EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0072

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

C/2022/136

IO L 12, 19.1.2022, p. 34–147 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 20/01/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/72/oj

19.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 12/34


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/72 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Eanáir 2022

lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagail 15 agus 24(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 21 Nollaig 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imeachtaí frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’ nó ‘an tír lena mbaineann’) ar bhonn Airteagal 10 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an Fógra Tionscnaimh’) (2).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis do Europacable (‘an gearánach’) gearán a chur isteach thar ceann tháirgeoirí an Aontais. Is ag an ngearánach a bhí breis agus 25 % de tháirgeacht cáblaí snáthoptaice iomlán an Aontais. Sa ghearán bhí fianaise ar fhóirdheonú agus díobháil ábhartha dá dheasca sin, rud a bhí leordhóthanach chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

(3)

Sular tionscnaíodh an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais, thug an Coimisiún fógra do Rialtas na Síne (3) á rá go raibh gearán cuí-dhoiciméadaithe faighte aige, agus d’iarr sé ar Rialtas na Síne comhairliúcháin a dhéanamh leis i gcomhréir le hAirteagal 10(7) den bhun-Rialachán. Cuireadh comhairliúcháin ar siúl an 16 Nollaig 2020 le Rialtas na Síne. Mar sin féin, ní rabhthas in ann teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach.

(4)

An 24 Meán Fómhair 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach imscrúdú frithdhumpála ar leithligh i ndáil leis an táirge céanna de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (4) (‘an t-imscrúdú frithdhumpála ar leithligh’). Tá na hanailísí ar dhíobháil, cúisíocht agus leas an Aontais a dhéantar san imscrúdú frith-fhóirdheontais seo agus san imscrúdú frithdhumpála ar leithligh comhionann mutatis mutandis, ós rud é go bhfuil an sainmhíniú ar thionscal an Aontais, na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, an tréimhse a mheastar agus tréimhse an imscrúdaithe mar an gcéanna sa dá imscrúdú.

1.2.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(5)

Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an tionscnamh ó Rialtas na Síne, ó Chomhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra agus Táirgí Leictreonacha (‘CCCME’), ó allmhaireoir amháin (Connect Com) agus ón ngearánach.

(6)

Mhaígh Rialtas na Síne nár cheart an t-imscrúdú a thionscnamh toisc nár chomhlíon an gearánach ceanglais fhianaiseacha Airteagail 11(2) agus 11(3) de Chomhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh (‘Comhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh’) agus Airteagal 10(2) den bhun-Rialachán. De réir Rialtas na Síne, ní raibh fianaise leordhóthanach ann gurbh ann d’fhóirdheontais in-fhrithchúitithe, díobháil agus nasc cúisíoch idir na hallmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith agus an díobháil. Mar fhreagairt ar an maíomh sin ó Rialtas na Síne, d’áitigh an gearánach go raibh faisnéis sa ghearán a bhí ar fáil go réasúnach dó agus go ndearnadh foráil sa ghearán maidir le fianaise leordhóthanach lenar léiríodh go raibh fóirdheonú, díobháil agus nasc cúisíoch idir an dá cheann i gceist. D’athdhearbhaigh Rialtas na Síne nach raibh fianaise leordhóthanach sa ghearán chun an caighdeán fianaiseach a chomhlíonadh agus gan beann ar an bhfaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ar fáil go réasúnach don ghearánach, is gá fianaise leordhóthanach a bheith ann i gcónaí maidir le fóirdheontas, díobháil ábhartha agus nasc cúisíoch a bheith ann agus maidir le cineál an mhéid sin.

(7)

Dhiúltaigh an Coimisiún maíomh Rialtas na Síne. Go deimhin, ba é a bhí san fhianaise a cuireadh isteach sa ghearán an fhaisnéis a bhí ar fáil go réasúnach don ghearánach ag an gcéim sin. Mar a léirítear sa mheabhrán i ndáil le leordhóthanacht fianaise, meabhrán ina bhfuil measúnú an Choimisiúin ar an bhfianaise uile atá ar fáil don Choimisiún maidir leis an tSín, agus ar an mbonn a thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú, bhí fianaise leordhóthanach ann ag céim an tionscnaimh go raibh na fóirdheontais líomhnaithe in-fhrithchúitithe i dtéarmaí iad a bheith ann, a méid agus a gcineáil. Bhí fianaise leordhóthanach sa ghearán freisin maidir le díobháil a bheith ann do thionscal an Aontais, arbh iad na hallmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith ba chúis léi.

(8)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Rialtas na Síne nach bhféadfadh an Coimisiún na fíorais a bhí ar fáil a úsáid chun an easpa fianaise a bhí á soláthar sa ghearán a réiteach. Thug an Coimisiún dá aire nár thuig Rialtas na Síne an méid a rinne an Coimisiún ag an gcéim thionscnaimh. Mar a leagtar amach in aithris (7), bhí fianaise leordhóthanach sa ghearán de bhun Airteagal 10(2) den bhun-Rialachán chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh. Go loighciúil, ní fhéadfadh an fhaisnéis uile ba ghá a iarradh ar Rialtas na Síne a bheith san áireamh sa ghearán, ós rud é go raibh an méid sin mar chuid den mheasúnú mionsonraithe a rinne an Coimisiún le linn an imscrúdaithe. Thairis sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar an ngearán i bhfianaise na faisnéise uile a bhí ar fáil don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an tabhairt fóirdheontais líomhnaithe, lena n-áirítear a chleachtas roimhe seo. Ní chiallaíonn sin go gcuireann an Coimisiún fíorais atá ar fáil i bhfeidhm ach is amhlaidh a úsáideann an Coimisiún an fhaisnéis uile atá ar fáil chun na líomhaintí a rinneadh sa ghearán a dheimhniú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(9)

Le linn na gcomhairliúchán réamhthionscnaimh agus ina aighneacht tar éis an tionscnaimh, líomhain Rialtas na Síne ar bhealach níos sonraí gur úsáid an gearánach dlíthe na Síne go roghnaitheach agus gur bhain sé míbhrí as an gceangal atá acu i leith an tionscadail cáblaí snáthoptaice agus shonraigh sé nach bhfuil doiciméid bheartais, amhail Catalóg Táirgí Ardteicneolaíochta na Síne, Straitéis Leathanbhanda na Síne, an 13ú Plean Cúig Bliana, nó Made in China 2025, ach ina dtreoirdhoiciméid agus nach bhfuil siad ceangailteach. Rinne Comhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra agus Táirgí Leictreonacha (‘CCCME’) athrá ar an maíomh sin. Shonraigh Rialtas na Síne freisin nach dtagraítear go sonrach do cháblaí snáthoptaice leis an doiciméad ‘Made in China 2025’. D’áitigh an gearánach gur shuigh an Coimisiún cheana in imscrúduithe roimhe sin gur de chineál ceangailteach iad Pleananna Cúig Bliana na Síne.

(10)

Thug an Coimisiún dá aire nach ndíospóideann Rialtas na Síne gurb ann do na pleananna, do na cláir nó do na moltaí sin ach a mhéid atá siad ceangailteach le haghaidh an tionscadail cáblaí snáthoptaice. Thairis sin, thug an Coimisiún chun suntais gur sholáthair an gearánach fianaise lena léirítear go luaitear ‘snáthoptaic’ i roinnt doiciméid rialtais, cé go luaitear ‘líonra snáthoptaice’ sa Straitéis Made in China 2025. Mhainnigh Rialtas na Síne aon fhianaise a thabhairt lena léirítear nach mbeadh na ráitis sin infheidhme maidir leis an táirge lena mbaineann.

(11)

Shonraigh Rialtas na Síne freisin nach féidir cuideachtaí faoi úinéireacht stáit, bainc faoi úinéireacht stáit ná China Export & Credit Insurance Corporation (‘Sinosure’) a bheith cáilithe mar chomhlachtaí poiblí agus gur bhraith an gearánach gan bonn údair ar thorthaí roimhe sin ón gCoimisiún le haghaidh tionscadail a bhí iomlán neamhghaolmhar. Rinne CCCME athrá ar an maíomh nach féidir bainc faoi úinéireacht stáit a bheith cáilithe mar chomhlachtaí poiblí. D’áitigh an gearánach gur aithin an Coimisiún bainc faoi úinéireacht stáit agus Sinosure mar chomhlachtaí poiblí in imscrúduithe roimhe sin. Mhaígh Rialtas na Síne nach bhféadfadh torthaí roimhe sin ón gCoimisiún le haghaidh tionscail neamhghaolmhara a bheith mar fhianaise leordhóthanach sa ghearán gur ghníomhaigh bainc faoi úinéireacht stáit agus Sinosure mar chomhlachtaí poiblí san imscrúdú reatha.

(12)

Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil an maíomh sin ó Rialtas na Síne ceangailte leis an maíomh a rinneadh thuas cheana, agus gur luadh sa ghearán i measc nithe eile Dlí na mBanc sa tSín, rud nach ndíospóideann Rialtas na Síne a bheith faoi chuimsiú reachtaíocht na Síne. Chuir an Coimisiún i dtábhacht freisin gur thángthas ar chonclúid éagsúil ar an ábhar sin in imscrúduithe frith-fhóirdheontais de chuid an Aontais a rinneadh le déanaí (5). Cé gur cumhdaíodh tionscail nach mbaineann leis an tionscal cáblaí snáthoptaice leis na himscrúduithe sin, ní chaitear cáilíocht na n-institiúidí thuas mar chomhlachtaí poiblí i leataobh. Thairis sin, maidir le fianaise ar úinéireacht rialtais féadfar a mheas gur fianaise í ‘lena gcruthaítear de ghnáth nó lena léirítear’ gur comhlacht poiblí é eintiteas atá in ann ranníocaíocht airgeadais a thabhairt’ (6).

(13)

Tar éis an tionscnaimh, d’áitigh Rialtas na Síne thairis sin nár shuigh an gearánach na coinníollacha chun tagarmharc as an tír a chur i bhfeidhm maidir le hiasachtaí agus cearta úsáide talún. Shuigh an Coimisiún, áfach, go dtacaítear leis na líomhaintí atá sa ghearán le himscrúduithe frith-fhóirdheontais de chuid an Aontais a rinneadh le déanaí arbh é an chonclúid ar ar thángthas maidir leis na hábhair sin gur gá tagarmharcanna seachtracha a choigeartú do na coinníollacha atá i réim sa tSín (7).

(14)

Thairis sin, maidir le scéimeanna fóirdheontais éagsúla a líomhain an gearánach mhaígh Rialtas na Síne nach bhféadfaí a mheas gur fóirdheontas iad toisc nach ndearnadh foráil sa ghearán maidir le fianaise mhionsonraithe maidir leis na fóirdheontais sin a bheith ann, a méid agus a gcineál, ná maidir leis an gcaidreamh díreach idir an fóirdheontas agus an táirge lena mbaineann.

(15)

D’áitigh an gearánach gur soláthraíodh sa ghearán samplaí d’aistrithe díreach sonracha de chistí agus gur tagraíodh go sonrach do thuarascálacha bliantúla táirgeoirí onnmhairiúcháin éagsúla cáblaí snáthoptaice de chuid na Síne a léirigh go soiléir aistrithe díreacha cistí a fuarthas i bhfoirm deontas. Ina theannta sin, sholáthair an gearánach doiciméad a d’fhoilsigh ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena sainaithnítear an tacaíocht airgeadais a fuair sé ó Rialtas na Síne.

(16)

Mhaígh Rialtas na Síne thairis sin, i ndáil le fóirdheontais éagsúla, gur mhainnigh an gearánach fianaise a sholáthar ar shochar agus sainiúlacht. Tá an Coimisiún den tuairim gur sholáthair an gearánach fianaise leordhóthanach ar shochar agus sainiúlacht faoi mar a bhí ar fáil go réasúnach dó. In aon chás, rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfianaise sa ghearán agus sholáthair sé a mheasúnú féin ar na heilimintí ábhartha uile sa mheabhrán leordhóthanachta fianaise, rud a cuireadh ar an gcomhad oscailte i gcéim an tionscnaimh. D’athdhearbhaigh Rialtas na Síne a bharúlacha tar éis an tionscnaimh, ach níor sholáthair sé aon fhianaise bhreise air sin.

(17)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur soláthraíodh fianaise leordhóthanach sa ghearán a thaispeáin gurbh ann don fhóirdheonú líomhnaithe ó Rialtas na Síne.

(18)

Tar éis an tionscnaimh, d’áitigh Rialtas na Síne agus CCCME gur chuir an gearánach i leataobh go mícheart gurbh amhlaidh a deonaíodh fóirdheontais don tionscal cáblaí snáthoptaice san Aontas, fóirdheontais a bhí an-chosúil leo sin sa tSín agus nár cheart don Choimisiún caighdeáin dhúbailte a chur i bhfeidhm. Mhaígh an gearánach go bhfuil na líomhaintí sín neamhábhartha san imscrúdú atá idir lámha. D’easaontaigh Rialtas na Síne leis sin agus mhaígh sé gurb amhlaidh, trí fhóirdheontais líomhnaithe sa tSín a imscrúdú, a shaobhann an Coimisiún an margadh chun dochar d’iomaitheoirí nach iomaitheoirí de chuid an Aontais iad. Thiocfadh bearta cosantacha as an gcur chuige sin, rud a chuirfeadh bac ar deireadh ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar an bhforbairt.

(19)

Ní raibh aon tionchar ag an maíomh sin maidir le fóirdheontais san Aontas ar mheasúnú an Choimisiúin a bhí mar bhun le tionscnamh an cháis sin, ós rud é nach dtagann siad faoi réim na dtosca a mheastar chun na críche sin.

(20)

Ar deireadh, ina bharúlacha tar éis an tionscnaimh, mhaígh Rialtas na Síne nár soláthraíodh aon fhaisnéis díolachán iarbhír sa ríomh sladghearrtha/gearrdhíola agus nár soláthraíodh achoimre fhóinteach ar fhaisnéis íogair sna freagraí ceistneora ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Dhearbhaigh Rialtas na Síne gur chuir an méid sin cosc air na maímh dhíobhála a rinne an gearánach a fhrisnéis i gceart, agus gur chosúil gur tháinig na freagraí ceistneora sin salach ar an ngearán i ndáil leis an díobháil líomhnaithe.

(21)

Mheas an Coimisiún, maidir leis an leagan a bhí ar oscailt lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara an ghearáin agus leis na freagraí ceistneora, mheas sé go raibh an fhaisnéis fhíor-riachtanach uile iontu agus gur dheonaigh achoimrí neamhrúnda ar shonraí cóireáil rúnda chun go bhfeidhmeoidh páirtithe leasmhara a gcearta cosanta ar feadh na n-imeachtaí. Tugtar chun cuimhne go ndéantar foráil le hAirteagal 29 den bhun-Rialachán maidir le faisnéis rúnda a chosaint i gcúinsí ina mbeadh buntáiste suntasach iomaíochta ann d’iomaitheoir dá nochtfaí an fhaisnéis sin nó ina ndéanfadh an nochtadh dochar suntasach do dhuine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó do dhuine óna bhfuair an duine sin an fhaisnéis. Diúltaíodh, dá bhrí sin, do mhaímh Rialtas na Síne i ndáil leis sin.

(22)

Maidir leis na ceanglais shubstainteacha maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, d’áitigh Rialtas na Síne agus CCCME gur mhainnigh an gearánach aon sonra inchomparáide a sholáthar ar phraghsanna díola agus brabúsacht. Mhaígh Rialtas na Síne agus CCCME freisin nach raibh údar leis an spriocbhrabús a léirigh na gearánaigh agus go bhféadfadh sé go raibh eilimintí eile mar chúis leis an díobháil a d’fhulaing na gearánaigh lena n-áirítear róstocáil ag táirgeoir amháin de chuid an Aontais.

(23)

Thacaigh Connect Com le hargóintí Rialtas na Síne i gcéim an tionscnaimh. Go háirithe, mhaígh Connect Com go bhféadfadh sé go dtiocfadh leigheas dúbailte as imscrúdú frithdhumpála agus as imscrúdú frith-fhóirdheontais comhuaineach le haghaidh an tionscail de chuid an Aontais agus go bhféadfadh sé go leanfadh mí-úsáid beart frithchúitimh as sin. D’áitigh Connect Com, maidir leis na líomhaintí sa ghearán maidir le fóirdheontas a bheith ann, díobháil agus nasc cúisíoch a bheith ann idir an fóirdheontas agus díobháil, níor tacaíodh leo le fianaise leordhóthanach. Maidir leis an easpa fianaise ar nasc cúisíoch, mhaígh Connect Com go raibh roinnt cúiseanna malartacha le laghdú sa sciar den mhargadh a bhí ag an tionscal de chuid an Aontais amhail an méadú ar allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse a breithníodh agus gurbh ann do ró-acmhainneacht san Aontas. Ina theannta sin, mhaígh Connect Com nach raibh sa ghearán ach cóip de ghearán an imscrúdaithe frithdhumpála agus gur cheart don ghearánach idirdhealú a dhéanamh idir an díobháil líomhnaithe de dheasca dumpála agus an díobháil líomhnaithe de dheasca fóirdheontais.

(24)

Thairis sin, mhaígh Rialtas na Síne agus CCCME nach raibh aon díobháil léirithe sa ghearán, toisc gur tháinig méadú ar tháirgeacht an Aontais agus nach bhfuil an laghdú beag ar an acmhainneacht táirgeachta a eascraíonn as neamhábaltacht thionscal an Aontais tomhaltas atá nuafhorbartha uile a sholáthar san Eoraip ina tháscaire ann féin ar dhíobháil ábhartha. Tháinig méadú ar mhéideanna díolachán freisin, agus choinnigh tionscal an Aontais sciar beagnach 80 % den mhargadh agus bhí an treocht bhrabúsachta doiléir agus níor taispeánadh an díobháil inti. I ndáil leis sin, chuir an gearánach i dtíolaic go ndeachaigh an méadú ar thomhaltas an Aontais chun tairbhe d’allmhairí de chuid na Síne, nach raibh aon ábharthacht leis an sciar den mhargadh a bhí fágtha maidir leis an measúnú ar an díobháil agus go dtiocfadh éifeachtaí na dtairiscintí a ghnóthaigh táirgeoirí de chuid na Síne chun cinn tar éis aga moille áirithe. D’fhreagair CCCME gur léiríodh sna sonraí maidir le tomhaltas, táirgeacht agus acmhainneacht táirgeachta go raibh tionscal an Aontais in ann an chuid is mó den mhéadú ar thomhaltas an Aontais a sholáthar, agus a ghnó á leathnú ag an am céanna.

(25)

Ina theannta sin, mhaígh Rialtas na Síne agus CCCME nach raibh aon fhianaise sa ghearán ar nasc cúisíoch idir allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith agus díobháil. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh Rialtas na Síne agus CCCME nach raibh aon chomhghaol ann idir allmhairí ón tSín agus forbairt thionscal an Aontais. Mar shampla, chuir siad i dtíolaic go raibh an méadú is mó ar bhrabúsacht i dtionscal an Aontais le linn na tréimhse ina raibh an méadú is mó ar an méid allmhairí ón tSín in 2017-2018. Ar an dara dul síos, tháinig méadú ar allmhairí tríú tíortha idir 2018 agus 2019, murab ionann agus allmhairí ón tSín, agus dá bhrí sin ní rabhthas in ann a n-éifeacht a chur i leith na Síne, agus má bhí díobháil ann, b’fhéindíobháil í de dheasca fhreagairt mhall thionscal an Aontais ar ghluaiseachtaí an mhargaidh.

(26)

Thug an gearánach freagra ar an maíomh sin, á rá go rabhthas in ann nasc cúisíoch a shuí, ós rud é gur tharla an díobháil agus an méadú ar allmhairí ón tSín an tráth céanna agus nach bhféadfaí a mheas gur chúis díobhála iad allmhairí tríú tíortha toisc go raibh siad de minimis nó nár léiríodh aon fhianaise ar phraghsáil dhíobhálach iontu.

(27)

D’fhreagair CCCME, ag meabhrú go raibh an méadú is mó ar bhrabúsacht i dtionscal an Aontais le linn an mhéadaithe is láidre ar an méid allmhairí ón tSín in 2017-2018 agus nach raibh aon chomhghaol idir an méadú ar allmhairí ón tSín agus méideanna díola laghdaitheacha thionscal an Aontais. Ina ionad sin, maidir le hallmhairí tríú tíortha, thug CCCME le fios gur tháinig méadú ar líon iomlán allmhairí tríú tíortha agus gur tháinig laghdú ar allmhairí ón tSín idir 2018 agus 2019. Ar deireadh, thug CCCME faoi deara nár chuir an gearánach in aghaidh na n-argóintí gur léirigh beagnach gach táscaire díobhála sa ghearán treochtaí dearfacha agus gurbh é an tAontas ba chúis leis an díobháil é féin ag leibhéal áirithe ar a laghad. Thairis sin, mhaígh CCCME gur cheart éifeachtaí phaindéim COVID-19 agus líomhaintí maidir le láithreacht cairtéil cáblaí cumhachta a chur san áireamh freisin agus meastóireacht á déanamh ar thionchar allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar staid thionscal an Aontais. Thairis sin, shonraigh Rialtas na Síne agus CCCME nach raibh na sonraí allmhairiúcháin a chuir an gearánach i láthair iontaofa toisc go raibh siad as dáta agus bunaithe ar thoimhdí ó thaobh mheáchan an táirge lena mbaineann agus a chion i gcód AC 8544 70 00. Ina theannta sin, de réir Rialtas na Síne agus CCCME, bhí na ríomhanna sladghearrtha sa ghearán lochtach ós rud é nach raibh tagairt iontu ach d’aon onnmhaireoir amháin in aon tairiscint shonrach.

(28)

Thagair an gearánach ina fhreagra san imscrúdú frithdhumpála comhuaineach gur cheart tréimhse níos faide a áireamh chun an méadú ar líon na n-allmhairí a mheas, rud nár chuir CCCME ina aghaidh agus a deimhníodh le sonraí tríú páirtí ó fhaisnéis mhargaidh (CRU), agus nach raibh na ríomhanna lochtacha mar nach raibh de cheangal ar an ngearánach ach faisnéis a bhí ar fáil go réasúnach a sholáthar, lenar áiríodh faisnéis ó roinnt táirgeoirí san Aontas agus sa tSín.

(29)

D’fhreagair CCCME go raibh sé de dhualgas ar an ngearánach bunús a thabhairt lena mhaímh agus cruthúnas a chur ar fáil maidir le sonraí allmhairiúcháin agus gur tagairt do snáithíní optúla seachas do cháblaí snáthoptaice a bhí i sonraí faisnéise margaidh (CRU). A mhéid a bhaineann le ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola, d’athdhearbhaigh CCCME nár chomhlíon siad an caighdeán chun bheith ina bhfianaise leordhóthanach agus nach ndearna an gearánach tagairt ach do phraghsanna táirgeora amháin de chuid na Síne ina ríomhanna suntasacha (e.g., praghas onnmhairiúcháin i saorchúrsaíocht a úsáideadh chun corrlach díobhála do L1 2019 a ríomh agus an praghas onnmhairiúcháin a úsáideadh le haghaidh costais táirgthe le haghaidh an chorrlaigh gearrdhíola L2 2019).

(30)

Mheas an Coimisiún nár bhréagnaigh aon cheann de na líomhaintí i gcéim an tionscnaimh an chonclúid go raibh fianaise leordhóthanach ann chun imeachtaí frith-fhóirdheontais a thionscnamh. Go deimhin, bhí fianaise leordhóthanach sa ghearán go ndearnadh díobháil ábhartha le hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith do thionscal an Aontais. Léiríodh san anailís shonrach ar dhíobháil a rinneadh sa ghearán go raibh méadú ar dhul i bhfód allmhairí ón tSín ar mhargadh an Aontais (i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon) ar phraghsanna lenar sladghearradh praghsanna thionscal an Aontais go substaintiúil. Thug an méid sin le fios go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais leis na hallmhairí a líomhnaíodh gur tugadh fóirdheontas ina leith, a léirítear mar shampla trí laghduithe ar dhíolacháin agus ar an sciar den mhargadh nó le meath ar thorthaí airgeadais.

(31)

San fhianaise a soláthraíodh sa ghearán bhí ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola ar leithligh le haghaidh gach cineál táirge ionadaíoch. Bhí an Coimisiún sásta le leibhéal na fianaise ar an sladghearradh agus ar an ngearrdhíol a thug an gearánach ar aghaidh agus mheas sé gur chomhlíon an gearán an caighdeán maidir le fianaise leordhóthanach a ceanglaíodh le haghaidh thionscnamh an imscrúdaithe.

(32)

Mar fhreagra ar an maíomh gur theip ar an ngearánach sonraí iontaofa/i gcomparáid le praghsanna díola a thabhairt, chinn an Coimisiún go raibh an fhianaise fhíor-riachtanach agus achoimrí neamhrúnda uile na sonraí a cuireadh ar fáil faoi chlúdach rúnda sa leagan a bhí ar fáil lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara an ghearáin chun a gcearta cosanta a fheidhmiú le linn an imeachta.

(33)

Le hAirteagal 29 den bhun-Rialachán (chomh maith le hAirteagal 12(4) de Chomhaontú EDT) déantar foráil maidir le faisnéis rúnda a chosaint i gcúinsí ina mbeadh buntáiste suntasach iomaíochta ann d’iomaitheoir dá nochtfaí an fhaisnéis sin nó ina ndéanfadh an nochtadh dochar suntasach do dhuine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó do dhuine óna bhfuair an duine sin an fhaisnéis.

(34)

Maidir le fianaise leordhóthanach ar nasc cúisíoch, ba cheart an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara. Ar an gcéad dul síos, léirigh an gearán gur tháinig meath ar staid thionscal an Aontais an tráth céanna a tháinig méadú ar allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar phraghsanna lenar sladghearradh praghsanna thionscal an Aontais go suntasach. Ba léir ón méid sin féin gurbh ann do nasc cúisíoch. Ar an dara dul síos, maidir le tosca eile amhail allmhairí tríú tíortha agus eilimintí eile a luaigh Rialtas na Síne agus CCCME, ní raibh a dtionchar chomh mór sin go bhféadfaidís a bheith ina gcúis le meath ar thionscal an Aontais, agus níor léiríodh san anailís a rinneadh go raibh féindíobháil ann. Thairis sin, maidir leis an líomhain go dtiocfadh forchur dúbailte as an imscrúdú fóirdheontais, dheimhnigh an Coimisiún, mar a thuairiscítear in aithris (765), nach é a thiocfadh as dleacht charntha lena léirítear leibhéal an fhóirdheonaithe agus leibhéal iomlán na dumpála éifeachtaí an fhóirdheonaithe a fhritháireamh faoi dhó. Ar deireadh, maidir le méideanna allmhairí, sholáthair an gearánach sonraí bunaithe ar thoimhdí réasúnacha amhail meáchan an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh agus arna ndíol ag tionscal an Aontais, agus d’úsáid sé faisnéis mhargaidh chun an anailís a thabhairt chun críche i gcás nach raibh faisnéis phoiblí ar fáil. Maidir leis an tréimhse a bhaineann le hallmhairí a thomhas sa ghearán, ba iad cleachtais dumpála agus fóirdheontas araon ba chúis leis an díobháil líomhnaithe, agus dá bhrí sin bheadh tréimhse imscrúdúcháin éagsúil ina hualach míréasúnach ar an tionscal gearánach.

1.3.   Clárú allmhairí

(35)

An 24 Lúnasa 2021, i gcomhréir le hAirteagal 29a(2) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoina rún gan bearta frithchúitimh sealadacha a fhorchur agus leanúint den imscrúdú.

(36)

Ó tharla nár forchuireadh aon bheart frithchúitimh sealadach, níor cláraíodh aon allmhaire.

1.4.   Tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse a measadh

(37)

Cumhdaítear leis an imscrúdú ar fhóirdheonú agus díobháil an tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (‘tréimhse an imscrúdaithe’). Sa scrúdú ar threochtaí ábhartha do mheasúnú díobhála, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdaithe (‘an tréimhse a breithníodh’).

(38)

Tá tréimhse an imscrúdaithe agus an tréimhse faoi bhreathnú chéanna ag an imscrúdú frith-fhóirdheontais reatha agus ag an imscrúdú frithdhumpála ar leithligh a luaitear in aithris (4).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(39)

San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an gearánach, Rialtas na Síne, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta, allmhaireoirí agus úsáideoirí aitheanta ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith páirteach ann.

(40)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Níor iarr aon duine idirghabháil.

1.6.   Sampláil

1.6.1.   Sampláil táirgeoirí ón Aontas

(41)

Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid táirgeachta agus díolachán an táirge chomhchosúil san Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe. Is é a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir ón Aontas. Chuimsigh na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais thart ar 52 % de tháirgeacht an Aontais i dtréimhse an imscrúdaithe agus measadh iad a bheith ionadaíoch do thionscal an Aontais. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil agus dá bhrí sin deimhníodh an sampla.

1.6.2   Sampláil allmhaireoirí

(42)

Chun a chinneadh cibé acu a bhí nó nach raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí gá léi, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

(43)

Sholáthair cúig allmhaireoir neamhghaolmhara an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Nuair a bhí anailís déanta ar an bhfaisnéis samplála a sholáthair na hallmhaireoirí, chinn an Coimisiún nach raibh gá leis an tsampláil agus d’iarr sé ar gach allmhaireoir comhoibritheach a gcuid freagraí a chur isteach ar an gceistneoir.

1.6.3.   Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín

(44)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Sa bhreis air sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a d’fhéadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(45)

Sholáthair cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin is fiche sa tír lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 27(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de dhá ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnach laistigh den am a bhí ar fáil. Chuimsigh na grúpaí sampláilte de tháirgeoirí onnmhairiúcháin breis agus 40 % de na honnmhairí arna dtuairisciú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha cáblaí snáthoptaice ón tSín chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe.

(46)

I gcomhréir le hAirteagal 27(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann, agus le húdaráis na tíre lena mbaineann, maidir le roghnú an tsampla.

(47)

Fuarthas barúlacha maidir le roghnú an tsampla ó tháirgeoir onnmhairiúcháin neamhshampláilte amháin, Yangtze Optical Fibre and Cable Joint Stock Limited Company (‘YOFC’) a bhí ag iarraidh a bheith san áireamh sa sampla.

(48)

D’áitigh YOFC, i bhfianaise líon mór na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, gur sheas an dá chuideachta shampláilte do chion a bhí réasúnach íseal den mhéid onnmhairiúcháin chuig an Aontas nach raibh ionadaíoch do na honnmhaireoirí de chuid na Síne agus gurbh é cleachtas an Choimisiúin in imscrúduithe frithdhumpála roimhe sin trí chuideachta ar laghad a shampláil. Thairis sin, mhaígh YOFC gurbh fhearr a d’fhéadfadh an sampla de thrí chuideachta an cás a sheachaint ina bhféadfaí an sampla a laghdú go cuideachta amháin mar gheall ar athruithe ar na cuideachtaí sampláilte. Ar deireadh, d’áitigh YOFC go bhfuil cláir fóirdheontais áirithe ina gcinn réigiúnacha, mar sin chun forbhreathnú níos cuimsithí a fháil ar na scéimeanna fóirdheontais sa tSín ba cheart an raon geografach a mheas agus sampla á roghnú.

(49)

De bhun Airteagal 27(1) den bhun-Rialachán, ba cheart roghnú an tsampla a bhunú ar an méid táirgeachta, díolachán nó onnmhairí ionadaíoch is mó a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnach laistigh den am atá ar fáil. Mar a shonraítear in aithris (45), chuimsigh na grúpaí táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte breis agus 40 % de na honnmhairí a tuairiscíodh ón tSín chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe, ar leibhéal ionadaíoch é. Mheas an Coimisiún go raibh an méid is mó allmhairí sa sampla a roghnaíodh a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den am a bhí ar fáil. Sa chomhthéacs sin, cuimsíonn an dá ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin shampláilte, líon mór eintiteas (ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin, seacht n-eintiteas díolachán, agus breis agus 20 cuideachta ghaolmhar a sholáthraíonn ionchuir nó maoiniú). Thairis sin, maidir le cibé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh a chomhoibreoidh cuideachta shampláilte tar éis í a bheith sampláilte, is coinníoll é is gá ach nach bhfuil leordhóthanach chun táirgeoir onnmhairiúcháin a chur san áireamh i roghnú sampla faoi Airteagal 27(1) den bhun-Rialachán. Mheas an Coimisiún freisin raon geografach na gcuideachtaí a roghnaíodh sa sampla, lenar cumhdaíodh dhá chúige sa tSín leis an dá ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin agus i bhfad níos mó cúigí agus ionchuir nó maoiniú á soláthar nó á sholáthar ag na cuideachtaí gaolmhara uile. Ós rud é gur comhlíonadh, dá bhrí sin, na ceanglais uile in Airteagal 27(1) den bhun-Rialachán, níorbh ann d’aon oibleagáid an tríú cuideachta a shampláil.

(50)

Mhaígh YOFC freisin gur cheart é a áireamh sa sampla toisc gur táirgeoir é a bhfuil taithí aige agus a easpórtálann cáblaí snáthoptaice ar ardcháilíocht chuig an Aontas, agus go bhfuil a phróiseas monaraíochta éagsúil ó tháirgeoirí eile Síneacha (tá sé comhtháite go hingearach, úsáideann sé teicneolaíocht Eorpach chun cáblaí snáthoptaice a tháirgeadh, tá ardteicneolaíochtaí aige agus is é an t-aon Aonad Taispeántais Monaraíochta Cliste sa tSín é, agus tá uathoibriú ard bainte amach aige i dtáirgeadh snáithíní optúla). Mhaígh sé freisin go raibh a méid onnmhairí chuig an Aontas measartha mór le linn thréimhse an imscrúdaithe. Thairis sin, mhaígh YOFC go bhfuil seilbh indíreach ag ceann de tháirgeoirí sampláilte an Aontais ar scaireanna in YOFC agus in dhá cheann de na cuideachtaí gaolmhara de chuid YOFC lena mbaineann agus dá bhrí sin, dá gcuirfí YOFC san áireamh sa sampla go gcuirfí ar chumas an Choimisiúin eolas níos cuimsithí a bheith aige ar struchtúr an tionscail. Mhaígh YOFC freisin go bhfuil cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin sa ghrúpa, atá lonnaithe i gCúige Hubei, Cúige Guangdong, Cúige Sichuan, Cúige Jiangsu agus Cathair Shanghai, mar sin trí YOFC a áireamh sa sampla, gheobhadh an Coimisiún faisnéis maidir le cláir fóirdheontais i níos mó cúigí.

(51)

Mar a mhínítear thuas, roghnaíodh sampla na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ar bhonn an chéatadáin is mó den mhéid onnmhairí ón tír atá i gceist, agus a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnach laistigh den am a bhí ar fáil agus raon geografach maith ann laistigh den tSín. Ní raibh YOFC ar cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin is mó agus dá bhrí sinn ní dhearnadh sampláil air. Ar aon nós, is grúpaí móra cuideachtaí táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhfuil taithí acu iad an dá ghrúpa sampláilte, grúpaí a mhonaraíonn agus a dhíolann cáblaí snáthoptaice ar ardcháilíocht leis an Aontas, lena n-áirítear eintitis atá comhtháite go hingearach freisin. Thairis sin, níl aon fhaisnéis sa chomhad a thugann le fios nach mbeadh an teicneolaíocht a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte chomh forbartha céanna le teicneolaíocht táirgeoirí onnmhairiúcháin eile de chuid na Síne. Níl aon fhianaise curtha i láthair ag YOFC a bheadh ag teacht salach ar an bhfíoras sin. Thairis sin, má tá scaireanna i dtáirgeoir onnmhairiúcháin ag táirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais, níl an méid sin ábhartha chun sampla na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

1.7.   Scrúdú aonair

(52)

Sé cinn de na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamhshampláilte de chuid na Síne a chuir an fhoirm shamplála ar ais, chuir siad in iúl don Choimisiún go raibh rún acu scrúdú aonair a iarraidh faoi Airteagal 27(3) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún an ceistneoir ar fáil ar líne lá an tionscnaimh. Thairis sin, chuir an Coimisiún in iúl do na táirgeoirí onnmhairiúcháin nár sampláladh go raibh sé de cheangal orthu freagra ar an gceistneoir a chur ar fáil dá mba mhian leo go ndéanfaí iad a scrúdú ar bhonn aonair. Chuir dhá chuideachta freagra ceistneora ar fáil.

(53)

D’iarr ceann de na cuideachtaí a sholáthair freagra ceistneora go ndéanfaí scrúdú aonair uirthi ar na cúiseanna céanna a tugadh ina hiarraidh le bheith curtha san áireamh sa sampla, mar a leagtar amach in aithrisí (48) agus (50) thuas.

(54)

D’iarr an chuideachta eile a sholáthair freagra ceistneora go ndéanfaí scrúdú aonair uirthi toisc go raibh sí bainteach le hallmhaireoir de chuid an Aontais agus mhaígh sí nach bhfuair sí aon cheann de na fóirdheontais líomhnaithe.

(55)

Mar gheall ar chastacht an imscrúdaithe agus struchtúr casta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, chinn an Coimisiún gan imscrúdú aonair a dheonú toisc go mbeadh ualach míchuí ag baint leis agus go bhféadfadh sé bac a chur ar an gCoimisiún an t-imscrúdú a dhéanamh laistigh de na sprioc-amanna reachtúla.

1.8.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíoraithe

(56)

Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig an ngearánach agus cuireadh na ceistneoirí le haghaidh tháirgeoirí, allmhaireoirí, úsáideoirí an Aontais agus tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín, cuireadh ar fáil ar líne iad lá an tionscnaimh (8).

(57)

Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne freisin, inar áiríodh ceistneoirí sonracha le haghaidh Sinosure, na mbanc agus institiúidí airgeadais eile a sholáthair maoiniú nó creidmheasanna onnmhairiúcháin do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, agus na 10 dtáirgeoir agus ndáileoir is mó a tháirgeann agus a dháileann na hábhair ionchuir a d’úsáid na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Iarraidh ar Rialtas na Síne freisin, ar mhaithe le caoithiúlacht riaracháin, aon fhreagra a sholáthair na hinstitiúidí airgeadais sin a bhailiú agus a sheoladh go díreach chuig an gCoimisiún.

(58)

Fuair an Coimisiún freagra ceistneora ó Rialtas na Síne, inar áiríodh freagra ceistneora ó Export-Import Bank of China (‘banc EXIM’). Mar sin féin, ní bhfuarthas aon fhreagra ó Sinosure, aon cheann de na bainc ná institiúidí airgeadais eile, ná ó phríomhtháirgeoirí agus príomhdháileoirí na n-ábhar ionchuir.

(59)

Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 28 den bhun-Rialachán, lorg an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheas sé ba ghá, agus rinne sé cros-seiceáil uirthi, chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfóirdheontas, leis an díobháil dá dheasca agus maidir le leas an Aontais. De bharr ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart a glacadh dá réir chun déileáil leis an ráig (‘Fógra COVID-19’) (9), ní raibh an Coimisiún in ann cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh ar áitreabh Rialtas na Síne, na gcuideachtaí sampláilte ná na n-allmhaireoirí ná na n-úsáideoirí comhoibríocha. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceáil chianda (‘RCC’) ar an bhfaisnéis a sholáthair Rialtas na Síne, ar lena linn a bhí oifigigh ó na haireachtaí ábhartha agus údaráis rialtais eile rannpháirteach. Thairis sin, rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar na cuideachtaí seo a leanas trí fhís-chomhdháil:

 

Táirgeoirí an Aontais:

Acome S. A. (An Fhrainc),

Corning Optical Communications Sp. z o.o., agus a chuideachtaí gaolmhara (an Pholainn, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Spáinn),

Prysmian S.p.A., agus a chuideachtaí gaolmhara (an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Rómáin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn)

 

Allmhaireoirí:

Cable 77 Danmark ApS (an Danmhairg),

Connect Com GmbH (an Ghearmáin),

Eku Kabel GmbH (an Ghearmáin),

Har&Ca S.r.l. (An Iodáil),

Infraconcepts B.V. (An Ísiltír)

 

Úsáideoirí:

Deutsche Telekom GmbH (an Ghearmáin)

 

Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín:

 

An grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd, Wuhan,

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd., Nanjing,

Fiberhome Technologies Group Co., Ltd., Wuhan,

China Information Communication Technologies Group Corporation, Wuhan,

Jiangsu Telecom Industrial Co., Ltd., Nanjing

 

An grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd., Nantong,

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd., Nantong.

1.9.   Neamh-fhorchur na mbeart sealadach agus an nós imeachta ina dhiaidhsin

(60)

An 10 Bealtaine 2021, sheol an Coimisiún iarraidh bhreise ar fhaisnéis chuig na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamhshampláilte comhoibríocha de chuid an Aontais, chuig na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid an Aontais agus chuig na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais lena n-áirítear sonraí díolacháin ar bhonn grúpaí uimhreacha rialaithe táirgí (PCNanna), infheistíochtaí agus tairiscintí, ach gan bheith teoranta don mhéid sin. Sheiceáil an Coimisiún na freagraí le linn na RCCanna.

(61)

An 24 Lúnasa 2021, de bhun Airteagal 29a(2) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoina rún gan bearta sealadacha a fhorchur agus leanúint den imscrúdú.

(62)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag seiceáil na faisnéise uile a mheas sé ba ghá le haghaidh a thorthaí cinntitheacha.

1.10.   Nochtadh deiridh

(63)

An 14 Meán Fómhair 2021, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frith-fhóirdheontais chinntitheach a fhorchur ar allmhairí den táirge lena mbaineann (‘nochtadh deiridh’).

(64)

Deonaíodh tréimhse 20 lá do na páirtithe uile ar laistigh díobh a d’fhéadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh cinntitheach. Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

(65)

Fuarthas barúlacha ón ngearánach, Rialtas na Síne, CCCME, ón dá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, agus allmhaireoir onnmhairiúcháin neamhghaolmhar amháin, eadhon Connect Com GmbH (‘Connect Com’). Sholáthair dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin neamhshampláilte chomhoibríocha soiléirithe ar earráidí cléireachais a rinne an Coimisiún ar a stádas comhoibríoch agus a n-ainm beacht agus ceartaíodh dá réir sin iad.

(66)

Tar éis an nochta deiridh, tugadh deis éisteachta do pháirtithe leasmhara de réir na bhforálacha a leagtar síos faoi phointe 5.7 den Fhógra tionscnaimh. Reáchtáladh éisteacht le CCCME.

(67)

Dhírigh an Coimisiún sa rialachán seo ar bharúlacha a cuireadh isteach le linn an nóis imeachta frith-fhóirdheontais. Maidir leis na barúlacha a cuireadh isteach i gcomhthéacs an imscrúdaithe frithdhumpála ar leithligh, níor díríodh orthu sa rialachán seo mura rud é gur léirigh na páirtithe go sainráite gur chumhdaigh na barúlacha a cuireadh isteach an dá nós imeachta.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge lena mbaineann

(68)

Is é atá sa táirge lena mbaineann cáblaí snáthoptaice aonmhóid, iad comhdhéanta de shnáithín amháin nó níos mó a bhfuil gach ceann faoi seach ina thruaille féin, faoi chásáil chosanta, bíodh seoltóirí leictreacha iontu nó ná bíodh, de thionscnamh na Síne, agus a thagann faoi láthair faoi chód CN ex 8544 70 00 (cód TARIC 8544700010) (‘an táirge lena mbaineann’).

(69)

Tá na táirgí seo a leanas eisiata:

(i)

cáblaí ina bhfuil na snáithíní optúla uile feistithe ceann ar ceann le nascóirí oibríochta ag ceann amháin den chábla nó ag an dá cheann; agus

(ii)

cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí. Is éard atá sna cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí cáblaí snáthoptaice inslithe plaisteacha, ina bhfuil seoltóir copair nó alúmanaim, ina bhfuil snáithíní i modúl miotail nó modúil mhiotail.

(70)

Úsáidtear na cáblaí snáthoptaice (‘OFCanna’) mar mheán tarchurtha optúil i líonraí teileachumarsáide i líonraí cianaistir, meitreo agus rochtana.

2.2.   Táirge comhchosúil

(71)

Leis an imscrúdú léiríodh go bhfuil na saintréithe bunúsacha, fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann;

an táirge a táirgeadh agus a díoladh ar mhargadh intíre na tíre lena mbaineann; agus

an táirge arb é an tionscal de chuid an Aontais a tháirg agus a dhíol é.

(72)

Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin dá bhrí sin de réir bhrí Airteagal 2(c) den bhun-Rialachán.

2.3.   Maímh maidir le raon táirge

(73)

D’iarr an Grúpa ZTT go ndéanfaí sreanga talmhaithe optúla (‘OPGW’) agus cáblaí seoltóra pas optúla (‘OPPC’) a eisiamh ón imscrúdú. D’áitigh sé cé gur thit na cáblaí sin faoin sainiú táirge, go raibh tréithe fisiceacha agus úsáid éagsúla acu (i.e tarchur cumhachta), go raibh siad faoi réir caighdeáin theicniúla éagsúla, gur monaraíodh iad le hamhábhair éagsúla agus de réir próisis táirgthe éagsúla agus gur díoladh iad i margaí ar leith. Thairis sin, maíodh nár chuimsigh cáblaí OPGW agus OPPC ach cuid bheag de dhíolacháin chuig an Aontas. D’iarr an Grúpa ZTT freisin i gcás inar mheas an Coimisiún gur thit cáblaí OPGW agus OPPC faoi raon táirge an imscrúdaithe, go gcuirfí gnéithe sonracha, úsáid deiridh nó tosca dheighleog mhargaidh na dtáirgí san áireamh san imscrúdú.

(74)

Úsáidtear cáblaí OPGW agus OPPC chun sonraí a tharchur agus is ionann a gcuid saintréithe bunúsacha agus saintréithe bunúsacha OFCanna eile, lena n-áirítear: (i) áirítear snáithíní optúla iontu; (ii) tá an trastomhas snáthoptaice brataithe sa raon céanna; (iii) tá an líon snáithíní sa raon céanna freisin; (iv) tá an líon snáithíní in aghaidh an mhodúil mar an gcéanna freisin; agus (v) tá tógáil croíleacán an chábla mar a chéile. Ós rud é go bhfuil úsáid bhreise (tarchur cumhachta) agus gnéithe áirithe (mar shampla gnéithe leictreacha, gan ceanglas lasairdhíonachta, ceanglas láidreachta ardteanntachta, etc.) ag cáblaí OPGW agus OPPC, ní bhaineann sé seo ach oiread ón bhfíoras sin.

(75)

Thairis sin, tá gach cineál cábla faoi réir sonraíochtaí agus caighdeáin theicniúla éagsúla go pointe áirithe. Maidir leis na hamhábhair, ní bhaineann sé le hábhar go n-úsáidtear ábhar amháin i gcomhpháirt amháin den OFC ach go bhféadfaí ábhar eile a úsáid i gcineál eile cábla: déantar gach cineál OFC a mhonarú le snáithíní optúla. Maidir leis na próisis mhonaraíochta, léirigh an t-imscrúdú go raibh sraith sreang chruach timpeall a seaicéad ag dearaí áirithe cáblaí snáthoptaice faoi chosaint speisialta, agus gur monaraíodh na cáblaí sin ar mheaisíní atá mar a chéile le meaisíní OPGW. Thairis sin, níor bhain monarú armúrtha cháblaí OPGW agus OPPC ach le céim amháin de thógáil na gcáblaí sin, agus níor thug sé sin údar lena n-eisiamh ó raon táirge an imscrúdaithe. Thairis sin, níl sé ábhartha do mheasúnú an mhaímh nár chuimsigh díolacháin cháblaí OPGW agus OPPC ach sciar níos lú de dhíolacháin chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe. Ar deireadh, tá tionscal an Aontais ag táirgeadh cáblaí OPGW agus OPPC chomh maith agus dá bhrí sin tá sé in iomaíocht dhíreach le honnmhaireoirí Síneacha na gcáblaí sin freisin.

(76)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb OFCanna iad OPGW agus OPPC a bhfuil na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna acu agus atá ag OFCanna eile a chumhdaítear faoi shainiú an táirge lena mbaineann agus dá bhrí sin nach raibh gá le haon anailís ar leith maidir leis na táirgí sin. Go deimhin, na huimhreacha rialaithe táirgí a úsáideann an Coimisiún chun corrlaigh dhumpála agus dhíobhála a ríomh, sainaithníonn siad cáblaí OPGW agus OPPC agus cuireann siad ar chumas an Choimisiúin comparáid chothrom a dhéanamh ar phraghsanna idir táirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí na Síne. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(77)

Mhol an Grúpa ZTT freisin ceithre mhodh chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheist imchéimniúcháin agus chun í a sheachaint i gcás inar eisiadh cáblaí OPGW agus OPPC ó raon táirge an imscrúdaithe amhail (i) amharciniúchadh agus seiceáil dhoiciméadach atá déanta ag oifigigh chustaim, (ii) córas deimhniúcháin, (iii) an nós imeachta custaim um rialú ar úsáid deiridh agus (iv) córas faireacháin. Ós rud é gur thángthas ar an gconclúid go bhfuil OPGW agus OPPC cumhdaithe san imscrúdú, ní raibh gá le dul i ngleic leis na modhanna atá molta chun imchéimniú a chosc.

3.   FÓIRDHEONÚ

3.1.   Réamhrá: Pleananna, tionscadail agus doiciméid rialtais eile

(78)

Roimh anailís a dhéanamh ar an bhfóirdheonú líomhnaithe i bhfoirm fóirdheontas nó cláir fóirdheontais, rinne an Coimisiún measúnú ar phleananna, tionscadail agus doiciméid rialtais eile, a bhí ábhartha maidir le hearnáil an táirge lena mbaineann agus/nó a ionchuir agus dá réir sin ba chomhthéacs dílis é sin le haghaidh na dtorthaí substainteacha. Shuigh sé go bhfuil na fóirdheontais nó na cláir fóirdheontais uile atá á measúnú ina gcuid de chur chun feidhme phleanáil lárnach Rialtas na Síne chun an tionscal cáblaí snáthoptaice a spreagadh ar na cúiseanna seo a leanas.

(79)

Déantar treo gheilleagar na Síne a chinneadh a bheag nó a mhór le córas mionléirithe pleanála lena leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na spriocanna nach mór do na rialtais láir agus na rialtas áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas agus cumhdaítear gach earnáil eacnamaíoch leo. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna a bhíonn ag an leibhéal comhfhreagrach is ísle den rialtas. Ar an bhforiomlán, de bharr an chórais pleanála sa tSín, leithdháiltear acmhainní ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha straitéiseacha nó mar earnálacha ag a bhfuil tábhacht pholaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (10).

(80)

Measann Rialtas na Síne gur príomhtháirge é an trealamh cáblaí snáthoptaice, mar atá le fáil i ndoiciméid agus i liostaí beartais phoiblí (11). Baineann tábhacht mhór leis an gcatagóiriú sin toisc go gcáilítear earnálacha áirithe leis sin lena gcumhdach trí bheartais shonracha agus bearta tacaíochta éagsúla atá ceaptha chun forbairt a spreagadh i ngach earnáil (12). Ós rud é go bhfuil OFCanna ina bpríomhpháirt de bhonneagar líonraí idirlín, tá ról ríthábhachtach aige maidir le rolladh amach líonraí snáthoptaice agus idirlín leathanbhanda. Déantar forbairt cáblaí snáthoptaice sa tSín a threorú agus a bhainistiú le pleananna, treoracha agus doiciméid éagsúla eile, a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach, agus atá idirnasctha go frithpháirteach. Sna samplaí de na príomhdhoiciméid bheartais sin áirítear na pleananna, na tionscadail agus na doiciméid eile seo a leanas.

(81)

An 13ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta ar an tSín (‘an 13ú Plean Cúig Bliana’), lena gcumhdaítear an tréimhse 2016-2020, cuirtear i dtábhacht fís straitéiseach Rialtas na Síne chun feabhas a chur ar phríomhthionscail agus chun iad a chur chun cinn. Leis an 13ú Plean Cúig Bliana cuirtear i dtábhacht an rún atá ag Rialtas na Síne forbairt ardteicneolaíochtaí straitéiseach a neartú, ar ina measc a áirítear teicneolaíocht faisnéise i gCaibidil 6. Le Caibidil 23 leagtar síos thairis sin go meastar gur ‘tionscal straitéiseach atá ag teacht chun cinn’ iad líonraí faisnéise, faoina dtagann cáblaí snáthoptaice. I ndáil leis sin, sonraítear sa 13ú Plean Cúig Bliana gurb amhlaidh, maidir le Rialtas na Síne, go ‘gcuideoidh sé lena áirithiú go ndéanfar forbairt ghasta ar na slabhraí táirgeachta agus nuálaíochta de chuid tionscail atá ag teacht chun cinn chun dlús a chur le cnuasú tionscail de réir a saintréithe sonracha’ agus go ‘spreagfaidh sé fiontair de chuid na Síne chun acmhainní nuálaíochta a leithdháileadh go domhanda’.

(82)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne nach ndéantar aon tagairt do cháblaí snáthoptaice sa 13ú Plean Cúig Bliana agus gur ghlac an Coimisiún leis go simplí go dtagann cáblaí snáthoptaice faoin gcatagóiriú ‘líonraí faisnéise’. De réir Rialtas na Síne, luaitear go soiléir i gCaibidil 6 den 13ú Plean Cúig Bliana go mbeidh sé ag díriú ar theicneolaíochtaí ‘ilchuspóireacha’ agus ní luaitear an tionscal cáblaí snáthoptaice i gCaibidil 23 agus is léir ón téarma ‘líonra faisnéise’ i gCaibidil 23 nach mbaineann sé le cáblaí snáthoptaice ná le táirgí sonracha ach le bonneagar ginearálta. Mar an gcéanna, i gCaibidil 25 pléitear ‘líonraí optaice’ seachas táirgí sonracha, amhail cáblaí snáthoptaice.

(83)

I gCaibidil 4 ‘An Fhealsúnacht Forbartha’ den 13ú Plean Cúig Bliana liostaítear ‘glacadh na teicneolaíochta faisnéise’ i measc na dtosaíochtaí forbartha. Sa Chaibidil sin sainmhínítear an fócas agus na tosaíochtaí chun cuspóirí an 13ú Plean Cúig Bliana a bhaint amach agus baineann tábhacht straitéiseach leis na nithe a liostaítear ann. Dá bhrí sin, meastar gur príomhpháirt d’fhorbairt na tíre an ‘teicneolaíocht faisnéise’ le haghaidh na tréimhse a chumhdaítear leis an 13ú Plean Cúig Bliana. Thairis sin, sa 13ú Plean Cúig Bliana tagraítear don ‘teicneolaíocht faisnéise’ in go leor Caibidlí maidir le hearnálacha éagsúla den gheilleagar agus den tsochaí.

(84)

Le Roinn 2 ‘Tionscail Straitéiseacha’ de Chaibidil 23 ‘Tionscail Straitéiseacha atá ag Teacht Chun Cinn a Fhorbairt’ sa 13ú Plean Cúig Bliana déantar foráil maidir leis an méid seo: ‘cothóimid tionscail straitéiseacha i réimsí an aeraspáis, na haigéaneolaíochta, na líonraí faisnéise, na n-eolaíochtaí beatha, agus na teicneolaíochta núicléiche’ Thairis sin, i gCaibidil 25 ‘Líonra Faisnéise Uileláithreach, Éifeachtúil a Thógáil’ déantar foráil maidir leis seo: ‘Cuirfimid dlús le tógáil bhonneagar faisnéise na chéad ghlúine eile, atá ar ardluas, soghluaiste, slán, agus uileláithreach agus scaipfimid úsáid na teicneolaíochta líonra faisnéise’ lena n-áirítear ‘líonraí snáthoptaice ardluais na glúine nua’, ‘líonra leathanbhanda gan sreang atá ar ardleibhéal agus uileláithreach’, agus ‘teicneolaíocht líonra faisnéise nua’. Ina theannta sin, le Bosca 9 soláthraítear liosta de thionscadail teicneolaíochta faisnéise ar ina measc atá an Clár Leathanbhanda Náisiúnta ina leagtar béim ar an méid seo a leanas: ‘córas teileachumarsáide optúil ardluais, ardacmhainneachta a bhunú’.

(85)

Is é an 13ú Plean Cúig Bliana an príomhdhoiciméad beartais lena leagtar síos na tosaíochtaí chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialta náisiúnta a dhéanamh ar an tSín agus dá réir sin cuirtear na réimsí fócais i dtábhacht ann gan na mionsonraí uile a sholáthar maidir le baint amach nithiúil na dtosaíochtaí. Dá bhrí sin, cé nach luaitear cáblaí snáthoptaice iontu féin sa 13ú Plean Cúig Bliana, ní fhágann sin nach mbaineann sé le hábhar mar phríomhpháirt fhíor-riachtanach chun an sprioc straitéiseach níos ginearálta a bhaint amach is é sin forbairt a dhéanamh ar bhonneagar teicneolaíochta faisnéise agus líonra faisnéise.

(86)

Tá ‘glúin nua thionscal na teicneolaíochta faisnéise’, lena n-áirítear cáblaí snáthoptaice mar ghaireas faisnéise agus cumarsáide, ina thionscal atáthar a spreagadh freisin faoin tionscnamh Made in China 2025 (13). Sa tionscnamh sin, maidir leis an ‘trealamh cumarsáide faisnéise’ a chuirtear chun cinn is é an sainmhíniú a thugtar air freisin ‘teicneolaíocht tarchuradóireachta optúil chliste fíor-ardluais agus ardacmhainneachta’ agus thairis sin faoi ‘Cúraimí agus Tosaíochtaí Straitéiseacha’, tugtar tosaíocht do dhlús a chur le húsáid agus tógáil ‘líonra snáthoptaice’.

(87)

Ós rud é gur tionscal atáthar a spreagadh i straitéis Made in China 2025 é, tá an tionscal cáblaí snáthoptaice incháilithe le tairbhiú de chistiú mór ón Stát. Cruthaíodh roinnt cistí chun tacú leis an tionscnamh Made in China 2025 (14) agus dá bhrí sin go hindíreach le tionscal cáblaí snáthoptaice, amhail an Ciste Cuarda Comhtháite Náisiúnta (15), an Ciste Ardmhonaraíochta (16) agus Ciste Infheistíochta na dTionscal atá ag Teacht Chun Cinn (17).

(88)

Trí thógáil an líonra snáthoptaice a áireamh mar chuspóir amháin sa straitéis Made in China 2025, nó in aon doiciméad pleanála straitéisí eile, táirgí atá fíor-riachtanach chun leathnú breisithe agus feabhsaithe thógáil na líonraí sin a bhaint amach, amhail na cáblaí snáthoptaice a úsáidtear le haghaidh tarchuradóireachta, tagann siad faoi raon feidhme na bpleananna straitéiseacha sin agus dá réir sin tairbhíonn siad de na bearta fabhracha comhfhreagracha.

(89)

Thairis sin, is minic a áirítear cáblaí snáthoptaice faoi scáth ‘Glúin nua Thionscal na Teicneolaíochta Faisnéise’ agus go háirithe mar ‘Trealamh faisnéise agus cumarsáide’. Tugtar 10 n-earnáil straitéiseacha i dTreochlár Made in China 2025 (18), arb iad na príomhthionscail le haghaidh Rialtas na Síne iad. Tuairiscítear ann in Earnáil 1 ‘Glúin nua thionscal na teicneolaíochta faisnéise’/ 1.2 Trealamh faisnéise agus cumarsáide na catagóirí táirge: ‘trealamh tarchuradóireachta optúil ardluais agus ardacmhainneachta (400G/1Tbps)’ agus ‘trealamh rochtana optúil ardluais (10G/100Gbps)’ mar tháirgí a thagann faoi thosaíochtaí forbartha na hearnála sin. Dá réir sin, tairbhíonn glúin nua na teicneolaíochta faisnéise de na buntáistí a eascraíonn as na sásraí tacaíochta a liostaítear sa doiciméad, lena n-áirítear i measc nithe eile, beartais tacaíochta airgeadais, beartas fioscach agus cánachais, agus formhaoirseacht agus tacaíocht na Comhairle Stáit (19).

(90)

Thairis sin, baineann cáblaí snáthoptaice leis an gcatagóir ‘ábhair nua’. Sa Treochlár Made in China 2025 i Roinn 9 ‘ábhair nua’ agus ina fhochatagóirí, lena n-áirítear príomhábhair straitéiseacha (pointe 9.2), liostaítear snáithíní ardfheidhmíochta agus ábhair chomhchodacha. Mar is léir ón gCatalóg Táirgí Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta (2006) in Uimh. 6020004 agus 6020005, meastar gur ‘ábhair nua’ iad táirgí snáthoptaice, go háirithe iad sin atá nasctha le réamhfhoirmiú snáthoptaice, ar príomhábhar ionchuir é chun cáblaí snáthoptaice a tháirgeadh.

(91)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne nár mhínigh an Coimisiún an bonn ar ar mheas sé gur ‘ábhair nua’ iad cáblaí snáthoptaice. Chuir sé i dtábhacht nach dtagraítear i Roinn 9.2.3 den doiciméad treochláir ach do ‘snáithíní ardfheidhmíochta agus ábhair chomhchodacha’ agus go meastar nach ionann ach príomhábhar ionchuir le haghaidh táirgeadh cáblaí snáthoptaice ‘ábhair nua’ seachas cáblaí snáthoptaice iontu féin.

(92)

I ndáil leis sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún sa Chatalóg Táirgí Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta (2016) go meastar gur ‘ábhair nua’ iad táirgí snáthoptaice, lena n-áirítear go háirithe réamhfhoirmiú snáthoptaice. Is príomhábhar ionchuir é réamhfhoirmiú snáthoptaice le breisluach ard le haghaidh táirgeadh cáblaí snáthoptaice, rud a sheasann do chuid shubstaintiúil den chostas táirgthe. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ós rud é go liostaítear réamhfhoirmiú snáthoptaice, ar táirge leathchríochnaithe de cháblaí snáthoptaice é, mar ‘ábhar nua’, go bhfuil nasc díreach ann idir cáblaí snáthoptaice agus an chatagóir ‘ábhair nua’.

(93)

Ina theannta sin, de bhreis ar an Treochlár Made in China 2025, i mí na Samhna 2016, rinneadh an liosta 10 n-earnáil straitéiseacha a bheachtú ina gCatalóg de Cheithre Fhíor-Riachtanas (20) a d’fhoilsigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta um an Straitéis Monaraíochta (NMSAC), grúpa comhairleach don Ghrúpa Beag Ceannaireachta Náisiúnta um Chumhacht Náisiúnta Monaraíochta a Thógáil. Bhunaigh Rialtas na Síne an grúpa sin chun pleananna, beartais, tionscadail agus socruithe oibre a fhorbairt chun forbairt an tionscadail monaraíochta a chur chun cinn agus ábhair a chomhordú ar fud réigiún agus ranna (21). Sa chatalóg sin, tá gach ceann de na 10 n-earnáil straitéiseacha roinnte ina cheithre chaibidil: (i) croípháirteanna spártha fíor-riachtanacha, (ii) príomhábhair fhíor-riachtanacha, (iii) ardphróisis/teicneolaíochtaí fíor-riachtanacha agus (iv) ardáin teicneolaíochta tionscail. Is féidir teacht ar cháblaí snáthoptaice faoi earnáil 1: teicneolaíocht faisnéise na glúine nua, pointe (i) croí-bhunpháirteanna spártha, fophointe 38 Snáithín optúil sár-ísealchailliúna bunaithe ar bhandaleithead 400G (príomhlíonra) agus faoi phointe (ii) príomh-bhunábhair, fophointe 22 Ábhair snáthoptaice glúine nua.

(94)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Rialtas na Síne a sheasamh nach bhfuil an 13ú Plean Cúig Bliana ná an tionscnamh Made in China 2025 ina ndoiciméid shainordaitheacha ná cheangailteacha ó thaobh dlí de.

(95)

I ndáil leis sin, thug an Coimisiún le fios, murab ionann agus ráitis ghinearálta spreagtha a dhéanamh, sa 13ú Plean Cúig Bliana úsáidtear teanga lena léirítear a chineál ceangailteach. In aon chás, mar a shonraítear in aithris (85), is é an 13ú Plean Cúig Bliana an príomhdhoiciméad beartais lena leagtar síos na tosaíochtaí le haghaidh forbairt eacnamaíoch agus shóisialta náisiúnta agus is é atá mar bhonn le gníomhartha dlíthiúla ceangailteacha éagsúla nach mór do na húdaráis a chur san áireamh agus a chur chun feidhme agus rialacha nua á nglacadh nó agus acmhainní poiblí á ndáileadh.

(96)

Maidir leis an tionscnamh Made in China 2025, ní mór é a léamh i gcomhar le Treochlár Made in China 2025 agus i bhfianaise na gcistí a cruthaíodh chun tacú leis an tionscnamh Made in China 2025. Cé gurb é a leagtar síos den chuid is mó leis an tionscnamh Made in China 2025 ná prionsabail ghinearálta atá le leanúint, tá a chur chun feidhme trí eisíocaíocht cistiúcháin stáit le tionscail áirithe atáthar a spreagadh ceangailteach, rud a fhágann go ndíríonn sé go sonrach ar na tionscail sin atáthar a spreagadh agus nach infheidhme go ginearálta é. Ina theannta sin, leis an straitéis Made in China 2025 úsáidtear foclaíocht lena dtugtar le tuiscint cuspóirí agus spriocanna atá le leanúint amhail ‘cuirfimid dlús le húsáid agus tógáil líonraí snáthoptaice’ agus ‘cuirfimid forbairt cheannródaíoch chun cinn go láidir i bpríomhréimsí’ agus tagairt á déanamh do ‘glúin nua de thionscal na teicneolaíochta faisnéise’ lena n-áirítear ‘gairis faisnéise agus chumarsáide’.

(97)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún maímh Rialtas na Síne.

(98)

Cumhdaítear an tionscal cáblaí snáthoptaice freisin le Plean Forbartha Monaraíochta Cliste (2016-2020) a d’fhoilsigh Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise na Síne (‘MIIT’) (22), arb é is aidhm dó an 13ú Plean Cúig Bliana a chur chun feidhme agus ag a bhfuil 10 bpríomhchúram curtha ar bun arb é is aidhm dóibh an timthriall forbartha táirgí a ghiorrú, feabhas a chur ar éifeachtúlacht an táirgthe, cáilíocht an táirge, laghdú a dhéanamh ar chostas oibriúcháin, ídiú acmhainní agus fuinnimh, agus dlús a chur le forbairt na monaraíochta cliste. In 2018, d’fhógair an Chomhairle Stáit pleananna na Síne a clár a leathnú le haghaidh monaraíocht chliste trí thart ar 100 treoirthionscadal a chur leis an bhliain chéanna agus de réir faisnéis atá ar fáil go poiblí, d’áirigh MIIT dhá chuideachta a bhaineann le táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, Zhongtian technology precision materials Ltd. agus FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd. ar an Liosta de Threoirthionscadail Taispeántais na Monaraíochta Cliste, an chéad cheann in 2017 (23) agus an dara ceann in 2018 (24). Thairis sin, liostaíodh ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, Yangtze Optical Fibre and Cable, mar ‘Treoirfhiontar Monaraíochta Cliste Céadbhaisce Náisiúnta’ (25).

(99)

Tá tásca soiléire ann nach ráiteas adhmholta amháin é a bheith luaite ar cheann de na liostaí sin, a bhaineann leis an straitéis Made in China 2025, ach go bhfuil sochair airgeadais bainteach leis sin freisin. Sa doiciméad dá ngairtear ‘Fógra AA maidir leis na méideanna aistrithe le haghaidh cláir claochlaithe agus uasghrádaithe tionscail áitiúla 2017’, tá iontráil chomhfhreagrach i líne 151 lena sonraítear go bhfuair FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd. faoin gclár ‘Modh Monaraíochta nua de chroíthrealamh líonra cumarsáide 5G’ fóirdheontas ar mhéid 12 mhilliún RMB.

(100)

I ndoiciméid bhreise éagsúla tacaítear leis an toradh gur chruthaigh Rialtas na Síne creat leathan de thacaíocht le haghaidh bonneagar teicneolaíochta idirlín agus líonraí leathanbhanda lena gcumhdaítear inter alia an tionscal cáblaí snáthoptaice. Chuir Rialtas na Síne in iúl go sainráite in 2009 sa Phlean um Choigeartú agus Athbheochan an Tionscail Faisnéise Leictreonaí (26) go raibh de chuspóir leis ‘tógáil […] an líonra rochtana snáthoptaice leathanbhanda a threorú agus a chur chun cinn’.

(101)

I Straitéis Leathanbhanda na Síne 2013 (27), d’fhoirmligh Rialtas na Síne an aidhm a bhaineann le cur chun cinn ‘líonraí rochtana […] i gcomhréir le tuairimí na rochtana ardluais’ agus ‘i limistéir uirbeacha, go ndéanfar tógáil agus athchóiriú líonra rochtana ag úsáid modhanna teicniúla amhail snáithín optúil chomh fada leis an mbaile agus snáithín optúil chomh fada leis an bhfoirgneamh‘. Ina theannta sin, de réir na straitéise sin, déanfar ‘leathnú snáithín optúil chuig taobh an úsáideora’ a chur chun cinn agus déanfar ‘líonra rochtana leathanbhanda fosaithe le snáithín optúil mar an phríomhfhoinse’ a thógáil de réir a chéile.

(102)

Sa chaibidil i Straitéis Leathanbhanda na Síne lena dtugtar aghaidh ar na hionstraimí beartais, tugann Rialtas na Síne tuairisc ar na hionstraimí a úsáidtear chun spriocanna na straitéise sin a úsáid, i.e. ‘cistí speisialta éagsúla a úsáid ina n-iomláine, cistí a thagann ón rialtas láir chun cistí áitiúla ábhartha a threorú chun infheistiú i dtaighde agus forbairt an líonra leathanbhanda agus tionsclú’ agus soláthar i leith ‘tacaíocht úis ar tugadh fóirdheontas ina leith le haghaidh iasachtaí do thionscadail tógála leathanbhanda incháilithe i gcriosanna forbartha náisiúnta i réigiún an iarthair’ agus ar deireadh neartú a dhéanamh ar ‘an tacaíocht lamháltais cánach’ agus ar ‘an tacaíocht [le haghaidh] tograí líonraí leathanbhanda’. Mar a leagtar amach in aithris (80), mheas an Coimisiún go raibh cáblaí snáthoptaice ina phríomhpháirt de bhonneagar na líonraí idirlín agus fíor-riachtanach chun córais leathanbhanda a chur ar bun.

(103)

Ní hé go sonraítear i Straitéis Leathanbhanda na Síne cuspóirí neamhcheangailteacha i ndáil le forbairt an bhonneagair idirlín. Nuair a bhreathnaítear orthu i dteannta doiciméid eile is léir gur eilimint fhíor-riachtanach iad ranníocaíochtaí airgeadais ó Rialtas na Síne a úsáidtear chun cuspóirí na straitéise seo a bhaint amach. Sna Tuairimí maidir le Tógáil Líonraí Leathanbhanda Snáthoptaice a Chur Chun Cinn (28), sonraítear go ‘spreagtar rialtais áitiúla ar na leibhéil uile fóirdheontais airgeadais a sholáthar chun leathanbhanda snáthoptaice a úsáid in institiúidí seirbhíse poiblí’ agus go ndéanfar ‘infheistíocht agus tacaíocht bheartais i dtaighde agus forbairt sliseanna, gaireas, trealaimh córais agus feidhmeanna lárnacha le haghaidh cumarsáid leathanbhanda snáthoptaice’ a mhéadú agus go ndéanfar ‘nuálaíocht theicneolaíoch i gcumarsáid snáthoptaice’ a spreagadh.

(104)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne nach bhfuil i Straitéis Leathanbhanda na Síne ach treoirdhoiciméad maidir le bonneagar leathanbhanda. I ndáil leis sin, thug Rialtas na Síne dá aire gur shuigh an Painéal in ‘an tSín – DOMHANDÚ’ gurb amhlaidh ‘nach “fianaise leordhóthanach” ar shainiúlacht í faisnéis ghinearálta faoi bheartas rialtais, gan aon nasc díreach le clár faoi chaibidil’.

(105)

I ndáil leis sin, mheabhraigh an Coimisiún mar a shonraítear in aithris (102), sa chaibidil i Straitéis Leathanbhanda na Síne lena dtugtar aghaidh ar na hionstraimí beartais, go dtugann Rialtas na Síne tuairisc ar na hionstraimí a úsáidtear chun spriocanna na straitéise seo a bhaint amach amhail úsáid cistí speisialta éagsúla, tacaíochta úis ar tugadh fóirdheontas ina leith, tacaíochta lamháltais cánach etc. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún in aithris (103) gurb amhlaidh nuair a bhreathnaítear orthu i dteannta doiciméid eile, is léir gur eilimint fhíor-riachtanach iad ranníocaíochtaí airgeadais ó Rialtas na Síne a úsáidtear chun cuspóirí na straitéise seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, cé go maítear gur de chineál treoraíochta í Straitéis Leathanbhanda na Síne, ní fhágann a cur chun feidhme trí eisíocaíocht cistiúcháin stáit le tionscail áirithe atáthar a spreagadh ach go bhfuil sí ceangailteach agus dírithe go sonrach ar na tionscail sin atáthar a spreagadh agus nach infheidhme go ginearálta í. In aon chás, an tagairt do Thuarascáil an Phainéil in ‘an tSín – DOMHANDÚ’ níl sí cinntitheach a mhéid a bhaineann le sainiúlacht, ós rud é go soláthraítear sa chás sin leis na pleananna agus na doiciméid bheartais éagsúla a eisíonn Rialtas na Síne a chumhdaítear sa roinn seo treoraíocht agus tacaíocht shonrach le haghaidh an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(106)

I dTuairimí Treoracha na Comhairle Stáit maidir le ‘an tIdirlíon Plus’ a Chur Chun Cinn go Gníomhach (29) ó 2015, foirmlítear cuspóir soiléir trína shonrú go mbeidh an doiciméad sin ina chuidiú chun ‘dlús a chur le cur chun feidhme na straitéise ‘Leathanbhanda na Síne’, tionscadal náisiúnta thógáil bhonneagar faisnéise na glúine nua a eagrú agus a chur chun feidhme [agus] claochlú an líonra leathanbhanda snáthoptaice a chur chun cinn.’ Agus tugtar tuairisc ar an mbealach chun an sprioc sin a bhaint amach faoi ‘(6) Treoraíocht agus tacaíocht a neartú’ ina bhforbraítear go méadófar tacaíocht fhioscach agus chánachais agus ina sonraítear cúraimí amhail ‘infheistíocht a dhéanamh go gníomhach i dtaighde agus forbairt agus taispeáint feidhmeanna maidir le príomhtheicneolaíochtaí nuálaíochta comhtháite cáilithe ‘Internet+’. Úsáid cistí speisialta airgeadais atá ann cheana a chomhordú chun tacú le ‘Internet+’ agus ardáin agus taispeáintí feidhmeanna gaolmhara a thógáil.’

