Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0646

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil lena gcórais éigeandála le fanacht i lána (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/2562

    IO L 133, 20.4.2021, p. 31–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/646/oj

    20.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 133/31


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/646 ÓN gCOIMISIÚN

    an 19 Aibreán 2021

    lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil lena gcórais éigeandála le fanacht i lána

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2010, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 7(6) i gcomhar le hAirteagal 7(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2019/2144, ceanglaítear córais éigeandála le fanacht i lána a fheistiú i ngluaisteáin phaisinéirí agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma. Is gá rialacha a bhunú maidir le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú feithiclí i ndáil leis na córais éigeandála le fanacht i lána.

    (2)

    Na nósanna imeachta cineálcheadaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá feidhm acu maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí a mhéid a bhaineann leis na córais éigeandála le fanacht i lána. Ionas gur féidir cur chuige comhsheasmhach a bheith ann maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar sa doiciméad faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/858, an fhaisnéis atá ábhartha i ndáil leis an gcóras éigeandála le fanacht i lána, ba cheart í a shonrú a thuilleadh sa Rialachán seo.

    (3)

    An deimhniú ar chineálcheadú AE atá le heisiúint le haghaidh córais éigeandála le fanacht i lána, deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/858, ba cheart é a bhunú ar an teimpléad samplach a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún (3). Mar sin féin, an t-aguisín a ghabhann leis an deimhniú ar chineálcheadú, is ann sin ba cheart an fhaisnéis a bheith a bhaineann go sonrach leis na córais éigeandála le fanacht i lána, faoi mar a shainmhínítear an fhaisnéis sin sa Rialachán seo, agus dá bhrí sin ba cheart an teimpléad le haghaidh an deimhnithe ar chineálcheadú agus an t-aguisín comhlántach in éineacht leis a leagan síos sa Rialachán seo.

    (4)

    I gcomhréir le nóta 6 a ghabhann leis an tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, cur i bhfeidhm an cheanglais maidir le feistiú éigeantach córais éigeandála le fanacht i lána, cuirtear sin siar dhá bhliain a mhéid a bhaineann le mótarfheithiclí a bhfuil córais stiúrtha de chumhacht hiodrálach acu. Ar feadh na tréimhse sin, ba cheart córas rabhaidh imeachta ó lána a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo.

    (5)

    Is éard atá sa chóras éigeandála le fanacht i lána córas cúnta tiománaí nár ceart dó rabhadh a thabhairt don tiománaí ná an ruthag a cheartú ach nuair atá an tiománaí ag fágáil an lána go neamhinteannach.

    (6)

    I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta tráchta tá cead ag tiománaithe marcálacha briste lána a thrasnú, agus tá sé thar a bheith deacair do na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair a mheas an dtrasnaíonn an tiománaí na marcálacha briste lána in aon turas nó nach dtrasnaíonn. Ionas nach ndéanfaidh an córas éigeandála le fanacht i lána idirghabhálacha nach bhfuil gá leo, rud a d’fhéadfadh tabhairt ar an tiománaí an córas a mhúchadh agus a d’fhágfadh dá bhrí sin go gcaillfí an tairbhe shábháilteachta ionchasach, níor cheart ceangal a chur ar an gcóras éigeandála le fanacht i lána ach amháin le rabhadh a thabhairt don tiománaí agus gan ceangal a chur air ruthag na feithicle a cheartú agus í ag trasnú marcálacha briste lána.

    (7)

    Na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair le haghaidh na gcóras éigeandála le fanacht i lána, is ar mharcálacha lána a bhrath atá siad bunaithe, agus ní féidir feidhmíocht na gcóras sin a ráthú in éagmais marcálacha den sórt sin. Dá bhrí sin, níor cheart ceanglas a bheith ar na córais éigeandála le fanacht i lána le bheith ag feidhmiú in éagmais marcálacha lána.

    (8)

    I bhfianaise chastacht an chórais leictreonaigh rialaithe nó na gcóras leictreonach rialaithe a bhaineann le córais éigeandála le fanacht i lána, is gá na tástálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhorlíonadh le doiciméid ina léirítear na bearta deartha agus bailíochtaithe a rinne an monaróir chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas éigeandála le fanacht i lána go sábháilte i gcásanna éagsúla. Sa Rialachán seo sainmhíneofar an doiciméadacht ábhartha atá le soláthar ag an monaróir agus na nósanna imeachta le haghaidh mheasúnú na doiciméadachta sin ag na húdaráis cheadaithe nó na seirbhísí teicniúla.

    (9)

    Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/2144 ón 6 Iúil 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Teicniúil – Mótarfheithiclí,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Forálacha riaracháin agus sonraíochtaí teicniúla le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil leis na córais éigeandála le fanacht i lána

    1.   An doiciméad faisnéise a chuirtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 24(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/858 i dteannta leis an iarratas ar chineálcheadú le haghaidh cineál feithicle i ndáil leis an gcóras éigeandála le fanacht i lána, is éard a bheidh sa doiciméad sin an fhaisnéis atá ábhartha maidir leis an gcóras sin atá i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I.

    2.   Beidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil le córais éigeandála le fanacht i lána faoi réir na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I.

    3.   Córais rabhaidh imeachta ó lána faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(9) de Rialachán (AE) 2019/2144, i gcás inarb iad sin a fheistítear ar mhótarfheithiclí a bhfuil córais stiúrtha de chumhacht hiodrálach acu, seachas córais éigeandála le fanacht i lána, comhlíonfaidh siad na sonraíochtaí teicniúla ábhartha a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I.

    4.   An deimhniú ar chineálcheadú AE le haghaidh cineál feithicle i ndáil leis an gcóras éigeandála le fanacht i lána, deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/858, déanfar é a tharraingt suas i gcomhréir le Cuid 3 d’Iarscríbhinn I.

