Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0649

    Cinneadh (CBES) 2021/649 ón gComhairle an 16 Aibreán 2021 maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí Rúnaíocht CTA mar thaca le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm

    ST/7142/2021/INIT

    IO L 133, 20.4.2021, p. 59–65 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 20/10/2023: This act has been changed. Current consolidated version: 23/01/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/649/oj

    20.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 133/59


    CINNEADH (CBES) 2021/649 ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Aibreán 2021

    maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí Rúnaíocht CTA mar thaca le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an Conradh Trádála Arm (CTA) an 2 Aibreán 2013 trí Rún A/RES/67/234 B uaidh. Osclaíodh CTA ina dhiaidh sin lena shíniú an 3 Meitheamh 2013 agus tháinig sé i bhfeidhm an 24 Nollaig 2014. Is páirtithe in CTA iad na Ballstáit uile.

    (2)

    Is é is aidhm do CTA na caighdeáin idirnáisiúnta is airde is féidir a bhunú maidir le rialú a dhéanamh ar thrádáil idirnáisiúnta ghnáth-arm, nó feabhas a chur ar an rialú sin, agus trádáil aindleathach gnáth-arm a chosc agus a dhíothú agus cosc a chur ar atreorú na n-arm sin. Na Stáit is Páirtithe in CTA (“na Stáit is Páirtithe”) é a chur chun feidhme go héifeachtach agus go ndéanfaí é a uiliú, sin iad na príomhdhúshláin atá ann aidhmeanna CTA a bhaint amach agus é á chur san áireamh gur dianiarracht dhomhanda atá i gceist le trádáil idirnáisiúnta arm a rialú. Chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/768/CBES (1) an 16 Nollaig 2013 agus Cinneadh (CBES) 2017/915 (2) an 29 Bealtaine 2017, rud a mhéadaigh punann chúnaimh an Aontais maidir le rialú onnmhairiúcháin le gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le CTA.

    (3)

    Le CTA, bunaítear Rúnaíocht (“Rúnaíocht CTA”) chun cabhrú leis na Stáit is Páirtithe CTA a chur chun feidhme go héifeachtach. Ar na freagrachtaí a ghabhann Rúnaíocht CTA air féin, tá an méid seo a leanas: na tuarascálacha a fháil, a chur ar fáil agus a dháileadh de réir mar a shainordaítear le CTA; liosta na bpointí teagmhála náisiúnta a choinneáil ar bun agus a chur ar fáil do na Stáit is Páirtithe; éascaíocht a dhéanamh ar mheaitseáil tairiscintí agus iarrataí ar chúnamh i ndáil le cur chun feidhme CTA agus an comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn de réir mar a iarrtar; obair Chomhdháil na Stát is Páirtithe a éascú, lena n-áirítear socruithe a dhéanamh agus na seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil le haghaidh cruinnithe arna n-eagrú faoi CTA; agus dualgais eile a chomhlíonadh de réir mar a chinnfidh Comhdhálacha na Stát is Páirtithe. Is í Rúnaíocht CTA a riarann freisin an Ciste Iontaobhais Deonach arna bhunú ag Stáit is Páirtithe faoi Airteagal 16(3) de CTA chun cabhrú leis na Stáit is Páirtithe CTA a chur chun feidhme. Ina theannta sin, chuir Ceathrú Comhdháil Páirtithe na Stát de chúram ar Rúnaíocht CTA Clár Urraíochta CTA, a bunaíodh chun rannpháirtíocht ionadaithe Stáit i gcruinnithe CTA a éascú, a riaradh.