(107)

In 2015, leag Rialtas na Síne amach thairis sin an plean um infheistíochtaí airgeadais atá beartaithe chun ‘dlús a chur le tógáil bonneagair’ sa ‘Treoraíocht ó Oifig Ghinearálta na Comhairle Stáit maidir le Dlús a chur le Tógáil Líonraí Leathanbhanda Ardluais agus Laghdú Luais Táillí Brostaithe Líonra a Chur Chun Cinn’ (30). Sa doiciméad sin sonraítear go ndéanfaidh Rialtas na Síne, chun an cuspóir sin a bhaint amach ‘dlús a chur le tógáil cathracha líonra uileshnáithín agus líonraí cumarsáide soghluaiste den cheathrú glúin (4G), agus níos mó ná 430 billiún yuan infheistithe i dtógáil líonra in 2015 agus méid nach lú ná 700 billiún yuan infheistithe in 2016-2017’ agus ‘an próiseas cábla snáthoptaice chomh fada leis an mbaile a chur chun cinn, claochlú snáthoptaice 45 000 crios rochtana cábla copair a thabhairt chun críche in 2015, agus níos mó ná 80 milliún teaghlach cábla snáthoptaice nua chomh fada leis an mbaile a thógáil.’

(108)

Maidir le cur chuige Rialtas na Síne chun tionscail agus táirgí atáthar a spreagadh a shainmhíniú i gcatalóga chun acmhainní a leithdháileadh dá réir, bunaithe ar a dtábhacht straitéiseach nó pholaitiúil mar atá sannta ag Rialtas na Síne, agus chun na pleananna a chur chun feidhme agus maoirseacht a dhéanamh orthu ag gach leibhéal riaracháin, is féidir é a bhreathnú a thuilleadh trí scrúdú a dhéanamh ar an gCatalóg de Tháirgí agus Seirbhísí Straitéiseacha atá ag Teacht Chun Cinn de chuid an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú (NCRC) ó 2016 (31). Arís, tá bunú glúine nua de thionscal TF beartaithe, lena n-áirítear glúin nua de thionscal líonra faisnéise. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, áirítear táirgí áirithe sa chatalóg de tháirgí straitéiseacha atá ag teacht chun cinn. Is léir go bhfuil cáblaí snáthoptaice ar cheann de na táirgí ós rud é go bhfuil an tagairt do ‘Trealamh cumarsáide optúil. Lena n-áirítear snáithín’ aonchiallach. Le háireamh shainiúlachtaí teicneolaíocha an trealaimh lena mbaineann, amhail ‘Snáithín G.657 le haghaidh FTTx, snáithín G.655 achair éifeachtaigh mhóir, snáithín G.656, solas ísealchailliúna agus sár-ísealchailliúna a chomhlíonann Snáithín chaighdeáin G.652, […] Trealamh tarchuradóireachta optúil, ráta líne aon chainéil amháin 10Gbit/s, 40Gbit/s, 100Gbit/s, 200Gbit/s, 400Gbit/s’ léirítear ní hamháin go measann Rialtas na Síne gur táirge straitéiseach atá ag teacht chun cinn iad cáblaí snáthoptaice ach léirítear freisin méid na pleanála mionsonraithe ó Rialtas na Síne a leathnaíonn chuig leibhéal táirgí teicneolaíocha áirithe.

(109)

Tá an cur chuige céanna-cuspóirí a shainmhíniú i bpleananna agus a chur chun feidhme thairis sin trí mhionsonraí teicniúla a shainmhíniú i gcatalóga-in úsáid i gCatalóg na dTáirgí Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta (32), ina gcumhdaítear cáblaí snáthoptaice mar tháirge cumarsáide in Uimh. 1020011, lena n-áirítear ‘Córas tarchuradóireachta snáthoptaice SDH le meáin tarchuradóireachta snáithín aonmhóid, cainéal tarchuradóireachta sonraí ardluais, ráta tarchuradóireachta 10Gbit / s agus 40Gbit / s, le haghaidh línte cumarsáide agus croíghréasán meitreo’. In 2003, bhí cáblaí snáthoptaice liostaithe cheana i gCatalóg na dTáirgí Ardteicneolaíochta atáthar a Spreagadh le haghaidh Infheistíocht Eachtrach sa chatagóir Trealamh Cumarsáide agus Táirgí (33) faoi uimhir 42 mar ‘Trealamh cumarsáide snáithín SDH 10Gb/s agus os a chionn’.

(110)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne agus Connect Com nár léirigh an Coimisiún go bhfuil na doiciméid éagsúla a luaitear i Roinn 3.1 ina dtacaíocht ná ina spreagadh ‘sonrach’ le haghaidh an tionscail cáblaí snáthoptaice cé go gceanglaítear le hAirteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán go léiríonn an Coimisiún go ndéanann doiciméad de chuid Rialtas na Síne ‘rochtain a theorannú go sainráite’ d’fhiontair áirithe agus gurb é atá i gceist le ceanglas den sórt sin faoi Airteagal 2.1(a) de Chomhaontú SCM léiriú teorannaithe atá ‘sainráite…cinnte agus soiléir’ (34). Thagair Connect Com thairis sin d’Airteagal 4(5) den bhun-Rialachán lena gceanglaítear nach mór údar soiléir a bheith le sainiúlacht ar bhonn fianaise dhearfach agus mhaígh sé nár chomhlíon an Coimisiún an ceanglas sin. D’áitigh Rialtas na Síne thairis sin go mbunaíonn an Coimisiún é féin ar an toimhde mhícheart más fíor go spreagtar bonneagar líonra, spreagtar gach a ndéanann suas an líonra sin. Shonraigh Rialtas na Síne, maidir le doiciméid éagsúla atá luaite ag an gCoimisiún, amhail an 13ú Plean Cúig Bliana, an tionscnamh Made in China 2025, an Plean Forbartha Monaraíochta Cliste (2016-2020), Plean 2009 um Choigeartú agus Athbheochan an tionscail Faisnéise Leictreonaí agus Straitéis Leathanbhanda na Síne 2013, nach mbaineann siad leis an táirge cáblaí snáthoptaice ná leis an tionscal cáblaí snáthoptaice ach le líonraí iartheachtacha nó úsáid leathanbhanda, i.e. bonneagar ginearálta. De réir Rialtas na Síne, ós rud é go gceanglaítear roinnt ionchur agus táirgí chun líonraí a thógáil, ba cheart don Choimisiún a mhíniú go soiléir cé na táirgí agus na seirbhísí go díreach a chuimsítear sa bhonneagar a mheasann sé a spreagtar. Ina theannta sin, mhaígh Rialtas na Síne nach mbaineann ‘rolladh amach’ an líonra ná an leathanbhanda le hearraí ach le forbairt agus seirbhísí bonneagair, ós rud é go mbaineann an rolladh amach sin le feabhsú seirbhísí teileachumarsáide ginearálta.

(111)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Mar a mhínítear in aithris (80), tá cáblaí snáthoptaice ina phríomhpháirt de bhonneagar líonraí idirlín, agus tá ról ríthábhachtach aige maidir le rolladh amach líonraí snáthoptaice agus an idirlín leathanbhanda. Tagraíonn an bonneagar leathanbhanda do líonraí trealaimh agus teicneolaíochtaí teileachumarsáide imscartha is gá chun rochtain idirlín ardluais agus ardseirbhísí teileachumarsáide eile a sholáthar (35) agus tá cáblaí snáthoptaice ina bpríomhchuid den trealamh tarchuradóireachta. Dá bhrí sin, ceanglaítear le tógáil an bhonneagair leathanbhanda agus líonraí úsáid táirgí is gá chun sonraí a tharchur agus ní hé soláthar seirbhísí atá i gceist leis go príomha faoi mar is cosúil a thugann Rialtas na Síne le tuiscint. Déanta na fírinne, bheadh soláthar seirbhísí mar thoradh ar an mbonneagar sin ach a mbeadh sé tógtha. Dá bhrí sin, má spreagann Rialtas na Síne tógáil an bhonneagair leathanbhanda, spreagann Rialtas na Síne freisin príomhtháirgí atá fíor-riachtanach chun an bonneagar sin a thógáil agus atá mar chuid dhílis de. Tá an Coimisiún den tuairim go ndéanann an creat normatach a thagann ó chur chun feidhme na ndoiciméad éagsúil a luaitear i Roinn 3.1 ‘rochtain a theorannú go sainráite’, ar rochtain ar chóir fhabhrach í, d’fhiontair áirithe i dtionscail atáthar a spreagadh, amhail an tionscal cáblaí snáthoptaice atá mar chuid de na líonraí teicneolaíochta faisnéise agus leathanbhanda. Dá dhroim sin, is é a bhí sna doiciméid éagsúla a luadh i Roinn 3.1 fianaise dhearfach leordhóthanach chun sainiúlacht thacaíocht agus spreagadh an tionscail cáblaí snáthoptaice ó Rialtas na Síne a chinneadh. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh Rialtas na Síne agus Connect Com.

(112)

Thairis sin, de réir Rialtas na Síne, is bonneagar ginearálta iad líonraí rochtana idirlín agus bonneagar leathanbhanda. Rinne Rialtas na Síne tagairt don léirmhíniú ar ‘bonneagar ginearálta’ de chuid an Phainéil in ‘CE agus Ballstáit áirithe – Mór-aerárthaí Sibhialta’mar ‘bonneagar nach soláthraítear d’eintiteas aonair ná do ghrúpa teoranta eintiteas amháin ná nach soláthraítear chun tairbhe dó amháin, ach atá ar fáil do na heintitis uile nó do bheagnach na heintitis uile’. D’áitigh Rialtas na Síne thairis sin gur dheimhnigh an Buanchomhlacht Achomhairc in ‘SAM-Bogadhmad IV’ gurb ‘é atá i gceist le heisceacht shainráite ar an bprionsabal ginearálta gurb é a thiocfaidh as soláthar ‘earraí’ de chuid rialtais ranníocaíocht airgeadais nuair a sholáthraítear na hearraí sin i bhfoirm ‘bonneagar ginearálta.’

(113)

I ndáil leis sin, thug an Coimisiún le fios go mbaineann an léirmhíniú ar ‘bonneagar ginearálta’, ar thagair Rialtas na Síne dó, leis an sainmhíniú ar sholáthar earraí de chuid rialtais i bhfoirm bonneagar ginearálta. Ní bhaineann an léirmhíniú sin le hanailís sainiúlachta ar chlár fóirdheontais. Thairis sin, ní hé is cuspóir don imscrúdú seo soláthar cábla snáthoptaice ag rialtas, a mhaígh Rialtas na Síne a bheith mar ‘bonneagar ginearálta’, ach seachas sin na fóirdheontais frithchúitimh uile a dheonaítear do tháirgeoirí onnmhairiúcháin cáblaí snáthoptaice, agus déanann siad ar a n-uain na cáblaí snáthoptaice sin a onnmhairiú chuig oibreoirí teileachumarsáide san Aontas. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh an maíomh gan bhunús agus neamhábhartha chun measúnú a dhéanamh ar spreagadh an tionscail cáblaí snáthoptaice de chuid Rialtas na Síne agus dá bhrí sin dhiúltaigh sé é.

(114)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Connect Com nach seasann an cistiú ginearálta le haghaidh leathnú an líonra snáthoptaice d’fhóirdheontas sonrach le haghaidh cáblaí snáthoptaice agus thagair sé d’aithris (749) thíos ar dá réir nach ionann cáblaí snáthoptaice agus suas le níos mó ná 5 % de mhéid iomlán an líonra snáthoptaice.

(115)

I ndáil leis sin, chuir an Coimisiún i dtábhacht gur mar a leanas atá aithris (749): ‘suíodh leis an imscrúdú nach bhfuil sna cáblaí snáthoptaice ach sciar beag de chostas iomlán chur i bhfeidhm na dtionscadal líonra dhigitigh - níos lú ná 5 % i gcás 5G’. Ar an gcéad dul síos, tagraíonn an ráiteas sin don chostas táirgthe seachas don mhéid. Ar an dara dul síos, cé go mb’fhéidir go seasann cáblaí snáthoptaice do sciar beag de rolladh amach iomlán an líonra, ní fhágann sin nach bailí cáblaí snáthoptaice a bheith mar phríomhtháirge fíor-riachtanach chun an líonra sin a imscaradh. Mar a mhínítear in aithrisí (80) agus (111), is páirt dhílis de líonraí leathanbhanda ardluais na glúine deiridh é cáblaí snáthoptaice atá bunaithe ar an teicneolaíocht sin, rud nach mbeadh in ann feidhmiú dá bhrí sin murach sin. Dá réir sin, tá fóirdheontais ar an bpríomhpháirt sin de réir sainmhíniú sonrach agus lárnach maidir le feidhmiú rathúil an líonra snáthoptaice iomláin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(116)

Thairis sin, sna Forálacha Sealadacha maidir le Cur Chun Cinn Oiriúnú an Struchtúir Thionsclaíoch (‘Cinneadh Uimh. 40 ó 2005 den Chomhairle Stáit’) (‘Cinneadh Uimh. 40’), Caibidil III, tagraítear do ‘An Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch’, rud atá comhdhéanta de thrí chineál inneachar, eadhon inneachar tionscadail atáthar a spreagadh, inneachar tionscadal teoranta agus inneachar tionscadal a cuireadh as an áireamh. De réir Airteagal XVII den Chinneadh, más rud é ‘go mbaineann an tionscadal infheistíochta leis an inneachar spreagtha déanfar é a scrúdú agus a fhormheas agus a chur ar thaifid de réir na rialachán náisiúnta ábhartha maidir le hinfheistíocht; soláthróidh na hinstitiúidí airgeadais uile tacaíocht chreidmheasa de réir na bprionsabal creidmheasa; an trealamh féinúsáide a allmhairíodh i méid iomlán na hinfheistíochta, cé is moite de thráchtearraí in Inneachar Tionscadal Infheistithe Intíre na dTráchtearraí Allmhairithe Neamh-dhíolmhaithe (arna leasú in 2000) agus a d’eisigh an tAire Airgeadais, is féidir é a dhíolmhú ó dhleacht ar allmhairí agus cáin bhreisluacha nasctha le hallmhairí, mura rud é gurb ann do rialacháin nua maidir le hinneachar na dtionscadal infheistíochta neamh-dhíolmhaithe. Déanfar rogha na mbeartas eile maidir leis na tionscadail thionsclaíocha atáthar a spreagadh a chur chun feidhme de réir Rialacháin náisiúnta ábhartha’.

(117)

Dá dhroim sin, le Cinneadh Uimh. 40 a léitear in éineacht leis an gCatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch déantar foráil maidir le cóireáil shonrach ar thionscadail áirithe laistigh de thionscail áirithe atáthar a spreagadh.

(118)

An Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch (Leagan 2011)(Leasú 2013) (36) agus an Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch (Leagan 2019) (37) arna bhformheas le Foraithne an Choimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 29 an 27 Lúnasa 2019, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020 agus a liostaítear faoi ‘Catagóir I Spreagadh’:

“XXVIII.   Tionscal Faisnéise

[…]

13.

Monarú trealaimh de chórais tarchuradóireachta snáthoptaice ilphléacsaithe roinnte tonnfhad (WDM) ag a bhfuil luas 32 thonn nó níos mó;

14.

Monarú trealaimh de chórais cumarsáide snáthoptaice sraitheanna sioncronaithe dhigitigh ag a bhfuil luas 10GB/S nó níos mó;

[…]

28.

Monarú réamhfhoirmithe snáithín agus snáthoptaice aonmhóid (neamhspréite) nua’

(119)

Dá bhrí sin, áirítear sa Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch faoi ‘tionscal faisnéise’ tionscadail shonracha a bhaineann leis an tionscal cáblaí snáthoptaice mar atá spreagtha.

(120)

Mhaígh Rialtas na Síne nach bhfuil Cinneadh Uimh. 40 sainordaitheach ná ceangailteach ó thaobh dlí de, ach nach bhfuil ann ach treoirdhoiciméad. Ina theannta sin, de réir Rialtas na Síne, Airteagal V de Chinneadh Uimh. 40, lena dtagraítear do ‘neartú a dhéanamh ar thógáil bonneagair faisnéise lena n-áirítear cumarsáid leathanbhanda’, is léir nach mbaineann sé ach le feabhas a chur ar bhonneagar ach nach luaitear cáblaí snáthoptaice ann. Dá réir sin, d’áitigh Rialtas na Síne nach bhféadfaí tacaíocht ná spreagadh a sholáthar don tionscal cáblaí snáthoptaice leis an doiciméad sin.

(121)

Ar an gcéad dul síos, níor aontaigh an Coimisiún nach bhfuil aon éifeacht shainordaitheach le Cinneadh Uimh. 40. Go deimhin, le Cinneadh Uimh. 40 leagtar síos na rialacháin shealadacha lena gcuirtear an t-athstruchtúrú tionsclaíoch chun cinn agus tagraítear do ‘An Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch’ leis, lena sainmhínítear trí chineál inneachar: inneachar tionscadal atáthar a spreagadh, inneachar tionscadal teoranta agus inneachar tionscadal a chuirtear as an áireamh. Le hAirteagal XVII de Chinneadh Uimh. 40 bunaítear cóireáil tionscadail infheistíochta a bhaineann leis an inneachar atáthar a spreagadh ar bhealach sainordaitheach, e.g. déanfaidh ‘na hinstitiúidí airgeadais uile tacaíocht chreidmheasa a sholáthar de réir na bprionsabal creidmheasa’ agus déanfar ‘an rogha beartas eile maidir leis na tionscadail thionsclaíocha atáthar a spreagadh a chur chun feidhme de réir Rialacháin náisiúnta ábhartha’. Thairis sin, le hAirteagal XXI leagtar amach go ‘ndéanfar na beartais fhabhracha ábhartha a chuirtear chun feidhme de réir Inneachar Tionscal, Táirgí agus Teicneolaíochtaí atáthar a Spreagadh Faoi Láthair go hÁirithe sa Stát (arna leasú in 2000) a choigeartú chun bheith curtha chun feidhme de réir an inneachair spreagtha den Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch’. Dá bhrí sin, tá éifeacht shainordaitheach le Cinneadh Uimh. 40 i ndáil leis sin.

(122)

Ar an dara dul síos, le hAirteagal V de Chinneadh Uimh. 40, a bhaineann le Caibidil II ‘Treoshuíomh agus Tosaíochtaí an Athstruchtúraithe Thionsclaíoch’, leagtar amach mar thosaíocht neartú a dhéanamh ar an méid seo: ‘tógáil bonneagair faisnéise lena n-áirítear cumarsáid leathanbhanda’ agus mar a léirítear in aithris (80) agus mar a mhínítear thairis sin in aithris (111), is príomhpháirt fhíor-riachtanach den bhonneagar sin cáblaí snáthoptaice. De réir chonclúid an Choimisiúin in aithris (111), má spreagann Rialtas na Síne tógáil an bhonneagair leathanbhanda, meastar freisin go spreagann Rialtas na Síne príomhtháirgí atá fíor-riachtanach chun an bonneagar sin a thógáil agus atá mar chuid dhílis de. Thairis sin, in Airteagal XIV de Chinneadh Uimh. 40, a bhaineann le Caibidil III ‘An Chatalóg Threorach den Athstruchtúrú Tionsclaíoch’, sonraítear an méid seo a leanas: ‘áirítear go príomha san inneachar spreagtha na teicneolaíochtaí, an trealamh agus na táirgí príomha a fhéadfaidh an fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn, ar rudaí iad atá tairbhiúil chun na hacmhainní a shábháil, an comhshaol a chosaint agus an struchtúr tionsclaíoch a bharrfheabhsú agus a uasghrádú agus ar gá spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh le beartais agus bearta ábhartha’. Mar atá léirithe cheana in aithris (118), déantar tionscal faisnéise agus go háirithe príomhábhair ionchuir chun cáblaí snáthoptaice a tháirgeadh amhail réamhfhoirmithe snáthoptaice agus snáithín aonmhóid chomh maith le táirgí réamhtheachtacha amhail córais tarchuradóireachta snáthoptaice agus córais cumarsáide snáthoptaice, liostaítear iad mar inneachar atáthar a spreagadh. Thairis sin, is príomhthrealamh iad cáblaí snáthoptaice chun ‘bonneagar faisnéise lena n-áirítear cumarsáid leathanbhanda’ a imscaradh, rud a spreagann Rialtas na Síne. Dá bhrí sin, léiríonn léamh comhcheangailte na bhforálacha thuas gur táirge atáthar a spreagadh iad cáblaí snáthoptaice, ar thaobh amháin toisc gur príomhpháirt fhíor-riachtanach é de bhonneagar atáthar a spreagadh agus ar an taobh eile, toisc go spreagann Rialtas na Síne a chroíábhair ionchuir freisin, lena gcinntear breisluach cáblaí snáthoptaice. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(123)

Ní hamháin go ndírítear le pleananna agus straitéisí ar an leibhéal náisiúnta ar thacú leis an tionscal cáblaí snáthoptaice. Ar an leibhéal cúigeach bunaíodh Criosanna Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta mar a ghairtear díobh. Ceann acu is ea Crios Forbartha Tionsclaíche Nuatheicneolaíochta an Locha Thoir. Tá na criosanna beartaithe, mar a leagtar amach i Roinn I.2 den 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Criosanna Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta, chun ardán réigiúnach a sholáthar chun straitéisí náisiúnta doimhne a chur chun feidhme amhail ‘Internet +’ agus ‘Made in China 2025’ (38). Cuideachtaí agus fiontair atá lonnaithe i gceann de na criosanna sin agus a cháilíonn mar eintiteas a dhéanann gnó a thagann faoi raon feidhme na straitéisí faoi seach, faigheann siad córacha tairbhiúla. Mar is léir ón doiciméad maidir le ‘Beartais fhabhracha an Chreasa Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta’ (39), dámhtar díolúine ghinearálta le haghaidh cáin ioncaim laistigh de 2 bhliain ón dáta bunaíochta agus freisin ina dhiaidh sin leantar de chóracha fabhracha trí ráta cánach ioncaim corparáide laghdaithe, díolúine ó tharaifí onnmhairiúcháin agus sochair chánach eile a dheonú.

(124)

Maidir leis na sochair a dheonaítear le haghaidh cuideachtaí a oibríonn i dtionscal ardteicneolaíochta atá lonnaithe sa Chrios Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta, níl siad teoranta do shochair chánach ach áirítear tacaíocht airgeadais iontu freisin. Mar is léir ón doiciméad atá luaite lena leagtar amach beartais fhabhracha na gCriosanna Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta, is faoin Stát atá sé ‘méid áirithe iasachtaí tógála caipitil agus scála infheistíochta a shocrú […] gach bliain, agus is féidir leis méid áirithe bannaí fadtéarmacha a eisiúint chun cistí a chruinniú ón tsochaí’ (40). Soláthraítear tuairisc níos beaichte sa doiciméad sin nuair a shonraítear ann gurb ‘é is aidhm le tacaíocht airgeadais rialtas na Síne le haghaidh an chreasa forbartha tionsclaíche ardteicneolaíochta go príomha cistí nuathionscanta áirithe a thabhairt do na criosanna forbartha ar an leibhéal náisiúnta, agus roinnt tionscadail phleanáilte ar an leibhéal náisiúnta a chur chun feidhme i gcás fiontair sna criosanna forbartha. Sa chuid is mó de na criosanna forbartha sa tSín, tacaíonn an rialtas áitiúil go príomha leis an gcrios forbartha trí thalamh a ligean ar cíos ar phraghsanna ísle’.

(125)

Thairis sin, sna ‘Beartais fhabhracha le haghaidh na gcriosanna forbartha náisiúnta’ tagraítear don Chatalóg de Phríomhréimsí Ardteicneolaíochta a dTacaíonn an Stát leo ó 2016 lena liostaítear na príomhréimsí ardteicneolaíochta a dtacaítear leo. Luaitear go sonrach sa chatalóg sin faoi ‘I. Faisnéis Leictreonach’, pointe 4. ‘Teicneolaíocht na cumarsáide’‘líonra tarchuradóireachta optúil’ agus ‘teicneolaíocht córais tarchuradóireachta optúil’, lena gcumhdaítear cáblaí snáthoptaice, mar réimsí ardteicneolaíochta a dtacaíonn an Stát leo. Tá ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de cháblaí snáthoptaice lonnaithe i gCúige Wuhan agus tá an chuid is mó de na cuideachtaí sa ghrúpa lonnaithe i gCrios Forbartha Tionsclaíche Nuatheicneolaíochta an Locha Thoir. Dá bhrí sin, cáilíonn na cuideachtaí sin le haghaidh córacha fabhracha a dheonaítear faoi scéim na gCriosanna Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta.

(126)

Bhí an crios speisialta forbartha tionsclaíche a fhaigheann tacaíocht ó Rialtas na Síne, Crios Forbartha Tionsclaíche Nuatheicneolaíochta an Locha Thoir, mar bhonn táirgthe mór le haghaidh cáblaí snáthoptaice. Mar cheann de na ‘Criosanna Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta’ agus ‘Crios Náisiúnta Taispeántais Nuálaíochta Dúchasaí’ a d’fhormheas an Chomhairle Stáit, bhí sé ar an gcéad bhonn tionscail optaileictreonaice sa tSín (ar a dtugtar freisin ‘Gleann Optaice na Síne’). Maidir le táirgeoirí cáblaí snáthoptaice atá gníomhach sa chrios, tairbhíonn siad de chineálacha éagsúla dreasachtaí agus tacaíochta stáit.

(127)

Maidir le hionchuir a úsáidtear i dtáirgeadh cáblaí snáthoptaice, chinn an Coimisiún go bhfuil araimíd, snáithín sintéiseach a fhaightear go ceimiceach agus ionchur i dtáirgeadh cáblaí snáthoptaice rangaithe ina príomhtháirge ag Rialtas na Síne sa Chatalóg Threorach maidir le príomhtháirgí agus seirbhísí i dtionscail straitéiseacha atá ag teacht chun cinn (41). Leis an gcáilíocht seo, cuireadh fócas bheartais éagsúla Rialtas na Síne ar an amhábhar sin.

(128)

Ar bhealach níos leithne, níl snáithíní ceimiceacha faoi réir beartais rialála stáit agus bainistithe margaidh go lárnach amach (mar shampla tríd an bPlean Cur Chun Feidhme) ach freisin faoi dhoiciméid phleanála fholárnacha, amhail Plean Gníomhaíochta Chúige Zhejiang do Chlaochlú agus Uasghrádú Chuimsitheach Tionscal Déantúsaíochta Traidisiúnta – ina bhfuil snáithíní ceimiceacha mar cheann de na deich bpríomhthionscal atá faoi réir beartais bainistithe ar leith (42), nó an 13ú Plean Cúig Bliana um Fhorbairt an Tionscail Cheimiceach i gCúige Jiangsu (2016-2020). I bhforálacha an chinn dheireanaigh maidir le hábhair cheimiceacha nua, dírítear go háirithe ar thacú le forbairt agus tionsclaíocht feidhmeanna iartheachtacha ard-bhreisluacha amhail ‘snáithíní ardfheidhmíochta’, lena gcuimsítear snáithíní a úsáidtear i dtáirgeadh cáblaí snáthoptaice.

(129)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne gurb amhlaidh maidir le doiciméid éagsúla a luaigh an Coimisiún amhail ‘An Chatalóg de Cheithre Fhíor-Riachtanas’, ‘An Chatalóg de Tháirgí agus Seirbhísí Straitéiseacha atá ag Teacht Chun Cinn de chuid an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú 2016’ agus ‘An Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch’ nach amhlaidh a luaitear cáblaí snáthoptaice iontu ach go dtagraítear d’ábhair ionchuir iontu. Shonraigh Rialtas na Síne thairis sin nach ndearna an Coimisiún anailís idirmheánach ná siar chun a léiriú gurb amhlaidh a rinneadh fóirdheontais líomhnaithe a fuair tionscail réamhtheachtacha nó iartheachtacha a chur ar aghaidh chuig an tionscal cáblaí snáthoptaice.

(130)

Maidir le tionscail réamhtheachtacha, thug an Coimisiún dá aire go raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte comhtháite go hingearach agus dá bhrí sin measadh go raibh na fóirdheontais a fuair a soláthróirí gaolmhara curtha ar aghaidh chuig na táirgeoirí onnmhairiúcháin cáblaí snáthoptaice. Thairis sin, maidir leis na doiciméid a luann Rialtas na Síne mar dhoiciméid lena gcumhdaítear ábhair ionchuir cáblaí snáthoptaice, fiú má ghlactar leis nach gcumhdaítear cáblaí snáthoptaice ar a laghad go hindíreach nó go sainráite leo freisin i gcónaí, quod non, , tá siad ábhartha in aon chás i dteannta na mbeart fabhrach agus na ndoiciméad uile eile de chuid Rialtas na Síne a chumhdaítear sa roinn seo. Leis na doiciméid uile sa roinn seo cumhdaítear líonraí snáthoptaice inar príomhpháirt cáblaí snáthoptaice, nó a phríomhionchuir, rud a léirítear dá réir sin conas a spreagtar an earnáil cáblaí snáthoptaice trí chéile idir táirgeadh réamhtheachtach agus aschur iartheachtach an táirge lena mbaineann. Tá na doiciméid sin ábhartha freisin chun sainiúlacht na gclár fóirdheontais éagsúil a léiriú. Níl gá le hanailís faoi bhealach ach amháin le haghaidh fóirdheontais atá deonaithe go hiarbhír d’amhábhair atá soláthartha ar luach saothair nach leordhóthanach agus a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh, agus ach amháin má tá díoltóir agus ceannaitheoir na n-ábhar ionchuir sin neamhghaolmhar. Mar a mhínítear thíos i Roinn 3.8.2, maidir le hamhábhair atá foinsithe ag soláthróirí neamhghaolmhara ar luach saothair nach leordhóthanach, ní dhearnadh iad a fhrithchúiteamh san imscrúdú seo. Thairis sin, mar a shonraítear thuas san aithris seo, tá na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha comhtháite go príomha.

(131)

I bhfianaise na bpleananna agus na gclár thuasluaite, meastar dá réir sin gur príomhthionscal/tionscal straitéiseach é an tionscal cáblaí snáthoptaice, a bhfuil a fhorbairt saothraithe go gníomhach ag Rialtas na Síne mar chuspóir beartais. Is é sin le rá, is é OFC an táirge a bhfuil an-tábhacht ag baint leis do Rialtas na Síne i dtógáil líonraí agus bonneagair a fhreastalaíonn ar shraitheanna iomlána de réimsí lárnacha nascachta agus beartais dhigitigh arna bhforbairt agus arna maoirsiú ag an Stát. Ar bhonn na ndoiciméad beartais dá dtagraítear sa roinn seo, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndéanann Rialtas na Síne idirghabháil sa tionscal cáblaí snáthoptaice chun na beartais ghaolmhara a chur chun feidhme agus cuireann sé isteach ar shaor-imoibriú fórsaí margaidh san earnáil cáblaí snáthoptaice, go háirithe tríd an earnáil a chur chun cinn agus tacú léi ar bhealaí éagsúla.

3.2.   Neamh-chomhoibriú agus úsáid fíricí atá ar fáil

(132)

Tar éis an nochta deiridh, rinne Rialtas na Síne roinnt barúlacha ginearálta maidir le cinneadh an Choimisiúin forálacha Airteagal 28(1) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir le hiasachtú fabhrach, árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, agus ábhair ionchuir.

(133)

Mhaígh Rialtas na Síne go raibh na hiarrataí uile ón gCoimisiún ar fhaisnéis nach bhféadfadh Rialtas na Síne freagraí a sholáthar orthu míréasúnach, ós rud é gur glacadh leis sna hiarrataí sin gurbh ann do chumhachtaí dlí, cumhachtaí nach raibh i seilbh Rialtas na Síne.

(134)

Thairis sin, mhaígh Rialtas na Síne nach ndearna an Coimisiún meastóireacht cheart ar na fíorais os a chomhair agus nár sholáthair sé míniú cuí ar an bhfáth a ndearnadh na fíorais a bhí ar fáil go réasúnach a chur in ionad aon fhaisnéis ba ghá agus a bhí ar iarraidh.

(135)

Mar a leagtar amach in aithrisí (146), (160) agus (168), bhí an Coimisiún den tuairim nach raibh an chumhacht dlí ag Rialtas na Síne an fhaisnéis iarrtha a fháil, mar scairshealbhóir nó údarás freagrach de na heintitis ar lena n-aghaidh a d’iarr an Coimisiún an fhaisnéis. Is amhlaidh a rinne an Coimisiún a leagan amach ina theachtaireacht chuig Rialtas na Síne, a athluaitear i ranna 3.2.1 go 3.2.3 thíos, an fáth arbh éigean dó a bheith ag brath ar na fíorais a bhí ar fáil. Mheas an Coimisiún go raibh faisnéis a bhí ar fáil go poiblí ina hionadaí réasúnach ar an bhfaisnéis nár sholáthair Rialtas na Síne. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún maímh Rialtas na Síne.

3.2.1.   Cur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 28(1) den bhun-Rialachán i ndáil le hiasachtú fabhrach

(136)

Ar mhaithe le caoithiúlacht riaracháin, d’iarr an Coimisiún ar Rialtas na Síne ceistneoirí sonracha a chur ar aghaidh chuig aon institiúid airgeadais a sholáthair iasachtaí nó creidmheasanna onnmhairiúcháin do na cuideachtaí sampláilte.

(137)

Ar dtús, ní bhfuarthas freagra ach amháin ó bhanc EXIM. Níor thug Rialtas na Síne freagra ar iarraidh an Choimisiúin freagraí ceistneora a sholáthar de chuid na n-institiúidí airgeadais uile a sholáthair iasachtaí nó creidmheasanna onnmhairiúcháin do na cuideachtaí sampláilte. Sa litir easnaimh, d’athluaigh an Coimisiún dá bhrí sin a iarraidh maidir leis na hinstitiúidí airgeadais d’fhonn na féidearthachtaí a uasmhéadú chun páirt a thabhairt dóibh san imscrúdú tríd an bhfaisnéis is gá a sholáthar chun go dtiocfaidh an Coimisiún ar thorthaí maidir leis an bhfóirdheonú líomhnaithe a bheith ann agus le méid an fhóirdheonaithe sin.

(138)

Tar éis na litreach easnaimh, léirigh Rialtas na Síne go raibh na freagraí ceistneora ó na hinstitiúidí airgeadais a sholáthair iasachtaí neamhábhartha maidir leis an imscrúdú, ós rud é nár deonaíodh aon cheann de na hiasachtaí ná de na creidmheasanna onnmhairiúcháin i gcomhréir le pleananna agus tionscadail an rialtais mar a líomhnaítear sa ghearán agus mar a leagtar amach sa cheistneoir.

(139)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an tuairim sin. Ar an gcéad dul síos, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an fhaisnéis a fiafraíodh de na heintitis faoi úinéireacht stáit ar fáil do Rialtas na Síne le haghaidh na n-eintiteas uile i gcás inarb é Rialtas na Síne an príomh-scairshealbhóir nó an mór-scairshealbhóir. Ina theannta sin, tá an t-údarás is gá ag Rialtas na Síne idirghníomhú leis na hinstitiúidí airgeadais fiú nuair nach bhfuil siad faoi úinéireacht stáit, ós rud é go dtagann siad uile faoi dhlínse údarás rialála baincéireachta na Síne.

(140)

Ar deireadh, ní bhfuair an Coimisiún ach faisnéis maidir le struchtúr corparáideach, rialachas agus úinéireacht ó bhanc amháin faoi úinéireacht an Stáit ach ní bhfuair ó aon cheann eile de na hinstitiúidí airgeadais a sholáthair iasachtaí do na cuideachtaí sampláilte. Thairis sin, ní bhfuair an Coimisiún aon fhaisnéis infhíoraithe chuideachta-shonrach ó na bainc, seachas Banc EXIM.

(141)

Ina theannta sin, cé gur thug Banc EXIM roinnt mínithe ginearálta maidir le feidhmiú a gcóras ceadaithe iasachta agus bainistíochta riosca, níor sholáthair sé faisnéis a bhaineann le measúnú na n-iasachtaí a soláthraíodh do na cuideachtaí sampláilte. D’áitigh sé nach raibh sé in ann na doiciméid sin a nochtadh, mar gur measadh go raibh siad inmheánach agus ina ngnó rúnda.

(142)

Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar na grúpaí de tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte rochtain a thabhairt ar fhaisnéis chuideachta-shonrach atá ag gach banc, faoi úinéireacht Stáit agus príobháideach, óna bhfaigheann siad iasachtaí. Cé gur thug na cuideachtaí a sampláladh a gcomhaontú chun rochtain a thabhairt ar na sonraí bainc a bhaineann leo, dhiúltaigh an banc a bhí páirt-chomhoibríoch an fhaisnéis mhionsonraithe a éilíodh a sholáthar.

(143)

Ó tharla nach bhfuair sé aon fhaisnéis i ndáil le formhór na mbanc a sholáthair iasachtaí do na cuideachtaí a sampláladh, mheas an Coimisiún nach bhfuair sé faisnéis ríthábhachtach ábhartha leis an ngné seo den imscrúdú.

(144)

Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go mb’fhéidir go mbeadh air dul i muinín fíorais a bhí ar fáil faoi Airteagal 28(1) den bhun-Rialachán a úsáid le linn dó scrúdú a dhéanamh ar a bhfuil fóirdheonú líomhnaithe tugtha trí iasachtú fabhrach ann agus méid an fhóirdheonaithe sin.

(145)

Sa fhreagra ar litir an Choimisiúin, chuir Rialtas na Síne in aghaidh chur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 28(1) den bhun-Rialachán. D’áitigh sé nach bhfuil aon oibleagáid ar Rialtas na Síne chun an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil agus nach ionann an fhaisnéis a iarradh agus faisnéis is gá.

(146)

Choinnigh an Coimisiún a sheasamh gurb é Rialtas na Síne, mar chomhlacht rialála, an t-údarás chun freagraí a thabhairt ar na ceisteanna sonracha a iarradh ar na hinstitiúidí airgeadais a sholáthair maoiniú do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Mar a leagtar amach i litir an Choimisiúin, tá an fhaisnéis a iarrtar ar eintitis faoi úinéireacht Stáit ar fáil do Rialtas na Síne maidir le gach eintiteas a bhfuil Rialtas na Síne ina phríomh-gheallsealbhóir nó ina mhór-gheallsealbhóir agus tá an t-údarás is gá ag Rialtas na Síne idirghníomhú leis na hinstitiúidí airgeadais fiú nuair nach bhfuil siad faoi úinéireacht Stáit, ós rud é go dtagann siad uile faoi dhlínse údarás rialála baincéireachta na Síne.

(147)

Ina theannta sin, mheas an Coimisiún go raibh an fhaisnéis a iarradh ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar smacht Rialtas na Síne ar iompar na n-institiúidí airgeadais i ndáil lena bheartais iasachtaithe agus a mheasúnú ar riosca, i gcás inar sholáthair siad iasacht chuig an tionscal cáblaí snáthoptaice.

(148)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne nár ghá an fhaisnéis ón gCoimisiún maidir le faisnéis ó institiúidí airgeadais a sholáthraíonn iasachtaí nó creidmheasanna onnmhairiúcháin do na cuideachtaí a sampláladh, nó nach raibh sí ábhartha fiú, don Choimisiún chun a anailís a chur i gcrích, ó tharla nár deonaíodh ceann ar bith de na hiasachtaí i gceist de bhun pleananna rialtais nó doiciméid eile de chuid Rialtas na Síne.

(149)

Bhain dhá ghné leis an bhfaisnéis a bhí ar iarraidh. I dtosach, ba ghá an fhaisnéis maidir le húinéireacht agus struchtúr rialachais na mbanc neamh-chomhoibríoch don Choimisiún chun cinneadh a dhéanamh an raibh nó nach raibh na bainc seo ina gcomhlachtaí poiblí. Ar an dara dul síos, ba ghá faisnéis chuideachta-shonrach ón mbanc páirt-chomhoibríoch, Banc EXIM, amhail an próiseas um cheadú iasachtaí agus measúnú ar acmhainneacht creidmheasa ag an mbanc do na hiasachtaí a sholáthraítear do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, d’fhonn a chinneadh cibé an raibh nó nach raibh iasachtaí curtha ar fáil ag rátaí fabhracha do na táirgeoirí sin. Níorbh fhéidir ach amháin na bainc agus Rialtas na Síne doiciméid inmheánacha den sórt sin a sholáthar, mar gheall nach mbeadh rochtain ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin orthu.

(150)

D’áitigh Rialtas na Síne freisin nach raibh an fhaisnéis a iarradh ar fáil dó. Dhearbhaigh Rialtas na Síne go raibh sé dodhéanta i dtaobh an dlí an fhaisnéis a iarradh a fháil, mar nach raibh aon bhunús i ndlí na Síne le go mbeadh Rialtas na Síne in ann iallach a chur ar institiúidí airgeadais faisnéis rúnda den sórt sin a sceitheadh. Tríd an bhfaisnéis sin a iarraidh, chuir an Coimisiún ualach míréasúnach ar Rialtas na Síne.

(151)

Thug an Coimisiún dá aire gur iarradh toiliú ar leithligh ar gach cuideachta le haghaidh idirbhearta iasachta le gach banc sonrach. Mheas an Coimisiún gur cheart gur leordhóthanach toiliú sonrach den sórt sin chun rochtain a dheonú ar na taifid a bhaineann leis na cuideachtaí a sampláladh. Anuas air sin, thug an banc páirt-chomhoibríoch forbhreathnú ar a n-iasachtaí gan íoc leis na cuideachtaí, agus dá réir sin léirigh siad nach raibh siad srianta chun faisnéis den sórt sin a sholáthar ar idirbhearta sonracha. Ach, níor sholáthair aon cheann de na bainc aon fhaisnéis a bhaineann lena measúnú inmheánach féin ar na hidirbhearta a nochtadh.

(152)

Ar deireadh, níor mheas an Coimisiún gur chuir sé ualach míréasúnach ar Rialtas na Síne tríd an bhfaisnéis maidir le hiasachtú fabhrach a iarraidh. Ón tús, theorannaigh an Coimisiún a iniúchadh chuig na hinstitiúidí sin a sholáthair iasachtaí do na cuideachtaí a sampláladh. Shainaithin an Coimisiún na hinstitiúidí airgeadais sin agus cuireadh ar fáil do Rialtas na Síne an iarraidh chun na ceistneoirí a chur ar aghaidh mar aon leis an gceistneoir a chomhlánú ag Rialtas na Síne ag céim luath san imscrúdú. Thug sé sin dóthain ama do Rialtas na Síne chun cloí leis an iarraidh sin ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go ndearna sé a dhícheall chun a iarraidh ar Rialtas na Síne a éascú.

(153)

Mhaígh an Coimisiún, dá bhrí sin, go mb’éigean dó brath i bpáirt ar fhíorais a bhí ar fáil le linn dó scrúdú a dhéanamh ar a bhfuil fóirdheonú líomhnaithe tugtha trí iasachtú fabhrach ann agus méid an fhóirdheonaithe sin.

(154)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh an gearánach nach bhfuair an Coimisiún faisnéis ríthábhachtach ó Rialtas na Síne i ndáil le hiasachtú fabhrach, a bhfuil corrlaigh fhóirdheontais mar thoradh air ar dóchúil go ndéanann siad tearc-ionadaíocht ar an tairbhe fhíor ó iasachtaí fabhracha a bronnadh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin.

(155)

Chomhoibrigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte san imscrúdú agus thug siad faisnéis mhionsonraithe maidir leis na hiasachtaí a fuair siad ó na bainc. Ó tharla gur ríomhadh an sochar ar bhonn na difríochta idir an fhaisnéis seo agus ráta úis tagarmhairc, measadh gur léirigh an corrlach fóirdheontas an sochar fíor a bronnadh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Dá bhrí sin, b’éigean an maíomh a dhiúltú.

3.2.2.   Cur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 28(1) den bhun-Rialachán i ndáil le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin

(156)

Ar mhaithe le caoithiúlacht riaracháin, d’iarr an Coimisiún ar Rialtas na Síne ceistneoir sonrach a chur ar aghaidh chuig Sinosure.

(157)

Ina fhreagra tosaigh ar an gceistneoir, mhaígh Rialtas na Síne nár sholáthair Sinosure fóirdheontais do thionscal cáblaí snáthoptaice agus mheas sé nach raibh an ceistneoir sonrach beartaithe do Sinosure ábhartha. Níor sholáthair Rialtas na Síne ach tuarascáil bhliantúil Sinosure amháin.

(158)

Tar éis na litreach easnaimh, d’athdhearbhaigh Rialtas na Síne a thuairim nár sholáthair Sinosure fóirdheontais sonrach do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ná do thionscal cáblaí snáthoptaice, cé gur sholáthair sé freagra páirteach leis an gceistneoir sonrach. Ach, níor thug Rialtas na Síne ná Sinosure aon chuid den doiciméadacht tacaíochta a iarradh maidir le rialachas corparáideach Sinosure, amhail a Airteagail Chomhlachais, agus níor sholáthair siad liosta iomlán agus ceart creidmheasanna onnmhairiúcháin do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Thairis sin, ní bhfuarthas aon fhaisnéis shonrach maidir leis an árachas creidmheasa onnmhairiúcháin a cuireadh ar fáil don tionscal cáblaí snáthoptaice, leibhéal na bpréimheanna nó figiúirí mionsonraithe a bhain le brabúsacht a ghnó árachas creidmheasa onnmhairiúcháin ó Rialtas na Síne ná ó Sinosure.

(159)

In éagmais faisnéis den sórt sin, mheas an Coimisiún nach bhfuair sé an fhaisnéis ríthábhachtach ábhartha don ghné seo den imscrúdú.

(160)

Tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an fhaisnéis a fiafraíodh d’eintitis faoi úinéireacht Stáit (cuideachtaí nó institiúidí poiblí/airgeadais) ar fáil do Rialtas na Síne le haghaidh na n-eintiteas uile i gcás inarb é Rialtas na Síne an príomh-scairshealbhóir nó an mór-scairshealbhóir. Is amhlaidh an cás do Sinosure, ar eintiteas faoi úinéireacht iomlán an Stát é. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go mb’fhéidir go mbeadh air dul i muinín fíorais a bhí ar fáil faoi Airteagal 28(1) den bhun-Rialachán a úsáid le linn dó scrúdú a dhéanamh ar a bhfuil fóirdheonú líomhnaithe tugtha trí árachas creidmheasa onnmhairiúcháin ann agus méid an fhóirdheonaithe sin.

(161)

Sa fhreagra le litir an Choimisiúin, dhearbhaigh Rialtas na Síne a sheasamh nár sholáthair Sinosure fóirdheontais shonracha don tionscal cáblaí snáthoptaice agus go leanann sé an prionsabal dírithe ar an margadh chun an gnó ábhartha árachais a dhéanamh agus nach bhfuil aon chóireáil fabhrach ann maidir leis an tionscal cáblaí snáthoptaice mar a iarradh in aon doiciméad beartais.

(162)

Bhí an fhaisnéis a sholáthair Rialtas na Síne maidir le Sinosure neamhiomlán agus níor cheadaigh sé don Choimisiún conclúidí a tharraingt maidir le codanna ríthábhachtacha den imscrúdú a bhaineann le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin, go sonrach ar comhlacht poiblí é Sinosure nó nach ea agus cibé atá nó nach bhfuil na préimheanna a gearradh ar na cuideachtaí a sampláladh comhréireach leis an margadh.

(163)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Rialtas na Síne gur cuireadh an fhaisnéis ar fad ba ghá isteach chuig an gCoimisiún agus, ó tharla nár sholáthair Sinosure fóirdheontais atá sonrach don tionscal cáblaí snáthoptaice, nach raibh an fhaisnéis a iarradh ábhartha san imscrúdú reatha.

(164)

Mar a leagtar amach in aithris (162), ní bhfuair an Coimisiún faisnéis ó Sinosure chun measúnú a dhéanamh ar chruinneas an éilimh ag Rialtas na Síne nár chomhlacht poiblí a bhí in Sinosure agus cibé an raibh na préimheanna a ghearr Sinosure comhréireach leis an margadh. Measadh go raibh gá leis an bhfaisnéis seo lena cheadú don Choimisiún conclúid a tharraingt ar lenar bunaíodh nó nár bunaíodh fóirdheontais in-fhrithchúitithe leis an árachas creidmheasa onnmhairiúcháin a sholáthair Sinosure lenar bronnadh sochar ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(165)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, go mb’éigean dó brath i bpáirt ar fhíorais a bhí ar fáil dá thorthaí maidir leis an árachas creidmheasa onnmhairiúcháin.

(166)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh an gearánach go bhfuair an Coimisiún faisnéis neamhiomlán ó Rialtas na Síne i ndáil le Sinosure, nár cheadaigh dó conclúidí a tharraingt ar chodanna ríthábhachtacha den imscrúdú maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin. Mar thoradh, tá sé an-dóchúil go bhféadfadh an ráta fóirdheontais arna ríomh do gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte tearc-ionadaíocht a dhéanamh ar an sochar fíor ó árachas creidmheasa onnmhairiúcháin a bronnadh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Mheas an gearánach gur cheart don Choimisiún an ráta is airde a aimsíodh a chur i bhfeidhm ar tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin agus gur cheart an ráta sin a chur i bhfeidhm go huathoibríoch ar an táirgeoir onnmhairiúcháin eile.

(167)

Chomhoibrigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte san imscrúdú agus thug siad faisnéis mhionsonraithe maidir leis an árachas creidmheasa onnmhairiúcháin a fuair siad ó Sinosure. Ó tharla gur ríomhadh an sochar ar bhonn na difríochta idir an fhaisnéis seo agus tagarmharc seachtrach iomchuí, measadh gur léirigh méid an fhóirdheontais an sochar iarbhír a bronnadh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Dá bhrí sin, b’éigean an maíomh a dhiúltú.

3.2.3.   Úsáid fíoras i ndáil le hábhair ionchuir

(168)

D’iarr an Coimisiún ar Rialtas na Síne ceistneoir sonrach a chur ar aghaidh chuig na 10 dtáirgeoir agus dáileoir is mó de na hábhair ionchuir a úsáidtear i dtáirgeadh cáblaí snáthoptaice, chomh maith le chuig aon soláthróirí eile de na hábhair atá i gceist, a sholáthair ionchuir do na cuideachtaí a sampláladh. Ina fhreagra ar an gceistneoir, mhaígh Rialtas na Síne nach bhfuil smacht aige ar na soláthróirí ábhar ionchuir lena iarraidh go soláthraíonn siad an fhaisnéis rúnda a iarradh sa cheistneoir agus go mbeadh sé ina ualach míréasúnach ar Rialtas na Síne comhordú le líon an-suntasach de sholáthróirí ábhar ionchuir na gcuideachtaí a sampláladh. Chinn an Coimisiún, áfach, ar bhonn na sonraí atá ar fáil go poiblí, go bhfuil na príomhtháirgeoirí gearmáiniam faoi úinéireacht Stáit (go páirteach), mar a leagtar amach i Roinn 3.8.2. Dá réir sin, bhí Rialtas na Síne in ann an fhaisnéis a iarradh a sholáthar.

(169)

Ar iarratas ón gCoimisiún, sholáthair Rialtas na Síne pleananna agus fógraí arna n-eisiúint ag Rialtas Chúige Yunnan a bhfuil tionchar acu ar an tionscal gearmáiniam. Mar sin féin, dhiúltaigh Rialtas na Síne cloí le hiarratas an Choimisiúin an ceistneoir a chur ar aghaidh chuig soláthróirí ionchuir d’fhonn faisnéis níos mionsonraithe a fháil maidir le struchtúr úinéireachta fiontar a mhonaraíonn agus a sholáthraíonn na hábhair ionchuir atá i gceist. Dá bhrí sin, mar gheall nár chomhoibrigh Rialtas na Síne ach go páirteach i ndáil leis na hábhair ionchuir a úsáideadh i dtáirgeadh cáblaí snáthoptaice, ní bhfuair an Coimisiún an fhaisnéis is gá faoi na soláthróirí ionchuir.

(170)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne gur úsáid an Coimisiún go neamhdhleathach fíorais a bhí ar fáil i ndáil le faisnéis ó tháirgeoirí agus dáileoirí ábhar ionchuir, ag áitiú go bhfuil sé míréasúnach a bheith ag súil go ndéanfadh Rialtas na Síne comhordú le táirgeoirí ionchuir dochomhairthe.

(171)

Níor chuir an Coimisiún d’eisceacht ach tuilleadh ceisteanna ina litir easnaimh chuig Rialtas na Síne maidir ceann de na príomhábhair ionchuir, gearmáiniam, ar na cúiseanna a mhínítear i Roinn 3.8.2 thíos. Ach, níor sholáthair Rialtas na Síne an fhaisnéis is gá maidir leis an ábhar ionchuir seo ina iomláine.

(172)

Bhain dhá ghné go príomha leis an bhfaisnéis sin a bhí ar iarraidh: i dtosach, faisnéis maidir le húinéireacht agus struchtúr rialachais na dtáirgeoirí ábhar ionchuir neamh-chomhoibríocha. Gan faisnéis den sórt sin níorbh fhéidir leis an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh ar comhlachtaí poiblí iad na soláthróirí seo nó nach ea. Ar an dara dul síos, faisnéis chuideachta-shonrach ó tháirgeoirí neamh-chomhoibríocha na n-ábhar ionchuir, amhail e.g. faisnéis maidir le leagan praghais na n-ionchur a sholáthraítear do na cuideachtaí a sampláladh. Tá faisnéis den sórt sin riachtanach de réir bhrí Airteagal 28 den Bhun-Rialachán d’fhonn a chinneadh cibé ar soláthraíodh ionchuir ag luach saothair nach raibh leordhóthanach leis na cuideachtaí a sampláladh. Thairis sin, níorbh fhéidir ach leis na táirgeoirí amháin faisnéis den sórt sin a sholáthar, agus dá bhrí sin níorbh fhéidir í a sholáthar trí fhreagraí ceistneora na gcuideachtaí a sampláladh.

(173)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mb’éigean dó brath i bpáirt ar fhíorais a bhí ar fáil dá thorthaí maidir le soláthar na n-ábhar ionchuir ag luach saothair nach bhfuil leordhóthanach i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Bhun-Rialachán.

3.3.   Fóirdheontais agus cláir fóirdheontais a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe reatha

(174)

Ar bhonn na faisnéise atá sa ghearán, an Fógra Tionscnaimh agus freagraí le ceistneoirí an Choimisiúin, rinneadh imscrúdú ar an bhfóirdheonú líomhnaithe trí na fóirdheontais a leanas ag Rialtas na Síne:

(i)

Cláir Dheontais

Deontais agus cistí teicneolaíochta, nuálaíochta agus forbartha;

Cistí claochlaithe agus uasghrádaithe tionsclaíochta;

Deontais bunaithe ar thionscadail;

Deontais a bhaineann le sócmhainní;

Deontais trealaimh agus seirbhísí tógála;

Maoiniú taighde agus forbartha;

Fóirdheontais a bhaineann le hamhábhair;

Deontais eile.

(ii)

Maoiniú fabhrach, creidmheasanna agus maoiniú díreach a sholáthar trí chothromas, cuasachothromas agus ionstraimí caipitil eile (e.g. iasachtaí polasaí, línte creidmheasa, dréachtaí glacachta bainc, maoiniú onnmhairithe).

(iii)

Creidmheas Onnmhairiúcháin Fabhrach agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin agus ráthaíochtaí creidmheasa onnmhairiúcháin.

(iv)

Ioncam tarscaoilte trí chláir Díolúintí Cánach agus Laghdaithe

Laghdú i gCáin Ioncaim d’Fhiontair (‘CIF’) le haghaidh Fiontair Ardteicneolaíochta agus Nua-Theicneolaíochta;

Asbhaint fhabhrach réamhchánach de speansais taighde agus forbartha;

Dímheas luathaithe ar ionstraimí agus trealamh á n-úsáid ag fiontair Ardteicneolaíochta le haghaidh forbairt agus táirgeadh Ardteicneolaíochta;

Díolúine ó dhíbhinní idir fiontair chónaithe cháilithe;

Díolúine nó tarscaoileadh cánacha réadmhaoine agus úsáid talún;

Cumhacht a sholáthar ar ráta laghdaithe.

(v)

Soláthar earraí agus seirbhísí ag an Rialtas ar luach saothair neamhleor

Soláthar rialtais de chearta úsáide talún ar íocaíocht nach leordhóthanach;

Soláthar rialtais d’ábhair ionchuir ar íocaíocht nach leordhóthanach.

3.4.   Cláir deontais

(175)

Chinn an Coimisiún gur thairbhigh na grúpaí cuideachtaí a sampláladh de réimse clár deontais amhail deontais a bhaineann le teicneolaíocht, nuálaíocht agus forbairt, deontais a bhaineann le sócmhainní, lascainí úis ar iasachtaí, deontais a thacaíonn le honnmhairithe, deontais a dhíríonn ar fhorbairt fiontair bheaga agus mheánmhéide chliste, agus deontais speisialta a bhaineann le tionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19. Bhí cuid shuntasach de na deontais a thuairiscigh na grúpaí cuideachtaí a sampláladh comhdhéanta de dheontais a bhaineann le teicneolaíocht, nuálaíocht agus forbairt. Dá bhrí sin, ghrúpáil an Coimisiún na deontais in dá chatagóir: (i) deontais a bhaineann le teicneolaíocht, nuálaíocht agus forbairt agus (ii) deontais eile.

3.4.1.   Deontais a bhaineann le teicneolaíocht, nuálaíocht agus forbairt

(176)

Fuair an dá ghrúpa a sampláladh deontais a bhaineann le taighde agus forbairt (‘T&F’) agus tionsclaíocht, uasghrádú teicneolaíochta agus nuálaíocht le linn tréimhse an imscrúdaithe.

(a)   Bunús dlí

An 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Nuálaíocht Teicneolaíochta;

Fógra maidir le Bunú Thionscadail Bhliantúla 2018 de Phríomhthionscadail Speisialta um Ghairis agus Comhtháthú Optaileictreonaice agus Micrileictreonaice, an Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, Guo Ke Gao Fa Ji Zi (2019) Uimh. 49;

Fógra maidir le Bunú na Teachtaireachta Leathanbhanda agus Príomhthionscadail Speisialta Líonra Nua den Phríomhchlár T&F Náisiúnta a eisiúint in 2019, an Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, Guo Ke Gao Fa Ji Zi (2020) Uimh. 6;

Cistí tacaíochta tionscail agus cistí speisialta le haghaidh T&F agus tionsclú, Dong Ban Fa (2018) Uimh. 62;

Bearta Bainistíochta Chlár Taighde agus Forbartha Ardteicneolaíochta Náisiúnta (863);

Forbairt agus Tionsclaíocht Trealamh Tarchuir Optúla Cóinéasaithe-13 Forbairt Eolaíochta agus Teicneolaíochta Hubei [2014] Uimh. 10 Fógra ón Roinn Cúigeach Eolaíochta agus Teicneolaíochta maidir le heisiúint Tionscadail Phlean Eolaíochta agus Teicneolaíochta Chúige Hubei 2014 (an chéad bhaisc);

Cistí Tionscadail don Ardán Seirbhíse Nuálaíochta Dúbailte;

Fógra maidir leis an gCéad Bhaisc de Chlaochlú Tionsclaíoch agus Tionscail Faisnéise Cúigeach a Eisiúint agus Táscairí Chiste Speisialta a Uasghrádú in 2019;

Cistiú Díreach um Leithreasú Tionscadail de chuid an Tríú hInstitiúid Taighde den Aireacht um Shlándáil Phoiblí;

Fógraí maidir le cistí speisialta a leithdháileadh le haghaidh athchóiriú teicniúil, cistí speisialta le haghaidh athneartú tionsclaíoch, cistí speisialta le haghaidh claochlú teicniúil, agus cistí speisialta le haghaidh forbairt thionsclaíoch;

Na cláir áitiúla dár leithdháil Riarachán Maoirseachta Mhargaidh Bhardas Wuhan tionscadail saothraithe ardluacha; agus

Doiciméad ó Choiste Bainistíochta Chrios Forbartha Eacnamaíoch agus Teicneolaíochta Nanjing, 2018, Uimh. 149.

(b)   Torthaí

(177)

Chinn an Coimisiún gur bhain formhór na ndeontas le huasghrádú, athchóiriú nó claochlú teicneolaíochta a fuair na cuideachtaí a sampláladh go sainráite i dtaca le taighde agus forbairt. Ba bheag deontas a bhain le claochlú agus nuálaíocht na gcuideachtaí nó a bpróiseas monaraíochta agus dá bhrí sin baineann siad go hindíreach le taighde agus forbairt.

(178)

Thuairiscigh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin i gceann de na grúpaí a sampláladh 113 dheontas don tréimhse imscrúdaithe lenar bhain, i dtéarmaí luacha, os cionn 80 % le tionscadail T&F. Léirigh luach na ndeontas T&F ag an dara táirgeoir onnmhairiúcháin sa ghrúpa céanna níos mó ná 70 % de na deontais iomlána a thuairiscigh sé do thréimhse an imscrúdaithe.

(179)

Maidir leis an ngrúpa cuideachtaí seo, shuigh an Coimisiún freisin gur sholáthair Rialtas na Síne deontais le haghaidh tionsclaíochta T&F ar leibhéil éagsúla sa ghrúpa. Go háirithe, bhronn Rialtas na Síne cistí sainchuspóra ar na máthairchuideachtaí, a bhfuil ceann amháin díobh á bainistiú go díreach ag an gCoimisiún um Maoirsiú agus Riar Sócmhainní (‘SASAC’), a leithdháileadh a thuilleadh d’fhochuideachtaí, lena n-áirítear ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin, le haghaidh tionscadail T&F.

(180)

Fuair ceann amháin de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa ghrúpa méid áirithe cistí óna mháthairchuideachtaí sa chreat conarthaí le haghaidh seirbhísí T&F iontaoibhe arna soláthar do na máthairchuideachtaí. Bhronn Rialtas na Síne na deontais ar na máthairchuideachtaí. I rith an RCC ámh, shuigh an Coimisiún gur íocadh ar deireadh na deontais a bhronn Rialtas na Síne i bhfoirm táillí le haghaidh seirbhísí T&F leis an táirgeoir onnmhairiúcháin. Thairis sin, tugadh le fios i bhforálacha na gconarthaí gur leis an dá pháirtí na torthaí T&F, lena n-áirítear gach ceart maoine intleachtúla a eascraíonn as na seirbhísí sin agus gur fhan an ceart iarratais sin leis an gcuideachtaí a raibh an tionscadal T&F á chur chun feidhme acu, i.e. an táirgeoir onnmhairiúcháin. Shuigh an Coimisiún gur chumhdaigh na seirbhísí T&F i gceist an táirge lena mbaineann chomh maith. Dá bhrí sin, ar an mbonn seo, mheas an Coimisiún gur deontas a bhronn Rialtas na Síne go hiomlán ar an táirgeoir onnmhairiúcháin ab ea na cistí a soláthraíodh i bhfoirm táille taighde agus forbartha. Fuair soláthróirí bainteacha sa ghrúpa deontais shuntasacha freisin as tionscadail taighde agus forbartha.

(181)

Tá cion mór de na cuideachtaí sa ghrúpa sin a sampláladh suite i gCrios Forbartha Tionsclaíche Nuatheicneolaíochta an Locha Thoir i Wuhan agus tá cistí T&F faighte acu mar go bhfuil siad suite sa limistéar sin. ‘Gleann na hOptaice’ (43) a thugtar go minic ar an limistéar ardteicneolaíochta sin mar gheall ar an bhfócas atá ann ar tháirgeacht optaileictreonaice, cáblaí snáthoptaice san áireamh. Mar a thuairiscítear in aithrisí (123) le (125) thuas, bhí Crios Forbartha Tionsclaíche Nuatheicneolaíochta an Locha Thoir Wuhan ina mhór-bhunáit táirgthe le haghaidh cáblaí snáthoptaice agus tairbhíonn na táirgeoirí cáblaí snáthoptaice atá gníomhach sa limistéar de chineálacha éagsúla dreasachtaí agus tacaíocht ó Stáit. (44)

(182)

Maidir leis an dara grúpa a sampláladh, shuigh an Coimisiún gur léirigh luach na ndeontas a thacaigh le T&F nó a fhreastalaíonn ar chuspóirí claochlaithe nó nuálacha timpeall 90 % de na deontais a fuarthas le linn tréimhse an imscrúdaithe le haghaidh ceann amháin de na cuideachtaí onnmhairiúcháin agus níos mó ná 40 % don chuideachta onnmhairiúcháin eile.

(183)

Aistríodh le cur chun feidhme na bpleananna agus na gclár a ndéantar tuairisc orthu thuas in aithrisí (81) go (126) ina n-íocaíochtaí airgeadaíochta nithiúla. Go deimhin, i measc na n-ionstraimí trína stiúrann Rialtas na Síne forbairt earnáil cáblaí snáthoptaice, tá fóirdheontais dhíreacha Stáit ann. Deimhnítear i dTuarascáil Bhliantúil 2019 an táirgeora onnmhairiúcháin FTT atá ar fáil go poiblí go raibh RMB 393.8 milliún d’fhóirdheontais rialtais mar ioncam iarchurtha ag an gcuideachta agus RMB 45.8 milliún d’fhóirdheontais rialtais mar 'ioncam eile' ag deireadh 2019 (45). Deimhnítear i dtuarascáil bhliantúil 2019 an táirgeora onnmhairiúcháin ZTT atá ar fáil go poiblí go raibh RMB 150.3 milliún d’fhóirdheontais rialtais mar ioncam iarchurtha ag an gcuideachta agus go bhfuair sí RMB 361.1 milliún d’fhóirdheontais rialtais a bhain le gníomhaíochtaí laethúla na cuideachta ag deireadh 2019 (46).

(184)

Tá na cláir dheontais dár thairbhigh na grúpaí cuideachtaí a sampláladh cosúil lena chéile ina ndearadh den chuid is mó. Ag brath ar an gcuspóir, leagtar amach critéir ar féidir le fiontair iarratas a dhéanamh orthu agus má chloítear leis na critéir, deonaítear an tacaíocht airgeadais.

(185)

Tá a mbonn dlíthiúil ag roinnt de na deontais a sholáthraítear do na cuideachtaí a sampláladh sa ‘Chlár Taighde agus Forbartha Ardteicneolaíochta Náisiúnta’, na ‘Bearta Bainistíochta 863’ mar a thugtar orthu. Léirítear sna Bearta Bainistíochta arís feidhmiú phleanáil Stáit i nDaon-Phoblacht na Síne mar a dhéantar cur síos air thuas in aithris (79). Luaitear in Airteagal 2 gur ‘clár eolaíochta agus teicneolaíochta atá sa Phlean Taighde agus Forbartha Náisiúnta Ardteicneolaíochta (863) ina bhfuil cuspóirí náisiúnta soiléire, a dtacaíonn leithdháiltí airgeadais lárnacha leis.’ Bunaítear in Airteagal 29 den doiciméad céanna an nós imeachta chun tionscadail atá incháilithe a cheadú. Léiríonn sé an sásra a ndéantar cur síos air thuas: tar éis gach ceann a chur i bhfeidhm, glacadh leis agus meastóireacht a dhéanamh air, cuirfidh sainghrúpa tograí an tionscadail agus meastóireachtaí maoinithe an tionscadail chun cinn agus ar deireadh ceadóidh agus sínfidh comhoifig an deontas.

(186)

Tá forálacha dlíthiúla eile atá mar bhunús le cláir fóirdheontais ina mbíonn monaróirí cáblaí snáthoptaice rannpháirteach.

(187)

Ar cheann de na doiciméid dhlíthiúla sin tá ‘Fógra maidir le Bunú Thionscadail Bhliantúla 2018 le Príomhthionscadail Speisialta um Ghairis agus Comhtháthú Optaileictreonaice agus Micrileictreonaice’. Luaitear san fhógra seo go luíonn an fhreagracht maidir le comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtionscadal ar Cheannaonaid na dtionscadal, mar a thugtar orthu, ar cuideachtaí roghnaithe iad a thairbhíonn den chlár faoi seach agus a dhéanann maoirseacht ar na tairbhithe eile.

(188)

Sonraítear ina n-iatáin ábhar sonrach na ndeontas a bhronntar ar bhonn na scéime seo. Mar shampla, tugtar tuairisc ar cheann de na cláir is infheidhme i rith tréimhse an imscrúdaithe amhail ‘25G/100G Slis agus Modúl Comhtháite Fótónach Hibrideach i Líonra Optúil Éighníomhach (PON)’ agus méideanna suas le RMB 50.54 milliún. Bronnadh deontas faoin gclár seo ar cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Is léir gurb é an aidhm atá ag Rialtas na Síne T&F a spreagadh leis an deontas seo óna ‘Chuspóirí Tionscadail’ a thuairiscítear inter alia amhail ‘Taighde ar theicneolaíocht shlis léasair 25G ardchumhachta le haghaidh líonra optúil éighníomhach (PON)’. Teicneolaíocht teileachumarsáide chun rochtain ar líonra leathanbhanda a sheachadadh do chustaiméirí deiridh is ea líonra optach éighníomhach.

(189)

Bunaithe ar an doiciméad dlíthiúil céanna, tugtar ceadú do thionscadail dar teideal ‘Tionscadal Shlis Optaileictreonach Sileacan-bhunaithe 25G/50G/100G PON agus Fochóras le haghaidh Rochtain Optúil’ le maoiniú tionscadail iomlán dar luach RMB 64.17 milliún. Ní fhágtar aon amhras le cuspóir an deontais go bhfuil sé i gceist go rachaidh na deontais chun tairbhe taighde ar mhodhnóirí optúla, braiteoirí optúla, fótabhraiteoirí, agus ar theicneolaíocht PON 100Gb/s ilchainéil sileacan-bhunaithe a úsáidtear le haghaidh líonraí snáthoptaice.

(190)

Tugtar ‘Tionscadal Astaíocht Optúil agus Rialú Teicneolaíocht Sliseanna Comhtháite i gCóras Cumarsáide Optúil Comhleanúnach’ ar thionscadal eile atá socraithe leis an bhFógra seo, ag a bhfuil maoiniú RMB 41.77 milliún, a bheartaítear le cur i bhfeidhm i rith na tréimhse idir Lúnasa 2019 agus Iúil 2022. Trí chuspóirí taighde maidir le léasair, sliseanna léasair agus modhnóirí tacaíonn an deontas seo le monaróirí sa tionscal líonra optúil go ginearálta agus níos mionsonraithe monaróirí cáblaí snáthoptaice. Tá ceann amháin de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte i measc tairbhithe an chláir seo.

(191)

Tá scéim bhreise ag tacú le tionscal an idirlín, agus go háirithe monaróirí OFC, ag eascairt as an ‘bhFógra maidir le Bunú na Teachtaireachta Leathanbhanda agus Príomhthionscadail Speisialta Líonra Nua den Phríomhchlár T&F Náisiúnta a Eisiúint in 2019’. Bunaithe ar an bhFógra seo, ceadaíodh tionscadal darbh ainm ‘Taighde agus Taispeáint Chur i bhFeidhm Thomhailt Íseal Cumhachta, Ardchomhtháthú agus Ardfheidhmíocht Chóras Tarchuradóireachta Optúil 100G’ agus bunaíodh méid maoinithe RMB 95.47 milliún. Sa tuairisc ar chuspóirí an tionscadail cuirtear in iúl go gcabhróidh an deontas seo le héirí neamhspleách ón soláthar ó ghairis eachtracha is gá le haghaidh teicneolaíocht tarchuradóireachta optúil ardluais 100G agus d’fhonn sin a dhéanamh iarrtar é chun taighde a dhéanamh ar ghairis agus modúil optaileictreonacha ardluais agus trealamh ardáin tarchuradóireachta optúil 100G bunaithe ar fheistí slise neamhspleácha agus chun iad a réadú. Fuair ceann amháin de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte deontas T&F bunaithe ar an gclár seo dar luach Yuan 8 360 000.

(c)   Conclúid

(192)

Bhain na deontais le teicneolaíocht, nuálaíocht agus forbairt, lena n-áirítear na deontais le haghaidh tionscadail T&F a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí (184) go (191), bronnann siad fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán, i.e. aistriú cistí ó Rialtas na Síne chuig táirgeoirí an táirge lena mbaineann i bhfoirm deontas. Mar a luadh in aithris (183) thuas, tá formhór na gcistí seo in áirithe amhail fóirdheontais rialtais i gcuntais na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(193)

Tá na fóirdheontais seo sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán mar nach bhfuil ach cuideachtaí a oibríonn i bpríomhréimsí nó teicneolaíochtaí, mar a liostaítear sna treoirlínte, bearta riaracháin agus catalóga a fhoilsítear ar bhonn rialta, incháilithe chun iad a fháil agus tá cáblaí snáthoptaice i measc na n-earnálacha incháilithe.