    Airteagal 2

    Iniúchóireacht sábháilteachta

    Nósanna imeachta maidir le fíorú na ngnéithe sábháilteachta a bhaineann leis na córais leictreonacha rialaithe sna córais éigeandála le fanacht i lána ag na húdaráis cheadaithe nó na seirbhísí teicniúla, agus nósanna imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil a sholáthraíonn na monaróirí, leagtar síos iad in Iarscríbhinn II.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 6 Iúil 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Aibreán 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN I

    CUID 1

    Doiciméad faisnéise le haghaidh cineálcheadú AE feithiclí i ndáil lena gcórais éigeandála le fanacht i lána

    SAMHAIL

    Doiciméad faisnéise Uimh.... a bhaineann le cineálcheadú AE le haghaidh cineál feithicle i ndáil leis an gcóras éigeandála le fanacht i lána.

    Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis seo a leanas agus beidh liosta den inneachar ag gabháil léi. Déanfar aon líníocht nó pictiúr a sholáthar sa scála iomchuí agus iad mionsonraithe go leor ar pháipéar de mhéid A4, nó ar fhillteán i bhformáid A4. Beidh grianghraif, más ann dóibh, mionsonraithe go leor.

    Má tá rialuithe leictreonacha ag na córais dá dtagraítear sa doiciméad faisnéise seo, soláthrófar faisnéis maidir lena bhfeidhmiú.

    0.   FAISNÉIS GHINEARÁLTA

    0.1.

    Déantús (trádainm an mhonaróra):

    0.2.

    Cineál:

    0.2.1.

    Ainm (nó ainmneacha) tráchtála (má tá sé/siad ar fáil):

    0.3.

    Modh sainaitheantais an chineáil má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil/comhpháirt/aonad teicniúil ar leithligh:

    0.3.1.

    Suíomh na marcála sin:

    0.4.

    Catagóir na feithicle:

    0.5.

    Ainm cuideachta agus seoladh an mhonaróra:

    0.8.

    Ainm/ainmneacha agus seoladh/seoltaí na monarchan/monarchana cóimeála:

    0.9.

    Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó):

    1.   SAINTRÉITHE GINEARÁLTA TÓGÁLA

    1.1.

    Grianghraif agus/nó líníochtaí d’fheithicil/comhpháirt/aonad teicniúil ar leithligh ionadaíoch:

    1.8.

    Taobh an stiúrtha: clé/deas

    2.   MAISEANNA AGUS TOISÍ

    (in kg agus in mm) (Déan tagairt do líníocht más infheidhme)

    2.6.

    Mais i riocht feidhmithe

    (a)

    íosmhais agus uasmhais do gach athraitheach:

    (b)

    mais gach leagain (ní mór maitrís a sholáthar):

    4.   TRAS-SEOLADH

    4.5.

    Giarbhosca

    4.5.1.

    Cineál: Lámhoibrithe/Uathoibríoch/CVT(tras-seoladh athraitheach leanúnach)/Cóimheas seasta/Uathoibríoch/Eile/Mol rotha

    4.7.

    Uasluas dearaidh na feithicle (in km/u):

    6.6.1.

    Comhcheangal (nó comhcheangail) bonn/rothaí

    6.6.1.1.

    Acastóirí

    6.6.1.1.1.

    Acastóir 1:

    6.6.1.1.1.1.

    Sonrú thoise an bhoinn

    6.6.1.1.1.2.

    Innéacs toillte ualaigh

    6.6.1.1.1.3.

    Siombail na catagóire luais

    6.6.1.1.1.4.

    Méid (nó méideanna) fonsa rotha

    6.6.1.1.1.5.

    Seach-chur (nó seach-chuir) rotha

    6.6.1.1.1.6.

    Comhéifeacht friotaíochta rollta (RRC)

     

     

     

     

     

     

    6.6.1.1.2.

    Acastóir 2:

    6.6.1.1.2.1.

    Sonrú thoise an bhoinn

    6.6.1.1.2.2.

    Innéacs toillte ualaigh

    6.6.1.1.2.3.

    Siombail na catagóire luais

    6.6.1.1.2.4.

    Méid (nó méideanna) fonsa rotha

    6.6.1.1.2.5.

    Seach-chur (nó seach-chuir) rotha

    6.6.1.1.2.6.

    Comhéifeacht friotaíochta rollta (RRC)

     

     

     

     

     

     

    etc.

    6.6.1.2.

    Rotha spártha, más ann dó:

    7.4.

    Córas éigeandála le fanacht i lána (ELKS)

    7.4.1.

    Tuairisc theicniúil ar an gcóras agus líníocht de:

    7.4.2.

    Modh chun an ELKS a dhíghníomhachtú de láimh:

    7.4.3.

    Tuairisc ar an díghníomhachtú uathoibríoch (má tá sé feistithe):

    7.4.4.

    Tuairisc ar an sochtadh uathoibríoch (má tá sé feistithe):

    7.5.

    Córas Rabhaidh Imeachta ó Lána (LDWS)

    7.5.1

    Raon luais an LDWS:

    7.5.2.

    Tuairisc theicniúil ar an LDWS agus líníocht de):

    7.6.

    Feidhm Cheartaitheach um Rialú Treorach (CDCF)

    7.6.1

    Raon luais an CDCF:

    7.6.2.

    Tuairisc theicniúil ar an gcóras agus líníocht de (go háirithe má úsáideann an córas stiúradh nó coscánú):

    Nóta míniúcháin:

    An fhaisnéis atá ábhartha maidir leis an gcóras éigeandála le fanacht i lána, sin é atá sa doiciméad faisnéise seo, agus is i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún a chomhlánófar an doiciméad céanna.

    CUID 2

    Sonraíochtaí teicniúla

    1.

    Sainmhínithe

    Chun críoch an Chóid, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    1.1.

    Is éard a chiallaíonn “cineál feithicle i dtaca lena chóras éigeandála le fanacht i lána” catagóir feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile ó thaobh gnéithe bunúsacha ar nós:

    (1)

    gnéithe feithicle a imríonn tionchar suntasach ar fheidhmíocht an chórais éigeandála le fanacht i lána;

    (2)

    cineál agus dearadh an chórais éigeandála le fanacht i lána;

    1.2.

