Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2228

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2228 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena socraítear meán ualaithe na n-uasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste ar fud an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2082

    C/2021/8964

    IO L 448, 15.12.2021, p. 50–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2228/oj

    15.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 448/50


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2228 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Nollaig 2021

    lena socraítear meán ualaithe na n-uasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste ar fud an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2082

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (1), agus go háirithe Airteagal 6e(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 an 15 Meitheamh 2017, níor cheart do sholáthraithe baile aon fhormhuirear de bhreis ar an bpraghas miondíola baile a thobhach ar chustaiméirí fánaíochta in aon Bhallstát as aon ghlao fánaíochta rialáilte a fhaightear, i gcás ina bhfuil na glaonna sin laistigh de na teorainneacha a cheadaítear faoin mbeartas maidir le húsáid chóir.

    (2)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 foráiltear maidir le húdarú chun formhuirear a chur i bhfeidhm maidir le meán ualaithe na n-uasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste ar fud an Aontais, ach teorannaítear aon fhormhuirear den sórt sin a chuirtear i bhfeidhm i dtaca le glaonna fánaíochta rialáilte a fháil.

    (3)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2082 (2) ón gCoimisiún leagtar amach meán ualaithe na n-uasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste ar fud an Aontais, Rialachán atá le cur i bhfeidhm in 2021 ar bhonn na luachanna sonraí amhail ón 1 Iúil 2020.

    (4)

    Rinne Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach faisnéis nuashonraithe a sholáthar don Choimisiún ó údaráis rialála náisiúnta na mBallstát maidir le huasleibhéal na rátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste a fhorchuirtear, i gcomhréir le hAirteagail 32, 67 agus 74 de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i ngach margadh náisiúnta i dtaca le foirceannadh glao gutha mórdhíola ar líonraí soghluaiste aonair agus ar líon iomlán na sínitheoirí sna Ballstáit.

    (5)

    De bhun Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, ríomh an Coimisiún meán ualaithe na n-uasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste ar fud an Aontais tríd an uasráta foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste a cheadaítear in aon Bhallstát ar leith a iolrú faoi líon iomlán na sínitheoirí sa Bhallstát sin, an toradh sin a shuimiú thar gach Ballstát agus an t-iomlán a fhaightear a roinnt ar líon iomlán na sínitheoirí i ngach Ballstát, ar bhonn na luachanna sonraí amhail ón 30 Meitheamh 2021. I gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, is éard atá sa ráta malairte iomchuí meán an dara ráithe de 2021 a fhaightear ó bhunachar sonraí an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

    (6)

    Dá bhrí sin, ní mór luach mheán ualaithe na n-uasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste ar fud an Aontais a thabhairt cothrom le dáta.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2082 a aisghairm.

    (8)

    Faoi Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, ba cheart don Choimisiún meán ualaithe na n-uasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste ar fud an Aontais a athbhreithniú go bliantúil mar a leagtar síos leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Cumarsáide,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    EUR 0,0072 in aghaidh an nóiméid a bheidh i meán ualaithe na n-uasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste ar fud an Aontais.

    Airteagal 2

    Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2082.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Nollaig 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 172, 30.6.2012, lch. 10.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2082 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2020 lena socraítear meán ualaithe na n-uasrátaí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste ar fud an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2019/2116 (IO L 423, 15.12.2020, lch. 18).

    (3)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (OJ L 321, 17.12.2018, p. 36).


    Top