(194)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne agus Connect Com nach raibh ceann ar bith de na deontais T&F dírithe ar an tionscal cáblaí snáthoptaice agus nach soláthraíonn Crios Forbartha Tionsclaíche Nuatheicneolaíochta an Locha Thoir Wuhan tacaíocht do chuideachtaí a tháirgeann cáblaí snáthoptaice mar go mbaineann aon tacaíocht líomhnaithe ag eascairt as an gCrios seo le tionscail réamhtheachtacha nó iartheachtacha cáblaí snáthoptaice. D’áitigh Rialtas na Síne freisin nár léirigh an Coimisiún go bhfuil na deontais atá i gceist sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán agus gur theip orthu an ceanglas a leag an Painéal in ‘CE – Aerárthach’ amach a chomhlíonadh, agus dá réir, éilíonn an tsainiúlacht go mbunaítear teorannú sainráite an fhóirdheontais líomhnaithe agus gur gá go gcuirfeadh teorannú in iúl ‘gach a bhfuil i gceist, agus gan aon rud a fhágáil amhail intuigthe nó molta.’ Mhaígh Rialtas na Síne a thuilleadh go raibh conclúid an Choimisiúin go bhfuil na deontais seo teoranta go sainráite do thionscal cáblaí snáthoptaice mícheart, agus tagairt á déanamh don Tuarascáil ón mBaunchomhlacht Achomhairc sa chás ‘SAM–Mór-Aerárthaí Sibhialta’ dá réir, go ndírítear fiosrúchán ar cibé atá fóirdheontas teoranta go sainráite ar ‘ní hamháin cibé a soláthraíodh an fóirdheontas d’fhaighteoirí áirithe arna sainaithint sa ghearán, ach go ndírítear é freisin ar gach fiontar nó tionscal incháilithe chun an fóirdheontas céanna sin a fháil’.

(195)

Léirigh an Coimisiún cheana féin sainiúlacht na ndeontas in aithris (193) thuas. Go deimhin, níl ach cuideachtaí a oibríonn i bpríomhréimsí nó teicneolaíochtaí, mar a liostaítear sna treoirlínte, bearta riaracháin agus catalóga ina gcuideachtaí incháilithe. Thairis sin, sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin a chomhoibrigh doiciméid a bhain leis na deontais, amhail doiciméid dhlíthiúla agus fógraí deontais, inar léiríodh gur soláthraíodh na deontais do chuideachtaí a bhain le tionscail nó earnálacha sonracha áirithe agus/nó a bhí páirteach i dtionscadail thionsclaíocha shonracha a bhíothas a spreagadh ag an Stát. Dá bhrí sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a chonclúid nach bhfuil na deontais sin ar fáil ach d’fhothacar áirithe fiontar agus/nó earnálacha den gheilleagar a shonraítear go soiléir, ar cinnte gur ceann sainmhínithe níos caoile agus sonraíche é amhail na cinn atá i gceist sa díospóid ‘CE-Aerárthaí’ . Anuas air sin, shuigh an Coimisiún nach raibh coinníollacha incháilitheachta na ndeontas sin soiléir agus oibiachtúil agus nach raibh feidhm leo go huathoibríoch; dá dheasca sin, níor chomhlíon siad ceanglais neamh-shainiúlachta d’Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán.

(196)

D’easaontaigh an Coimisiún le ráiteas Rialtas na Síne nár sholáthair Crios Forbartha Nuatheicneolaíochta an Locha Thoir Wuhan tacaíocht do chuideachtaí a tháirgeann cáblaí snáthoptaice agus go mbaineann aon tacaíocht líomhnaithe ag eascairt as an gCrios seo le tionscail réamhtheachtacha nó iartheachtacha cáblaí snáthoptaice. I dtosach, shuigh an Coimisiún gur thairbhigh ceann amháin de na táirgeoirí onnmhairiúcháin de dheontais T&F arna ndeonú ag údaráis Chrios Forbartha Nuatheicneolaíochta an Locha Thoir Wuhan dá mháthairchuideachta. Ar an dara dul síos, fiú dá mbeadh líomhain Rialtas na Síne fíor nach mbaineann aon tacaíocht ag eascairt as an gCrios seo ach le tionscail réamhtheachtacha nó iartheachtacha cáblaí snáthoptaice amháin, ní léiríonn sé nár thairbhigh na táirgeoirí cáblaí snáthoptaice lena mbaineann de dheontais den sórt sin. Go deimhin, d’fhiosraigh an Coimisiún na cuideachtaí ar fad lena mbaineann a sholáthair ábhair ionchuir do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus leithdháil siad cuid dá bhfóirdheontais, lena n-áirítear deontais, leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, measadh nach raibh bunús leis an maíomh sin.

(d)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(197)

D’fhonn an sochar a bhunú i rith tréimhse an imscrúdaithe, mheas an Coimisiún deontais a fuarthas i rith tréimhse an imscrúdaithe chomh maith le deontais a fuarthas roimh thréimhse an imscrúdaithe ach ar lean an tréimhse dímheasa ina leith ar aghaidh i rith tréimhse an imscrúdaithe. Maidir le deontais nach bhfuil dímheasta, measadh an tairbhe sin a bheith mar an méid a fuarthas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Maidir le deontais a bhaineann le tionscadail agus deontais a bhaineann le sócmhainní, measadh an tairbhe sin a bheith mar an sciar de mhéid iomlán an deontais a dímheasadh le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(198)

Maidir leis na deontais a fuarthas mar luach saothair ar sheirbhísí T&F a thuairiscítear in aithris (180), mheas an Coimisiún na méideanna a fuarthas amhail táillí T&F le linn na tréimhse imscrúdaithe agus leithdháil sé iad leis an táirge lena mbaineann bunaithe ar an gcion de láimhdeachas atá ag an táirge lena mbaineann i láimhdeachas iomlán an táirgeora onnmhairiúcháin.

(199)

Tar éis an nochta deiridh, d’iarr Connect Com ar an gCoimisiún méid sciar na ndeontas a deonaíodh go sonrach le haghaidh táirgeadh cáblaí snáthoptaice a nochtadh agus leithdháil sé le táirgeadh an táirge lena mbaineann iad le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin a chomhoibrigh, ag éileamh nárbh fhéidir leis a chearta cosanta a fheidhmiú go héifeachtach.

(200)

Ní raibh an Coimisiún in ann faisnéis den sórt sin a roinnt mar go meastar gur faisnéis ghnó íogair atá ann. Theip ar an gcuideachta freisin míniú a thabhairt ar an gcaoi go mbeadh eolas ar fhaisnéis den sórt sin ríthábhachtach chun a cearta a chosaint. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(201)

Mheas an Coimisiún cibé is ceart ráta úis breise bliantúil tráchtála a chur i bhfeidhm i gcomhréir le roinn F.a) de Threoirlínte an Choimisiúin chun méid an fhóirdheontais a ríomh (47). Is amhlaidh ámh a bheadh éagsúlacht tosca hipitéiseacha casta ag baint le cur chuige den sórt sin agus ní raibh aon fhaisnéis bheacht ar fáil ina leith. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh sé níos iomchuí méideanna a leithdháileadh do thréimhse an imscrúdaithe de réir ráta dímheasa na dtionscadal agus na sócmhainní T&F, i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa arna húsáid i gcásanna roimhe sin (48).

3.4.2.   Deontais eile

(202)

Mar a luadh in aithris (175), shuigh an Coimisiún go bhfuair an dá ghrúpa cuideachtaí a sampláladh deontais eile chomh maith, amhail deontais a bhaineann le sócmhainní, lascainí úis ar iasachtaí, deontais a thacaíonn le honnmhairithe, agus deontais a dhírítear ar fhorbairt fiontair bheaga agus mheánmhéide.

(a)   Bunús Dlí

(203)

Údaráis rialtais náisiúnta, cúigeacha, cathrach, contae nó ceantair a bhronn na deontais sin do na cuideachtaí, agus ba chosúil gur bhain siad go sonrach leis na cuideachtaí sampláilte, nó go sonrach i dtéarmaí suíomh geografach agus cineál tionscail. Níor nocht na cuideachtaí ar fad a sampláladh an fhaisnéis maidir leis an mbunús dlí, faoinar bronnadh na deontais sin. Is amhlaidh ámh a fuair an Coimisiún ó roinnt cuideachtaí cóip de dhoiciméid arna n-eisiúint ag údarás rialtais, a bhronn na cistí, dá dtagraítear ‘an fógra’.

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(204)

Samplaí de na deontais eile den sórt sin is ea deontais a bhaineann le sócmhainní, cistí paitinne, cistí agus dámhachtainí eolaíochta agus teicneolaíochta, cistí chur chun cinn onnmhairiúcháin, deontais le haghaidh méadú cáilíochta tionscail agus breisiú éifeachtúlachta, cistí tacaíochta tráchtála bardasaí, cistí forbartha eachtracha eacnamaíocha agus trádála agus dámhachtainí sábháilteachta táirgthe.

(205)

Mar gheall ar na méideanna móra deontas a d’aimsigh an Coimisiún i leabhair na ngrúpaí cuideachtaí sampláilte, ní chuirtear i láthair sa Rialachán seo ach achoimre ar na príomhthorthaí. Sholáthair an dá ghrúpa a sampláladh fianaise go raibh roinnt deontas ann agus an fíoras gur deonaíodh iad ó leibhéil éagsúla de Rialtas na Síne. Soláthraíodh torthaí mionsonraithe ar na deontais seo do na cuideachtaí aonair ina ndoiciméid nochta shonracha.

(c)   Conclúid

(206)

Is ionann na deontais eile seo agus fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) agus (2) den bhun-Rialachán mar gur tharla aistriú cistí ó Rialtas na Síne i bhfoirm deontas chuig na grúpaí cuideachtaí sampláilte agus gur bronnadh tairbhe dá bhrí sin.

(207)

Thug na grúpaí cuideachtaí sampláilte faisnéis maidir le méid na ndeontas agus an t-údarás a bhronn agus a d’íoc gach deontas. Chomh maith leis sin thaifead na cuideachtaí i gceist an t-ioncam sin den chuid is mó faoin gceannteideal ‘ioncam fóirdheontais’ ina gcuid cuntas agus shocraigh siad go ndéanfaí iniúchadh neamhspleách ar na cuntais sin. Ghlac an Coimisiún leis an bhfaisnéis faoi na deontais seo mar fhianaise dhearfach ar fhóirdheontas a raibh tairbhe ag baint leis.

(208)

Tá na deontais seo sonrach freisin de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus 4(3) den bhun-Rialachán mar gheall, ó na doiciméid a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin a chomhoibrigh, gur cosúil go bhfuil siad teoranta do chuideachtaí áirithe, tionscail áirithe, amhail an tionscal cáblaí snáthoptaice, nó tionscail shonracha i réigiúin shonracha. Anuas air sin, tá roinnt de deontas ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 4(4)(a).

(209)

Thairis sin, ní chomhlíonann na deontais sin ceanglais neamh-shainiúlachta Airteagal 4(2)(b) den Bhun-rialachán, ós rud é nach bhfuil na coinníollacha incháilitheachta, ná na critéir roghnúcháin iarbhír faoina mbeadh fiontair incháilithe, trédhearcach ná oibiachtúil agus nach mbíonn feidhm uathoibríoch leo.

(210)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Rialtas na Síne sa mhéid go soláthraíonn rialtas áitiúil agus/nó réigiúnach aon cheann de na deontais líomhnaithe, nach féidir iad a mheas mar fhóirdheontais shonracha don réigiún. Thug Rialtas na Síne le fios nach féidir a mheas go bhfuil fóirdheontas réigiúnach faoi Airteagal 2.2 den Chomhaontú EDT sonrach má dheonaíonn an réigiún féin é (i.e. an rialtas réigiúnach nó áitiúil) (49) agus gur ghá don Choimisiún a léiriú go bhfuil teorainn ar rochtain ar na deontais ar bhonn suíomh geografach amháin (50).

(211)

Ina leith sin, thug an Coimisiún le fios in aithris (208) gur tháinig sé ar an gcinneadh go bhfuil na deontais seachas deontais a bhaineann le teicneolaíocht, nuálaíocht agus forbairt, sonrach laistigh de bhrí Airteagail 4(2)(a), (4(3) agus 4(4)(a) den bhun-Rialachán. Ba chosúil go raibh formhór na ndeontas sin teoranta do chuideachtaí áirithe ag oibriú i dtionscail áirithe, amhail an tionscal cáblaí snáthoptaice. Ba léir nár bhain ach deontais áirithe le tionscadail shonracha i réigiúin shonracha. Ní chiallaíonn an fíoras gur bhronn údaráis rialtais náisiúnta, cúigeacha, cathrach, contae nó dúiche na deontais seo ar na cuideachtaí nach bhfuil a mbunús dlí ag na deontais sin ar an leibhéal náisiúnta agus nár bhain siad le tionscadail shonracha i réigiúin shonracha. Níor sholáthair Rialtas na Síne aon fhianaise nithiúil nach bhfuil na deontais seo sonrach (mar shampla, gur soláthraíodh na deontais do gach cuideachta laistigh de dhlínse an eintitis áitiúil, ag feidhmiú mar údarás deonúcháin). Dá dheasca sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún, ar bhonn na fianaise atá ar fáil dó, gur chinn sé nach sásaíonn na deontais seo ceanglais neamh-shainiúlachta d’Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán agus go bhfuil siad sonrach faoi Airteagail 4(2)(a), 4(3) agus 4(4)(a) den bhun-Rialachán agus dá bhrí sin dhiúltaigh sé maíomh Rialtas na Síne.

(212)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Connect Com nach bhfuil fóirdheontas sonrach ach amháin má bhaineann sé go díreach le tionscal cáblaí snáthoptaice agus nach bhfuil sé sonrach má bhaineann sé le roinnt tionscal, ‘amhail’ táirgeadh cáblaí snáthoptaice mar a luaigh an Coimisiún in aithris (208).

(213)

Ina leith sin, shoiléirigh an Coimisiún go ndéantar foráil in Airteagal 4(2) den bhun-Rialachán maidir le ‘chinneadh cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann fóirdheontas go sainiúil le fiontar nó tionscal nó le grúpa fiontar nó tionscal (‘fiontair áirithe’) laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas (...)’. Tá sé mar thoradh ar fhoclaíocht na forála sin gur féidir le sainiú a bheith ag tagairt freisin do ‘ghrúpa fiontar nó tionscal’. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(214)

Mhaígh Connect Com freisin go ndearna an Coimisiún neamhaird ar Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán, nach mbeidh sainiúlacht ann dá réir i gcás ina mbunaíonn an t-údarás deonúcháin critéir oibiachtúla lena rialaítear incháilitheacht le haghaidh fóirdheontais agus méid an fhóirdheontais.

(215)

Ina leith seo, mhínigh an Coimisiún, mar a thugtar le fios in aithrisí (195) agus (209), nach gcomhlíonann na deontais sin ceanglais neamh-shainiúlachta Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán, i bhfianaise nach bhfuil na coinníollacha incháilitheachta ná na critéir roghnúcháin iarbhír faoina mbeadh fiontair incháilithe, nach bhfuil siad trédhearcach agus oibiachtúil agus nach mbíonn feidhm uathoibríoch leo. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(d)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(216)

Ríomh an Coimisiún an sochar i gcomhréir leis an modheolaíocht a thuairiscítear in aithris (197) thuas.

3.4.3.   Conclúid faoi chláir dheontais

(217)

B’ionann na rátaí fóirdheontais a rinneadh amach maidir le gach deontas i rith tréimhse an imscrúdaithe i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte:

Deontais

Ainm na cuideachta

Ráta fóirdheontais

An grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

1,79  %

An grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

0,33  %

3.5.   Maoiniú fabhrach

3.5.1.   Institiúidí airgeadais a sholáthraíonn maoiniú fabhrach

(218)

De réir na faisnéise a chuir an dá ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar fáil, cuireadh maoiniú ar fáil do 32 institiúid airgeadais atá suite laistigh de Dhaon-Phoblacht na Síne. As na 32 institiúid airgeadais sin, bhí 25 díobh faoi úinéireacht an Stáit. Bhí an chuid eile de na hinstitiúidí airgeadais faoi úinéireacht phríobháideach nó ní raibh an Coimisiún in ann a fháil amach an raibh siad faoi úinéireacht stáit nó faoi úinéireacht phríobháideach. Níor chomhlánaigh ach banc amháin faoi úinéireacht stáit an ceistneoir sonrach ámh, gan beann ar iarratas le Rialtas na Síne a chumhdaigh gach institiúid airgeadais a sholáthair iasachtaí do na cuideachtaí sampláilte.

3.5.1.1.   Institiúidí Airgeadais faoi úinéireacht stáit a ghníomhaíonn mar chomhlachtaí poiblí

(219)

Dheimhnigh an Coimisiún cibé a bhí nó nach raibh bainc faoi úinéireacht stáit ag gníomhú mar chomhlachtaí poiblí de réir bhrí Airteagal 3 agus 2(b) den bhun-Rialachán. Ag léirmhíniú an bhun-Rialacháin i gcomhréir le hoibleagáidí EDT an Aontais, is mar seo a leanas an tástáil lena bhunú go bhfuil gnóthas faoi úinéireacht stáit ina chomhlacht poiblí (51): ‘Is é atá tábhachtach ná cibé atá eintiteas dílsithe le húdarás chun feidhmeanna rialtasacha a fheidhmiú, seachas an chaoi a mbaintear amach é sin. Tá go leor bealaí éagsúla ina bhféadfadh rialtas sa bhrí chúng, údarás a sholáthar d’eintitis. Dá réir sin, d’fhéadfadh cineálacha éagsúla fianaise a bheith ábhartha lena léiriú go raibh údarás den sórt sin tugtha d’eintiteas áirithe. D’fhéadfadh fianaise go bhfuil eintiteas, go deimhin, ag feidhmiú feidhmeanna rialtais a bheith mar fhianaise go bhfuil údarás rialtais aige nó go bhfuil an t-údarás sin dílsithe ann, go háirithe i gcás ina dtugann an fhianaise sin le fios go bhfuil cleachtas marthanach agus córasach ann. Fágann sé sin, inár dtuairimne, go bhféadfadh fianaise go bhfuil rialú bríoch á ghníomhú ag rialtas ar eintiteas agus a iompar, in imthosca áirithe, a bheith mar fhianaise go bhfuil údarás rialtasach ag eintiteas agus go ngníomhaíonn sé an t-údarás sin i bhfeidhmiú feidhmeanna rialtasacha. Cuirimid i dtábhacht, áfach, seachas tarmligean sainráite údaráis in ionstraim dhlíthiúil, nach dóchúil gur leor naisc fhoirmiúla a bheith ann idir eintiteas agus an rialtas sa bhrí chúng, chun seilbh is gá d’údarás rialtasach a bhunú. Dá réir sin, mar shampla, ní léiríonn an fíoras bunúsach gur scairshealbhóir tromlaigh eintitis atá i rialtas go bhfeidhmíonn an rialtas rialú bríoch ar iompar an eintitis, agus níos lú ná sin gur thug an rialtas údarás rialtasach dó. I gcásanna áirithe, áfach, i gcás ina léiríonn an fhianaise gurb iolrach iad comharthaí foirmiúla de rialú rialtais, agus go bhfuil fianaise ann freisin gur feidhmíodh an rialú sin ar bhealach bríoch, d’fhéadfadh an fhianaise sin tuiscint a cheadú go bhfuil údarás rialtasach á fheidhmiú ag an eintiteas lena mbaineann.’

(220)

D’iarr an Coimisiún faisnéis faoi úinéireacht Stáit agus faoi chomharthaí foirmiúla de rialú rialtais sna bainc atá faoi úinéireacht an Stáit. Rinne sé anailís freisin ar cibé ar feidhmíodh rialú ar bhealach bríoch. Chun na críche sin, b’éigean don Choimisiún brath go páirteach ar na fíorais a bhí ar fáil de bharr gur dhiúltaigh Rialtas na Síne agus na bainc faoi úinéireacht Stáit fianaise a sholáthar ar an bpróiseas cinnteoireachta a raibh an t-iasachtú fabhrach mar thoradh air, mar a leagtar amach in aithrisí (136) go (153) thuas.

(221)

D’fhonn an anailís sin a dhéanamh, scrúdaigh an Coimisiún i dtosach faisnéis ón mbanc faoi úinéireacht Stáit a lion isteach an ceistneoir sonrach.

(1)    Institiúidí airgeadais páirt-chomhoibríocha faoi úinéireacht stáit

(222)

Níor chuir ach banc amháin faoi úinéireacht stáit, eadhon EXIM, freagra ceistneora ar fáil.

(a)   Úinéireacht agus comharthaí foirmiúla ceannais ag Rialtas na Síne

(223)

Bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas sa fhreagra ceistneora, shuigh an Coimisiún go raibh, go díreach nó go hindíreach, níos mó ná 50 % de na scaireanna san institiúid airgeadais seo i seilbh Rialtas na Síne.

(224)

Maidir leis na comharthaí foirmiúla de rialú rialtais ar an mbanc comhoibríoch faoi úinéireacht stáit, cháiligh an Coimisiún mar ‘phríomhinstitiúid airgeadais faoi úinéireacht stáit’. Go háirithe, luaitear san fhógra ‘Rialacháin Eatramhacha ar Bhord Maoirseoirí i bPríomhinsititiúidí Airgeadais faoi úinéireacht Stáit’ (52): ‘Tagraíonn na príomhinstitiúidí airgeadais faoi úinéireacht Stáit a luaitear sna Rialacháin seo do bhainc pholasaí, bainc thráchtála, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní airgeadais, cuideachtaí urrús, cuideachtaí árachais, etc. (dá ngairtear institiúidí airgeadais faoi úinéireacht Stáit anseo feasta), lena seolann an Chomhairle Stáit amach bord maoirseoirí’.

(225)

Ceaptar Bord Maoirseoirí phríomhinstitiúidí airgeadais faoi úinéireacht Stáit de réir ‘Rialacháin Eatramhacha Bhord Maoirseoirí Phríomhinstitiúidí Airgeadais faoi Úinéireacht Stáit’. Bunaithe ar Airteagail 3 agus 5 de na Rialacháin Eatramhacha sin, shuigh an Coimisiún go seolann an Chomhairle Stáit amach Comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí agus go bhfuil siad cuntasach don Chomhairle Stáit, rud a léiríonn dá réir rialú institiúideach an Stáit ar ghníomhaíochtaí gnó an bhainc faoi úinéireacht Stáit atá ag comhoibriú.

(226)

Anuas ar na comharthaí sin is infheidhme go ginearálta, chinn an Coimisiún an méid a leanas maidir le EXIM. Bunaíodh agus feidhmíonn EXIM i gcomhréir leis ‘an bhFógra lena mBunaítear Export-Import Bank of China’ arna eisiúint ag an gComhairle Stáit, chomh maith le hAirteagail Chomhlachais EXIM. De réir a Airteagail Chomhlachais, is é an Stát a ainmníonn lucht bainistíochta EXIM go díreach. Ceapann an Chomhairle Stáit an Bord Maoirseoirí i gcomhréir leis na ‘Rialacháin Eatramhacha Bhord Maoirseoirí Phríomhinstitiúidí Airgeadais faoi Úinéireacht Stáit’ agus dlíthe agus rialacháin eile, agus tá sé freagrach don Chomhairle Stáit.

(227)

Luaitear sna hAirteagail Chomhlachais freisin go bhfuil ról ceannaireachta agus croílár polaitiúil ag Coiste Pháirtí EXIM lena áirithiú go gcuireann EXIM chun feidhme beartais agus mór-imscaradh an Pháirtí agus an Stáit. Tá ceannaireacht an Pháirtí comhtháite le gach gné den rialachas corparáideach.

(228)

Luaitear sna hAirteagail Chomhlachais freisin go bhfuil EXIM tiomanta do thacú le forbairt trádála eachtraí agus comhair eacnamaíoch, infheistíochta trasteorann, an Tionscnaimh Crios Amháin Bóthar Amháin, an chomhair in inniúlacht idirnáisiúnta agus monaraíocht trealaimh. Áirítear i raon feidhme a ghnó iasachtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha arna bhformheas agus i gcomhréir le beartais um thrádáil eachtrach agus ‘domhandú’ an Stáit, amhail creidmheas onnmhairiúcháin, creidmheas allmhairiúcháin, iasachtaí innealtóireachta eachtraí conraithe, iasachtaí infheistíochta thar lear, iasachtaí chabhair eachtrach rialtas na Síne agus iasachtaí do cheannaitheoirí onnmhairiúcháin.

(229)

Thairis sin, ina thuarascáil bhliantúil in 2019, luaigh banc EXIM gur chuir sé i bhfeidhm go hiomlán na beartais agus cinntí móra uile a rinne Coiste Lárnach CPC agus an Chomhairle Stáit.

(230)

Chinn an Coimisiún freisin gur athraigh institiúidí airgeadais faoi úinéireacht Stáit a nAirteagail Chomhlachais in 2017 chun ról Pháirtí Cumannach na Síne (‘CCP’) a mhéadú ar an leibhéal cinnteoireachta is airde sna bainc (53).

(231)

Sonraítear sna hAirteagail Chomhlachais nua sin:

is é an duine céanna a bheidh sa Chathaoirleach ar an mBord Stiúrthóirí agus Rúnaí Choiste an Pháirtí;

is é ról Pháirtí Cumannach na Síne a áirithiú go bhfuil beartais agus treoirlínte Pháirtí Cumannach na Síne agus an Stáit á bhforfheidhmiú ag an mBanc; chomh maith le ról ceannaireachta agus rialaithe rochtana a imirt i gceapachán pearsanra (lena n-áirítear bainistíocht shinsearach); agus

éistfidh an Bord Stiúrthóirí le tuairimí Choiste an Pháirtí le haghaidh aon cinneadh mór a bheidh le glacadh.

(b)   Rialú bríoch ag Rialtas na Síne

(232)

Lorg an Coimisiún tuilleadh faisnéise chun a fheiceáil ar fheidhmigh Rialtas na Síne rialú fiúntach ar iompar bhanc EXIM maidir lena bheartais iasachtaithe agus measúnú riosca, i gcás inar sholáthair siad iasachtaí leis an tionscal cáblaí snáthoptaice. Cuireadh na doiciméid rialála a leanas san áireamh chuige seo:

Airteagal 34 de Dhlí DPS maidir le Bainc Tráchtála (‘Dlí na mBanc’);

Airteagal 15 de na Rialacha Ginearálta maidir le hIasachtaí (arna gcur chun feidhme ag People’s Bank of China)

Cinneadh Uimh. 40;

Bearta Cur chun Feidhme Choimisiún Rialála Baincéireachta agus Árachais na Síne (‘CBIRC’) le haghaidh Ábhair Cheadúnúcháin Riaracháin do Bhainc Tráchtála ag a bhfuil cistiú ón tSín (Ordú CBIRC [2017] Uimh. 1)

Bearta Cur chun Feidhme CBIRC le haghaidh Ábhair Cheadúnúcháin Riaracháin a bhaineann le bainc ag a bhfuil cistiú eachtrach (Ordú CBIRC [2015] Uimh. 4)

Bearta Riaracháin le haghaidh Cháilíochtaí Stiúrthóirí agus Oifigigh Shinsearacha na nInstitiúidí Airgeadais san Earnáil Baincéireachta (CBIRC [2013] Uimh. 3).

(233)

Agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar na doiciméid rialála sin, chinn an Coimisiún go bhfuil institiúidí airgeadais i nDaon-Phoblacht na Síne ag oibriú i dtimpeallacht ghinearálta dhlíthiúil ina dtreoraítear iad chun iad féin a ailíniú le cuspóirí beartais thionsclaíoch Rialtas na Síne agus cinntí airgeadais á ndéanamh acu, ar na cúiseanna a leanas.

(234)

Maidir le Banc EXIM, bunaítear a shainordú beartais phoiblí san fhógra lena mbunaítear Banc EXIM chomh maith lena Airteagail Chomhlachais.

(235)

Ar leibhéal ginearálta, le hAirteagal 34 de Dhlí na mBanc, ar dlí é a bhfuil feidhm aige maidir le gach institiúid airgeadais atá ag oibriú sa tSín, foráiltear mar seo ‘déanfaidh bainc thráchtála a ngnó iasachtaithe a sheoladh de réir riachtanais na forbartha eacnamaíche agus sóisialta náisiúnta agus faoi threoir bheartais thionsclaíocha an Stáit’. Cé go luaitear in Airteagal 4 de Dhlí na mBanc go ‘ndéanfaidh bainc thráchtála, de bhun an dlí, oibríochtaí gnó gan chur isteach ó aon aonad ná duine aonair. Glacfaidh bainc thráchtála go neamhspleách le dliteanas sibhialta lena maoin duine dhlítheanaigh ar fad’, léirigh an t-imscrúdú go gcuirtear Airteagal 4 de dhlí na mBanc i bhfeidhm faoi réir Airteagal 34 de Dhlí na mBanc, i.e. i gcás ina mbunaíonn an Stát beartas poiblí, cuireann na bainc chun feidhme é agus leanann siad treoracha ón Stát.

(236)

Ina theannta sin, le hAirteagal 15 de na Rialacha Ginearálta maidir le hIasachtaí foráiltear mar seo ‘I gcomhréir le beartas an Stáit, féadfaidh ranna ábhartha ús ar iasachtaí a fhóirdheonú, d’fhonn fás tionscal áirithe agus forbairt eacnamaíoch i réimsí áirithe a chur chun cinn’.

(237)

Ar an gcaoi chéanna, tugann Cinneadh Uimh. 40 treoir do na hinstitiúidí airgeadais uile tacaíocht chreidmheasa a sholáthar go sonrach do thionscadail ‘atáthar a spreagadh’. Mar a míníodh cheana i Roinn 3.1 agus níos sonraíche in aithrisí (81) agus (86), baineann tionscadail an tionscail cáblaí snáthoptaice leis an gcatagóir ‘atáthar a spreagadh’. Deimhnítear le Cinneadh Uimh. 40 dá bhrí sin an toradh roimhe sin i ndáil le dlí na mBanc go bhfeidhmíonn bainc údarás rialtasach i bhfoirm oibríochtaí creidmheasa fabhracha. Chinn an Coimisiún freisin go bhfuil údarás formheasa forleathan ag CBIRC maidir le gach gné de bhainistiú na n-institiúidí airgeadais uile atá bunaithe in DPS (lena n-áirítear institiúidí airgeadais faoi úinéireacht phríobháideach agus faoi úinéireacht eachtrach), amhail (54):

ceapachán bhainisteoirí uile na n-institiúidí airgeadais a fhormheas, ar leibhéal na ceanncheathrún agus ar leibhéal na mbrainsí áitiúla araon. Is gá formheas CBIRC chun gach leibhéal bainistíochta a earcú, ó na poist is sinsearaí go bainisteoirí brainse, agus áirítear leis sin fiú bainisteoirí a cheaptar i mbrainsí thar lear chomh maith le bainisteoirí atá freagrach as feidhmeanna tacaíochta (e.g na bainisteoirí TF); agus

liosta an-fhada d’fhormheasanna riaracháin, lena n-áirítear formheasanna le haghaidh brainsí a bhunú, le haghaidh línte nua gnó a thosú nó táirgí nua a dhíol, le haghaidh Airteagail Chomhlachais an bhainc a athrú, le haghaidh níos mó ná 5 % dá scaireanna a dhíol, le haghaidh méaduithe caipitil, le haghaidh athruithe ar shainchónaí, le haghaidh athruithe ar fhoirm eagrúcháin, etc.

(238)

Tá dlí an Bhainc ceangailteach ó thaobh dlí de. Bunaíodh cineál éigeantach na bPleananna Cúig Bliana agus Cinneadh Uimh. 40 thuas i Roinn 3.1. Díorthaíonn cineál sainordaitheach na ndoiciméad rialála CBIRC óna chumhachtaí mar údarás rialála baincéireachta. Léirítear cineál sainordaitheach na ndoiciméad eile trí na clásail mhaoirseachta agus mheastóireachta, atá iontu.

(239)

Tugann Cinneadh Uimh. 40 ón gComhairle Stáit treoir do na hinstitiúidí airgeadais uile gan tacaíocht chreidmheasa a sholáthar ach amháin do thionscadail atáthar a spreagadh agus geallann cur chun feidhme ‘beartais fhabhracha eile maidir leis na tionscadail atáthar a spreagadh’. Ar an mbonn seo, éilítear ar bhainc tacaíocht chreidmheasa a thabhairt don tionscal cáblaí snáthoptaice mar thionscal atáthar a spreagadh.

(240)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chruthaigh Rialtas na Síne creat normatach nach mór do bhainisteoirí agus do mhaoirseoirí an bhainc faoi úinéireacht Stáit chomhoibríoch, ar bainisteoirí agus maoirseoirí iad a cheapann Rialtas na Síne agus atá freagrach do Rialtas na Síne, nach mór dóibh cloí leis. Dá bhrí sin, bhraith Rialtas na Síne ar an gcreat normatach sin chun rialú a fheidhmiú ar bhealach bríoch ar iompar an bhainc chomhoibríoch a bhí faoi úinéireacht an Stáit cibé uair a bhí iasachtaí á gcur ar fáil aige don tionscal cáblaí snáthoptaice.

(241)

Chomh maith leis sin, lorg an Coimisiún cruthúnas nithiúil ar fheidhmiú an rialaithe ar bhealach bríoch bunaithe ar iasachtaí nithiúla arna soláthar do na táirgeoirí a sampláladh. Ina fhreagra ceistneora, mhínigh an banc faoi úinéireacht Stáit atá páirt-chomhoibríoch go n-úsáideann sé beartais agus samhlacha um measúnú riosca creidmheasa sofaisticiúla agus na hiasachtaí atá i gceist á ndeonú. Mhínigh banc EXIM sa bhreis air sin nach bhfuil aon difríocht beartais maidir leis an tionscal ina n-oibríonn an t-iasachtaí, an cás creidmheasa agus stádas caipitil, etc.; mar sin féin, bíonn tionchar ag tosca den sórt sin ar an measúnú rátála creidmheasa agus costas riosca an iasachtaí. D’fhéadfadh sé tagairt a dhéanamh do phleananna agus beartais ábhartha agus iasachtaí á soláthar; chun cinneadh a dhéanamh maidir le tionscadail iasachta ámh, cuireann sé measúnú margadhbhunaithe i bhfeidhm.

(242)

Mar a tugadh le fios cheana in aithris (141) thuas, dhiúltaigh an banc faoi úinéireacht Stáit atá páirt-chomhoibríoch samplaí nithiúla a sholáthar dá mheasúnú riosca creidmheasa maidir leis na cuideachtaí sampláilte ar an bhforas go bhfuil an fhaisnéis a iarradh inmheánach don bhanc agus go bhfuil faisnéis rúnda ann nach gceadaítear a nochtadh cé go bhfuil toiliú i scríbhinn ag an gCoimisiún ó na cuideachtaí sampláilte ina dtarscaoiltear a gcearta rúndachta.

(243)

In éagmais fianaise nithiúla ar mheasúnuithe acmhainneachta creidmheasa, scrúdaigh an Coimisiún dá bhrí sin, an timpeallacht dhlíthiúil fhoriomlán mar a leagtar amach thuas in aithrisí (232) go (239), in éineacht le hiompraíocht an bhainc chomhoibríoch atá faoi úinéireacht Stáit maidir le hiasachtaí arna soláthar do na cuideachtaí sampláilte. Bhí an iompraíocht seo difriúil lena sheasamh oifigiúil mar nach raibh sé ag gníomhú i ndáiríre bunaithe ar mheasúnuithe riosca margadhbhunaithe.

(244)

Le linn an imscrúdaithe, chinn an Coimisiún gur soláthraíodh iasachtaí don dá ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ag rátaí úis faoi bhun nó gar do Rátaí Úis Tagarmhairc People’s Bank of China (PBOC) agus faoi bhun an Bhonnráta Iasachta mar a d’fhógair an tIonad Maoinithe Idirbhainc Náisiúnta (NIFC) a tugadh isteach an 20 Lúnasa 2019 (55), beag beann ar staid airgeadais agus riosca creidmheasa na gcuideachtaí. Dá bhrí sin, soláthraíodh na hiasachtaí faoi bhun rátaí margaidh i gcomparáid leis an ráta a chomhfhreagraíonn le próifíl riosca na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(245)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Rialtas na Síne nár léirigh an Coimisiún gur comhlacht poiblí é an banc comhoibríoch faoi úinéireacht an Stáit, eadhon banc EXIM agus gur fheidhmigh Rialtas na Síne rialú ar bhanc EXIM ar bhealach bríoch. Chuir Rialtas na Síne i dtábhacht nach leor ‘úinéireacht agus comharthaí foirmiúla rialaithe’ chun a léiriú gurb ann do chomhlacht poiblí agus nár léirigh an Coimisiún easpa neamhspleáchais ag lucht bainistíochta bhanc EXIM trína áitiú nach bhfeidhmíonn Rialtas na Síne rialú ar bhanc EXIM ach amháin i maoirseacht ar cheapachán lucht bainistíochta an bhainc agus a bhoird.

(246)

D’áitigh Rialtas na Síne a thuilleadh nach bhfuil na hinstitiúidí airgeadais atá i gceist ag feidhmiú aon fheidhme a d’fhéadfaí a mheas de chineál rialtasach agus nár fheidhmigh Rialtas na Síne aon rialú bríoch ar bhanc EXIM. Cé go n-éilítear le hAirteagal 34 de Dhlí Síneach na mBanc go bhfeidhmíonn bainc thráchtála ‘faoi threoraíocht bheartais thionsclaíocha’ Rialtas na Síne, níl aon choinníoll in aon áit san fhoráil a éilíonn ar na bainc gníomhú ar bhealach áirithe agus de réir Rialtas na Síne ba cheart a mheas gur prionsabal treorach é an fhoráil seo do bhainc Shíneacha. Luaigh Rialtas na Síne go gcoisceann Dlí Síneach na mBanc go sainráite Rialtas na Síne ó aon chineál rialaithe a fheidhmiú ar chinntí na mbanc tráchtála. I ndáil leis sin, d’agair Rialtas na Síne Airteagail 4 agus 5 de Dhlí Síneach na mBanc, lena bhfolaítear faoi seach go ndéanfaidh bainc thráchtála ‘a gcinntí féin’ agus go n-oibreoidh siad ‘gan chur isteach ó aon aonad ná duine aonair’. Chuir Rialtas na Síne i dtábhacht freisin go bhfolaítear in Airteagal 41 de Dhlí Síneach na mBanc ‘nach féidir le haon eintiteas ná duine aonair iallach a chur ar bhanc tráchtála chun iasachtaí a dheonú nó ráthaíocht a thabhairt’. Thairis sin, mhaígh Rialtas na Síne nach sainordaitheach iad Airteagal 15 ná Cinneadh Uimh. 40 de na Rialacha Ginearálta maidir le hiasachtaí, nach mbaineann ach cineál treoraíochta leo. Ar deireadh, níor chomhaontaigh Rialtas na Síne leis an tuairim gur chuir banc EXIM iasachtaí ar fáil ar rátaí faoi bhun rátaí an mhargaidh ó tharla go gcloíonn sé le caighdeáin a nglactar leo go hidirnáisiúnta le haghaidh measúnú riosca agus eisíocaíocht iasachtaí agus go bhfeidhmíonn sé go neamhspleách ó Rialtas na Síne.

(247)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún le líomhaintí Rialtas na Síne. Níor thug an Coimisiún freagra ar “úinéireacht agus comharthaí foirmiúla de rialú” d’fhonn go gcáileodh an banc EXIM ar leis an Stát é mar chomhlacht poiblí ach léirigh sé freisin gur fheidhmigh Rialtas na Síne rialú fiúntach ar an mbanc ar na cúiseanna a leanas.

(248)

Mar a míníodh in aithris (238) thuas, mheas an Coimisiún gur chineál sainordaitheach iad dlí Síneach na mBanc agus Cinneadh Uimh. 40. Thairis sin, níor thacaigh torthaí an imscrúdaithe seo ná torthaí an Choimisiúin in imscrúduithe roimhe seo faoin gclár fóirdheontais céanna (56) leis an maíomh nach gcuireann bainc beartas agus pleananna an rialtais san áireamh agus cinntí iasachta á ndéanamh acu. Mar shampla, shuigh an Coimisiún gur thairbhigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin d’iasachtú fabhrach ar rátaí úis faoi bhun rátaí an mhargaidh. Thairbhigh ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin d’iasachtú fabhrach ó China Development Bank Fund, ar eagraíocht infheistíochta atá dírithe ar bheartas é ar a bhfuil tuairisc in aithris (285) thíos agus a thacaíonn, go príomha, le ‘tionscadail i bpríomhearnálacha a aithníonn an Stát’.

(249)

Léiríodh san imscrúdú gur cuireadh Airteagal 15 de na Rialacha Ginearálta maidir le hIasachtaí i bhfeidhm sa chleachtas agus gurbh infheidhme Airteagail 4, 5 agus 41 de dhlí na mBanc faoi réir Airteagal 34 de Dhlí na mBanc, i.e. i gcás ina mbunaíonn an Stát beartas poiblí, cuireann na bainc chun feidhme é agus leanann siad treoracha ón Stát. Go deimhin, cé go bhfuil Airteagail 4 agus 5 de Dhlí na mBanc mar chuid de Chaibidil I, ina leagtar amach na forálacha ginearálta, is cuid de Chaibidil IV é Airteagal 34, ina leagtar amach na bunrialacha lena rialaítear iasachtaí. Léirítear le foclaíocht Airteagal 34: ‘déanfaidh bainc thráchtála a ngnó iasachtaithe de réir riachtanais an gheilleagair náisiúnta agus na forbartha sóisialta agus faoi threoir bheartais thionsclaíocha an Stáit’, nach de chineál treorach í an fhoráil seo ach go bhfuil tréith shainordaitheach aici agus go dtugtar treoir shoiléir do bhainc léi beartais thionsclaíocha an Stáit a chur san áireamh agus a ngnó iasachtaithe á dhéanamh acu. Thug an Coimisiún dá aire freisin go dtugann Cinneadh Uimh. 40 ón gComhairle Stáit treoir do na hinstitiúidí airgeadais uile gan tacaíocht chreidmheasa a sholáthar ach amháin do thionscadail atáthar a spreagadh agus geallann cur chun feidhme ‘beartais fhabhracha eile maidir leis na tionscadail atáthar a spreagadh’. Cé go n-éilítear ar bhainc cloí le prionsabail chreidmheasa le hAirteagal 17 den Chinneadh céanna, ní raibh an Coimisiún in ann a shuí i rith an imscrúdaithe go ndearnadh sin sa chleachtas. Os a choinne sin, cuireadh iasachtaí ar fáil do na táirgeoirí onnmhairiúcháin gan beann ar a staid airgeadais agus a n-acmhainneacht creidmheasa.

(250)

Thairis sin, mar a bhaineann go sonrach le Banc EXIM, ní féidir a shéanadh gur banc beartais é atá ag saothrú beartais rialtais go díreach, mar a admhaíonn sé féin. Mar a mhínítear ar a shuíomh gréasáin, (57) is banc beartais Stát-mhaoinithe agus faoi úinéireacht an Stáit e EXIM atá go díreach faoi cheannaireacht na Comhairle Stáit agus atá tiomanta chun tacú le inter alia trádáil eachtrach na Síne agus an straitéis ‘dhomhandaithe’ a chur chun feidhme.

(251)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chruthaigh Rialtas na Síne creat normatach i ndáil le hiasachtú le tionscail atáthar a spreagadh nach mór do bhainisteoirí agus do mhaoirseoirí an bhainc, ar bainisteoirí agus maoirseoirí iad a cheapann Rialtas na Síne agus atá freagrach do Rialtas na Síne, nach mór dóibh cloí leis. Chuir an creat normatach sin teorainn leis an tsolúbthacht do bhainisteoirí agus do mhaoirseoirí an bhainc ó thaobh cé acu a leanfadh nó nach leanfaidís an creat sin i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, agus mar sin bhain spleáchas le staid bainistíochta an bhainc sin. Dá bhrí sin, bhraith Rialtas na Síne ar an gcreat normatach chun rialú a fheidhmiú ar bhealach fiúntach ar iompar an bhainc chomhoibríoch a bhí faoi úinéireacht an Stáit aon uair a bhí iasachtaí á gcur ar fáil aige don tionscail cáblaí snáthoptaice.

(252)

Mar a míníodh in aithris (241), lorg an Coimisiún cruthúnas ar rialú a bheith á fheidhmiú ar bhealach fiúntach bunaithe ar iasachtaí nithiúla. Mar sin féin, níor chuir an banc comhoibríoch faoi úinéireacht an Stáit faisnéis riachtanach áirithe ar fáil, lena n-áirítear a mheasúnú sonrach ar riosca creidmheasa a bhain leis na cuideachtaí sampláilte. In éagmais fianaise nithiúil faoi mheasúnuithe den sórt sin ar riosca creidmheasa, rinne an Coimisiún scrúdú ar an timpeallacht dhlíthiúil uile a bhfuil feidhm leis maidir le hiasachtú do thionscail atáthar a spreagadh amhail an tionscal cáblaí snáthoptaice agus ar iompar an bhainc chomhoibríoch faoi úinéireacht an Stáit agus shuigh sé nach raibh an banc ag gníomhú bunaithe ar mheasúnuithe cuimsitheacha margadhbhunaithe ar riosca creidmheasa. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (244), cuireadh iasachtaí ar fáil don dá ghrúpa shampláilte táirgeoirí onnmhairiúcháin ar rátaí úis a bhí faoi bhun nó gar do Rátaí Úis Tagarmhairc PBOC atá saor ó riosca agus an mBonnráta Iasachta, beag beann ar a staid airgeadais agus riosca creidmheasa. Dá bhrí sin, i bhfianaise riosca próifíle na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a bhfuil tuairisc orthu i Roinn 3.5.3.3 thíos agus, de réir na hanailíse riosca a rinne an Coimisiún, go mba cheart rátáil creidmheasa BB a bheith faighte ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus dá bhrí sin, go mba cheart dóibh rátaí úis a íoc a bhí cuid mhaith os cionn an ráta shaor ó riosca, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur tugadh na hiasachtaí i gceist faoi bhun rátaí an mhargaidh.

(253)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, gur fheidhmigh Rialtas na Síne rialú fiúntach ar iompar an bhainc chomhoibríoch faoi úinéireacht an Stáit i ndáil lena bheartais iasachtaithe agus a mheasúnú ar riosca maidir leis an tionscal cáblaí snáthoptaice.

(c)   Conclúid maidir le bainc faoi úinéireacht an Stáit

(254)

Shuigh an Coimisiún gur chuir an banc páirt-chomhoibríoch faoi úinéireacht an Stáit an creat dlíthiúil a leagtar amach thuas chun feidhme i bhfeidhmiú feidhmeanna rialtais i ndáil le hearnáil cáblaí snáthoptaice. Dá bhrí sin, bhí sé ag gníomhú mar chomhlacht poiblí sa chiall atá ag Airteagal 2(b) den bhun-Rialachán á léamh i gcomhar le hAirteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán agus i gcomhréir le cásdlí ábhartha EDT.

(2)    Institiúidí airgeadais neamh-chomhoibríocha faoi úinéireacht an Stáit

(255)

Mar a leagtar amach in aithris (218) thuas, níor thug aon cheann eile de na hinstitiúidí airgeadais faoi úinéireacht an Stáit a thug iasachtaí do na cuideachtaí sampláilte, freagra ar an gceistneoir sonrach. Níor thug Rialtas na Síne ach roinnt faisnéise faoi úinéireacht roinnt banc, ach níor thug sé faisnéis faoina struchtúr rialachais, measúnú riosca ná samplaí a bhain le hiasachtaí sonracha leis an tionscal cáblaí snáthoptaice.

(256)

Dá bhrí sin, i gcomhréir leis na conclúidí ar thángthas orthu i Roinn 3.2.1, chinn an Coimisiún úsáid a bhaint as na fíorais a bhí ar fáil chun a chinneadh cibé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn na hinstitiúidí airgeadais sin faoi úinéireacht an Stáit mar chomhlachtaí poiblí.

(257)

Thug Rialtas na Síne le fios go raibh na bainc a leanas, a raibh iasachtaí curtha ar fáil acu do na grúpaí sampláilte de tháirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú faoi chaibidil, faoi úinéireacht iomlán nó faoi pháirtúinéireacht ag an Stát féin nó ag daoine dlítheanacha sa Stát: Agricultural Bank of China, Bank of China, Bank of Communications, Bank of Jiangsu, Bank of Kunlun, Bank of Nanjing, Bank of Ningbo, China CITIC Bank China Development Bank, China Construction Bank, China Everbright Bank, China Guangfa Bank, China Merchants Bank, China Minsheng Bank, Hankou Bank, Industrial Bank, Industrial and Commercial Bank of China (ICBC), Ping An Bank, Postal Savings Bank, Shanghai Pudong Development Bank, agus Zheshang Bank.

(258)

Trí bhíthin faisnéis a bhí ar fáil go poiblí a úsáid, amhail an suíomh gréasáin, tuarascálacha bliantúla, faisnéis a bhí ar fáil in eolairí bainc nó ar an idirlíon, shuigh an Coimisiún go raibh na hinstitiúidí airgeadais a leanas, a raibh iasachtaí curtha ar fáil acu don dá ghrúpa sampláilte de tháirgeoirí onnmhairiúcháin, faoi úinéireacht iomlán nó faoi pháirtúinéireacht ag an Stát féin nó ag daoine dlítheanacha sa Stát:

Ainm

Faisnéis faoi struchtúr úinéireachta

Bank of Beijing

Ar a laghad 21 % de na scaireanna i seilbh an rialtais áitiúil agus náisiúnta agus cuideachtaí faoi úinéireacht stáit

Sinomach Finance Ltd.

Is le China National Machinery Industry Corporation Ltd (Sinomach) é, ar fiontar faoi úinéireacht Stáit é

(259)

Shuigh an Coimisiún freisin, in éagmais faisnéis shonrach ó na hinstitiúidí airgeadais faoi chaibidil a thug a mhalairt le tuiscint, go raibh úinéireacht agus rialú Rialtas na Síne bunaithe ar chomharthaí foirmiúla ar na cúiseanna céanna lena leagtar amach i bpointe (1) thuas. Go háirithe, bunaithe ar na fíorais atá ar fáil, dealraítear go gceapann Rialtas na Síne bainisteoirí agus maoirseoirí sna hinstitiúidí neamh-chomhoibríocha faoi úinéireacht an Stáit agus go bhfuil siad cuntasach do Rialtas na Síne ar an mbealach céanna agus atá sa bhanc comhoibríoch faoi úinéireacht an Stáit.

(260)

I ndáil le rialú a bheith á fheidhmiú ar bhealach fiúntach, mheas an Coimisiún go bhféadfaí a mheas go raibh na torthaí maidir leis an institiúid airgeadais chomhoibríoch faoi úinéireacht an Stáit ionadaíoch i gcás na n-institiúidí airgeadais neamh-chomhoibríocha faoi úinéireacht an Stáit freisin. Tá feidhm ag an gcreat normatach a ndearnadh anailís air i bpointe (1) thuas maidir leo ar an mbealach céanna. In éagmais aon táscaire lena dtabharfaí a mhalairt le tuiscint, bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, (58) tá an easpa fianaise nithiúla maidir le measúnuithe acmhainneachta creidmheasa bailí dóibh ar an mbealach céanna agus atá don bhanc comhoibríoch faoi úinéireacht an Stáit.

(261)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne neamhimleorgacht argóintí an Choimisiúin inar tháinig sé ar an gconclúid gur chomhlachtaí poiblí freisin a bhí i ngach institiúid airgeadais faoi úinéireacht an Stáit seachas banc EXIM. Rinne Rialtas na Síne argóint gur bhraith an Coimisiún ar chásanna frith-fhóirdheontas roimhe sin agus ar a chonclúidí féin i ndáil leis na hinstitiúidí airgeadais comhoibríocha faoi úinéireacht an Stáit agus gur theip air anailís ar bhonn cás ar chás a dhéanamh a gcuirfí dálaí sonracha gach cás san áireamh inti agus i ndáil le gach ceann de na hinstitiúidí airgeadais neamh-chomhoibríocha. Rinne Rialtas na Síne argóint eile nár sholáthair an Coimisiún cruthúnas leordhóthanach chun a chinneadh gurbh ann do rialú fiúntach ar na hinstitiúidí airgeadais faoi úinéireacht an Stáit, ó tharla go ndealraítear gurb é Rialtas na Síne a cheapann a mbainisteoirí agus a maoirseoirí.

(262)

I ndáil leis sin, mheabhraigh an Coimisiún gurbh éigean dó, in éagmais comhair ó na bainc eile faoi úinéireacht an Stáit, brath ar na fíorais a bhí ar fáil. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh í an fhaisnéis ó imscrúduithe roimhe seo, in éineacht le comharthaí foirmiúla de rialú agus torthaí an imscrúdaithe féin maidir le banc EXIM agus maidir le hiompar iarbhír na mbanc i leith na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iad na fíorais is fearr a bhí ar fáil sa chás seo. Ar chaoi ar bith, theip ar Rialtas na Síne aon fhianaise ná argóint a chur os comhair chun torthaí an Choimisiúin a bhréagnú maidir leis an bhfíoras gur comhlachtaí poiblí iad na bainc eile faoi úinéireacht an Stáit a chuireann iasachtaí ar fáil do na cuideachtaí sampláilte, de réir bhrí Airteagal 2(b) má léitear i gcomhar le hAirteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán é. Sheas an Coimisiún lena sheasamh mar sin.

(3)    Conclúid maidir le hinstitiúidí airgeadais faoi úinéireacht an Stáit

(263)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, shuigh an Coimisiún gur comhlachtaí poiblí iad na hinstitiúidí airgeadais ar fad faoi úinéireacht an Stáit a chuir maoiniú ar fáil don dá ghrúpa sampláilte de tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de réir bhrí Airteagal 2(b) má léitear i gcomhar le hAirteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán é.

(264)

Ina theannta sin, fiú amháin mura measfaí gur chomhlachtaí poiblí iad na hinstitiúidí airgeadais faoi úinéireacht an Stáit, shuigh an Coimisiún ar bhonn na faisnéise céanna go measfaí gur chuir Rialtas na Síne cúraimí ar a n-iontaoibh nó gur thug treoir dóibh na feidhmeanna a fheidhmiú a bheadh dílsithe de ghnáth sa rialtas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán ar na cúiseanna céanna, mar a leagtar amach i Roinn 3.5.1.2 thíos. Dá réir sin, bheadh a gcuid iompair curtha i leith Rialtas na Síne ar chaoi ar bith.

3.5.1.2.   Institiúidí airgeadais príobháideacha ar chuir an Stát cúraimí ar a n-iontaoibh nó ar thug an Stát treoir dóibh

(265)

Measadh go raibh na hinstitiúidí airgeadais a leanas faoi úinéireacht phríobháideach, bunaithe ar na torthaí a suíodh in imscrúduithe frith-fhóirdheontais roimhe seo (59) agus á chomhlánú le faisnéis a bhí ar fáil go poiblí: HSBC, CITI Bank China, Zijin Rural Commercial Bank, Mizuho Bank, Sumitomo Mitsui Banking (China), MUFG Bank, Bohai international Trust Co., Ltd., agus Hubei Rural Credit Cooperative. Rinne an Coimisiún anailís ar cibé a chuir nó nár chuir Rialtas na Síne cúraimí ar iontaoibh na n-institiúidí airgeadais sin nó ar thug sé treoraíocht dóibh fóirdheontais a dheonú ar an earnáil cáblaí snáthoptaice de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán.

(266)

De réir Bhuanchomhlacht Achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála, tarlaíonn ‘cur ar iontaoibh’ nuair a thugann rialtas freagracht do chomhlacht príobháideach agus déantar tagairt, le ‘treoraíocht’, do chásanna ina bhfeidhmíonn an rialtas a údarás ar chomhlacht phríobháideach (60). Sa dá chás, úsáideann an rialtas comhlacht príobháideach mar ionadú chun an ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh, agus ‘i bhformhór na gcásanna, bheifeá ag súil go mbeadh cineál éigin bagartha nó meallta ag baint le comhlacht a chur ar iontaoibh nó le treoir a thabhairt dó’ (61). An tráth céanna, le hAirteagal 3(1)(a)(iv), ní thugtar cead do Chomhaltaí bearta frithchúitimh a fhorchur i leith táirgí ‘sa chás nach bhfuil an rialtas ach ag feidhmiú a chumhachtaí rialála ginearálta’ (62) nó sa chás, maidir le hidirghabháil ón rialtas ‘go mbeadh nó nach mbeadh toradh áirithe air sin bunaithe ar na dálaí fíorasacha agus ar shaor-rogha a bheith á feidhmiú ag na gníomhaithe sa mhargadh sin’ (63). Seachas sin, tugtar le tuiscint le cur ar iontaoibh nó treoir a thabhairt ‘ról níos gníomhaí ón rialtas ná gníomhartha spreagtha agus sin amháin’ (64).

(267)

Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil feidhm ag an gcreat normatach a bhaineann leis an tionscal thuasluaite in aithrisí (232) go (238) maidir le hinstitiúidí airgeadais Dhaon-Phoblacht na Síne, lena n-áirítear institiúidí airgeadais faoi úinéireacht phríobháideach. Leis an méid sin a léiriú, cumhdaítear le Dlí na mBanc agus leis na horduithe éagsúla ón CBIRC gach banc ag a bhfuil cistiú ón tSín agus infheistíocht eachtrach agus atá faoi bhainistiú an CBIRC.

(268)

Thairis sin, bhí coinníollacha ag formhór na gconarthaí iasachta le hinstitiúidí faoi úinéireacht phríobháideach a bhí cosúil le coinníollacha na gconarthaí le bainc faoi úinéireacht an Stáit, agus bhí na rátaí iasachtaithe arna soláthar ag na hinstitiúidí airgeadais príobháideacha cosúil leis na rátaí arna soláthar ag na hinstitiúidí airgeadais faoi úinéireacht an Stáit.

(269)

In éagmais aon fhaisnéis éagsúil a bheith faighte ó na hinstitiúidí airgeadais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, a mhéid a bhaineann sé leis an tionscal cáblaí snáthoptaice, gur chuir an Stát ar iontaoibh gach institiúid airgeadais (lena n-áirítear institiúidí airgeadais príobháideacha) a oibríonn sa tSín faoi mhaoirseacht an CBIRC, agus gur thug an Stát treoraíocht dóibh, sa chiall atá ag Airteagal 3(1)(a)(iv), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, beartais rialtais a shaothrú agus iasachtaí a sholáthar don tionscal cáblaí snáthoptaice ar rátaí fabhracha. (65)

(270)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne gur theip ar an gCoimisiún cur ar iontaoibh nó treoraíocht ó Rialtas na Síne a léiriú, go háirithe nasc idir an rialtas agus iompar sonrach na n-institiúidí airgeadais ar fad. Áitíonn Rialtas na Síne nach leor feidhmiú a chumhachtaí rialála ginearálta, trí bhíthin díreach treoraíocht nó spreagadh a thabhairt, chun cur ar iontaoibh agus treoir a léiriú; go gcaithfeadh cineál éigin bagartha nó meallta a bheith ann. De réir Rialtas na Síne, cuireann Dlí na mBanc toirmeasc sainráite ar chur isteach ag Rialtas na Síne, ní thugtar ach treoraíocht leis na Rialacha Ginearálta maidir le hIasachtaí agus le Cinneadh Uimh. 40 agus ní sainordaitheach ná ceangailteach ó thaobh dlí iad. Ina theannta sin, mhaígh Rialtas na Síne gur theip ar an gCoimisiún ina dhualgas anailís den sórt sin a dhéanamh le haghaidh gach eintiteas.

(271)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an tuairim sin. Ó tharla go bhfuil an creat normatach a mhínítear in aithrisí (232) go (239), a bhfuil feidhm aige maidir le gach banc sa tSín, ceangailteach ó thaobh dlí de, mar a dheimhnítear a thuilleadh in aithrisí (248) agus (249), ní hionann é agus díreach spreagadh nó treoraíocht ón rialtas. Shuigh an Coimisiún cheana féin in aithris (239) thuas go dtugtar treoir le Cinneadh Uimh. 40 do na hinstitiúidí airgeadais uile gan tacaíocht chreidmheasa a sholáthar ach amháin do thionscadail atáthar a spreagadh, cé go n-iarrtar ar an mbanc cloí le prionsabail chreidmheasa le hAirteagal 17 den Chinneadh céanna. Thairis sin, shuigh an Coimisiún in aithris (251) gur bhraith Rialtas na Síne ar an gcreat normatach sin chun rialú a fheidhmiú ar bhealach fiúntach ar na hinstitiúidí airgeadais, rud a chuir teorainn leis an tsolúbthacht a bhí acu maidir le cibé a chuirfeadh nó nach gcuirfidís chun feidhme é. Dá bhrí sin, tá nasc soiléir ann idir Rialtas na Síne agus iompar sonrach na mbanc príobháideach, ina léirítear cur ar iontaoibh agus treoir ó Rialtas na Síne.

(272)

Ina theannta sin, mheabhraigh an Coimisiún go raibh air brath ar na fíorais a bhí ar fáil, in éagmais comhair ó na bainc phríobháideacha. Ó tharla nach ndearna ach banc amháin faoi úinéireacht an Stáit comhar i bpáirt, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a bhí ar fáil i gcás an bhainc sin, lena bhfuarthas amach gur chomhlacht poiblí a bhí ann, agus chuir an Coimisiún i gcomparáid é leis na coinníollacha iasachtaithe a chuir na bainc phríobháideacha neamh-chomhoibríocha ar fáil. Thairis sin, níor thaispeáin na RCCanna leis na cuideachtaí sampláilte aon difríochtaí suntasacha idir coinníollacha iasachtaí nó rátaí arna soláthar ag na hinstitiúidí airgeadais príobháideacha agus na cinn arna soláthar ag institiúidí airgeadais faoi úinéireacht an Stáit. Léirítear leis an bhforluí i rátaí gur sholáthair na bainc phríobháideacha iasachtaí faoi bhun téarmaí margaidh freisin i gcomhréir leis an gcreat normatach dá dtagraítear thuas. Dá bhrí sin, níl bunús le maíomh Rialtas na Síne gur theip ar an gCoimisiún ina dhualgas chun anailís den sórt sin a dhéanamh le haghaidh gach eintiteas.

(273)

Dá dheasca sin, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúid, a mhéid a bhaineann sé leis an tionscal cáblaí snáthoptaice, gur chuir an Stát ar iontaoibh gach institiúid airgeadais, lena n-áirítear institiúidí airgeadais príobháideacha, a oibríonn sa tSín, agus gur thug an Stát treoraíocht dóibh, sa chiall atá ag Airteagal 3(1)(a)(iv), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, beartais rialtais a shaothrú agus iasachtaí a sholáthar don tionscal cáblaí snáthoptaice ar rátaí fabhracha.

3.5.2.   Rátálacha creidmheasa

(274)

Chinn an Coimisiún cheana féin, in imscrúduithe frith-fhóirdheontais roimhe seo, nach raibh na rátálacha creidmheasa intíre a bronnadh ar chuideachtaí na Síne iontaofa, bunaithe ar staidéar a d’fhoilsigh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (66), inar léiríodh neamhréireacht idir rátálacha idirnáisiúnta agus rátálacha na Síne, i gcomhar le torthaí an imscrúdaithe maidir leis na cuideachtaí sampláilte. Go deimhin, de réir an CAI, tugann gníomhaireachtaí rátála áitiúla ráta ó AA go dtí AAA do bhreis agus 90 % de bhannaí na Síne. Níl sin inchomparáide le margaí eile, amhail an tAontas nó Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘SAM’). Mar shampla, níl rátaí chomh hard sin ach ag níos lú ná 2 % de ghnólachtaí i margadh SAM. Tá gníomhaireachtaí rátála creidmheasa na Síne thar a bheith claonta, mar sin, i dtreo an taobh is airde den scála rátála. Tá scálaí rátála an-leathan acu agus bíonn nós acu bannaí a chomhthiomsú lena mbaineann rioscaí mainneachtana atá difriúil go suntasach óna chéile isteach in aon chatagóir rátála leathan amháin (67). De réir léargas Bloomberg ar mhargadh bannaí na Síne in 2021 (68), tá cúig ghníomhaireacht rátála áitiúla de chuid na Síne i gceannas ar an margadh bannaí: China Chengxin, Dagong, Lianhe, Shanghai Brilliance, agus rátáil creidmheasa Golden, agus thart ar 90 % de na bannaí rátáil AAA ag gníomhaireachtaí rátála áitiúla. Mar sin féin, tá rátáil eisitheora níos ísle A agus BBB faighte ag go leor de na heisitheoirí ó S&P Global (69).

(275)

Ina theannta sin, is gnách do ghníomhaireachtaí rátála eachtracha, amhail Standard and Poor’s agus Moody’s, ardú a chur i bhfeidhm os cionn rátáil chreidmheasa bhunlíne an eisitheora bunaithe ar mheastachán ar thábhacht straitéiseach na gnólachta do Rialtas na Síne agus ar neart aon ráthaíochta intuigthe nuair a rátálann siad bannaí de chuid na Síne arna n-eisiúint thar lear (70).

(276)

Fuair an Coimisiún faisnéis bhreise freisin chun an anailís sin a chomhlánú. Ar an gcéad dul síos, chinn an Coimisiún go bhféadfaidh an Stát tionchar áirithe a imirt ar an margadh rátála creidmheasa.

(277)

De réir na faisnéise a chuir Rialtas na Síne ar fáil, bhí 14 ghníomhaireacht rátála creidmheasa gníomhach ar mhargadh bannaí na Síne le linn tréimhse an imscrúdaithe, lena n-áirítear 12 ghníomhaireacht rátála intíre.

(278)

Ar an dara dul síos, níl aon iontráil saor in aisce ar mhargadh rátála creidmheasa na Síne. Go bunúsach, is margadh iata é ó tharla go gcaithfidh Coimisiún Rialála Urrús na Síne (‘CSRC’) nó an PBOC gníomhaireachtaí rátála a fhormheas sula bhféadfaidh siad dul i mbun oibre (71). D’fhógair an PBOC i lár 2017 go gceadófaí do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar an gcoigríoch rátálacha creidmheasa a dhéanamh ar chuid den mhargadh bannaí intíre, faoi choinníollacha áirithe. Le linn tréimhse an imscrúdaithe, bhí dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa faoi úinéireacht eachtrach agus dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa chomhfhiontar faoi úinéireacht Shín-eachtrach ag obair i margadh na Síne. Leanann na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sin scálaí rátála na Síne, áfach, agus dá bharr sin níl siad inchomparáide go cruinn le rátálacha idirnáisiúnta, mar a mhínítear in aithris (275).

(279)

Ar deireadh, deimhnítear torthaí an Choimisiúin i staidéar a rinne PBOC féin in 2017, mar a luaitear ina chonclúidí ‘i gcás ina socraítear leibhéal infheistíochta bannaí eachtracha ag rátáil idirnáisiúnta BBB-agus níos airde, féadfar rátáil leibhéal AA agus os a chionn a thabhairt don ghrád infheistíochta bannaí intíre, agus aird á tabhairt ar an difríocht idir an mheánrátáil intíre agus an rátáil idirnáisiúnta de 6 scór nó níos mó” (72).

(280)

I bhfianaise an cás a bhfuil tuairisc air in aithrisí (274) go (279) thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach soláthraíonn rátálacha creidmheasa na Síne meastachán iontaofa ar riosca creidmheasa na sócmhainne foluití. Bhí na rátálacha sin saofa ag na cuspóirí beartais freisin chun príomh-thionscail straitéiseacha a spreagadh, amhail an tionscal cáblaí snáthoptaice.

3.5.3.   Maoiniú fabhrach: iasachtaí

3.5.3.1.   Cineálacha iasachtaí

(1)    Iasachtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha

(281)

Shuigh an Coimisiún gur úsáid cuideachtaí sa dá ghrúpa sampláilte iasachtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha éagsúla chun a ngníomhaíochtaí a mhaoiniú. Úsáideadh na hiasachtaí sin le haghaidh oibríochtaí laethúla, riachtanais caipitil oibre, tionscadail speisialta agus infheistíochtaí den chuid is mó, nó cuireadh iad in ionad iasachtaí eile. D’úsáid an dá ghrúpa creidmheasanna onnmhairiúcháin gearrthéarmacha agus fadtéarmacha freisin.

(2)    Iasachtaí a raibh mar chuspóir sonrach acu dul in ionad iasachtaí eile

(282)

I rith an imscrúdaithe, shuigh an Coimisiún gur thóg cuideachtaí sampláilte áirithe iasachtaí amach a raibh mar chuspóir sonrach acu dul in ionad iasachtaí ó bhainc eile. Leis an gcleachtas sin, d’fhéadfadh cuideachtaí a ndliteanais a athshocrú agus cistí a fháil chun na hoibleagáidí a bhí acu roimhe sin a aisíoc, rud a thugann le tuiscint go raibh deacrachtaí acu fiachas a aisíoc, cheal aon chúis eile leis an gcleachtas.

(283)

Meastar go dtugtar le tuiscint, trí bhíthin iasachtaí a úsáid chun críche iasachtaí eile atá amuigh a aisíoc agus chun na críche sin amháin, nach bhfuil sé ar chumas na cuideachta a dliteanais iasachta reatha a chomhlíonadh agus, mar sin, go gcruthaítear riosca breise maidir lena maoiniú gearrthéarmach agus fadtéarmach.

(3)    Iasacht ó scairshealbhóir

(284)

Shuigh an Coimisiún go bhfuair ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte iasacht bhainc ó China Development Bank trína mháthairchuideachta. Thóg an mháthairchuideachta an iasacht amach leis an mbanc laistigh de ‘iasacht ó scairshealbhóir’ nó ‘iasacht ar iontaoibh’ mar a thugtar orthu le haghaidh tionscadal taighde agus forbartha arna dhéanamh ag an táirgeoir onnmhairiúcháin, agus d’aistrigh fáltais na hiasachta chuig an táirgeoir onnmhairiúcháin faoi na coinníollacha conartha céanna agus a síníodh leis an mbanc. I rith an RCC, mhínigh an chuideachta i gceist go bhfuil cistí speisialta ag China Development Bank le haghaidh tionscadal agus gur féidir iad a sholáthar i bhfoirm iasachtaí d’eintitis faoi úinéireacht lárnach agus dóibh sin amháin, eintitis atá faoi rialú díreach SASAC. Socraíodh an iasacht go díreach idir an táirgeoir onnmhairiúcháin agus an banc, áfach. Ina theannta sin, sonraítear sa chonradh iasachta go dtugann an banc coimisiúnú don mháthairchuideachta an ‘iasacht ar iontaoibh’ a dheonú ar an táirgeoir onnmhairiúcháin le haghaidh ionchur caipitil an tionscadail.

(285)

Shuigh an Coimisiún chomh maith gur eagraíocht infheistíochta atá dírithe ar bheartas é China Development Bank Fund, a thugann tacaíocht, go príomha, do ‘thionscadail i bpríomh-earnálacha a aithníonn an Stát’ trí bhíthin ‘infheistíocht i gcaipiteal tionscadail, infheistíocht in eintitis, iasachtaí ó scairshealbhóirí agus infheistíochtaí i gcistí infheistíochta áitiúla agus i gcistí cuideachta maoinithe, chun na bearnaí i bpríomh-thionscadail a líonadh’ (73).

(286)

Chuir an Coimisiún san áireamh gur úsáid an táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte fáltais na hiasachta dá thionscadail féin, gur socraíodh an iasacht go díreach idir an táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte agus an banc, agus go raibh conradh iasachta ag an táirgeoir onnmhairiúcháin lena mháthairchuideachta a bhí ar aon dul leis an gconradh scairshealbhóirí idir an mháthairchuideachta agus an banc, agus dá bharr sin, mheas an Coimisiún nach raibh ach ról mar idirghabhálaí ag an máthairchuideachta agus comhaontaigh sé le China Development Bank an iasacht a sholáthar don táirgeoir onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún an iasacht i gceist san áireamh mar mhaoiniú a sholáthair an banc don táirgeoir onnmhairiúcháin i gceist.

3.5.3.2.   Sainiúlacht

(287)

Mar a léiríodh in aithrisí (232) go (238), tugtar treoir do na hinstitiúidí airgeadais i roinnt doiciméad dlíthiúil a dhírítear go sonrach ar chuideachtaí san earnáil chun iasachtaí a sholáthar ar rátaí atá fabhrach don tionscal cáblaí snáthoptaice. Léiríonn na doiciméid sin nach soláthraíonn na hinstitiúidí airgeadais maoiniú fabhrach ach do líon teoranta tionscal/cuideachtaí, a chloíonn le beartais ábhartha Rialtas na Síne. Mheas an Coimisiún go bhfuil an tagairt don tionscal cáblaí snáthoptaice soiléir a dhóthain mar gheall go sainaithnítear an tionscal sin lena ainm, nó le tagairt don táirge a mhonaraíonn sé, nó don ghrúpa tionscail lena mbaineann sé. Thairis sin, mar a míníodh in aithris (286), thairbhigh ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte d’iasacht a sholáthair China Development Bank Fund, a thacaíonn, go príomha, le “tionscadail i bpríomhearnálacha a aithníonn an Stát”. Dá bhrí sin, de bharr go dtacaíonn Rialtas na Síne le grúpa teoranta tionscal atáthar a spreagadh, lena n-áirítear an tionscal cáblaí snáthoptaice, is fóirdheontas sonrach é seo.

(288)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne agus an ZTT Group nach iasachtaí sonracha iad na hiasachtaí i gceist. De réir Rialtas na Síne, níor léirigh an Coimisiún go gcuireann an reachtaíocht faoina dtugtar an tacaíocht airgeadais teorainn shainráite ar rochtain ar an tacaíocht agus níl aon cheann de na doiciméid a ndearna an Coimisiún tagairt dóibh dírithe ar an tionscal cáblaí snáthoptaice, nach tionscal atáthar a spreagadh i nDaon-Phoblacht na Síne é, dar le Rialtas na Síne.

(289)

Maidir leis sin, thug an Coimisiún dá aire, cé nach sonraítear tionscail atáthar a spreagadh ar leibhéal mionsonraithe ina gcuirfí an tionscal cáblaí snáthoptaice san áireamh go díreach sna doiciméid a liostaítear in aithris (232) agus go háirithe, Cinneadh Uimh. 40, Dlí na mBanc agus na Rialacha Ginearálta maidir le hIasachtaí, déantar tagairt iontu do bheartais thionsclaíocha Rialtas na Síne chun tacú le tionscail atáthar a spreagadh. Mar ar thángthas ar chonclúid maidir leis i Roinn 3.1, is tionscal atáthar a spreagadh é an tionscal cáblaí snáthoptaice. Léiríodh, trí na doiciméid uile lena mbaineann a léamh, gur thug Rialtas na Síne treoir d’institiúidí airgeadais beartais thionsclaíocha Rialtas na Síne a chur san áireamh ina n-oibríochtaí gnó iasachta agus, de réir na mbeartas tionsclaíoch sin de chuid Rialtas na Síne, go bhfuil oibleagáid ar institiúidí airgeadais tacaíocht chreidmheasa a sholáthar do thionscail atáthar a spreagadh. Dá bhrí sin, is é an toradh ar an scéal ná go dtacaíonn Rialtas na Síne go sainráite le grúpa teoranta tionscal atáthar a spreagadh, lena n-áirítear an tionscal cáblaí snáthoptaice. Dá bhrí sin, is fóirdheontas sonrach é an fóirdheontas seo. Sheas an Coimisiún lena chonclúidí mar sin.