    (4)

    Ina Straitéis Dhomhanda 2016 do Bheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, geallann an tAontas go gcuirfidh sé ord domhanda riailbhunaithe chun cinn. Tá leas ag an Aontas i rialacha comhaontaithe a chur chun cinn chun earraí poiblí domhanda a chur ar fáil agus chun cabhrú le domhan síochánta inbhuanaithe a bhaint amach. Ord domhanda riailbhunaithe a bhfuil an t-iltaobhachas mar phríomhphrionsabal aige, agus na Náisiúin Aontaithe ina chroílár, sin a chuireann an tAontas chun cinn. Tugann an tAontas an-tacaíocht do bhallraíocht mhéadaitheach, uiliú, cur chun feidhme iomlán agus forfheidhmiú iomlán i ndáil le conarthaí agus córais iltaobhacha dí-armála, neamhleata agus rialaithe arm, lena n-áirítear CTA. I gcomhthéacs na spriocanna beartais uileghabhálacha sin, luíonn tacaíocht do Rúnaíocht CTA go maith leis an aidhm shonrach atá ann an córas iltaobhach is bonn leis an trádáil fhreagrach arm a neartú.

    (5)

    Is maith mar is féidir le Rúnaíocht CTA idirchaidreamh a dhéanamh le gach eagraíocht iltaobhach, réigiúnach, agus náisiúnta, mar aon le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, a bhíonn i mbun tionscadail a thacaíonn le huiliú nó le cur chun feidhme CTA. Ina theannta sin, is soláthraí seanbhunaithe cúnaimh rialaithe onnmhairiúcháin in earraí dé-úsáide é an tAontas, agus é ag tacú le creataí dlíthiúla agus acmhainní institiúideacha a fhorbairt chun rialuithe onnmhairithe éifeachtacha ar earraí dé-úsáide agus míleata a bhunú agus a fhorfheidhmiú. Is é is aidhm do Rúnaíocht CTA a áirithiú go gcomhlánaíonn a dtionscadail cláir chúnaimh an Aontais maidir le dé-úsáid agus le rialú onnmhairí arm, amhail iad siúd faoi Chinneadh (CBES) 2017/915,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach agus uiliú an Chonartha Trádála Arm (CTA), tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí Rúnaíocht CTA a bhfuil na cuspóirí seo a leanas acu:

    tacú leis na Stáit is Páirtithe in CTA a gcórais rialaithe aistrithe arm a neartú chun CTA a chur chun feidhme go héifeachtach;

    leagan amach institiúideach Rúnaíocht CTA a neartú mar an príomhchomhlacht chun cabhrú leis na Stáit is Páirtithe in CTA chun CTA a chur chun feidhme.

    2.   Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, tacóidh an tAontas leis na gníomhaíochtaí tionscadail seo a leanas:

    (a)

    tacaíocht d’fhorbairt acmhainní i ndáil le pointí teagmhála náisiúnta CTA;

    (b)

    uainchlár saineolaithe a bhunú chun acmhainn saineolaithe áitiúla agus réigiúnacha CTA a fhorbairt chun comhairle agus oiliúint a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme CTA ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach (“oiliúint na n-oiliúnóirí”);

    (c)

    tacaíocht do bhunachar sonraí le meaitseáil a dhéanamh ar riachtanais agus acmhainní.

    Leagtar amach san Iarscríbhinn tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear sa mhír seo.

    Airteagal 2

    1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ("an tArdionadaí”) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

    2.   Is í Rúnaíocht CTA a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    3.   Déanfaidh Rúnaíocht CTA a cuid cúraimí faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le Rúnaíocht CTA.

    Airteagal 3

    1.   Is é EUR 1 370 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun na gníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur chun feidhme.

    2.   Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar bhainistiú cuí an mhéid tagartha caiteachas arna mhaoiniú ag an méid thagartha a leagtar amach i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú riachtanach i gcrích le Rúnaíocht CTA. Sonróidh an comhaontú go n-áiritheoidh Rúnaíocht CTA infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, ar bhealach atá iomchuí lena méid.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú chun críche.

    Airteagal 4

    1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag Rúnaíocht CTA. Beidh na tuarascálacha sin ina mbonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.

