Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0215

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/215 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/1072

IO L 37, 18.2.2022, pp. 28–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/215/oj

18.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 37/28


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/215 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Feabhra 2022

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe dobharshaothraithe.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas.

(4)

Thar aon ní eile, le hIarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach anois na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

Chuir Ceanada an Coimisiún ar an eolas maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i measc na héanlaithe clóis. Is i gcúige na hAlban Nua atá an ráig seo lonnaithe, agus deimhníodh í an 1 Feabhra 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(6)

Sa bhreis air sin, chuir Stáit Aontaithe Mheiriceá an Coimisiún ar an eolas maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach san éanlaith chlóis. Is i gcontae Dubois, stát Indiana, atá an ráig seo lonnaithe agus deimhníodh í an 8 Feabhra 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(7)

Bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá crios rialaithe 10 km timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte, agus chuir siad beartas díbeartha chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

(8)

Tá faisnéis curtha isteach ag Ceanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá chuig an gCoimisiún maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch féin agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun forleathnú an fhliú éanúil ardphataiginigh sin a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin, mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, níor cheart údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na ceantair atá faoi shrianta a leagann údaráis tréidliachta Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá síos.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(10)

Tríd an staid eipidéimeolaíoch reatha i gCeanada agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur san áireamh maidir leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, is díol práinne éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(11)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid 1 mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an ró seo a leanas le haghaidh chrios CA-2.1 tar éis an ró CA-2:

CA Ceanada

CA-2.1

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P1

 

1.2.2022

 

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P1

 

1.2.2022

 

Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh

SP

N, P1

 

1.2.2022

 

Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú

SR

N, P1

 

1.2.2022

 

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P1

 

1.2.2022

 

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P1

 

1.2.2022

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P1

 

1.2.2022

 

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P1

 

1.2.2022

 

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P1

 

1.2.2022

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P1

 

1.2.2022”;

 

(ii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an ró seo a leanas le haghaidh chrios US-2.4 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.3:

US na Stáit Aontaithe

US-2.4

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P1

 

8.2.2022

 

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P1

 

8.2.2022

 

Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh

SP

N, P1

 

8.2.2022

 

Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú

SR

N, P1

 

8.2.2022

 

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P1

 

8.2.2022

 

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P1

 

8.2.2022

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P1

 

8.2.2022

 

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P1

 

8.2.2022

 

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P1

 

8.2.2022

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P1

 

8.2.2022”;

 

(b)

leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar chrios CA-2.1 tar éis an ró CA-2:

“Ceanada

CA-2.1

Cúige na hAlban Nua:

Na bardais seo a leanas: Gaspereau, Grand Pre, Lower Wolfville, Melanson, Wolfville, Avonport,, Greenfield, Hansport, Hortonville, New Minas, North Grand Pre, Port Williams agus White Rock”;

(ii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar chrios US-2.4 tar éis na tuairisce ar chrios US-2.3:

“na Stáit Aontaithe

US-2.4

Stát Indiana:

Dubois County: Crios dar ga 10 km agus dar tús pointe Thuaidh ar theorainn an chreasa rialúcháin chiorclaigh Dubois 01 agus ag síneadh leis deiseal:

(a)

Ó thuaidh: 0,56 km soir ó thuaidh de chrosbhealach E. Schnellville Road agus Rustic Acres Road.

(b)

Soir ó thuaidh: 1,28 km ó thuaidh siar ó thuaidh de chrosbhealach mhórbhealaí S 600E agus E 400S.

(c)

Soir: 0,45 km siar de chrosbhealach S. Schnell Road agus S. Kyana Road.

(d)

Soir ó dheas: 0,11 km ó dheas de chrosbhealach Highway 64 agus E. Ferdinand Road E.

(e)

Ó dheas: 0,66 km soir ó dheas de chrosbhealach County Road 875 E agus E County Road 2100N.

(f)

Siar ó dheas: 0,66 km soir de chrosbhealach S US Highway 231 agus W 1100 S.

(g)

Siar: 0,94 km soir ó dheas de chrosbhealach S 500W agus W 630S.

(h)

Siar ó thuaidh: 0,2 km ó thuaidh de chrosbhealach S US Highway 231 agus S Witz Road”;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn XIV mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid 1 mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an ró seo a leanas le haghaidh chrios CA-2.1 tar éis an ró CA-2:

CA Ceanada

CA-2.1

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P1

 

1.2.2022

 

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P1

 

1.2.2022

 

Feoil úr éan géim

GBM

P1

 

1.2.2022”;

 

(ii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an ró seo a leanas le haghaidh chrios US-2.4 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.3:

US na Stáit Aontaithe

US-2.4

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P1

 

8.2.2022

 

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P1

 

8.2.2022

 

Feoil úr éan géim

GBM

P1

 

8.2.2022”;

 

(b)

leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na tuairisce ar chrios CA-2:

“Ceanada

CA-2.

Críoch Cheanada a fhreagraíonn don mhéid seo a leanas:

CA-2.1

Cúige na hAlban Nua:

Na bardais seo a leanas: Gaspereau, Grand Pre, Lower Wolfville, Melanson, Wolfville, Avonport,, Greenfield, Hansport, Hortonville, New Minas, North Grand Pre, Port Williams agus White Rock”;

(ii)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar chrios US-2.4 tar éis na tuairisce ar chrios US-2.3:

“na Stáit Aontaithe

US-2.4

Stát Indiana:

Dubois County: Crios dar ga 10 km agus dar tús pointe Thuaidh ar theorainn an chreasa rialúcháin chiorclaigh Dubois 01 agus ag síneadh leis deiseal:

(a)

Ó thuaidh: 0,56 km soir ó thuaidh de chrosbhealach E. Schnellville Road agus Rustic Acres Road.

(b)

Soir ó thuaidh: 1,28 km ó thuaidh siar ó thuaidh de chrosbhealach mhórbhealaí S 600E agus E 400S.

(c)

Soir: 0,45 km siar de chrosbhealach S. Schnell Road agus S. Kyana Road.

(d)

Soir ó dheas: 0,11 km ó dheas de chrosbhealach Highway 64 agus E. Ferdinand Road E.

(e)

Ó dheas: 0,66 km soir ó dheas de chrosbhealach County Road 875 E agus E County Road 2100N.

(f)

Siar ó dheas: 0,66 km soir de chrosbhealach S US Highway 231 agus W 1100 S.

(g)

Siar: 0,94 km soir ó dheas de chrosbhealach S 500W agus W 630S.

(h)

Siar ó thuaidh: 0,2 km ó thuaidh de chrosbhealach S US Highway 231 agus S Witz Road”.


Top