(290)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil fóirdheontais i bhfoirm iasachtú fabhrach ar fáil go ginearálta do na tionscail uile ach go bhfuil siad sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán.

3.5.3.3.   Sochar agus méid an fhóirdheontais a ríomh

(291)

Ríomh an Coimisiún méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe bunaithe ar an sochar a bronnadh ar na faighteoirí le linn na tréimhse imscrúdaithe. De réir Airteagal 6(b) den bhun-Rialachán, is éard atá sa sochar a bronnadh ar na faighteoirí an difríocht idir méid an úis a d’íoc an chuideachta ar an iasacht fhabhrach agus an méid a d’íocfadh an chuideachta ar iasacht tráchtála inchomparáide a d’fhéadfadh an chuideachta a fháil ar an margadh.

(292)

Mar a míníodh i Roinn 3.5.1 agus i Roinn 3.5.2 thuas, léiríonn na hiasachtaí a chuir institiúidí airgeadais na Síne ar fáil idirghabháil shuntasach rialtais agus ní léiriú iad ar na rátaí a bheadh le fáil i margadh feidhmiúil de ghnáth.

(293)

Bhí difríochtaí sna grúpaí sampláilte cuideachtaí i dtéarmaí a staid airgeadais ghinearálta. Bhain gach ceann díobh tairbhe as cineálacha éagsúla iasachtaí i rith thréimhse an imscrúdaithe agus bhí éagsúlachtaí ann i leith aibíochta, comhthaobhachta, ráthaíochtaí agus coinníollacha eile. Ar an dá chúis sin, bhí meánráta úis ag gach cuideachta a bhí bunaithe ar a thacar iasachtaí féin.

(294)

Rinne an Coimisiún measúnú ar staid airgeadais gach grúpa sampláilte de tháirgeoirí onnmhairiúcháin go haonarach chun na saintréithe sin a léiriú. I ndáil leis sin, lean an Coimisiún an mhodheolaíocht ríomha le haghaidh airgeadas fabhrach trí iasachtaí a suíodh san imscrúdú frith-fhóirdheontais ar tháirgí cruach teorollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, chomh maith le sna himscrúduithe frith-fhóirdheontais ar bhoinn de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus ar fhabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (74) agus mar a mhínítear sna haithrisí thíos. Mar thoradh air sin, ríomh an Coimisiún an tairbhe ón maoiniú fabhrach trí chleachtais iasachtaí le haghaidh gach grúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar bhonn aonair, agus leithdháil tairbhe den sórt sin ar an táirge lena mbaineann.

(1)    An grúpa FTT

(295)

Thug an Coimisiún dá aire gur bhronn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa na Síne rátáil chreidmheasa AAA ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Ghrúpa FTT, agus gur idir B agus AAA a bhí rátáil chreidmheasa a gcuideachtaí gaolmhara. I bhfianaise saobhadh foriomlán rátálacha creidmheasa na Síne a luadh i Roinn 3.5.2, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil na rátálacha sin iontaofa.

(296)

Mar a luadh in aithrisí (243) go (253) thuas, níor chuir institiúidí airgeadais iasachtaí na Síne aon mheasúnú acmhainneacht creidmheasa ar fáil san imscrúdú seo. Dá bhrí sin, chun an tairbhe a shuí, bhí ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar cibé acu an raibh nó nach raibh na rátaí úis do na hiasachtaí a bhí ar fáil don Ghrúpa FTT ar leibhéal an mhargaidh.

(297)

Chuir táirgeoirí onnmhairiúcháin an Ghrúpa FTT iad féin i láthair i staid airgeadais a bhí brabúsach, go ginearálta, le corrlaigh bhrabúis idir 1 % agus 3 % de réir a gcuntas airgeadais féin, cé go raibh na corrlaigh bhrabúis i bhfad faoin gcorrlach brabúis a bhfuil coinne leis go ginearálta sa tionscal OFCanna, a socraíodh ag 12.4 % san imscrúdú frithdhumpála ar leithligh.

(298)

Bhain ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Ghrúpa FTT úsáid as fiachas gearrthéarmach agus fadtéarmach chun a oibríochtaí a mhaoiniú. Rinne an Coimisiún measúnú ar an leachtacht ghearrthéarmach agus ar staid sócmhainneachta fadtéarmaí na cuideachta.

(299)

Maidir le leachtach ghearrthéarmach, bhain an Coimisiún úsáid as cóimheasa leachtachta amhail an cóimheas atá ann faoi láthair, mearchóimheas, cóimheas airgid agus cóimheas sreabhaidh airgid. Déanann na cóimheasa sin tomhas ar chumas na cuideachta oibleagáidí gearrthéarmacha a íoc, lena n-áirítear fiachas gearrthéarmach. Chuir an chuideachta meán-chóimheas de 1.1 i láthair i rith thréimhse an imscrúdaithe. Cé go bhfuil an cóimheas atá ann faoi láthair beagán os cionn 1, is ionann na sócmhainní atá ag an gcuideachta faoi láthair agus díreach an méid is gá chun na hoibleagáidí gearrthéarmacha a íoc, méid nach bhfuil leordhóthanach chun údar a thabhairt le hardrátáil chreidmheasa, ar ina leith ba cheart do chuideachta cóimheas ar a laghad 2 a chur i láthair. Ba 0.8 in 2019 agus 0.6 in 2020 a bhí i mearchóimheas na cuideachta agus meastar gur tagairt é mearchóimheas ar a laghad 1. Go deimhin, seans nach mbeidh cuideachta a bhfuil mearchóimheas faoi bhun 1 aici in ann a dliteanais reatha a íoc sa ghearrthéarma. Ba 0.1 ar an meán bhí i gcóimheas airgid na cuideachta sa tréimhse imscrúdaithe; dá bhrí sin, ní raibh a dhóthain airgid ar láimh ag an gcuideachta chun a fiachas gearrthéarmach a íoc. Thaispeáin an chuideachta sreabhadh airgid diúltach freisin ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin (‘CFO’) in 2019 agus 2020. Ba - 0.07 in 2019 agus - 0.00007 in 2020 a bhí sa chóimheas CFO. Ciallaíonn cóimheas CFO níos ísle ná 1 nach bhfuil go leor airgid ginte ag an gcuideachta chun a dliteanais reatha a chumhdach.

(300)

Agus aird ar na táscairí leachtachta a dtugtar tuairisc orthu in aithris (299), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chuir an chuideachta i gceist fadhbanna leachtachta gearrthéarmacha i láthair, agus an toradh air sin ná próifíl féichiúnaí ardriosca.

(301)

Bhunaigh an Coimisiún an measúnú riosca maidir le sócmhainneacht fhadtéarmach ar chóimheasa sócmhainneachta éagsúla amhail cóimheasa fiachais agus cóimheasa cumhdaigh. Leis na cóimheasa sócmhainneachta, déantar cumas na cuideachta a thomhas ó thaobh a hoibleagáidí fiachais fadtéarmacha a chomhlíonadh. Baineann iasachtóirí agus infheisteoirí bannaí úsáid astu nuair atá measúnú á dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa na cuideachta.

(302)

Le cóimheasa fiachais, déantar méid na ndliteanas a thomhas, go háirithe fiachas fadtéarmach. Bhí cóimheas ard Fiachais/Sócmhainní de 0.67 ag an gcuideachta, rud a chiallaíonn go maoinítear 67 % de shócmhainní na cuideachta le fiachas. Ba 1.9 in 2019 agus 2.8 in 2020 a bhí sa chóimheas Fiachais/Sócmhainní, rud a thugann le fios go bhfuil a gníomhaíochtaí á maoiniú ag an gcuideachta trí fhiachas, go príomha. Dá airde na cóimheasa Fiachais/Sócmhainní agus Fiachais/Cothromais is é is airde riosca airgeadais na cuideachta freisin.

(303)

Leis na cóimheasa cumhdaigh, déantar cumas na cuideachta a thomhas ó thaobh freastal ar a fiachas agus a hoibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh. Bhunaigh an chuideachta a mheasúnú ar an gcóimheas cumhdaigh úis agus ar an gcóimheas CFO/Fiachais. Leis an gcóimheas cumhdaigh úis, taispeántar cumas na cuideachta costais úis a mhaoiniú. Ba 1.4 in 2019 agus 0.6 in 2020 a bhí sa chóimheas sin. I dtéarmaí anailíse airgeadais, tugtar le fios le cóimheas cumhdaigh níos lú ná 1.5 go bhfuil deacrachtaí ag an gcuideachta a speansais úis a chomhlíonadh. Leis an gcóimheas CFO/fiachais, taispeántar cumas na cuideachta a fiachas a íoc le hairgead arna ghiniúint ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin. Ba é meán-chóimheas CFO/fiachais na cuideachta sa tréimhse imscrúdaithe, – 6 % in 2019 agus – 0.006 % in 2020. Ciallaíonn sin go dteastódh 16 bliana ón gcuideachta, de réir chóimheas 2019, chun a fiachas uile a aisíoc leis an sreabhadh airgid oibriúcháin a ghineann sí. Taispeánann na sonraí ó 2020 cás níos measa fiú. Dá bhrí sin, tugtar le tuiscint go bhfuil fadhbanna tromchúiseacha ag an gcuideachta go leor airgid a ghiniúint chun a fiachas a aisíoc.

(304)

Thairis sin, tá iasachtaí faighte ag an gcuideachta seo chun críche iasachtaí ó bhainc eile a aisíoc agus chun na críche sin amháin. Mar a dtugtar tuairisc air in aithrisí (282) agus (283), meastar go dtugtar le tuiscint, trí bhíthin iasachtaí den chineál sin, nach bhfuil sé ar chumas na cuideachta a dliteanais iasachta reatha a chomhlíonadh agus, mar sin, go gcruthaítear riosca breise maidir lena maoiniú gearrthéarmach agus fadtéarmach.

(305)

Dá bhrí sin, agus aird aige ar na saincheisteanna leachtachta agus sócmhainneachta a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí (299) go (304), mheas an Coimisiún gur chuir an chuideachta staid airgeadais leochaileach i láthair agus próifíl ardriosca d’iasachtóirí agus d’infheisteoirí féideartha.

(306)

Ní raibh aon iasachtaí ag an dara táirgeoir onnmhairiúcháin sa ghrúpa. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, gur mhaoinigh sé 35 % dá cheannacháin le dréachtaí glacachta bainc, ar ionstraim airgeadais ghearrthéarmach fhabhrach iad, mar a shuitear i Roinn 3.5.4.2 thíos. B’ionann fiachas an táirgeora sin meánmhéid de 61 % de na sócmhainní uile sa tréimhse imscrúdaithe lenar bhain cóimheas Fiachais/Sócmhainní de 0.6, agus meán-chóimheas Fiachais/Cothromais de 1.6 sa tréimhse imscrúdaithe. Ciallaíonn sin gur mhaoinigh an chuideachta a hoibríochtaí trí fhiachas, go príomha, ar toisc riosca é.

(307)

Ó tharla gur mhaoinigh an chuideachta seo a gníomhaíochtaí trí mhaoiniú gearrthéarmach go príomha, dhírigh an Coimisiún a anailís ar staid leachtachta na cuideachta. Chuir an chuideachta cóimheas reatha de 0.9, mearchóimheas de 0.7, cóimheas airgid de 0.1 agus cóimheas CFO de 0.1 i láthair, ar an meán, sa tréimhse imscrúdaithe. Tugtar fadhbanna leachtachta le tuiscint leis na cóimheasa sin, mar gheall go bhfuil na dliteanais reatha uile níos airde ná na sócmhainní reatha uile agus go bhfuil an chuideachta i gcás inarb amhlaidh nach bhféadfaidh sí na dliteanais reatha a íoc le hairgead arna ghiniúint ag a sócmhainní reatha agus lena gníomhaíochtaí oibriúcháin. I dtéarmaí na hanailíse airgeadais, glactar leis go ginearálta go dtugann cóimheasa leachtachta faoi bhun 1 fadhbanna leachtachta le tuiscint, agus measann institiúidí iasachtaí gur riosca é sin.

(308)

Má chuirtear san áireamh na fadhbanna tromchúiseacha leachtachta agus sócmhainneachta ar tharraing an anailís airgeadais ar an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa Ghrúpa FTT aird orthu, mar a dtugtar tuairisc air in aithrisí (298) go (307), mheas an Coimisiún go gcomhfhreagraíonn staid airgeadais foriomlán an Ghrúpa FTT do rátáil BB, arb í an rátáil is airde nach gcáilíonn a thuilleadh mar ‘ghrád infheistíochta’. Ciallaíonn ‘grád infheistíochta’ go mbreithníonn an ghníomhaireacht rátála go bhfuil bannaí arna n-eisiúint ag an gcuideachta sách dóthanach chun oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh go gceadaítear do bhainc infheistiú iontu.

(309)

Bunaithe ar shonraí atá ar fáil go poiblí ar Bloomberg, d’úsáid an Coimisiún mar thagarmharc an phréimh a bhfuil coinne léi ar bhannaí arna n-eisiúint ag gnólachtaí a bhfuil rátáil BB acu, a cuireadh i bhfeidhm maidir le Ráta Tagarmhairc Iasachta PBOC, nó tar éis an 20 Lúnasa 2019, maidir leis an mBonnráta Iasachta a d’fhógair an NIFC (75) chun an ráta margaidh a chinneadh.

(310)

Cinneadh an corrlach brabúis sin tríd an raon difríochta coibhneasta idir innéacsanna bhannaí corparáide SAM lena mbaineann rátáil AA agus bhannaí corparáideacha SAM lena mbaineann rátáil BB a ríomh, bunaithe ar shonraí Bloomberg le haghaidh deighleoga tionsclaíocha. Cuireadh an raon difríochta coibhneasta a ríomhadh ar an gcaoi sin leis an Ráta Tagarmhairc Iasachta a d’fhoilsigh PBOC, nó tar éis an 20 Lúnasa 2019, leis an mBonnráta Iasachta a d’fhoilsigh an NIFC, amhail an dáta ar deonaíodh an iasacht (76) agus don fhad céanna leis an iasacht i gceist. Rinneadh é sin go haonarach do gach iasacht a cuireadh ar fáil don ghrúpa cuideachtaí.

(311)

Maidir le hiasachtaí a ainmnítear in airgeadraí eachtracha, tá feidhm ag an gcás céanna i leith saobhadh margaidh agus easpa rátálacha creidmheasa bailí, mar gheall gurb iad na hinstitiúidí airgeadais céanna de chuid na Síne a dheonaíonn na hiasachtaí sin. Dá bhrí sin, mar a suíodh roimhe seo, úsáideadh bannaí corparáide in ainmníochtaí ábhartha a raibh rátáil BB acu agus ar eisíodh iad i rith thréimhse an imscrúdaithe, chun tagarmharc iomchuí a chinneadh.

(312)

Suíodh an tairbhe tríd an tagarmharc a dtugtar tuairisc air in aithris (310) a chur i bhfeidhm maidir leis an tréimhse um maoiniú iasachtaí i rith thréimhse an imscrúdaithe.

(2)    An grúpa ZTT

(313)

Thug an Coimisiún dá aire gur bhronn gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil AA+ ar an nGrúpa ZTT in 2018. I bhfianaise saobhadh foriomlán rátálacha creidmheasa na Síne a luadh i Roinn 3.5.2, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil an rátáil chreidmheasa AA+ sin a bronnadh ar an nGrúpa ZTT iontaofa.

(314)

Mar a luadh in aithrisí (243) go (253) thuas, níor chuir institiúidí airgeadais iasachtaí na Síne aon mheasúnú acmhainneacht creidmheasa ar fáil. Dá bhrí sin, chun an tairbhe a shuí, bhí ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar cibé acu an raibh nó nach raibh na rátaí úis do na hiasachtaí a bhí ar fáil don Ghrúpa ZTT ar leibhéal an mhargaidh.

(315)

Chuir táirgeoirí onnmhairiúcháin an Ghrúpa ZTT iad féin i láthair i staid airgeadais a bhí brabúsach, go ginearálta, de réir a gcuntas airgeadais féin.

(316)

Thaispeáin an anailís ar cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa ghrúpa laghdú ar láimhdeachas, áfach, i gcomhar le hardú suntasach ar a dhliteanais ó 2018. Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil an chuideachta ag athrú a giaráil airgeadais, arna sloinneadh mar an cóimheas fiachais/cothromais (77), ag méadú a spleáchas ar mhaoiniú seachtrach agus ag teorannú sciar na gcistí faoi lánúinéireacht chun a fás a mhaoiniú. Thairis sin, cé go bhfuil an chuideachta i staid bhrabúsach, ba cheart a thabhairt ar aird gur tháinig laghdú ar an gcorrlach brabúis, chomh maith le ar an toradh ar chothromas (78), ó 2018. Ar an gcaoi chéanna, shuigh an Coimisiún gur bhain an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin agus cuideachtaí gaolmhara eile sa ghrúpa úsáid ghinearálta as iasachtaí gearrthéarmacha chun críche caipiteal oibre do na hoibríochtaí laethúla a mhaoiniú.

(317)

Trí anailís a dhéanamh ar an nGrúpa ZTT ó chur chuige comhdhlúthaithe, thug an Coimisiún dá aire gur eisigh an grúpa bannaí agus é de rún aici cur le caipiteal oibre na cuideachta, i dteannta tionscadal eile. Leis an ngníomhaíocht sin, aithníonn an grúpa go gcaithfidh sé caipiteal oibre a athsholáthar chun leachtacht leordhóthanach a chur ar fáil don leathnú atá á dhéanamh ar an ngnólacht. Thairis sin, bhí treocht íslitheach ag ráta ollbhrabúis an Ghrúpa ZTT sa tréimhse 2015 go 2018 agus bhí sé faoi bhun mheánmhéid na gcuideachtaí inchomparáide a tháirgeann snáithíní optúla (79). Shuigh an t-imscrúdú freisin gur eisigh Zhongtian Technology Group Co., Ltd, máthairchuideachta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bannaí gearrthéarmacha chun críche fiachas a aisíoc. Bunaíodh babhtáil fiachais go cothromas ar an gcaoi chéanna (80).

(318)

I bhfianaise an mhéid thuas, mheas an Coimisiún go gcomhfhreagraíonn staid airgeadais foriomlán an ghrúpa do rátáil BB, arb í an rátáil is airde nach gcáilíonn a thuilleadh mar ‘ghrád infheistíochta’. Ciallaíonn ‘grád infheistíochta’ go mbreithníonn an ghníomhaireacht rátála go bhfuil bannaí arna n-eisiúint ag an gcuideachta sách dóthanach chun oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh go gceadaítear do bhainc infheistiú iontu.

(319)

Cuireadh an phréimh a raibh coinne léi ar bhannaí arna n-eisiúint ag gnólachtaí a raibh an rátáil BB sin acu i bhfeidhm maidir le ráta caighdeánach iasachta de chuid Ráta Tagarmhairc Iasachta PBOC, nó tar éis an 20 Lúnasa 2019, maidir leis an mBonnráta Iasachta a d’fhoilsigh an NIFC, chun an ráta margaidh a chinneadh.

(320)

Cinneadh an corrlach brabúis sin tríd an raon difríochta coibhneasta idir innéacsanna bhannaí corparáide SAM lena mbaineann rátáil AA agus bhannaí corparáideacha SAM lena mbaineann rátáil BB a ríomh, bunaithe ar shonraí Bloomberg le haghaidh deighleoga tionsclaíocha. Cuireadh an raon difríochta coibhneasta a ríomhadh ar an gcaoi sin leis an Ráta Tagarmhairc Iasachta nó leis an mBonnráta Iasachta amhail an dáta ar deonaíodh an iasacht agus don fhad céanna leis an iasacht i gceist. Rinneadh é sin go haonarach do gach iasacht a cuireadh ar fáil don ghrúpa cuideachtaí.

(321)

Maidir le hiasachtaí a ainmnítear in airgeadraí eachtracha, tá feidhm ag an gcás céanna i leith saobhadh margaidh agus easpa rátálacha creidmheasa bailí, mar gheall gurb iad na hinstitiúidí airgeadais céanna de chuid na Síne a dheonaíonn na hiasachtaí sin. Dá bhrí sin, mar a suíodh roimhe seo, úsáideadh bannaí corparáide in ainmníochtaí ábhartha a raibh rátáil BB acu agus ar eisíodh iad i rith thréimhse an imscrúdaithe, chun tagarmharc iomchuí a chinneadh.

(322)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne nár thug na hiasachtaí i gceist tairbhe de réir bhrí Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán agus Airteagal 1(1)(b) den Chomhaontú EDT. Mheas Rialtas na Síne gur thug an Coimisiún neamhaird go neamhdhleathach ar rátáil chreidmheasa an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch agus níor aontaigh sé leis an modheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún chun tagarmharc a shuí, rud atá bunaithe ar mhainneachtain rátálacha creidmheasa na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a chur san áireamh. Thug Rialtas na Síne ar aird, cé go bhfuil torthaí an Choimisiúin maidir le hiasachtaí bunaithe, cuid mhaith, ar an measúnú a rinne sé ar staid airgeadais lag, más fíor, na gcuideachtaí i gceist, go bhfuil measúnú an Choimisiúin mícheart maidir leis sin, go háirithe i ndáil le hiasachtaí imrothlach na gcuideachtaí.

(323)

Maidir leis sin, rinne an Coimisiún tagairt dá thorthaí agus dá chonclúidí i Roinn 3.5.2 ina léirigh sé nach gcuireann rátálacha creidmheasa na Síne meastachán iontaofa ar fáil maidir leis an riosca creidmheasa agus go ndéanann cuspóirí beartais Rialtas na Síne na rátálacha creidmheasa sin a shaobhadh chun príomh-thionscail straitéiseacha a spreagadh. Dá bhrí sin, níl bunús le maíomh Rialtas na Síne maidir le rátálacha creidmheasa na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Chun rátáil chreidmheasa a chomhfhreagraíonn do phróifíl riosca na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha a shuí, rinne an Coimisiún anailís airgeadais ar na cuideachtaí i gceist i bpointí (1) agus (2) thuas, lenar tugadh staid airgeadais a chomhfhreagraíonn le rátáil BB le tuiscint. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh Rialtas na Síne.

(324)

Mhaígh Rialtas na Síne freisin gur theip ar an gCoimisiún údar a thabhairt leis an bhfáth nár úsáid sé iasacht inchomparáide ar mhargadh na Síne agus gur theip air a thaispeáint, ar bhonn fianaise dearfach, go bhfuil an margadh le haghaidh iasachtaí i nDaon-Phoblacht na Síne saofa ag idirghabháil ón rialtas. Mhaígh Rialtas na Síne freisin, fiú nuair a chuaigh an Coimisiún i muinín tagarmharcanna seachtracha chun tairbhe a bhunú, nach ndearna an Coimisiún na coigeartuithe riachtanacha dá thagarmharc ionadach agus nár mhínigh sé go leordhóthanach conas atá tagarmharc ionadach den sórt sin comhionann le hiasacht tráchtála inchomparáide atá ar fáil ar an margadh. De réir Rialtas na Síne, ba cheart don Choimisiún na difríochtaí a bhí ann, inter alia i méideanna na n-iasachtaí, sna téarmaí aisíocaíochta, agus sna breithnithe maidir le cibé acu ar deonaíodh nó nár deonaíodh na hiasachtaí i ndáiríre agus cé na difríochtaí a bhfuil éifeacht acu ar na rátaí iasachta.

(325)

Maidir leis sin, mar a míníodh thuas, measadh go raibh na rátálacha creidmheasa intíre a bronnadh ar chuideachtaí de chuid na Síne saofa ag cuspóirí beartais Rialtas na Síne chun príomh-thionscail straitéiseacha a spreagadh agus nach raibh siad iontaofa dá bhrí sin. Mar thoradh air sin, bhí ar an gCoimisiún tagarmharc bunaithe ar rátálacha creidmheasa neamhshaofa a lorg. Níor chomhaontaigh an Coimisiún le dearcadh Rialtas na Síne nach ndearna sé na coigeartuithe riachtanacha ar a thagarmharc ionadach. Ar an gcéad dul síos, bhain an Coimisiún Ráta úsáid as Tagarmhairc Iasachta PBOC agus an Bonnráta Iasachta mar thúsphointe don ríomh. Ar an dara dul síos, trí bhíthin an raon difríochta coibhneasta a úsáid, cuimsítear athruithe sna coinníollacha margaidh a bhaineann le tíortha ar leith, athruithe nach sloinntear iad nuair a leantar loighic dhearbhraoin difríochta. Thug an Coimisiún faoi deara nach féidir na tosca ar fad maidir le measúnú riosca aonarach ar bhanc a chur san áireamh sa tagarmharc ionadach. Mar sin féin, cuirtear paraiméadair iasachtaí aonaracha san áireamh i modheolaíocht ríofa an Choimisiúin, amhail dáta tosaigh agus fad na hiasachta, chomh maith le hinathraitheacht an ráta úis. Diúltaíodh do mhaímh Rialtas na Síne dá réir sin.

(326)

Chuir Rialtas na Síne in aghaidh an raoin difríochta coibhneasta idir bhannaí arna rátáil mar AA agus BB a úsáid mar an gcorrlach brabúis agus é a chur le rátaí PBOC. De réir Rialtas na Síne, trí bhíthin raon difríochta coibhneasta a úsáid, déantar saobhadh breise ar ríomh an ráta úis tagarmhairc ar a bhféadfadh cuideachtaí de chuid na Síne a raibh rátáil BB acu 'iasacht tráchtála inchomparáide sa mhargadh' a fháil ó tharla go raibh na rátaí tagartha PBOC i nDaon-Phoblacht na Síne sna blianta ábhartha i bhfad níos airde ná an ráta tagartha i SAM. Ina theannta sin, luaigh Rialtas na Síne go léiríonn faisnéis atá ar fáil go poiblí go bhfuil bannaí á n-eisiúint ag táirgeoirí OFC san Aontas a bhfuil rátáil BB acu ar rátaí atá níos ísle go suntasach ná na bannaí a úsáidtear le haghaidh táirgeoirí de chuid na Síne.

(327)

Chuir an Grúpa ZTT a bharúil in iúl gur cheart don Choimisiún an dearbhraon difríochta idir bannaí corparáide SAM a raibh rátáil AA acu agus bannaí corparáide SAM a raibh rátáil BB acu a chur i bhfeidhm maidir le Ráta Tagarmhairc Iasachta PBOC, rud a chuirfeadh an neamhchosaint ar riosca idir bhannaí corparáide a raibh rátálacha creidmheasa difriúla acu san áireamh go leordhóthanach. De réir an pháirtí sin, níor mhínigh an Coimisiún an fáth a d’úsáid sé an raon coibhneasta agus an fáth ar mheas sé go bhfuil an Ráta Úis Tagarmhairc a d’fhoilsigh PBOC nó an Bonnráta Iasachta a d’fhoilsigh NIFC cothrom le rátáil ráta úis AA.

(328)

Maidir leis an mbarúil faoin Ráta Úis Tagarmhairc a d’fhoilsigh PBOC nó an Bonnráta Iasachta a d’fhoilsigh NIFC a úsáid mar thúsphointe chun tagarmharc a ríomh, luaigh an Coimisiún go meastar gur rátaí saor ó riosca iad na rátaí sin, agus go gcuirfí i bhfeidhm iad maidir le cuideachtaí a raibh rátáil AA acu i gcur chuige coimeádach.

(329)

Míníodh an cheist faoin raon difríochta coibhneasta a úsáid seachas an dearbhraon in imscrúduithe roimhe seo (81).

(330)

Ar an gcéad dul síos, cé gur aithin an Coimisiún go n-úsáideann bainc thráchtála corrlach brabúis i ndearbhthéarmaí, de ghnáth, thug sé faoi deara go ndealraítear go bhfuil an cleachtas sin bunaithe ar chúrsaí praiticiúla den chuid is mó mar gheall gur dhearbhuimhir é an ráta úis, ar deireadh. Is éard atá sa dearbhuimhir, áfach, aistriúchán ar mheasúnú riosca atá bunaithe ar mheastóireacht choibhneasta. Ciallaíonn an mheastóireacht choibhneasta go bhfuil riosca mainneachtana ag cuideachta a bhfuil rátáil BB aici X % níos dóchúla ná riosca mainneachtana ag an rialtas nó ag cuideachta atá saor ó riosca.

(331)

Ar an dara dul síos, léiríonn rátaí úis ní hamháin próifílí riosca a bhaineann le cuideachtaí ar leith, ach rioscaí a bhaineann le tíortha ar leith agus le haireagadraí ar leith freisin. Cuimsítear leis an raon difríochta coibhneasta, mar sin, athruithe sna coinníollacha margaidh foluiteacha, athruithe nach sloinntear iad nuair a leantar loighic dhearbhraoin difríochta. Go minic, mar is amhlaidh sa chás reatha, bíonn éagsúlacht sa riosca a bhaineann le tíortha ar leith agus le hairgeadraí ar leith le himeacht ama, agus bíonn éagsúlachtaí difriúla ag tíortha difriúla. Mar thoradh air sin, tagann éagsúlacht shuntasach ar na rátaí saor ó riosca le himeacht ama, agus uaireanta bíonn siad níos ísle i SAM, uaireanta sa tSín. Baineann na difríochtaí sin le tosca amhail fás OTI atá tugtha faoi deara agus a bhfuil coinne leis, meon eacnamaíoch agus leibhéil bhoilscithe. Mar gheall go dtagann éagsúlacht ar an ráta saor ó riosca le himeacht ama, féadfaidh an dearbhraon difríochta ainmniúil céanna measúnú thar a bheith difriúil ar an riosca a chur in iúl. Mar shampla, i gcás ina dtugann an banc meastóireacht go bhfuil an riosca mainneachtana a bhaineann le cuideachta ar leith 10 % níos airde ná an ráta saor ó riosca (meastóireacht choibhneasta), féadfaidh an dearbhraon difríochta mar thoradh air sin a bheith idir 0.1 % (ag ráta saor ó riosca 1 %) agus 1 % (ag ráta saor ó riosca 10 %). Ó thaobh an infheisteora, is tomhas níos fearr é an raon difríochta coibhneasta, dá bharr sin, mar léiríonn sé méid an raoin difríochta toraidh agus an bealach a ndéanann leibhéal an bhonnráta úis difear dó.

(332)

Ar an tríú dul síos, tá an raon difríochta coibhneasta neodrach ó thaobh tíre de. Mar shampla, i gcás ina bhfuil an ráta saor ó riosca i SAM níos ísle ná an ráta saor ó riosca sa tSín, is dearbhchorrlaigh bhrabúis níos airde a bheidh mar thoradh ar an modheolaíocht. Ar an taobh eile, i gcás ina bhfuil an ráta saor ó riosca sa tSín níos ísle ná an ráta saor ó riosca i SAM, is dearbhchorrlaigh bhrabúis níos ísle a bheidh mar thoradh ar an modheolaíocht.

(333)

Mheas an Coimisiún nach raibh bunús le barúlacha Rialtas na Síne a rinne tagairt do rátaí úis a bhí infheidhme maidir le cuideachtaí a raibh rátáil BB acu san Aontas Eorpach ó tharla nach bhfuil an ráta saor ó riosca san Aontas Eorpach mar an gcéanna leis an ráta saor ó riosca i nDaon-Phoblacht na Síne agus dá bharr sin nach féidir comparáid a dhéanamh idir rátaí úis i ndearbhthéarmaí.

(334)

Mhaígh an Grúpa ZTT chomh maith, fiú sa chás go bhfuil an raon difríochta coibhneasta infheidhme, go gcuirtear i bhfeidhm é maidir le cuid na mbonnphointí sna rátaí úis comhlúthacha (a sloinntear i struchtúr de ráta tagartha móide bonnphointí, de ghnáth) agus gur amhlaidh an cás d’iasachtaí a ainmnítear in airgeadraí eachtracha, i gcás ina sloinntear rátaí úis i bhfoirm LIBOR móide bonnphointí. Dá bhrí sin, déantar an neamhchosaint ar riosca a bhaineann le hiasachtaí a léiriú go hiomchuí leis na bonnphointí a chuirtear le LIBOR agus trí bhíthin an raon difríochta coibhneasta a chur i bhfeidhm le LIBOR, ríomh an Coimisiún ráta tagarmhairc a bhí go hiomlán dínasctha ó ráta creidmheasa na cuideachta. Maidir le hiasachtaí a ainmnítear in CNY, ní dhéanfar an coigeartú raon difríochta céanna ach amháin i gcás bonnphointí ina sloinntear na rátaí comhlúthacha in LRP móide bonnphointí.

(335)

I ndáil leis sin, mheas an Coimisiún cur chuige coimeádach le haghaidh iasachtaí a ainmnítear in airgeadraí eachtracha trí bhíthin an LIBOR a úsáid mar ráta úis tagartha saor ó riosca. Cuirtear na riosca sonracha a bhaineann le cuideachta in iúl leis na bonnphointí a chuirtear le LIBOR. Ar an gcéad dul síos, níor tugadh difreáil den sórt sin idir ráta úis tagartha agus bonnphointí ach amháin le haghaidh roinnt iasachtaí de chuid táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Ar an dara dul síos, measadh gur bhain saobhadh margaidh leis na bonnphointí sin. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur ionadú iomchuí a bhí sa ráta saor ó riosca méadaithe ag an raon difríochta coibhneasta chun an riosca breise a bhain le cuideachta a raibh rátáil BB aici, amhail na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, a léiriú.

(336)

D’áitigh Rialtas na Síne freisin gur ghá an tagarmharc le haghaidh iasachtaí, atá bunaithe ar an raon difríochta coibhneasta idir bhannaí corparáide, a ísliú i bhfianaise an difríocht idir an dá ionstraim airgeadais.

(337)

I ndáil leis sin, luaigh an Coimisiún gur ionstraimí fiachais airgeadais chomhchosúla iad iasachtaí agus bannaí corparáide. Go deimhin, is cineál iasachta é banna corparáide a úsáideann eintitis mhóra chun caipiteal a thiomsú. Eisítear iasachtaí agus bannaí corparáide nó déantar conradh ina leith ar feadh tréimhse shonrach ama agus bíonn ráta úis/cúpóin acu. Ní bhaineann sé le hábhar go gcuirtear maoiniú trí iasacht ar fáil ag institiúid airgeadais agus go gcuirtear maoiniú trí bhanna corparáide ar fáil ag infheisteoirí, ar institiúidí airgeadais freisin iad i bhformhór na gcásanna, chun saintréithe an dá ionstraim a chinneadh. Go deimhin, maoiníonn an dá ionstraim oibríochtaí gnó, bíonn an cineál céanna luach saothair acu agus bíonn téarmaí agus coinníollacha aisíocaíochta comhchosúla acu. Thairis sin, i rith an imscrúdaithe, fuair an Coimisiún amach go raibh ráta cúpóin agus cuspóir ag an mbanna corparáide a d’eisigh ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha a bhí an-chosúil leis na rátaí úis agus cuspóir iasachtaí a raibh fad comhchosúil acu, agus dá bharr sin go bhféadfaí iad a mheas mar inmhalartaithe, ó dhearcadh an táirgeora. Ar an mbonn sin, dhiúltaigh an Coimisiún maíomh Rialtas na Síne.

3.5.3.4.   Conclúid maidir le maoiniú fabhrach: iasachtaí

(338)

Shuigh an Coimisiún gur thairbhigh an dá ghrúpa sampláilte de tháirgeoirí onnmhairiúcháin de mhaoiniú fabhrach trí iasachtaí i rith thréimhse an imscrúdaithe. Toisc gurbh ann do ranníocaíocht airgeadais, do thairbhe do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, mheas an Coimisiún gur fóirdheontas in-fhrithchúitithe a bhí sa mhaoiniú trí iasachtaí fabhrach.

(339)

Ba é a bhí sna rátaí fóirdheontais a bunaíodh i ndáil leis an maoiniú fabhrach trí iasachtaí i rith thréimhse an imscrúdaithe do na grúpaí cuideachtaí sampláilte:

Maoiniú fabhrach: iasachtaí

Ainm na cuideachta

Ráta fóirdheontais

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

0,90  %

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

0,38  %

3.5.4.   Maoiniú fabhrach: cineálacha eile maoinithe

3.5.4.1   Línte creidmheasa

(a)   Ginearálta

(340)

Is é an cuspóir atá le líne chreidmheasa teorainn iasachta a bhunú is féidir leis an gcuideachta a úsáid ag aon am chun a chuid oibríochtaí reatha a mhaoiniú, rud a chiallaíonn go mbeidh maoiniú caipitil oibre solúbtha agus ar fáil láithreach nuair is gá. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur cheart, i bprionsabal, maoiniú gearrthéarmach uile na gcuideachtaí sampláilte, amhail iasachtaí gearrthéarmacha, dréachtaí glacachta bainc, etc., a chumhdach le hionstraim líne creidmheasa.

(b)   Torthaí

(341)

Shuigh an Coimisiún gur chuir institiúidí airgeadais de chuid na Síne línte creidmheasa ar fáil don dá ghrúpa sampláilte i ndáil le maoiniú a sholáthar. Bhí siad sin comhdhéanta de chreatchomhaontuithe, faoina gceadaíonn an banc do na cuideachtaí sampláilte úsáid a bhaint as ionstraimí fiachais éagsúla, amhail iasachtaí caipiteal oibre, dréachtaí glacachta bainc, cineálacha eile de mhaoiniú trádála, etc., laistigh d’uasmhéid áirithe.

(342)

Mar a luadh in aithris (340) thuas, ba cheart an maoiniú gearrthéarmach uile a chumhdach le líne creidmheasa. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún méid na línte creidmheasa a bhí ar fáil do na cuideachtaí comhoibritheacha i rith thréimhse an imscrúdaithe i gcomparáid le méid an mhaoinithe ghearrthéarmaigh a d’úsáid na cuideachtaí sin i rith na tréimhse céanna chun a fháil amach ar cumhdaíodh an maoiniú gearrthéarmach uile le líne chreidmheasa. I gcás inar mhó méid an mhaoinithe ghearrthéarmaigh ná uasteorainn na líne creidmheasa, mhéadaigh an Coimisiún méid na líne creidmheasa a bhí ann cheana faoin méid a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin iarbhír os cionn uasteorainn na líne creidmheasa sin.

(343)

Sna gnáthdhálaí margaidh, bheadh línte creidmheasa faoi réir táille ‘socrúcháin’ nó ‘gealltanais’ mar a thugtar orthu chun cúiteamh a dhéanamh as costais agus rioscaí an bhainc tráth oscailte na líne creidmheasa, chomh maith le ‘táille athnuachana’ a ghearrtar ar bhonn bliantúil chun bailíocht na línte creidmheasa a athnuachan. Shuigh an Coimisiún, áfach, gur bhain an dá ghrúpa cuideachtaí sampláilte tairbhe as línte creidmheasa a cuireadh ar fáil saor in aisce. Dá bhrí sin, bronnadh sochar ar an dá ghrúpa cuideachtaí de réir bhrí Airteagal 6(d) den bhun-Rialachán.

(c)   Sainiúlacht

(344)

Mar a luadh in aithris (116), de réir Chinneadh Uimh. 40, soláthróidh institiúidí airgeadais tacaíocht chreidmheasa do thionscail atáthar a spreagadh.

(345)

Mheas an Coimisiún gur chineál tacaíochta airgeadais ó institiúidí airgeadais do thionscail atáthar a spreagadh, amhail an earnáil OFCanna, iad línte creidmheasa. Mar a shonraítear i Roinn 3.1 thuas, tá an earnáil OFCanna i measc na dtionscal atáthar a spreagadh agus dá bhrí sin tá sí incháilithe do gach cineál tacaíochta airgeadais.

(346)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne nach sonrach iad na línte creidmheasa a líomhnaítear atá á soláthar don tionscal OFCanna agus gur theip ar an gCoimisiún a thaispeáint conas a bhí an rochtain ar na línte creidmheasa teoranta go sainráite don tionscal OFCanna. Chuir Rialtas na Síne béim leis an bhfíoras go bhfuil gach fiontar i nDaon-Phoblacht na Síne, beag beann ar an gcineál tionscail, chomh incháilithe céanna le línte creidmheasa a fháil. D’athdhearbhaigh an Grúpa FTT an maíomh sin.

(347)

I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire nach ceart é dearbhú Rialtas na Síne go bhféadfaidh gach fiontar i nDaon-Phoblacht na Síne tairbhiú de línte creidmheasa. Theip ar Rialtas na Síne a thaispeáint go bhféadfaidh cuideachtaí i nDaon-Phoblacht na Síne tairbhiú go cothrom de na coinníollacha fabhracha a breithníodh a mhéid a bhaineann leis an tionscal OFCanna. Thairis sin, ó tharla go bhfuil dlúthnasc ag línte creidmheasa le cineálacha eile iasachtaithe fabhraigh, amhail iasachtaí, agus ó tharla go bhfuil siad mar chuid den tacaíocht chreidmheasa a chuirtear ar fáil go sonrach do thionscail atáthar a spreagadh, mar a mhínítear in aithris (239), tá an anailís sainiúlachta mar a forbraíodh i Roinn 3.5.3.2 thuas le haghaidh iasachtaí infheidhme maidir le línte creidmheasa freisin. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(d)   An sochar a ríomh

(348)

I gcomhréir le hAirteagal 6(d)(ii) den bhun-Rialachán, mheas an Coimisiún gurb é atá sa sochar a bronnadh ar na faighteoirí an difríocht idir an méid a d’íoc an chuideachta mar tháille ar oscailt nó athnuachan línte creidmheasa ag institiúidí airgeadais de chuid na Síne agus an méid a d’íocfadh an chuideachta as líne creidmheasa tráchtála inchomparáide a bheadh faighte ar an margadh.

(349)

Bunaíodh na tagarmharcanna iomchuí le haghaidh na táille socrúcháin agus le haghaidh na táille athnuachana ag 1.5 % agus 1.25 % faoi seach, trí thagairt a dhéanamh do shonraí a bhí ar fáil go poiblí (82) agus tagarmharcanna a úsáideadh in imscrúduithe roimhe seo (83).

(350)

I bprionsabal, tá an táille socrúcháin agus an táille athnuachana iníoctha ar bhonn cnapshuime an tráth a n-osclaítear líne chreidmheasa nua nó a n-athnuaitear líne chreidmheasa atá ann cheana féin, faoi seach. Chun críche ríomha, áfach, chuir an Coimisiún san áireamh línte creidmheasa a osclaíodh nó a athnuadh roimh thréimhse an imscrúdaithe ach a bhí ar fáil do na grúpaí sampláilte i rith thréimhse an imscrúdaithe agus na línte creidmheasa a osclaíodh nó a athnuadh i rith thréimhse an imscrúdaithe. Ansin, ríomh an Coimisiún an sochar bunaithe ar an tréimhse laistigh de thréimhse an imscrúdaithe ina raibh an líne chreidmheasa ar fáil.

(351)

Tar éis an nochta deiridh, thug Rialtas na Síne a bharúil gur theip ar an gCoimisiún a thaispeáint gur cuireadh sochar ar fáil trí na línte creidmheasa. Mhaígh Rialtas na Síne nár thaispeáin an Coimisiún go bhfágtar faighteoir an chúnaimh airgeadais níos fearr as ná mar a bheadh sé in éagmais na ranníocaíochta sin.

(352)

I ndáil leis sin, mar ar tugadh aird air in aithris (343), sna gnáthdhálaí margaidh, bíonn línte creidmheasa faoi réir táille ‘socrúcháin’ nó ‘gealltanais’, chomh maith le ‘táille athnuachana’ a ghearrtar ar bhonn bliantúil chun bailíocht na línte creidmheasa a athnuachan. Má chuirtear san áireamh an fíoras gur thairbhigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de línte creidmheasa saor in aisce, bhain an tairbhe le méid na dtáillí socrúcháin agus athnuachana ar cheart do na cuideachtaí a íoc. D’fhág an laghdú ar tháillí ar thairbhigh na cuideachtaí de go raibh siad níos fearr as ó thaobh an airgeadais de. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh.

(353)

Mhaígh an Grúpa FTT nach ranníocaíocht airgeadais é líne chreidmheasa a oscailt. Luaigh sé nach mbunaítear le línte creidmheasa ach teorainn iasachta a fhéadfaidh cuideachta a úsáid chun caipiteal oibre nó ionstraimí airgeadais a fháil agus nach ann do chaighdeáin a nglactar leo ar fud an domhain maidir leis an gcaoi leis na línte creidmheasa tosaigh a shocrú agus nach ann d’fhianaise go gcuireann na bainc uile sa domhan táillí i bhfeidhm go coiteann agus go héigeantach, agus gur bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú agus a tháille tagarmhairc ar aon bhanc amháin, eadhon HSBC. Ina theannta sin, d’áitigh an Grúpa FTT nach bhfuil sna táillí ach speansais láimhseála bainc nach bhfuil bainteach leis an riosca de líne chreidmheasa a oscailt nó a athnuachan. Mhaígh Rialtas na Síne freisin go ndearna an Coimisiún earráid agus tagarmharc ceart á chinneadh aige.

(354)

I ndáil leis sin, shoiléirigh an Coimisiún gur bhunaigh sé a chonclúid maidir le táillí socrúcháin agus athnuachana a chur i bhfeidhm, chomh maith le maidir leis an tagarmharc iomchuí, ar shonraí a bhí ar fáil go poiblí. In aithris (349), rinne an Coimisiún tagairt do thorthaí i gcásanna frith-fhóirdheontais roimhe seo chomh maith le do chleachtas dhá bhanc mhóra a oibríonn go hidirnáisiúnta, i.e. HSBC agus Barclays Bank (84), chun tagarmharc iomchuí a bhunú. I bhfianaise na faisnéise a bhí ar fáil, mheas an Coimisiún gur réasúnach é tagarmharc táille socrúcháin de 1.5 % agus tagarmharc táille athnuachana de 1.25 % a chur i bhfeidhm. Níor chomhaontaigh an Coimisiún le maíomh an Ghrúpa FTT nach bhfuil sna táillí is infheidhme ach speansais láimhseála bainc nach bhfuil bainteach leis an riosca de líne chreidmheasa a oscailt nó a athnuachan. De réir cleachtais ghnó, gearrann iasachtóir táille ghealltanais ar iasachtaí mar chúiteamh don iasachtóir as líne chreidmheasa a choimeád ar oscailt agus acmhainní airgeadais a choimeád ar fáil; urraíonn an táille gealltanas iasachtóra an líne chreidmheasa a chur ar fáil faoi na téarmaí comhaontaithe agus tugann cúiteamh don iasachtóir as na rioscaí atá bainteach le líne chreidmheasa oscailte (85). I ndáiríre, oibríonn líne chreidmheasa ghnó ar an mbealach céanna le cárta creidmheasa pearsanta dá ngearrann bainc táillí i gcónaí atá bainteach le húsáid an chárta chreidmheasa agus an fháil ar an méid airgid i gceist. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(355)

Níor chomhaontaigh an Grúpa ZTT le ráiteas an Choimisiúin gur réamhriachtanas é comhaontú maidir le líne chreidmheasa a bheith ann le banc chun maoiniú a fháil ón banc agus thug sé samplaí de bhainc sa domhan nach n-éilíonn línte creidmheasa chun iasachtaí ad-hoc a chur ar fáil. De réir an Ghrúpa ZTT, is creatchomhaontuithe iad línte creidmheasa, faoina dtugann an banc cead do chuideachta ionstraimí fiachais éagsúla a úsáid laistigh d’uasmhéid creidmheasa áirithe gan ath-idirbheartaíocht; mar sin féin, ní eisiatar aon iasachtaí saorsheasaimh do chuideachta a ndéantar measúnú uirthi agus a dheonaítear ar bhonn cás ar chás gan líne chreidmheasa a bheith aici roimhe sin. Níor chomhaontaigh an Grúpa ZTT ach oiread go bhfuil na línte creidmheasa ar fad, go háirithe na línte a chomhaontaítear le cliaint mhóra, shofaisticiúla, faoi réir táillí socrúcháin nó athnuachana. Mhaígh an Grúpa ZTT go bhfuil na táillí tagarmhairc a úsáideann an Coimisiún ró-ard agus thug siad samplaí de tháillí a ghearrann Lloyds (chomh hard le 1.5 % ar shocrúchán agus 1 % ar athnuachan) agus HSBC áit a ndealraítear go gcinntear an táille bheacht go dáthaobhach/go conarthach.

(356)

Ar an gcéad dul síos, mar a mhínítear in aithris (340), is é an cuspóir atá le líne chreidmheasa teorainn iasachta a bhunú is féidir leis an gcuideachta a úsáid ag aon am chun a chuid oibríochtaí reatha a mhaoiniú, rud a chiallaíonn go mbeidh maoiniú caipitil oibre solúbtha agus ar fáil láithreach nuair is gá. Agus aird aige ar chleachtais mhaoinithe ghearrthéarmacha na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha i bhfoirm dréachtaí glacachta bainc agus iasachtaí gearrthéarmacha de chaipiteal oibre, ar ina leith ba ghá acmhainní airgeadais a bheith ar fáil láithreach, chomh maith leis an bhfíoras nach raibh ag na cuideachtaí formhór an ama ach socruithe ó bhéal maidir le línte creidmheasa, gan aon fhianaise i scríbhinn, mheas an Coimisiún go raibh an maoiniú gearrthéarmach uile de na cuideachtaí sampláilte le cumhdach ag ionstraim líne creidmheasa. Níl an chonclúid sin infheidhme ach maidir le maoiniú gearrthéarmach agus ní bhaineann sí le maoiniú fadtéarmach, atá faoi réir idirbheartaíocht ar bhonn cás ar chás. Ar an dara dul síos, maidir leis an maíomh go bhfuil na línte creidmheasa ar fad, go háirithe na línte a chomhaontaítear le cliaint mhóra, shofaisticiúla, faoi réir táillí socrúcháin nó athnuachana, thug an Coimisiún dá aire gur theip ar na nGrúpa ZTT fianaise ar shaoráidí líne creidmheasa gan coimisiún a bheith i gceangal leo a chur ar fáil. Ar an tríú dul síos, maidir leis na táillí tagarmhairc a úsáideann an Coimisiún, mar a shloinntear in aithris (354), d’úsáid an Coimisiún torthaí i gcásanna frith-fhóirdheontais roimhe seo agus i sonraí a bhí ar fáil go poiblí chun teacht ar an gconclúid gur réasúnach é tagarmharc táille socrúcháin de 1.5 % agus tagarmharc táille athnuachana de 1.25 % a chur i bhfeidhm. I ndáil leis sin, luaigh an Coimisiún go ngearrann Barclays Bank táille socrúcháin de 1.5 % den teorainn rótharraingthe socraithe agus táille athnuachana de 1.5 % ar rótharraingtí os cionn £ 15 000. Sa cás seo tá an tagarmharc táille athnuachana a úsáideann an Coimisiún níos ísle. Taispeánadh le cuardach eile go ngearrann Barkley táillí rótharraingthe gnó ó 1.6 % chomh hard le 2.5 % de na teorainneacha do na bandaí gnó £ 15 001 - £ 20 000 agus £ 20 001 – £ 25 000 (86). Dá bhrí sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a chonclúid gur réasúnach iad na táillí tagarmhairc atá úsáide aige agus gur bunaíodh ar shonraí margaidh iad agus dá bharr sin, dhiúltaigh sé don mhaíomh.

3.5.4.2.   Dréachtaí glacachta bainc

(a)   Ginearálta

(357)

Is táirge airgeadais iad dréachtaí glacachta bainc ar aidhm leo margadh airgid intíre níos gníomhaí a fhorbairt trí shaoráidí creidmheasa a leathnú. Is cineál maoinithe gearrthéarmaigh é a d’fhéadfadh 'costas an chiste a laghdú agus éifeachtúlacht chaipitil a fheabhsú' don tarraingeoir (87). Ina theannta sin, mar atá luaite ag People’s Bank of China ar a shuíomh gréasáin, 'féadfaidh an dréacht glacachta bainc bunú agus feidhmiú an chonartha idir an ceannaitheoir agus an díoltóir a ráthú, chomh maith leis an láimhdeachas caipitil a chur chun cinn trí bhíthin idirghabháil chreidmheas Bank of China' (88). Ina theannta sin, fógraíonn DBS Bank dréachtaí glacachta bainc ar a shuíomh gréasáin mar bhealach chun 'caipiteal oibre a fheabhsú trí bhíthin íocaíochtaí a iarchur' (89).

(358)

Ní féidir dréachtaí glacachta bainc a úsáid ach amháin chun fíor-idirbhearta trádála a shocrú agus caithfidh an tarraingeoir fianaise leordhóthanach a thabhairt i ndáil leis sin, e.g. trí bhíthin comhaontú ceannacháin/díolacháin, sonrasc agus ordú seachadta, etc. Is féidir dréachtaí glacachta bainc a úsáid mar ghnáthmhodh íocaíochta i gcomhaontuithe ceannacháin in éineacht le modhanna eile amhail fáltas nó ordú airgid.

(359)

An t-iarratasóir a tharraingíonn an dréacht glacachta bainc (an tarraingeoir, arb é an ceannaitheoir freisin é san idirbheart tráchtála foluiteach) agus glacann banc leis. Trí ghlacadh leis an dréacht, glacann an banc an méid airgid a shonraítear sa dréacht a íoc go neamhchoinníollach leis an íocaí/iompróir ar an dáta ainmnithe (an dáta aibíochta).

(360)

Go ginearálta, bíonn liosta sna conarthaí glacachta bainc de na hidirbhearta a chumhdaítear le méid an dréachta agus tugtar an dáta ar a mbeidh an íocaíocht dlite leis an soláthróir agus dáta aibíochta an dréachta glacachta bainc.

(361)

De ghnáth, eisítear dréachtaí glacachta bainc laistigh de chreat chomhaontú maidir le dréacht glacachta bainc ina sainítear céannacht an bhainc, na soláthróirí agus an cheannaitheora, oibleagáidí an bhainc agus an cheannaitheora agus ina sonraítear an luach in aghaidh an soláthróra, an dáta ar a mbeidh íocaíocht dlite mar a comhaontaíodh leis an soláthróir agus dáta aibíochta an dréachta glacachta bainc.

(362)

Shuigh an Coimisiún go liostaítear dréachtaí glacachta bainc mar úsáid fhéideartha as an teorainn airgeadais, in éineacht le hionstraimí airgeadais gearrthéarmacha eile amhail iasachtaí caipitil oibre, i gcomhaontuithe maidir le líne chreidmheasa de ghnáth.

(363)

Ag brath ar na coinníollacha atá bunaithe ag gach banc, d’fhéadfadh go gceanglófaí ar an tarraingeoir taisce bheag a dhéanamh i gcuntas tiomnaithe, gealltanas a thabhairt agus coimisiún glacachta a íoc. Ar chaoi ar bith, tá d’oibleagáid ar an tarraingeoir méid iomlán an dréachta glacachta bainc a aistriú chuig an gcuntas tiomnaithe ar a dhéanaí ar dháta aibíochta an dréachta glacachta bainc.

(364)

Chomh luath agus a ghlacann an banc leis, formhuiníonn an tarraingeoir an dréacht glacachta bainc agus aistríonn é chuig an íocaí, arb é an soláthróir freisin é san idirbheart tráchtála foluiteach, mar íocaíocht ar an sonrasc. Dá dheasca sin, cealaítear oibleagáid íocaíochta an cheannaitheora (tarraingeoir) i dtreo an tsoláthróra (íocaí). Cruthaítear oibleagáid íocaíochta nua den cheannaitheoir i dtreo an bhainc ghlacachta don mhéid céanna (tá d’oibleagáid ar an tarraingeoir an banc a íoc in airgead tirim roimh aibíocht an dréachta glacachta bainc). Dá bhrí sin, tá d’éifeacht ag dréachtaí glacachta bainc a eisiúint, oibleagáid an tarraingeora i dtreo an bhainc a chur in ionad oibleagáid an tarraingeora i dtreo a sholáthróra.

(365)

Athraíonn aibíocht dréachtaí glacachta bainc ag brath ar na coinníollacha a shocraíonn gach banc agus féadfaidh chomh fada le 1 bhliain a bheith i gceist.

(366)

Tá trí rogha ag íocaí (nó ag iompróir) an dréachta glacachta bainc roimh aibíocht:

fanacht go dtí aibíocht le go n-íocfaidh an banc glactha méid iomlán aghaidhluach an dréachta a íoc leis in airgead tirim;

an dréacht glacachta bainc a fhormhuiniú, i.e. é a úsáid mar mhodh chun a dhliteanais do pháirtithe eile a íoc; nó

an dréacht glacachta bainc a lascainiú leis an mbanc glactha nó le banc eile agus na fáltais airgid a fháil in aghaidh íocaíocht ráta lascainithe.

(367)

Comhfhreagraíonn dáta eisiúna an dréachta glacachta bainc don dáta ar a bhfuil íocaíocht dlite a comhaontaíodh leis an soláthróir, de ghnáth. Shuigh an Coimisiún, chomh fada agus a bhaineann sé le cuideachtaí sampláilte, go raibh an dáta eisiúna ar an dáta ar a raibh íocaíocht dlite leis an soláthróir nó roimhe, agus cúpla lá tar éis an dáta ar a raibh íocaíocht dlite i líon beag cásanna. Shuigh an Coimisiún gurb é dáta aibíochta dréachtaí glacachta bainc na gcuideachtaí sampláilte ó 3 mhí go dtí 12 mhí tar éis an dáta ar a raibh íocaíocht an tsonraisc dlite.

(368)

Maidir le láimhseáil cuntasaíochta dréachtaí glacachta bainc, aithnítear iad mar dhliteanais don bhanc i gcuntais na dtarraingeoirí, i.e. na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(369)

Aithníonn Credit Reference Center of the People’s Bank of China (‘CRCP’) dréachtaí glacachta bainc mar ‘chreidmheas neamhshocraithe’ a chuireann bainc ar fáil ar an leibhéal céanna le hiasachtaí, litreacha creidmheasa nó maoiniú trádála. Ba cheart a thabhairt ar aird freisin go bhfaigheann an CRCP cistí ó institiúidí airgeadais, a dheonaíonn cineálacha éagsúla iasachtaí, agus go bhfuil dréachtaí glacachta bainc aitheanta ag institiúidí airgeadais den sórt sin mar dhliteanais dóibh dá bharr. Thairis sin, déantar soláthar leis na comhaontuithe glacachta bainc a bailíodh i rith an imscrúdaithe, sa chás nach ndéanfadh an ceannaitheoir an íocaíocht iomlán ar dháta éaga na ndréachtaí glacachta bainc, go gcaithfeadh an banc leis an méid gan íoc mar iasacht thar téarma ón mbanc.

(370)

Shuigh an Coimisiún go mbaintear cuid mhaith úsáide as dréachtaí glacachta bainc mar mhodh íocaíochta in idirbhearta tráchtála mar ionadaí ar ordú airgid, rud a éascaíonn láimhdeachas airgid agus caipiteal oibre an tarraingeora. Ó thaobh airgid de, deonaíonn an ionstraim dáta de facto ar a mbeidh íocaíocht dlite agus é iarchurtha chomh fada le 1 bhliain mar gheall go dtarlaíonn íocaíocht iarbhír in airgead tirim as méid an idirbhirt ar aibíocht an dréachta glacachta bainc agus ní an tráth a raibh ar an tarraingeoir a sholáthróir a íoc. In éagmais ionstraim airgeadais den sórt sin, bhainfeadh an tarraingeoir úsáid as a chaipiteal oibre féin, rud a bhfuil costas ag baint leis, nó gheobhadh sé iasacht ghearrthéarmach de chaipiteal oibre le banc chun a sholáthróirí a íoc, rud a bhfuil costas ag baint leis freisin. Go deimhin, trí íoc le dréacht glacachta bainc, baineann an tarraingeoir úsáid as na hearraí nó seirbhísí arna soláthar ar feadh tréimhse 3 mhí go dtí 1 bhliain gan aon réamhíocaíocht airgid a dhéanamh agus gan chostas.

(371)

Faoi gnáthdhálaí margaidh, mar ionstraim airgeadais, thabharfaí le tuiscint le dréachtaí glacachta bainc go mbeadh costas maoinithe don tarraingeoir ag baint leo. Thaispeáin an t-imscrúdú nár íoc na cuideachtaí sampláilte ar fad a d’úsáid dréachtaí glacachta bainc i rith thréimhse an imscrúdaithe ach coimisiún le haghaidh na seirbhíse glacachta a chuir an banc ar fáil, ar 0.05 % d’aghaidhluach an dréachta a bhí ann, go ginearálta. Mar sin féin, ní raibh costas ar cheann ar bith de na cuideachtaí sampláilte maidir leis an maoiniú trí dhréachtaí glacachta bainc trí bhíthin íocaíocht in airgead tirim as soláthar earraí agus seirbhísí a iarchur. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur thairbhigh na cuideachtaí a ndearnadh imscrúdú orthu de mhaoiniú i bhfoirm dréachtaí glacachta bainc nach raibh aon chostas orthu ina leith.

(372)

Agus aird aige ar an méid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chuir an córas glacachta bainc a cuireadh i bhfeidhm i nDaon-Phoblacht na Síne maoiniú saor in aisce ar fáil do na táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fad dá n-oibríochtaí reatha, rud a thug tairbhe in-fhrithchúitithe dóibh mar a dtugtar tuairisc air in aithrisí (384) go (388) thíos, i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(a)(i) agus 3(2) den bhun-Rialachán.

(373)

Shuigh an Coimisiún in imscrúdú roimhe seo (90) go bhfuil an cuspóir agus na héifeachtaí céanna ag dréachtaí glacachta bainc, go héifeachtach, agus atá ag iasachtaí gearrthéarmacha de chaipiteal oibre, ó tharla go n-úsáideann cuideachtaí iad chun a n-oibríochtaí reatha a mhaoiniú seachas iasachtaí gearrthéarmacha de chaipiteal oibre, agus dá dheasca sin, gur cheart go mbeadh costas orthu a bheadh coibhéiseach le maoiniú iasachta gearrthéarmaí de chaipiteal oibre.

(374)

Tar éis an nochta deiridh, d'easaontaigh an Grúpa ZTT leis an gCoimisiún gur cineál de mhaoiniú gearrthéarmach iad dréachtaí glacachta bainc agus ina áit sin, go bhfeidhmíonn siad mar ráthaíocht bhainc. De réir an pháirtí sin, is ionstraim é dréacht glacachta bainc trína nglacann an banc an oibleagáid air féin chun páirtí a íoc, in áit an fhéichiúnaí bhunaidh, atá fós faoi dhliteanas an banc a íoc. Is éard is cuspóir d’ionstraim den sórt sin, díolachán earraí a éascú, ní gníomhú mar mhaoiniú gearrthéarmach. D’áitigh an Grúpa ZTT, trí ghlacadh leis an íocaíocht trí bhíthin dréachtaí glacachta bainc, gur thoiligh na páirtithe sna hidirbhearta sin le téarma íocaíochta chun an fiachas a shocrú eatarthu, rud a d’fhág gur thoiligh an díoltóir téarma creidmheasa go dtí go dtabharfadh aibíocht an dréachta in aghaidh bainc ráthaíocht ar íocaíocht agus gur ghlac an ceannaitheoir leis an oibleagáid an luach céanna a chur ar fáil don bhanc ar an dáta aibíochta ar a dhéanaí.

(375)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún nach ngníomhaíonn dréachtaí glacachta bainc ach mar ráthaíocht bhainc le haghaidh íocaíocht ar an dáta aibíochta. Thug an Coimisiún faoi deara, i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, gur modh íocaíochta iarbhír é an dréacht glacachta bainc a dtugtar aitheantas dó sa chonradh díolacháin, agus go gcealaítear oibleagáid íocaíochta an tarraingeora i dtreo an tsoláthróra trí bhíthin an íocaíocht le dréacht glacachta bainc. Tarlaíonn íocaíocht an tarraingeora leis an soláthróir an nóiméad a fhormhuinítear an dréacht glacachta bainc, agus urraíonn an tarraingeoir a oibleagáid íocaíochta leis an mbanc tráth na haibíochta. Dá bhrí sin, ní féidir an dréacht glacachta bainc a aicmiú mar ráthaíocht bhreise ar íocaíocht sa todhchaí agus sin amháin, agus diúltaíodh don mhaíomh sin.

(376)

Dá dheasca sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a chonclúid gur chineál de mhaoiniú gearrthéarmach iad dréachtaí glacachta bainc, i dtéarmaí an éifeacht atá acu, a chuireann ar chumas na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a gceannacháin a mhaoiniú. An tairbhe a chuirtear ar fáil do na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha is ea an laghdú ar chostas maoinithe de bharr nár tugadh luach saothar ar an úsáid ar baineadh as maoiniú trí bhíthin dréachtaí glacachta bainc.

(b)   Sainiúlacht

(377)

Maidir le sainiúlacht, mar a luadh in aithris (116), de réir Chinneadh Uimh. 40, soláthróidh institiúidí airgeadais tacaíocht chreidmheasa do thionscail atáthar a spreagadh.

(378)

Mheas an Coimisiún gur chineál eile de thacaíocht airgeadais fhabhrach ó institiúidí airgeadais do thionscail atáthar a spreagadh, amhail an earnáil OFCanna, iad dréachtaí glacachta bainc. Go deimhin, mar a shonraítear i Roinn 3.1 thuas, tá an earnáil OFCanna i measc na dtionscal atáthar a spreagadh agus dá bhrí sin tá sí incháilithe do gach cineál tacaíochta airgeadais is féidir a fháil. Is cuid den chóras de thacaíocht airgeadais fhabhrach ó institiúidí airgeadais do thionscail atáthar a spreagadh, amhail an earnáil OFCanna, iad dréachtaí glacachta bainc, mar chineál maoinithe.

(379)

Níor cuireadh aon fhianaise ar fáil go bhféadfaidh aon ghnóthas i nDaon-Phoblacht na Síne (seachas laistigh de thionscail atáthar a spreagadh) tairbhiú de dhréachtaí glacachta bainc faoi na téarmaí agus coinníollacha fabhracha céanna.

(380)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh an Grúpa ZTT nach sonrach iad dréachtaí glacachta bainc mar gheall go n-úsáideann beagnach gach oibreoir gnó i nDaon-Phoblacht na Síne iad agus dá bharr sin nach bhfuil siad teoranta don earnáil OFCanna ná don Ghrúpa ZTT.

(381)

I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún tagairt d’aithris (116), inar chuir sé fianaise ar fáil go gceanglaítear ar institiúidí airgeadais, de réir Chinneadh Uimh. 40, tacaíocht chreidmheasa a chur ar fáil do thionscail atáthar a spreagadh.

(382)

Bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú maidir le sainiúlacht na scéime fóirdheontais ar dhoiciméid rialtais a bhí ar fáil, amhail pleananna agus rialacháin, maidir le tionscail atáthar a spreagadh. Thug Rialtas na Síne sainmhíniú soiléir ar cad iad na tionscail atáthar a spreagadh agus theorannaigh na sochair ón maoiniú fabhrach sonrach go dtí na tionscail sin amháin. Dá bhrí sin, fiú sa chás go mbainfeadh roinnt tionscal eile a sainmhíneofaí go sonrach mar thionscail atáthar a spreagadh leas as na coinníollacha fabhracha céanna agus a mbaineann an tionscal OFCanna leas astu, nó as coinníollacha cosúil leo, ní fhágfadh sin go mbeadh maoiniú fabhrach agus go háirithe dréachtaí glacachta bainc ar fáil go ginearálta do gach tionscal.

(383)

Thairis sin, fiú sa chás go mbeadh cineál maoinithe ar fáil, i bprionsabal, do chuideachtaí i dtionscail eile, seans go ndéanfaí maoiniú sonrach de mar gheall ar na coinníollacha nithiúla faoina gcuirtear maoiniú den sórt sin ar fáil do chuideachtaí i dtionscal áirithe, amhail an luach saothair maoinithe agus an méid maoinithe. Níor chuir aon cheann de na páirtithe leasmhara aon fhianaise isteach a thaispeáin go bhfuil maoiniú fabhrach chuideachtaí sa tionscal OFCanna trí bhíthin dréachtaí glacachta bainc bunaithe ar chritéir oibiachtúla nó ar choinníollacha de réir bhrí Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh.

(c)   An sochar a ríomh

(384)

Chun méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe a ríomh, mheas an Coimisiún an sochar a bronnadh ar na faighteoirí le linn thréimhse an imscrúdaithe.

(385)

Mar a luadh cheana féin in aithrisí (357) agus (370), is cineál de mhaoiniú gearrthéarmach iad dréachtaí glacachta bainc a chuireann feabhas ar éifeachtúlacht an tarraingeora trína chaipiteal oibre a éascú agus a riachtanais airgid a chomhlíonadh, mar gheall go mbaintear cuid mhaith úsáide astu in áit airgid mar mhodh íocaíochta in idirbhearta tráchtála. Shuigh an Coimisiún gur úsáid na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte dréachtaí glacachta bainc chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais le haghaidh maoiniú gearrthéarmach gan luach saothair a íoc.

(386)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, mar sin, gur cheart do tharraingeoirí glacachta bainc luach saothair a íoc don tréimhse mhaoinithe. Mheas an Coimisiún gur thosaigh an tréimhse mhaoinithe ar dháta eisithe an dréachta glacachta bainc agus gur tháinig deireadh leis ar dháta aibíochta an dréachta glacachta bainc. Maidir le dréachtaí glacachta bainc a eisíodh roimh an tréimhse imscrúdaithe agus dréachtaí glacachta bainc lenar bhain dáta aibíochta tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdaithe, ríomh an Coimisiún an tairbhe don tréimhse maoinithe a chumhdaítear leis an tréimhse imscrúdaithe, agus don tréimhse sin amháin.

(387)

I gcomhréir le hAirteagal 6(b) den bhun-Rialachán, mheas an Coimisiún gurb é atá sa sochar a bronnadh ar na faighteoirí mar sin, an difríocht idir an méid a d’íoc an chuideachta i ndáiríre mar luach saothair ar an maoiniú trí bhíthin dréachtaí glacachta bainc agus an méid ba cheart di a íoc trí bhíthin ráta úis maoinithe gearrthéarmach a chur i bhfeidhm.

(388)

Chinn an Coimisiún an sochar mar thoradh ar gan costas maoinithe gearrthéarmach a íoc. Ós rud é gur cineál de mhaoiniú gearrthéarmach iad dréachtaí glacachta bainc agus go bhfuil an cuspóir céanna acu, go héifeachtach, agus atá ag iasachtaí gearrthéarmacha de chaipiteal oibre, mheas an Coimisiún mar a suíodh in imscrúduithe roimhe seo (91), gur cheart go mbeadh costas ar dhréachtaí glacachta bainc a bheadh coibhéiseach le maoiniú iasachta gearrthéarmaí. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún an mhodheolaíocht chéanna i bhfeidhm agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le maoiniú iasachtaí gearrthéarmacha a ainmnítear in RMB, a dtugtar tuairisc air i Roinn 3.5.3.1 thuas.

(389)

Tar éis an nochta deiridh, thug an grúpa FTT a bharúil gur cheart don Choimisiún na táillí a íocann an grúpa a chur san áireamh agus an sochar á ríomh.

(390)

thug an Coimisiún dá aire cheana féin in aithris (371) nár íoc na cuideachtaí sampláilte a d’úsáid dréachtaí glacachta bainc i rith thréimhse an imscrúdaithe ach coimisiún le haghaidh na seirbhíse glacachta a chuir an banc ar fáil, ar 0.05 % d’aghaidhluach an dréachta a bhí ann, go ginearálta. Déanta na fírinne, is gné é an coimisiún sin a íocadh le go bpróiseálfadh an banc an dréacht glacachta bainc, atá ar leithligh ón maoiniú a dheonaigh an banc, nach raibh aon chostas ina leith ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Íoctar an táille sin chun costais riaracháin an bhainc maidir le próiseáil na ndréachtaí glacachta bainc a chumhdach. Níor thug an Coimisiún frithchúiteamh ach amháin don chuid mhaoinithe de na dréachtaí glacachta bainc (eadhon, an chuid a bhí coibhéiseach le maoiniú gearrthéarmach); ní dhearna sé anailís ar cibé acu a raibh nó ní raibh fóirdheontas in-fhrithchúitithe i gceist leis an gcoimisiún glacachta. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(391)

Níor chomhaontaigh an Grúpa ZTT leis an tagarmharc a úsáid d’iasachtaí gearrthéarmacha mar mheas sé gur ráthaíocht a bhí i ndréachtaí glacachta bainc ar cheart coimisiún a ghearradh ina leith. I ndáil leis sin, rinne an Grúpa ZTT tagairt don New York Federal Reserve a shoiléirigh go n-oibríonn dréachtaí glacachta bainc níos mó mar ráthaíocht ná mar iasacht.

(392)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún le seasamh an Ghrúpa ZTT. De réir sonraí atá ar fáil go poiblí maidir le dréachtaí glacachta bainc i SAM, ceannaíonn an banc an dréacht glacachta bainc ón tarraingeoir sa chleachtas de ghnáth, trí bhíthin ráta lascaine a chur i bhfeidhm, ráta atá cosúil le ráta úis, agus dá bhrí sin feidhmíonn an ghlacacht mar mheán don bhanc chun creidmheas a chur ar fáil (92). Thairis sin, i ndlínsí eile amhail Ceanada agus an Mhalaeisia, nuair a ghlacann an banc an dréacht cuireann sé na cistí ar fáil tar éis an ráta lascaine is infheidhme a asbhaint (93). Go deimhin, déantar foráil in Bank of Canada Discussion Paper: A Primer on the Canadian Bankers’ Acceptance Market go ndéanann ‘na hiasachtóirí na dréachtaí a cheannach ar lascaine óna méid aghaidhe agus faigheann an t-iasachtaí na fáltais lascainithe mar iasacht. Is minic a bhíonn an ráta lascaine ar a gceannaíonn na hiasachtóirí na dréachtaí bunaithe ar an ráta CDOR’. De réir Airteagal 14(4) de Threoirlínte na Malaeisia maidir le glacachtaí Baincéirí 2004), ‘ceanglófar ar tharraingeoir na glacachta bainc an [ghlacacht bainc] a lascainiú leis an mbanc glactha má tá an ceannach fós le híoc, agus sa chás sin, ceanglófar ar an mbanc glactha na fáltais lascainithe a íoc le soláthróir na n-earraí’. Dá bhrí sin, oibríonn na dréachtaí glacachta bainc mar chineál maoinithe, go príomha, agus ní mar ráthaíocht. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh.