    Ciallaíonn “feidhm cheartaitheach um rialú treorach (CDCF)” feidhm rialaithe laistigh de chóras rialaithe leictreonach lenar féidir go n-athrófaí uillinn stiúrtha rotha amháin nó níos mó agus/nó coscánú rothaí aonair, ar feadh tréimhse theoranta, de thoradh meastóireacht uathoibríoch ar chomharthaí a tionscnaíodh ar bord na feithicle, meastóireacht a mbíonn an rogha ann é a shaibhriú le sonraí a chuirtear ar fáil lasmuigh den fheithicil, agus a dhéantar ar mhaithe le himeacht ó lána a cheartú, e.g. chun a sheachaint go dtrasnófaí marcálacha lána, go n-imeofaí den bhóthar;

    1.3.

    ciallaíonn “feithicil is ábhar don tástáil” an fheithicil atá á tástáil;

    1.4.

    Ciallaíonn “an t-achar go dtí marcáil lána (DTLM)” an fad cliathánach atá fágtha (go hingearach leis an marcáil lána) idir an taobh istigh den mharcáil lána agus an chiumhais is forimeallaí den bhonn sula dtrasnaíonn an fheithicil is ábhar don tástáil an taobh istigh den mharcáil lána;

    1.5.

    Ciallaíonn “bóthar cothrom” bóthar a bhfuil fána ann is lú ná 1 % san fhadtreo agus, maidir leis an taobhthreo, is lú ná 2 % ar feadh leathleithead lána ar gach taobh den lárlíne agus is lú ná 3 % ar feadh na leithe amuigh den lána;

    1.6.

    Ciallaíonn “bóthar tirim” bóthar arb é 0,9 an chomhéifeacht bhuaic-choscánaithe ainmniúil atá aige;

    1.7.

    Ciallaíonn “an Córas” an córas rialaithe leictreonach agus na córais leictreonacha chasta um rialú is tarchur rialaithe an chórais éigeandála le fanacht i lána ann, nó is cuid den tarchur sin, lena n-áirítear na naisc tarchuir chuig córais eile feithicle nó ó chórais eile feithicle a théann i bhfeidhm ar an gcóras éigeandála le fanacht i lána;

    1.8.

    Ciallaíonn “aonaid” na rannáin is lú de chomhpháirteanna an chórais a chuirfear san áireamh, ós rud é go ndéileálfar leis na comhcheangail sin de chomhpháirteanna mar eintitis aonair chun críche sainaitheanta, anailíse nó athsholáthair;

    1.9.

    Ciallaíonn “naisc tarchuir” aon trealamh leictreach, meicníoch, neomatach nó hiodrálach a úsáidtear chun aonaid dáilte a idirnascadh chun críche comharthaí, sonraí oibriúcháin nó soláthar fuinnimh a iompar;

    1.10.

    Ciallaíonn “córas rialaithe leictreonach” comhcheangal aonad atá ceaptha chun dul i gcomhar le chéile agus feidhm rialaithe feithicle á táirgeadh trí phróiseáil leictreonach sonraí;

    1.11.

    Ciallaíonn “córas leictreonach casta um rialú feithicle” córas rialaithe leictreonach inar féidir feidhm arna rialú le córas leictreonach nó ag an tiománaí a shárú le feidhm/córas leictreonach rialaithe ar leibhéal níos airde, rud a dhéanann cuid den chóras casta den fheidhm sin, chomh maith le haon sárú ar an gcóras, lena n-áirítear na naisc tarchuir chuig na córais/feidhmeanna sáraitheacha lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus uathu;

    1.12.

    Ciallaíonn “straitéis rialaithe” straitéis chun a áirithiú gur go daingean agus go sábháilte a oibreoidh feidhm nó feidhmeanna córais rialaithe leictreonaigh mar fhreagairt ar thacar ar leith de dhálaí comhthimpeallacha agus/nó oibriúcháin (amhail riocht dhromchla an bhóthair, déine tráchta agus úsáideoirí eile bóithre, drochaimsir, etc.), rud a bhféadfadh díghníomhachtú uathoibríoch feidhme nó srianta feidhmíochta sealadacha (e.g. laghdú ar an uasluas oibriúcháin, etc.) a bheith i gceist leis;

    1.13.

    Ciallaíonn “coincheap na sábháilteachta” tuairisc ar na bearta a dearadh mar chuid den chóras, mar shampla laistigh de na haonaid leictreonacha, chun aghaidh a thabhairt ar shláine an chórais agus chun oibriú sábháilte a áirithiú faoi dhálaí fabht agus faoi dhálaí nach fabhtach, lena n-áirítear i gcás cliseadh leictreach. D’fhéadfadh sé gur cuid de choincheap na sábháilteachta é go mbeadh féidearthacht tacachumais ann dul i muinín feidhmiú páirteach nó go fiú i muinín córas cúltaca i gcás feidhmeanna ríthábhachtacha feithicle.

    2.

    Ceanglais ghinearálta

    2.1.

    Is éard a bheidh i gcóras éigeandála le fanacht i lána (ELKS) córas rabhaidh imeachta ó lána (LDWS) agus feidhm cheartaitheach um rialú treorach (CDCF).

    2.1.1.

    Comhlíonfaidh an LDWS ceanglais phointí 3.1 go 3.4 agus phointe 3.5.

    2.1.2.

    Comhlíonfaidh an CDCF ceanglais phointí 3.1 go 3.4 agus phointe 3.6.

    2.2.

    Rabhaidh imeachta ó lána agus idirghabhálacha ón ELKS

    Faoi réir na gceanglas sonrach thíos ceapfar an córas sa chaoi is go n-íoslaghdófar rabhaidh agus idirghabhálacha maidir le hainlithe a dhéanann an tiománaí in aon turas.

    3.

    Ceanglais shonracha

    3.1.

    Rabhadh teipe ELKS

    Tabharfar rabhadh nuair a tharlaíonn teip sa ELKS a fhágann nach féidir ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

    3.1.1.

    comhartha rabhaidh amhairc leanúnach a bheidh sa rabhadh teipe.

