Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1854

    Cinneadh (AE) 2021/1854 ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais Tosaíochtaí Comhpháirtíochta nua

    ST/12253/2021/INIT

    IO L 374, 22.10.2021, p. 56–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1854/oj

    22.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 374/56


    CINNEADH (AE) 2021/1854 ÓN gCOMHAIRLE

    an 18 Deireadh Fómhair 2021

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais Tosaíochtaí Comhpháirtíochta nua

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile (1), (an “Comhaontú”), síníodh é an 24 Samhain 1997 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2002.

    (2)

    Ghlac an Chomhairle Comhlachais Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine le Cinneadh Uimh. 1/2016 (2) uaithi agus chuir sí síneadh leo le Cinneadh Uimh. 1/2018 (3) uaithi go dtí deireadh 2020.

    (3)

    Trí mhalartú litreacha, chomhaontaigh an dá thaobh gur cheart síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine mar dhoiciméad treorach chun an chomhpháirtíocht a chomhdhlúthú go dtí go nglacfar Tosaíochtaí Comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta.

    (4)

    Faoi Airteagal 91 den Chomhaontú, tá an chumhacht ag an gComhairle Comhlachais cinntí a dhéanamh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.

    (5)

    Tá an Chomhairle Comhlachais le cinneadh a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn chun síneadh a chur le bailíocht na dTosaíochtaí Comhpháirtíochta go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais Tosaíochtaí Comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta.

    (6)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leis an gcinneadh ón gComhairle Comhlachais.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh den Chomhairle Comhlachais a bhunú ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhlachais,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais Tosaíochtaí Comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhlachais (4).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 129, 15.5.2002, lch. 3.

    (2)  Cinneadh Uimh. 1/2016 ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine an 19 Nollaig 2016 lena gcomhaontaítear Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine (IO L 355, 24.12.2016, lch. 31).

    (3)  Cinneadh Uimh. 1/2018 ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine an 12 Nollaig 2018 lena gcomhaontaítear síneadh 2 bhliain a chur le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine (IO L 8 10.1.2019, lch. 34).

    (4)  Féach doiciméad ST 12261/21 ar http:register.consilium.europa.eu.


    Top