3.5.4.3.   Bannaí corparáide in-chomhshóite

(393)

Tá bannaí corparáide in-chomhshóite eisithe ag cuideachtaí ón dá ghrúpa sampláilte i rith thréimhse an imscrúdaithe. Tá struchtúr ráta úis forchéimnitheach ag an dá bhanna in-chomhshóite agus rátaí úis thar a bheith ísle idir 0.2 % agus 2 %, rátaí atá i bhfad faoi bhun Ráta Tagarmhairc Iasachta PBOC agus faoi bhun Bonnráta Iasachta an NIFC (94).

(394)

Shuigh an Coimisiún gur thairbhigh an dá chuideachta sampláilte de mhaoiniú fabhrach i bhfoirm bannaí in-chomhshóite.

Bunús dlí (95)

Dlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le hUrrúis (leagan 2014) (‘Dlí na nUrrús’) (96);

Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint Urrús ag Cuideachtaí Liostaithe (leagan 2008) (97);

Bearta Riaracháin maidir le hUrraíocht d’Eisiúint agus Liostú Urrús (leagan 2008) (98);

Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint agus Frithghealladh Urrús (leagan 2018);

Rialacháin maidir le Riarachán Bannaí Corparáide, arna n-eisiúint ag an gComhairle Stáit an 18 Eanáir 2011;

Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint agus Trádáil Bannaí Corparáide, Ordú ó Choimisiún Rialála Urrús na Síne Uimh. 113, an 15 Eanáir 2015;

Bearta maidir le Riarachán Ionstraimí um Maoiniú Fiachais de chuid Fiontair Neamhairgeadais ar an Margadh Bannaí Idirbhainc arna nEisiúint ag People's Bank of China, Ordú ó People's Bank of China [2008] Uimh 12, an 9 Aibreán 2008.

Creat rialála lena rialaítear bannaí in-chomhshóite

(395)

Is leis na Rialacháin maidir le Riarachán Bannaí Corparáide agus na Bearta Riaracháin d’Eisiúint agus Trádáil Bannaí Corparáide a leagtar amach an creat dlíthiúil is infheidhme maidir le bannaí corparáide. Mar sin féin, tá sraith reachtaíochta sonraí ann atá infheidhme maidir le bannaí corparáide in-chomhshóite, eadhon, na Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint Urrús ag Cuideachtaí Liostaithe, na Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint agus Frithghealladh Urrús agus na Bearta Riaracháin maidir le hUrraíocht d’Eisiúint agus Liostú Urrús.

(396)

Le hAirteagal 14 de na Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint Urrús ag Cuideachtaí Liostaithe, sainmhínítear ‘bannaí corparáide in-chomhshóite’ mar “bhannaí corparáide a eisíonn cuideachta eisiúna de bhun an dlí agus a d’fhéadfaí a thiontú ina scaireanna i rith thréimhse áirithe agus faoi choinníollacha ordaithe”.

(397)

De bhun Airteagal 11 de Dhlí na nUrrús (leagan 2014), a bhí infheidhme an tráth ar eisigh na cuideachtaí sampláilte na bannaí in-chomhshóite, Airteagal 45 de na Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint Urrús ag Cuideachtaí Liostaithe agus Airteagal 2 de na Bearta Riaracháin maidir le hUrraíocht d’Eisiúint agus Liostú Urrús, i gcás cuideachtaí ar mian leo bannaí corparáide in-chomhshóite a eisiúint, caithfidh siad seirbhísí urraitheora urrús a fheidhmíonn mar fhrithgheallaí a iarraidh. Eagraíonn an t-urraitheoir eisiúint na mbannaí, molann sé an t-eisitheoir, cuireann sé an comhad iarratais ar aghaidh chuig Coimisiún Rialála Urrús na Síne (‘CRSC’) lena fhormheas, déanann sé idirbheartaíocht faoi na rátaí úis ar a gcuirfear an banna i láthair d’infheisteoirí agus tá sé freagrach as infheisteoirí a aimsiú a ghlacfadh leis na téarmaí comhaontaithe chun an banna a eisiúint, lena n-áirítear an ráta úis.

(398)

I gcomhréir leis an gcreat rialála, ní féidir bannaí in-chomhshóite a eisiúint agus a thrádáil go neamhshrianta sa tSín. Ní mór don CSRC eisiúint gach banna a fhormheas. Ordaítear le hAirteagal 16 de Dhlí na nUrrús (leagan 2014) go ‘[…] sásóidh cuideachtaí liostaithe a eisíonn bannaí in-chomhshóite na riachtanais a ordaítear sa Dlí seo chun scaireanna a thairiscint go poiblí; agus gheobhaidh siad formheas a fháil ó údaráis rialála urrús na Comhairle Stáit’. De réir Airteagal 3 de na Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint agus Frithghealladh Urrús, atá infheidhme maidir le bannaí in-chomhshóite, ‘déanfaidh an CSRC maoirsiú agus riarachán ar thairiscint agus ar fhrithghealladh urrús de réir an dlí’. Thairis sin, de réir Airteagal 10 de na Rialacháin maidir le Riarachán Bannaí Corparáide, tá cuótaí bliantúla ann chun bannaí corparáide a eisiúint.

(399)

De réir Airteagal 16 de Dhlí na nUrrús (leagan 2014), ba cheart d’eisiúint phoiblí bannaí na ceanglais a leanas a shásamh: ‘comhlíonfaidh cuspóir úsáide na bhfáltas beartais thionsclaíocha an Stáit’ agus ‘bainfear úsáid as na fáltais ó bhannaí corparáide a thairiscint go poiblí chun críocha formheasta agus chun na críche sin amháin’. Athdhearbhaítear le hAirteagal 12 de na Rialacháin maidir le Riarachán Bannaí Corparáide nach mór do chuspóir na gcistí tiomsaithe beartais thionsclaíocha an Stáit a chomhlíonadh. Thairis sin, ordaítear in Airteagal 10(2) de na Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint Urrús ag Cuideachtaí Liostaithe, ar lex specialis é atá infheidhme maidir le bannaí in-chomhshóite go mbeidh‘cuspóirí úsáide an chiste tiomsaithe i gcomhréir le beartais thionsclaíocha an Stáit’.

(400)

I rith an RCC, mhínigh Rialtas na Síne go gciallaíonn an abairt sin nach féidir leis na cistí tiomsaithe a bheith le haghaidh tionscadail a thagann faoi na tionscail ‘theoranta’ sa ‘Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch’. Trí chatagóir tionscadal atá sa chatalóg sin, i.e. tionscadail ‘atáthar a spreagadh’, tionscadail ‘theoranta’ agus tionscadail ‘curtha as an áireamh’. Sa chatagóir ‘teoranta’, cuirtear toirmeasc ar thionscadail nua agus tugtar treoir do tháirgeadh leanúnach nuáil agus uasghrádú, agus sa chatagóir ‘curtha as an áireamh’ cuirtear cosc ar thionscadail atá ann cheana féin infheistíocht a lorg. Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid nach gciallaíonn “i gcomhréir le beartais thionsclaíocha an Stáit” ach amháin go dtagann an tionscadal infheistíochta faoin ábhar ‘atáthar a spreagadh’, atá incháilithe tacaíocht chreidmheasa a fháil ó institiúidí airgeadais.

(401)

Mar a míníodh in aithris (116), tagraíonn Cinneadh Uimh. 40 don ‘Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch’ agus déanann foráil, más rud é ‘go mbaineann an tionscadal infheistíochta leis an inneachar spreagtha déanfar é a scrúdú agus a fhormheas agus a chur ar thaifid de réir na rialachán náisiúnta ábhartha maidir le hinfheistíocht; soláthróidh na hinstitiúidí airgeadais uile tacaíocht chreidmheasa de réir na bprionsabal creidmheasa’. Fágann sé sin go gcomhfhreagraíonn eisiúint bannaí corparáide in-chomhshóite, bannaí a dhíríonn ar thionscal atáthar a spreagadh, mar is gá dóibh a dhéanamh, go gcomhfhreagraíonn siad don chleachtas atá ag institiúidí airgeadais tacú leis na tionscail sin.

(402)

Déantar dianrialú ar an ráta úis ar bhannaí corparáide freisin. Déantar foráil le hAirteagal 16 de na Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint Urrús ag Cuideachtaí Liostaithe go ‘[n]déanfaidh an chuideachta eisiúna agus an príomh-fhrithgheallaí ráta úis banna corparáide in-chomhshóite a chinneadh trí idirbheartaíocht, ach sásóidh sé forálacha ábhartha an Stáit’. De réir Airteagal 16(5) de Dhlí na nUrrús (leagan 2014), ‘ní rachaidh ráta cúpóin na mbannaí corparáide thar an ráta cúpóin arna ordú ag an gComhairle Stáit’. Ina theannta sin, tugtar tuilleadh mionsonraí in Airteagal 18 de na Rialacháin maidir le Riarachán Bannaí Corparáide, atá infheidhme maidir le gach banna, go ginearálta, trína lua, ‘ní bheidh an ráta úis arna thairiscint le haghaidh aon bhannaí corparáide níos airde ná 40 % den ráta úis reatha a íocann bainc le daoine aonair ar thaiscí coigiltis téarma seasta lena mbaineann an aibíocht chéanna’.

(403)

De réir Airteagal 17 de na Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint Urrús ag Cuideachtaí Liostaithe, ‘chun bannaí corparáide in-chomhshóite a eisiúint go poiblí, cuirfidh cuideachta ar iontaoibh ghníomhaireacht rátála creidmheasa cháilithe rátáí creidmheasa agus rátáí leantacha a dhéanamh’. Ina theannta sin, ordaítear le hAirteagal 18 de na Bearta Riaracháin maidir le Bannaí Corparáideacha a Eisiúint agus a Thrádáil atá infheidhme go ginearálta nach féidir ach bannaí áirithe a chomhlíonann dianchritéir cháilíochta, amhail rátáil chreidmheasa AAA, a eisiúint ar bhealach poiblí chuig infheisteoirí poiblí nó a eisiúint ar bhealach poiblí chuig infheisteoirí cáilithe ag lánrogha iomlán an eisitheora. Ní féidir na bannaí corparáide nach gcomhlíonann na caighdeáin sin a eisiúint ar bhealach poiblí ach chuig infheisteoirí cáilithe agus chucu sin amháin.

(a)   Institiúidí Airgeadais a ghníomhaíonn mar chomhlachtaí poiblí

(404)

De réir léargas Bloomberg ar mhargadh bannaí na Síne in 2021, is infheisteoirí institiúide iad formhór na n-infheisteoirí, lena n-áirítear institiúidí airgeadais. Go háirithe, is ionann bainc thráchtála agus 57 % de na hinfheisteoirí agus is ionann bainc bheartais agus 3 % (99). Thairis sin, shuigh an Coimisiún gur infheisteoirí institiúide iad 85 % de na hinfheisteoirí sa bhanna corparáide in-chomhshóite arna eisiúint ag ceann de na cuideachtaí sampláilte, catagóir infheisteoirí a chuimsíonn institiúidí airgeadais.

(405)

Thairis sin, mar thionscal atáthar a spreagadh faoin ‘gCatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch’, tá an tionscal OFCanna i dteideal tacaíocht chreidmheasa ó institiúidí airgeadais bunaithe ar Chinneadh Uimh. 40. De bharr go bhfuil ráta úis íseal ag bannaí in-chomhshóite, amhail na bannaí in-chomhshóite arna n-eisiúint ag na cuideachtaí sampláilte, is táscaire láidir é sin gurb iad institiúidí airgeadais an príomh-infheisteoir sna bannaí sin. Tá oibleagáid orthu “tacaíocht chreidmheasa” a chur ar fáil do na cuideachtaí sin agus chuirfeadh siad cúinsí eile san áireamh seachas an luach saothair úis agus an cinneadh infheistíochta/maoinithe á dhéanamh , amhail cuspóirí beartais. Go deimhin, bheadh infheisteoir a oibríonn i gcoinníollacha margaidh níos íogaire i leith an toraidh airgeadais ar a infheistíocht agus is dócha nach n-infheisteodh sé i mbannaí in-chomhshóite a raibh ráta úis an-íseal acu. Thairis sin, sonraítear leis na conclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le staid airgeadais an dá ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin i Roinn 3.5.3.3 thuas i dtéarmaí a bpróifílí leachtachta agus sócmhainneachta nach n-infheisteodh infheisteoirí a oibríonn i gcoinníollacha margaidh in ionstraimí airgeadais amhail bannaí in-chomhshóite, a mbeadh toradh airgeadais íseal orthu, agus ardrioscaí leachtachta agus sócmhainneachta ag baint leis an eisitheoir. Dá bhrí sin, is é tuairim an Choimisiúin nach ndéanfadh infheisteoirí infheistíocht den sórt sin ach amháin infheisteoirí ar spreag rud éigin seachas toradh airgeadais ar infheistíocht iad, amhail an oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh maidir le maoiniú a sholáthar do chuideachtaí i dtionscail atáthar a spreagadh.

(406)

Dá dheasca sin, agus na fíorais a nochtadh in aithrisí (404) agus (405) á gcur san áireamh, mheas an Coimisiún go bhfuil fianaise chomhthacaíoch ann a thugann le fios gur institiúidí airgeadais a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu tacaíocht chreidmheasa a sholáthar do tháirgeoirí OFCanna iad cion ollmhór de na hinfheisteoirí sna bannaí in-chomhshóite a d’eisigh na cuideachtaí sampláilte.

(407)

Sa bhreis air sin, mar a dtugtar tuairisc air i Roinn 3.5.1 thuas, tá an Stát i láthair go mór in institiúidí airgeadais agus féadfaidh Rialtas na Síne tionchar bríoch a imirt orthu. Tá an creat dlíthiúil ginearálta, ina n-oibríonn na hinstitiúdí airgeadais sin, infheidhme maidir le bannaí in-chomhshóite freisin.

(408)

I Roinn (1) agus (2) thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlachtaí poiblí iad na hinstitiúidí airgeadais faoi úinéireacht an Stáit, de réir bhrí Airteagal 2(b) má léitear é i gcomhar le hAirteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán agus ar chaoi ar bith, go measfaí gur chuir Rialtas na Síne cúraimí ar a n-iontaoibh nó gur thug treoir dóibh na feidhmeanna a fheidhmiú a bheadh dílsithe de ghnáth sa rialtas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán. I Roinn 3.5.1.2 thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcuireann an rialtas cúraimí ar iontaoibh institiúidí airgeadais príobháideacha nó go dtugann treoir dóibh.

(409)

Lorg an Coimisiún cruthúnas nithiúil freisin ar rialú a bheith á fheidhmiú ar bhealach fiúntach bunaithe ar eisiúintí nithiúla de bhannaí in-chomhshóite. Rinne sé scrúdú, dá bhrí sin, ar an timpeallacht dhlíthiúil uile mar a leagtar amach in aithrisí (395) go (403), in éineacht le torthaí nithiúla an imscrúdaithe.

(410)

Shuigh an Coimisiún gur eisigh an dá ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte na bannaí in-chomhshóite ar rátaí úis a bhí an-íseal agus cosúil lena chéile, beag beann ar staid airgeadais agus riosca creidmheasa na gcuideachtaí.

(411)

Sa chleachtas, bíonn tionchar ag rátáil chreidmheasa na cuideachta ar rátaí úis bhannaí in-chomhshóite, cosúil le hiasachtaí. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (280), áfach, go bhfuil an margadh rátála creidmheasa áitiúil saofa agus nach bhfuil rátálacha creidmheasa iontaofa. Mar a luadh in aithris (274), tá an lámh in uachtar ag cúig ghníomhaireacht rátála áitiúla de chuid na Síne sa mhargadh bannaí agus tá rátáil AAA tugtha ag gníomhaireachtaí rátála áitiúla do thart ar 90 % de na bannaí, agus tá rátáil eisitheora níos ísle A agus BBB faighte ag go leor de na heisitheoirí ó S&P Global.

(412)

Léiríodh sin leis an bhfíoras nár chomhfhreagair na tuarascálacha rátála creidmheasa do na bannaí a d’eisigh na cuideachtaí sampláilte dá bhfíor-staid airgeadais.

(413)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur lean institiúidí airgeadais na Síne, arb iad an príomh-infheisteoir sna bannaí in-chomhshóite a d’eisigh na cuideachtaí sampláilte, gur lean siad na treonna beartais a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 40 trí bhíthin maoiniú fabhrach ar ráta úis an-íseal a sholáthar do chuideachtaí a raibh baint acu le tionscal atáthar a spreagadh agus, mar sin, gur ghníomhaigh siad mar chomhlachtaí poiblí de réir bhrí Airteagal 2(b) den bhun-Rialachán nó mar chomhlachtaí ar chuir an rialtas cúraimí ar a n-iontaoibh nó ar thug treoir dóibh de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán.

(414)

Trí bhíthin glacadh le hinfheistiú i mbannaí in-chomhshóite lenar bhain ráta toraidh an-íseal gan beann ar phróifíl riosca an eisitheora, sholáthair na hinstitiúidí airgeadais tairbhe do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(415)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Rialtas na Síne in aghaidh chonclúid an Choimisiúin gur ghníomhaigh na hinstitiúidí airgeadais, a cheannaigh chuid ollmhór de na bannaí corparáide in-chomhshóite i gceist, mar chomhlachtaí poiblí. Mhaígh Rialtas na Síne gur ghnáthchleachtas tráchtála é bannaí corparáide agus bannaí corparáide in-chomhshóite a cheannach agus go ndéantar é i ngach dlínse ollmhór, lena n-áirítear an tAontas agus SAM. De réir Rialtas na Síne, tá an fheidhm a dhéanann institiúidí airgeadais nuair a cheannaíonn siad bannaí go hiomlán difriúil ón bhfeidhm a dhéanann siad nuair a sholáthraíonn siad iasachtaí agus, mar sin, go raibh an Coimisiún faoi oibleagáid measúnú sonrach a dhéanamh ar cibé acu an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a mheas gur chomhlachtaí poiblí iad institiúidí airgeadais maidir leis an bhfeidhm um bannaí a cheannach agus chun measúnú cás ar chás a dhéanamh ar gach institiúid airgeadais. Mhaígh Rialtas na Síne freisin nach ndearna an Coimisiún anailís ar cibé a raibh nó nach raibh ceannaitheoirí bannaí corparáide ann agus bannaí in-chomhshóite seachas bainc agus institiúidí airgeadais na Síne agus cibé a raibh nó nach raibh ceannaitheoirí príobháideacha ann. Thairis sin, mhaígh Rialtas na Síne gurb é cuspóir chóras maoirseachta airgeadais na Síne, maidir le bannaí corparáide agus bannaí in-chomhshóite, sábháilteacht an chórais a áirithiú agus ceart agus leasanna na n-infheisteoirí a chosaint, agus nach léiríonn an córas sin cur isteach ón rialtas dá bharr.

(416)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún le ráiteas Rialtas na Síne nach ndearna sé measúnú sonrach ar iompar institiúidí airgeadais mar chomhlachtaí poiblí maidir leis an bhfeidhm um bannaí a cheannach. I dteannta na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu i Roinn 3.5.1 thuas, lorg an Coimisiún cruthúnas nithiúil freisin ar rialú a bheith á fheidhmiú ar bhealach fiúntach bunaithe ar eisiúintí nithiúla de bhannaí in-chomhshóite agus rinne measúnú sonrach in aithrisí (409) go (413). Cé gur chomhaontaigh an Coimisiún le Rialtas na Síne go bhféadfaidh sé gur ghnáthchleachtas tráchtála i bprionsabal é bannaí corparáide agus bannaí corparáide in-chomhshóite a cheannach agus go ndéantar é i ngach dlínse ollmhór, luaigh sé gur thréith den cheannach bannaí corparáide ag institiúidí airgeadais na Síne é cur isteach ón Stát mar a taispeánadh in aithris (413). Níor chomhaontaigh an Coimisiún le líomhain Rialtas na Síne nach ndearna sé anailís ar cibé a raibh nó nach raibh ceannaitheoirí bannaí corparáide ann agus bannaí in-chomhshóite seachas bainc agus institiúidí airgeadais na Síne. Go deimhin, luaigh an Coimisiún in aithrisí (404) agus (406) gur infheisteoirí institiúide, lena n-áirítear institiúidí airgeadais, a bhí in 85 % d’infheisteoirí an bhanna in-chomhshóite a d’eisigh ceann de na cuideachtaí sampláilte, agus go bhfuil fianaise chomhthacaíoch ann a thugann le fios gur institiúidí airgeadais a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu tacaíocht chreidmheasa a sholáthar do tháirgeoirí OFCanna iad cion ollmhór de na hinfheisteoirí sna bannaí in-chomhshóite a d’eisigh na cuideachtaí sampláilte. I bhfianaise an cion mór infheisteoirí institiúideacha, lena n-áirítear institiúidí airgeadais, bhí an Coimisiún den tuairim go bhfuil tréithe na mbannaí corparáide in-chomhshóite i gceist cinnte, an ráta íseal cúpóin go háirithe, agus nár chloígh infheisteoirí eile, amhail infheisteoirí príobháideacha ach leis na coinníollacha sin amháin. Ar deireadh, mheas an Coimisiún nach raibh i gcóras maoirseachta airgeadais na Síne, maidir le bannaí corparáide agus bannaí in-chomhshóite, ach gné amháin, chomh maith leis an gcreat normatach lena rialaítear cúrsaí maoinithe, arna chur i bhfeidhm ag institiúidí airgeadais, a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí (405) agus (407) thuas, in éineacht le hiompraíocht choincréiteach na n-institiúidí airgeadais, a léirigh cur isteach ó Rialtas na Síne. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh Rialtas na Síne.

(b)   Sainiúlacht

(417)

Mheas an Coimisiún go bhfuil an maoiniú fabhrach trí bhannaí in-chomhshóite sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán. Go deimhin, ní féidir bannaí in-chomhshóite a eisiúint gan cead CSRC, a sheiceálann an gcomhlíontar gach coinníoll rialála d’eisiúint na mbannaí in-chomhshóite. Mar a mhínítear in aithris (399), de réir Dhlí na nUrrús, Daon-Phoblacht na Síne (leagan 2014) agus Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint agus Frithghealladh Urrús ag Cuideachtaí Liostaithe is infheidhme maidir le bannaí in-chomhshóite go háirithe, ní mór go mbeadh eisiúint na mbannaí in-chomhshóite i gcomhréir le beartais thionsclaíocha an Stáit. Mheas an Coimisiún in aithris (400) go gciallaíonn “i gcomhréir le beartais thionsclaíocha an Stáit” go dtagann an tionscadal infheistíochta faoin ábhar ‘atáthar a spreagadh’, sa Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionscal, lena mbaineann an tionscal OFC.

(418)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh Rialtas na Síne go rialaítear margaí bannaí i ngach tír agus go mbaineann sé le cobhsaíocht eacnamaíoch. Baineann na critéir, nach mór do chuideachta iad a chomhlíonadh chun bannaí a eisiúint, le cúrsaí airgeadais agus ní bhaineann siad le cúrsaí beartais. D’easaontaigh Rialtas na Síne leis an tuairim nach mór d’eisiúint na mbannaí in-chomhshóite bheith i gcomhréir le beartais thionsclaíocha an Stáit agus dúradh arís nach tionscal ‘atáthar a spreagadh’ é an tionscal OFC. Mhaígh Rialtas na Síne, anuas air sin, nach bhfuil sé léirithe ag an gCoimisiúin go bhfuil díolachán na mbannaí teoranta go sainráite do chuideachtaí áirithe.

(419)

Ina leith sin, cé gur aontaigh an Coimisiún go rialaítear margaí bannaí i ngach tír agus go mbaineann formhór na gcritéar, nach mór do chuideachta iad a chomhlíonadh chun bannaí a eisiúint, le cúrsaí airgeadais, d’easaontaigh sé le maíomh Rialtas na Síne nár bhain eisiúint na mbannaí in-chomhshóite sa tSín le cúrsaí beartais. I dtús báire, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a thuairim gur earnáil ‘atáthar a spreagadh’ é an tionscal OFC. Ar an dara dul síos, mheas an Coimisiún go raibh foclaíocht Dhlí na nUrrús, Daon-Phoblacht na Síne (leagan 2014) agus foclaíocht an Bhearta Riaracháin maidir le hEisiúint Urrús ag Cuideachtaí Liostaithe is infheidhme go sonrach maidir le bannaí in-chomhshóite soiléir go leor, agus dá réir sin ní mór eisiúint na mbannaí in-chomhshóite a bheith i gcomhréir le beartais thionsclaíocha an Stáit. Ar deireadh, shuigh an Coimisiún in aithris (414), trí bhíthin glacadh le hinfheistiú i mbannaí in-chomhshóite lenar bhain ráta toraidh an-íseal gan beann ar phróifíl riosca an eisitheora, sholáthair na hinstitiúidí airgeadais tairbhe do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Go deimhin, tá an buntáiste airgeadais a bhaineann le ceannach bannaí corparáide in-chomhshóite, ag a bhfuil ráta cúpóin chomh híseal sin, 'teoranta go sainráite' do thionscail ‘atáthar a spreagadh’, amhail an tionscal OFC, leis an gcreat normatach, arna dhearadh ag Rialtas na Síne. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh Rialtas na Síne.

(c)   An sochar a ríomh

(420)

Is ionstraim fiachas hibrideach iad bannaí in-chomhshóite, ag a bhfuil gnéithe bannaí amhail íocaíochtaí úis, agus a chuireann an deis ar fáil an méid infheistithe a chomhshó go scaireanna faoi coinníollacha áirithe. Fuair an Coimisiún amach nár comhshódh ach cuid shuarach de bhannaí in-chomhshóite an dá chuideachta shampláilte go scaireanna. Dá bhrí sin, d’oibrigh bannaí in-chomhshóite an dá chuideachta shampláilte mar bhanna amháin, ag tabhairt sochair do na hinfheisteoirí i bhfoirm úis, amhail is a bhfaighfí le hiasachtaí, le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ós rud é go bhfuil an mhodheolaíocht ríofa le haghaidh iasachtaí, a dtugtar tuairisc air in aithris (310), bunaithe ar bhannaí, chinn an Coimisiún go leanfadh sé an modheolaíocht chéanna mar gheall ar dhálaí sonracha an cháis seo (100). Ciallaíonn sé seo go gcuirtear an raon difríochta coibhneasta idir bannaí corparáide SAM, lena mbaineann rátáil AA, agus bannaí corparáide SAM, lena mbaineann rátáil BB, ag a bhfuil an fad céanna, i bhfeidhm ar an Ráta Tagarmhairc Iasachta, arna fhoilsiú ag PBOC, nó an Bonnráta Iasachta, arna fhoilsiú ag NIFC (101), i ndiaidh an 20 Lúnasa 2019, chun ráta úis, bunaithe ar an margadh, a shuí le haghaidh bannaí.

(421)

Tar éis nochtadh deiridh, chuir Rialtas na Síne, an Grúpa ZTT agus an Grúpa FTT in aghaidh úsáid an tagarmhairc chéanna, a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtaí, le haghaidh bannaí agus bannaí in-chomhshóite ós rud é gur ionstraimí airgeadais éagsúla iad bannaí, bannaí in-chomhshóite go háirithe, agus iasachtaí agus toisc go n-oibríonn margadh na mbannaí ar bhealach difriúil leis an margadh príobháideach iasachta. Mhaígh Rialtas na Síne nach bhfuil aon bhunús ann go n-úsáidfeadh an Coimisiún an tagarmharc PBOC mar thúsphointe, agus ansin uasmharcáil a chur leis. Dar le Rialtas na Síne, ba cheart don Choimisiún an ráta úis le haghaidh bannaí, arna n-eisiúint ag cuideachtaí, ag a bhfuil rátáil BB, a úsáid go díreach, agus thug sé na samplaí gur eisigh táirgeoirí OFC agus cruach na hEorpa, ag a bhfuil rátáil BB, bannaí le haghaidh tréimhse chosúil aibíochta ar rátaí úis a bhí i bhfad ní b’ísle ná an ráta tagarmhairc a ríomhadh le linn na tréimhse céanna. D’áitigh an Grúpa ZTT gurb é an príomhbhuntáiste a bhaineann le heisiúint bannaí i gcomparáid le hiasachtaí a chruinniú ó bhainc ná go mbíonn an ráta úis (i.e. ráta cúpóin), nach mór do na cuideachtaí a íoc leis na hinfheisteoirí bannaí, níos ísle de ghnáth ná an ráta úis a bheadh orthu a íoc ar iasacht bainc. Dar leis an nGrúpa ZTT, tá sé níos mealltaí bannaí in-chomhshóite a eisiúint toisc go mbaineann ráta cúpóin níos ísle leo toisc go gcumasaíonn siad infheisteoirí na bannaí a chomhshó go cothromas agus brabúis infheistíochta a fháil, mar sin de, trí dhíbhinní cothromais. Mhaígh an Grúpa FTT freisin nach é ioncam an úis tairbhe na mbannaí in-chomhshóite ach an ceart comhshóite. Mhol an Grúpa FTT agus an Grúpa ZTT ráta cúpóin bhannaí corparáide SAM lena mbaineann rátáil BB a úsáid mar thagarmharc le haghaidh ríomh an tairbhe do bhannaí agus bannaí in-chomhshóite.

(422)

In aithris (337), mhínigh an Coimisiún an fáth gur mheas sé gurbh ionstraimí cosúla fiachais airgeadais iad iasachtaí agus bannaí corparáide, rud a thug údar iomchuí le cur i bhfeidhm an tagarmhairc chéanna don dá ionstraim i gcúinsí sonracha an cháis seo. In aithrisí (325) go (333), mhínigh an Coimisiún an fáth gur bhreithnigh sé go raibh an tagarmharc d’iasachtaí agus bannaí corparáide iomchuí, an fáth nach féidir leis ráta cúpóin bhannaí corparáide SAM lena mbaineann rátáil BB a úsáid mar thagarmharc agus an fátha a bhfuil an chomparáid idir rátaí úis/rátaí cúpóin AE neamhábhartha. D’aontaigh an Coimisiún gur ionstraim hibrideach fiachais iad bannaí corparáide in-chomhshóite, rud a thugann an deis freisin an méid infheistithe a chomhshó go scaireanna faoi choinníollacha áitithe agus, mar sin de, tá siad difriúil le bannaí corparáide i bprionsabal. D’fhiosraigh an Coimisiún an fhéidearthacht a bhain leis an ngné in-chomhshóiteachta seo a chainníochtú, chomh maith le húsáid bhannaí corparáide SAM lena mbaineann rátáil BB, mar a mhol Rialtas na Síne, an Grúpa FTT agus an Grúpa ZTT. Níor chuir an tagarmharc, arna mholadh ag na páirtithe seo, in-chomhshóiteacht den sórt sin san áireamh, áfach, agus tagarmharc a bhí ann le haghaidh bannaí corparáide dínasctha ó mhargaí na Síne toisc gur bhain sé le bannaí a eisíodh in airgeadra difriúil (i.e. USD agus ní CNY), agus ráta úis gan riosca difriúil go leor. Níor cuireadh aon tagarmharc féideartha eile isteach agus ní raibh aon fhaisnéis phoiblí eile ar fáil chun tagarmharc ní ba chruinne a sholáthar le haghaidh bannaí in-chomhshóite (m.sh. innéacsanna don phréimh do bhannaí in-chomhshóite SAM lena mbaineann rátáil AA agus bannaí in-chomhshóite SAM lena mbaineann rátáil BB) nó do ghné in-chomhshóiteachta na mbannaí seo. Ní raibh féidearthacht i sonraí na gcuideachtaí féin ach an oiread le haghaidh aon chomparáid ar an difríocht i rátaí cúpóin idir bannaí agus bannaí in-chomhshóite, toisc nach raibh aon bhannaí gan íoc ag ceann de na cuideachtaí sampláilte agus bhí aibíocht agus cuspóir airgeadais dhifriúil leis an mbanna in-chomhshóite ag bannaí na cuideachta sampláilte eile. Thairis sin, bhain an Coimisiún de thátal as in aithris (420) nár comhshódh ach cuid shuarach de bhannaí in-chomhshóite an dá chuideachta shampláilte go scaireanna, agus gur úsáid na táirgeoirí onnmhairiúcháin an ionstraim airgeadais seo go hidirmhalartach le hionstraimí airgeadais eile, i.e. iasachtaí agus bannaí corparáide, sa chleachtas. Dá bhrí sin, ós rud é nár oibrigh na bannaí in-chomhshóite seo ach mar bhannaí amháin le linn na tréimhse imscrúdaithe, rud a thug fáltais d’infheisteoirí i bhfoirm úis, cosúil le hiasachtaí, agus ós rud é gur measadh go raibh úsáid an tagarmhairc ag an ráta gan riosca, arna fhoilsiú ag PBOC nó NIFC coimeádach, dhearbhaigh an Coimisiún an cinneadh a rinne sé an tagarmharc le haghaidh iasachtaí a chur i bhfeidhm, mar a maíodh in aithris (420).

(423)

Is ionann an tairbhe agus an difríocht idir méid an úis ar cheart don chuideachta é a íoc agus an ráta úis, bunaithe ar an margadh, dá dtagraítear in aithris (420), á chur i bhfeidhm, agus an t-ús iarbhír a d’íoc an chuideachta.

3.5.4.4   Bannaí corparáide

(424)

Bhain ceann de na grúpaí sampláilte tairbhe as airgeadas fabhraigh i bhfoirm bannaí corparáide.

(a)   Bunús dlí

Dlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le hUrrúis (leagan 2014) (‘Dlí na nUrrús') (102);

Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint agus Trádáil Bannaí Corparáide, Ordú ó Choimisiún Rialála Urrús na Síne Uimh. 113, an 15 Eanáir 2015;

Rialacháin maidir le Riarachán Bannaí Corparáide, arna n-eisiúint ag an gComhairle Stáit an 18 Eanáir 2011

Bearta maidir le Riarachán Ionstraimí um Maoiniú Fiachais de chuid Fiontair Neamhairgeadais ar an Margadh Bannaí Idirbhainc arna nEisiúint ag People's Bank of China, Ordú ó People's Bank of China [2008] Uimh. 12, an 9 Aibreán 2008;

(b)   Creat rialála lena rialaítear bannaí corparáide

(425)

I gcomhréir leis an gcreat rialála, ní féidir bannaí a eisiúint nó a thrádáil gan bhac sa tSín. Ní mór d’údaráis rialtais éagsúla, amhail PBOC, NDRC nó CSRC, eisiúint gach banna a cheadú, ag brath ar chineál an bhanna agus cineál an eisitheora. Anuas air sin, de réir na Rialachán maidir le Riarachán Bannaí Corparáide, tá cuótaí bliantúla ann le haghaidh eisiúint na mbannaí corparáide.

(426)

Thairis sin, de réir Airteagal 16 de Dhlí na nUrrús is infheidhme le linn na tréimhse imscrúdaithe, ba cheart de thairiscint phoiblí bannaí corparáide na ceanglais a leanas a shásamh: 'comhlíonfaidh cuspóir úsáide na bhfáltas beartais thionsclaíocha an Stáit [...]' agus 'bainfear úsáid as na fáltais ó bhannaí corparáide a thairiscint go poiblí chun críocha formheasta agus chun na críche sin amháin'. Athdhearbhaítear le hAirteagal 12 de na Rialacháin maidir le Riarachán Bannaí Corparáide nach mór do chuspóir na gcistí tiomsaithe beartais thionsclaíocha an Stáit a chomhlíonadh. Mar a mhínítear in aithrisí (400) agus (401), díríonn eisiúint bannaí corparáide faoi choinníollacha den sórt sin ar thionscal atáthar a spreagadh amhail tionscal OFC agus comhfhreagraíonn siad don chleachtas atá ag institiúidí airgeadais chun tacú leis na tionscail sin.

(427)

De réir Airteagal 16(5) de Dhlí na nUrrús (leagan 2014), ‘ní rachaidh ráta cúpóin na mbannaí corparáide thar an ráta cúpóin arna ordú ag an gComhairle Stáit’. Ina theannta sin, tugtar tuilleadh mionsonraí in Airteagal 18 de na Rialacháin maidir le Riarachán Bannaí Corparáide, trína lua,'ní bheidh an ráta úis arna thairiscint le haghaidh aon bhannaí corparáide níos airde ná 40 % den ráta úis reatha a íocann bainc le daoine aonair ar thaiscí coigiltis téarma seasta lena mbaineann an aibíocht chéanna'.

(428)

Thairis sin, ordaítear le hAirteagal 18 de na Bearta Riaracháin d’Eisiúint agus Trádáil Bannaí Corparáide nach féidir ach bannaí áirithe a chomhlíonann dianchritéir cháilíochta, amhail rátáil chreidmheasa AAA, a eisiúint ar bhealach poiblí chuig infheisteoirí poiblí nó a eisiúint ar bhealach poiblí chuig infheisteoirí cáilithe ag discréid an eisitheora amháin. Ní féidir na bannaí corparáide nach gcomhlíonann na caighdeáin sin a eisiúint ar bhealach poiblí ach chuig infheisteoirí cáilithe agus chucu sin amháin. Dá bhrí sin, eisítear formhór na mbannaí corparáide d’infheisteoirí cáilithe, arna bhfaomhadh ag CSRC, agus ar infheisteoirí institiúideacha na Síne iad, mar thoradh air.

(c)   Institiúidí Airgeadais a ghníomhaíonn mar chomhlachtaí poiblí

(429)

Ní mór do chuideachtaí sa tSín, ar mian leo bannaí corparáide a eisiúint, seirbhísí institiúid airgeadais a ghníomhaíonn mar fhrithgheallaí a lorg. Eagraíonn an frithgheallaí eisiúint na mbannaí agus déanann siad idirbheartaíocht faoi na rátaí úis ar a gcuirfear an banna i láthair d’infheisteoirí. Shuigh an Coimisiún go raibh frithgheallaí an bhanna corparáide, arna eisiúint ag ceann de na grúpaí sampláilte, i measc na n-institiúidí airgeadais a sholáthair airgeadas fabhraigh, a míníodh i Roinn 3.5.1 thuas.

(430)

Thairis sin, de réir léargas Bloomberg ar mhargadh bannaí na Síne in 2021, is ionann na bannaí a liostaítear sa mhargadh bannaí idirbhainc agus 88 % de mhéid foriomlán trádála na mbannaí. De réir an staidéir chéanna, is infheisteoirí institiúideacha formhór na n-infheisteoirí, lena n-áirítear institiúidí airgeadais. Go háirithe, is ionann bainc thráchtála agus 57 % de na hinfheisteoirí agus is ionann bainc bheartais agus 3 % (103). Dá bhrí sin, is bainc de chuid na Síne iad formhór na n-infheisteoirí a cheannaíonn bannaí corparáide, lena n-áirítear bainc faoi úinéireacht an Stáit.

(431)

Mar a mhínítear in aithrisí (405) agus (406) thuas, mheas an Coimisiún go bhfuil fianaise chomhthacaíoch ann a thugann le fios gur institiúidí airgeadais a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu tacaíocht chreidmheasa a sholáthar do tháirgeoirí OFCanna iad cion ollmhór de na hinfheisteoirí sna bannaí in-chomhshóite a d’eisigh na cuideachtaí sampláilte. Baineann an réasúnaíocht agus conclúid chéanna le bannaí corparáide toisc go bhfuil na coinníollacha eisiúna an-chosúil, go háirithe an choinníoll atá ann riachtanais na ndlíthe, rialachán agus beartas náisiúnta a chomhlíonadh, chomh maith le beartas tionsclaíoch an Stáit.

(432)

Mar a thuairiscítear in aithris (426), éilítear le hAirteagal 16 de Dhlí na nUrrús (leagan 2014) agus Airteagal 12 de na Rialacháin maidir le Riarachán Bannaí Corparáide nach mór do thairiscint phoiblí bannaí corparáide beartais thionsclaíocha an Stáit a chomhlíonadh. An éifeacht atá aige seo ná nach féidir bannaí corparáide a eisiúint ach amháin chun críocha atá i gcomhréir le spriocanna pleanála Rialtas na Síne maidir le tionscail atáthar a spreagadh, mar a mhínítear in aithrisí (393) agus (394). Ní mór d’infheisteoirí institiúideacha, ar bainc thráchtála agus bainc bheartais a bhformhór, mar a mhínítear in aithrisí (397) agus (430), na treonna beartais a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 40 a leanúint.

(433)

Dá réir sin, baineann an sásra, a dtugtar tuairisc air in aithrisí (116), (401) agus (413) le bannaí corparáide chomh maith, i.e. nuair a léitear Cinneadh Uimh. 40 in éineacht leis an gCatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíoch déantar foráil maidir le cóireáil shonrach ar thionscadail áirithe laistigh de thionscail áirithe atáthar a spreagadh, amhail an tionscal OFC. Mar gheall ar an gcóir thairbhiúil a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh ceann de na grúpaí sampláilte, thángthas ar an gcinneadh infheistíocht a dhéanamh i mbannaí corparáide ag a bhfuil ráta úis nach léiríonn critéir bunaithe ar an margadh.

(434)

Mar a thuairiscítear i Roinn 3.5.1 thuas, tá an Stát i láthair go mór in institiúidí airgeadais agus féadfaidh Rialtas na Síne tionchar bríoch a imirt orthu. Tá an creat dlíthiúil ginearálta, ina n-oibríonn na hinstitúidí airgeadais sin, infheidhme maidir le bannaí corparáide freisin.

(435)

I Roinn (1) agus (2) thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlachtaí poiblí iad na hinstitiúidí airgeadais faoi úinéireacht an Stáit, de réir bhrí Airteagal 2(b) má léitear é i gcomhar le hAirteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán agus ar chaoi ar bith, go measfaí gur chuir Rialtas na Síne cúraimí ar a n-iontaoibh nó gur thug treoir dóibh na feidhmeanna a fheidhmiú a bheadh dílsithe de ghnáth sa rialtas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán. I Roinn 3.5.1.2 thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcuireann an rialtas cúraimí ar iontaoibh institiúidí airgeadais príobháideacha nó go dtugann treoir dóibh.

(436)

Lorg an Coimisiún cruthúnas coincréiteach freisin ar rialú a bheith á fheidhmiú ar bhealach fiúntach bunaithe ar eisiúintí nithiúla de bhannaí corparáide. Rinne sé scrúdú, dá bhrí sin, ar an timpeallacht dhlíthiúil uile mar a leagtar amach in aithrisí (425) go (428), in éineacht le torthaí coincréiteacha an imscrúdaithe.

(437)

Fuair an Coimisiún amach gur eisíodh an banna corparáide le ráta úis faoi bhonn an leibhéil ar cheart go mbeadh coinne leis i staid airgeadais agus riosca creidmheasa na gcuideachtaí.

(438)

Sa chleachtas, bíonn tionchar ag rátáil chreidmheasa na cuideachta ar rátaí úis bannaí corparáide, cosúil le hiasachtaí. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (280), áfach, go bhfuil an margadh rátála creidmheasa áitiúil saofa agus nach bhfuil rátálacha creidmheasa iontaofa. Mar a luadh in aithris (274), tá an lámh in uachtar ag cúig ghníomhaireacht rátála áitiúla de chuid na Síne sa mhargadh bannaí agus tá rátáil AAA tugtha ag gníomhaireachtaí rátála áitiúla do thart ar 90 % de na bannaí, agus tá rátáil eisitheora níos ísle A agus BBB faighte ag go leor de na heisitheoirí ó S&P Global.

(439)

Léiríodh é sin leis an bhfíoras nár chomhfhreagair na tuarascálacha rátála creidmheasa don bhanna corparáide a d’eisigh an chuideachta sampláilte dá fíor-staid airgeadais.

(440)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur lean institiúidí airgeadais na Síne, a ghníomhaigh mar fhrithgheallaithe in eisiúint an bhanna chorparáide ag an gcuideachta sampláilte, arb iad na príomh-infheisteoirí sa bhanna corparáide, gur lean siad na treonna beartais a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 40 trí bhíthin maoiniú fabhrach a sholáthar do chuideachtaí a raibh baint acu le tionscal atáthar a spreagadh agus, mar sin, gur ghníomhaigh siad mar chomhlachtaí poiblí de réir bhrí Airteagal 2(b) den bhun-Rialachán nó mar chomhlachtaí ar chuir an rialtas cúraimí ar a n-iontaoibh nó ar thug treoir dóibh de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán.

(441)

Trí bhíthin eisiúint an bhanna chorparáide a eagrú lenar agus an ráta úis faoi ráta an mhargaidh i gcomhréir le próifíl riosca iarbhír an eisitheora, agus trí bhíthin glacadh le hinfheistiú i mbanna corparáide den sórt sin, sholáthair na hinstitiúidí airgeadais tairbhe do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(d)   Sainiúlacht

(442)

Mar a thuairiscítear in aithris (417) thuas, mheas an Coimisiún go bhfuil an maoiniú fabhrach trí bhannaí corparáide sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc nach féidir na bannaí a eisiúint gan cead a fháil ó údaráis an rialtais, agus deir Dlí na nUrrús, de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne (leagan 2014) nach mór go gcomhlíonadh eisiúint na mbannaí le beartais thionsclaíocha an Stáit. Mar a luadh in aithris (131) cheana, meastar gur tionscal atáthar a spreagadh é an tionscal OFC sa Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionscal.

(e)   An sochar a ríomh

(443)

Ós rud é gur cineál eile ionstraim fiachais iad bannaí go bunúsach, cosúil le hiasachtaí, agus ós rud é go bhfuil an mhodheolaíocht ríofa le haghaidh iasachtaí bunaithe ar bhascaed bannaí, chinn an Coimisiún go leanfaí an mhodheolaíocht ríofa le haghaidh iasachtaí, mar a thuairiscítear i Roinn 3.5.3.3 thuas. Ciallaíonn sé seo go gcuirtear an raon difríochta coibhneasta idir bannaí corparáide SAM, lena mbaineann rátáil AA, agus bannaí corparáide SAM, lena mbaineann rátáil BB, ag a bhfuil an fad céanna, i bhfeidhm ar an Ráta Tagarmhairc Iasachta PBOC, nó an Bonnráta Iasachta, arna fhoilsiú ag NIFC, i ndiaidh an 20 Lúnasa 2019, chun ráta úis, bunaithe ar an margadh, a shuí le haghaidh bannaí, a chuirtear i gcomparáid ansin leis an ráta úis iarbhír a d’íoc an chuideachta chun an tairbhe a shuí.

3.5.4.5.   Conclúid maidir le maoiniú fabhrach: cineálacha eile maoinithe

(444)

Shuigh an Coimisiún gur thairbhigh an dá ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de mhaoiniú fabhrach i bhfoirm línte creidmheasa, dréachtaí glacachta bainc agus bannaí in-chomhshóite. Toisc gurbh ann do ranníocaíocht airgeadais, do thairbhe do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, mheas an Coimisiún gur fóirdheontas in-fhrithchúitithe a bhí sna cineálacha maoiniú fabhrach seo.

(445)

Ba é a bhí sa ráta fóirdheontais a bunaíodh i ndáil leis an maoiniú fabhrach, a ndéantar tuairisc air thuas, i rith thréimhse an imscrúdaithe do na grúpaí cuideachtaí sampláilte:

Maoiniú fabhrach: cineálacha eile maoinithe

Ainm na cuideachta

Ráta fóirdheontais

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

3,51  %

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

2,62  %

3.6.   Árachas fabhrach: árachas creidmheasa onnmhairiúcháin

(446)

Líomhain an gearánach go soláthraíonn Sinosure árachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach, árachas infheistíochta agus ráthaíochtaí bannaí, i measc seirbhísí eile, ar bhonn lamháltais chun tionscail a spreagadh. Ar a shuíomh gréasáin ginearálta, deir Sinosure go gcuireann sé onnmhairiú earraí na Síne chun cinn, go háirithe onnmhairiú táirgí ardteicneolaíochta. De réir staidéar a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (‘ECFE’), fuair tionscal ardteicneolaíochta na Síne, ar cuid de tionscal OFC, 21 % den árachas creidmheasa onnmhairiúcháin iomlán arna sholáthar ag Sinosure (104). Thairis sin, tá ról gníomhach glactha ag Sinosure i gcomhlíonadh an tionscnaimh ‘Made in China 2025’, ag treorú fiontar le húsáid a bhaint as acmhainní creidmheasa náisiúnta, ag déanamh nuálaíocht eolaíoch agus theicneolaíoch agus uasghrádú teicneolaíoch, agus ag cuidiú le fiontair ‘atá ag dul amach’ a bheith níos iomaíche sa mhargadh domhanda (105).

(a)   Bunús dlí

(a)

Fógra maidir le Cur chun feidhme na Straitéise maidir leis an Trádáil a chur chun cinn tríd an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht trí bhíthin Úsáid Árachais Creidmheasa Onnmhairiúcháin (Shang Ji Fa [2004] Uimh. 368), arna eisiúint ag MOFCOM agus Sinosure i gcomhpháirt;

(b)

Plean 840 san áireamh san Fhógra ón gComhairle Stáit an 27 Bealtaine 2009;

(c)

Fógra maidir le Saothrú agus Forbairt ón gComhairle Stáit maidir le Dlús a chur leis na Tionscail atá ag teacht chun cinn i dtaca le Cinneadh Straitéiseach (GuoFa [2010] Uimh. 32 an 18 Deireadh Fómhair 2010), arna eisiúint ag an gComhairle Stáit agus a Treoirlínte Cur Chun Feidhme (GuoFa [2011] Uimh. 310 an 21 Deireadh Fómhair 2011)

(d)

Fógra ar eisiúint leagan 2006 de Chatalóg Onnmhairiú Tháirgí Ardteicneolaíochta na Síne, Uimh. 16 ón Roinn Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta (2006).

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(447)

Bhí comhaontuithe árachais onnmhairiúcháin iontacha ag an dá ghrúpa sampláilte de chuideachtaí le Sinosure le linn an tréimhse imscrúdaithe.

(448)

Mar a thuairiscítear in aithris (158) thuas, níor sholáthair Sinosure an doiciméadacht tacaíochta a iarradh maidir lena rialachas corparáide amhail Airteagail Chomhlachais. Anuas air sin, níor sholáthair Sinosure faisnéis níos sonraí maidir leis an árachas creidmheasa onnmhairiúcháin a cuireadh ar fáil don tionscal OFC, leibhéal na bpréimheanna nó figiúirí mionsonraithe a bhain le brabúsacht a ghnó árachas creidmheasa onnmhairiúcháin.

(449)

Dá bhrí sin, b’éigean don Choimisiún cur leis an bhfaisnéis a soláthraíodh leis na fíorais a bhí ar fáil.

(450)

De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil in imscrúduithe frith-fhóirdheontais roimhe seo, (106) agus de réir shuíomh gréasáin Sinosure (107), is cuideachta árachais faoi úinéireacht an Stáit é Sinosure atá dírithe ar bheartais agus atá bunaithe agus á thacú ag an Stát chun tacú le forbairt agus comhar eachtrach DPS i gcúrsaí eacnamaíocha agus trádála. Tá an chuideachta 100 % faoi úinéireacht an Stáit. Tá bord stiúrthóirí agus bord maoirseoirí aici. Tá sé de chumhacht ag an Rialtas bainisteoirí sinsearacha na cuideachta a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost. Bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil comharthaí foirmiúla ann go bhfuil Sinosure faoi rialú rialtais.

(451)

Lorg an Coimisiún tuilleadh faisnéise chun a fheiceáil ar fheidhmigh Rialtas na Síne rialú fiúntach ar iompar Sinosure maidir leis an tionscal OFC.

(452)

Dé réir an Fhógra ar eisiúint leagan 2006 de Chatalóg Onnmhairiú Tháirgí Ardteicneolaíochta na Síne, Uimh. 16, “products included in the 2006 edition of the Export Catalogue may enjoy preferential policies granted by the State for the export of high-tech products” [‘d’fhéadfadh beartais fabhracha a bheith ag táirgí a áirítear in eagrán 2006 den Chatalóg Onnmhairiúcháin arna ndeonú ag an Stát maidir le honnmhairiú táirge ardteicneolaíochta’]. I gCatalóg Onnmhairiúcháin de Tháirgí Ardteicneolaíochta liostaítear snáithíní optúla, trealamh tarchuir cumarsáide snáithíní optúla agus cáblaí snáithíní optúla go sonrach. (108)

(453)

Thairis sin, de réir an Fhógra maidir le Cur chun feidhme na Straitéise maidir leis an Trádáil a chur chun cinn tríd an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht trí bhíthin Úsáid Árachais Creidmheasa Onnmhairiúcháin (109), gur cheart do Sinosure cur leis an tacaíocht a thugann sé do phríomhthionscail agus do phríomhtháirgí trína thacaíocht fhoriomlán d’onnmhairiú táirgí ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta, lena n-áirítear táirgí ‘faisnéise agus cumarsáide’ a neartú. Ba cheart dó plé le tionscail ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta, amhail an tionscal OFC, a liostaítear i gCatalóg Onnmhairiú Tháirgí Ardteicneolaíochta na Síne, mar fhócas gnó agus ba cheart dó tacaíocht chuimsitheach a chur ar fáil i dtéarmaí nósanna imeachta frithgheallta, formheas le teorannacha, luas próiseála éileamh agus solúbthacht rátaí. Maidir le solúbthacht rátaí, is í an lascaine uasta préimhráta laistigh den raon comhlúthach arna sholáthar ag an gcuideachta árachais creidmheasa ba cheart dó a thabhairt do tháirgí. Mar a luaitear in aithrisí (86) agus (118), tá an tionscal OFC san áireamh sa chatagóir níos ginearálta dar teideal ‘Tionscal Faisnéise’. Thairis sin, deir Tuarascáil Bhliantúil Sinosure le haghaidh 2019 gur ‘thacaigh Sinosure le forbairt sheasmhach príomhthionscal’ agus gur ‘ghéaraigh sé fás Tionscail straitéiseacha atá ag teacht chun cinn’ (110).

(454)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chruthaigh Rialtas na Síne creat normatach nach mór do bhainisteoirí agus do mhaoirseoirí, ar bainisteoirí agus maoirseoirí iad a cheapann Rialtas na Síne agus atá freagrach do Rialtas na Síne, nach mór dóibh cloí leis. Dá bhrí sin, bhraith Rialtas na Síne ar chreat normatach den sórt sin chun rialú a fheidhmiú ar bhealach fiúntach ar iompar Sinosure.

(455)

Chomh maith leis sin, lorg an Coimisiún cruthúnas coincréiteach ar fheidhmiú an rialaithe ar bhealach fiúntach bunaithe ar chomhaontuithe árachais coincréiteacha. Le linn na CCanna, d’athmhaígh Rialtas na Síne go raibh préimheanna Sinosure dírithe ar an margadh agus bunaithe ar phrionsabail measúnúcháin riosca sa chleachtas. Níor cuireadh aon sampla sonrach ar fáil maidir leis an tionscal OFC nó na cuideachtaí sampláilte, áfach.

(456)

In éagmais fianaise choincréiteach, rinne an Coimisiún scrúdú, dá bhrí sin, ar iompraíocht choincréiteach Sinosure maidir leis an árachas a cuireadh ar fáil do na cuideachtaí sampláilte. Bhí an iompraíocht seo difriúil leis an seasamh oifigiúil mar nach raibh siad ag gníomhú bunaithe ar phrionsabail an mhargaidh.

(457)

Tar éis dó na héilimh ar fad a íocadh a chur i gcomparáid le foriomlán na méideanna faoi árachas, bunaithe ar na sonraí i dTuarascáil Bhliantúil Sinosure le haghaidh 2019 (111), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh ar Sinosure 0.22 % den mhéid faoi árachas a ghearradh ar an meán mar phréimh chun costas na n-éileamh a chumhdach (gan forchostais á gcur san áireamh fiú). Bhí na préimheanna, arna n-íoc ag na cuideachtaí sampláilte, i bhfad níos ísle ná an táille íosta a bhí ag teastáil chun na costais oibríochta a chumhdach, áfach.

(458)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an creat dlíthiúil a leagtar amach thuas á chur i bhfeidhm ag Sinosure i bhfeidhmiú feidhmeanna rialtais i ndáil leis an earnáil OFC. Ghníomhaigh Sinosure mar chomhlacht poiblí sa chiall atá ag Airteagal 2(b) den bhun-Rialachán á léamh i gcomhar le hAirteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán agus i gcomhréir le cásdlí ábhartha EDT. Thairis sin, fuair na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte tairbhe, toisc gur cuireadh an t-árachas ar fáil ar rátaí a bhí níos ísle ná an táille íosta a bhí ag teastáil ó Sinosure chun a chostais oibríochta a chlúdach.

(459)

Chinn an Coimisiún freisin gur fóirdheontais shonracha iad na fóirdheontais a soláthraíodh faoin gclár árachais onnmhairiúcháin, toisc nach bhféadfaí iad a fháil gan onnmhairiú a dhéanamh agus go bhfuil siad ag brath ar onnmhairí dá bhrí sin de réir bhrí Airteagal 4(4)(a) den bhun-Rialachán.

(c)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(460)

Toisc go raibh suíomh ceannasach margaidh ag Sinosure le linn na tréimhse imscrúdaithe, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún préimh árachais intíre bunaithe ar an margadh a aimsiú. Dá bhrí sin, i gcomhréir le himscrúduithe frith-fhóirdheontais roimhe sin, d’úsáid an Coimisiún an tagarmharc seachtrach is iomchuí, a raibh faisnéis maidir leis ar fáil go héasca, i.e. na rátaí préimhe a chuir Banc Easpórtála-Iompórtála Stáit Aontaithe Mheiriceá i bhfeidhm ar institiúidí neamhairgeadais le haghaidh onnmhairiúcháin chuig tíortha ECFE.

(461)

Mheas an Coimisiún gurb é atá sa sochar a bronnadh ar na faighteoirí, an difríocht idir an méid a d’íoc an chuideachta i ndáiríre mar phréimh árachais agus an méid ba cheart di a íoc trí an ráta préimhe tagarmhairc sheachtraigh, a luaitear in aithris (460), a chur i bhfeidhm.

(462)

Is ionann an ráta fóirdheontais a suíodh maidir leis an scéim sin i rith tréimhse an imscrúdaithe i gcás an Ghrúpa FTT agus an Ghrúpa ZTT agus:

Maoiniú fabhrach agus árachas: árachas creidmheasa onnmhairiúcháin

Ainm na cuideachta

Ráta fóirdheontais

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

0,08  %

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

0,54  %

3.7.   Ioncam tarscaoilte trí mheán díolúintí cánach agus cláir laghdaithe

3.7.1.   Díolúintí agus laghduithe cánach

3.7.1.1.   Pribhléidí CIF le haghaidh Fiontair Ardteicneolaíochta agus Nua-Theicneolaíochta

(463)

De réir Dhlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Cáin Ioncaim Fiontar (‘Dlí CIF’) (112), fiontair ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta nua ar gá don Stát príomhthacaíocht a thabhairt dóibh, baineann siad tairbhe as ráta cánach ioncaim fiontair atá laghdaithe, is é sin ráta 15 % seachas an gnáthráta 25 %.

(a)   Bunús dlí

(464)

Is é bunús dlí an chláir seo Airteagal 28 de Dhlí CIF agus Airteagal 93 de na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair DPS (113), chomh maith leis an méid seo a leanas:

Ciorclán ón Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, ón Aireacht Airgeadais agus ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Bearta Riaracháin le haghaidh Aithint Fiontar Ardteicneolaíochta a athbhreithniú agus a eisiúint, G.K.F.H. [2016] Uimh. 32;

Ciorclán ón Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, ón Aireacht Airgeadais agus ón Údarás Stáit um Chánachas maidir leis na Treoirlínte a Leasú agus a Eisiúint chun Creidiúnúchán na bhFiontar Ardteicneolaíochta a Riar, Guo Ke Fa Huo [2016] Uimh. 195;

Fógra [2017] Uimh. 24 ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Beartais Chánach Ioncaim Fhabhracha a Chur i bhFeidhm maidir le Fiontair Ardteicneolaíochta;

Catalóg 2016 na Réimsí Ardteicneolaíochta a dTacaíonn an Stát leo (114); agus

Fógra ón Aireacht Airgeadais agus ón Údarás Stáit um Chánachas [2019] Uimh. 68.

(465)

Caibidil IV den Dlí CIF ina bhfaightear forálacha maidir le ‘Cóireáil Cánach Fhabhrach’. Foráiltear le hAirteagal 25 den Dlí CIF, a fheidhmíonn mar achoimre do Chaibidil IV, ‘Táirgfidh an Stát fabhair chánach ioncaim d’Fhiontair atá ag gabháil do thionscail nó tionscadail a dtugann an Stát tacaíocht agus spreagadh speisialta dá bhforbairt’. Foráiltear le hAirteagal 28 den Dlí CIF go ‘laghdófarráta na cánach ioncaim fiontair ar fhiontair ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta a dteastaíonn tacaíocht speisialta an Stáit uathu chuig 15 %’.

(466)

Soiléirítear le hAirteagal 93 de na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair:

Tagraítear leis ‘Na fiontair thábhachtacha ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta a dtacóidh an stát leo” dá dtagraítear i gClásal 2 d’Airteagal 28 den Dlí maidir le Cáin Ioncaim Fiontair do na fiontair ar leo príomhchearta maoine intleachtúla agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

1.

Comhlíonadh le raon feidhme na bPríomhlimistéar Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta a dTacaíonn an Stát leo;

2.

Ní bheidh cion an speansais ar thaighde agus ar fhorbairt san ioncam ó dhíolacháin níos lú ná an cion forordaithe;

3.

Ní bheidh cion an ioncaim ó theicneolaíocht/tháirge/sheirbhís ardteicneolaíochta in ioncam iomlán an fhiontair níos lú ná an cion forordaithe;

4.

Ní bheidh cion an phearsanra theicniúil as líon fostaithe iomlán an fhiontair níos lú ná an cion forordaithe;

5.

Coinníollacha eile a fhorordaítear sna Bearta maidir le Riar Shainaithint na bhFiontar Ardteicneolaíochta.

Is iad na ranna teicneolaíochta, airgeadais agus cánachais faoin gComhairle Stáit a chomhcheapfaidh Bearta maidir le Riar Shainaithint na bhFiontar Ardteicneolaíochta agus maidir le Príomhlimistéir Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta a dTacaíonn an Stát leo, agus tiocfaidh siad i bhfeidhm tar éis a bhformheasta ag an gComhairle Stáit'.

(467)

Sonraítear go soiléir leis na forálacha thuasluaite go bhfuil an ráta cánach ioncaim fiontair laghdaithe forchoimeádta do ‘fiontair thábhachtacha ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta a dtacaíonn an Stát leo’ ar leo príomhchearta maoine intleachtúla agus a chomhlíonann coinníollacha áirithe amhail ‘comhlíonadh le raon feidhme na bPríomhlimistéar Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta a dTacaíonn an Stát leo’.

(468)

De réir Airteagal 11 de na Bearta Riaracháin le haghaidh Aithint Fiontar Ardteicneolaíochta (G.K.F.H. [2016] Uimh. 32), lena n-aithint mar fhiontar ardteicneolaíochta ní mór d’fhiontar coinníollacha áirithe a shásamh go comhuaineach ina measc: ‘fuair sé úinéireacht ar chearta maoine intleachtúla, rud a fheidhmíonn ról lárnach sa tacaíocht theicniúil dá phríomhtháirgí (seirbhísí), trí mheán taighde neamhspleách, aistriú, deontais, cumasc agus éadálacha, etc.” agus “tá an teicneolaíocht a fheidhmíonn ról lárnach sa tacaíocht theicniúil dá phríomhtháirgí (seirbhísí) laistigh den raon arna réamhchinneadh sna “réimsí ardteicneolaíochta a dtacaíonn an stát leo’.

(469)

Liostaítear na príomhréimsí ardteicneolaíochta a dtacaíonn an Stát leo i gCatalóg 2016 na Réimsí Ardteicneolaíochta a dTacaíonn an Stát leo. Luaitear go sonrach sa chatalóg sin faoi ‘I. Faisnéis Leictreonach’, pointe 4. ‘Teicneolaíocht na cumarsáide’'líonra tarchuradóireachta optúla' agus 'teicneolaíocht córais tarchuradóireachta optúla', lena gcumhdaítear cáblaí snáthoptaice, mar réimsí ardteicneolaíochta a dtacaíonn an Stát leo.

(470)

Ní mór do chuideachtaí a bhaineann tairbhe as an mbeartas sin a dtuairisceán cánach ioncaim agus na hiarscríbhinní ábhartha a chur isteach. Áirítear méid iarbhír na tairbhe sa tuairisceán cánach.

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(471)

Shuigh an Coimisiún gur cháiligh cuideachtaí laistigh de na grúpaí táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte mar chuideachtaí ardteicneolaíochta i rith tréimhse an imscrúdaithe, agus gur thairbhigh siad de rátaí CIF laghdaithe 15 % agus 12.5 % dá réir.

(472)

Mheas an Coimisiún gur fóirdheontas é an fritháireamh cánach atá i gceist de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán mar gurb ann do ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ioncam arna tharscaoileadh ag Rialtas na Síne lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí lena mbaineann. Tá an tairbhe do na faighteoirí comhionann leis an gcoigilteas cánach.

(473)

Is fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc go ndéantar sa reachtaíocht féin cur i bhfeidhm na scéime seo a theorannú d'fhiontair atá ag feidhmiú i réimsí ardteicneolaíochta tosaíochta áirithe arna gcinneadh ag an Stát, faoi mar a léirítear in aithris (466) go (468). Faoi mar a thugtar le fios in aithris (469), is tosaíocht ardteicneolaíochta den sórt sin atá i dtionscal na gcáblaí snáthoptaice.

(474)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne nach ionann na cláir dhíolúintí agus asbhaintí cánach a ndearna an Coimisiún frithchúiteamh ina leith agus fóirdheontais in-fhrithchúitithe. De réir Rialtas na Síne, oibrítear na díolúintí agus asbhaintí cánach líomhnaithe mar thoradh ar chóras lena mbunaítear critéir nó coinníollacha oibiachtúla lena rialaítear an incháilitheacht le rochtain a fháil ar thacaíocht airgeadais, inarb uathoibríoch í an incháilitheacht agus ina gcloítear go docht leis na critéir agus coinníollacha a leagtar síos sna cláir, gan a bheith fabhrach d’fhiontair áirithe thar a chéile agus lena mbaineann cineál eacnamaíoch agus cothrománach amháin. Dá bhrí sin, mhaígh Rialtas na Síne nach bhfuil siad sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán.

(475)

D’easaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin toisc gur mheas sé na scéimeanna cánach a thuairiscítear i Ranna 3.7.1.1 go 3.7.1.3 de bheith sonrach faoi Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán, ina bhforáiltear maidir le ‘i gcás ina gcuireann an t-údarás deonaithe teorainn go sainráite, nó ina gcuirtear teorainn go sainráite sa reachtaíocht a oibríonn an t-údarás deonaithe dá bun, le rochtain ar fhóirdheontas d’fhiontair áirithe, beidh an fóirdheontas sin ina fhóirdheontas sonrach’. Go deimhin, faightear bunús dlí na scéimeanna fóirdheontais faoi chaibidil i gCaibidil IV ‘Fabhair Chánach’ den CIF. Is lena hainm agus lena hinneachar, foráiltear sa chaibidil seo go sainráite maidir le cóireáil fhabhrach shonrach lena “gcuirtear teorainn go sainráite ar fhóirdheontas d’fhiontar áirithe”. Dá dheasca sin, is sonrach iad na fóirdheontais a thugtar faoi na scéimeanna cánach sin de réir Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don Mhaíomh.

(c)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(476)

Rinneadh méid an fhóirdheontas in-fhrithchúitithe a ríomh i dtéarmaí na tairbhe a tugadh do na faighteoirí i rith tréimhse an imscrúdaithe. Ríomhadh an tairbhe sin mar an difríocht idir an cháin iomlán is iníoctha de réir an ghnáthráta cánach agus an cháin iomlán is iníoctha faoin ráta laghdaithe.

(477)

B’ionann an ráta fóirdheontais a rinneadh amach don scéim shonrach seo agus 0.10 % don Ghrúpa FTT agus 0.48 % le haghaidh an Ghrúpa ZTT.

3.7.1.2.   Fritháireamh CIF le haghaidh speansas taighde agus forbartha

(478)

De bharr an fhritháirimh cánach le haghaidh taighde agus forbartha tá cuideachtaí i dteideal cóireáil chánach fhabhrach a fháil maidir lena n-oibríochtaí taighde agus forbartha i réimsí tosaíochta ardteicneolaíochta arna gcinneadh ag an Stát agus nuair a chomhlíontar tairseacha áirithe maidir le caiteachas taighde agus forbartha.

(479)

Go sonrach, caiteachas taighde agus forbartha arna thabhú chun teicneolaíochtaí nua, táirgí nua agus teicnicí nua a fhorbairt nach sócmhainní doláimhsithe iad agus cuirtear san áireamh iad i mbrabús agus caillteanas an téarma reatha, is faoi réir asbhaint 75 % bhreise iad tar éis iad asbhaint ina n-iomláine i bhfianaise na staide reatha. I gcás inar sócmhainní doláimhsithe iad na costais taighde agus forbartha thuasluaite, tá siad faoi réir amúchta bunaithe ar 175 % de chostais na sócmhainne doláimhsithe. Ó mhí Eanáir 2021 i leith, méadaíodh an asbhaint réamhchánach bhreise le haghaidh speansais taighde agus forbartha chuig 100 % (115).

(a)   Bunús dlí

(480)

Is é bunús dlí an chláir seo Airteagal 30(1) de Dhlí CIF, i gcomhar leis na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair DPS, chomh maith leis na fógraí seo a leanas:

Fógra ón Aireacht Airgeadais agus, ón Údarás Stáit um Chánachas agus ón Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta maidir leis an mBeartas Asbhainte Réamhchánach maidir le Speansais Taighde agus Forbartha a Fheabhsú (Cai Shui [2015] Uimh. 119);

Ciorclán maidir le Cion na For-asbhainte Réamhchánach le haghaidh Speansais Taighde agus Forbartha a Ardú (Cai Shui [2018] Uimh. 99)

Fógra [2015] Uimh. 97 ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Saincheisteanna Ábhartha a bhaineann le Beartais Asbhainte Breise Réamhchánach le haghaidh Speansais Taighde agus Forbartha na bhFiontar;

Fógra 2017 Uimh. 40 ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Saincheisteanna a bhaineann le Raon Feidhme Incháilithe Ríomh na hAsbhainte Breise Réamhchánach le haghaidh Speansais Taighde agus Forbartha; agus

Catalóg 2016 na Réimsí Ardteicneolaíochta a dTacaíonn an Stát leo.

(481)

Sna himscrúduithe roimhe seo (116), shuigh an Coimisiún go bhfuil na 'teicneolaíochtaí nua, táirgí nua agus ceirdeanna nua', ar féidir leo tairbhiú den asbhaint cánach, ina gcuid de réimsí ardteicneolaíochta áirithe a dtacaíonn an Stát leo. Faoi mar a luaitear in aithris (469), liostaítear na príomhréimsí ardteicneolaíochta a dtacaíonn an Stát leo i gCatalóg 2016 na Réimsí Ardteicneolaíochta a dTacaíonn an Stát leo.

(482)

Faoi mar a leagtar amach in aithris (468), faightear i gCaibidil IV den dlí CIF forálacha maidir le ‘Cóireáil Fhabhrach Cánach’, go háirithe Airteagal 25 de. Foráiltear in Airteagal 30(1) den dlí CIF, atá ina chuid den Chaibidil seo freisin, maidir le 'speansais taighde agus forbartha arna dtabhú ag fiontair le forbairt teicneolaíochtaí nua, táirgí nua agus teicnící nua' gur féidir iad a asbhaint sa bhreis air sin nuair a bhíonn ioncam inchánach á ríomh. Soiléirítear le hAirteagal 95 de na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair an bhrí le 'Caiteachais taighde agus forbartha chun na críche teicneolaíochtaí nua, táirgí nua agus ceirdeanna nua a fhorbairt,' a leagtar síos in Airteagal 30(1) den Dlí CIF.

(483)

De réir an Chiorcláin maidir le Cion na For-aisbhainte Réamhchánach le haghaidh Speansais Taighde agus Forbartha a Ardú (Cai Shui [2018] Uimh. 99), 'maidir le speansais taighde agus forbartha a thabhaíonn fiontar go hiarbhír óna ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha, beidh 75 % breise de mhéid iarbhír na speansas in-asbhainte roimh cháin, anuas ar asbhaintí iarbhír eile, i rith na tréimhse idir 1 Eanáir 2018, agus 31 Nollaig 2020, ar choinníoll nach dtiontaítear na speansais réamhluaite ina sócmhainn dholáimhsithe agus nach gcomhardaítear i ngnóthachain agus caillteanais reatha an fhiontair seo iad; más amhlaidh ámh a tiontaíodh na speansais réamhluaite ina sócmhainn dholáimhsithe, féadfar na speansais úd a amúchadh ar ráta 175 % de chostais na sócmhainne doláimhsithe roimh cháin i rith na tréimhse thuasráite'.

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(484)

Shuigh an Coimisiún gur thairbhigh cuideachtaí laistigh de na grúpaí sampláilte 'd’asbhaint bhreise ar speansais taighde agus forbartha arna dtabhú le taighde agus forbairt ar theicneolaíochtaí nua, táirgí nua agus teicnící nua'.

(485)

Mheas an Coimisiún gur fóirdheontas é an fritháireamh cánach atá i gceist de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán mar gurb ann do ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ioncam arna tharscaoileadh ag Rialtas na Síne lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí lena mbaineann. Tá an tairbhe do na faighteoirí comhionann leis an gcoigilteas cánach.