    3.1.1.1.

    Ní bheidh eatramh ama suntasach idir gach féin-seiceáil ELKS (feidhm chomhtháite lena ndéantar seiceáil ar theip sa chóras ar bhonn leanúnach le linn don chóras a bheith gníomhach ar a laghad), agus ina dhiaidh sin ní bheidh moill maidir leis an gcomhartha rabhaidh a shoilsiú, i gcás cliseadh is féidir a bhrath go leictreach.

    3.1.1.2.

    Nuair a bhraitear aon choinníoll neamhleictreach teipe (e.g. mí-ailíniú braiteora), gníomhachtófar an comhartha rabhaidh a shainmhínítear i bpointe 3.1.1.

    3.1.2.

    Má tá modh chun an ELKS a dhíghníomhachtú feistithe san fheithicil tabharfar rabhadh i gcomhréir le pointe 3.2 nuair dhéanfar an córas a díghníomhachtú. comhartha rabhaidh amhairc leanúnach a bheidh ansin. An comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1. féadfar é a úsáid chuige sin.

    3.2.

    Díghníomhachtú an ELKS

    3.2.1.

    Díghníomhachtú láimhe

    I gcás ina mbeidh modh chun an fheidhm ELKS a dhíghníomhachtú de láimh, go páirteach nó go hiomlán, feistithe i bhfeithicil, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas de réir mar is iomchuí:

    3.2.1.1.

    Déanfar feidhm iomlán an ELKS a athshocrú go huathoibríoch agus go hiomlán gach uair a dhéanfar máistirlasc rialaithe na feithicle a ghníomhachtú.

    3.2.1.2.

    Ní fhéadfar an ELKS iomlán a dhíghníomhachtú de láimh gan dhá ghníomh d’aon ghnó a dhéanamh ar a laghad, e.g. brú ar chnaipe agus a choinneáil síos, nó rogha roghchláir a roghnú agus a dheimhniú. Féadfar rabhaidh fhuaimiúla den LDWS a mhúchadh go héasca, ach ní dhéanfaidh gníomh den sórt sin an LDWS ná an CDCF a dhíghníomhachtú ag an am céanna.

    3.2.1.3.

    Is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 3 a dhéanfar an cumas díghníomhachtaithe láimhe a thástáil.

    3.2.2.

    Díghníomhachtú uathoibríoch

    Má tá modh chun feidhm an ELKS a dhíghníomhachtú go huathoibríoch, go páirteach nó go hiomlán, feistithe san fheithicil, mar shampla i gcásanna amhail úsáid easbhóthair, a bheith ar tarraingt, leantóir a cheangal leis an bhfeithicil nó an rialú leictreonach cobhsaíochta (ESC) á dhíghníomhachtú, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas de réir mar is iomchuí:

    3.2.2.1.

    Mar chuid den iniúchadh sábháilteachta, cuirfidh monaróir na feithicle liosta cásanna agus critéir chomhfhreagracha ar fáil ina ndéanfar feidhm an ELKS a dhíghníomhachtú go huathoibríoch agus cuirfear an liosta sin i gceangal leis an tuarascáil tástála.

    3.2.2.2.

    Déanfar feidhm an ELKS a athghníomhachtú go huathoibríoch agus go hiomlán a luaithe nach mbeidh na coinníollacha as ar eascair an díghníomhachtú uathoibríoch ann a thuilleadh.

    3.2.3.

    Cuirfear in iúl don tiománaí le comhartha rabhaidh amhairc leanúnach go bhfuil feidhm an ELKS díghníomhachtaithe. Féadfar an comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1 thuas a úsáid chun na críche sin.

    3.3.

    Sochtadh uathoibríoch

    3.3.1.

    Maidir le hainlithe a dhéanann an tiománaí in aon turas

    Mar chuid den iniúchadh sábháilteachta, soláthróidh an monaróir pacáiste doiciméadachta ina bhfuil rochtain ar dhearadh agus loighic bhunúsach an chórais um ainlithe a bheartaíonn an tiománaí a bhrath agus an ELKS a shochtadh go huathoibríoch. Cuimseofar sa phacáiste sin liosta de na paraiméadair a braitheadh agus tuairisc bhunúsach ar an modh a úsáidtear chun a chinneadh gur cheart an córas a shochtadh, lena n-áirítear teorainnluachanna nuair is féidir. Maidir leis an CDCF agus an LDWS araon, déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil measúnú ar an bpacáiste doiciméadachta nach é sochtadh uathoibríoch an chórais an toradh a bheidh ar ainlithe a dhéanann an tiománaí go neamhintinneach, laistigh de na paraiméadair tástála maidir le fanacht i lána (go háirithe treoluas imeachta chliathánaigh).

    3.3.2.

    Ceadaítear an ELKS a shochtadh go huathoibríoch i gcásanna ina bhfuil gluaiseacht chliathánach na feithicle á rialú ag feidhmeanna eile cúnta tiománaí nó stiúrtha uathoibríoch (i.e. Feidhm stiúrtha uathrialaitheach, feidhm stiúrtha éigeandála nó fanacht uathoibríoch i lána), nó i gcásanna ina bhfuil feidhmeanna eile a bhaineann le sábháilteacht (i.e. feidhmeanna atá in ann iompar dinimiciúil na feithicle a athrú, amhail AEBS, ESC, etc.) i mbun idirghabhála. Fógróidh an monaróir na cásanna sin mar chuid den iniúchadh sábháilteachta.

    3.4.

    Forálacha maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta

    3.4.1.