    2.   Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi na gnéithe airgeadais de chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Rachaidh sé in éag 24 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích, nó 6 mhí tar éis dáta a ghlactha mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Aibreán 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  Cinneadh 2013/768/CBES ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 maidir le gníomhaíochtaí AE mar thaca le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm, faoi chuimsiú Straitéis Shlándála na hEorpa (IO L 341, 18.12.2013, lch. 56).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2017/915 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2017 maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais mar thaca le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm (IO L 139, 30.5.2017, lch. 38).


    IARSCRÍBHINN

    DOICIMÉAD TIONSCADAIL

    1.   Tionscadail

    1.1.   Tionscadal 1: Tacaíocht d'fhorbairt acmhainní phointí teagmhála náisiúnta CTA

    1.1.1.   Cuspóir foriomlán an tionscadail

    Acmhainn phointí náisiúnta teagmhála na Stát is Páirtithe a fhorbairt, lena n-áirítear cur lena n-eolas ar oibleagáidí CTA agus a bhfeasacht a ardú maidir le forbairtí i bpróiseas CTA.

    1.1.2.   Cúlra

    Ar mholadh ón Meitheal um Thrédhearcacht agus um Thuairisciú, thug 3ú Comhdháil na Stát is Páirtithe sainordú do Rúnaíocht CTA “doiciméad treorach a ullmhú le haghaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta ina ndéantar cur síos ar an ról agus ar na cúraimí a d'fhéadfadh a bheith ann don fheidhm sin, lena n-áirítear a áirithiú go ndéanfar tuairisciú éigeantach CTA a ullmhú agus a chur isteach go tráthúil agus go hiomlán”. Thairis sin, tá gá sainaitheanta ag Rúnaíocht CTA a áirithiú go mbeidh na pointí teagmhála náisiúnta rannpháirteach i gcruinnithe CTA – lena n-áirítear cruinnithe ullmhúcháin agus cruinnithe na Meithle – ar bhealach cuiditheach.

    1.1.3.   Gníomhaíochtaí agus aschuir

    Bheadh na gníomhaíochtaí/nithe insoláthartha seo a leanas i gceist leis an tionscadal seo:

    (a)

    Doiciméad treorach a ullmhú do na Pointí Teagmhála Náisiúnta ina gcuirtear síos ar an ról agus ar na cúraimí a d'fhéadfadh a bheith ann don fheidhm sin;

    (b)

    Leathanach gréasáin/tairseach gréasáin a chruthú atá tiomnaithe go sonrach do Phointí Teagmhála Náisiúnta, le naisc chuig faisnéis a bhaineann leo;

    (c)

    Trí cinn de chruinnithe faisnéise, dar fad idir leathlá agus lá iomlán, a eagrú roimh gach cruinniú CTA a bheidh tiomnaithe do Phointí Teagmhála Náisiúnta, ina gcuirfear faisnéis agus nuashonruithe ar an gcruinniú atá le teacht ar fáil dóibh agus ina dtabharfar an deis dóibh ceisteanna a chur agus faisnéis a shoiléiriú; agus

    (d)

    Sásra a bhunú chun teagmháil rialta chórasach a dhéanamh le Pointí Teagmhála Náisiúnta ar bhonn aonair chun tacú lena rannpháirtíocht in CTA.

    1.1.4.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

    (a)

    Níos mó eolais ar oibleagáidí CTA (lena n-áirítear tuairisciú) i measc phointí teagmhála náisiúnta CTA;

    (b)

    Níos mó feasachta ar phróiseas CTA;

    (c)

    Scaipeadh forleathan ábhar faisnéise faoi CTA chuig pointí teagmhála náisiúnta agus níos faide i gcéin.

    1.1.5.   Tairbhithe

    Pointí Teagmhála Náisiúnta na Stát is Páirtithe.

