This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1852
Council Decision (EU) 2021/1852 of 18 October 2021 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Association Council set up by the Euro-Mediterranean Agreement establishing an Association between the European Community and its Member States, of the one part, and the People’s Democratic Republic of Algeria, of the other part, as regards the extension of the validity of the EU-Algeria partnership priorities until new updated partnership priorities are adopted by the Association Council
Cinneadh (AE) 2021/1852 ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara, lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht thosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais tosaíochtaí comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta
Cinneadh (AE) 2021/1852 ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara, lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht thosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais tosaíochtaí comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta
ST/12251/2021/INIT
IO L 374, 22.10.2021, p. 52–53
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 374/52 |
CINNEADH (AE) 2021/1852 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Deireadh Fómhair 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara, lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht thosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais tosaíochtaí comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, den pháirt eile (1) (an “Comhaontú”), síníodh é an 22 Aibreán 2002 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2005. |
(2) |
Ghlac an Chomhairle Comhlachais tosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire le Cinneadh Uimh. 1/2017 ón gComhairle Comhlachais (2). |
(3) |
Trí mhalartú litreacha, chomhaontaigh an dá thaobh gur cheart síneadh a chur le bailíocht thosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire. |
(4) |
Faoi Airteagal 94 den Chomhaontú, tá an chumhacht ag an gComhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach. |
(5) |
Tá an Chomhairle Comhlachais le cinneadh a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn chun síneadh a chur le bailíocht na dtosaíochtaí comhpháirtíochta go dtí go nglacfaidh sí tosaíochtaí comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta. |
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag cinneadh na Comhairle Comhlachais. |
(7) |
Ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, dá bhrí sin, ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhlachais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht thosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais tosaíochtaí comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhlachais (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 265, 10.10.2005, lch. 2.
(2) Cinneadh Uimh. 1/2017 ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire an 13 Márta 2017 lena gcomhaontaítear tosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire (IO L 82, 29.3.2017, lch. 9).
(3) Féach doiciméad ST 12258/21 ag http://register.consilium.europa.eu.