This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1855
Council Decision (EU) 2021/1855 of 18 October 2021 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Association Council set up by the Euro-Mediterranean Agreement establishing an Association between the European Community and its Member States, of the one part, and the Republic of Lebanon, of the other part, as regards the extension of the validity of the EU-Lebanon Partnership Priorities until new updated joint documents are adopted by the Association Council
Cinneadh (AE) 2021/1855 ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Liobáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais Doiciméid Chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta
Cinneadh (AE) 2021/1855 ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Liobáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais Doiciméid Chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta
ST/12254/2021/INIT
IO L 374, 22.10.2021, p. 58–59
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 374/58 |
CINNEADH (AE) 2021/1855 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Deireadh Fómhair 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Liobáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais Doiciméid Chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Liobáine, den pháirt eile (1) (an “Comhaontú”), síníodh é an 17 Meitheamh 2002 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2006. |
(2) |
Ghlac an Chomhairle Comhlachais Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine, lena n-áirítear Comhshocrú an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine atá i gceangal leo (an “Comhshocrú”) le Cinneadh Uimh. 1/2016 (2) uaithi le haghaidh na tréimhse 2016-2020. |
(3) |
Trí mhalartú litreacha, chomhaontaigh an dá thaobh gur cheart síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine, lena n-áirítear an Comhshocrú, mar dhoiciméid threoracha chun a gcomhpháirtíocht a chomhdhlúthú go dtí go nglacfar doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta. |
(4) |
Faoi Airteagal 76 den Chomhaontú, tá an chumhacht ag an gComhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach. |
(5) |
Tá an Chomhairle Comhlachais le cinneadh a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn chun síneadh a chur le bailíocht na dTosaíochtaí Comhpháirtíochta, lena n-áirítear an Comhshocrú, go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta. |
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leis an gcinneadh ón gComhairle Comhlachais. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhlachais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Liobáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais doiciméid chomhpháirteacha nua atá tugtha cothrom le dáta, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhlachais (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 143, 30.5.2006, lch. 2.
(2) Cinneadh Uimh. 1/2016 ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine an 11 Samhain 2016 lena dtagtar ar chomhaontú maidir le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Liobáine (IO L 350, 22.12.2016, lch. 114).
(3) Féach doiciméad ST 12263/21 ar http://register.consilium.europa.eu.