    1.2.   Tionscadal 2: Uainchlár saineolaithe (oiliúint na n-oiliúnóirí)

    1.2.1.   Cuspóir foriomlán an tionscadail

    Cumas shaineolaithe áitiúla agus réigiúnacha CTA a fhorbairt chun comhairle agus oiliúint a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme CTA ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach d'fhonn spleáchas ar chomhairleoirí agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta a laghdú, caighdeán na hoiliúna agus an chúnaimh cur chun feidhme a fheabhsú, agus chun rannchuidiú le hiarrachtaí fothaithe acmhainní a chur in oiriúint ar bhealach níos fearr.

    1.2.2.   Cúlra

    Cé gur cuireadh roinnt tionscadal de chuid an Chiste Iontaobhais Dheonaigh (VTF) chun feidhme le tacaíocht ó eagraíochtaí áitiúla agus ó chomhairleoirí náisiúnta nó réigiúnacha, tá baint ag formhór thionscadail VTF a cuireadh chun feidhme ó 2ú Comhdháil na Stát is Páirtithe le saineolaithe idirnáisiúnta agus/nó comhpháirtí cur chun feidhme tionscadail ar eagraíocht idirnáisiúnta é (amhail eintiteas de chuid na Náisiún Aontaithe) nó eagraíocht neamhrialtasach idirnáisiúnta. Níl spleáchas leanúnach ar shaineolas idirnáisiúnta éifeachtúil ná inbhuanaithe ar na cúiseanna seo a leanas:

    1)

    Tá costas mór ag baint leis an taisteal idirnáisiúnta a theastaíonn chun gur féidir le saineolaithe idirnáisiúnta freastal ar cheardlanna oiliúna agus iad a stiúradh, agus leis na táillí laethúla nó honoraria a éilíonn saineolaithe idirnáisiúnta (i gcoibhneas na costais a bhaineann le saineolaí áitiúil nó réigiúnach); agus

    2)

    Ní chuireann an spleáchas leanúnach ar shaineolaithe idirnáisiúnta le hacmhainn ná le saineolas na gcomhairleoirí áitiúla agus réigiúnacha, ar saineolaithe iad a d'fhéadfadh a bheith in ann oiliúint agus cur chun feidhme marthanach agus saincheaptha a sholáthar san fhadtéarma.

    Ina theannta sin, is léir ó thaithí VTF go mbeadh tacaíocht forbartha de dhíth ar chomhairleoirí agus ar eagraíochtaí áirithe d'fhonn tabhairt faoina róil i dtionscadail cur chun feidhme CTA. Ba mhaith le Rúnaíocht CTA aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann le spleáchas ar chomhairleoirí agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ar cháilíocht roinnt den oiliúint agus den chúnamh a chuirtear ar fáil, trí bhíthin tionscadal a fhéachann le cumas na gcomhairleoirí áitiúla agus réigiúnacha a fhorbairt chun cúnamh oiliúna agus cur chun feidhme a chur ar fáil.

    1.2.3.   Gníomhaíochtaí agus aschuir

    Bheadh na gníomhaíochtaí/nithe insoláthartha seo a leanas i gceist leis an tionscadal seo:

    (a)

    Ceardlann dar téama “oiliúint na n-oiliúnóirí” a dhearadh a chuirfeadh le hacmhainn na sainchomhairleoirí áitiúla agus réigiúnacha cúnamh ardchaighdeáin oiliúna agus cur chun feidhme a chur ar fáil;

    (b)

    Ábhair oiliúna a ullmhú chun ceardlanna dar téama “oiliúint na n-oiliúnóirí” a éascú;

    (c)

    Dul i dteagmháil le comhairleoirí i réigiúin spriocdhírithe chun páirt a ghlacadh sna ceardlanna saincheaptha dar téama “oiliúint na n-oiliúnóirí”; agus

    (d)

    Sé cinn de cheardlanna dar téama “oiliúint na n-oiliúnóirí” a reáchtáil i réigiúin éagsúla.