    Chun críoch tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar fheithiclí, beifear in ann na gnéithe seo a leanas den ELKS a dheimhniú:

    (a)

    Stádas ceart oibríochtúil an ELKS, rud a bheifear in ann a dheimhniú trí stádas an chomhartha rabhaidh teipe a bhreathnú tar éis gníomhachtú mháistirlasc rialúcháin na feithicle agus seiceáil bolgáin ar bith. I gcás ina dtaispeántar an comhartha rabhaidh teipe i spás coiteann (an áit ar féidir dhá cheann nó níos mó d’fheidhmeanna faisnéise/siombailí a thaispeáint, ach ní ag an am céanna), ní mór a sheiceáil ar dtús go bhfuil an spás coiteanna feidhmiúil sula seiceáiltear stádas an chomhartha rabhaidh teipe;

    (b)

    Feidhmiúlacht cheart an ELKS agus sláine na mbogearraí, rud a bheifear in ann a dheimhniú trí chomhéadan leictreonach feithicle a úsáid, amhail an ceann a leagtar síos i bpointe I.(14) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), i gcás ina mbeidh saintréithe teicniúla san fheithicil a fhágfaidh gur féidir sin a dhéanamh agus ina gcuirfear na sonraí is gá ar fáil. Áiritheoidh monaróirí go gcuirfidh siad an fhaisnéis theicniúil ar fáil le haghaidh an comhéadan leictreonach feithicle a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/621 ó gCoimisiún (2).

    3.4.2.

    Tráth an chineálcheadaithe, an modh a roghnaíonn an monaróir chun cosaint a thabhairt ar mhodhnú simplí neamhúdaraithe ar oibriú an chomhartha rabhaidh teipe, tabharfar cuntas rúnda air sin mar chuid den iniúchadh sábháilteachta in Iarscríbhinn II. De rogha air sin, comhlíonfar an ceanglas cosanta sin nuair a bheidh modh tánaisteach chun stádas ceart oibriúcháin an ELKS a sheiceáil ar fáil.

    3.5.

    Ceanglais maidir leis an LDWS

    3.5.1.

    Raon luais

    Caithfidh an LDWS a bheith gníomhach nuair atá luas faoin bhfeithicil sa raon idir 65 km/h agus 130 km/h (nó uasluas na feithicle, más lú ná 130 km/h atá ann), agus a bheith gníomhach cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de, mura rud é go ndéantar é a dhíghníomhachtú de réir phointe 3.2.

    3.5.2.

    Rabhadh imeachta ó lána

    Má théann an fheithicil níos mó ná DTLM -0,3 m thar mharcáil lána infheicthe don lána ina bhfuil sí ag imeacht, is ansin ar a dhéanaí a chaithfidh an LDWS a bheith in ann rabhadh a thabhairt don tiománaí nuair a dhéantar é a ghníomhachtú agus a oibriú laistigh den raon luais forordaithe:

    (a)

    maidir le treoluasanna imeachta chliathánaigh sa raon idir 0,1 m/s agus 0,5 m/s:

    (b)

    ar bhóithre díreacha, cothroma, tirime;

    (c)

    maidir le marcálacha lána neamhbhriste agus briste atá ag teacht le ceann díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip – Forálacha comhionanna maidir le ceadú mótarfheithiclí i ndáil leis an gCóras Rabhaidh Imeachta ó Lána (3) agus marcálacha eile a mbíonn súil leo ar bhóithre an Aontais;

    (d)

    agus bail mhaith ar na marcálacha agus iad déanta as ábhar atá i gcomhréir le caighdeán an pháirtí chonarthaigh sin le haghaidh marcálacha infheicthe;

    (e)

    i ngach staid soilsithe agus na braiteoirí gan dalladh (e.g. a ndalladh de sholas na gréine) i dteannta le ceannlampaí tardhula (ceannlampaí léis mhaolaithe) gníomhachtaithe a bheith ann más gá;

    (f)

    gan dálaí aimsire a bheith ann a chuirfeadh isteach ar infheictheacht na marcálacha lána (e.g. nach mbeadh sé ina cheo).

    An fheidhmíocht a éilítear, aithnítear nach bhféadfar í a bhaint amach go hiomlán faoi choinníollacha eile seachas na coinníollacha a liostaítear thuas. Mar sin féin, ní dhéanfar leis an gcóras an straitéis rialaithe a athrú go míréasúnta sna coinníollacha eile sin.

    An cumas rabhadh a thabhairt maidir le himeacht ó lána, is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 4 a dhéanfar é a thástáil.

    3.5.3.

    Táscaire rabhaidh an LDWS

    3.5.3.1.

    An rabhadh maidir le himeacht ó lána dá dtagraítear i bpointe 3.5.2, beidh sé le tabhairt faoi deara ag an tiománaí, agus is de bhíthin na nithe seo a leanas a thabharfar é:

    (a)

    péire ar a laghad de na modhanna rabhaidh seo a leanas – modh an amhairc, modh na fuaime agus an modh haptach, nó

    (b)

    ceann díobh a bheith i gceist, modh rabhaidh na fuaime nó an modh rabhaidh haptach, chomh maith le táscaire spásúil maidir leis an treo a bhfuil an fheithicil ag gluaiseacht go neamhintinneach.

    An rabhadh a luaitear thuas, féadfar é a shochtadh i gcás ina ndéanfaidh an tiománaí gníomh a chuirfidh in iúl go bhfuil sé ar intinn aige imeacht ón lána;

    3.5.3.1.1.

    An comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1 thuas, féadfar sin a úsáid i mód splanctha i gcás inar comhartha amhairc a úsáidfear le haghaidh an rabhaidh maidir le himeacht ó lána.

    3.5.3.1.2.

    I gcás ina ndéanfaidh an CDCF idirghabháil maidir le fanacht i lána, measfar sin a bheith ina rabhadh haptach i gcomhréir le pointe 3.5.3.1.

    3.5.3.2.

    Comhartha rabhaidh amhairc an LDWS, déanfar é a ghníomhachtú nuair a chuirfear máistir-lasc rialaithe na feithicle ar siúl. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le comharthaí rabhaidh a léirítear i spás coiteann.

    3.5.3.3.

    Comharthaí rabhaidh amhairc an LDWS, beidh siad le feiceáil fiú faoi sholas an lae; bail shásúil a bheith ar na comharthaí, ní mór an tiománaí a bheith in ann sin a dheimhniú go héasca agus é ina shuí i suíochán an tiománaí.

