Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0219

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/219 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2022 lena mbunaítear rialacha nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh, de bhun Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gCoimisiún, ar dhlíthiúlacht ghníomhartha na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin a dhéanann díobháil do thríú páirtí agus a rinneadh iad a tharchur chuig an gCoimisiún ag aon duine lena mbaineann go díreach nó go haonarach

C/2022/726

IO L 37, 18.2.2022, pp. 46–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/219/oj

18.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 37/46


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/219 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Feabhra 2022

lena mbunaítear rialacha nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh, de bhun Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gCoimisiún, ar dhlíthiúlacht ghníomhartha na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin a dhéanann díobháil do thríú páirtí agus a rinneadh iad a tharchur chuig an gCoimisiún ag aon duine lena mbaineann go díreach nó go haonarach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 22(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003, is féidir go n-iarrfar ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht aon ghnímh gníomhaireachta feidhmiúcháin a dhéanann díobháil do thríú páirtí.

(2)

Tar éis dó éisteacht leis na hargóintí a chuireann tríú pháirtí leasmhar ar aghaidh agus le hargóintí na gníomhaireachta feidhmiúcháin lena mbaineann, ní mór don Choimisiún cinneadh a dhéanamh laistigh de 2 mhí.

(3)

Sa chinneadh críochnaitheach uaidh faoi Airteagal 22(3) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003, seasfaidh an Coimisiún le gníomh na gníomhaireachta feidhmiúcháin nó cinnfidh sé nach mór don ghníomhaireacht é a mhodhnú (go huile nó go páirteach).

(4)

Ní mór don ghníomhaireacht feidhmiúcháin lena mbaineann gach beart ia gá a dhéanamh chun cinneadh an Choimisiúin a chomhlíonadh faoi Airteagal 22(4) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003.

(5)

Tar éis dó measúnú a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún cur chun feidhme an ghnímh atá i gceist a chur ar fionraí nó bearta eatramhacha a ordú i gcás go bhfuil cearta an pháirtí atá an t-athbhreithniú dlíthiúlachta á dtionscnamh acu i mbaol.

(6)

Agus an taithí a fuarthas á fhothú, tá sé riachtanach rialacha nós imeachta a bhunú maidir leis an athbhreithniú ar dhlíthiúlacht ghníomhartha na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Airteagal 22(1) ó Rialachán (CE) Uimh. 58/2003.

(7)

Ní bheidh feidhm ag na rialacha nós imeachta seo ar nósanna imeachta um athbhreithniú arna ndéanamh ag an gCoimisiún ar a thionscnamh féin faoi Airteagal 22(2) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003, nó ar nósanna imeachta arna dtionscnamh ag na Ballstáit faoi Airteagal 22(1) den Rialachán sin.

(8)

Déanfar na rialacha nós imeachta a chomhlánú leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh an Choimisiúin lena mbunaítear treoirlínte maidir le bunú agus feidhmiú gníomhaireachtaí feidhmiúcháin a mhaoinítear le buiséad an Aontais agus le foinsí eile.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn na rialacha nós imeachta maidir leis an athbhreithniú ón gCoimisiún ar dhlíthiúlacht ghníomhartha na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Airteagal 22(1) ó Rialachán (CE) Uimh. 58/2003.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Rialacha nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh, de bhun Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003, ar dhlíthiúlacht ghníomhartha na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin a dhéanann díobháil do thríú páirtí agus a rinneadh iad a tharchur chuig an gCoimisiún ag aon duine lena mbaineann go díreach nó go haonarach

Airteagal 1

Ábhar

(1)   Beidh feidhm ag na rialacha nós imeachta seo maidir le himeachtaí arna dtionscnamh ag duine lena mbaineann go díreach nó go haonarach (an “gearánach”) faoi Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003, lena n-iarrtar athbhreithniú ar dhlíthiúlacht gnímh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de na rialacha nós imeachta sin (an “nós imeachta um athbhreithniú dlíthiúlachta”).

(2)   Ní chumhdaítear nósanna imeachta um athbhreithniú arna ndéanamh ag an gCoimisiún ar a thionscnamh féin faoi Airteagal 22(2) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 leis na rialacha nós imeachta seo, ná ní chumhdaítear nósanna imeachta arna dtionscnamh ag na Ballstáit faoi Airteagal 22(1) den Rialachán sin.

