Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1849

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1849 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464 lena leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na doiciméid is gá chun tréimhsí a aithint go haisghníomhach chun tiontaithe, le táirgeadh táirgí orgánacha agus leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/7475

    IO L 374, 22.10.2021, p. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1849/oj

    22.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 374/10


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1849 ÓN gCOIMISIÚN

    an 21 Deireadh Fómhair 2021

    lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464 lena leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na doiciméid is gá chun tréimhsí a aithint go haisghníomhach chun tiontaithe, le táirgeadh táirgí orgánacha agus leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 10(6), 14(3), 15(3), 16(3), 17(3) agus Airteagal 26(7), pointe (d), de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sa leagan Gearmáinise, sa leagan Máltaise agus sa leagan Spáinnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464 ón gCoimisiún (2), tá earráidí in Airteagal 26(1) go (7) toisc go dtagraítear sna leaganacha teanga sin do dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin in ionad dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin.

    (2)

    Dá bharr sin, ba cheart an leagan Gearmáinise, an leagan Máltaise agus an leagan Spáinnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile

    (3)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464 ón gCoimisiún an 26 Márta 2020 lena leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na doiciméid is gá chun tréimhsí a aithint go haisghníomhach chun tiontaithe, le táirgeadh táirgí orgánacha agus leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit (IO L 98, 31.3.2020, lch. 2).


    Top