁITEAS MAIDIR LE TIONSCNAMH
ROINN 6 SOCRUITHE MAIDIR LE COMHAR RIARACHÁIN
ROINN 7 CEUTA AGUS MELILLA
ROINN 8 FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Liosta na bhFoscríbhinní
Dearbhuithe Comhpháirteacha DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE PRIONSACHT ANDÓRA DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE POBLACHT SAN MAIRÍNE DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LEIS NA RIALACHA TIONSCNAIMH I bPRÓTACAL 1 A ATHBHREITHNIÚ”; |
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “AIRTEAGAL 1 Sainmhínithe 1. Chun críocha an Phrótacail seo:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3): “3. Gan dochar do Roinn 5, féadfar coinsíneachtaí a roinnt i gcás ina ndéanann an coinsíneoir an roinnt nó i gcás ina ndéantar sin faoina fhreagracht, ar choinníoll go bhfanfaidh siad faoi mhaoirseacht chustaim sa tír nó sna tíortha idirthurais.”; |
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b) d’Airteagal 14(1):
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: “AIRTEAGAL 17 Coinníollacha le haghaidh an Ráitis Maidir Le Tionscnamh a Tharraingt Suas 1. An ráiteas maidir le tionscnamh dá dtagraítear in Airteagal 16 (Ceanglais Ghinearálta), féadfaidh an t-onnmhaireoir é a tharraingt suas. 2. Féadfar ráiteas maidir le tionscnamh a tharraingt suas más féidir na táirgí atá i gceist a mheas mar tháirgí de thionscnamh an Aontais nó de thionscnamh Shingeapór agus go gcomhlíonann siad ceanglais eile an Phrótacail seo. 3. Maidir leis an onnmhaireoir a dhéanfaidh ráiteas maidir le tionscnamh a tharraingt suas, cuirfidh sé isteach tráth ar bith, ar iarraidh ó údaráis chustaim an Pháirtí onnmhairithe, gach doiciméad iomchuí dá dtagraítear faoin Airteagal 23 (Doiciméid Tacaíochta), doiciméid a chruthaíonn stádas tionscnaimh na dtáirgí lena mbaineann agus a chruthaíonn gur comhlíonadh ceanglais eile an Phrótacail seo. 4. Is é an t-onnmhaireoir a tharraingeoidh an ráiteas maidir le tionscnamh suas tríd an dearbhú, a bhfuil a théacs in Iarscríbhinn E a ghabhann leis an bPrótacal seo, a chlóscríobh, a stampáil nó a phriontáil ar an sonrasc, ar an nóta seachadta nó ar aon doiciméad tráchtála eile, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Pháirtí onnmhairithe. Más de láimh a scríobhtar an ráiteas, is le dúch agus sa chás uachtair a dhéanfar sin. I gcás onnmhairí ó Shingeapór, leagfar amach an ráiteas maidir le tionscnamh ag úsáid an leagain Bhéarla agus i gcás onnmhairí ón Aontas, féadfar an ráiteas maidir le tionscnamh a leagan amach i gceann de na leaganacha teanga in Iarscríbhinn E a ghabhann leis an bPrótacal seo. 5. De mhaolú ar mhír 1, féadfar ráiteas maidir le tionscnamh a tharraingt suas tar éis an onnmhairithe (“ráiteas cúlghabhálach”) ar choinníoll go dtíolactar é sa Pháirtí allmhairithe tráth nach déanaí ná 2 bhliain, i gcás an Aontais, agus bliain amháin, i gcás Shingeapór, tar éis theacht isteach na n-earraí sa chríoch.”; |
(6) |