Airteagal 2

Raon feidhme

(1)   Cumhdaítear na gníomhartha seo a leanas arna dtionscnamh ag gníomhaireacht feidhmiúcháin leis an nós imeachta um athbhreithniú dlíthiúlachta, ina cáil mar údarás riaracháin:

(a)

diúltuithe d’iarratas ar dheontas;

(b)

diúltuithe do thairiscint nó d’iarraidh ar pháirt a ghlacadh i dtairiscint a chuirtear isteach le linn nós imeachta soláthair;

(c)

diúltuithe d’iarratas a chuirtear isteach ar chomórtas duaise;

(d)

diúltuithe eintiteas dlítheanach nó stádas dlíthiúil sonrach i gClár na Rannpháirtithe a bhailíochtú, chomh maith le measúnuithe ar acmhainn airgeadais nó oibríochtúil na n-iarratasóirí.

(2)   Beidh an nós imeachta um athbhreithniú dlíthiúlachta teoranta d’fhíorú na nithe seo a leanas:

(a)

earráidí dlí agus earráidí nós imeachta, amhail earráidí sa nós imeachta meastóireachta nó spreagadh neamhleor an ghnímh faoi réir athbhreithniú dlíthiúlachta;

(b)

earráidí follasacha measúnaithe a bhfuil tionchar acu ar thoradh foriomlán an ghnímh faoi réir athbhreithniú dlíthiúlachta;

(c)

earráidí sna fíricí a bhfuil tionchar acu ar thoradh foriomlán an ghnímh faoi réir athbhreithniú dlíthiúlachta;

(d)

mí-úsáid cumhachta.

(3)   Ní chumhdófar saincheisteanna a thagann faoi chorrlach lánroghnach na gníomhaireachta feidhmiúcháin le nós imeachta an athbhreithnithe dlíthiúlachta, amhail meastóireacht ar cháilíocht na dtograí, na n-iarratas nó na dtairiscintí.

Airteagal 3

Seirbhís inniúil

Is í an tseirbhís inniúil maidir le nós imeachta an athbhreithnithe dlíthiúlachta an Ard-Stiúrthóireacht atá freagrach as buiséad do chlár, nó do chuid de chlár, a tharmligean chuig an ngníomhaireacht feidhmiúcháin lena mbaineann.

Airteagal 4

Admháil fála agus clárú

(1)   Deimhneofar go bhfuarthas an iarraidh ar athbhreithniú dlíthiúlachta trí admháil fála chláraithe.

(2)   Ní chlárófar ach amháin iarrataí iomlána. Measfar na hiarrataí ar athbhreithniú dlíthiúlachta a bheith iomlán i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuirtear isteach i scríbhinn iad;

(b)

déantar iad a tharchur tríd an mbealach/na bealaí riaracháin a shonraítear sa ghníomh a chonspóidtear;

(c)

aithnítear leis na hiarrataí an gearánach, an gníomh a chonspóidtear agus na cúiseanna lena dtugtar údar don athbhreithniú.

(3)   Beidh 7 000 carachtar ar a mhéad san iarraidh (lena n-áirítear spás, líne, fotha).

(4)   Má tá an iarraidh neamhiomlán nó má tá níos mó ná uasmhéid na gcarachtar ann mar a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, iarrfaidh an tseirbhís inniúil ar an ngearánach an iarraidh a chríochnú nó a choigeartú laistigh de theorainn ama dhá sheachtain. Déanfar an clárú tar éis an iarraidh iomlán a chur isteach.

(5)   Mura gcríochnóidh an gearánach an iarraidh nó mura ndéanfar í a choigeartú laistigh den teorainn ama dhá sheachtain, measfar an iarraidh a bheith aistarraingthe agus dúnfar an comhad.

Airteagal 5

Inghlacthacht iarrataí

Measfar iarrataí ar athbhreithniú dlíthiúlachta a bheith inghlactha i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuireann duine nádúrtha nó dlítheanach isteach iad, duine a bhaineann go díreach nó go haonar leis an ngníomh a chonspóidtear;

(b)

cuirtear isteach iad laistigh de mhí amháin ón lá a tháinig an gearánach ar an eolas maidir leis an ngníomh a chonspóidtear;

(c)

baineann siad le gníomhartha a thagann faoi raon feidhme Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003.