(486)

Is fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc go ndéantar sa reachtaíocht féin cur i bhfeidhm an bhirt seo a theorannú d'fhiontair a thabhaíonn speansais taighde agus forbartha i réimsí ardteicneolaíochta tosaíochta áirithe arna gcinneadh ag an Stát, mar shampla earnáil OFC.

(c)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(487)

Rinneadh méid an fhóirdheontas in-fhrithchúitithe a ríomh i dtéarmaí na tairbhe a tugadh do na faighteoirí i rith na tréimhse imscrúdaithe. Ríomhadh an tairbhe sin mar an difríocht idir an cháin iomlán is iníoctha de réir an ghnáthráta cánach agus an cháin iomlán is iníoctha tar éis na hasbhainte breise 75 % de na speansais iarbhír ar thaighde agus forbartha.

(488)

B’ionann an ráta fóirdheontais a rinneadh amach don scéim shonrach seo agus 1.28 % don Ghrúpa FTT agus 0.13 % don ghrúpa ZTT.

3.7.1.3.   Díolúine ó dhíbhinní idir fiontair chónaitheacha cháilithe

(489)

Tugtar fabhair chánach ioncaim leis an Dlí CIF d’Fhiontair a bhíonn ag gabháil do thionscail nó tionscadail a dtugann an Stát tacaíocht agus spreagadh shainiúil dá bhforbairt, agus go háirithe a bhíonn díolmhaithe ó cháin ar an ioncam ón infheistíocht chothromais, amhail díbhinní agus bónais, idir fiontair chónaitheacha incháilithe.

(a)   Bunús dlí

(490)

Is é bunús dlí an chláir seo Airteagal 26(2) de Dhlí CIF, i gcomhar leis na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair DPS.

(491)

Foráiltear le hAirteagal 25 den Dlí CIF, a fheidhmíonn mar achoimre do Chaibidil IV ‘Beartais Chánach Fhabhracha’‘Táirgfidh an Stát fabhair chánach ioncaim d’Fhiontair atá ag gabháil do thionscail nó tionscadail a dtugann an Stát tacaíocht agus spreagadh speisialta dá bhforbairt’. Thairis sin, sonraítear in Airteagal 26(2) go bhfuil feidhm ag an díolúine ó cháin maidir le hioncam ó infheistíochtaí cothromais idir ‘fiontair chónaitheacha incháilithe’, rud a fhágann gur cosúil go bhfuil raon feidhme an chur i bhfeidhm teoranta d’fhiontair chónaitheacha áirithe.

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(492)

Shuigh an Coimisiún go bhfuair roinnt cuideachtaí sna grúpaí sampláilte díolúine ó cháin ar ioncam díbhinne idir fiontair chónaitheacha cháilithe.

(493)

Mheas an Coimisiún gur fóirdheontas í an scéim sin faoi Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán mar gurb ann do ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ioncam arna tharscaoileadh ag Rialtas na Síne lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí lena mbaineann. Tá an tairbhe do na faighteoirí comhionann leis an gcoigilteas cánach.

(494)

Is fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc go ndéantar sa reachtaíocht féin cur i bhfeidhm na díolúine seo a theorannú d'fhiontair chónaitheacha cáilithe a dtacaíonn an Stát go mór leo agus a spreagann an Stát a bhforbairt.

(495)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh an Grúpa ZTT go bhfuil an díolúine do dhíbhinní dírithe chun an cánachas dúbailte ar an ioncam céanna ag an máthairchuideachta agus an fhochuideachta araon a dhíothú, ar cleachtas cánach a nglactar go hidirnáisiúnta leis é.

(496)

Chuige sin, cé gur aontaigh an Coimisiún go bhfuil díothú an chánachais dhúbailte ina chleachtas cánach a aithnítear go hidirnáisiúnta, tá Airteagal 26(2) den CIF ina chuid de chaibidil IV ‘Fabhair Chánach’, ina bhforáiltear maidir le roinnt cóireálacha fabhracha cánach ar díolúintí leis na rialacha cánach ginearálta iad. Thairis sin, faoi mar a mhínítear in aithris (491), foráiltear le hAirteagal 25 den CIF, a fheidhmíonn mar achoimre do Chaibidil IV ‘Beartais Chánach Fhabhracha’ maidir le 'Táirgfidh an Stát fabhair chánach ioncaim d’Fhiontair atá ag gabháil do thionscail nó tionscadail a dtugann an Stát tacaíocht agus spreagadh speisialta dá bhforbairt'. Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 26(2) go bhfuil feidhm ag an díolúine ó cháin maidir le hioncam ó infheistíochtaí cothromais idir ‘fiontair chónaitheacha incháilithe’, rud a fhágann gur cosúil go bhfuil raon feidhme an chur i bhfeidhm teoranta d’fhiontair chónaitheacha áirithe. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go bhfuil beartas cánach fabhrach den sórt sin teoranta do thionscail áirithe, a dtacaíonn agus a spreagann an Stát go sonrach leo, amhail tionscal na gcáblaí snáthoptaice, agus is amhlaidh dá réir ar sainiúil é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán. Dá dheasca sin, dheimhnigh an Coimisiún a thátal ar a gcuirtear síos in aithrisí (493) agus (494) gur fóirdheontas in-fhrithchúitithe í an scéim seo.

(c)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(497)

Rinne an Coimisiún méid an fhóirdheontais a ríomh trí bhíthin an gnáthráta cánach a chur i bhfeidhm ar an ioncam díbhinne atá asbhainte as an ioncam inchánach.

(498)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh an Grúpa ZTT gur cheart don Choimisiún idirdhealú a dhéanamh idir dhá chóireáil cánach dhifriúla sa tuairisceán cánach ioncaim, i.e. ioncam díbhinne agus méid an choigeartaithe cánach i leith infheistíochta, leis an méid sin gan a bheith ina ioncam díbhinne a bhaineann le forálacha Airteagal 26(2) den CIF. D’aontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin agus cheartaigh na ríomhanna sochair dá réir.

(499)

B’ionann an ráta fóirdheontais a rinneadh amach don scéim shonrach seo agus 1.05 % don Ghrúpa FTT agus 0.21 % don ghrúpa ZTT.

3.7.1.4.   Dímheas luathaithe ar an trealamh á úsáid ag fiontair Ardteicneolaíochta

(500)

De réir Airteagal 32 den dlí CIF, 'i gcás inar fíorghá dímheas luathaithe ar shócmhainní seasta fiontair de bharr dul chun cinn na teicneolaíochta nó cúiseanna eile, is féidir líon na mblianta don dímheas a laghdú nó is féidir modh an choigeartaithe luathaithe a ghlacadh'.

(a)   Bunús dlí

(501)

Is é bunús dlí an chláir seo Airteagal 32 de Dhlí CIF, i gcomhar leis na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair DPS, chomh maith leis na fógraí seo a leanas:

Fógra ón Aireacht Airgeadais agus ón Údarás Stáit um Chánachas maidir leis na Beartais Asbhainte Trealaimh agus Fearas chun Cuspóirí Cháin Ioncaim Fiontair (Cai Shui [2018] Uimh. 54);

Fógra ón Aireacht Airgeadais agus ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Mionchoigeartú na mBeartas Cháin Ioncaim Fiontair is Infheidhme maidir le Dímheas Luathaithe na Sócmhainní Seasta (Cai Shui [2014] Uimh. 75); agus

Fógra ón Aireacht Airgeadais agus ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Mionchoigeartú Breise na mBeartas Cháin Ioncaim Fiontair is Infheidhme maidir le Dímheas Luathaithe na Sócmhainní Seasta (Cai Shui [2015] Uimh. 106).

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(502)

De réir an Fhógra maidir le Beartais Asbhainte Trealaimh agus Fearas chun Cuspóirí Cháin Ioncaim d’Fhiontair (Cai Shui [2018] Uimh. 54), 'i gcás nach sáraíonn luach aonaid phíosa trealaimh nó fearais nuacheannaithe ag fiontar i rith na tréimhse idir 1 Eanáir 2018 agus 31 Nollaig 2020 cúig mhilliún RMB, ceadaítear don fhiontar an luach sin a áireamh le costas agus speansais na tréimhse reatha ar bhonn cnapshuime lena asbhaint ar ríomh a ioncaim inchánach, agus ní gá dó a thuilleadh an dímheas a ríomh ar bhonn bliantúil'. Níl an reachtaíocht seo ina reachtaíocht thionscal-sonrach.

(503)

Maidir le sócmhainní de luach aonaid os cionn 5 mhilliún RMB, is amhlaidh arb infheidhme go fóill iad an Fógra maidir le Mionchoigeartú na mBeartas Cháin Ioncaim Fiontair is Infheidhme maidir le Dímheas Luathaithe na Sócmhainní Seasta (Cai Shui [2014] Uimh. 75) agus an Fógra maidir le Mionchoigeartú Breise na mBeartas Cháin Ioncaim Fiontair is Infheidhme maidir le Dímheas Luathaithe na Sócmhainní Seasta (Cai Shui [2015] Uimh. 106). De réir na bhfógraí seo, is féidir an modh dímheasa luathaithe a roghnú i gcás sócmhainní seasta arna gceannach ag cuideachtaí i ndeich bpríomhthionscal.

(504)

Shuigh an Coimisiún, nár chuir na cuideachtaí sampláilte dímheas luathaithe i bhfeidhm i rith tréimhse an imscrúdaithe le haghaidh sócmhainní de luach aonaid a sháraíonn 5 mhilliún RMB. Dá bhrí sin, ós rud é nach dtagann na sócmhainní seo faoi Fhógra Cai Shui [2014] Uimh. 75 agus Fógra Cai Shui [2015] Uimh. 106, shuigh an Coimisiún nár thairbhigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin d’fhóirdheontais in-fhrithchúitithe.

(505)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh an gearánach go bhféadfadh na táirgeoirí onnmhairiúcháin tairbhiú de dhímheas luathaithe ar thithe agus foirgnimh, a eisiatar ó raon feidhme na tairsí 5 mhilliún RMB i gcomhréir le hAirteagal 2 den Fhógra maidir leis na Beartais Asbhainte Trealaimh agus Fearas chun Cuspóirí Cháin Ioncaim Fiontair (Cai Shui [2018] Uimh. 54). Maidir leis sin, dheimhnigh an Coimisiún nár thairbhigh na cuideachtaí sampláilte de dhímheas luathaithe ar thithe agus foirgnimh i rith tréimhse an imscrúdaithe.

(c)   Conclúid

(506)

Mheas an Coimisiún nár thairbhigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin d’fhóirdheontais in-fhrithchúitithe faoin gclár seo i rith tréimhse an imscrúdaithe.

3.7.1.5.   Díolúine ó cháin ar úsáid talún

(507)

Eagraíocht nó duine aonair a úsáideann talamh i gcathracha, i mbailte contae agus i mbailte riaracháin agus i gceantair thionsclaíocha agus mhianadóireachta, íocann sé cáin ar úsáid talún uirbí de ghnáth. Bailíonn na húdaráis chánach áitiúla cáin ar úsáid talún áit a n-úsáidtear an talamh. Mar sin féin maidir le catagóirí áirithe talún, díolmhaítear iad ó cháin ar úsáid talún, mar shampla talamh arna thabhairt chun míntíreachais ón bhfarraige, talamh le haghaidh úsáid institiúidí rialtais, eagraíochtaí daoine agus aonaid mhíleata le haghaidh a n-úsáide féin, talamh atá le húsáid ag institiúidí arna maoiniú le leithdháiltí ón Roinn Airgeadais, talamh atá á úsáid ag teampaill reiligiúnacha, páirceanna poiblí agus láithreáin stairiúla phoiblí agus láithreáin scéimhe phoiblí, sráideanna, bóithre, cearnógacha poiblí, faichí agus talamh uirbeach poiblí eile.

(a)   Bunús dlí

(508)

Is é bunús dlí an chláir seo an méid seo a leanas:

Rialacháin Shealadacha Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Cáin Réadmhaoine (Guo Fa [1986] Uimh. 90, arna leasú in 2011);

Rialacháin Eatramhacha Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Cáin ar Úsáid Talún Uirbí (Arna leasú in 2019), Ordú ó Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 709; agus

Roinnt Tuairimí maidir le Tacaíocht Fhuinniúil a thabhairt d’Fhorbairt Inbhuanaithe agus Fholláin an Gheilleagair Phríobháidigh’ (EFa [2018] Uimh. 33).

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(509)

Thairbhigh cuideachta amháin i gceann amháin de na grúpaí sampláilte de laghdú 60 % i méid na cánach úsáide talún bunaithe ar shainbheartas ab infheidhme maidir le cuideachtaí ardteicneolaíochta in 2019 agus 2020 de bhun Airteagal 2(1) de ‘Roinnt Tuairimí maidir le Tacaíocht Fhuinniúil a thabhairt d’Fhorbairt Inbhuanaithe agus Fholláin an Gheilleagair Phríobháidigh’ (EFa [2018] Uimh. 33)’.

(510)

Níor tháinig an chuideachta faoi chaibidil faoi aon cheann de na catagóirí díolmhaithe a leagtar amach le hAirteagal 6 de Rialacháin Eatramhacha Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Cáin ar Úsáid Talún Uirbí (Arna leasú in 2019).

(511)

Thairis sin, bhí an chuideachta chéanna díolmhaithe go hiomlán ó íoc na cánach úsáide talún sa chéad ráithe de 2020 ar bhonn ‘Fógra ó Oifig Ghinearálta Dhaon-Rialtas Chúige Hubei maidir leis na Beartais agus Bearta Ábhartha a Phriontáil agus a Scaipeadh chun Dul i nGleic le Cúinsí COVID-19 agus chun Tacú le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus chun iad a Chur thar an nGátar’ (EZhengBanFa (2020) Uimh. 5) agus ‘Fógra ó Dhaon-Rialtas Chúige Hubei maidir le na Beartais agus Bearta Ábhartha a Phriontáil agus a Scaipeadh chun Forbairt an Gheilleagair agus na Sochaí i gCúige Hubei a Luathú (EZhengBanFa (2020) Uimh. 6).

(c)   Conclúid

(512)

Mheas an Coimisiún gur fóirdheontas atá sa laghdú ar cháin úsáide talún le haghaidh cuideachtaí ardteicneolaíochta mar a thuairiscítear thuas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) nó Airteagal 3(1)(a)(ii), agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán mar gurb ann do ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm aistriú díreach cistí (aisíoc na cánach arna híocadh) nó i bhfoirm ioncam arna tharscaoileadh ag Rialtas na Síne (an cháin nár íocadh), ar fóirdheontas é lena dtugtar tairbhe don chuideachta lena mbaineann. Is sainiúil é an fóirdheontas toisc nach ndírítear é ach ar chuideachtaí ardteicneolaíochta amháin.

(513)

Is ionann an tairbhe a bhaineann na faighteoirí as sin agus an méid a aisíocadh/an coigilteas cánach. Is sainiúil é an fóirdheontas seo de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc go bhfuair an chuideachta laghdú cánach cé nár luigh sé le haon cheann de na critéir oibiachtúla a luaitear in aithris (507).

(514)

Maidir leis an díolúine ó cháin úsáide talún sa chéad ráithe de 2020, mheas an Coimisiún nach bhfuil an beart ina bheart sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bun-Rialachán toisc, i bhfianaise na paindéime COVID, nach raibh an díolúine cánach teoranta d’fhiontar ná do thionscal ná do ghrúpa ar leith, d’fhiontair nó tionscail, ach gur cuireadh i bhfeidhm ar gach tionscal í.

(d)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(515)

Rinneadh méid an fhóirdheontas in-fhrithchúitithe a ríomh i dtéarmaí na tairbhe a tugadh do na faighteoirí i rith tréimhse an imscrúdaithe. Measadh an tairbhe sin a bheith mar an méid aisíoctha i rith tréimhse an imscrúdaithe. Ba dhiomaibhseach é méid an fhóirdheontais a rinneadh amach don scéim shonrach sin i gcás an Ghrúpa FTT.

3.7.1.6.   Iomlán le haghaidh gach scéim díolúintí agus laghdaithe cánach

(516)

Ba mar seo a leanas é an ráta fóirdheontais iomlán a rinneadh amach maidir le gach scéim cánach i rith tréimhse an imscrúdaithe le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte:

Díolúintí agus laghduithe cánach

Ainm na cuideachta

Ráta fóirdheontais

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

2,43  %

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

0,82  %

3.7.2.   Leictreachas a sholáthar ar ráta laghdaithe

(a)   Bunús dlí

Ciorclán ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú agus ón Údarás Náisiúnta Fuinnimh maidir le hIdirbhearta Cumhachta Margadh-dhírithe a Chur Chun Cinn go Gníomhach agus Tuilleadh Feabhais a Chur ar an Sásra Trádála, Fa Gua Yun Xing [2018] Uimh. 1027, arna eisiúint an 16 Iúil 2018;

Roinnt Tuairimí ó Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne agus ón gComhairle Stáit maidir le hAthchóiriú an Chórais Cumhachta a Neartú a Thuilleadh (Zhong Fa [2015] Uimh. 9);

Fógra maidir le Léirscaoileadh Iomlán an Phlean Giniúna agus Ídithe Leictreachais d’Úsáideoirí Tráchtála Oibríochtúla (An Coimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú [2019] Uimh. 1105);

Rialacha um an Trádáil Leictreachais le haghaidh Rialacha Cur chun Feidhme (Eatramhacha) d’Idirbhearta Meántéarmacha agus Fadtéarmacha i gCúige Hubei an 29 Samhain 2019;

Rialacha um an Trádáil Leictreachais le haghaidh Idirbhearta Meántéarmacha agus Fadtéarmacha i gCúige Jiangsu;

Fógra ó Bhiúró Praghsanna Chúige Jiangsu maidir le Coigeartú Réasúnach ar Struchtúr an Phraghais Leictreachais, Su Jia Gong [2017] Uimh. 124; agus

Ciorclán ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú maidir le Costais Leictreachais d’Fhiontair a Laghdú chun Tacú le hAthshlánú na hOibre agus le Forbairt na Táirgeachta agus le hAthchóiriú ar Phraghsanna [2020] Uimh. 258.

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(517)

Cheannaigh gach cuideachta shampláilte a gcuid leictreachais.

(518)

Maidir le roinnt cuideachtaí laistigh de na grúpaí sampláilte, chloígh praghas ceannaigh an leictreachais leis na praghsanna oifigiúla d’úsáideoirí tionsclaíocha móra a bhí bunaithe ar an leibhéal cúigeach. Faoi mar a suíodh sna himscrúduithe roimhe seo (117), ní dheonaítear buntáiste sonrach le soláthar an leictreachais ag praghsanna atá bunaithe go hoifigiúil.

(519)

Shuigh an Coimisiún ámh gur thairbhigh cuideachtaí a ndearnadh imscrúdú orthu laistigh den dá ghrúpa shampláilte de laghduithe nó d’aisíocaíochtaí/choigeartuithe ar chuid dá gcostas leictreachais.

(520)

Shuigh an Coimisiún gur thairbhigh cuideachtaí laistigh de cheann amháin de na grúpaí sampláilte d’aisíocaíochtaí/choigeartuithe sonracha dá gcostas leictreachais toisc gur ceadaíodh do na cuideachtaí sin páirt a ghlacadh i dtreochlár le haghaidh “idirbhearta leictreachais margadh-dhírithe”. Ní raibh conradh ag na cuideachtaí sin le gineadóir cumhachta faoi chomhair soláthar leictreachais díreach. Fuarthas na haisíocaíochtaí/coigeartuithe toisc go ndearna na cuideachtaí lena mbaineann cumarsáid roimh ré lena na gléasraí cumhachta maidir lena n-éileamh cumhachta.

(521)

Shuigh an Coimisiún sa bhreis air sin, mar a rinne sna himscrúduithe roimhe sin, (118) go gceadaítear do chuideachtaí áirithe a ndearnadh imscrúdú orthu an leictreachas a cheannach go díreach ó ghineadóirí cumhachta trí chomhaontuithe ceannaigh díreacha a shíniú. Déantar foráil sna conarthaí sin maidir le cainníocht áirithe den leictreachas ar praghas áirithe, arb ísle é ná na praghsanna oifigiúla a shocraítear ar leibhéal cúigeach le haghaidh úsáideoirí tionsclaíochta móra.

(522)

An deis chun conarthaí soláthair leictreachais díreacha a dhéanamh nó chun tairbhiú d’aisíocaíochtaí/choigeartuithe ar chostas an leictreachais trí pháirt a ghlacadh in 'idirbhearta leictreachais margadh-dhírithe'; níl an deis sin ar fáil do gach úsáideoir tionsclaíochta mór faoi láthair. Ar an leibhéal náisiúnta, i dTuairimí ó Lárchoiste Pháirtí Cumannach na Síne agus ón gComhairle Stáit maidir le hAthchóiriú an Chórais Cumhachta a Neartú a Thuilleadh sonraítear mar shampla, ‘na fiontair nach gcomhlíonann an beartas tionsclaíoch náisiúnta agus a gcuirtear a dtáirgí agus a bpróisis as an áireamh, níor cheart iad a bheith rannpháirteach in idirbhearta díreacha’ (119). Tá sé mar choinníoll leis na Tuairimí céanna 'tar éis na caighdeáin rochtana a chinneadh, ba cheart dúinn freisin na catalóga d’fhiontair ghinte cumhachta áitiúla agus de mhiondíoltóirí leictreachais a uasghrádú, ar fiontair agus miondíoltóirí iad a shásaíonn na caighdeáin a phoiblítear ar bhonn bliantúil ag rialtais, agus rialáil dhinimiciúil ar an gcatalóg úsáideoirí a chur chun feidhme. Is féidir leis na fiontair ghinte cumhachta, na miondíoltóirí leictreachais agus na húsáideoirí a áirítear sa chatalóg clárú go deonach leis na hinstitiúidí trádála chun éirí ina ngníomhaithe margaidh'. Dá bhrí sin, d’fhonn páirt a ghlacadh sa chóras trádála díreach, ba cheart go sásódh cuideachta caighdeáin áirithe agus go n-áireofaí le “catalóg úsáideoirí” iad.

(523)

Sa chleachtas, is iad na cúigí a chuireann trádáil leictreachais i bhfeidhm. Ní mór do chuideachtaí iarratas a chur isteach chuig údaráis chúige le go bhformheasfar iad le bheith rannpháirteach sa scéim phíolótach leictreachais dhírigh agus ní mór dóibh critéir áirithe a chomhlíonadh. I gcás cuideachtaí áirithe, ní ann d’aon phróiseas caibidlíochta margadhbhunaithe ná aon phróiseas tairisceana margadhbhunaithe, ós rud é nach bunaithe ar an bhfíorsholáthar ná ar an bhfíoréileamh atá na méideanna a cheannaítear faoi chonarthaí díreacha. Go deimhin, ní saor iad gineadóirí cumhachta ná úsáideoirí cumhachta a gcuid leictreachais uile a dhíol ná a cheannach go díreach. Tá siad srianta ag cuótaí cainníochtúla a leithdháileann an rialtas áitiúil orthu. Thairis sin, cé go bhfuiltear in ainm praghsanna a chaibidliú go díreach idir gineadóirí cumhachta agus an t-úsáideoir cumhachta nó trí chuideachtaí seirbhíse idirghabhálaí, is í Cuideachta Eangach an Stáit a eisíonn na sonraisc do na cuideachtaí. Ar deireadh, ní mór gach conradh sínithe maidir le ceannach díreach a chur faoi bhráid an rialtais áitiúil ionas go mbeidh taifead ann de.

(524)

In 2018 d’eisigh Rialtas na Síne Ciorclán ón gCoimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta agus ón Údarás Fuinnimh Náisiúnta maidir le hIdirbearta Cumhachta Margadh-dhírithe a Chur Chun Cinn go Gníomhach agus Tuilleadh Feabhais a Chur ar an Sásra Trádála (Fa Gai Yun Xing [2018] Uimh. 1027). Cé gurb é is aidhm don Chiorclán an líon idirbheart díreach ar an margadh leictreachais a mhéadú, luaitear tionscail áirithe go sonrach ann ina mbaintear tairbhe as léirscaoileadh an mhargaidh leictreachais agus a dtacaítear leo trí bhíthin an léirscaoilte chéanna, lena n-áirítear tionscail ardteicneolaíochta cosúil le tionscal na gcáblaí snáthoptaice. Go sonrach, foráiltear i Roinn III, ‘Oscailt suas chun ceadú d’iontráil na gceanglas comhlíontach d’úsáideoirí’, pointe (2) maidir le 'go dtacófar le tionscail atá ag teacht chun cinn a bhfuil breisluach ard ag baint leo, amhail na tionscail ardteicneolaíochta, tionscail idirlín, tionscail mhórshonraí agus tionscail mhonaraíochta ardleibhéil, chomh maith le fiontair a bhfuil buntáistí agus saintréithe ar leith agus inneachar ardteicneolaíochta acu, go dtacófar leo chun bheith rannpháirteach in idirbhearta saor ó leibhéil voltais agus ó shrianta ar ídiú cumhachta'.

(525)

Thairis sin, leis an bhFógra maidir le Léirscaoileadh Iomlán ar an bPlean Giniúna agus Ídithe Leictreachais le haghaidh Úsáideoirí Tráchtála Oibríochtúla [2019] Uimh. 1105, arb é is aidhm dó margadh an leictreachais a léirscaoileadh a thuilleadh, foráiltear gur ‘i measc úsáideoirí tráchtála leictreachais, na húsáideoirí sin nach gcomhlíonann beartais tionscail náisiúnta, ní ghlacfaidh siad rannpháirt ar bhonn sealadach in idirbhearta dírithe ar an margadh, agus cuirfidh na húsáideoirí leictreachais ar leis na catagóirí díothaithe agus teoranta a gcuid táirgí den ‘Chatalóg Threorach le haghaidh Coigeartú Struchtúrach an Tionscail’ chun feidhme go docht an beartas atá ann faoi láthair maidir praghsanna difreálacha le haghaidh an leictreachais.’

(526)

Dá bhrí sin, foráiltear sa reachtaíocht maidir le cur i bhfeidhm roghnaitheach na ‘n-idirbheart leictreachais margadh-dhírithe’ ar an margadh leictreachais atá teoranta do thionscail áirithe amhail na tionscail a chomhlíonann na beartais tionsclaíochta náisiúnta, le béim faoi leith ar thionscail ardteicneolaíochta. Dá dheasca sin, íocann na tionscail sin praghsanna níos ísle ar an leictreachas.

(527)

Shuigh an Coimisiún freisin gur thairbhigh cuideachtaí áirithe a ndearnadh imscrúdú orthu d’aisíocaíochtaí/choigeartuithe dá gcostas leictreachais i rith na tréimhse Márta-Meitheamh 2020 bunaithe ar bheartais ar bhonn náisiúnta (120) leis an aidhm faoiseamh a thabhairt do chuideachtaí ón ualach de bharr na paindéime COVID-19. Mheas an Coimisiún nach beart sonrach atá sa bheart seo.

(c)   Conclúid

(528)

An ráta leictreachais laghdaithe agus na haisíocaíochtaí/coigeartuithe de bharr na rannpháirtíochta in “idirbhearta leictreachais margadh-bhunaithe”, trí mheán conradh soláthair leictreachais díreach nó trí mheán éigin eile, a fuair na cuideachtaí faoi chaibidil; mheas an Coimisiún gurb ionann iad agus fóirdheontas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán mar gurb ann do ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ioncam arna tharscaoileadh ag Rialtas na Síne (i.e. oibreoir na heangaí), rud a thugann tairbhe do na cuideachtaí lena mbaineann. Is ionann an tairbhe do na faighteoirí agus an coigilteas ar chostas an leictreachais, trí bhíthin praghsanna leictreachais laghdaithe arna n-idirbheartú faoi chuimsiú na gconarthaí díreacha soláthair leictreachais nó trí bhíthin aisíocaíochtaí/coigeartuithe de bharr rannpháirtíochta i dtreochlár le haghaidh ‘idirbhearta leictreachais margadh-dhírithe’, toisc gur soláthraíodh an leictreachas ar phraghas faoi bhun ghnáthphraghas na heangaí a íocann úsáideoirí tionsclaíochta móra eile nach gceadaíonn an Stát dóibh páirt a ghlacadh in ‘idirbhearta margadh-dhírithe’ le haghaidh soláthair leictreachais.

(529)

Is fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc go ndéantar sa reachtaíocht féin cur i bhfeidhm na scéime seo a theorannú d'fhiontair a chomhlíonann cuspóirí beartais thionsclaíoch áirithe arna gcinneadh ag an Stát agus nach bhfuil a dtáirgí nó a bpróisis curtha as an áireamh de thairbhe a bheith neamh-incháilithe.

(530)

Dá réir sin tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an scéim fóirdheontais i bhfeidhm le linn thréimhse an imscrúdaithe agus gur fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus Airteagal 4(3) den bhun-Rialachán.

(d)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(531)

Rinneadh méid an fhóirdheontas in-fhrithchúitithe a ríomh i dtéarmaí na tairbhe a tugadh do na faighteoirí i rith tréimhse an imscrúdaithe. Rinneadh an tairbhe sin a ríomh mar an difríocht idir an praghas leictreachais iomlán iníoctha i gcomhréir leis an bpraghas leictreachais oifigiúil agus an praghas leictreachais iomlán a d’íoc na grúpaí sampláilte cuideachtaí faoin ráta laghdaithe agus/nó trí chineálacha éagsúla aisíocaíochtaí/coigeartuithe a asbhaint.

(532)

Is ionann an ráta fóirdheontais a rinneadh amach maidir leis an scéim sin i rith tréimhse an imscrúdaithe i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus:

Leictreachas a sholáthar ar ráta laghdaithe

Ainm na cuideachta

Ráta fóirdheontais

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

0,18  %

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

0,06  %

3.8.   Soláthar earraí ar íocaíocht nach leordhóthanach

3.8.1.   Soláthar talún ar íocaíocht nach leordhóthanach

(533)

Tá an talamh uile i nDaon-Phoblacht na Síne faoi úinéireacht an Stáit nó faoi chomhúinéireacht, le sráidbhailte nó le bailecheantair, sular féidir teideal dlíthiúil nó cothromasach na talún a phaitinniú nó a dheonú ar úinéirí corparáideacha nó aonair. Is leis an Stát é gach dáileacht talún sna ceantair chathrach, agus is leis na sráidbhailte nó bailecheantair sna ceantair thuaithe gach dáileacht talún iontusan.

(534)

De bhun dhlí bunreachtúil DPS agus an Dlí Talún, féadfaidh cuideachtaí agus daoine aonair ‘cearta úsáide talún’ a cheannach, áfach. I gcás talún tionsclaíche, maireann an léasacht 50 bliain de ghnáth, agus í inathnuaite go ceann 50 bliain eile.

(535)

De réir Rialtas na Síne, tá sé mar choinníoll le hAirteagal 137 de Dhlí Maoine Dhaon-Phoblacht na Sine 'an talamh a úsáidtear chun cuspóirí na tionsclaíochta, an ghnó, na siamsaíochta nó le haghaidh tithe cónaithe tráchtála, etc. nó an talamh dá bhfuil beirt úsáideoirí beartaithe nó níos mó; aistreofar an talamh sin trí mheán ceantála, chuireadh tairisceana, nó trí bhíthin aon mhodh eile tairisceana poiblí.' Thairis sin, tagraíonn Rialtas na Síne d’Airteagal 3 de Rialacháin Eatramhacha Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Sannadh agus Aistriú an Chirt chun Úsáid na Talún atá faoi Úinéireacht Stáit i Limistéir Uirbeacha. Foráiltear san Airteagal seo 'gur féidir le haon chuideachta, fiontar, eagraíocht eile agus duine aonair laistigh nó lasmuigh de Dhaon-Phoblacht na Síne, mura bhforáiltear dá mhalairt leis an dlí, an ceart a fháil ar úsáid na talún agus a ghabháil d’fhorbairt, úsáid agus bainistíocht na talún i gcomhréir leis na forálacha de na Rialacháin seo'

(a)   Bunús dlí

(536)

Tagann an fhoráil maidir le ceart úsáide talún in DPS faoi Dhlí Riaracháin Talún Dhaon-Phoblacht na Síne. Ina theannta sin, tá na doiciméid seo a leanas mar chuid den bhunús dlí freisin:

Dlí Maoine Dhaon-Phoblacht na Síne (Ordú ó Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 62);

Dlí Riaracháin Talún Dhaon-Phoblacht na Síne (Ordú ó Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 28);

Dlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Riarachán Réadmhaoine Uirbí (Ordú ó Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 18);

Rialacháin eatramhacha Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Sannadh agus Aistriú an Chirt chun Úsáid na Talún atá faoi Úinéireacht Stáit i Limistéir Uirbeacha (Foraithne Uimh. 55 ó Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne);

Rialachán maidir le Cur Chun Feidhme Dhlí Riaracháin Talún Dhaon-Phoblacht na Síne (Ordú ó Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne [2014] Uimh. 653);

Foráil maidir le Sannadh an Chirt Úsáide ar Thalamh Foirgníochta atá faoi Úinéireacht Stáit trí Chuireadh Tairisceana, Ceant agus Luachan (Fógra Uimh. 39 de CSRC); agus

Fógra ón gComhairle Stáit maidir leis na Saincheisteanna Ábhartha a bhaineann le Neartú an Rialaithe Talún (Guo Fa (2006) Uimh. 31).

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(537)

De réir Airteagal 10 de ‘Foráil maidir le Sannadh an Chirt Úsáide ar Thalamh Foirgníochta atá faoi Úinéireacht Stáit trí Chuireadh Tairisceana, Ceant agus Luachan’, socraíonn údaráis áitiúla praghsanna talún de réir chóras luachála na talún uirbí, córas nach ndéantar a nuashonrú ach gach 3 bliana, agus de réir bheartas tionsclaíoch an rialtais.

(538)

In imscrúduithe a rinneadh roimhe seo, chinn an Coimisiún nach raibh na praghsanna a íocadh ar chearta úsáide talún ionadaíoch ar phraghas margaidh a chinnfidh de réir soláthar agus éileamh an mhargaidh shaoir, toisc gur cinneadh go raibh an córas ceantála doiléir, neamh-thrédhearcach agus nach raibh sé ag feidhmiú sa chleachtas, agus cinneadh go ndearna na húdaráis praghsanna a shocrú go treallach. (121) Faoi mar a luadh san aithris roimhe seo, socraíonn na húdaráis na praghsanna i gcomhréir leis an gCóras Meastóireachta don Talamh Uirbeach, ina dtugtar treoraíocht dóibh i measc critéir eile an beartas tionsclaíochta a thabhairt san áireamh freisin agus praghas na talún tionsclaíochta á shocrú.

(539)

Níor léiríodh aon athruithe suntasacha ina leith sin san imscrúdú atá ann faoi láthair. Cuir i gcás, shuigh an Coimisiún go bhfuair an chuid is mó de na cuideachtaí sampláilte a chearta úsáide talún trína leithdháileadh ag údaráis áitiúla, agus ní bhfuair siad trí nós imeachta tairisceana é.

(540)

Bréagnaítear maímh Rialtas na Síne leis an bhfianaise thuas gurb ionadaíoch iad na praghsanna a íoctar ar chearta úsáide talún i nDaon-Phoblacht na Síne do phraghas margaidh, a chinntear leis an soláthar agus éileamh ar an saormhargadh.

(c)   Conclúid

(541)

Léirítear le torthaí an imscrúdaithe gur neamhthrédhearcach é an cás maidir le héadáil cearta úsáide talún i nDaon-Phoblacht na Síne, agus gurbh iad na húdaráis a shocraigh na praghsanna ar bhonn treallach.

(542)

Dá bhrí sin, maidir le Rialtas na Síne cearta úsáide talún a thabhairt, ba cheart a mheas gur fóirdheontas é sin de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán i bhfoirm soláthar earraí, rud a thugann tairbhe do na cuideachtaí is faighteoirí. Faoi mar a mhínítear in aithrisí (537) go (540) thuas, níl aon mhargadh feidhmiúil ann don talamh i nDaon-Phoblacht na Síne, agus léirítear le húsáid tagarmhairc sheachtraigh (féach aithrisí (549) go (551) thíos) go bhfuil an méid a íocann na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar na cearta úsáide talún go maith faoi bhun an ghnáthráta margaidh.

(543)

I gcomhthéacs na rochtana fabhraí ar thalamh tionsclaíoch le haghaidh cuideachtaí atá i dtionscail áirithe, thug an Coimisiún dá aire nach mór beartas tionsclaíoch an rialtais a chur san áireamh sa phraghas a shocraíonn na húdaráis áitiúla, mar a luaitear thuas in aithris (538). Laistigh den bheartas tionsclaíochta sin, tá tionscal na gcáblaí snáthoptaice liostaithe mar thionscal atáthar a spreagadh (122). Ina theannta sin, de réir Chinneadh Uimh. 40 ón gComhairle Stáit, tugann údaráis phoiblí san áireamh ‘An Chatalóg Threorach maidir le hAthstruchtúrú Tionsclaíochta’ agus na beartais tionsclaíochta agus talamh á soláthar. In Airteagal XVIII de Chinneadh Uimh. 40 cuirtear in iúl go soiléir nach mbeidh rochtain ar chearta úsáide talún ag tionscail atá ‘srianta’. Fágann sé sin go bhfuil an fóirdheontas sonrach de réir Airteagal 4(2)(a) agus 4(2)(c) den bhun-Rialachán toisc go bhfuil soláthar fabhrach na talún teoranta do chuideachtaí a bhaineann le tionscail áirithe, earnáil OFC sa chás seo, agus tá cleachtais an rialtais sa réimse seo doiléir agus neamh-thrédhearcach.

(544)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na Síne nár tugadh aon bhuntáiste do na cuideachtaí sa sampla trí bhíthin cearta úsáide talún a sholáthar, toisc go bhfuil saormhargadh ann don talamh i nDaon-Phoblacht na Síne. Maidir leis sin, rinne Rialtas na Síne tagairt d’Airteagal 347 de Chód Sibhialta Dhaon-Phoblacht na Síne, ina sloinntear 'i gcás ina n-úsáidtear an talamh chun cuspóirí tionsclaíochta, tráchtála, turasóireachta nó siamsaíochta, mar áras tráchtearraí, nó chun cuspóirí brabúsacha eile, nó go bhfuil beirt daoine nó níos mó ann atá toilteanach an píosa talún céanna a úsáid, sannfar an ceart chun an talamh a úsáid le haghaidh foirgníochta trí chuireadh tairisceana, ceantáil nó tairiscint oscailte eile. Is trí iomaíocht an mhargaidh a bhunaítear praghas na talún'.

(545)

Shuigh an Coimisiún, cé go bhfuil forálacha dlíthiúla ann a bhfuil sé mar aidhm acu cearta úsáid talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ar phraghsanna an mhargaidh, cuir i gcás trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach, ní dhéantar na forálacha sin a urramú go tráthrialta, agus ceannaitheoirí áirithe ag fáil a gcuid talún saor in aisce nó faoi bhun rátaí an mhargaidh (123). Thairis sin, saothraíonn na húdaráis spriocanna polaitiúla sonracha lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme nuair a bhíonn talamh á leithdháileadh (124).

(546)

Thairis sin, d’easaontaigh Rialtas na Síne leis an gCoimisiún sa mhéid gur sonrach iad na bearta toisc nach bhfuil sainbheartas talún ag Daon-Phoblacht na Síne le haghaidh tionscail ar bith. Mhaígh sé sa bhreis air sin nach éilítear ar údaráis phoiblí a áirithiú de réir Chinneadh Uimh. 40 go soláthraítear talamh do thionscail a dtugtar spreagadh dóibh.

(547)

Maidir leis sin, luaitear in Airteagal XII de Chinneadh Uimh. 40 ón gComhairle Stáit gur tagairt thábhachtach í ‘An Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionscail’ leis an infheistíocht, bainistíocht an rialtais ar thionscadail infheistíochta agus ceapadh agus cur chun feidhme na mbeartas cánach, creidmheasanna, talamh (béim curtha leis) agus allmhairiú agus onnmhairiú a threorú. Thairis sin, sloinntear sa réamhrá le Cinneadh Uimh. 40 'Go luathóidh gach roinn lena mbaineann na céimeanna chun na beartais ábhartha a cheapadh agus a leasú sa chánachas, creidmheas, talamh (béim curtha leis) agus allmhairiú agus onnmhairiú, etc., agus go neartóidh siad an comhordúchán le beartais tionsclaíochta ionas go gcuirfear tuilleadh barr feabhais ar an gcóras beartais do chur chun cinn an athstruchtúraithe thionsclaíochta'. Dá bhrí sin is soiléir go gcaithfidh údaráis phoiblí ‘An Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíochta’ agus na beartais tionsclaíochta a thabhairt san áireamh agus talamh á soláthar do chuideachtaí. Sloinntear in Airteagal XVIII de Chinneadh Uimh. 40 i gcás na dtionscal a bhfuil srianta leo, 'Ní dhéanfaidh na ranna a rialaíonn an infheistíocht iniúchadh, formheas ná cur ar taifead, ní féidir le hinstitiúid airgeadais ar bith aon iasacht a dheonú, ranna eile ar bith a rialaíonn bainistíocht talún, pleanáil chathrach agus foirgníocht, caomhnú comhshaoil, cigireacht cáilíochta, comhrac dóiteáin, custaim, tionsclaíocht agus tráchtáil, etc., ní féidir leo dul trí na nósanna imeachta ábhartha' (béim curtha leis). Is amhlaidh dá réir a thoirmisctear na ranna a rialaíonn bainistíocht talún talamh a sholáthar do thionscail a bhfuil srianta curtha leo. Tugtar le fios sna forálacha thuasluaite de Chinneadh Uimh. 40 arna léamh i bhfianaise na brí a bhaineann le ‘An Chatalóg Threorach um Athstruchtúrú Tionsclaíochta’ go bhfuil nasc soiléir ann idir beartais tionsclaíochta do thionscail a dtugtar spreagadh dóibh agus an beartas um sholáthar talún. Diúltaíodh, dá bhrí sin, do mhaíomh Rialtas na Síne.

(548)

Dá dheasca sin, mheas an Coimisiún an fóirdheontas sin a bheith in-fhrithchúitithe.

(d)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(549)

Faoi mar a rinneadh sna himscrúduithe roimhe seo (125) agus i gcomhréir le hAirteagal 6(d)(ii) den bhun-Rialachán, úsáideadh praghsanna talún ó Chríoch Custam ar Leith na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu (‘Taipei na Síne’) mar thagarmharc seachtrach (126). Déantar an tairbhe a thugtar do na faighteoirí a ríomh tríd an difríocht a thabhairt san áireamh idir an méid a d’íoc gach ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte go hiarbhír (i.e., an praghas arna íoc go hiarbhír faoi mar a luaitear sa chonradh agus, de réir mar is infheidhme, an praghas a luaitear sa chonradh arna laghdú le méid na n-aisíocaíochtaí/ndeontas rialtais áitiúil) ar chearta úsáide talún agus an méid ar cheart a bheith íoctha ar bhonn thagarmharc Taipei na Síne.

(550)

Measann an Coimisiún Taipei na Síne mar thagarmharc seachtrach oiriúnach ar na cúiseanna seo a leanas:

an leibhéal inchomparáide d’fhorbairt eacnamaíoch, OTN agus struchtúr eacnamaíoch i Taipei na Síne agus i bhformhór na gcúigí agus na gcathracha sa tSín ina bhfuil na táirgeoirí onnmhairithe sampláilte bunaithe;

cóngaracht fhisiceach na Síne agus Taipei na Síne dá chéile;

an leibhéal ard ar a bhfuil bonneagar tionscail Taipei na Síne agus go leor cúigí sa tSín;

na ceangail eacnamaíocha láidre agus an trádáil trasteorann láidir idir Taipei na Síne agus an tSín;

an dlús ard daonra i go leor cúigí sa tSín agus i Taipei na Síne;

an chosúlacht idir an cineál talún agus na n-idirbheart a úsáidtear chun an tagarmharc ábhartha a fhorbairt i Taipei na Síne agus iad sin sa tSín; agus

na tréithe comhchoiteanna déimeagrafacha, teanga agus cultúrtha idir Taipei na Síne agus an tSín.

(551)

Ag cloí leis an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm sna himscrúduithe roimhe seo (127), agus cheal aon fhaisnéise níos iomchuí ina leith sin, d’úsáid an Coimisiún an meánpraghas talún in aghaidh an mhéadair chearnaigh atá bunaithe sna sé cheantar in Taipei na Síne ina bhfuil formhór na bpáirceanna tionsclaíochta Téavánacha suite (i.e. Taipei, Taichung, Tainan, Kaohsiung, Taoyuan, Hsinchu) arna cheartú don bhoilsciú agus d’éabhlóid san OTI amhail ó dhátaí na gconarthaí faoi seach maidir le ceart úsáide talún. Ós rud é go bhfuil na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte go léir suite i gcriosanna tionsclaíochta laistigh de Daon-Phoblacht na Síne, mheas an Coimisiún é a bheith iomchuí tagarmharc a shocrú d’idirbhearta a tharla i gcrios tionsclaíochta freisin. Fuarthas an fhaisnéis maidir le praghsanna talún tionsclaíochta amhail 2013 ó láithreán gréasáin Bhiúró Tionsclaíochta d’Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha na Téaváine (128). Ceartaíodh na praghsanna do na blianta roimhe sin trí leas a bhaint as rátaí boilscithe agus éabhlóidiú na OTI per capita ag praghsanna reatha in USD le haghaidh na Téaváine arna bhfoilsiú ag an IMF.

(552)

Tar éis an nochta deiridh, d’easaontaigh Rialtas na Síne le húsáid tagarmhairc lasmuigh de mhíntír na Síne, ónar tháinig ríomh tairbhe nach bhfuil comhsheasmhach le hAirteagal 6(d) den bhun-Rialachán agus le hAirteagal 14(d) den Chomhaontú EDT. Mhaígh Rialtas na Síne go bhfuil tagarmharcanna neamhshaofa ann ar mhíntír na Síne toisc go n-aistrítear cearta úsáide talún trí mheán tairisceana, luachana nó ceantála poiblí i gcomhréir leis an Dlí Riaracháin Talún, agus ós rud é gur féidir le cuideachtaí príobháideacha ar leo cearta úsáide talún a ligean ar cíos nó a dhíol le ceannaitheoirí neamhghaolmhara, gur cheart don Choimisiún praghsanna i míntír na Síne a úsáid mar thagarmharc. Mhaígh Rialtas na Síne sa bhreis air sin nach bhfuil na praghsanna saofa de bharr go n-áirithítear leis an gcaoi a gcinntear praghsanna le tairiscintí iomaíocha agus leis an idirbheartaíocht, ach go léirítear praghas margaidh leordhóthanach iontu.

(553)

Is amhlaidh ámh a mhainnigh Rialtas na Síne aon staitisticí nó sonraí a chur ar fáil chun ligean don Choimisiún iniúchadh a dhéanamh ar an togra leas a bhaint as praghsanna ag a ligeann cuideachtaí príobháideacha cearta úsáide talún nó ag a ndíolann siad iad. Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún aon sonraí a aimsiú faoin ábhar a bhí ar fáil go poiblí ach an oiread. Ina theannta sin, fiú amháin dá bhfaighfí an fhaisnéis sin, ní bhainfeadh sí ach amháin le margadh tánaisteach d’aistrithe, toisc nach bhfuil ach gníomhaí amháin ar an margadh príomha (i.e. is é Rialtas na Síne a dhéanann leithdháileadh bunaidh na gceart úsáide talún i gcónaí). Go deimhin, is éagsúil é margadh príomha an leithdháilte bhunaidh le 50 bliain anuas ón ligean ar cíos ar an margadh tánaisteach, ar cheart é a úsáid go ceann tréimhse i bhfad níos giorra, nó ar a laghad le clásail dhifriúla maidir le athluacháil, foirceannadh, etc. Dá bhrí sin, lean an Coimisiún uirthi ag brath ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoin margadh príomha, arb é an margadh faoi imscrúdú sa chás seo é.

(554)

Thairis sin, mhaígh Rialtas na Síne dá mbeifí chun leas a bhaint as tagarmharc lasmuigh de mhórthír na Síne, gur mhícheart iad an modh comparáide a úsáideann an Coimisiún chomh maith le roghnú Taipei na Síne. Ar an gcéad dul síos, chuir an Coimisiún tréithe áirithe de Taipei na Síne i gcomparáid ar bhealach mícheart, amhail an fhorbairt eacnamaíoch, staid an bhonneagair fhisiciúil, etc., le tréithe na gcúigí agus na gcathracha ar mhíntír na Síne toisc nach bhfuil an dá mhargadh cosúil lena chéile. Ar an dara dul síos, d’áitigh Rialtas na Síne nach bhfuil gaol ná nasc idir praghsanna na talún in Taipei na Síne agus dálaí an mhargaidh atá ann faoi láthair ar mhíntír na Síne de réir mar is gá de réir Airteagal 14(d) den Chomhaontú EDT ós rud é nach foláir talamh a cheannach in Taipei na Síne agus go léasaítear an talamh ar mhíntír na Síne go ceann tréimhse 50 bliain. Thairis sin, is fíor-éagsúil óna chéile é dlús daonra, méid agus OTI mhíntír na Síne agus Taipei na Síne, agus nach féidir an dá mhargadh a chur i gcomparáid a cheile dá réir. Mar shampla, b’ionann an dlús daonra sa tSín in 2020 agus 149 duine in aghaidh an chiliméadair chearnaigh talún, agus i gcás Taipei na Síne b’ionann an dlús daonra agus 650 duine in aghaidh an chiliméadair chearnaigh talún. Thairis sin, is ionann méid Taipei na Síne agus tuairim is 36 197 km2, méid atá i bhfad níos lú ná na cúigí faoi chaibidil cosúil le Hubei (185 900 km2) agus Jiangsu (102 600 km2). Dá bhrí sin, mhaígh Rialtas na Síne nach foláir coigeartú a dhéanamh chun na tosca sin a léiriú. Mhaígh Rialtas na Síne sa bhreis air sin nach ndearnadh aon choigeartú don bhoilsciú, agus d’iarr nochtadh mionsonraithe de na sonraí faoi bhun ríomh an tagarmhairc, go háirithe maidir le tagarmharc phraghsanna Taipei na Síne a úsáideadh agus na sonraí a úsáideadh do choigeartú na mblianta roimhe sin.

(555)

Mhaígh an Grúpa ZTT freisin gur róléir an tagarmharc a d’úsáid an Coimisiún a bheith míchuí. Ar an gcéad dul síos, ba cheart staid forbartha na gcúigí Síneacha tráth éadála an chirt úsáide talún a mheas agus a chur i gcomparáid le staid Taipei na Síne, seachas le linn tréimhse an imscrúdaithe. Ar an dara dul síos, bhí OTI Taipei níos mó ná trí oiread na OTI ar mhíntír na Síne le 3 bliana anuas, agus bhí sí níos mó ná 50 % níos airde ná an OTI i gCúige Jiangsu in 2020. Ar an tríú dul síos, ba cheart gurbh iad innéacsanna ceartúcháin na gcúigí Síneacha ina bhfuil na táirgeoirí sampláilte suite na cinn a chuirfí i bhfeidhm seachas cinn Taipei na Síne. Ar deireadh, d’iarr an páirtí seo go gcuirfeadh an Coimisiún ar fáil staitisticí fiúntacha agus na sonraí maidir le ríomh an tagarmhairc nó an tacar sonraí a úsáideadh don ríomh sin.

(556)

Maidir leis sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh roghnú Taipei na Síne mar thagarmharc bunaithe ar iniúchadh ar roinnt tosca a liostaítear in aithris (550). Cé go bhfuil difríochtaí áirithe i ndálaí an mhargaidh idir cearta úsáide talún ar mhíntír na Síne agus díol na talún in Taipei na Síne, níl siad difriúil a ndóthain chun roghnú Taipei na Síne mar thagarmharc bailí a chur ó bhailíocht. Lena chois sin, chuir Rialtas na Sine figiúirí dhlús daonra i gcomparáid a chéile ar leibhéal na tíre iomláine. Má chaitear súil níos grinne ar an dlús daonra sna ceantair ina bhfuil na táirgeoirí onnmhairiúcháin suite go hiarbhír, dealraítear go bhfuil na meánfhigiúirí dhlús daonra cosúil lena chéile. Mar shampla, bhí dlús daonra Hubei ag 308 duine in aghaidh an km2 in 2020; ach b’ionann dlús chathair Wuhan ina raibh formhór na gcuideachtaí agus 1 145 duine in aghaidh an km2 (129). B’ionann dlús daonra Jiangsu agus 830 duine in aghaidh an km2 (130). Mheas an Coimisiún dá bhrí sin nach raibh údar ann do choigeartú ar bith.

(557)

Is ionann an ráta fóirdheontais a suíodh i ndáil leis an bhfóirdheontas sin i rith tréimhse an imscrúdaithe le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus:

Soláthar talún ar íocaíocht nach leordhóthanach

Ainm na cuideachta

Ráta fóirdheontais

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

0,84  %

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

0,40  %

3.8.2.   Soláthar amhábhar ar íocaíocht nach leordhóthanach

(558)

Ina ghearán, chuir an gearánach fianaise ar fáil go n-oibríonn táirgeoirí cáblaí snáthoptaice na Síne i dtionscal a dtugtar spreagadh dó, agus gur réasúnach é an tátal a bhaint de sin gurb iad na táirgeoirí cáblaí snáthoptaice a thairbhíonn sa deireadh thiar de na fóirdheontais a chuirtear ar fáil do tháirgeoirí amhábhar a úsáidtear i dtáirgeadh na gcáblaí snáthoptaice. D’fhabhródh na monaróirí cáblaí snáthoptaice an tairbhe sin ar bhonn díreach, a mhéid a bheidís comhtháite go hingearach, agus ar bhonn indíreach, a mhéid a thiocfadh praghsanna níos ísle arionchuir i margadh intíre na Síne de bharr na bhfóirdheontas sin ná mar a bheadh ann murach sin.

(559)

Cé gur chuir Rialtas na Síne doiciméid ar fáil le linn an RCC, faoi mar a leagtar amach in aithrisí (168) agus (169) thuas, maidir le beartais ábhartha Stáit ar leibhéal cúigeach in Yunnan, níor léirigh sé tacaíocht ina chúnamh don Choimisiún faisnéis a fháil ó fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi úinéireacht an Stáit; agus measadh dá réir nár léirigh sé ach comhar páirteach d’iarrataí an Choimisiúin faisnéis a fháil maidir le soláthar amhábhar agus maidir leis an margadh faoi seach.

(560)

Níor athraíodh an cinneadh sin le háiteamh Rialtas na Síne gur fhiafraigh an Coimisiún d’fhaisnéis maidir le margadh neamhábhartha, ós rud é nach é an gearmáiniam ach an gearmáiniam teitreaclóiríde an t-amhábhar a úsáideadh i dtáirgeadh na gcáblaí snáthoptaice. Toisc gurb é an gearmáiniam ábhar foinseach an ghearmáiniam teitreaclóiríde, bíonn tionchar ag rialacháin maidir leis an ngearmáiniam agus leis an margadh faoi seach ar an díorthach sonrach is gearmáiniam teitreaclóiríde.

(561)

Ós rud é go bhfuil na grúpaí cuideachtaí a ndearnadh imscrúdú orthu comhtháite go hingearach, cuireadh san áireamh i bprionsabal leis an imscrúdú na hamhábhair arna gcur ar fáil ag soláthróirí gaolmhara na n-eintiteas táirgthe cáblaí snáthoptaice. Dá bhrí sin, sa mhéid go bhfuarthas fóirdheontais in-fhrithchúitithe áirithe a ndearnadh imscrúdú orthu ar leibhéal na soláthróirí gaolmhara sin, táthar tar éis iad a chomhtháthú leis na ríomhanna le haghaidh gach scéime fóirdheontais ar a ndearnadh anailís thuas.

(562)

Rinne an Coimisiún imscrúdú freisin ar sholáthair soláthróirí na n-amhábhar bunúsach ionchuir ar íocaíocht nach leordhóthanach do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Dhírigh an Coimisiún go háirithe ar na hamhábhair bhunúsacha do tháirgeadh na gcáblaí snáthoptaice a cheannaigh na cuideachtaí sampláilte den chuid is mó ó sholáthróirí neamhghaolmhara, amhail an gearmáiniam teitreaclóiríde agus an sileacón clóiríde.

(563)

Is é an gearmáiniam an bunábhar ionchuir don ghearmáiniam teitreaclóiríde, ábhar nach féidir déanamh dá uireasa le haghaidh go leor táirgí ardteicneolaíochta. Is ábhar ionchuir tábhachtach é a úsáidtear i dtáirgeadh na gcáblaí snáthoptaice d’fhonn a gcomhéifeacht raonta a mhéadú agus cuidiú le cailliúint comhartha a íoslaghdú thar achair fhada (131). Is mar gheall ar na dálaí geolaíochta a fhaightear soláthar mór gearmáiniam i réigiún Yunnan.

(564)

I bhfianaise an chomhair pháirtigh ó Rialtas na Síne, rinne an Coimisiún anailís ar an tacar teoranta doiciméad a chuir Rialtas na Síne faoina bhráid, agus chuir sé forlíonadh leo trí thaighde a dhéanamh ar phleananna agus beartais rialtais maidir leis na hionchuir sin ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, chomh maith leis na gníomhaithe ar mhargadh na n-ionchur sin. Shuigh an Coimisiún gur chuir Rialtas na Síne i bhfeidhm pleananna agus straitéisí chun tacú le tionscal an ghearmáiniam in Yunnan. Áirítear leis na pleananna ina dtugtar aghaidh ar tháirgeadh an amhábhair seo an ‘13ú Plean 5 Bliana d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Chúige Yunnan’ (132), ‘Fógra ó Rialtas Chúige Yunnan maidir le Tionscal Yunnan a Fhorbairt 2016-2020’ (133) agus ‘Fógra ó Rialtas Chúige Yunnan maidir le Roinnt Beart chun Tacú le Forbairt an Fhíor-Ghheilleagair’ (134).

(565)

Tagraítear go sainráite sa ‘13ú Plean 5 Bliana d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta i gCúige Yunnan’ don ghearmáiniam nuair a cheaptar an aidhm ann 'ábhair ghrianchille nua a fhorbairt go gníomhach amhail an gearmáiniam agus scannán tanaí,' agus 'tacú le tionscal na teicneolaíochta faisnéise den chéad ghlúin eile a fhorbairt, forbairt ábhair fheidhmiúla nua faisnéise leictreonaí agus leathsheoltóra atá bunaithe ar mhiotail de chuid an ghrúpa platanaim, gearmáiniam, indiam agus ar thearcmhiotail agus miotail lómhara eile a luathú '.

(566)

Léirítear agus forbraítear cuspóirí an Phlean 5 Bliana i bhfógraí rialtais agus bearta cur chun feidhme breise. Faoi mar a leagtar amach in aithris (79), is de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne a leithdháiltear acmhainní ar earnálacha arna n-ainmniú ag Rialtas na Síne mar chinn thábhachtacha nó lena mbaineann tábhacht ar shlí pholaitiúil éigin eile.

(567)

Is i ‘bhFógra Rialtas Yunnan maidir le Tionscal Yunnan a Fhorbairt 2016-2020’ a shocraíonn rialtas an chúige mar chúraimí straitéiseacha chun 'páirc thionsclaíoch Yunnan um ábhair nua is miotail lómhara a chur chun cinn go fuinniúil, […] bonn tionsclaíoch gearmáiniam náisiúnta Ábhair agus feistí optaileictreonacha nua a Thógáil' agus chun 'bacainní teicniúla eachtracha a bhriseadh síos agus saothrú ábhair thearcmhiotail nua a luathú amhail […] an gearmáiniam agus ábhair nua bunaithe ar an ngearmáiniam' agus 'taighde agus forbairt ar ábhair nua ar thús cadhnaíochta a imscaradh go honnghníomhach amhail […] an gearmáiniam'.

(568)

Tugtar tuairisc ar thacaíocht airgeadais dhíreach sa tríú doiciméad ina leagtar amach an sásra le tionscal an ghearmáiniam a chur chun cinn i gCúige Yunnan: 'I gcomhréir leis an bprionsabal 'ceannach agus stóráil fiontair, iasachtaí bainc, fóirdheontais airgeadais, oibriú margaidh, féinmhaoiniú', chuireamar i gcrích ceannach agus stóráil tráchtála […] an ghearmáiniam, […] agus príomhtháirgí miotail neamhfheiriúla eile sa chúige ina iomláine. Is ionann líon iomlán an cheannaigh agus na stórála agus timpeall 800 000 tonna, agus is 1 bhliain amháin a mhairfidh an tréimhse bhailiúcháin agus stórála. Is i bhfoirm gealltáin táirge a thabharfaidh an fiontar na cistí is gá do bhailiú agus stóráil ar iasacht chuig an mbanc. Rinne an rialtas cúigeach ciste speisialta 1 bhilliún yuan a leithdháileadh d’fhonn na hiasachtaí bainc le fiontair a fhóirdheonú. Ina measc sin, tabharfar fóirdheontas lascaine 80 % d’fhiontair a cheannaíonn agus a stórálann an stán, an gearmáiniam agus an t-indiam.'

(569)

Ba ar bhonn na faisnéise atá ar fáil go poiblí, shuigh an Coimisiún go bhfuil cuideachtaí ag oibriú i dtionscal an ghearmáiniam, lena n-áirítear táirgeoirí na teitreaclóiríde gearmáiniam, lonnaithe i gCúige Yunnan tar éis fóirdheontais a fháil ón Stát. Cuir i gcás, fuair an chuideachta faoi pháirtúinéireacht an Stáit YUNNAN Lincang Xinyuan Germanium agus fochuideachtaí ilíocaíochtaí ó Rialtas na Síne. Ina thuarascáil bhliantúil ó 2020 tuairiscíonn an chuideachta méid RMB 21 847 627 mar ioncam ó íocaíochtaí fóirdheontais don bhliain 2019. Shroich na deontais a fuarthas ó Rialtas na Síne in 2020 méid RMB 55 361 284 (135). Níl na deontais arna soláthar ag Rialtas na Síne chuig tionscal an ghearmáiniam teoranta do chuideachta amháin. Ina thuarascáil bhliantúil do 2019 shloinn an chuideachta faoi úinéireacht an Stáit Yunnan Chihong Zinc and Germanium freisin go bhfuair sí fóirdheontais arbh ionann iad agus RMB 43 771 439 sa bhliain sin (136).

(570)

Dá bhrí sin, is léir go bhfuil Rialtas na Síne páirteach ar fud shlabhra luacha na gcáblaí snáthoptaice ina iomláine, ar dócha go mbeidh tionchar aige ar phraghsanna sa chaoi nach léirítear fórsaí an mhargaidh iontu. Tríd na meáin a thuairiscítear thuas, tagann na hearnálacha a tháirgeann amhábhair a úsáidtear le cáblaí snáthoptaice a mhonarú, go háirithe an gearmáiniam agus an gearmáiniam teitreaclóiríde, faoi réir idirghabháil an rialtais.

(571)

Agus é sin ráite, i bhfianaise an fhíorais gur féidir an dleacht frithdhumpála a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dhumpála, faoi mar a mhínítear in aithris (769), agus ábharthacht fhéideartha na n-imthosca a leagtar amach ag aithris (765), chinn an Coimisiún gan leanúint ar aghaidh leis an imscrúdú faoin bhfóirdheontas líomhnaithe seo, agus d’fhorchoimeád sé a cheart chun filleadh ar an gceist seo más gá.

3.9.   Conclúid maidir le fóirdheonú

(572)

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, ríomh an Coimisiún méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe le haghaidh na gcuideachtaí sampláilte i gcomhréir le forálacha an bhun-Rialacháin trí gach fóirdheontas nó clár fóirdheontas a iniúchadh, agus shuimigh na figiúirí sin le chéile leis an méid iomlán fóirdheonaithe a ríomh le haghaidh gach táirgeoir onnmhairiúcháin i rith tréimhse an imscrúdaithe. Leis an bhfóirdheonú foriomlán a ríomh thíos, rinne an Coimisiún ríomh ar dtús ar chéatadán an fhóirdheonaithe, arb ionann é agus méid an fhóirdheontais mar chéatadán de láimhdeachas iomlán na cuideachta. Ansin baineadh úsáid as an gcéatadán sin chun an fóirdheontas a ríomh, an fóirdheontas arna leithdháileadh ar onnmhairí an táirge i gceist chuig an Aontas i rith na tréimhse imscrúdaithe. Rinneadh méid fóirdheontais in aghaidh an tona a ríomh ansin don táirge lena mbaineann a onnmhairíodh chuig an Aontas i rith tréimhse an imscrúdaithe, agus na corrlaigh thíos arna ríomh mar chéatadán de luach Costas, Árachais agus Last-táille (‘CAL’) de na honnmhairí céanna in aghaidh an tona.

(573)

I gcomhréir le hAirteagal 15(3) den bhun-Rialachán, rinneadh méid iomlán an fhóirdheontais do na cuideachtaí comhoibríocha nár cuireadh san áireamh sa sampla a ríomh ar bhonn mheánmhéid ualaithe iomlán na bhfóirdheontas frithchúitimh a suíodh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sa sampla, gan méideanna diomaibhseacha san áireamh, chomh maith le méid na bhfóirdheontas a bunaíodh le haghaidh míreanna a thagann faoi réir fhorálacha Airteagal 28(1) den bhun-Rialachán. Níor thug an Coimisiún neamhaird ar thorthaí bunaithe i bpáirt ar fhíorais a bhí ar fáil chun na méideanna sin a chinneadh áfach. Go deimhin, measann an Coimisiún nach ndeachaigh na fíorais infhaighte a úsáideadh sna cásanna sin i bhfeidhm go mór ar an bhfaisnéis ba ghá chun an méid fóirdheonaithe a chinneadh ar bhealach cothrom, ionas nach ndéanfar dochar do na honnmhaireoirí nár iarradh orthu comhoibriú leis an imscrúdú trí úsáid an chuir chuige seo (137).

(574)

I bhfianaise an ráta ard comhair a léirigh táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha agus ionadaíochas an tsampla i dtéarmaí incháilitheachta d’fhóirdheontais, mheas an Coimisiún é a bheith iomchuí an méid a shocrú le haghaidh ‘gach cuideachta eile’ ar leibhéal an mhéid is airde atá bunaithe le haghaidh na gcuideachtaí sampláilte. Cuireadh an méid do ‘chuideachtaí eile uile’ i bhfeidhm ar na cuideachtaí úd nár chomhoibrigh leis an imscrúdú.

Ainm na cuideachta

Ráta fóirdheontais

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

10,33  %

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

5,1  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

7,8  %

Gach cuideachta eile

10,33  %

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Aonad tomhais

(575)

Cé gurb i líon cileagram a thuairiscítear na staitisticí allmhairiúcháin oifigiúla, mheas an Coimisiún, i gcomhréir le barúlacha ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin agus ó thionscal de chuid an Aontais, nach oiriúnach é an t-aonad tomhais sin do thomhas ceart ar na líonta lena mbaineann. Taispeántar san imscrúdú gur gnáthnós sa tionscal é an fad a úsáid seachas an meáchan mar phríomhtháscaire méide. D’fhéadfaí fad an chábla (cábla-km), nó fad iomlán na snáithíní a fhaightear ann (snáithín-km) a thomhas leis sin. I bhfianaise an chaoi a mbaineann an t-imscrúdú atá ann faoi láthair le cáblaí, meastar an cábla-km a bheith mar an t-aonad tomhais is iomchuí, a úsáidfear i gcinneadh na díobhála thíos.

(576)

Ina cuid barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh CCCME gur cheart luachanna allmhairiúcháin a ríomh ar bhonn na snáithín-chiliméadar in ionad na gcábla-chiliméadar óir ba é an snáithín-chiliméadar an caighdeán a nglactar sa tionscal leis agus an t-aon aonad tomhais ina léiríodh na difríochtaí ollmhóra idir líonta na snáithíní in aghaidh an chábla.

(577)

D’áitigh an Coimisiún gurb é an cábla-chiliméadar an t-aonad tomhais iomchuí óir is cáblaí iad na táirgí atá faoi réir an imscrúdaithe, agus óir is gné shonrach den chábla é líon na snáithíní a léirítear sa PCN. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh seo.

4.2.   Sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(578)

Rinne níos mó 29 dtáirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ach amháin i gcás an dá chuideachta a luaitear sa roinn a leanann seo, is iad na táirgeoirí sin ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 9(1) den bhun-Rialachán. Tar éis tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, tá cinneadh na díobhála bunaithe ar shonraí na 27 mBallstát (AE27) le haghaidh na tréimhse iomláine a ndearnadh measúnú uirthi.

(579)

Rinneadh amach gurb é 1.2 milliún cábla-km táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. Is ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil faoi thionscal an Aontais, amhail faisnéis dhíreach ó na 9 gcomhpháirtí - 6 ghearánach, 3 chuideachta a bhí ag tacú leis an ngearán - agus faisnéis mhargaidh i gcás na dtáirgeoirí eile, a bhunaigh an Coimisiún an figiúr sin. Mar a léirítear in aithris (41), roghnaíodh trí tháirgeoir ón Aontas sa sampla is ionann agus thart ar 52 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

4.3.   Eisiamh dhá tháirgeoir as tionscal an Aontais

(580)

De réir Airteagal 9(1) den bhun-Rialachán, maidir le táirgeoirí a bhfuil gaol acu le honnmhaireoirí nó allmhaireoirí Síneacha agus/nó arb allmhaireoirí an táirge iad féin a bhfuil sé líomhnaithe gur fóirdheonaíodh é, is féidir iad a eisiamh ó thionscal an Aontais. Sainítear le hAirteagal 9(2) an uair a mheasfar táirgeoirí a bheith gaolta le honnmhaireoirí nó le hallmhaireoirí.

(581)

D’imscrúdaigh an Coimisiún an bhaint atá ann cheana idir tionscal an Aontais agus onnmhaireoirí nó onnmhaireoirí an táirge lena mbaineann. Léirigh an t-imscrúdú gur onnmhairigh táirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais méid beag cáblaí snáthoptaice ón tSín agus go bhfuil scairsheilbh mhionlaigh ag táirgeoir eile i dtáirgeoir onnmhairiúcháin neamhshampláilte. Ós rud é gur diomaibhseach na méideanna a d’allmhairigh an chéad táirgeoir agus gur léirigh an dara táirgeoir nach rialaíonn sé an táirgeoir sin ná nach rialaíonn an táirgeoir sin é agus nár iompair sé é féin ar bhealach éagsúil leis na táirgeoirí nach bhfuil baint acu leis an táirgeoir sin, de bharr na bainte sin eatarthu, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis ann le ceachtar den dá chuideachta a eisiamh ó thionscal an Aontais.

(582)

I gcás an tríú táirgeoir neamhshampláilte, mheas an Coimisiún i bhfianaise a gaolmhaireachta le táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach (a rialaíonn an t-eintiteas céanna é) agus na gcainníochtaí suntasacha allmhairí ón tSín, gurbh iomchuí táirgeoir mar sin a eisiamh ón sainmhíniú ar thionscal de chuid an Aontais, in ainneoin táirgeacht shuntasach na cuideachta sin laistigh den Eoraip.

(583)

Mar an gcéanna, i gcás táirgeoir neamh-comhoibríoch san Aontas a dhearbhaigh méid suntasach allmhairí ón tSín, chinn an Coimisiún gurbh amhlaidh, i bhfianaise na bainte le táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach agus mhéideanna suntasacha na n-allmhairí, ba cheart é a eisiamh mar an gcéanna ó thionscal an Aontais.

(584)

Ó nár léiríodh san imscrúdú go raibh gaolmhaireacht ag aon táirgeoir eile le honnmhaireoirí Síneacha ná gur allmhairigh sé ón tSín, níl gá le haon eisiamh breise ó thionscal de chuid an Aontais.

(585)

D’áitigh CCCME go raibh naisc ag roinnt táirgeoirí san Aontas le táirgeoirí Síneacha na gcáblaí snáthoptaice, agus d’iarr ar an gCoimisiún anailís díobhála dheighleogach a dhéanamh trí anailísiú ar leithligh a dhéanamh ar an sruth allmhairí sin.

(586)

Ina cuid barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, rinne CCCME an maíomh sin an athuair gur cheart allmhairí tháirgeoirí an Aontais a dheighilt agus mheasúnú ar leithligh ó allmhairí le páirtithe eile. Mheas CCCME freisin gur cheart don Choimisiún líon agus céatadán d’allmhairí tháirgeoirí an Aontais ó tháirgeoirí Síneacha gaolmhara agus neamhghaolmhara le linn tréimhse an imscrúdaithe a nochtadh.

(587)

Faoi mar a leagtar amach thuas, tá an Coimisiún tar éis naisc tháirgeoirí an Aontais le cuideachtaí Síneacha a thabhairt san áireamh go cuí ina chuid anailíse, trí bhíthin táirgeoirí allmhairí suntasacha ón tSín a eisiamh agus gur fhéach sé freisin dá ngaolmhaireacht le honnmhaireoirí Síneacha. D’allmhairigh na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais cainníochtaí imeallacha (níos lú ná 1 % dá dtáirgeacht) den táirge lena mbaineann ó chuideachtaí gaolmhara sa tSín. Níor measadh cuideachtaí eile ag táirgeadh laistigh den Aontas agus a d’allmhairigh cainníochtaí suntasacha a bheith ina gcuid de thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 9(1) den bhun-Rialachán faoi mar a leagtar amach in aithrisí (582) go (584) í. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh.

(588)

Chuir Connect Com liosta isteach de tháirgeoirí cáblaí snáthoptaice de chuid an Aontais nár cuireadh san áireamh sa ghearán. Tugann an Coimisiún in iúl nár chomhoibrigh na cuideachtaí sin leis an imscrúdú agus gur cuireadh meastacháin le haghaidh táirgeoirí neamh-chomhoibríocha de chuid an Aontais ar fáil ar bhonn faisnéis mhargaidh iontaofa (138).

4.4.   Cinneadh an mhargaidh ábhartha de chuid an Aontais

(589)

Chun a shuíomh cé acu ar bhain nó nár bhain díobháil don tionscal de chuid an Aontais agus chun an tomhaltas agus na táscairí eacnamaíocha éagsúla i ndáil le staid an tionscail de chuid an Aontais a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar ghá, agus a mhéid ar ghá, an úsáid a bhainfí as táirgeacht an tionscail de chuid an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil a chur san áireamh san anailís.