    3.5.3.4.

    Is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 4 a dhéanfar an comhartha rabhaidh amhairc a thástáil.

    3.6.

    Ceanglais feidhmíochta maidir leis an CDCF

    3.6.1.

    Raon luais

    Caithfidh an CDCF a bheith gníomhach idir 70 km/h agus 130 km/h (nó uasluas na feithicle, más lú ná 130 km/h atá ann) ar a laghad, agus a bheith gníomhach cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de, mura rud é go ndéantar é a dhíghníomhachtú de réir phointe 3.2. Mar sin féin, i gcás ina laghdaítear luas na feithicile ó luas is mó ná 70 km/h go dtí ceann is lú ná 70 km/h, beidh an córas gníomhach go dtí go rachaidh luas na feithicle faoi bhun 65 km/h ar a laghad.

    3.6.2.

    Fanacht i lána

    Gan coinníollacha a bheith ann arb é díghníomhachtú nó sochtadh an chórais an toradh a bheadh orthu, imeacht ó lána trí dhul níos mó ná DTLM - 0.3 m thar mharcálacha lána infheicthe sna cásanna a léirítear sa tábla seo a leanas, beidh an CDCF in ann an imeacht sin a chosc:

    (a)

    i gcás treoluais imeachta chliathánaigh sa raon idir 0,2 m/s agus 0,5 m/s maidir le luasanna feithicle suas le 100 km/h agus i gcás treoluais fágála chliathánacha sa raon idir 0,2 m/s go 0,3 m/s maidir le luasanna feithicle is mó ná 100 km/h agus suas le 130 km/h (nó uasluas na feithicle más lú ná 130 km/h atá ann);

    (b)

    ar bhóithre díreacha, cothroma, tirime;

    (c)

    le haghaidh marcálacha lána neamhbhriste atá ag teacht le ceann díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA;

    (d)

    agus bail mhaith ar na marcálacha agus iad déanta as ábhar atá i gcomhréir le caighdeán an pháirtí chonarthaigh sin le haghaidh marcálacha infheicthe;

    (e)

    i ngach staid soilsithe agus na braiteoirí gan dalladh (e.g. a ndalladh de sholas na gréine) i dteannta le ceannlampaí tardhula (ceannlampaí léis mhaolaithe) gníomhachtaithe a bheith ann más gá;

    (f)

    gan dálaí aimsire a bheith ann a chuirfeadh isteach ar fheidhmíocht dhinimiciúil na feithicle (e.g. nach mbeadh sé ina stoirm, nach mbeadh teocht faoi bhun 5 °C ann) ná ar infheictheacht na marcálacha lána (e.g. nach mbeadh sé ina cheo).

    Uimh.

    Tuairisc ar an gcás

    1.

    Líne neamhbhriste - imeacht i dtreo thaobh na láimhe deise den fheithicil

    Image 1

    2.

    Líne neamhbhriste - imeacht i dtreo thaobh na láimhe clé den fheithicil

    Image 2

    An fheidhmíocht a éilítear le haghaidh na gcásanna atá sa tábla seo, aithnítear nach bhféadfar í a bhaint amach go hiomlán faoi choinníollacha eile seachas na coinníollacha a liostaítear thuas. Mar sin féin, ní dhéanfar leis an gcóras an straitéis rialaithe a athrú go míréasúnta sna coinníollacha eile sin. Is i gcomhréir leis an iniúchadh sábháilteachta a léireofar sin.

    Is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 5 a dhéanfar an cumas fanachta i lána a thástáil.

    3.6.3.

    Sárú stiúrtha

    3.6.3.1.

    An iarracht rialaithe stiúrtha is gá chun an rialú treorach sholáthraíonn an córas a shárú, ní bheidh sé níos mó ná 50 N. Ní hé go dtagann caillteanas suntasach tacaíochta stiúrtha i gceist go tobann a luaithe a dhéantar an sárú.

    3.6.3.2.

    Maidir le córais CDCF nach dtéann i bhfeidhm ar an stiúradh féin (e.g. CDCF de chineál an choscánaithe dhifreálaigh), ní bheidh an t-ionchur stiúrtha níos mó ná 25 chéim.

    3.6.3.3.

    An iarracht sháraithe um rialú stiúrtha, is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 5 a dhéanfar í a thástáil.

    3.6.4.

    Táscaire rabhaidh an CDCF

    3.6.4.1.

    Cuirfear gach idirghabháil ón CDCF in iúl don tiománaí láithreach le comhartha rabhaidh amhairc a bheidh ar taispeáint ar feadh soicind amháin ar a laghad nó fad a mhairfidh idirghabháil, cibé acu sin is faide. An comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1, féadfar gurb é a splancadh sin a bheidh sa chomhartha amhairc.

    3.6.4.1.1.

    I gcás idirghabhála is faide ná 10 soicind, tabharfar comhartha rabhaidh fuaime go dtí deireadh na hidirghabhála mura rud é go ndéanfaidh an tiománaí gníomh a chuirfidh in iúl go bhfuil sé ar intinn aige imeacht ón lána.

    3.6.4.1.2.

    I gcás ina dtarlóidh dhá idirghabháil nó níos mó i ndiaidh a chéile in imeacht eatramh rollach 180 soicind agus nach mbeidh ionchur stiúrtha ann ó thaobh an tiománaí le linn an eatraimh sin, tabharfaidh an córas comhartha rabhaidh fuaime le linn an dara hidirghabháil agus aon idirghabháil eile a bheidh ann laistigh d’eatramh rollach 180 soicind. Ón tríú hidirghabháil i leith (agus maidir leis na hidirghabhálacha ina dhiaidh sin) leanfaidh an comhartha rabhaidh fuaime ar feadh 10 soicind ar a laghad níos faide ná an comhartha rabhaidh roimhe sin.

    3.6.4.2.

    Na ceanglais i bpointí 3.6.4.1.1 agus 3.6.4.1.2, is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 5 a dhéanfar iad a thástáil.

    4.