sa Chlár, agus in Airteagal 3(6), Airteagal 3(13), Airteagal 11(5), Airteagal 14(2), Airteagal 15(1), Airteagal 15(3), teideal Roinn 5, Airteagal 16(1), Airteagal 16(2), teideal Airteagal 19, Airteagal 19(1), Airteagal 19(2), Airteagal 19(3), teideal Airteagal 20, Airteagal 20, Airteagal 21, teideal Airteagal 22, Airteagal 22(1), Airteagal 23, teideal Airteagal 24, Airteagal 24(1), Airteagal 24(2), Airteagal 25(1), Airteagal 25(2), Airteagal 27(1), Airteagal 27(2), teideal Airteagal 28, Airteagal 28(1), Airteagal 28(2), Airteagal 30(1), Airteagal 33(3), agus Airteagal 35, cuirtear an téarma “ráiteas maidir le tionscnamh” in ionad “dearbhú tionscnaimh”; |
(7) |
scriostar Airteagal 18; |
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26: “AIRTEAGAL 26 Méideanna arna Sloinneadh in Euro 1. Chun forálacha mhír 3 d’Airteagal 22 (Díolúintí ón Ráiteas Maidir Le Tionscnamh) i gcás ina sonrasctar táirgí in airgeadra nach euro é, socróidh gach tír lena mbaineann, ar bhonn bliantúil, méideanna in airgeadraí náisiúnta Bhallstáit an Aontais a bheidh coibhéiseach leis na méideanna arna sloinneadh in euro. 2. Beidh forálacha mhír 3 d’Airteagal 22 (Díolúintí ón Ráiteas maidir le Tionscnamh) ina sochar ag coinsíneacht trí thagairt don airgeadra inar tarraingíodh suas an sonrasc, de réir an méid a shocraigh an Páirtí lena mbaineann. 3. Beidh na méideanna atá le húsáid in aon airgeadra náisiúnta áirithe coibhéiseach san airgeadra sin leis na méideanna arna sloinneadh in euro an chéad lá oibre de mhí Dheireadh Fómhair. Cuirfear na méideanna in iúl don Choimisiún Eorpach faoin 15 Deireadh Fómhair agus beidh feidhm acu ón 1 Eanáir sa bhliain ina dhiaidh sin. Is é an Coimisiún Eorpach a thabharfaidh fógra faoi na méideanna ábhartha do na tíortha uile lena mbaineann. 4. An méid a thagann mar thoradh ar chomhshódh an mhéid arna shloinneadh in euro isteach in airgeadra náisiúnta Ballstáit den Aontas Eorpach, féadfaidh an Ballstát é a shlánú suas nó síos. Ní fhéadfar difear níos mó ná cúig faoin gcéad a bheith idir an méid arna chomhshó agus an méid arna shlánú. Féadfaidh Ballstát den Aontas Eorpach an choibhéis ina airgeadra náisiúnta de mhéid arna shloinneadh in euro a fhágáil gan athrú más rud é, tráth an choigeartaithe bhliantúil dá bhforáiltear i mír 3, go bhfágann comhshó an mhéid sin, sula ndéantar aon slánú, go dtagann méadú níos lú ná cúig déag faoin gcéad ar an gcoibhéis san airgeadra náisiúnta. Féadfar gan an choibhéis san airgeadra náisiúnta a choinneáil gan athrú más rud é go dtiocfadh laghdú ar an luach coibhéiseach sin de thoradh a comhshóite. 5. Déanfaidh na Páirtithe na méideanna arna sloinneadh in euro a athbhreithniú sa Choiste um Chustam arna bhunú de bhun Airteagal 16.2 (Coistí Speisialaithe) arna iarraidh sin don Aontas nó do Shingeapór. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh, breithneoidh na Páirtithe a inmhianaithe atá sé éifeachtaí na dteorainneacha atá i gceist a choimeád i dtéarmaí réadacha. Chun na gcríoch sin, féadfaidh na Páirtithe, trí chinneadh sa Choiste um Chustam, na méideanna arna sloinneadh in euro a mhodhnú.”; |
(9) |
leasaítear Iarscríbhinn B mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
(10) |
leasaítear Iarscríbhinn B(a) mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
(11) |
leasaítear Iarscríbhinn D mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
(12) |
leasaítear Iarscríbhinn E mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an [1 Eanáir 2023].