    1.2.4.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

    (a)

    Méadú a chur ar líon na gcomhairleoirí áitiúla agus réigiúnacha ar “saineolaithe” CTA iad, arna bhformhuiniú ag Rúnaíocht CTA, ar féidir leo oiliúint agus cúnamh cur chun feidhme ar ardchaighdeán a sholáthar ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

    (b)

    Liosta poiblí comhairleoirí a fhorbairt arna bhformhuiniú ag Rúnaíocht CTA mar chomhairleoirí atá in ann cúnamh ardchaighdeáin a chur ar fáil maidir le hoiliúint CTA agus cur chun feidhme (uainchlár saineolaithe). D'fhéadfaí liosta den sórt sin a scaipeadh, mar shampla, ar fhaighteoirí ionchasacha VTF atá ag lorg comhairleoirí nó comhpháirtithe cur chun feidhme tionscadail.

    1.2.5.   Tairbhithe

    Comhairleoirí áitiúla agus réigiúnacha.

    Deontóirí agus faighteoirí VTF.

    1.3.   Tionscadal 3: Tacaíocht do bhunachar sonraí le meaitseáil a dhéanamh ar riachtanais agus acmhainní

    1.3.1.   Cuspóir foriomlán an tionscadail

    Sásra a fhorbairt chun tairiscintí agus iarrataí ar chúnamh a mheaitseáil maidir le cur chun feidhme an Chonartha d'fhonn dúbailt agus forluí thionscadail chúnaimh CTA a laghdú agus líon na Stát a fhaigheann cúnamh spriocdhírithe a mhéadú.

    1.3.2.   Cúlra

    Faoi Airteagal 18(3)(c) CTA, tugtar sainordú do Rúnaíocht CTA “Comhoiriúnú tairiscintí cur chun feidhme an Chonartha agus iarrataí ar chúnamh maidir le cur chun feidhme an Chonartha a éascú”. Cé go moltar do na Stáit is Páirtithe cúnamh a lorg, i gcás inar gá, agus cúnamh a chur ar fáil, arna iarraidh sin, níl aon sásra foirmiúil ann chun cúnamh a lorg nó a thairiscint faoi CTA. Ina theannta sin, ní áirítear ar na teimpléid tuairiscithe atá ann faoi láthair áis chun cúnamh a iarraidh nó a thairiscint (mar theimpléid i bpróisis eile – amhail Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Mionairm agus Airm Éadroma). Ba mhaith le Rúnaíocht CTA féachaint ar na roghanna chun bunachar sonraí nó sásra eile a fhorbairt chun riachtanais agus acmhainní a mheaitseáil chun CTA a chur chun feidhme i gcomhlíonadh a oibleagáide faoin gConradh agus chun an comhar agus cúnamh idirnáisiúnta a fheabhsú.

    1.3.3.   Gníomhaíochtaí agus aschuir

    Bheadh na gníomhaíochtaí/nithe insoláthartha seo a leanas i gceist leis an tionscadal seo:

    (a)

    Féachaint ar roghanna chun sásra a bhunú chun riachtanais agus acmhainní a mheaitseáil, lena n-áirítear trí athbhreithniú comparáideach ar na sásraí atá ann cheana i bhfóraim eile, chomh maith le comhairliúcháin le faighteoirí agus deontóirí araon;

    (b)

    Sásra meaitseála riachtanas agus acmhainní a dhearadh agus a bhunú, lena n-áirítear bunachar sonraí leictreonach na n-iarrataí ar chúnamh agus na dtairiscintí, agus uirlis ar líne a fhorbairt chun cúnamh a iarraidh; agus

    (c)

    An sásra meaitseála riachtanas agus acmhainní a sheoladh, a phoibliú agus a chothabháil.

    1.3.4.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

    Faisnéis fheabhsaithe maidir le riachtanais chúnaimh na Stát is Páirtithe chomh maith leis na hacmhainní atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin.