Airteagal 6

Iarrataí ar shoiléiriú agus ar fhaisnéis bhreise

(1)   Má tá an iarraidh ar athbhreithniú dlíthiúlachta doiléir nó má tá gá le faisnéis bhreise, iarrfaidh an tseirbhís inniúil ar an ngearánach an iarraidh a shoiléiriú nó an fhaisnéis bhreise sin a chur isteach laistigh de chúig lá oibre.

(2)   Maidir le hiarrataí ar shoiléireacht agus ar fhaisnéis bhreise, ní bheidh siad ina n-údar maith le forais nua nó argóintí nua a ardú, mura bhfuil siad bunaithe ar ghnéithe nua nó ar fhaisnéis nua ar fhoghlaim an gearánach fúthu tar éis an iarraidh ar athbhreithniú dlíthiúlachta a chur isteach.

Airteagal 7

Gearáin chomhthreomhara

(1)   I gcás inar cuireadh an iarraidh ar athbhreithniú dlíthiúlachta isteach i gcomhthráth le hiarraidh ar nós imeachta um athbhreithniú riaracháin inmheánach laistigh den ghníomhaireacht feidhmiúcháin agus go mbaineann an dá iarraidh leis an ngníomh céanna de chuid na gníomhaireachta feidhmiúcháin, cuirfear an nós imeachta um athbhreithniú dlíthiúlachta ar fionraí go dtí gcríochnófar an nós imeachta um athbhreithniú riaracháin laistigh den ghníomhaireacht feidhmiúcháin.

(2)   Más rud é go ndeimhnítear an gníomh a chonspóidtear leis an nós imeachta um athbhreithniú riaracháin inmheánach laistigh den ghníomhaireacht feidhmiúcháin, athchromfar ar an nós imeachta um athbhreithniú dlíthiúlachta má dheimhníonn an gearánach laistigh de mhí amháin ón dáta a dheimhníonn an ghníomhaireacht feidhmiúcháin an gníomh a chonspóidtear go gcoimeádann sé nó sí an iarraidh ar athbhreithniú dlíthiúlachta ar bun.

I gcás ina ndeimhníonn an gearánach an iarraidh, cumhdófar leis an nós imeachta um athbhreithniú dlíthiúlachta an gníomh a chonspóidtear ar dtús mar aon leis an ngníomh arna ghlacadh ag an ngníomhaireacht feidhmiúcháin tar éis an nós imeachta um athbhreithniú riaracháin inmheánach.

I gcás nach ndeimhníonn an gearánach an iarraidh, measfar gur aistarraingíodh í agus dúnfar an comhad gan a thuilleadh fógra a thabhairt.

(3)   Mura ndeimhnítear an gníomh a chonspóidtear leis an nós imeachta um athbhreithniú riaracháin inmheánach, measfar go bhfuil siad gan chuspóir agus dúnfar an comhad gan a thuilleadh fógra a thabhairt.

Airteagal 8

Bearta fionraí agus bearta eatramhacha

(1)   Ní chuirfear cur chun feidhme an ghnímh a chonspóidtear ar fionraí leis an nós imeachta um athbhreithniú dlíthiúlachta ach amháin má chinneann an Coimisiún amhlaidh.

(2)   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le hiarrataí ar bhearta eatramhacha agus iarrataí cur chun feidhme an ghníomh a chonspóidtear ar chur ar fionraí, agus cineál an ghnímh a chonspóidtear, inchreidteacht an éilimh agus práinn an éilimh á gcur san áireamh.

(3)   Ní chuirfear cur chun feidhme an ghnímh a chonspóidtear ar fionraí nó ní dhéanfar bearta eatramhacha a fhorordú má chaomhnaítear cearta an ghearánaigh nó más féidir iad a chaomhnú go dtí go nglacfar cinneadh an athbhreithnithe dlíthiúlachta.

(4)   Má chuirfear cur chun feidhme an ghnímh a chonspóidtear ar fionraí nó má ordófar bearta eatramhach, déanfaidh an ghníomhaireacht feidhmiúcháin gach beart is gá chun na cinntí sin a chomhlíonadh.

Airteagal 9

Barúlacha ón tseirbhís feidhmiúcháin

(1)   Déanfar an iarraidh ar athbhreithniú dlíthiúlachta a tharchur chuig an ngníomhaireacht feidhmiúcháin tar éis í a chlárú. Iarrfar ar an tseirbhís feidhmiúcháin a barúlacha a chur isteach laistigh de 5 lá oibre.