Arna dhéanamh i/in/sa ...,
Thar ceann Choiste um Chustam AE-Singeapór
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann Phoblacht Shingeapór
IARSCRÍBHINN 1
Leasaítear Iarscríbhinn B a ghabhann le Prótacal 1 mar a leanas:
(1) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “0305”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Iasc, triomaithe, saillte nó faoi sháile; iasc deataithe, bíodh sé cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn;” |
(2) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex 0306”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Crústaigh, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, triomaithe, saillte nó faoi sháile; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís; crústaigh, sa bhlaosc, iad cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bídís;” |
(3) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex 0307”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Moilisc, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, triomaithe, saillte nó faoi sháile; moilisc dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís”; |
(4) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex 0307” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “Caibidil 4”, cuirtear na rónna seo a leanas isteach:
|
(5) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 15”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha agus a dtáirgí scoilte; saillte inite ullmhaithe; céaracha ainmhíocha nó plandúla; cé is moite den mhéid seo a leanas:”; |
(6) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “1510 agus 1509”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Ola olóige agus a codáin, olaí eile agus a gcodáin a fhaightear ó ológa amháin”; |
(7) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “1517 agus 1516”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, agus a gcodáin, iad hidriginithe, idireistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, go páirteach nó go hiomlán, bídís scagtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu; Margairín; meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte nó d’olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla atá faoin gCaibidil seo, seachas na saillte nó na holaí inite nó a gcodáin atá faoi cheannteideal 15.16”; |
(8) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “Caibidil 16”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Ullmhóidí ó fheoil, ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisce eile, nó ó fheithidí”; |
(9) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 24”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe; táirgí, bíodh nicitín iontu nó ná bíodh, atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán; táirgí eile a bhfuil nicitín iontu atá beartaithe chun nicitín a iontógáil i gcorp an duine; cé is moite den mhéid seo a leanas;”; |
(10) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex ex 2402” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 25”, cuirtear na rónna seo a leanas isteach:
|
(11) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 38” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “3823”, cuirtear rónna seo a leanas isteach:
|
(12) |
sa chéad ró a bhaineann le Ceannteideal CC “6306”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Tarpóil, scáthbhrait agus dallóga gréine; pubaill (lena n-áirítear an téastair shealadacha agus earraí comhchosúla); seolta le haghaidh bád, clár seoil nó árthaí talún; earraí campála”; |
(13) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “8522”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Páirteanna agus gabhálais atá oiriúnach lena n-úsáid leis na gairis faoi cheannteidil 8519 nó 8521 amháin nó leis na gairis sin go príomha”; |
(14) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “8529”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Páirteanna atá oiriúnach lena n-úsáid leis an ngaireas atá faoi cheannteidil 8524 go 8528 amháin nó leis na gairis sin go príomha”; |
(15) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “8548”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Páirteanna leictreacha d’innealra nó de ghairis, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile sa Caibidil seo”; |
(16) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “8548” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 86”, cuirtear an ró seo a leanas isteach:
|
(17) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 86”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Ceannteideal CC” agus an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge” faoi seach: “Caibidil 86” agus “Innill iarnróid nó trambhealaigh, rothstoc agus páirteanna díobh; daingneáin riain iarnróid nó trambhealaigh agus feistis agus páirteanna díobh; trealamh comharthaíochta tráchta meicniúil de gach cineál (lena n-áirítear leictrimheicniúil)”; |
(18) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex 8804” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “Caibidil 89”, cuirtear an ró seo a leanas isteach:
|
(19) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “9013”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Léasair, seachas dé-óidí léasair; fearais agus uirlisí optúla eile, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile sa Caibidil seo”; |
(20) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “9016” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “9025”, cuirtear an ró seo a leanas isteach:
|
(21) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “Caibidil 94”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Troscán; cóir leapa, tochtanna, tacaí tochta, cúisíní agus feistis líonta dá samhail; lampaí agus feistis soilse, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; comharthaí soilsithe agus ainmchláir shoilsithe agus a leithéidí; foirgnimh réamhdhéanta”. |
IARSCRÍBHINN 2
Leasaítear Iarscríbhinn B(a) a ghabhann le Prótacal 1 mar a leanas:
(1) |
scriostar mír 3 de na forálacha coiteanna; |
(2) |
athuimhrítear mír 4 de na forálacha coiteanna mar mhír 3; |
(3) |
athuimhrítear mír 5 de na forálacha coiteanna mar mhír 4; |
(4) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex 1602 32 ex 1602 41 ex 1602 49 ex 1602 50”, in ionad an téacs “Feoil lóin stánaithe muiceola, sicín agus mairteola (午餐肉)” sa cholún “tuairisc ar an táirge”, cuirtear an méid seo a leanas: “Muiceoil nó builín muiceola lóin stánaithe (ina bhfuil níos mó ná 20 % de réir meáchain de mhuiceoil nó de scairteach feola, circeoil nó builín circeola lóin stánaithe (ina bhfuil níos mó ná 20 % de réir meáchain de chirceoil nó de scairteach feola), mairteoil nó builín mairteola lóin stánaithe (ina bhfuil níos mó ná 20 % de réir meáchain de mhairteoil nó de scairteach feola)”; |
(5) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex 1604 20”, in ionad an téacs “Millíní éisc curaí déanta as feoil éisc, curaí, stáirse cruithneachta, salann, siúcra agus tarsainn chumaisc” sa cholún “tuairisc ar an táirge”, cuirtear an méid seo a leanas: “millíní éisc agus cácaí éisc atá déanta as feoil éisc seachas tuinnín, ronnach, stáirse, salann, siúcra ná tarsainn chumaisc”; |
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas ina ionad “ex 1605 10 ex 1605 90 ex 1605 20 ex 1605 20 ex 1605 20 ex 1605 30” an ró a bhaineann le Ceannteideal CC:
|
IARSCRÍBHINN 3
Leasaítear Iarscríbhinn D a ghabhann le Prótacal 1 mar a leanas:
(1) |
sa ró a bhaineann le Cód CC “2909”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc”: “Éitir, éitearalcóil, éitear-fheanóil, éitearalcól-fheanóil, sárocsaídí alcóil, sárocsaídí éitir, sárocsaídí aicéatail agus sárocsaídí leathaicéatail, sárocsaídí céatóin (bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís), agus a gcuid díorthach halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe”; |
(2) |
sa ró a bhaineann le Cód CC “9013”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc”: “Léasair, seachas dé-óidí léasair; fearais agus uirlisí optúla eile, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile sa Caibidil seo”. |
IARSCRÍBHINN 4
Leasaítear Iarscríbhinn E a ghabhann le Prótacal 1 mar a leanas:
(1) |
i dteideal Iarscríbhinn E, cuirtear an téarma “ráiteas maidir le tionscnamh” in ionad an téarma “dearbhú tionscnaimh”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d’Iarscríbhinn E: “Ní mór an ráiteas maidir le tionscnamh, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a atáirgeadh.”; |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 1: “Tabhair an uimhir thagartha lena sainaithnítear an t-onnmhaireoir. I gcás onnmhaireoir de chuid an Aontais, is éard a bheidh ann an uimhir a shanntar i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Aontais. I gcás Shingeapór de chuid an Aontais, is éard a bheidh ann an uimhir a shanntar i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin Shingeapór. I gcás nár sannadh uimhir don onnmhaireoir, féadfar an réimse sin a fhágáil bán”; |
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh roimh na fonótaí: “(Ainm an onnmhaireora)”; |
(5) |
scriostar fonóta (4). |
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE BEARTA IDIRTHRÉIMHSEACHA TAR ÉIS DHÁTA THEACHT I bhFEIDHM AN CHINNIDH
De mhaolú ar Airteagal 17 (Coinníollacha le haghaidh an Ráitis Maidir Le Tionscnamh a Tharraingt Suas) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú, a leasaítear leis an gCinneadh seo, leanfaidh Singeapór den chóireáil fhabhrach taraife a dheonú faoin gComhaontú seo d’earraí de thionscnamh an Aontais agus a onnmhairítear ón Aontas ar thíolacadh dearbhaithe tionscnaimh a tarraingíodh suas i gcomhréir le hAirteagal 17 (Coinníollacha maidir le Dearbhú Tionscnaimh a tharraingt suas) agus le hAirteagal 18 (Onnmhaireoir Ceadaithe) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú atá i bhfeidhm roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Beidh feidhm ag an mbeart idirthréimhseach sin ar feadh tréimhse 3 mhí dar tús dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.