    Dhéanfaí an sásra a forbraíodh a ailíniú go dlúth leis an gCiste Iontaobhais Deonach (VTF, arna riar ag Rúnaíocht CTA) chun comhlántacht a áirithiú idir na sásraí cúnaimh.

    1.3.5.   Tairbhithe

    Stáit is Páirtithe agus Stáit Sínithe atá ag lorg cúnamh chun CTA a chur chun feidhme.

    Stáit bhronntacha a bhfuil tionscadail cur chun feidhme CTA á lorg acu chun tacú leo.

    2.   Breithniúcháin

    2.1   Comhlántacht a áirithiú le for-rochtain leanúnach CTA

    Tá cur amach ag Rúnaíocht CTA ar chistí eile atá páirteach i gcistiú a dhéanamh ar thionscadail cur chun feidhme CTA, amhail an Rialachán maidir le Saoráid Iontaobhais na Náisiún Aontaithe maidir le Comhar Tacaíochta Arm (UNSCAR) agus, ar ndóigh, tionscadal for-rochtana AE CTA. D'oibrigh Rúnaíocht CTA go dlúth le bainisteoirí agus le lucht cur chun feidhme an dá ghníomhaíocht, lena n-áirítear Oifig Chónaidhme na Gearmáine um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Rialú Onnmhairithe (BAFA) agus Expertise France, chun iarracht a dhéanamh dúbláil an mhaoinithe a sheachaint. Is éard a bhí i gceist leis sin faisnéis a roinnt ar bhonn rialta – agus rúnda – ar iarratais a fhaightear agus ar thionscadail a d'fhormheas na cistí éagsúla.

    I gcomhthéacs na tacaíochta a thugann an tAontas do Rúnaíocht CTA, chuirfeadh Rúnaíocht CTA leis an gcaidreamh a forbraíodh le BAFA agus Expertise France chun comhlántacht a áirithiú idir tionscadal Aontasmhaoinithe ón Aontas Eorpach agus obair leanúnach thionscadal for-rochtana AE CTA. Mar shampla, rachadh Rúnaíocht CTA i dteagmháil le baill de ghrúpa saineolaithe an Aontais chun páirt a ghlacadh i gceardlann saineolaithe chun bailíochtú a dhéanamh ar na hábhair oiliúna a forbraíodh don ghné “oiliúint na n-oiliúnóirí” de Thionscadal 2 (Sainchóras uainchláir (oiliúint na n-oiliúnóirí)), agus chun a dtaithí agus na ceachtanna a foghlaimíodh a roinnt.

    Ina theannta sin, lorgódh Rúnaíocht CTA ionchur ó chomhpháirtithe cur chun feidhme thionscadail for-rochtana AE CTA chun ionadaithe Stáit agus daoine aonair eile a shainaithint a roghnófar le bheith rannpháirteach i gclár “oiliúint na n-oiliúnóirí” de chuid Rúnaíocht CTA. D'fhéadfadh Rúnaíocht CTA oibriú freisin le comhpháirtithe cur chun feidhme for-rochtana AE CTA agus le saineolaithe chun riachtanais chúnaimh a leithlisiú a d'fhéadfadh a bheith ag sprioc-Stáit agus ar sainaithníodh iad mar chuid de chleachtadh treochláir an Aontais agus d'fhor-rochtain eile de chuid an Aontais. D'fhéadfaí faisnéis den sórt sin a úsáid chun bunachar sonraí na riachtanas agus na n-acmhainní comhfhreagracha atá beartaithe i dTionscadal 3 a phoibliú (Tacaíocht do bhunachar sonraí le meaitseáil a dhéanamh ar riachtanais agus acmhainní).

    Go hachomair, feictear do Rúnaíocht CTA go bhfuil go leor deiseanna ann d'idirphlé/comhpháirtíocht leanúnach le tionscadal for-rochtana AE CTA chun comhlántacht a áirithiú idir an dá thionscadal agus iad ag iarraidh an sprioc chomhpháirteach a bhaint amach maidir le cur chun feidhme éifeachtach CTA.