    Ceanglais tástála maidir leis an LDWS

    4.1.

    Forálacha ginearálta

    Feithiclí a bhfuil LDWS feistithe iontu, comhlíonfaidh siad na ceanglais iomchuí tástála atá sa phointe seo

    4.2.

    Dálaí tástála

    Déanfar na tástálacha:

    (a)

    Ar asfalt réidh tirim nó ar dhromchla bóthair de chineál coincréite agus é réidh tirim, rud nach bhféadfaidh aon mhírialtacht a bheith ann (e.g. claonais nó scoilteanna móra, clúdaigh dúnphoill nó stodaí frithchaiteacha) laistigh d’achar cliathánach 3,0 m ar gach taobh de lár an lána tástála, agus fad 30m ann roimh an bhfeithicil is ábhar don triail ón bpointe a thagann deireadh leis an tástáil.

    (b)

    I ndálaí soilsis chomhthimpeallaigh 2 000 lux ar a laghad agus na braiteoirí gan dalladh (e.g. a ndalladh de sholas na gréine) i dteannta le ceannlampaí tardhula gníomhachtaithe a bheith ann más gá.

    (c)

    I dteochtaí aeir chomhthimpeallaigh idir 5 °C agus 45 °C.

    (d)

    Gan dálaí aimsire a bheith ann a chuirfeadh isteach ar infheictheacht na marcálacha lána, e.g. ceo.

    De rogha an mhonaróra agus le comhaontú na Seirbhíse Teicniúla, féadfar na tástálacha a dhéanamh faoi choinníollacha a imíonn ón méid a bhfuil tuairisc air thuas (e.g. ag teochtaí aeir chomhthimpeallaigh níos ísle).

    4.2.1.

    Marcálacha lána

    Na marcálacha líne neamhbhriste agus na marcálacha líne briste ar an mbóthar a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, beidh siad ag teacht le ceann díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Beidh bail mhaith ar na marcálacha agus beidh siad déanta as ábhar atá i gcomhréir leis an gcaighdeán le haghaidh marcálacha infheicthe. An leagan amach marcálacha lána a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, déanfar é a thaifeadadh sa tuarascáil tástála.

    Is 3.5 m ar a laghad a bheidh i leithead an lána (arna thomhas idir marcálacha an lána) chun críocha na dtástálacha atá sa phointe seo. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go gcomhlíonann sé gach marcáil lána eile a shainaithnítear in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Cuirfear aon chuid den doiciméadacht sin i gceangal leis an tuarascáil tástála.

    4.2.2.

    Dálaí na feithicle is ábhar don tástáil

    4.2.2.1.

    Mais tástála

    An staid ina mbeidh an fheithicil is ábhar don tástáil ó thaobh ualaigh de agus tástáil á déanamh uirthi, comhaontófar sin idir an monaróir agus an tSeirbhís Theicniúil. Ní athrófar an t-ualach tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go bhfeidhmíonn an córas cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de.

    4.2.2.2.

    An fheithicil is ábhar don tástáil, beidh brú na mbonn de réir mar a mholfaidh monaróir na feithicle agus í á tástáil.

    4.2.2.3.

    I gcás ina mbeidh tairseach rabhaidh atá inchoigeartaithe ag an úsáideoir feistithe sa LDWS, is ag an socrú uasta maidir le himeacht ó lána a bheidh an tairseach rabhaidh socraithe agus na tástálacha a shonraítear i bpointe 4.3 á ndéanamh. Ní dhéanfar aon athrú tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála.

    4.2.2.4.

    Cóiriú réamhthástála

    Má iarrann an monaróir feithiclí é, féadfar an fheithicil a thiomáint chun an córas braiteora a chalabrú, tiomáint ar 100 km ar a mhéid is féidir a bheith i gceist léi agus sin ar mheascán de bhóithre uirbeacha agus bóithre tuaithe fara trácht eile agus troscán cois bóthair.

    4.3.

    Nósanna imeachta tástála

    4.3.1.

    Tástáil fíoraithe maidir leis an gcomhartha rabhaidh amhairc

    A sheiceáil, agus an fheithicil ina stad, go gcomhlíonann an comhartha (nó na comharthaí) rabhaidh amhairc ceanglais phointe 3.5.3.2.

    4.3.2.

    Tástáil an rabhaidh maidir le himeacht ó lána

    4.3.2.1.

    An fheithicil a thiomáint ar luas 70 km/h ± 3 km/h isteach i lár an lána tástála ar bhealach rianúil ionas gur cobhsaí di.

    Agus an luas forordaithe á choinneáil ar bun, an fheithicil a ghluaiseacht go réidh, ar chlé nó ar dheis, de threoluas imeachta chliathánaigh idir 0,1 agus 0,5 m/s ionas go dtrasnaíonn an fheithicil an mharcáil lána.

    An tástáil a dhéanamh arís ag ráta imeachta eile laistigh den raon idir 0,1 agus 0,5 m/s. Na tástálacha thuas a dhéanamh arís ach gluaiseacht sa treo eile.

    4.3.2.2.

    An táscaire rabhaidh maidir le himeacht ó lána a luaitear i bpointe 3.5.3.1 thuas, comhlíonfar na ceanglais tástála má sholáthraíonn an LDWS an táscaire sin an tráth a bhfuil DLTM -0,3 m ann ar a dhéanaí.

    4.3.2.3.

    Ina theannta sin, léireoidh monaróir na feithicle chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an raon luais iomlán agus an raon treoluais imeachta chliathánaigh. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála.

    4.3.3.

    Tástáil díghníomhachtaithe láimhe

    4.3.3.1.

    Má tá modh chun an ELKS (LDWS) a dhíghníomhachtú de láimh feistithe san fheithicil, lasc mháistir-rialaithe na feithicle a chur chuig an suíomh “Power ON” agus an ELKS (LDWS) a dhíghníomhachtú. Déanfar an comhartha rabhaidh a shonraítear i bpointe 3.2.3 a ghníomhachtú.