4.5.   Úsáid faoi chuing

(590)

Rinne an Coimisiún amach go raibh idir 5.8 % agus 4.4 % de tháirgeacht iomlán tháirgeoirí an Aontais dírithe ar úsáid faoi chuing i rith na tréimhse á meas. Sa chás sin seachadadh na cáblaí laistigh d’aon chuideachta nó de ghrúpaí cuideachtaí le haghaidh próiseáil iartheachtach bhreise, go háirithe i gcás táirgeadh cáblaí a bhí feistithe le nascóirí.

(591)

Is ábhartha an t-idirdhealú idir margadh faoi chuing agus saormhargadh a mhéid a bhaineann leis an anailís díobhála toisc nach nochtar táirgí, a bhfuil sé beartaithe úsáid faoi chuig a bhaint astu, d’iomaíocht dhíreach ó allmhairí. I gcodarsnacht leis sin, tá an táirgeadh a bhfuil sé beartaithe iad a dhíol ar an saormhargadh in iomaíocht dhíreach le hallmhairí an táirge lena mbaineann.

(592)

Chun léargas chomh hiomlán agus ab fhéidir a thabhairt ar thionscal an Aontais, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh na gníomhaíochta snáthoptaice iomláine agus rinne sé amach cé acu ar úsáid faoi chuing nó ar an margadh saor a bhí an táirgeadh dírithe.

(593)

Scrúdaigh an Coimisiún táscairí eacnamaíocha áirithe a bhaineann leis an tionscal de chuid an Aontais ar bhonn sonraí le haghaidh an tsaormhargaidh. Is iad seo na táscairí: méid na ndíolachán agus praghsanna díola ar mhargadh an Aontais; sciar den mhargadh; an fás; méid na ndíolachán agus praghsanna allmhairiúcháin; brabúsacht; an toradh ar infheistíocht; agus an sreabhadh airgid. I gcás inarbh fhéidir agus ina raibh údar leis, cuireadh torthaí an scrúdaithe i gcomparáid leis na sonraí le haghaidh an mhargaidh faoi chuing chun léargas iomlán a thabhairt ar staid an tionscail de chuid an Aontais.

(594)

Mar sin féin, ní fhéadfaí scrúdú fóinteach a dhéanamh ar tháscairí eacnamaíocha eile ach amháin trí thagairt a dhéanamh don ghníomhaíocht iomlán, lena n-áirítear úsáid faoi chuing an tionscail de chuid an Aontais (139). Seo iad: táirgeadh; an acmhainneacht, an úsáid acmhainneachta; infheistíochtaí; stoic; fostaíocht; an táirgiúlacht; na tuarastail; agus an cumas caipiteal a chruinniú.

(595)

Ina cuid barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh CCCME nár cheart neamhaird a dhéanamh ar an margadh faoi chuing nuair a dhéantar anailís ar an suíomh foriomlán ar an margaidh atá ag tionscal de chuid an Aontais.

(596)

Maidir leis sin, faoi mar a thuairiscítear thíos, ní dhearna an Coimisiún neamhaird ar an margadh faoi chuig, agus rinne sé a shainaithint agus a éabhlóidiú le himeacht ama a mheasúnú. Tugadh léargas iomlán leis sin ar chás an tionscail de chuid an Aontais. Treisítear le méid bheag agus laghdaitheach an mhargaidh sin an chaoi nach mbíonn aon tionchar fóinteach aige ar chás an tionscail de chuid an Aontais. Meabhraíonn an Coimisiún sa bhreis air sin nach é an táirge i gceist iad na cáblaí móide nascóirí.

4.6.   Tomhaltas an Aontais

(597)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn na sonraí i ndáil le díolacháin de réir mar a rinne an gearánach amach móide sonraí allmhairiúcháin arna suí i gcomhréir leis an modh a thuairiscítear in aithrisí (600) go (607).

(598)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas:

Tábla 1

Tomhaltas an Aontais (cábla-chiliméadar)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Tomhaltas iomlán de mhargadh saor an Aontais

1 276 902

1 537 999

1 655 737

1 760 092

Innéacs

100

120

130

138

Margadh faoi chuing

61 505

59 802

62 710

54 205

Innéacs

100

97

102

88

Foinse:

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, údaráis chustam an Aontais Eorpaigh, Eurostat, gearánaithe

(599)

Tháinig méadú 38 % ar thomhaltas saormhargaidh san Aontas le linn na tréimhse a measadh. Go deimhin, agus é nasctha leis an leathnú mór digiteach san Aontas, is margadh é seo a bhfuil fás mór faoi agus a bhfuiltear ag súil leis go leanfaidh sé ar aghaidh faoi luas mór. (140). Lean an tomhaltas de bheith ag fás go dtí an tréimhse imscrúdaithe, cé go raibh forluí idir an dara cuid den tréimhse sin (i.e. an chéad leath de 2020) agus míonna tosaigh an chur isteach a bhain le paindéim COVID-19. Léirítear le torthaí an imscrúdaithe gur chuir an phaindéim a thosaigh sna míonna deireanacha den tréimhse imscrúdaithe agus na bearta coiscthe gaolmhara moill ar an bhfás, ach nár chuir siad cosc ar mhéadú tomhailte an táirge lena mbaineann laistigh den Aontas i rith na tréimhse imscrúdaithe trí chéile. Sa mhargadh faoi chuing úsáidtear cáblaí snáthoptaice i réitigh nascachta a thairgeann na cuideachtaí, lena n-áirítear cáblaí atá feistithe le nascóirí ; léiríodh laghdú 12 % ina mhéideanna, atá an-teoranta i gcomhréir leis an margadh foriomlán, feadh an tréimhse a breathnaíodh.

4.7.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.7.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(600)

Tuairiscítear staitisticí oifigiúla allmhairiúcháin le haghaidh Chód AC 8544 70 00 i gcileagraim, agus tá táirgí seachas an táirge lena mbaineann sa chód sin freisin. Chun pictiúr níos cruinne a fháil maidir le hallmhairí, rinne an Coimisiún grinnscrúdú ar fhaisnéis mhionsonraithe ó údaráis chustaim náisiúnta maidir le tacar idirbheart aonair i gcaitheamh na tréimhse 2017-IP, mar a thuairiscigh allmhaireoirí ina gcuid dearbhuithe custaim agus mar a phróiseáil na húdaráis thuasluaite. Bhain an fhaisnéis le hallmhairí chuig 9 mBallstát (an Bhulgáir, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ungáir, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin agus an Spáinn) agus measadh go raibh sí ionadaíoch, toisc gur cumhdaíodh 79 % d’allmhairí sa tréimhse a breithníodh. D’eascair na conclúidí a leagtar amach thíos as anailís mhionsonraithe ar an mbonn seo.

(601)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh Connect gur scrúdaíodh allmhairí i naoi mBallstát amháin agus nach raibh an sampla sin ionadaíodh mar ní raibh Ballstáit mhóra amhail an Iodáil, an Pholainn, an Ostair san áireamh san anailís sin. Chuige sin, luann an Coimisiún gur anailís bhreise a bhí san fhaisnéis a fuair sé ó údaráis chustaim náisiúnta chun an táirge lena mbaineann a aithint laistigh de chód AC iomlán 8544 70 00 ar bhealach níos beachta. D’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis ó na húdaráis náisiúnta uile a d’fhreagair a iarradh ar fhaisnéis in am agus bhreithnigh sé go dtugann 79 % d’allmhairí iomlán léargas ionadaíoch den sciar den táirge lena mbaineann i measc na n-allmhairí uile faoin gcód AC. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún an argóint sin a bheith in-fhrithchúitithe.

(602)

Maidir le méid na n-allmhairí ón tSín, suíodh, ar an mbonn chéanna leis an imscrúdú frithdhumpála ar leithligh, is é sin, ar bhonn an fhaisnéis a chuir táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha ar fáil sa cheacht samplála.

(603)

Shuigh allmhairí ó thríú tíortha ar bhonn an chleachtas mionsonraithe a luaitear in aithris (600)m ina n-aithnítear allmhairí den táirge lena mbaineann in kg, agus i gcás ar aistríodh é chuig cábla-km ag úsáid na fachtóirí coinbhéartachta beachta a dhearbhaigh táirgeoirí Síneacha ina bhfreagraí ar an iarradh ar fhaisnéis bhreise a luaitear in aithris (60).

(604)

Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn mhéid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann i gcomparáid le méid iomlán thomhaltas an Aontais mar a léirítear i dTábla 1.

(605)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 2

Méid na n-allmhairí agus a sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann (cábla-km)

189 479

354 167

434 754

498 335

Innéacs

100

187

229

263

An sciar den mhargadh (%)

14,8

23,0

26,3

28,3

Innéacs

100

155

177

191

Foinse:

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, Eurostat, údaráis chustam an Aontais Eorpaigh

(606)

Ar chúlra acmhainneacht iomarcach mhór Síneacha (a meastar go bhfuil sí níos mó ná dhá uair níos mó ná margadh iomlán an Aontais, ar bhonn anailís mhargaidh a chuir na gearánaigh ar fáil (141)), mhéadaigh ar allmhairí ón tír lena mbaineann ó tuairim agus 190 000 kg go tuairim agus 500 000 cábla-km le linn na tréimhse a measadh, méadú an-tapa de níos mó ná dhá oiread go leith. Tá an méadú 163 % sin níos mó ná ceithre huaire níos airde ná an méadú i dtomhaltas, rud a thugann doimhneacht agus sá leathadh na Síne ar an margadh sin.

(607)

Mar thoradh air sin, tháinig méadú ar an sciar den mhargadh de na hallmhairí sin ó 14.8 % go 28.3 % le linn na tréimhse a breithníodh, méadú ollmhór de 91 %. Ba cheart a thabhairt ar aird gur tháinig méadú ar mhéideanna na n-allmhairí ón tSín le linn gach bliain den tréimhse a measadh, rud a léiríonn luas agus méid an mhargaidh.

(608)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh CCCME go raibh maolaisnéis ann i leith sciar margaidh thionscal an Aontais agus go raibh sciar an mhargaidh d’allmhairí na Síne boilscithe. Maidir leis sin, mhaígh CCCME thairis sin gur cheart go mbeadh sonraí an mhargaidh bunaithe ar chiliméadair shnáithíneacha seachas ar chiliméadair chábla a mbeadh sciar margaidh níos ísle d’allmhairí Síneacha mar thoradh orthu.

(609)

Léiríodh san imscrúdú gurb é cábla-chiliméadar an t-aonad tomhais is oiriúnaí don táirge lena mbaineann mar a mhínítear in aithris (575). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.7.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, sladghearradh praghsanna agus ísliú praghsanna

(610)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn na freagraí a sholáthar na honnmhaireoirí comhoibritheacha mar fhreagra ar iarradh ar fhaisnéis.

(611)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghas allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 3

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/cábla-km)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An tSín

452,9

401,9

468,5

349,1

Innéacs

100

89

103

77

Foinse:

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha

(612)

Laghdaigh praghsanna allmhairí ón tSín ó 452 go 349 EUR/cábla-km le linn na tréimhse faoi bhreathnú, sin ísliú 23 %. Ba cheart an fhorbairt sin a mheas i bhfianaise an mhéadaithe ar dhéine iomaíochais tháirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha, méadú atá nasctha leis an acmhainneacht iomarcach sa tír sin (féach aithris (606)). Ba cheart an táscaire a mheas a thuilleadh ar chúlra na n-éagsúlachtaí praghais móra i gcás fad áirithe idir cineálacha táirge éagsúla chomh maith leis na difríochtaí móra sa mheascán táirge ó bhliain go bliain. D’eascair an éagsúlacht sa táirge as inathraitheacht agus dá bhrí sin as inathraitheacht praghais sna cineálacha cáblaí a dhíoltar, agus as an bhfíoras nach dtairgtear nó nach ndíoltar gach cineál táirge gach bliain.

(613)

D’fhonn na héagsúlachtaí i meascán táirge a bhaineann go nádúrtha leis an tsraith praghais le linn na tréimhse faoi bhreathnú a sheachaint, agus chun sonraí níos cruinne agus níos ionadaíche a fháil, rinne an Coimisiún anailís ar an fhaisnéis chuimsitheach ó onnmhaireoirí Síneacha agus tairgeoirí de chuid an Aontais sampláilte bunaithe ar ghrúpaí níos comhiomlánaithe de tháirgí atá inchomparáide go díreach. Mar thoradh air sin aithníodh 35 ghrúpa comhchosúil (mar an gcéanna) a dhíolann onnmhaireoirí Síneacha agus thionscal an Aontais, agus a raibh díolacháin ann ina leith i ngach ceann de na trí bliana faoi scrúdú. I bhfocail eile, fuair an Coimisiún sraith ama iomlán le praghas de réir cineál táirge le haghaidh gach bliain le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is féidir breathnú ar na praghsanna sin mar phraghsanna atá ionadaíoch d’onnmhairí Síneacha le linn na tréimhse, agus iad ag cumhdach 62 % d’onnmhairí de na cuideachtaí sampláilte le linn thréimhse an imscrúdaithe. Forbraíodh an tsraith ama a lean as sin mar seo a leanas, ar bhonn comhiomlánaithe ualaithe:

Tábla 3-bis

Allmhairí ón tSín (EUR/cábla-km)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Meánphraghas

854

720

593

320

Innéacs

100

84

69

38

Ionadaíochas (%)

94

35

59

62

(614)

Léirítear laghdú leanúnach i bpraghas ó thaobh onnmhairí Síneacha de leis sin. I bhfocail eile, nuair a chuirtear díolacháin de na cineálacha céanna táirgí i gcomparáid le chéile ar bhonn bliain ar bhliain, léirítear laghdú praghais soiléir agus inbhraite i bpraghsanna allmhairiúcháin ón tSín gach bliain, praghsanna a bhí i bhfad faoi bhun phraghsanna tháirgeoirí an Aontais i rith na tréimhse 2018-an tréimhse imscrúdaithe (Tábla 7-bis).

(615)

Ar an gcúlra sin, shuigh an Coimisiún an sladghearradh praghsanna le linn na tréimhse imscrúdaithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid le chéile:

na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, praghsanna a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir leibhéal díreach ón monarcha; agus

meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh an chineáil táirge a allmhairíonn na táirgeoirí sampláilte Síneacha chuig an gcéad chustaiméir ar mhargadh an Aontais, arna suí ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL), lena n-áirítear an coigeartuithe iomchuí le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin.

(616)

Rinneadh an chomparáid praghsanna de réir an chineáil i leith idirbhearta ar aon leibhéal amháin trádála, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí ón Aontas a samplaíodh le linn na tréimhse imscrúdaithe. Léirigh sé meánchorrlach sladghearrtha ualaithe i leith dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, eadhon 30.0 % agus 33.2 %, nó corrlach sladghearrtha foriomlán 31.5 %. Mar a thuairiscítear in aithris (673) Error! No bookmark name given., deimhnítear san anailís ar thairiscintí go bhfuil sladghearradh praghais ag tarlúint ag leibhéal na dtairiscintí.

(617)

Tá sé sin i gcomhréir leis na praghsanna a aithnítear in aithrisí (613) agus (614).

(618)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh grúpa ZTT freisin nár thug an Coimisiún aon mhíniú ar na grúpaí PCN agus go raibh siad aondeonach dá bhrí sin. Mhaígh CCME go raibh sé intuigthe ó úsáid na ngrúpaí sin go raibh fadhb ann maidir le meaitseáil agus inchomparáideacht idir tionscal an Aontas agus praghsanna Síneacha. Thagair CCCME don tuarascáil phainéil ón tSín inchomparáideacht – X-Ray Equipment (142) inar dearbhaíodh go bhfuil údarás imscrúdaithe faoi oibleagáid le háirithiú go bhfuil na táirgí a dhéanann sé comparáid maidir le sladghearradh praghais agus anailís smachtaithe ina leith, inchomparáide go hiarbhír agus d’áitigh sé gur mhainnigh an Coimisiún inchomparáideacht praghsanna den sórt sin a áirithiú.

(619)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, níor úsáideadh na grúpaí sin chun críocha ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola a dhéanamh. Ar an dara dul síos, úsáideadh iad chun comparáid praghsanna a dhéanamh ar bhonn cineál ar chineál a leagtar amach in aithris (613) le háirithiú go beacht nár truaillíodh treochtaí praghsanna thar am le hathruithe suntasacha ar an meascán táirge le linn na tréimhse, dá bhrí sin ag feabhsú cruinneas na inchomparáideachta thar am, bunaithe ar ghrúpaí a bhí ionadaíoch don táirge lena mbaineann mar a mhínítear thuas.

(620)

Thug an Coimisiún dá aire gur úsáideadh na samhlacha a onnmhairíodh chuig an Aontas ón tír lena mbaineann mar thagairt don chomparáid nuair a bhí measúnú á dhéanamh ar chorrlaigh shladghearrtha agus ghearrdhíola. Luíonn sé le réasún nuair a bheidh comparáid á déanamh ar dhíolacháin onnmhairí tháirgeoirí onnmhairiúcháin agus díolacháin thionscal an Aontais nár dhíol tionscal an Aontais gach ceann de na samhlacha a onnmhairíodh. Sa chás seo, bhí an ráta meaitseála thart ar 70 % le haghaidh na táirgeoirí Síneacha sampláilte, agus mheas an Coimisiún go raibh sé sin breá-leordhóthanach chun comparáid leathan agus chóir ar na samhlacha a onnmhairíodh agus siúd a dhíol tionscal an Aontais a áirithiú.

4.8.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.8.1.   Barúlacha ginearálta

(621)

I gcomhréir le hAirteagal 8(4) den bhun-Rialachán, cuimsíodh sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí fóirdheonaithe ar thionscal an Aontais measúnú ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh.

(622)

Fuair an Coimisiún roinnt tuairimí faoi dhíobháil ó pháirtithe. Mhaígh Rialtas na Síne nach ndearna allmhairí ón tSín díobháil nó gur chruthaigh siad bagairt díobhála, mar gur léirigh na táscairí go raibh staid mhaith ar thionscal an Aontais agus go raibh ceannasacht ag tionscadal an Aontais fós de bharr a sciar margaidh. Luaigh Connect Com go raibh an t-ísliú ar sciar margaidh an Aontais an-bheag agus gur tharla sé i gcomhthéacs na féidearthachta go mbeadh margadh olagaplach ann.

(623)

D’áitigh Connect Com gur beag an díobháil a rinneadh, má rinneadh aon díobháil, má rinneadh brabúis suas go híoschorrlach brabúis 5 % agus mheabhraigh sé ina leith sin Cinneadh ón gCoimisiún an 23 Nollaig 1988 lenar cuireadh deireadh leis na himeachtaí frithdhumpála i leith allmhairiú radateileafón soghluaiste ceallach áirithe de thionscnamh Cheanada, Hong Cong agus na Seapáine (143), agus breithiúnas an 17 Nollaig 1997, EFMA v an Chomhairle (144). Mar sin féin, ba cheart a mheabhrú gur i bhfianaise táscairí eile a bhí ag dul i bhfeabhas a measadh an Cinneadh faoi radateileafóin, agus gur bhain an cás Cúirte a luadh le hiarraidh bhreithiúnach, iarraidh a dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta sa deireadh, gurbh cheart don spriocbhrabús a shocraigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe a bheith níos airde. Dá bhrí sin, níl na fasaigh sin ag teacht leis an dearcadh gur beag an díobháil a dhéanfaí dá mbeadh corrlaigh brabúis os cionn 5 %. Suitear díobháil ar bhonn iomlánach de na fachtóirí uile a luaitear in Airteagal 8(4) den bhun-Rialachán, arna n-anailísiú i gcomhthéacs an mhargaidh shonraigh agus an tionscal lena mbaineann. Thairis sin, bhí an brabús a bhain an tionscal amach faoin spriocbhrabús a suíodh ag cur na heilimintí uile a bhaineann leis na tionscal lena mbaineann, mar a éilítear in Airteagal 12(1a) den bhun-Rialachán, san áireamh.

(624)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí sa fhreagairt ar an gceistneoir a chuir an gearánach isteach inar cumhdaíodh sonraí a bhaineann leis táirgeoirí uile an Aontais.. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ceistneora ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(625)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeadh, acmhainn táirgeachta, úsáid acmhainne, méid an díolacháin, sciar margaidh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh fóirdheontais, agus téarnamh tar éis fóirdheontas a fuarthas san am atá thart.

(626)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna aonaid, an costas aonaid, na costais saothair, na fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú.

4.8.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.8.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(627)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 4

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An méid táirgeachta (cábla-km)

1 062 482

1 195 017

1 250 881

1 229 252

Innéacs

100

112

118

116

An acmhainneacht táirgeachta (cábla-km)

1 585 738

1 748 667

2 019 526

2 084 082

Innéacs

100

110

127

131

Úsáid acmhainneachta (%)

67

68

62

59

Innéacs

100

102

92

88

(628)

Le linn na tréimhse a measadh tháinig méadú 16 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais. Léiríonn anailís mhionsonraithe gur tháinig méadú 18 % ar tháirgeacht an Aontais idir 2017 agus 2019, ach tháinig laghdú 2 % ar tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(629)

Is é an méadú ar an éileamh a thuairiscítear i dTábla 1 is cúis leis an méadú foriomlán le linn na tréimhse a measadh. Mar sin féin, méadú 16 % ar éirigh le tionscal an Aontais a chur ar a tháirgeacht le linn na tréimhse a measadh, i margadh ar tháinig méadú 38 % air. Dá bhrí sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann tairbhe iomlán a bhaint as fás an mhargaidh.

(630)

Le linn na tréimhse a measadh, tháinig méadú 31 % ar acmhainneacht táirgeachta an Aontais. Léiríonn sé sin na hinfheistíochtaí a rinne roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais chun leanúint den fhás margaidh. Chuir an méadú ar dhul i bhfód táirgí Síneacha bac ar an iarracht sin, dul i bhfód a raibh méadú ar an méid a shúigh sé isteach sciartha den mhargadh ó thionscal an Aontais agus é ag brath ar straitéisí praghsála éagóracha.

(631)

Dá bharr sin, tháinig laghdú 12 % ar úsáid acmhainneachta gur baineadh amach leibhéal faoi bhun 60 % le linn na tréimhse imscrúdaithe: Coisceadh táirgeoirí an Aontais ar an táirgeacht a mhéadú i gcomhréir leis an bhfás margaidh.

4.8.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(632)

Le linn na tréimhse a breithníodh tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 5

Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Méid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (cábla-km)

882 772

945 842

1 009 439

995 703

Innéacs

100

107

114

113

Margadh faoi chuing

61 505

59 802

62 710

54 205

Innéacs

100

97

102

88

Margadh faoi chuing mar % de dhíolacháin an Aontais

7,0

6,3

6,2

5,4

Innéacs

100

91

89

78

Díolacháin ar an saormhargadh

821 268

886 040

946 729

941 498

Innéacs

100

108

115

115

An sciar den mhargadh ag díolacháin an mhargaidh shaoir (%)

64,3

57,6

57,2

53,5

Innéacs

100

90

89

83

Foinse:

Tionscal de chuid an Aontais

(633)

Le linn na tréimhse a measadh tháinig méadú 13 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais. Mar sin féin, mar gheall ar an méadú i dtomhaltas, tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh ar an saormhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó 64.3 % go 53.5 %, ísliú de níos mó ná 10 bpointe céatadáin.

(634)

Tháinig laghdú 15 % ar mhéid díolachán an Aontais ar an margadh saor le linn na tréimhse a measadh. Lean díolacháin an Aontais treocht tháirgeacht an Aontais go han-dlúth mar go n-oibríonn an tionscal córas táirgeacht ar ordú.

(635)

Bhí i margadh faoi chuing thionscal an Aontais (arna shloinneadh mar chéatadán de na díolacháin san Aontas ina n-iomláine) ag leibhéil an-íseal ar feadh na tréimhse a measadh, le treocht laghdaithe ann inar laghdaíodh an céatadán ó 7 % in 2017 go 5.4 % le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ba bheag an tionchar a bhí ag an laghdú sin mar gheall ar mhéid teoranta an mhargaidh sin.

4.8.2.3.   Fás

(636)

Tá sé mar thoradh ar an ísliú a tháinig ar an sciar den mhargadh ag méideanna díolacháin de chuid an Aontais ní raibh tionscal an Aontais ina ann tairbhiú den fhás ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse a measadh.

4.8.2.4.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(637)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 6

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Líon na ndaoine atá fostaithe (FTE (145))

4 088

4 589

4 815

4 659

Innéacs

100

112

118

114

Táirgiúlacht (cábla-km/FTE)

260

260

260

264

Innéacs

100

100

100

102

Foinse:

Tionscal de chuid an Aontais

(638)

Tháinig ardú 18 % ar fostaíocht thionscal an Aontais idir 2017 agus 2019 ar bhonn na coibhéise lánaimseartha. Tháinig ísliú 4 % dá éis sin le linn na tréimhse imscrúdaithe. Leanann an fhorbairt sin an treocht sa mhéid táirgeachta a léirítear i dTábla 3, den chuid is mó.

(639)

Ós rud é go leanann figiúirí i leith táirgeachta agus figiúirí i leith fostaíochta a chéile go dlúth, lean an táirgiúlacht i dtéarmaí cábla-km de bheith cobhsaí den chuid is mó.

4.8.2.5.   Méid an chorrlaigh fóirdheontais agus gnóthú ó fhóirdheonú a rinneadh roimhe seo

(640)

Bhí na corrlaigh fhóirdheontais uile i bhfad os cionn an leibhéil de minimis. Ba shubstaintiúil an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach fóirdheontais iarbhír ar an tionscal de chuid an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann.

(641)

Is é seo an chéad imscrúdú frith-fhóirdheontais maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar thionchair na bhfóirdheontas a d’fhéadfaí a bheith tugtha roimhe.

4.8.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.8.3.1.   Praghsanna agus fachtóirí lena ndéantar difear do phraghsanna

(642)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 7

Praghsanna díolacháin san Aontas

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An meánphraghas díola aonaid san Aontas (EUR/cábla-km)

816

861

944

821

Innéacs

100

105

116

101

Costas aonaid na táirgeachta (EUR/ cábla-km)

756

785

860

758

Innéacs

100

104

114

100

Foinse:

Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(643)

Tháinig méadú 16 % ar phraghsanna díola ar mhargadh an Aontais le páirtithe neamhghaolmhara (an margadh saor) le linn na tréimhse 2017-2019 agus ansin laghdaigh siad le linn na tréimhse imscrúdaithe agus baineadh leibhéal amach gar don leibhéal a taifeadadh in 2017 (+1 %). Mar sin féin, tá leibhéal na bpraghsanna ag brath den chuid sin mó ar chastacht na dtáirgí a dhíoltar, ós rud é gur féidir go mbeidh an praghas éagsúil de réir ghnéithe an chábla (lena n-áirítear líon na snáithíní, líon agus cineál an bhrataithe, etc.).

(644)

Is léir gurb amhlaidh atá nuair a chuirtear éabhlóid na bpraghsanna i gcomparáid le héabhlóid chostas an táirgthe, ós rud é go mbíonn an costas níos airde nuair a bhíonn na cáblaí níos casta.

(645)

Tháinig méadú 14 % ar chostas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse 2017-2019, i gcomhréir, a bheag nó a mhór, le meánphraghsanna i margadh saor an Aontais (16 %). Dá bharr sin, tháinig laghdú 14 % air freisin, i gcomhréir le laghdú na bpraghsanna sa tréimhse chéanna, 2019-tréimhse imscrúdaithe (15 %).

(646)

Mar a luaitear in aithris (613), d’fhonn na héagsúlachtaí i meascán táirge a bhaineann go nádúrtha leis an tsraith praghais le linn na tréimhse faoi bhreathnú a sheachaint, rinne an Coimisiún anailís ar an fhaisnéis chuimsitheach ó onnmhaireoirí Síneacha agus tairgeoirí an Aontais sampláilte bunaithe ar ghrúpaí níos comhiomlánaithe de tháirgí atá inchomparáide go díreach. Mar thoradh air sin aithníodh 35 ghrúpa comhchosúil (mar an gcéanna) a dhíolann onnmhaireoirí Síneacha agus thionscal an Aontais, agus a bhfuil sraith ama iomlán ann dóibh le haghaidh gach bliain le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(647)

Tá siad ionadaíoch do dhíolacháin thionscal an Aontais le linn na tréimhse, le níos mó ná 34 % díolacháin de tháirgí meaitseála den sórt sin le linn na tréimhse imscrúdaithe. Is mar a leanas an tsraith ionadaíoch a lean as:

Tábla 7-bis

Tionscal de chuid an Aontais (EUR/cábla-km)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Meánphraghas

817

780

792

719

Innéacs

100

95

97

88

Ionadaíochas (%)

42

38

35

34

(648)

Léirítear leis sin laghdú suntasach i bpraghsanna thionscal an Aontais, cosúil leis an laghdú praghsanna a tugadh faoi deara maidir le honnmhairí Síneacha a luaitear in aithris (613).

(649)

Thairis sin, i bhfianaise gur minic a iarrann custaiméirí ar chineálacha OFCanna saincheaptha atá curtha in oiriúint dá riachtanais shonracha, agus go sonraíonn Ballstáit áirithe ceanglais theicniúla shonracha, gintear léargas níos cruinne ar fhorbairtí praghsanna nuair a chuirtear praghsanna thar am don custaiméir céanna agus don Bhallstát céanna i gcomparáid lena chéile. Sholáthair tionscal an Aontais faisnéis mhionsonraithe bhreise chuige sin. Forbraíodh na treochtaí praghsanna le haghaidh na fiche meascán is tábhachtaí maidir le meascán de ghrúpa-custaiméir-Ballstát den sórt sin mar a leanas (146):

Tábla 7-ter

Tionscal de chuid an Aontais (EUR/cábla-km, innéacs)

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

100

73

56

59

(650)

Léirítear leis sin laghdú soiléir i bpraghsanna thionscal an Aontas le linn na tréimhse, ag leanúint na laghduithe praghsanna ar allmhairí Síneacha a luaitear in aithrisí (610) go (614).

4.8.3.2.   Costais saothair

(651)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 8

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR/FTE)

39 511

35 826

39 157

38 966

Innéacs

100

91

99

99

Foinse:

Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(652)

Lean an meánchostas saothair de bheith réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse 2017-tréimhse imscrúdaithe. Freagraíonn an laghdú beag sa bhliain 2018 don mhéadú 13 % ar an líon coibhéise lánaimseartha, agus léiríonn sé costas an lucht saothair breise.

4.8.3.3.   Fardail

(653)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 9

Fardail

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Stoic deiridh (cábla-km)

134 925

161 561

161 878

171 058

Innéacs

100

120

120

127

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht (%)

12,7

13,5

12,9

13,9

Innéacs

100

106

102

110

Foinse:

Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(654)

Tháinig laghdú 27 % ar stoic na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse a measadh. Cé go léiríonn an méadú ar na stoic láimhdeachas níos moille ar dhíol na n-earraí athfhillteacha áirithe agus d’fhéadfadh sé a bheith nasctha leis an méadú ar a dheacra atá sé do thionscal an Aontais a chuid táirgí a dhíol de bharr iomaíochas praghsanna dian ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha, d’fhéadfadh an méadú le linn na tréimhse 2019-an tréimhse imscrúdaithe a bheith nasctha le thionchar séasúrach freisin. In aon chás, mar gheall go ndéantar an chuid is mó den táirgeadh bunaithe ar orduithe agus ar shonraíochtaí ó chustaiméirí, ní príomhtháscaire díobhála iad fardail.

4.8.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(655)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí de chuid na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 10

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

8,1

8,4

8,5

7,9

Innéacs

100

104

104

97

An sreabhadh airgid (EUR)

33 254 746

48 644 480

41 707 715

39 805 852

Innéacs

100

146

125

120

Infheistíochtaí (EUR)

60 405 839

67 794 023

82 761 718

59 886 812

Innéacs

100

112

137

99

Toradh ar infheistíochtaí (%)

34

36

24

20

Innéacs

100

105

70

58

Foinse:

Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(656)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil i gcás custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(657)

Bhí brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte dearfach ach ní b’ísle ná an ghnáthbhrabúsacht ar feadh na tréimhse a measadh agus d’ísligh sé ó 8.1 % in 2017 go 7.9 % le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(658)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh ZTT Group, trí anailís ais-innealtóireachta, bhí brabús an-ard ag tionscal an Aontais trí phraghsáil iomarcach ar mhargadh an Aontais, rud a chaith amhras maidir le stádas díobhálach thionscal an Aontais agus go raibh an sladghearradh praghsanna mar gheall ar phraghsáil neamhréasúnta thionscal an Aontais agus ní mar gheall ar allmhairí ar phraghsanna ísle ón tSín.

(659)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Bhí an anailís ais-innealtóireachta a chuir ZTT Group i láthair páirteach agus ní raibh sí bunaithe ar mheasúnú iomlán ar chostais agus phraghsanna. D’fhíoraigh an Coimisiún na corrlaigh bhrabúis ar bhonn faisnéise cuimsithí agus léirítear iad a bheith díreach mar a thugtar tuairisc orthu in aithrisí (655) go (657). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(660)

Mhaígh na gearánaigh go dteastódh corrlach brabúis 15 % de bharr an ghá atá le hinfheistíochtaí agus taighde san earnáil. Léiríodh leis an imscrúdú go mbeadh gá le brabús 13.4 % ar an meán ar bhonn na tréimhse faoi bhreathnú chun an leibhéal d’infheistíochtaí a bhí beartaithe cheana féin agus a dtarlódh faoi ghnáthchúinsí chun coinneáil suas le forbairtí sa mhargadh. Cumhdaítear na saincheisteanna seo a leanas sna hinfheistíochtaí sin: costais atrealmhaithe agus chothabhála chun éifeachtúlacht acmhainn atá cheana a áirithiú, ag oiriúnú acmhainne don mheascán táirge atá ag athrú; leathnú acmhainne; speansais taighde agus forbartha (nuálaíocht táirge agus próisis).

(661)

Fuair an Coimisiún go raibh an ord méide a luadh roimhe seo i gcomhréir le brabúis stairiúla in éagmais allmhairí fóirdheonaithe Síneacha, ar a chuirtear i dtábhacht san anailís a rinneadh i dTábla 10-bis a bheith sa raon de 12 %.

(662)

Treisítear leis sin go bhfuil an leibhéal brabúis sa raon 8 % le linn na tréimhse neamhleor chun gníomhaíocht a choinneáil i margadh ardteicneolaíochta atá ag leathnú agus dá bhrí sin gur léiriú iad den díobháil a baineadh do thionscadal an Aontais.

Tábla 10-bis

Brabúsacht thionscal an Aontais roimh 2017

 

2014

2015

2016

Corrlach brabúis (in %)

10,4

12,6

12,4

(663)

Mar sin féin, níor breathnaíodh é sin sa chás seo. Go deimhin, thit brabúsacht i gcomparáid le 2014-2016. Léirítear leis na leibhéil níos ísle brabúis le linn na tréimhse faoi bhreathnú díobháil phraghais mhór le linn na tréimhse faoi bhreathnú. De bharr an bhrú in ísle mar gheall ar allmhairí ón tSín (i dtéarmaí méideanna méadaithe agus praghsanna ísle araon), ní raibh tionscal an Aontas in ann praghsanna a ardú, chun costais a íoslaghdú agus mar thoradh air sin baintear gnáthleibhéil brabúis amach roimh dheireadh an leata gan trácht ar aon mhéadú.

(664)

Tar éis méadú in 2018, laghdaigh an sreabhadh airgid gar don dara leath den tréimhse a measadh.

(665)

Mar thoradh díreach ar an mbrú ó earraí allmhairithe, bhí ar thionscal an Aontais infheistíochtaí a chur ar cairde, lena n-áirítear roinnt infheistíochtaí a bhí pleanáilte formheasta cheana. Cuireadh stop leis na hinfheistíochtaí, a dhírigh ar acmhainn táirgthe reatha an Aontais a leathnú, (fiú nuair a tosaíodh orthu cheana féin) le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar éifeacht dhíreach ar na cúinsí margaidh a d’athraigh mar thoradh ar dhianphraghsáil allmhairí Síneacha. Mar gheall air sin, tháinig laghdú géar ar infheistíochtaí i dtreo dheireadh na tréimhse faoi bhreathnú, i gcodarsnacht leis an treocht agus an fás foriomlán a bhí ann sa mhargadh sna blianta roimhe sin.

(666)

Tháinig forbairt dhiúlach ar thoradh infheistíochtaí a rinneadh le linn na tréimhse a measadh; is é fírinne an scéil gur tháinig ísliú 42 % air. Léiríonn an fhorbairt dhiúltach sin gurb amhlaidh, cé gur leanadh de bheith ag déanamh infheistíochtaí, chun éifeachtúlacht agus iomaíochas a choinneáil ar bun agus a fheabhsú, a d’ísligh torthaí na n-infheistíochtaí sin go mór le linn na tréimhse a measadh mar nárbh fhéidir le tionscal an Aontais an ráta brabúsachta a fheabhsú.

(667)

Agus torthaí infheistíochtaí ag ísliú chomh tapa sin, is léir go mbeidh cumas na n-eintiteas táirgthe shampláilte i leith caipiteal a thiomsú i mbaol amach anseo mura dtiocfaidh feabhas ar an scéal.

4.9.   Anailís ar dhíolacháin bunaithe ar thairiscintí

(668)

Déantar formhór mór na gcáblaí snáthoptaice a dhíol le nósanna imeachta tairisceana. Chun an léargas riachtanach a fháil ar an ngné thábhachtach den mhargadh agus chun an chuid eile dá hanailísiú díobhála a chomhlánú, d’iarr an Coimisiún faisnéis mhionsonraithe faoi thairiscintí ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte Síneacha agus ar tháirgeoirí, onnmhaireoirí agus úsáideoirí sampláilte de chuid an Aontais. Cuireadh ceisteanna faoi chineál, phróiseas agus amú na hoibre agus faoi saintréithe ábhartha eile, ceisteanna a bhain leis na tairiscintí a raibh deireadh leo agus na tairiscintí a bhí ar bun araon. Ba fhíor-bheag an comhar a fuair an Coimisiún ó thaobh na n-eintiteas tairisceana. Níor ghlac aon eintiteas tairisceana poiblí páirt san imscrúdú agus i measc na n-oibreoirí teileachumarsáide móra, níor sholáthair ach Deutsche Telekom faisnéis mhionsonraithe ar thairiscintí.

(669)

Tar éis neamh-fhorchur na mbeart sealadach, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais faisnéis bhreise mhionsonraithe ar na tairiscintí uile a ghlac siad páirt iontu le linn na tréimhse faoi bhreathnú, lena n-áirítear faisnéis ar thairiscintí, praghsanna agus iomaitheoirí i gcás a bhfuil fáil ar an bhfaisnéis sin.

(670)

Léiríodh íomhá an-ilchineálach agus ilroinnte san fhaisnéis a cuireadh isteach agus líon mór tairiscintí á n-eagrú gach bliain i mBallstáit éagsúla agus raon leathan eintiteas agus tairgeoirí tairisceana agus faid agus téarmaí difriúla. Ar thaobh an eintitis tairisceana, féadfaidh tairiscintí a bheith poiblí, agus iad á n-eagrú ag bardais nó eintitis phoiblí eile, nó príobháideach, agus iad á n-eagrú ag oibritheoirí teileachumarsáide nó líonra móra. D’fhéadfadh neart cineálacha tairiscintí, meastachán, ríomhcheantanna eile agus méideanna níos lú a fháil trí theagmháil díreach le custaiméirí. Tá gach próiseas tairisceana an-sonrach ó thaobh an eintitis tairisceana de mar gur féidir go n-úsáidfidh eintiteas réimse próiseas de réir na tairisceana sonraí i dtrácht agus de réir forbairtí ar an margadh. Tá raon leathan gníomhaithe ann a chuireann tairiscintí isteach freisin. Glacann táirgeoirí allmhairiúcháin páirt go díreach (agus trína bhfochuideachtaí freisin) agus go neamhdhíreach trí comhpháirtíocht a dhéanamh le cuideachtaí áitiúla sna Ballstáit éagsúla. Bíonn onnmhaireoirí, trádálaithe agus dáileoirí in iomaíocht le táirgeoirí an Aontais. Bíonn baint ag suiteálaithe leis an obair freisin agus déanann na soláthróirí ar éirigh leo díolacháin leis na hoibreoirí teileachumarsáide tríd na suiteálaithe sin.

(671)

Léirigh an t-imscrúdú go bhfuil líon na dtairiscintí a eagraítear san Aontas an-mhór. Thuairiscigh na trí tháirgeoir de chuid an Aontais níos mó ná 500 tairiscint san iomlán inar ghlac siad páirt go díreach le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ceann de na honnmhaireoirí neamhghaolmhara, glacann sé páirt i 150-200 tairiscint in aghaidh na bliana a bhí dírithe ar mhargadh na Gearmáine amháin.

(672)

Is mór idir an fad a mhaireann na tairiscintí, ó sheachadadh láithreach go trí bliana. I dtairiscintí níos faide, cé go gcomhaontaítear ar na praghsanna, níl na méideanna seasta agus dá bhrú sin féadfaidh eintitis tairisceana tuilleadh tairiscintí a eisiúint a chuirtear in ionad na tairiscintí atá ann cheana nuair íslítear praghsanna. Dá bhrí sin, cé go dtugtar leis na tairiscintí cineál de ‘uasteorainn’ ghinearálta leis na coinníollacha praghais, is féidir go dtiocfaidh athrú ar phraghsanna, agus tagann, go dinimiciúil ar feadh tréimhse na tairisceana. Dá thoradh sin, bíonn siad ag mionathrú agus bíonn siad faoi réir dhálaí margaidh na linne ar an iomlán.

(673)

Rinne an Coimisiún anailís ar an fhaisnéis mhionsonraithe ar thairiscintí a thuairiscigh na tairgeoirí sampláilte de chuid an Aontais mar fhreagra ar a iarradh. As na tairiscintí ar a tuairiscíodh inar chuir táirgeoirí de chuid an Aontais tairiscint isteach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rinne an Coimisiún anailís orthu siúd ar a raibh fianaise choincréiteach ar rannpháirtíocht ón tSín. Bhí 55 thairiscint den sórt sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is 45 % de dhíolacháin tháirgeoirí sampláilte an Aontais iad na tairiscintí anailísithe, agus iad 14 % de thomhaltas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Maidir leis na tairiscintí sin, rinneadh anailís mhionsonraithe ar phraghas agus méid díobhála in aghaidh tairisceana, agus léirítear leis an anailís sin caillteanais shuntasacha i ndíolacháin (idir 25 % agus 100 %), agus/nó ísliú praghsanna (idir 5 % agus 55 %), agus/nó sladghearradh praghsanna (idir 8 % agus 39 %). Deimhníodh leis an anailís tairiscint-shonrach sin an t-ísliú praghsanna agus an sladghearradh praghsanna sin a suíodh thuas i gcaitheamh na tréimhse.

(674)

Chuir Connect Com tuairimí isteach maidir le nósanna imeachta tairisceana agus luaigh sé nár chaill táirgeoirí an Aontais a raibh an gearánach ina ionadaí dóibh líon mór tairiscintí i gcoitinne, nár chaill siad ach tairiscint mhór phríobháideach amháin nó roinnt bheag tairiscintí den chineál sin. Táthar ag cur béim ar an bhfíric gur thagair an gearánach do chuireadh amháin tairiscint a dhéanamh agus d’iompraíocht phraghsála aon táirgeora Shíneach amháin mar fhianaise ar an sladghearradh praghsanna. Chuir Connect Com isteach fógra faoi na conarthaí a deonaíodh i gceantar de chuid na Gearmáine ina raibh praghsanna an tairgeora ar éirigh leis sonraithe go sainráite. Áitíodh ann gur fhág an gearánach deighleog mhargaidh iomlán na dtairiscintí poiblí ar lár ina chur i láthair. De réir Connect Com, níor éirigh na tairiscintí sin le táirgeoirí an Aontais a raibh an gearánach ina ionadaí dóibh mar nár chomhlíon siad na critéir a iarradh (e.g. trádstórais, stoc, réimse leathan táirgí, coincheap lóistíochta). Go háirithe, d’aibhsigh Connect Com an fhíric go raibh acmhainneacht stórála íseal ag Prysmian agus Corning. Mhaígh Connect Com go mbeadh sé mícheart a dhiúltú go bhfuil deighleog mhargaidh tairiscintí poiblí ann, mar go gcomhfhreagraíonn na praghsanna ar an margadh poiblí agus ar an margadh príobháideach go mór le chéile agus go bhfuil siad spleách ar a chéile. De réir Connect Com, ní bheadh sé ceart dleachtanna a fhorchur ar mhargadh iomlán, margadh atá deighilte idir tairiscintí poiblí agus tairiscintí príobháideacha. Rinneadh tagairt d’aithris 42 den Chinneadh ón gCoimisiún 98/230/EC (147). Ar bhonn an chinnidh sin, d’áitigh Connect Com, i gcás margaí deighilte, nach ndeartar aon díobháil fhoriomlán do thionscal an Aontais dá mba rud é, cé go bhfuil meath éigin ar dhíolacháin i ndeighleog mhargaidh amháin (tairiscintí príobháideacha sa chás seo), go raibh deiseanna díolacháin ag tionscal an Aontais i ndeighleog mhargaidh eile (tairiscintí poiblí sa chás seo) lena gcúitítear an meath ar líon na ndíolachán.

(675)

Tagann na hargóintí agus an anailís in aithris (673) salach ar na maímh sin. D’ainneoin iarrachtaí suntasacha ó thionscal an Aontais chun iomaíochas praghsanna a choinneáil ar bun, ghabh onnmhaireoirí Síneacha codanna móra de na margaí, agus ní raibh tionscal an Aontais ábalta a gcuid tairiscintí a mheaitseáil i dtéarmaí praghsanna. A mhéid a bhaineann le Cinneadh 1998 ón gCoimisiún maidir le hallmhairiú na hocsaíde tungstaí agus an aigéid thungstaigh, shuigh an Coimisiún sa chás sin gur cheart breathnú ar an laghdú ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais ar an margadh oscailte i bhfianaise é a bheith de nós ag tionscal an Aontais cion níos mó dá tháirgeadh den táirge lena mbaineann a úsáid chun táirgí iartheachtacha a tháirgeadh. Tá an bhunstaid fhíorasach maidir leis an dá dheighleog mhargaidh dhifriúla sin de thionscal an Aontais (an margadh oscailte agus úsáid faoi chuing) éagsúil ón staid iomaíoch sa chás sin, áit a bhfuil méid an mhargaidh faoi chuing ag laghdú beagán ar feadh na tréimhse atá á breithniú agus arb ionann é agus cuid bheag de tháirgeadh an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(676)

Ina bharúlacha maidir le nochtadh deiridh, mhaígh Connect Com nach ndearna an Coimisiún líon na dtairiscintí a bhuaigh táirgeoir Síneach a nochtadh agus d’fhiosraigh sé cén fáth nach ndearna, agus rinne sé a argóint an athuair nárbh é an praghas an t-aon chritéar cinntitheach ach go raibh tionchar ag cáilíocht agus lóistíocht ar an gcinneadh chomh maith. Chomh maith leis sin, d’iarr Connect Com go nochtfaí torthaí na hanailíse in aithris (673).

(677)

Maidir leis sin, bhailigh an Coimisiún faisnéis mionsonraithe faoi thairiscintí le linn na tréimhse a breithníodh. Rinne an Coimisiún an fhaisnéis sin a fhíorú agus rinne sé anailís uirthi, ach ós rud é gur faisnéis an-rúnda atá inti ní féidir í a nochtadh do pháirtithe leasmhara.

(678)

Tugann an anailís ar thairiscintí le fios go bhfuil próiseas ar bun atá ag dul i luas lena dtagann táirgí Síneacha in ionad táirgí ó thionscal an Aontais, conclúid atá deimhnithe ag tairiscintí i ndeireadh na tréimhse imscrúdaithe. Léirigh an méid sin go raibh creimeadh praghsanna agus caillteanais shuntasacha bhreise, ó thaobh méideanna de, do thionscal an Aontais atá i gcomhréir le pictiúr foriomlán na díobhála agus lena ndeimhnítear an pictiúr sin.

4.10.   Conclúid faoi dhíobháil

(679)

Léirigh roinnt táscairí treocht dhearfach amhail táirgeacht, acmhainneacht, méid díolachán ar mhargadh an Aontais agus fostaíocht. Mar sin féin, ní raibh forbairt na dtáscairí ag teacht leis an méadú ar thomhaltas agus, déanta na fírinne, ba cheart méadú níos mó a theacht ar na táscairí sin, dá mbeadh tionscal an Aontais in ann tairbhe iomlán a bhaint as an margadh a bhí ag fás. Go deimhin, d’ainneoin an mhéadaithe ar an méid díolachán, chaill tionscal an Aontais 10.8 % den sciar den mhargadh (ó 64.3 % go 53.5 %). Tá sin nasctha leis an mbrú praghsanna a ghin allmhairí Síneacha, agus le sladghearradh praghsanna agus, in aon chás, ísliú praghsanna ar feadh na tréimhse a measadh.

(680)

As an méid thuasluaite tháinig díobháil airgeadais i bhfoirm brabúis níos ísle agus ísliú mór in infheistíochtaí agus sa toradh orthu sin.

(681)

Thairis sin, mar a míníodh thuas in aithris (673), tugann an anailís ar dhíolacháin i gcreat na dtairiscintí le fios go bhfuil an sciar den mhargadh agus an creimeadh praghsanna ag dul i luas agus go leanfaidh siad amhlaidh de bharr iompraíocht an-dian na dtáirgeoirí Síneacha atá ag onnmhairiú.

(682)

Ina bharúlacha maidir le nochtadh deiridh, mhaígh CCCME nár léirigh roinnt príomhtháscairí go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais mar d’fhan a chuid táirgiúlachta cobhsaí agus tháinig méadú uirthi fiú le linn na tréimhse imscrúdaithe, d’fhan an méid táirgeachta agus fostaíochta ann cobhsaí, tháinig méadú ar a acmhainneacht, d’fhan a phraghsanna díolacháin cobhsaí le laghdú beag agus d’fhan a bhrabúsacht agus a chuid infheistíochtaí ar leibhéil arda. Chomh maith leis sin, d’áitigh CCCME gur luaigh an Painéal sa Téalainn – H-Bhíomaí (148)“such positive movements in a number of factors would require a compelling explanation of why and how, in light of such apparent positive trends, the domestic industry was, or remained, injured within the meaning of the Agreement” [‘d’éileodh gluaiseachtaí dearfach den sórt sin i roinnt tosca míniúchán an-láidir maidir le cén fáth agus cén chaoi, i bhfianaise treochtaí dearfacha follasacha den sórt sin, rinneadh díobháil nó d’fhan díobháil sa tionscal intíre laistigh de bhrí an Chomhaontaithe’]. Mhaígh CCCME nár sholáthair an Coimisiún míniú fíor-láidir den sórt sin. Mhaígh CCCME chomh maith i gcás Aigéad Tartarach (149) , gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndearnadh aon díobháil don tionscal lena mbaineann ós rud é gur tháinig méadú ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus fostaíocht le linn na tréimhse a breithníodh, d’ainneoin treochtaí meatha an tionscail a mhéid a bhaineann le táirgeadh, méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh.

(683)

Mar a luadh in aithris (679), ní mór measúnú a dhéanamh ar na táscairí sin in aghaidh an tomhaltais mhéadaithe ar mhargadh atá ag fás agus léirigh an anailís sin nach bhféadfadh tionscal an Aontais tairbhe leormhaith a bhaint as margadh atá ag leathnú, lenar tugadh le fios na héifeachtaí diúltacha iarbhír ar fhás i dtionscal an Aontais. Thairis sin, léirigh an anailís mionsonraithe ar thairiscintí go raibh sé soiléir go raibh sladghearradh i gceist agus go raibh caillteanais díolacháin thionscal an Aontais ag dul i méid. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh.

(684)

Meabhraíonn an Coimisiún go mbíonn ualú na bhfachtóirí díobhála éagsúil i ngach cás, ag brath ar an tionscal agus ar an staid fhíorasach. Mar sin féin, níl ceachtar de na cásanna a luaigh CCCME inchomparáide go fíorasach leis an gcás atá ann faoi láthair. Mar shampla, in Aigéad Tartarach, léiríodh treocht dhearfach sheasta i mbrabúsacht thionscal an Aontais le linn an tréimhse a breithníodh agus bhí sé níos mó ná an spriocbhrabús fiú le linn na tréimhse imscrúdaithe, rud nach amhlaidh sa chás seo. Cosúil leis sin, bhí an staid fhíorasach san imscrúdú a bhí faoi réir an Phainéil sa Téalainn – H-Bhíomaí difriúil go bunúsach. Níos tábhachtaí ná aon rud eile, bhí fadhb ag an bPainéal leis an gcaoi nár mhínigh údarás imscrúdaithe na Téalainne conas a thacódh na treochtaí dearfacha (go háirithe brabúsacht) lena chinneadh dearfach i ndáil le díobháil. Arís, níl na fíorais sa chás seo cosúil le H-Bhíomaí. Cé is moite den fhíoras gur léiríodh treocht dhiúltach le roinnt táscairí díobhála, mhínigh an Coimisiún go hiomlán a chuid anailíse agus a chonclúidí maidir leis na fachtóirí díobhála. Dá bhrí sin, shuigh an Coimisiún nach raibh conclúid na gcásanna a luaigh CCCME thuas infheidhme maidir leis an imscrúdú reatha.

(685)

D’áitigh CCCME freisin nach leor na critéir maidir leis an sciar den mhargadh leo féin mar bhunús chun díobháil ábhartha a dheimhniú i gcomhréir leis an bPainéal in CE agus Ballstáit áirithe – Mór-Aerárthaí Sibhialta (150) agus, de réir mar a mhéadaigh an t-éileamh, tháinig méadú ar dhíolacháin do rannpháirtithe uile an mhargaidh, rud a léirigh go raibh margadh oscailte agus iomaíoch ann. Thairis sin, mhaígh CCCME nach bhféadfaí meath ar staid thionscal an Aontais sa todhchaí agus ró-acmhainneacht na n-onnmhaireoirí a úsáid mar bhunús le díobháil ábhartha ós rud é nach ndearnadh measúnú leis an imscrúdú sin ar bhagairt na díobhála agus nár comhlíonadh an caighdeán fianaiseach ann a éilítear le haghaidh cás den sórt sin i gcomhréir le cás T-528/09 - Hubei Xinyegang Steel v An Chomhairle (151) inar mheas an Chúirt Ghinearálta go raibh an measúnú ar ró-acmhainneacht onnmhaireoirí mar chuid den tástáil ar “bagairt díobhála”.

(686)

Maidir leis sin, meabhraíonn an Coimisiún nach mbíonn cinneadh maidir le díobháil ábhartha bunaithe ar scaireanna margaidh amháin, ach ar roinnt táscairí eacnamaíocha ina n-iomláine a ndéantar measúnú orthu in aithrisí (599), (606), (612), agus (661), lenar áiríodh inter alia tionchair dhiúltacha iarbhír ar fhás, spealadh praghsanna, sladghearradh praghsanna, gearrdhíol praghsanna, agus brabúis laghdaithe, ina léirítear díobháil ábhartha. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh.

(687)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin go ndearnadh díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 8(4) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

(688)

I gcomhréir le hAirteagal 8(5) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí fóirdheonaithe ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 8(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé gur bhain díobháil do thionscal an Aontais de dheasca fachtóirí aitheanta eile san am céanna. Maidir le haon díobháil go mb’fhéidir go ndearnadh le fachtóirí eile seachas leis na hallmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith ón tír lena mbaineann, d’áirithigh an Coimisiún nár measadh gurbh iad na hallmhairí ba chúis leis an díobháil chéanna. Seo a leanas na fachtóirí sin: allmhairí ó thríú tíortha, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, díolacháin faoi chuing agus praghsanna amhábhar.

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí fóirdheonaithe

(689)

Tharla an meathlú ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ar feadh na tréimhse a breithníodh go comhuaineach leis an dul i bhfód mór a rinne méideanna móra allmhairí ón tSín san Aontas, allmhairí lena ndearnadh praghsanna thionscal an Aontais a shladghearradh go mór agus, i gcás ar bith, bhí sé sin ina chúis le laghdú mór praghsanna i ndíolacháin an Aontais.

(690)

Tháinig méadú dúbailte go leith (+163 %) ar mhéid na n-allmhairí ón tSín (mar a léirítear i dTábla 2) ó tuairim agus 189 000 ciliméadar cábla in 2017 go tuairim agus 498 000 ciliméadar cábla le linn na tréimhse imscrúdaithe. I dtéarmaí an sciar den mhargadh de bhí méadú ó 14.8 % go dtí 28.3 % ann le linn na tréimhse céanna, méadú faoi dhó, nach mór (+91 %). Le linn na tréimhse céanna (mar a léirítear i dTábla 5), níor tháinig ach méadú 14 % ar dhíolacháin thionscal an Aontais ar an margadh saor agus laghdaigh a sciar den mhargadh ó 64.3 % go 53.5 %, laghdú 10.8 pointe céatadán (nó -17 %). Tháinig laghdú measartha (-12 %) ar na díolacháin ar an margadh faoi chuing, margadh atá níos lú. Tháinig méadú ar líon na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith i ndearbh-théarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon. Mar a léirítear i dTábla 1, tháinig méadú 38 % ar thomhaltas ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse a measadh agus is léir gur i gcás allmhairí ón tSín den chuid is mó a baineadh leas as sin.

(691)

Tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith thar an tréimhse a breithníodh, mar shampla faoi 62 % de réir Thábla 3-bis. Tháinig laghdú 12 % ar an iomlán ar phraghsanna díolacháin inchomparáide thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le páirtithe neamhghaolmhara (an margadh saor) le linn na tréimhse ar bhonn na hanailíse i dTábla 7-bis agus ba laghdú 41 % a bhí i gceist de réir na hanailíse níos beaichte i dTábla 7-ter. Braitheann leibhéal na bpraghsanna go mór ar chastacht na gcineálacha táirgí arna ndíol, agus is é comparáid de réir cineáil i ndáil leis na táirgí arna dtáirgeadh laistigh den Aontas agus arna n-allmhairiú ón tír lena mbaineann (ar bhonn na gcuideachtaí sampláilte) an uirlis is cruinne chun scrúdú a dhéanamh ar threochtaí praghsanna. Le linn na tréimhse imscrúdaithe, léiríonn sé sin meánchorrlaigh sladghearrtha ualaithe i gcomhair an dá tháirgeoir onnmhairithe sampláilte os cionn 30 %.

(692)

Thosaigh an iompraíocht dhian sin ag creimeadh an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais i dtús na tréimhse a measadh, agus le linn na tréimhse imscrúdaithe, leanadh d’infhaighteacht táirgí Síneacha ar an margadh ar phraghsanna an-íseal ar fad (i bhfad faoi bhun costas táirgthe thionscal an Aontais). Inter alia trí na sásraí a tuairiscítear thuas sa roinn maidir le tairiscintí (in aithrisí (670) go (673)), agus ghin an méid sin ísliú praghsanna, caillteanais i ndíolacháin, laghdú ar an sciar den mhargadh agus díobháil airgeadais i dtéarmaí brabúsacht íslithe agus infheistíochtaí laghdaithe, rud a chur tionscal an Aontais i mbaol.

(693)

Mar a tuairiscíodh in aithris (665) thuas, bhí fianaise ann freisin gur cuireadh roinnt tionscadal leathnaithe agus infheistíochtaí beartaithe de chuid thionscal an Aontais ar ceal nó ar fionraí mar gheall ar mhéadú ar líon na n-allmhairí le praghsanna ionsaitheacha ón tSín agus an caillteanas iarmhartach i sciar margaidh thionscal an Aontais.

5.2.   Éifeachtaí fachtóirí eile

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(694)

Tháinig forbairt ar allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse a measadh mar a leanas.

Tábla 11

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An Chóiré

Méid (ciliméadar cábla)

20 450

51 339

44 405

45 908

 

Innéacs

100

251

217

224

 

An sciar den mhargadh (%)

1,6

3,3

2,7

2,6

 

Meánphraghas (EUR/ ciliméadar cábla)

796

873

1 627

1 073

 

Innéacs

100

110

204

135

An Tuirc

Méid (ciliméadar cábla)

26 732

32 932

22 922

37 008

 

Innéacs

100

123

86

138

 

An sciar den mhargadh (%)

2,1

2,1

1,4

2,1

 

Meánphraghas (EUR/ ciliméadar cábla)

428

501

776

594

 

Innéacs

100

117

181

139

An Iorua

Méid (ciliméadar cábla)

12 143

11 622

22 728

26 471

 

Innéacs

100

96

187

218

 

An sciar den mhargadh (%)

1,0

0,8

1,4

1,5

 

Meánphraghas (EUR/ ciliméadar cábla)

330

271

279

261

 

Innéacs

100

82

85

79

Tríú tíortha eile

Méid (ciliméadar cábla)

126 307

114 520

77 787

107 334

 

Innéacs

100

91

62

85

 

An sciar den mhargadh (%)

9,9

7,4

4,7

6,1

 

Meánphraghas (EUR/ ciliméadar cábla)

1 631

1 728

2 447

1 218

 

Innéacs

100

106

150

75

Iomlán na dtríú tíortha seachas an tír lena mbaineann

Méid (ciliméadar cábla)

185 633

210 414

167 842

216 721

 

Innéacs

100

113

90

117

 

An sciar den mhargadh (%)

14,5

13,7

10,1

12,3

 

Meánphraghas (EUR/ ciliméadar cábla)

1 280

1 247

1 708

964

 

Innéacs

100

97

133

75

Foinse:

Sonraí ó Údaráis Chustaim an Aontais Eorpaigh, Comext (Eurostat)

(695)

Tháinig méadú ar allmhairí ón gCóiré le linn na tréimhse a breithníodh ó 20 000 ciliméadar cábla in 2017 go dtí tuairim agus 45 000 le linn na tréimhse imscrúdaithe. Tháinig méadú ó 1.6 % in 2017 go 2.6 % ar na hallmhairí sin le linn na tréimhse imscrúdaithe. Tá an chosúlacht air go bhfuil na meánphraghsanna ón gCóiré i bhfad níos airde ná na meánphraghsanna ó thionscal an Aontais agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin araon. Dá bhrí sin, i bhfianaise na bpraghsanna arda agus na méideanna teoranta, ba chosúil nach raibh ról ag allmhairí ón gCóiré sa díobháil a ndearnadh do thionscal an Aontais.

(696)

Is cosúil gur díoladh allmhairí ón Tuirc ar phraghas íseal, cé go raibh an praghas sin níos airde ná na hallmhairí ón tSín le linn na tréimhse ó 2018 go dtí an tréimhse imscrúdaithe agus go raibh an praghas ag méadú de réir a chéile. Bhí an sciar den mhargadh a bhí ag táirgeoirí Turcacha cobhsaí go bunúsach le linn na tréimhse a breithníodh, díreach os cionn 2 %. Tá na treochtaí sin bunaithe ar staitisticí ar a bhfuil cuid mhór cineálacha táirge agus, dá bhrí sin, i bhfianaise na méideanna teoranta ar an iomlán, ní féidir leis an gCoimisiún measúnú beacht a dhéanamh ar thionchar na n-allmhairí sin ar staid thionscal an Aontais. Cé nach féidir a chur as an áireamh gur féidir gur chuir allmhairí ón Tuirc leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais, i bhfianaise a méid coibhneasta i ndáil le hallmhairí an táirge lena mbaineann agus a sciar cobhsaí den mhargadh ar feadh na tréimhse, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár laghdaigh siad, fiú más beag an tionchar a bhí acu ar staid an tionscail, an nasc cúisíoch idir táirgí Síneacha ar tugadh fóirdheontas ina leith agus an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais

(697)

Ar deireadh, tháinig méadú ar allmhairí ón Iorua le linn na tréimhse a breithníodh. Lean praghsanna ón Iorua, a bhí íseal cheana féin in 2017, ag laghdú le linn na tréimhse a breithníodh (-21 % le linn na tréimhse 2017 - an tréimhse imscrúdaithe), ar leibhéal praghsanna i bhfad faoi bhun leibhéal thionscal an Aontais agus leibhéal na n-onnmhaireoirí Síneacha araon. Tháinig méadú ó 1 % go dtí 1.5 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag onnmhaireoirí ón Iorua le linn na tréimhse céanna. Tá na treochtaí sin bunaithe ar staitisticí ar a bhfuil cuid mhór cineálacha táirge agus, dá bhrí sin, i bhfianaise na méideanna teoranta ar an iomlán, ní féidir leis an gCoimisiún measúnú beacht a dhéanamh ar thionchar na n-allmhairí sin ar staid thionscal an Aontais. Cé nach féidir a chur as an áireamh gur féidir gur chuir allmhairí ón Iorua leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais, i bhfianaise a méid coibhneasta i ndáil le hallmhairí an táirge lena mbaineann, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár laghdaigh siad, fiú más beag an tionchar a bhí acu ar staid an tionscail, an nasc cúisíoch idir táirgí Síneacha ar tugadh fóirdheontas ina leith agus an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais.

(698)

Tháinig laghdú beag ar allmhairí ó thríú tíortha eile i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse a measadh, agus chaill siad sciar mór den mhargadh lena linn sin. Bhí na meánphraghsanna ard agus dá bhrí sin, ní raibh aon fhianaise ann go ndearna siad díobháil ábhartha do thionscal an Aontais.

(699)

Mhaígh CCCME nach raibh aon chomhghaol ann idir allmhairí ón tSín agus forbairt thionscal an Aontais. Go háirithe, d’áitigh CCCME gur tháinig méadú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais le linn an mhéadaithe is mó ar an méid allmhairí ón tSín idir 2017 agus 2018. Mhaígh CCCME freisin, le linn na tréimhse 2018 go dtí 2019 nuair a tháinig méadú ar allmhairí ón tSín agus laghdú ar phraghsanna, gur mhéadaigh táirgeoirí an Aontais a gcuid praghsanna díolacháin gan a sciar den mhargadh a chailleadh.

(700)

Maidir leis sin, meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil tromlach an mhargaidh bunaithe ar chonarthaí soláthair fadtéarmacha mar a mhínítear in aithrisí (668) go dtí (678). Thairis sin, bhí brabúsacht thionscal an Aontais faoi bhun an spriocbhrabúis ar feadh na tréimhse a breithníodh, lena léirítear go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais cheana féin in 2018 agus in 2019, tráth ar tháinig méadú mór ar líon na n-allmhairí dumpáilte ón tSín, de réir mar a bhreathnaigh CCCME. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach léiríonn na hargóintí thuas ó CCCME nach bhfuil nasc cúisíoch idir dumpáil agus díobháil. Go deimhin, dheimhnigh sé go raibh bearna ama áirithe idir an méadú a tháinig ar allmhairí den táirge lena mbaineann ón tSín agus an treocht dhiúltach i ndáil le cuid de na táscairí díobhála.

(701)

I bhfianaise an mhéid thuas, níor tharla an meath a breathnaíodh ar fheidhmíocht thionscal an Aontais de bharr allmhairí ó thíortha seachas an tSín, agus, ar aon chuma, ní laghdaíonn siad an nasc cúisíoch idir an meathlú sin agus dul i bhfód allmhairí Síneacha.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin an tionscail de chuid an Aontais

(702)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mhéid na n-onnmhairí ó thionscal an Aontais le linn na tréimhse a measadh:

Tábla 12

Feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An méid onnmhairí (ciliméadar cábla)

85 676

99 295

95 397

108 672

Innéacs

100

116

111

127

Meánphraghas (EUR/ciliméadar cábla)

1 329

1 111

1 282

949

Innéacs

100

84

96

71

Foinse:

Tionscal de chuid an Aontais

(703)

Tháinig méadú 27 % ar onnmhairí thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh ó tuairim agus 85 000 ciliméadar cábla in 2017 go tuairim agus 108 000 ciliméadar cábla le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(704)

Tháinig laghdú 29 % ar mheánphraghas onnmhairí tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh ó 1 329 EUR/ciliméadar cábla in 2017 go 949 EUR/ciliméadar cábla le linn na tréimhse imscrúdaithe. Bhí leibhéil na bpraghsanna os cionn na leibhéal san Aontas.

(705)

Ar chúlra an mhéadaithe ar onnmhairí agus leibhéil praghsanna measartha ard, is léir nach ndéanfadh na honnmhairí sin díobháil do thionscal an Aontais.

5.2.3.   Méideanna faoi chuing

(706)

Mar a léirítear i dTábla 4, le linn na tréimhse a breithníodh tháinig méadú 12 % ar úsáid faoi chuing thionscal an Aontais.

(707)

I bhfianaise mhéid teoranta an mhargaidh, (a mheastar mar níos lú ná 5 % de tháirgeadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe), shuigh an Coimisiún nach ndearna an laghdú beag ar úsáid faoi chuing díobháil ábhartha do thionscal an Aontais.

5.2.4.   Praghas na n-amhábhar

(708)

Is iad na snáithíní optúla an príomh-amhábhar is mó a úsáideann tionscal an Aontais, bíodh siad táirgthe san Aontas nó allmhairithe. D’áitigh roinnt allmhaireoirí go gceannaíonn táirgeoirí sampláilte an Aontais snáithíní optúla ó na cuideachtaí gaolmhara leo lasmuigh den Aontas ar phraghsanna aistrithe nach gcomhfhreagraíonn do praghas margaidh an amhábhair sin. Déanta na fírinne, bhí amhras ar allmhaireoirí go raibh an praghas aistrithe sin ró-ard agus go raibh ráta brabúis níos ísle ann dá bharr i gcás táirgeoirí sampláilte an Aontais.

(709)

Go háirithe, d’ardaigh Connect Com ábhair imní faoi phraghsanna aistrithe inmheánacha ar idirbhearta idir cuideachtaí a dhéantar laistigh de na grúpaí Prysmian agus Corning.

(710)

Chun an maíomh sin a imscrúdú, d’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais faoina gceannacháin snáithíní optúla a úsáidtear chun cáblaí snáthoptaice a tháirgeadh le linn na tréimhse a measadh. D’iarr an Coimisiún faisnéis freisin faoi na snáithíní a tháirg cuideachtaí gaolmhara de chuid tháirgeoirí an Aontais agus faoi dhíolacháin na snáithíní sin (méid agus cainníocht) le custaiméirí idir ghaolmhar agus neamhghaolmhar, laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Trí dhíolacháin na gcineálacha céanna táirge snáithín le páirtithe idir ghaolmhar agus neamhghaolmhar a chur i gcomparáid le chéile, d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh amach go raibh praghsanna san ord céanna méide agus, dá bhrí sin, gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh na díolacháin snáithíní le cuideachtaí gaolmhara. Baineann na sonraí faoin ngníomhaíocht sin le cuideachtaí go sonrach agus tá siad faoi rún agus, dá bhrí sin, ní féidir iad a nochtadh.

(711)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh é tionchar na bpraghsanna aistrithe ar bhrabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais ba chúis leis an díobháil ábhartha a rinneadh do thionscal an Aontais.

5.2.5.   Éifeacht phaindéim COVID-19

(712)

Ina aighneacht maidir le tionscnamh a luadh in aithris (5), mhaígh CCCME go bhfuil comhghaol soiléir idir an meathlú i ndíolacháin i gcomhair thionscal cáblaí snáthoptaice an Aontais Eorpaigh (agus an tionscal domhanda) agus tús na paindéime agus nár cheart an staid sin a shaothrú chun bearta cosanta trádála nach bhfuil údar leo a chur i bhfeidhm. Ina bharúlacha maidir le nochtadh deiridh, mhaígh Connect Com nár léir cén chuid de na sonraí maidir leis an tréimhse imscrúdaithe a bhain le 2019 agus cén chuid a bhain le 2020 agus dá bhrí sin, nach féidir éifeacht ionchais phaindéim COVID-19 a mheasúnú agus d’iarr sé miondealú ar na sonraí maidir leis an tréimhse imscrúdaithe. Maidir leis an maíomh sin, tugann an Coimisiún faoi deara gur iarr sé na sonraí uile faoin tréimhse imscrúdaithe a chuir na páirtithe ar fáil agus iad miondealaithe ina ráithí chun measúnú a dhéanamh ar aon éifeacht fhéideartha a d’fhéadfadh a bheith ag paindéim CoVID-19 ar an tréimhse imscrúdaithe. Léirigh an t-imscrúdú nach raibh ach tionchar sealadach an-teoranta ag paindéim COVID-19 ar an tionscal (mar a shonraítear in aithrisí (599) agus (729)), agus nár chuir an phaindéim bac ar mhéadú suntasach ar thomhaltas san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh.

5.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(713)

Dhealaigh agus scar an Coimisiún éifeachtaí na bhfachtóirí aitheanta uile ar staid an tionscail de chuid an Aontais ó éifeachtaí díobhála na n-allmhairí fóirdheonaithe. Níor míníodh le haon cheann de na fachtóirí eile forbairtí diúltachta thionscal an Aontais i dtéarmaí an sciar den mhargadh a chailleadh, spealadh praghsanna agus brabúsacht íseal, infheistíochtaí laghdaithe agus toradh ar infheistíochtaí.

(714)

De dheasca an drochthionchair ar bhrabúsacht a d’imir allmhairí fóirdheonaithe agus brú praghsanna leanúnach, níorbh fhéidir le tionscal an Aontais na hinfheistíochtaí a dhéanamh ba ghá chun go mairfeadh an tionscal san fhadtéarma. Tá an treocht laghdaitheach a thuairiscítear in aithris (657) agus cur ar ceal na n-infheistíochtaí beartaithe a luaitear in aithris (665) ag teacht leis sin.

(715)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim seo go ndearna allmhairí fóirdheonaithe ón tír lena mbaineann díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Ní fhéadfaí an nasc cúisíoch idir na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith agus an díobháil ábhartha a mhaolú leis na fachtóirí aitheanta eile, ina n-aonar nó le chéile.

6.   LEAS AN AONTAIS

(716)

I gcomhréir le hAirteagal 31 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist arbh fhéidir leis teacht ar an gconclúid shoiléir nár le leas an Aontais a bhí sé bearta a ghlacadh sa chás seo, cé go ndearnadh amach go raibh fóirdheontais dhíobhálacha á dtabhairt. Rinneadh amach leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí, úsáideoirí agus oibreoirí ábhartha eile.