    2.2   Tionchar agus impleachtaí COVID-19

    Tá a lorg á fhágáil ag COVID-19 ar fhormhór an domhain, cé nach ionann cás do gach tír. Maidir leis na srianta ar ghluaiseacht, ar mhéid na gcruinnithe agus ar an taisteal, atá curtha i bhfeidhm ag a lán tíortha mar fhreagairt ar an ráig, is dócha go mbeidh tionchar acu ar chur chun feidhme thionscadail CTA sna míonna romhainn, agus go deimhin b'fhéidir sna blianta atá romhainn.

    Ós rud é, freisin, nach fios cé chomh fada a mhairfidh tréimhse ráig COVID-19 agus a thionchar agus nach féidir é a thuar ag an tráth seo, beidh sé deacair a bheith cinnte cé na himpleachtaí a bheidh ann do na gníomhaíochtaí tionscadail sin a bhaineann le taisteal idirnáisiúnta agus/nó cruinnithe duine le duine, ná d'amlínte.

    Cuirfidh Rúnaíocht CTA na cúinsí sin san áireamh ina pleanáil tionscadail ar na bealaí seo a leanas:

    Ar an gcéad dul síos, tá dréachtsceideal tionscadal ullmhaithe ag Rúnaíocht CTA chun na trí thionscadal a leagtar amach sa togra a chur chun feidhme, lena n-áirithítear go rachfar i mbun an oiread sin den ullmhúchán deisce, den phleanáil, den fhor-rochtain, den taighde agus den dréachtú is gá le haghaidh gach ceann de na tionscadail le linn an chéad 15 mhí den tionscadal (Aibreán 2021-Meitheamh 2022). Na gníomhaíochtaí sin a dteastaíonn rannpháirtíocht duine le duine lena n-aghaidh i.e. na ceardlanna dar téama “oiliúint na n-oiliúnóirí” atá beartaithe i dTionscadal 2 (Sainuainchlár (oiliúint na n-oiliúnóirí)) – sceidealófaí iad le bheith ar siúl sa dara bliain den tionscadal (Iúil – Samhain 2022). Ar ndóigh, i gcás ina mbíonn paindéim COVID fós ag cur isteach ar an gcumas taisteal agus ceardlanna aghaidh ar aghaidh a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair 2022, d'fhéadfadh sé gur ghá síneadh ama nó plean teagmhasach eile a chur san áireamh.

    Ar an dara dul síos, tá pleananna teagmhasacha i bhfeidhm ag Rúnaíocht CTA maidir le gníomhaíochtaí tionscadail áirithe lena ndéantar machnamh ar rannpháirtíocht duine le duine nó go pearsanta. Mar shampla, i dTionscadal 1 (Tacaíocht le haghaidh forbairt pointí teagmhála náisiúnta CTA), tá sé beartaithe cruinnithe faisnéise dar fad idir leathlá nó lá a eagrú roimh gach cruinniú CTA (ag tosú sa 8ú timthriall de chuid Chomhdháil na Stát is Páirtithe) a bheidh tiomnaithe do Phointí Teagmhála Náisiúnta, ina gcuirfear faisnéis agus nuashonruithe ar an gcruinniú atá le teacht ar fáil dóibh agus ina dtabharfar an deis dóibh ceisteanna a chur agus faisnéis a shoiléiriú. Cé go bhfuiltear ag súil go mbeidh na cruinnithe faisnéise sin ar siúl roimh gach cruinniú CTA (chomh maith leis an gcruinniú féin), mura féidir sin a dhéanamh i ngeall ar shrianta COVID, d'fhéadfaí na cruinnithe faisnéise sin a reáchtáil de réir réigiúin (más gá) chun aghaidh a thabhairt ar fhachtóirí ama agus ar thosca teanga.


    Top