(2)   I gcás ina bhfuil gá le faisnéis bhreise, iarrfar ar an tseirbhís feidhmiúcháin soiléiriú a thabhairt ar a cuid barúlacha.

Airteagal 10

Spriocdháta le haghaidh cinntí

(1)   Tabharfar fógra don ghearánach agus don ghníomhaireacht feidhmiúcháin faoi chinneadh athbhreithnithe dlíthiúlachta an Choimisiúin laistigh de dhá mhí ón lá tar éis dáta a chláraithe nó, i gcás gearán comhthreomhar mar a leagtar amach in Airteagal 7, ó dheireadh fhionraíocht an iarrata le haghaidh athbhreithniú dlíthiúlachta.

(2)   Tiocfaidh cinneadh a fógraíodh tar éis don spriocdháta dhá mhí dul in éag in ionad aon diúltú intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 22(1), an tríú fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003.

Airteagal 11

An próiseas measúnaithe agus cinnteoireachta

(1)   Áireofar cóir chothrom, thrédhearcach agus neamhchlaonta i gcónaí, agus urraim chuí á tabhairt d’fhaisnéis rúnda. Déanfar na malartuithe uile i scríbhinn agus beidh teorann orthu maidir le soiléiriú na n-aighneachtaí. Ní bheidh aon éisteachtaí ar siúl.

(2)   Glacfar cinneadh an athbhreithnithe dlíthiúlachta i gcomhréir le hAirteagail 12 go 16 de Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin (1). Rachfar i gcomhairle le gach roinn de chuid an Choimisiúin a bhfuil leas dlisteanach acu sa chinneadh trí chomhairliúchán idirsheirbhíse foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 23 de na Rialacha Nós Imeachta sin.

(3)   Déanfar measúnú ar dhlíthiúlacht an ghnímh a chonspóidtear ar bhonn argóintí an dá pháirtí.

(4)   Féadfaidh cinneadh an Choimisiúin:

(a)

an iarraidh ar athbhreithniú dlíthiúlachta a dhiúltú mar iarraidh neamh-inghlactha;

(b)

an iarraidh ar athbhreithniú dlíthiúlachta a dhiúltú mar iarraidh gan bhunús toisc nach bhfuil aon ghné ann lena gcuirtear in iúl go raibh an gníomh a chonspóidtear neamhdhleathach;

(c)

an iarraidh ar athbhreithniú dlíthiúlachta a dhiúltú ó tharla nach ndearna an earráid/na hearráidí difear do thoradh deiridh an chinnidh arna ghlacadh ag an ngníomhaireacht feidhmiúcháin;

(d)

an iarraidh ar athbhreithniú dlíthiúlachta a mheas mar iarraidh a bhfuil bunús maith léi.

(5)   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), seasfar leis an ngníomh a chonspóidtear. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (d), déanfar an gníomh a chonspóidtear a neamhniú.

(6)   Ní chumhdaítear le cinneadh an Choimisiúin saincheisteanna maidir le dlíthiúlacht an ghnímh a chonspóidtear nár ardaigh an gearánach agus nár shainaithin an Coimisiún iad ach amháin le linn an nós imeachta um athbhreithniú dlíthiúlachta.

(7)   Féadfar a áireamh le cinneadh an Choimisiúin treoracha sonracha don ghníomhaireacht feidhmiúcháin maidir leis na bearta leantacha a bhfuil gá leo.

Airteagal 12

Fógra a thabhairt agus obair leantach

(1)   Cuirfidh an Coimisiún an gearánach agus an ghníomhaireacht feidhmiúcháin ar an eolas maidir le cinneadh an athbhreithnithe dlíthiúlachta.

(2)   Má dhéanann an Coimisiún an gníomh a chonspóidtear a neamhniú, déanfaidh an ghníomhaireacht feidhmiúcháin na bearta is gá go pras chun an cinneadh a chomhlíonadh. Tabharfaidh an ghníomhaireacht feidhmiúcháin tuairisc maidir le cur chun feidhme an chinnidh don tseirbhís inniúil.

(3)   Déanfar faireachán ar an gcur chun feidhme agus, más gá, déanfaidh an tseirbhís inniúil é a mhaoirsiú i gcomhréir leis an gcinneadh lena dtarmligtear cumhachtaí chuig an ngníomhaireacht.


(1)  C (2000) 3614 (IO L 308, 8.12.2000, lch. 26).


Top