(717)

Cuireadh roinnt tuairimí isteach a bhain le leas an Aontais. Go háirithe, mhaígh rialtas na Síne go spreagann allmhairí ón tSín i bhfírinne forbairt na teicneolaíochta sa tionscal agus go gcothaíonn siad iomaíocht i margadh an Aontais. De réir rialtas na Síne nach ndéanfadh tionscal na gcáblaí snáthoptaice, dá ndéanfaí róchosaint air, ach talamh a chailleadh i gcomparáid le tríú tíortha agus nach aon leas don Aontas é, dá bhrí sin, leanúint d’imscrúdú san earnáil, imscrúdú arbh fhéidir go ndéanfadh sé dochar don chomhar déthaobhach idir an tSín agus an tAontas i réimse na teicneolaíochta digití.

(718)

Chomh maith leis sin, mhaígh Connect Com go ndéanfadh forchur bearta dochar don tionscal mar nach bhféadfadh allmhaireoirí ón tSín tairiscintí tarraingteacha a chur isteach ar phróisis tairisceana a thuilleadh. Dá bharr sin, d’ardódh leibhéal na bpraghsanna i bpróisis tairisceana agus bheadh drochthoradh aige sin ar bhuiséid phoiblí.

(719)

Thug CCCME le fios gurbh fhearr a chuideofaí le clár oibre digitiúcháin an Aontais agus leis an aistriú 5G mura gcuirfí srian breise le soláthar cáblaí snáthoptaice ardcháilíochta ón tSín.

(720)

D’áitigh Cable 77 gurbh amhlaidh, ina ionad sin, a d’imreodh forchur dleachtanna ar cháblaí snáthoptaice tionchar freisin ar thionscail eile agus ba cheart, dá mbeadh dleachtanna le forchur ar cháblaí, iad a fhorchur freisin ar shnáithíní mar go n-úsáideann táirgeoirí an Aontais snáithíní a tháirgtear lasmuigh den Aontas freisin.

(721)

Mar sin féin, de réir mar a mionsonraíodh sna haithrisí seo a leanas, ní bhfuair an Coimisiún aon chúis láidir le teacht ar an gconclúid nach le leas an Aontais é bearta a fhorchur ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh na Síne.

6.1.   Leas an tionscail de chuid an Aontais

(722)

Tá 29 gcuideachta ag táirgeadh cáblaí snáthoptaice san Aontas agus fostaíonn siad tuairim agus 4 700 fostaí. Tá na táirgeoirí scaipthe go forleathan ar fud an Aontais.

(723)

Dá bhforchuirfí bearta, chuirfí ar chumas thionscal an Aontais seasamh iomaíoch a choinneáil ar bun agus an sciar den mhargadh a bhí caillte a aisghabháil, agus san am céanna chuirfí feabhas ar a mbrabúsacht i dtreo leibhéil inbhuanaithe.

(724)

Mura ndéanfar bearta, is dócha go mbeidh drochthionchar mór aige sin ar thionscal an Aontais ó thaobh ísliú breise praghsanna agus díolacháin níos ísle de agus go mbeidh meathlú breise ann ó thaobh brabúsachta agus infheistíochtaí de, rud a chuirfeadh todhchaí an tionscail sin i mbaol.

6.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

(725)

Is beag an comhoibriú a fuarthas ón earnáil allmhairiúcháin i gcomparáid leis na hearnálacha eile. Chuir cúig allmhaireoir foirm shamplála isteach faoin sprioc-am. As na cúig allmhaireoir sin, thug cúig allmhaireoir freagra ar an gceistneoir. Tháinig allmhaireoir nua chun tosaigh tar éis thús an imscrúdaithe frith-fhóirdheontais ar cháblaí snáthoptaice ón tSín agus d’iarr cead comhoibriú san imscrúdú reatha chomh maith. Dheonaigh an Coimisiún stádas páirtí leasmhair don allmhaireoir sin le haghaidh an imscrúdaithe reatha ón lá a tháinig sé chun tosaigh amach, agus thoiligh sé an fhaisnéis a cuireadh isteach le haghaidh an imscrúdaithe sin a mheas gan dochar do na céimeanna nós imeachta a bhí imithe i léig cheana.

(726)

Seasann na cúig allmhaireoir chomhoibríocha sin tuairim agus 12 % de na hallmhairí Síneacha. Thug dhá allmhaireoir faisnéis iomlán ina bhfreagra ar an gceistneoir, ach bhí trí allmhaireoir eile nach raibh in ann sonraí brabúis cruinne a thabhairt i ndáil leis an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdaithe. Chuir na hallmhaireoirí comhoibríocha uile i gcoinne na mbeart.

(727)

Tá na hallmhaireoirí comhoibríocha suite i gceithre Bhallstát éagsúla agus tá a ngníomhaíocht dírithe ar an mBallstát sin den chuid is mó. Allmhairíonn siad 70-90 % dá gceannacháin cáblaí snáthoptaice ón tSín agus faigheann siad an chuid eile ó tháirgeoirí de chuid an Aontais agus ó tháirgeoirí i dtríú tíortha eile. Chuir siad béim leis an tábhacht atá le foinsí soláthair éagsúla a bheith acu. Níl allmhairí cáblaí snáthoptaice ó thríú tíortha faoi réir dleachtanna custaim san Aontas.

(728)

Tá sé ina chuid thábhachtach de ghníomhaíocht táirgeoirí comhoibríocha tairiscintí a dhéanamh le haghaidh tionscadail níos lú. Lasmuigh de na tairiscintí sin, ofrálann siad tionscadail bhreise (e.g. duchtanna, nascóirí agus caibinéid) agus seirbhísí chasta do chustaiméirí (e.g. dearadh agus suiteáil líonraí). Ar an meán, is as an táirge lena mbaineann a thagann trian dá láimhdeachas iomlán.

(729)

Níor mhaígh aon táirgeoir go mbeadh tionchar mór ag paindéim COVID-19 ar a ngníomhaíocht ghnó. Shonraigh táirgeoir amháin go raibh moilliú áirithe ann i mí an Mhárta 2020 de dheasca na dianghlasála, ach chuir sé béim leis an bhfíric gur tháinig méadú ar thábhacht na snáithíní i leith na tionscadail tí (‘FTTH’) de bharr na géarchéime sin.

(730)

Measann táirgeoirí go bhfuil an buntáiste iomaíochais atá acu ar tháirgeoirí an Aontais ag brath ar an struchtúr díola agus an lóistíocht atá acu. Déanann siad an t-am is gá chun seachadadh a dhéanamh a ghiorrú trí méid mór stoic a choinneáil ina stóras agus déanann siad iarracht freastal ar riachtanais a gcustaiméirí go tapa solúbtha.

(731)

Mhaígh na táirgeoirí nach féidir leo a gcuid cáblaí snáthoptaice uile a fháil ó thionscal an Aontais mar nach féidir leis an tionscal na cainníochtaí a theastaíonn a sholáthar faoi na sprioc-amanna is gá. Líomhain siad go raibh ganntanas cáblaí snáthoptaice agus ganntanas phríomh-amhábhair na gcáblaí sin ar an margadh sa tréimhse 2017-18 nuair nach raibh tionscal an Aontais in ann freastal ar an éileamh uathu agus, dá bhrí sin, go raibh orthu soláthróirí eile a fháil. Chuir cuid de na hallmhaireoirí béim leis an bhfíric go raibh an t-éileamh ar cháblaí snáthoptaice ag dul i méad agus líonraí snáthoptaice agus 5G á gcur i bhfeidhm de réir a chéile, agus go bhfuiltear ag súil leis go méadóidh an t-éileamh sin a thuilleadh. D’áitigh siad gurbh fhéidir go dtiocfadh ganntanas nua ar an margadh agus moilliú ar leathnú an líonra snáthoptaice agus 5G de dheasca an mhéadaithe sin ar an éileamh, maille le bearta cosanta trádála is féidir a bheidh ann.

(732)

Dhiúltaigh tionscal an Aontais an maíomh go raibh fadhbanna soláthair ann agus shonraigh sé go raibh acmhainneacht bhreise an-mhór ag tionscal an Aontais. Go deimhin, rinneadh amach san imscrúdú gurbh é 59 % úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse a measadh agus gurb é 2 mhilliún cábla-km an acmhainneacht táirgthe cáblaí snáthoptaice, i bhfad os cionn thomhaltas measta cáblaí snáthoptaice sna blianta amach romhainn. Chuir tionscal an Aontas fianaise ar fáil go bhfuil sé d’acmhainn ag táirgeoirí an Aontais tuilleadh cáblaí snáthoptaice a tháirgeadh más gá. Ar a bharr sin, tá foinsí soláthair malartacha le fáil i dtríú tíortha.

(733)

Mhaígh táirgeoirí freisin go bhfuil conarthaí fadtéarmacha acu lena gcustaiméirí ina bhfuil praghsanna seasta comhaontaithe le haghaidh an téarma iomláin 2-4 bliana agus nach bhfuil aon chlásal coigeartaithe praghsanna iontu le haghaidh méaduithe ar a bpraghsanna ceannaigh. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir na costais mhéadaithe a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí. Ar a bharr sin, d’áitigh táirgeoirí nach féidir leo tairiscintí a dhéanamh i bpróisis tairisceana a fhógraítear le linn an imscrúdaithe reatha ó nach bhfuil a fhios acu cén praghas a íocfaidh siad as cáblaí snáthoptaice i gcás ina bhforchuirfear bearta.

(734)

D’áitigh táirgeoirí freisin nárbh fhéidir an fhoinse sholáthair a athrú chuig tríú tíortha eile i gcás conarthaí reatha ós rud é go ndeachaigh na cáblaí trí phróisis formheasta casta, agus, dá bhrí sin, bheadh riosca ann go mbeadh moilleanna tromchúiseacha ann agus deacrachtaí móra sa phróiseas séideála, próiseas is gá a oiriúnú de réir righneas an chábla nach ionann ó sholáthróir go soláthróir, fiú i gcás táirgí ag a bhfuil aon sonraíocht theicniúil.

(735)

Sa bhreis air sin, mhaígh roinnt táirgeoirí freisin go bhfuil na cáblaí Síneacha ar cháilíocht níos airde ná na cáblaí a tháirgeann tionscal an Aontais. Cé gurb ionann na sonraíochtaí teicniúla, maíonn siad go dtáirgtear cáblaí snáthoptaice Síneacha ar línte táirgthe níos nuaí agus go bhfuil an críochú, an rolladh suas agus na saintréith teicniúla ar chaighdeán níos airde. Áitíonn na táirgeoirí sin freisin nach leis an táirge amháin a bhaineann an difríocht sa cháilíocht, ach go bhfreastalaíonn táirgeoirí Síneacha ar riachtanais shonracha a gcliant ar bhealach níos solúbtha agus níos tapa agus go soláthraíonn siad seirbhísí iardhíola níos fearr. Lena chois sin, maíonn allmhaireoir amháin go bhfuil an difríocht sa phraghas idir cáblaí snáthoptaice an Aontais agus Síneacha níos ísle ná mar a sonraíodh sa ghearán. Maíonn an táirgeoir sin freisin go soláthraíonn táirgeoirí an Aontais táirgí eile (duchtanna, poill láimhe, sásraí dúnta) agus measann sé go dtabharfaí an deis do tháirgeoirí, dá ndéanfaí bearta, ar na táirgí sin a cheangal de cháblaí snáthoptaice nó iad a dhíol mar chuid de thionscadal. Measann sé freisin go gcruthódh bearta díspreagadh do tháirgeoirí an Aontais nuálaíocht a dhéanamh mar go gcosnódh siad ar iomaíocht iad. Ina thuairim, thiocfadh moilliú ar imscaradh líonraí as sin.

(736)

Ina bharúlacha maidir le nochtadh deiridh, mhaígh Connect Com go raibh an leibhéal molta dleachtanna i bhfad níos mó ná a chorrlaigh bhrabúis. Bheadh an staid sin ina cúis le caillteanais shubstaintiúla mar ní bheidís ábalta na dleachtanna a chur ar aghaidh chuig a gcuid custaiméirí, toisc go bhfuil conarthaí fadtéarmacha acu leo siúd cheana féin a bhfuil praghsanna seasta i gceist leo. Thairis sin, d’áitigh Connect Com go raibh a chorrlach brabúis le haghaidh conarthaí poiblí i bhfad níos ísle ná 20 % de ghnáth agus nach bhféadfaidís a gconarthaí reatha a chomhlíonadh mar gheall ar na bearta frithfhóirdheontais in éineacht leis na dleachtanna frithdhumpála. Dá bhrí sin, d’fhéadfaidís éirí féimheach de bharr na ndleachtanna sin ar deireadh. D’áitigh siad freisin nach raibh táirgeoirí an Aontais sásta ná toilteanach na cáblaí snáthoptaice a chomhlíonfadh a gcuid riachtanas a sholáthar in am agus go mbeadh ganntanas cáblaí snáthoptaice ann agus go gcuirfí moill shuntasach ar agaí tionscanta agus ar rolladh amach líonraí dá dtabharfaí bearta isteach ina leith. Chomh maith leis sin, d’áitigh Connect Com nár cheart méadú ina gcorrlach brabúis a thabhairt do tháirgeoirí an Aontais ó 8 % go dtí 12 % fad is a ndéantar corrlach brabúis na n-allmhaireoirí a laghdú go nialas nó go caillteanais fiú.

(737)

Rinne an Coimisiún amach gurb amhlaidh, cé go bhfuil ceangail ghnó chobhsaí acu lena soláthróirí cáblaí snáthoptaice sa tSín, nach bhfuil conarthaí fadtéarmacha acu leis na soláthróirí sin lena socraítear méideanna nó praghsanna ceannaigh. Déanta na fírinne, cuireann allmhaireoirí isteach orduithe tráthrialta le haghaidh méideanna níos mó cáblaí snáthoptaice agus faigheann siad tairiscint phraghais le haghaidh gach ordaithe ó na táirgeoirí Síneacha. Cé go maíonn na hallmhaireoirí go mbeadh sé costasach agus fadálach soláthróirí a athrú, ceannaíonn siad uile ó fhoinsí eile freisin (i.e. san Aontas, sna Stáit Aontaithe, san India, sa Chasacstáin, sa Bhealarúis, san Úcráin) agus d’éirigh leo soláthróirí a fháil le linn an ghanntanais a raibh sé líomhnaithe go raibh sé ann le linn na tréimhse 2017-18. Léiríonn sin gurb amhlaidh, cé gur fíor go mbeadh ar na hallmhaireoirí praghas níos airde a íoc as na horduithe a cuireadh isteach cheana ach nach bhfuarthas fós roimh fhorchur na mbeart, ní bheadh sé deacair thar na bearta athrú chuig soláthróirí nua in am measartha gearr.

(738)

Cé gur dócha go mbeidh drochthionchar áirithe ag na bearta frithchúitimh ar allmhaireoirí agus gur féidir go laghdóidh siad a mbrabúsacht, féadfaidh na hallmhaireoirí cuid den mhéadú ar na costais a tháinig as an dualgas atá orthu i leith a gcustaiméirí a ionsú nó/agus a chur ar aghaidh ós rud é go bhfuil corrlaigh mhóra 20 % acu. Ina theannta sin, is féidir leo foinsí eile soláthair a aimsiú, lena n-áirítear soláthróirí ó thríú tíortha eile agus ó thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil foinsí soláthair eile ann le haghaidh an táirge lena mbaineann a úsáid agus gur féidir leo éifeacht na ndleachtanna a ionsú nó/agus éifeacht na ndleachtanna a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí go páirteach ar a laghad, níl difear díréireach déanta ag forchur na mbeart orthu.

(739)

Ina bharúlacha maidir le nochtadh deiridh, d’áitigh CCCME go mbeadh sé díobhálach do chlár oibre digitiúcháin agus spriocanna nascachta an Aontais Eorpaigh dá ndéanfaí bearta frithchúitimh a fhorchur toisc go mbeadh ganntanais chriticiúla den táirge ríthábhachtach sin ann do líonraí 5G mar thoradh agus go dtiocfadh méadú ar an bpraghas, gan fianaise a sholáthar ina leith.

(740)

Ní raibh aon bunús leis na líomhaintí i leith difríochtaí cáilíochta, ganntanas soláthair, neamhábaltacht nó doicheall thionscal an Aontais chun soláthar a dhéanamh don mhargadh, difríochtaí idir praghsanna, brabúsacht allmhaireoirí, rioscaí monaplachta nó olagaplachta, dreasachtaí le nuálaíocht a dhéanamh agus amanna imscartha le haghaidh líonraí teileachumarsáid agus ní fhéadfaí glacadh leo dá réir sin.

(741)

I gcás ar bith, léirigh an t-imscrúdú gurb é ceann de ghnéithe tábhachtacha na díobhála sa chás seo an fíoras beacht nach bhféadfadh an tAontas an leibhéal brabúis a bhaint amach, mar gheall ar allmhairí ón tSín, a chuirfeadh ar a chumas leanúint d’infheistíocht a dhéanamh inter alia in acmhainneacht bhreise chun an t-éileamh méadaitheach ar mhargadh an Aontais, atá ag leathnú, a shásamh. Is é tionchar ionchais na mbeart go beacht go n-athbhunófaí cothroime iomaíochta agus go ndéanfaí foráil do bhrabús, infheistíocht agus leathnú acmhainneachta den sórt sin.

(742)

Ina bharúlacha maidir le nochtadh deiridh, d’áitigh Connect Com go raibh costais amhábhair ag dul i méid go suntasach thar na hearnálacha uile agus gur cuireadh isteach ar tháirgeadh cáblaí leathanbhanda chomh maith. Maidir leis sin, thug Connect Com samplaí de mhéadú praghsanna ar sholáthróir Síneach nár dúradh cé hé féin ón dara ráithe de 2020 go dtí an dara ráithe de 2021. Maidir leis sin, d’áitigh Connect Com go raibh géarghá le líonraí cábla leathanbhanda a leathnú san Eoraip ach nach bhféadfadh táirgeoirí an Aontais an t-éileamh a shásamh sa ghearrthéarma ar phraghsanna iomaíocha agus inghlactha agus dá bhrí sin, nár cheart dleachtanna a fhorchur nó gur cheart na dleachtanna a chur ar fionraí ar a laghad.

(743)

Ní raibh bunús le hionadaíochas ná éifeacht an mhéadaithe praghsanna sin ar úsáideoirí agus allmhaireoirí. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh.

6.3.   Leas úsáideoirí agus dáileoirí

(744)

Faigheann roinnt tionscal an táirge lena mbaineann, móroibreoirí teileachumarsáide, comhlachtaí poiblí (amhail bardais) ar a bhfuil sé de chúram an líonra leathanbhanda a leathnú, suiteálaithe agus oibreoirí, agus dáileoirí den chuid is mó.

(745)

Chomhoibrigh líon beag úsáideoirí san imscrúdú: dhá mhóroibreoir teileachumarsáide (Deutsche Telekom sa Ghearmáin agus Proximus sa Bheilg), cúig cinn de shuiteálaithe agus oibreoirí líonra, dáileoir amháin agus úsáideoir beag. Ghlac na húsáideoirí comhoibríocha uile níos lú ná 12 % de mhéid iomlán na n-allmhairí cáblaí snáthoptaice ón tSín agus níos lú ná 9 % den tomhaltas cáblaí snáthoptaice iomlán san Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(746)

Bhí cuid mhór de fhreagraí na n-úsáideoirí ar an gceistneoir an-easnamhach agus ní raibh aon argóint ná aon fhaisnéis iontu faoi leas an Aontais. Níor chomhoibrigh aon cheann de na comhlachtaí poiblí a fhaigheann cáblaí snáthoptaice san imscrúdú.

(747)

Níor chuir BYCN Axione ná úsáideoir eile a cheannaíonn cáblaí snáthoptaice ó tháirgeoirí de chuid an Aontais den chuid is mó in iúl go raibh siad i gcoinne bearta a bheith ann. Chuirfeadh Deutsche Telekom agus an dáileoir Spáinneach Comercial Electro Industrial S.A. (‘Comel’) i gcoinne forchur beart.

(748)

Tá Deutsche Telekom ag súil le méadú ar an éileamh ar cháblaí snáthoptaice de bharr an chur i bhfeidhm ollmhóir 5G agus áitíonn sé gur margadh domhanda é margadh na gcáblaí snáthoptaice lena mbaineann teicneolaíocht chaighdeánaithe, imscaradh domhanda agus soláthróirí domhanda. Áitíonn sé gur féidir go dtiocfaidh fadhbanna móra i leith éilimh ar cháblaí de chuid an Aontais a dhaingniú as dleachtanna ar cáblaí snáthoptaice ón tSín agus go bhfuil baol ann go gcuirfidh siad bac nó moill ar chur i bhfeidhm líonraí agus go dtiocfaidh méadú mór ar chostais i gcás chustaiméirí an Aontais astu. Maíonn sé freisin gur laghdaigh praghsanna de bharr ró-acmhainneachtaí agus go bhfuil infheistíocht déanta ag gach gníomhaí i méadú acmhainneachta le linn an ghanntanais soláthair a bhfuil sé líomhnaithe go raibh sé ann roinnt bheag blianta ó shin.

(749)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh sé dosheachanta go mbeadh impleachtaí costais ag dleachtanna frithchúitimh i leith úsáideoirí a cheannaíonn a gcáblaí snáthoptaice ón tSín, ach gur iompraíocht onnmhairiúcháin mhíchothrom onnmhaireoirí Síneacha ba chúis leis sin. Ar a bharr sin, suíodh leis an imscrúdú nach bhfuil sna cáblaí snáthoptaice ach sciar beag de chostas iomlán chur i bhfeidhm na dtionscadal líonra dhigitigh - níos lú ná 5 % i gcás 5G. Maidir le ceannacháin an táirge lena mbaineann a rinne na hoibreoirí teileachumarsáide comhoibríocha, níl iontu ach céatadán beag de láimhdeachas cuideachta, agus is cuid mhór de na cáblaí snáthoptaice a fhaigheann sé ó fhoinsí eile é an ceannach daingean. Maidir leis an maíomh ón úsáideoir eile gur deacair soláthróirí a athrú, mar a mhínítear in aithris (737) fuair allmhaireoirí eile foinsí eile i dtríú tíortha as arbh fhéidir leo ceannach. Mar an gcéanna, féadfaidh úsáideoirí foinsí soláthair malartacha a fháil, lena n-áirítear soláthróirí ó thríú tíortha eile. Ós rud é go bhfuiltear ag súil leis go leathnóidh an t-éileamh ar cháblaí snáthoptaice, beidh úsáideoirí agus dáileorí in iomaíocht i margadh níos mó ná mar a bhí roimhe seo. Is deis dóibh é seo ar a gcuideachta a choimeád agus a fhorbairt fiú má mhéadaíonn a bpraghsanna de dheasca dleachtanna frithchúitimh.

(750)

Ina theannta sin, cuirtear béim leis an bhfíric nach leor an t-údar í an ró-acmhainneacht a spreagann an tSín le cleachtais trádála mhíchothroma a dhéanann díobháil do thionscal an Aontais, díobháil a chuireann todhchaí an tionscail sin i mbaol, chomh maith le héagsúlacht soláthair agus, dá bhrí sin, iomaíocht i margadh an Aontais.

(751)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéanann forchur na mbeart difear díréireach d’úsáideoirí ná do dháileoirí.

6.4.   Fachtóirí eile

(752)

Teastaíonn cáblaí scáthoptaice chun líonraí leathanbhanda tapa a thógáil agus, dá bhrí sin, tá ardtábhacht leo i gcás saoránaigh agus eintitis phoiblí ar fud an Aontais atá ag brath ar na líonraí sin chun bheith ag obair sa bhaile, ag foghlaim sa bhaile, ag reáchtáil cuideachta nó ag soláthar seirbhísí. Tá an infheistíocht tríd an gclár NextGenerationEU (152) ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus tá sé dírithe freisin ar bhonneagar leathanbhanda ardteicneolaíocht a shroichfidh gach cearn den Aontas a imscaradh. Dá bhrí sin, is príomhchuid de Dheacáid Dhigiteach an Aontais (153) iad na cáblaí snáthoptaice agus de cheannasacht dhigiteach an Aontais freisin.

(753)

Ós rud é go bhfuil an táirge lena mbaineann chomh tábhachtach sin i bhfianaise na gcuspóirí poiblí thuasluaite, rinne an Coimisiún anailísiú grinn ar na bearta is féidir a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm tionscadal líonra leathanbhanda.

(754)

D’áitigh roinnt páirtithe go ndéanfaí dochar do thomhaltóirí agus do bhuiséid phoiblí san Aontas dá bhforchuirfí bearta frithchúitimh mar go méadódh praghas na gcáblaí snáthoptaice, agus, dá bharr sin, praghas iomlán na dtionscadal líonra.

(755)

Dá bhrí sin, d’anailísigh an Coimisiún costas na gcáblaí snáthoptaice laistigh de chostas iomlán na dtionscadal líonra. Léirigh an t-imscrúdú nach bhfuil in OFC ach sciar beag de chostas iomlán cur i bhfeidhm líonraí digiteacha. Déanta na fírinne, is iad na hoibreacha tógála (i.e. an talamh a thochailt chun na cáblaí a chur) an mhír chostais is mó sna tionscadail sin (tuairim agus 80 % de na costais). Is éard atá sa 20 % eile, costais ábhar ar a bhfuil táirgí eile amhail duchtanna, caibinéid agus nascóirí. Rinne an Coimisiún amach gur beag an sciar de chostais iomlána na dtionscadal líonra iad na cáblaí snáthoptaice, i gcás 5G, níos lú ná 5 % de réir ceann de na húsáideoirí móra. Mhaígh táirgeoirí de chuid an Aontais Eorpaigh agus allmhaireoirí comhoibríocha freisin gur cáblaí snáthoptaice is cúis le 5-10 % de chostais iomlána tionscadal líonra.

(756)

Tugann leibhéal íseal chomhoibriú oibreoirí líonraí móra an Aontais agus comhlachtaí poiblí ar a bhfuil cúram tionscadal líonra mór le fios nach mbeadh tionchar mór ag bearta is féidir a bheith ann ar chostas agus amú na dtionscadal sin.

6.5.   An chonclúid ar leas an Aontais

(757)

Rinne an t-imscrúdú amach gur leor an acmhainneacht atá san Aontas agus i dtríú tíortha eile allmhairí de thionscnamh na Síne a ionadú. Ar a bharr sin, dá bhforchuirfí bearta frithchúitimh, d’fhéadfadh tionscal an Aontais infheistíocht a dhéanamh ina láithreáin táirgthe san Aontas agus i dteicneolaíochtaí nua, rud a rachadh chun sochair don tionscal úsáideoirí. San am céanna, ní choiscfeadh allmhairí ó thríú tíortha (lena n-áirítear an tSín) ar bheith ag iomaíocht go cothrom ar mhargadh an Aontais. Fiú má mhéadaíonn an t-éileamh ar cháblaí snáthoptaice sna blianta amach romhainn, rud a bhfuil gníomhaithe margaidh ag súil leis, ní bhainfidh rioscaí suntasacha i leith ganntanas soláthair le hallmhaireoirí agus úsáideoirí an táirge lena mbaineann agus, dá bhrí sin, ní chuirfear moill ar chur i bhfeidhm an líonra leathanbhanda snáthoptaice i dtithe agus i ngnólachtaí.

(758)

Ar an iomlán, cé gur fíor, mura ndéanfar bearta, gur féidir go dtairbheoidh custaiméirí deiridh agus buiséid phoiblí de tháirgí níos saoire sa ghearrthéarma, is cinnte go gcuirfeadh na hallmhairí fóirdheonaithe ón tSín táirgeoirí an Aontais as margadh an Aontais sa chaoi go gcaillfeadh tionscal na n-úsáideoirí foinsí luachmhara soláthair agus gurbh fhéidir go méadódh praghsanna allmhairiúcháin mar nach mbeadh iomaíocht ó tháirgeoirí de chuid an Aontais ann. Ar deireadh, tá teacht slán tháirgeoirí an Aontais ina phríomhghné de cheannasacht dhigiteach an Aontais.

(759)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh cúiseanna láidre ann nár le leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaonphoblacht na Síne ag an gcéim sin den imscrúdú.

7.   BEARTA FRITHCHÚITIMH CINNTITHEACHA

(760)

I bhfianaise chonclúidí an Choimisiúin maidir le fóirdheontais, díobháil, cúisíocht agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 15 den bhun-Rialachán, ba cheart dleacht frithchúitimh cinntitheach a fhorchur.

7.1.   Leibhéal na mbeart frithchúitimh cinntitheach

(761)

Foráiltear le hAirteagal 15(1), an tríú fomhír den bhun-Rialachán nár cheart méid na dleachta frithchúitimh cinntithí a bheith níos mó ná méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a suíodh.

(762)

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 15(1), an ceathrú fomhír ‘i gcás inar féidir leis an gCoimisiún, ar bhonn na faisnéise uile a chuirtear isteach, a bhaint de thátal as go soiléir nach chun leasa an Aontais é méid na mbeart a chinneadh i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, beidh méid na dleachta frithchúitimh níos lú dá mbeadh dleacht níos lú den sórt sin leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais’.

(763)

Níor cuireadh aon fhaisnéis den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin, agus dá bhrí sin, socrófar leibhéal na mbeart frithchúitimh faoi threoir Airteagal 15(1), an tríú fomhír.

(764)

Ar bhonn a bhfuil thuas, na dleachtrátaí frithchúitimh cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, le dleacht chustaim neamhíoctha, ba cheart iad a bheith mar seo a leanas:

Cuideachta

Ráta na dleachta frithchúitimh

An grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

10,3  %

An grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

5,1  %

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn in imscrúdú frithfhóirdheontais agus imscrúdú frithdhumpála araon atá liostaithe in Iarscríbhinn I

7,8  %

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn san imscrúdú frithdhumpála ach nach gcomhoibríonn san imscrúdú frithfhóirdheontais, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II

10,3  %

Gach cuideachta eile

10,3  %

(765)

Rinneadh an t-imscrúdú frithfhóirdheontais i gcomhthráth le himscrúdú frithdhumpála ar leithligh maidir leis an táirge céanna lena mbaineann atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ina ndearna an Coimisiún bearta frithdhumpála a fhorchur ar leibhéal an chorrlaigh dumpála. Dheimhnigh an Coimisiún nach é a thiocfadh as dleacht charntha a fhorchur lena léirítear leibhéal an fhóirdheontais agus leibhéal iomlán na dumpála éifeachtaí an fhóirdheonaithe a fhritháireamh faoi dhó (‘comhaireamh dúbailte’) i gcomhréir le hAirteagal 24(1) agus Airteagal 15(2) den bhun-Rialachán.

(766)

Ríomhadh an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (154), i dtaca le costais neamhshaofa agus brabúis i dtír ionadaíoch sheachtrach iomchuí. Dá dheasca sin, i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den bhun-Rialachán agus chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, rinne an Coimisiún an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchur ar dtús ar leibhéal an mhéid fóirdheonaithe chinntithigh bhunaithe, agus ansin rinne sé an dleacht frithdhumpála chinntitheach a bhí fágtha a fhorchur, a chomhfhreagraíonn don chorrlach dumpála ábhartha agus é laghdaithe faoi mhéid na dleachta frithchúitimh agus suas go dtí an leibhéal díchuir díobhála ábhartha a bunaíodh san imscrúdú frithdhumpála ar leithligh. Ón tráth a laghdaigh an Coimisiún an corrlach dumpála a fuarthas le méid iomlán an fhóirdheontais a bunaíodh i nDhaon-Phoblacht na Síne, ní raibh aon fhadhb le comhaireamh dúbailte de réir bhrí Airteagal 24(1) den bhun-Rialachán

(767)

I bhfianaise ardráta comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha, fuair an Coimisiún go mbeadh leibhéal na dleachta is airde arna forchur ar na cuideachtaí sampláilte ina léiriú ar ‘na cuideachtaí eile go léir’. Cuirfear dleacht ‘gach cuideachta eile’ i bhfeidhm ar na cuideachtaí sin nár chomhoibrigh leis an imscrúdú seo.

(768)

I gcomhréir le hAirteagal 15(3) den bhun-Rialachán, rinneadh méid iomlán an fhóirdheontais do na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha nár cuireadh san áireamh sa sampla a ríomh ar bhonn mheánmhéid ualaithe iomlán na bhfóirdheontas frithchúitimh a bunaíodh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha sa sampla, gan méideanna diomaibhseacha san áireamh, chomh maith le méid na bhfóirdheontas a bunaíodh le haghaidh nithe, atá faoi réir fhorálacha Airteagal 28(1) den bhun-Rialachán. Níor thug an Coimisiún neamhaird ar thorthaí bunaithe i bpáirt ar fhíorais a bhí ar fáil chun na méideanna sin a chinneadh áfach. Dar ndóigh, mheas an Coimisiún nach raibh tionchar suntasach ag na fíorais a bhí ar fáil agus a úsáideadh sna cásanna sin ar an bhfaisnéis a bhí ag teastáil chun méid an fhóirdheonaithe a chinneadh ar bhealach cothrom, ionas nach ndéanfaí dochar d’onnmhaireoirí nár iarradh orthu comhoibriú leis an imscrúdú seo trí leas a bhaint as an gcur chuige sin.

(769)

Ar bhonn lena bhfuil thuas, leagtar amach na rátaí a ndéanfar na dleachtanna a fhorchur mar a leanas:

Cuideachta

Corrlach dumpála

Ráta fóirdheontais

Leibhéal díchuir díobhála

Ráta na dleachta frithchúitimh

Ráta dleachta frithdhumpála

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

44,0  %

10,3  %

61,3  %

10,3  %

33,7  %

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

19,7  %

5,1  %

42,0  %

5,1  %

14,6  %

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn in imscrúdú frithfhóirdheontais agus imscrúdú frithdhumpála araon atá liostaithe in Iarscríbhinn I

31,2  %

7,8  %

52,7  %

7,8  %

23,4  %

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn san imscrúdú frithdhumpála ach nach gcomhoibríonn san imscrúdú frithfhóirdheontais, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II

31,2  %

10,3  %

52,8  %

10,3  %

20,9  %

Gach cuideachta eile

44,0  %

10,3  %

61,3  %

10,3  %

33,7  %

(770)

Leagadh síos an ráta dleachta frithchúitimh do chuideachtaí aonair ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe reatha seo. Dá bhrí sin, is léiriú é ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe maidir leis an gcuideachta lena mbaineann. Dá bhrí sin, tá an ráta dleachta sin, (seachas an dleacht ar fud na tíre is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’) infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí de tháirgí de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag an gcuideachta luaite. Maidir le táirgí allmhairithe arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach bhfuil luaite go sonrach sa chuid fheidhmeach den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis a bhfuil gaol idir iad agus na heintitis a luaitear go sonrach, ní féidir tairbhe ina leith a bhaint as na rátaí sin agus beidh siad faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(771)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithchúitimh i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta a bhfuil feidhm leis maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán ina gcuirfear eolas maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in iúl.

7.2.   Clásal faireacháin speisialta

(772)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithchúitimh a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithchúitimh aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithchúitimh is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(773)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithchúitimh a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má sholáthraítear sonrasc a chomhlíonann na riachtanais go léir a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus ba cheart dóibh sé, ar nós i ngach cás eile, go n-éileoidh siad doiciméid bhreise (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun críocha cruinneas na sonraí sa dearbhú a dheimhniú agus chun a áirithiú go bhfuil údar maith le an ráta dleachta níos ísle a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, i gcomhréir le dlí custaim.

(774)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 23(1) den Bhun-rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí scrúdú san imscrúdú seo, inter alia, ar an ngá atá le ráta(í) dleachta aonair a bhaint agus forchur dleachta ar fud na tíre ina dhiaidh sin.

(775)

Chun forfheidhmiú ceart na dleachta frithchúitimh a áirithiú, ba cheart baint a bheith ag leibhéal na dleachta do gach cuideachta eile ní hamháin leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin nár chomhoibrigh leis an imscrúdú, ach chomh maith leis sin leis na táirgeoirí sin nach ndearna aon onnmhairiú chuig an Aontas i rith na tréimhse imscrúdaithe.

8.   NOCHTADH

(776)

Cuireadh páirtithe leasmhara ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha, a raibh sé beartaithe ar a mbonn an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchur ar allmhairí cáblaí snáthoptaice áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Tugadh deis do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh.

9.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(777)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (155), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é ba cheart a bheith san ús atá le híoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(778)

Mar a míníodh in aithrisí (765) agus (769) thuas, bhain an Coimisiún cuid de mhéid an fhóirdheontais ón gcorrlach dumpála chun comhaireamh dúbailte a sheachaint. Dá bhrí sin, dá ndéanfaí na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha a mhodhnú nó a bhaint, ba cheart leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála a mhéadú go huathoibríoch faoin gcion céanna chun méid iarmhír an chomhairimh dhúbailte de thoradh ar an modhnú nó ar an mbaint sin a léiriú. Ba cheart an t-athrú sin ar na dleachtanna frithdhumpála a chur i bhfeidhm ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(779)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste, a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 (156),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice aonmhóid ina bhfuil snáithín i dtruaill leis féin amháin nó níos mó, ar a bhfuil cásáil chosanta, bíodh seoltóirí leictreacha iontu atá faoin gcód AC ex 8544 70 00 (an cód TARIC 8544700010) faoi láthair nó ná bíodh agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

Tá na táirgí seo a leanas eisiata:

(i)

cáblaí ina bhfuil na snáithíní optúla uile feistithe ceann ar ceann le nascóirí oibríochta ag ceann amháin den chábla nó ag an dá cheann; agus

(ii)

cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí. Is éard atá sna cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí cáblaí snáthoptaice inslithe plaisteacha, ina bhfuil seoltóir copair nó alúmanaim, ina bhfuil snáithíní i modúl miotail nó modúil mhiotail.

2.   Is é seo a leanas an dleacht frithchúitimh chinntitheach is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais roimh dhleacht, i gcás an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus a tháirgtear ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithchúitimh cinntitheacha

Cód breise TARIC

An Grúpa FTT:

1.

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

2.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

3.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

10,3  %

C696

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

5,1  %

C697

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn in imscrúdú frithfhóirdheontais agus imscrúdú frithdhumpála araon atá liostaithe in Iarscríbhinn I

7,8  %

 

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn san imscrúdú frithdhumpála ach nach gcomhoibríonn san imscrúdú frithfhóirdheontais, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II

10,3  %

 

Gach cuideachta eile

10,3  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta frithchúitimh aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) i nDaon-Phoblacht na Síne (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.’ Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

5.   Léireoidh an dearbhú custaim fad an táirge ina chiliméadair a thuairiscítear in Airteagal 1(1), ar choinníoll go bhfuil an tásc sin comhoiriúnach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (157).

6.   I gcásanna ina ndearnadh an dleacht frithchúitimh a laghdú ón dleacht frithdhumpála le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe, má dhéantar iarratais ar aisíocaíocht faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/1037 spreagfar measúnú ar an gcorrlach dumpála don táirgeoir onnmhairiúcháin sin atá i réim le linn thréimhse an imscrúdaithe aisíocaíochta.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gcoimisiún (158)mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2):

‘2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

33,7  %

C696

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

14,6  %

C697

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn in imscrúdú frithfhóirdheontais agus imscrúdú frithdhumpála araon atá liostaithe in Iarscríbhinn I

23,4  %

 

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn san imscrúdú frithdhumpála ach nach gcomhoibríonn san imscrúdú frithfhóirdheontais, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II

20,9  %

 

Gach cuideachta eile

33,7  %

C699’

(2).

Cuirtear Airteagal 1(7) nua isteach:

‘7.   Dá ndéanfaí na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha arna bhforchur le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 (*1) ón gCoimisiún a mhodhnú nó a bhaint, méadófar na dleachtanna a shonraítear i mír 2 nó in Iarscríbhinní I nó II faoin gcion céanna agus é teoranta don chorrlach dumpála iarbhír a fuarthas nó don chorrlach díobhála a fuarthas de réir mar is iomchuí in aghaidh na cuideachta agus ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.’

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne (IO L 12, 19.1.2022, lch. 34).’"

(3)

Cuirtear Airteagal 1(8) nua isteach:

‘8.   I gcásanna ina ndearnadh an dleacht frithchúitimh a laghdú ón dleacht frithdhumpála le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe, má dhéantar iarratais ar aisíocaíocht faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/1037 spreagfar measúnú ar an gcorrlach dumpála don táirgeoir onnmhairiúcháin sin atá i réim le linn thréimhse an imscrúdaithe aisíocaíochta.’

(4)

Cuirtear Iarscríbhinn I agus II in ionad Iarscríbhinn I den Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  IO C 442, 21.12.2020, lch. 18.

(3)  Úsáidtear an téarma ‘Rialtas na Síne’ sa Rialachán seo sa chiall is leithne, lena n-áirítear an Chomhairle Stáit, chomh maith leis na hAireachtaí, na Ranna, na Gníomhaireachtaí agus na hÚdaráis uile ar an leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil.

(4)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 316, 24.9.2020, lch. 10).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 146, 9.6.2017, lch. 17) (‘Cás HRF’), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2018 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí aerbhonn nua nó atráchta áirithe, de chineál a úsáidtear le haghaidh busanna nó leoraithe agus le hinnéacs ualaigh a sháraíonn 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a fhorchuirtear ar allmhairí aerbhonn rubair nua nó atráchta áirithe, de chineál a úsáidtear le haghaidh busanna nó leoraithe, le hinnéacs ualaigh a sháraíonn 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/163 (IO L 283, 12.11.2018, lch. 1) (‘Cás bonn’) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 16, 18.1.2019, lch. 5) (‘Cás rothar leictreach’), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí fabraicí fite agus/nó de shnáithín gloine snáithíneach áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí fite agus/nó de shnáithín gloine snáithíneacha áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 189, 15.6.2020, lch. 33) (‘Cás GFF’).

(6)  Féach Tuarascáil an Phainéil, Na Stáit Aontaithe – Bearta Dleachta Frithchúitimh ar Tháirgí Áirithe ón tSín, WT/DS437/R, a glacadh an 16 Eanáir 2015, mír 7.152.

(7)  Féach na cásanna a luaitear i bhfonóta 5 roimhe sin.

(8)  Le fáil ag https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2508.

(9)  Fógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (2020/C 86/06) (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(10)  Commission Staff Working Document on Significant Distortions in the Economy of the People’s Republic of China for the purposes of Trade Defence Investigations [Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála], an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2 (an ‘Tuarascáil’) – Caibidil 4, lch. 41-42, 83.

(11)  Féach Catalóg Threorach na bpríomhthairgí agus na bpríomhsheirbhísí i dtionscail straitéiseacha atá ag teacht chun cinn. http://www.gov.cn/xinwen/2018-09/22/5324533/files/dcf470fe4eac413cabb686a51d080eec.pdf agus an Chatalóg Made in China 2025 de ‘Ceithre Fhíor-Riachtanas’. http://www.cm2025.org/show-14-126-1.html agus http://www.cm2025.org/uploadfile/2016/1122/20161122053929266.pdf, arna rochtain den uair dheireanach an 18 Lúnasa 2021.

(12)  Tuarascáil-Caibidil 2, lch. 17

(13)  Fógra na Comhairle Stáit maidir le hEisiúint Made in China 2025 (Guofa (2015) Uimh. 28) - Colún Nochtadh Faisnéise an Rialtais (www.gov.cn), arna rochtain go deireanach an 28 Meitheamh 2021.

(14)  Féach an Coimisiún um Athbhreithniú Eacnamaíoch agus Slándála idir SAM agus an tSín: An 13ú Plean Cúig Bliana, lch. 12.

(15)  http://www.gov.cn/xinwen/2014-10/14/content_2764849.htm, arna rochtain go deireanach an 6 Lúnasa 2021.

(16)  http://www.forestry.gov.cn/lczb/5/20210429/101204144404645.html, arna rochtain go deireanach an 18 Lúnasa 2021.

(17)  https://www.ndrc.gov.cn/fzggw/jgsj/gjss/sjdt/201806/t20180612_1154987.html?code=&state=123, arna rochtain go deireanach an 6 Lúnasa 2021.

(18)  https://www.cae.cn/cae/html/files/2015-10/29/20151029105822561730637.pdf, arna rochtain go deireanach an 28 Meitheamh 2021.

(19)  Féach Made in China 2025, Caibidil 4: Tacaíocht Straitéiseach agus Soláthar.

(20)  http://www.cm2025.org/show-14-126-1.html, arna rochtain go deireanach an 6 Lúnasa 2021.

(21)  http://www.gov.cn/zhengce/content/2015-06/24/content_9972.htm, arna rochtain go deireanach an 6 Lúnasa 2021.

(22)  http://www.gov.cn/xinwen/2016-12/08/content_5145162.htm, arna rochtain go deireanach an 6 Lúnasa 2021.

(23)  http://www.miit.gov.cn/n1146295/n1652858/n1652930/n4509627/c5862297/part/5862506.doc, arna rochtain go deireanach an 18 Lúnasa 2021.

(24)  https://www.miit.gov.cn/ztzl/rdzt/znzzxggz/wjfb/art/2020/art_4430cca546bd4f4c9dd7c96b31bc7c11.html, arna rochtain go deireanach an 18 Lúnasa 2021.

(25)  https://www.directindustry.com/soc/yangtze-optical-fibre-cable-joint-stock-limited-company-212621.html, arna rochtain go deireanach an 6 Lúnasa 2021.

(26)  http://www.gov.cn/zwgk/2009-04/15/content_1282430.htm, arna rochtain go deireanach an 2 Lúnasa 2021.

(27)  http://www.gov.cn/zwgk/2013-08/17/content_2468348.htm, arna rochtain go deireanach an 2 Lúnasa 2021.

(28)  http://www.gov.cn/zwgk/2010-04/08/content_1576039.htm, arna rochtain go deireanach an 2 Lúnasa 2021.

(29)  http://www.gov.cn/zhengce/content/2015-07/04/content_10002.htm, arna rochtain go deireanach an 2 Lúnasa 2021.

(30)  http://www.gov.cn/zhengce/content/2015-05/20/content_9789.htm, arna rochtain go deireanach an 5 Lúnasa 2021.

(31)  https://www.ndrc.gov.cn/xxgk/zcfb/gg/201702/t20170204_961174.html?code=&state=123, arna rochtain go deireanach an 3 Lúnasa 2021.

(32)  http://www.gov.cn/zwgk/2006-12/21/content_474651.htm, arna rochtain go deireanach an 7 Lúnasa 2021.

(33)  http://www.most.gov.cn/xwzx/xwfb/200312/t20031214_10451.html, arna rochtain go deireanach an 7 Lúnasa 2021.

(34)  Tuarascáil an Bhuanchomhlachta Achomhairc, ‘European Communities and Certain Member States-Measures Affecting Trade in Large Civil Aircraft’ [Na Comhphobail Eorpacha agus Ballstáit Áirithe-Bearta lena nDéantar Difear do Thrádáil i Mór-Aerárthaí Sibhialta]

(35)  https://itlaw.wikia.org/wiki/Broadband_infrastructure, arna rochtain go deireanach an 26 Deireadh Fómhair 2021.

https://www.investopedia.com/terms/b/broadband.asp, arna rochtain go deireanach an 26 Deireadh Fómhair 2021.

(36)  An Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (Leagan 2011) (Leasú 2013) (Arna heisiúint le hOrdú Uimh. 9 den Choimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 27 Márta 2011, agus arna leasú i gcomhréir le Cinneadh an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú maidir le Leasú na gClásal Ábhartha den Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (Leagan 2011) arna eisiúint le hOrdú Uimh. 21 ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 16 Feabhra 2013).

(37)  http://www.gov.cn/xinwen/2019-11/06/5449193/files/26c9d25f713f4ed5b8dc51ae40ef37af.pdf, arna rochtain go deireanach an 18 Lúnasa 2021.

(38)  An 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Criosanna Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta (2017), lch. 9, http://www.most.gov.cn/xxgk/xinxifenlei/fdzdgknr/fgzc/gfxwj/gfxwj2017/201705/t20170510_132712.html, arna rochtain go deireanach an 10 Lúnasa 2021.

(39)  Beartais fhabhracha na gCriosanna Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta, lch. 1.

(40)  Beartais fhabhracha na gCriosanna Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta, lch. 1.

(41)  Féach roinn 3.3.1 den Chatalóg.

http://www.gov.cn/xinwen/2018-09/22/5324533/files/dcf470fe4eac413cabb686a51d080eec.pdf, arna rochtain go deireanach an 18 Lúnasa 2021.

(42)  Féach Fógra Rialtas Pobail Chúige Zhejiang maidir le hEisiúint ‘Plean Gníomhaíochta Chúige Zhejiang maidir le Claochlú agus Uasghrádú Cuimsitheach na dTionscal Déantúsaíochta Traidisiúnta (2017-2020)’. http://jxt.zj.gov.cn/art/2017/6/4/art_1657971_35695741.html, arna rochtain go deireanach an 11 Lúnasa 2021.

(43)  https://asiatimes.com/tag/donghu-high-tech-zone/, arna rochtain go deireanach an 18 Lúnasa 2021.

(44)  Féach an tAirteagal Wuhan East Lake: Limistéar Náisiúnta Ardteicniúil ag meascadh beartais infheistíochta agus sochar cánach, suíomh gréasáin Pedata, 27 Feabhra 2013, https://free.pedata.cn/755314.html, arna rochtain go deireanach an 10 Lúnasa 2021. Féach an sliocht: ‘Tá deich gcuideachta liostaithe ar an ‘Tríú Bord Nua’ agus fuair siad na fóirdheontais chomhfhreagracha ón rialtas; […] A mhéid a bhaineann le hinstitiúidí infheistíochta cothromais a mhealladh le socrú sa pháirc ghnó nó infheistíocht a dhéanamh i bhfiontair atá lonnaithe sa pháirc, shuigh na ranna ábhartha de chuid Chúige Hubei, Bardas Wuhan, agus East Lake High-tech Zone faoi seach cistí treorach caipitil fiontair. I gcomparáid le limistéir ardteicneolaíochta i gceantair chósta, cé gur cuireadh tús le tionscal na hinfheistíochta cothromais in East Lake High-tech Zone sa tír níos déanaí, bhí a tharraingteacht le haghaidh institiúidí VC/PE réasúnta suntasach mar gheall ar an mbac íseal ar chlárú gnólachta, tacaíocht láidir do bheartas dreasachta, agus ar líon mór cistí treorach ón rialtas.’

(45)  https://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202004291379049397_1.pdf, lch. 133, 138-139, arna rochtain an 11 Lúnasa 2021.

(46)  https://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202004291379029468_1.pdf, lch. 205, 215, arna rochtain an 11 Lúnasa 2021.

(47)  IO C 394, 17.12.1998, lch. 6.

(48)  Amhail e.g. Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 452/2011 ón gComhairle, IO L 128, 14.5.2011, lch. 18 (Páipéar mín brataithe), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2013 ón gComhairle, IO L 73, 11.3.2013, lch. 16 (Cruach brataithe orgánach), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún 2017/366, IO L 56, 3.3.2017, lch. 1, (Grianphainéil), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún) 1379/2014, IO L 367, 23.12.2014, lch. 22. (Filiméad snáithín gloine), Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún 2014/918, IO L 360, 17.12.2014 lch. 65 (Snáithíní Stápla Poileistir).

(49)  Tuarascáil an Phainéil, CE – Mór-Aerárthaí Sibhialta, míreanna 7.1230 – 7.1231; Tuarascáil an Phainéil, US – AD/CVD (an tSín), míreanna. 9.138 – 9.139.

(50)  Tuarascáil an Phainéil, Stáit Aontaithe Mheiriceá-Dleachtanna Frithdhumpála agus Frithchúitimh Cinntitheacha ar Tháirgí Áirithe ón tSín, WT/DS379/R, míreanna 9.140 – 9.144, 9.157.

(51)  WT/DS379/AB/R (SAM – Dleachtanna Frithdhumpála agus Frithchúitimh ar Tháirgí Áirithe ón tSín), Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc an 11 Márta 2011, DS 379, mír 318. Féach freisin WT/DS436/AB/R (SAM – Cruach Carbóin (An India)), Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc an 8 Nollaig 2014, míreanna 4.9 - 4.10, 4.17 - 4.20 agus WT/DS437/AB/R (na Stáit Aontaithe – Bearta Dleachta Frithchúitimh ar Tháirgí Áirithe ón tSín) Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc an 18 Nollaig 2014, mír 4.92.

(52)  Foraithne ó Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne (Uimh. 283).

(53)  https://www.reuters.com/article/us-china-banks-party-idUSKBN1JN0XN, arna rochtain go deireanach an 13 Lúnasa 2021.

(54)  De réir Bhearta Cur Chun Feidhme CBIRC le haghaidh Ábhair Cheadúnúcháin Riaracháin do Bhainc Tráchtála ag a bhfuil cistiú ón tSín (Ordú CBIRC [2017] Uimh. 1), Bearta Cur Chun Feidhme CBIRC le haghaidh Ábhair Cheadúnúcháin Riaracháin a bhaineann le bainc ag a bhfuil cistiú eachtrach (Ordú CBIRC [2015] Uimh. 4) agus Bearta Riaracháin le haghaidh Cháilíochtaí Stiúrthóirí agus Oifigigh Shinsearacha na nInstitiúidí Airgeadais san Earnáil Baincéireachta (CBIRC [2013] Uimh. 3)

(55)  http://www.pbc.gov.cn/zhengcehuobisi/125207/125213/125440/3876551/de24575c/index2.html, arna rochtain go deireadh an 3 Lúnasa 2021.

(56)  Féach mar shampla na cásanna HRF, Boinn agus rothair leictreacha a luadh i bhfonóta 5, agus i Roinn 3.4.1.1.b, Roinn 3.4.1.1.b agus Roinn 3.5.1.1 faoi seach.

(57)  Féach http://english.eximbank.gov.cn/Profile/AboutTB/Introduction/ arna rochtain go deireanach an 28.10.2021.

(58)  Féach na cásanna GFF agus Boinn a luaitear i bhfonóta 5.

(59)  Féach na cásanna GFF agus Boinn a luaitear i bhfonóta 5.

(60)  WT/DS/296 (DS296 Na Stáit Aontaithe – Imscrúdú dleachta frithchúitimh ar Chuimhne Randamrochtana Dhinimiciúil (DRAMS) ón gCóiré), Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc an 21 Feabhra 2005, mír 116.

(61)  Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc, DS 296, mír 116.

(62)  Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc, DS 296, mír 115.

(63)  Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc, DS 296, mír 114 ag comhaontú leis an Tuarascáil ón bPainéal, DS 194, mír 8.31. maidir leis sin.

(64)  Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc, DS 296, mír 115.

(65)  Féach na cásanna GFF agus Boinn a luaitear i bhfonóta 5.

(66)  Páipéar Oibre CAI ‘Resolving China’s Corporate Debt Problem’, le Wojciech Maliszewski, Serkan Arslanalp, John Caparusso, José Garrido, Si Guo, Joong Shik Kang, W. Raphael Lam, T. Daniel Law, Wei Liao, Nadia Rendak, Philippe Wingender, Jiangyan, Deireadh Fómhair 2016, WP/16/203.

(67)  Livingston, M. Poon, W.P.H. agus Zhou, L. (2017). Are Chinese Credit Ratings Relevant? A Study of the Chinese Bond Market and Credit Rating Industry, in: Journal of Banking & Finance, lch. 24.

(68)  China bond market insight 2021, https://assets.bbhub.io/professional/sites/10/China-bond-market-booklet.pdf, arna rochtain go deireanach an 8 Lúnasa 2021.

(69)  China bond market insight 2021, Fonóta 59, lch. 31.

(70)  Price, A.H., Brightbill T.C., DeFrancesco R.E., Claeys, S.J., Teslik, A. agus Neelakantan, U. (2017). China’s broken promises: why it is not a market-economy, Wiley Rein LLP, lch. 68.

(71)  Féach Bearta Sealadacha maidir le Riarachán an Ghnó Rátála Creidmheasa i ndáil leis an Margadh Urrús arna Fhógairt ag Coimisiún Rialála Urrús na Síne, Ordú ó Choimisiún Rialála Urrús na Síne [2007] Uimh. 50, 24 Lúnasa 2007; Fógra ó People's Bank of China maidir le cáilíochtaí China Cheng Xin Securities Rating Co., Ltd. agus Institiúidí eile atá i mbun Gnó Rátála Creidmheasa ar Bhannaí Corparáide, Yinfa [1997] Uimh. 547, an 16 Nollaig 1997, agus Fógra Uimh. 14 [2018] ó People's Bank of China agus ó Choimisiún Rialála Urrús na Síne maidir le Saincheisteanna a bhaineann le Soláthar Seirbhísí Rátála Bannaí ag Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa i Margadh na mBannaí Idirbhainc agus Margadh na mBannaí Stocmhalrtáin.

(72)  Páipéar Oibre PBOC Uimh. 2017/5, an 25 Bealtaine, 2017, lch. 28.

(73)  Féach suíomh gréasáin China Development Bank Fund: http://www.cdb.com.cn/English/ywgl/zhjryw/gkfzjj/, arna rochtain go deireanach an 18 Lúnasa 2021.

(74)  Féach cás HRF (aithrisí 152 go 244), cás Boinn (aithris 236) agus cás GFF (aithris 300) a luaitear i bhfonóta 5.

(75)  Féach aithris (189) thuas.

(76)  I gcás iasachtaí úis seasta. Maidir le hiasachtaí ar ráta úis comhlúthach, tógadh an ráta tagarmhairc PBOC nó tar éis an 20 Lúnasa 2019, an Bonnráta Iasachta.

(77)  Is cóimheas é an cóimheas fiachais/cothromais a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar ghiaráil airgeadais cuideachta. Sloinntear an cóimheas fiachais/cothromas mar chomparáid idir dliteanais iomlána cuideachta agus cothromas a scairshealbhóirí.

(78)  Déanann an toradh ar chothromas brabúsacht corparáide a thomhas i ndáil le cothromas scairshealbhóirí. Ríomhtar an toradh ar chothromas trí bhrabús roimh cháin a roinnt ar chothromas scairshealbhóirí.

(79)  Source Capital IQ, 2018 i Réamheolaire Bannaí Teicneolaíochta Jiangsu Zhongtian.

(80)  Faoi mhargadh den den sórt sin, d’fhéadfadh an chuideachta cuid dá fiachas a aistriú ina scaireanna, agus mar sin na dliteanais ar a clár comhardaithe a laghdú.

(81)  Cásanna HRF agus Boinn a luaitear i bhfonóta 5, aithrisí (175) go (187) i gcás HRF agus ó aithris (256) i gcás Boinn

(82)  Féach https://www.barclays.co.uk/current-accounts/bank-account/overdrafts/overdraft-charges/, arna rochtain an uair dheiridh an 18 Lúnasa 2021, táillí ar rótharraingtí feidhmiúcháin - “baineann táille bhunaithe de 1.5 % den teorainn rótharraingthe shocraithe, agus táille athnuachana 1.5 %, le rótharraingtí os cionn £ 15 000”.

(83)  Féach an cás GFF a luaitear i bhfonóta 5 (aithrisí 354 agus 355)

(84)  Féach fonóta 79

(85)  https://corporatefinanceinstitute.com/resources/knowledge/finance/commitment-fee/

(86)  https://www.barclays.co.uk/business-banking/borrow/overdrafts/

(87)  Féach suíomh gréasáin People’s Bank of China:

https://www.boc.cn/en/cbservice/cncb6/cb61/200811/t20081112_1324239.html, arna rochtain an uair dheiridh an 18 Lúnasa 2021.

(88)  Ibid.

(89)  Féach suíomh gréasáin DBS Bank: https://www.dbs.com.cn/corporate/financing/working-capital/bank-acceptance-draft-bad-issuance, arna rochtain an uair dheiridh an 18 Lúnasa 2021.

(90)  Féach an cás GFF a luaitear i bhfonóta 5, aithris 385.

(91)  Féach an cás GFF a luaitear i bhfonóta 5, aithris 399.

(92)  ‘Quarterly Review, Summer 1981’

(93)  Féach Bank of Canada Discussion Paper: A Primer on the Canadian Bankers’ Acceptance Market agus https://fast.bnm.gov.my/fastweb/public/files/BA_Apr2004_Updated.pdf

(94)  Féach aithris (189) thuas.

(95)  Reachtaíocht a bhí infheidhme an tráth ar eisíodh na bannaí in-chomhshóite.

(96)  Arna leasú an uair dheiridh an 28 Nollaig 2019 le Foraithne ón Uachtarán Uimh. 37 le héifeacht ón 1 Márta 2020.

(97)  Arna leasú an uair dheiridh an 14 Feabhra 2020 de bhun an Chinnidh maidir le hAthbhreithniú ar na ‘Bearta Riaracháin maidir le hEisiúint Urrús ag Cuideachtaí Liostaithe’ de chuid Choimisiún Rialála Urrús na Síne le héifeacht ón 14 Feabhra 2020.

(98)  Á n-athsholáthar le Bearta Riaracháin maidir leis an tSeirbhís Urraithe d’Eisiúint agus Liostú Urrús, Foraithne Uimh. 170 de chuid Choimisiún Rialála Urrús na Síne an 12 Meitheamh 2020 le héifeacht ón 12 Meitheamh 2020.

(99)  Féach léargas ar mhargadh bannaí na Síne 2021, Fonóta 59, lch. 33.

(100)  Toisc nach raibh sonraí a bhain go sonrach le bannaí corparáide in-chomhshóite ar fáil go poiblí, d’úsáid an Coimisiún na sonraí a bhí ar fáil do bhannaí corparáide, ar cheart go mbeadh bannaí corparáide in-chomhshóite san áireamh ann freisin.

(101)  Féach aithris (189) thuas.

(102)  Arna leasú an uair dheiridh an 28 Nollaig 2019 le Foraithne ón Uachtarán Uimh. 37 le héifeacht ón 1 Márta 2020.

(103)  Féach léargas ar mhargadh bannaí na Síne 2021, Fonóta 59, lch. 33.

(104)  Staidéar ECFE ar bheartais agus cláir chreidmheasa na Síne, leathanach 7, mír 32, ar fáil ag https://www.oecd.org/officialdocuments/publicdisplaydocumentpdf/?cote=TAD/ECG(2015)3&doclanguage=en, arna cheadú go deireanach an 18 Lúnasa 2021.

(105)  Féach suíomh gréasáin Sinosure, Próifíl cuideachta, “Supporting ‘Made in China’”, https://www.sinosure.com.cn/en/Resbonsiblity/smic/index.shtml, arna cheadú go deireanach an 17 Lúnasa 2021.

(106)  Féach cás maidir le boinn a luaitear i bhfonóta 5, aithris 429.

(107)  https://www.sinosure.com.cn/en/Sinosure/Profile/index.shtml, arna cheadú go deireanach an 18 Lúnasa 2021.

(108)  Catalóg Onnmhairiú Tháirgí Ardteicneolaíochta na Síne, m.sh. Uimh. 775, 780, 781, 1035, 1098, 1100, 1104, 1107 agus 1109.

(109)  http://www.mofcom.gov.cn/aarticle/b/g/200411/20041100300040.html, arna cheadú go deireanach an 12 Lúnasa 2021.

(110)  Tuarascáil Bhliantúil Sinosure, 2019, lch 11, https://www.sinosure.com.cn/images/xwzx/ndbd/2020/08/27/38BBA5826A689D7D5B1DAE8BB66FACF8.pdf , arna rochtain go deireanach an 18 Lúnasa 2019.

(111)  Ibid, lch 28 agus 29.

(112)  Ordú Uimh. 23 ó Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne.

(113)  Rialacháin Chur chun Feidhme maidir le Dlí Cánach um Ioncam Fiontair de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne (Arna leasú in 2019)-Ordú Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 714.

(114)  http://kj.quanzhou.gov.cn/wsbs/xgxz/201703/t20170322_431820.htm, arna rochtain go deireanach an 17 Lúnasa 2021.

(115)  Fógra [2021] Uimh. 13 ón Aireacht Airgeadais agus ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Tuilleadh Feabhsuithe ar Bheartas na hAsbhainte Ualaithe Réamhchánach le haghaidh Speansais Taighde agus Forbartha.

(116)  Féach na cásanna HRF, Tyres agus GFF a luaitear i bhfonóta 5, aithrisí 330, 521 agus 560 faoi seach.

(117)  Aithris 182 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2013 ón gComhairle an 11 Márta 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh ar allmhairí táirgí cruach brataithe orgánacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 73, 15.3.2013, lch. 16).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 451/2011 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a fhorchuirtear ar allmhairí páipéir mhín bhrataithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 128, 14.5.2011 , lch. 1).

(118)  Féach cás GFF, aithris (531).

(119)  Roinnt Tuairimí ó Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne agus ón gComhairle Stáit maidir le hAthchóiriú an Chórais Cumhachta a Neartú a Thuilleadh (Zhong Fa [2015] Uimh. 9), Roinn III (4).

(120)  Ciorclán ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú maidir le Costas Leictreachais d’Fhiontair a Laghdú chun Tacú le hAthshlánú na hOibre agus le Forbairt na Táirgeachta agus le hAthchóiriú ar Phraghsanna [2020] Uimh. 258.

(121)  Féach cásanna GFF, OCS agus painéal grianchumhachta.

(122)  Féach Roinn 3.1 thuas.

(123)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2 – Caibidil 9, lch. 213-215.

(124)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2 – Caibidil 9, lch. 209-211.

(125)  Féach fonóta 105.

(126)  Sheas an Chúirt Ghinearálta leis i gCás T-444/11 Gold East Paper agus Gold Huacheng Paper in aghaidh na Comhairle, Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Meán Fómhair 2014 ECLI:EU:T:2014:773.

(127)  Féach cásanna GFF, OCS agus painéal grianchumhachta.

(128)  https://idbpark.moeaidb.gov.tw/, arna rochtain go deireanach an 18 Lúnasa 2021.

(129)  Hubei-Vicipéid

(130)  Hubei-Vicipéid

(131)  https://www.earthmagazine.org/article/mineral-resource-month-germanium/, arna rochtain go deireanach an 17 Lúnasa 2021.

(132)  https://www.ndrc.gov.cn/fggz/fzzlgh/gjfzgh/201603/P020191104614882474091.pdf (arna rochtain an uair dheireanach an 4 Lúnasa 2021).

(133)  http://www.yn.gov.cn/zwgk/zcwj/zxwj/201701/t20170106_143075.html (arna rochtain an uair dheireanach an 4 Lúnasa 2021).

(134)  http://www.yn.gov.cn/zwgk/zcwj/zxwj/202004/t20200426_203069.html (arna rochtain an uair dheireanach an 4 Lúnasa 2021).

(135)  https://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202104221487092732_1.pdf?1619123432000.pdf, lch. 171, arna rochtain an uair dheireanach an 5 Lúnasa 2021.

(136)  https://chxz.chinalco.com.cn/tzzgx/dqbg/202103/P020210325553668267186.pdf, lch. 221, arna rochtain an uair dheireanach an 6 Lúnasa 2021.

(137)  Féach freisin, mutatis mutandis, WT/DS294/AB/RW, SAM — Nialasú (Airteagal 21.5 DSU), Tuarascáil an Bhuanchomhlachta Achomhairc an 14 Bealtaine 2009, mír 453.

(138)  Forléargas ar an margadh cáblaí, CRU (Lúnasa 2020), á chomhlánú le faisnéis mhargaidh na ngearánach.

(139)  Bhí na táscairí sin bunaithe ar shonraí díreacha a bhailigh an gearánach i ndáil leis na hocht dtáirgeoirí de chuid an Aontais a bhí ag gearán nó ag tacú leis an ngearán (ach amháin cuideachta amháin ar na cúiseanna ar tugadh míniú orthu in aithris (574)), táirgeoirí a rinne beagnach 80 % de tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe, móide meastachán le haghaidh na dtáirgeoirí eile de chuid an Aontais ar bhonn taighde ar an margadh agus faisnéis faoi.

(140)  Forléargas ar an Margadh Cáblaí, CRU (Lúnasa 2020), lch. 29, agus Achoimre ar an Margadh Cáblaí Domhanda de réire Feidhme agus Réigiún, CRU, Feabhra 2021.

(141)  Meastacháin bunaithe ar fhoinsí poiblí (Airteagal CRU an 10 Eanáir 2020‘Míchobhsaíocht bhreise le tacht agus bliain chorrach ag teacht chun deiridh’ agus sleamhnáin ó Wire Cable Conference [‘Comhdháil Sreangchábla’] CRU, Meitheamh 2019), a soláthraíodh mar Iarscríbhinn 6.1 agus 6.5 a ghabhann leis an ngearán agus ar a dtugtar tuairisc níos mionsonraithe sa ghearán.

(142)  Tuarascáil phainéil, an tSín – Definitive Anti-Dumping Duties on X-Ray Security Inspection Equipment from the European Union [Dleachtanna Frithdhumpála ar Threalamh Iniúchta Slándála X-Gha ón Aontas Eorpach], WT/DS425/R, mír. 7.67.

(143)  OJ L 362, 30.12.1998, p. 59, aithris 7.

(144)  Breithiúnas an 17 Nollaig 1997, EFMA v an Chomhairle, T-121/95, AE:T:1997:198, míreanna 105 et seqq.

(145)  Coibhéisigh lánaimseartha

(146)  Tá siad ionadaíoch, ag cumhdach 36 % de dhíolacháin thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(147)  Decizia Comisiei 98/230/CE din 20 martie 1998 de închidere a procedurii antidumping privind importurile de trioxid de wolfram și de acid wolframic originare din Republica Populară Chineză (OJ L 87, 21.3.1998, p. 24).

(148)  Tuarascáil an Phainéil, an Téalainn – Dleachtanna Frithdhumpála ar Uillinneacha, Cruthanna agus Píosaí atá déanta d’Iarainn nó Cruach Neamhchóimhiotail agus H-bhíomaí ón bPolainn, WT/DS122/R, paras. 7.245-7.256

(149)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/176 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2016 lenar cuireadh deireadh leis na himeachtaí frithdhumpála a bhain le hallmhairiú an aigéid thungstaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna dtáirgeadh ag Hangzhou Bioking Biochemical Engineering Co. Ltd, IO L 33, 10.2.2016, lch. 14-37, aithris (140).

(150)  Tuarascáil an Phainéil, Comhphobail Eorpacha agus Ballstáit Áirithe – Bearta a Dhéanann Difear do Thrádáil i Mór-Aerárthaí Sibhialta, WT/DS316, para. 7.2083.

(151)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta, 29 Eanáir 2014, Hubei Xinyegang Steel Co. Ltd v Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-528/09, EU:T:2014:35, paras. 79-80.

(152)  San aitheasc uaithi ar Staid an Aontais in 2020,shonraigh Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen an méid seo a leanas: ‘Is é atá sa bhorradh infheistíochta faoi NextGenerationEU deis ar leith chun méadú a spreagadh i ngach sráidbhaile. Sin é an fáth ar mian linn ár n-infheistíocht a dhíriú ar an nascacht shlán, ar leathnú 5G, 6G agus ar shnáithín. Is deis ar leith atá in NextGenerationEU chomh maith chun cur chuige Eorpach níos comhleanúnaí a fhorbairt i dtaca leis an nascacht agus an bonneagar digiteach a chur in úsáid.’

https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/SPEECH_20_1655.

(153)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Compás Digiteach 2030: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha], an Bhruiséil, 9.3.2021 COM(2021) 118 final.

(154)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).

(155)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(156)  Arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2018/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 143, 7.6.2018, lch. 1).

(157)  Iarscríbhinn I ‘Ainmníocht Chomhcheangailte’ a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1). Iarscríbhinn I “Ainmníocht Chomhcheangailte”.

(158)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 410, 18.11.2021, lch. 51).


IARSCRÍBHINN I

Cuideachtaí eile atá ag comhoibriú san imscrúdú frith-fhóirdheontais agus frithdhumpála araon

Ainm na cuideachta

Cód breise TARIC

Dongjie Optical Technology (Suzhou) Co., Ltd.

C700

Fasten Group:

 

Jiangsu Fasten Optical Communication Technology Co., Ltd.

 

Jiangsu Fasten Optical Cable Co., Ltd.

C701

Hangzhou Futong Communication Technology Co., Ltd.

C702

Hangzhou Tuolima Network Technologies Co., Ltd.

C703

Jiangsu Etern Co., Ltd.

C704

Jiangsu Hengtong Group:

 

Hengtong Optic-Electric Co., Ltd.

 

Guangdong Hengtong Optic-electronical Technology Co., Ltd.

 

Jiangsu Hengtong Smart Grids Co., Ltd.

 

Zhejiang Dongtong Optical Network and IOT Technology Co., Ltd.

C705

Jiangsu Tongguang Optical Fiber Cable Co., Ltd.

C706

LEONI Cable (an tSín) Co., Ltd

C707

Nanjing Huamai Technology Co., Ltd

C708

Ningbo Geyida Cable Technology Co., Ltd.

C709

SDG group:

Shenzhen SDG Information Co., Ltd.

Shenzhen SDGI Optical Network Technologies co., Ltd.

C725

Shanghai Qishen International Trade Co., Ltd.

C712

Shenzhen Wanbao Optical Fiber Communication Co., Ltd.

C713

Sichuan Huiyuan Optical Communications Co., Ltd.

C714

Suzhou Furukawa Power Optic Cable Co., Ltd.

C715

Suzhou Torres Optic-electric Technology Co., Ltd.

C716

Twentsche (Nanjing) Fibre Optics Ltd.

C717

XDK Communication Equipment (Huizhou) Ltd.

C718

Yangtze Optical Fibre and Cable group:

Yangtze Optical Fibre and Cable Joint Stock Limited Company

Yangtze Optical Fibre and Cable (Shang-hai) Company Ltd.

Yangtze Zhongli Optical Fibre and Cable (Jiangsu) Co., Ltd.

Sichuan Lefei Optoelectronic Technology Company Limited

Everpro Technology Company Limited

C719


IARSCRÍBHINN II

Cuideachtaí eile atá ag comhoibriú san imscrúdú frithdhumpála ach nach bhfuil ag comhoibriú san imscrúdú frith-fhóirdheontais

Ainm na cuideachta

Cód breise TARIC

Anhui Tianji Information Technology Co., Ltd.

C698

Prysmian Wuxi Cable Co., Ltd.

C710


Top