    An lasc mháistir-rialaithe a chur chuig an suíomh “Power OFF”. Lasc mháistir-rialaithe na feithicle a chur chuig an suíomh “Power ÓN” agus a fhíorú nach ndéantar an comhartha rabhaidh a gníomhachtaíodh roimhe sin a athghníomhachtú, rud a thabharfaidh le fios go bhfuil an ELKS (LDWS) athshocraithe faoi mar a shonraítear i bpointe 3.2.1.1.

    5.

    Ceanglais tástála maidir leis an CDCF

    5.1.

    Forálacha ginearálta

    Feithiclí a bhfuil CDCF feistithe iontu, comhlíonfaidh siad na ceanglais iomchuí tástála atá sa phointe seo.

    5.2.

    Dálaí tástála

    Déanfar na tástálacha:

    (a)

    Ar asfalt réidh tirim nó ar dhromchla bóthair de chineál coincréite agus é réidh tirim, rud nach bhféadfaidh aon mhírialtacht a bheith ann (e.g. claonais nó scoilteanna móra, clúdaigh dúnphoill nó stodaí frithchaiteacha) laistigh d’achar cliathánach 3,0 m ar gach taobh de lár an lána tástála, agus fad 30 m ann roimh an bhfeithicil is ábhar don triail ón bpointe a thagann deireadh leis an tástáil.

    (b)

    I ndálaí soilsis chomhthimpeallaigh 2 000 Lux ar a laghad agus na braiteoiri gan dalladh (e.g. a ndalladh de sholas na gréine) i dteannta le ceannlampaí tardhula gníomhachtaithe a bheith ann más gá.

    (c)

    I dteochtaí aeir chomhthimpeallaigh idir 5 °C agus 45 °C.

    (d)

    Gan dálaí aimsire a bheith ann a chuirfeadh isteach ar fheidhmíocht dhinimiciúil na feithicle (e.g. nach mbeadh sé ina stoirm, nach mbeadh teocht faoi bhun 5 °C ann) ná ar infheictheacht na marcálacha lána (e.g.ceo).

    De rogha an mhonaróra agus le comhaontú na Seirbhíse Teicniúla, féadfar na tástálacha a dhéanamh faoi choinníollacha a imíonn ón méid a bhfuil tuairisc air thuas (e.g. ag teochtaí aeir chomhthimpeallaigh níos ísle).

    5.2.1.

    Marcálacha lána

    An mharcáil líne neamhbhriste a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, beidh sí ag teacht le ceann díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Beidh bail mhaith ar an marcáil agus beidh sí déanta as ábhar atá i gcomhréir leis an gcaighdeán le haghaidh marcálacha infheicthe. An mharcáil lána a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, déanfar í a thaifeadadh sa tuarascáil tástála.

    Is achar 3,5 m ar a laghad ó aon mharcáil lána eile a bheidh an mharcáil lána neamhbhriste chun críocha na dtástálacha atá sa phointe seo. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go gcomhlíonann sé gach marcáil lána neamhbhriste eile a shainaithnítear in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Cuirfear aon chuid den doiciméadacht sin i gceangal leis an tuarascáil tástála.

    5.2.2.

    Dálaí na feithicle is ábhar don tástáil

    5.2.2.1.

    Mais tástála

    An staid ina mbeidh an fheithicil is ábhar don tástáil ó thaobh ualaigh de agus tástáil á déanamh uirthi, comhaontófar sin idir an monaróir agus an tSeirbhís Theicniúil. Ní athrófar an t-ualach tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go bhfeidhmíonn an córas cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de.

    5.2.2.2.

    An fheithicil is ábhar don tástáil, beidh brú na mbonn de réir mar a mholfaidh monaróir na feithicle agus í á tástáil.

    5.2.2.3.

    I gcás ina mbeidh tairseach uainithe atá inchoigeartaithe ag an úsáideoir feistithe sa CDCF, déanfar an tástáil a shonraítear i bpointe 5.3.3 agus an tairseach uainithe socraithe agus an socrú is déanaí atá inti maidir le hidirghabháil ón gcóras. Ní dhéanfar aon athrú tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála.

    5.2.2.4.

    Cóiriú réamhthástála

    Má iarrann an monaróir feithiclí é, féadfar an fheithicil a thiomáint chun an córas braiteora a chalabrú, tiomáint ar 100 km ar a mhéid is féidir a bheith i gceist léi agus sin ar mheascán de bhóithre uirbeacha agus bóithre tuaithe fara trácht eile agus troscán cois bóthair.

    5.3.

    Nósanna imeachta tástála

    5.3.1.

    Tástáil maidir leis an táscaire rabhaidh

    5.3.1.1.

    An fheithicil is ábhar don tástáil, déanfar í a thiomáint agus CDCF gníomhachtaithe inti ar bhóthar ar a bhfuil marcálacha lána neamhbhriste ar thaobh amháin den lána ar a laghad.

    Na dálaí tástála agus luas tástála na feithicle is ábhar don tástáil, beidh siad laistigh de raon oibriúcháin an chórais.

    Le linn na tástála, déanfar fad na n-idirghabhálacha ón CDCF agus fad na gcomharthaí rabhaidh fuaime agus amhairc a thaifeadadh.

    Sa chás dá dtagraítear i bpointe 3.6.4.1.1, déanfar an fheithicil is ábhar don tástáil a thiomáint sa chaoi go ndéanfaidh sí iarracht an lána a fhágáil agus gurb é an toradh a bheidh air sin go gcoinneofar idirghabháil ón CDCF ag imeacht ar feadh tréimhse is faide ná 10 soicind. Más rud é nach féidir a leithéid de thástáil a dhéanamh go praiticiúil de bharr theorainneacha na saoráidí tástála, féadfar an ceanglas seo a chomhlíonadh trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, le toiliú an Údaráis Cineálcheadaithe.

    Comhlíonfar na ceanglais tástála má thugtar an rabhadh fuaime tráth nach déanaí ná 10 soicind tar éis thús na hidirghabhála.

    Sa chás dá dtagraítear i bpointe 3.6.4.1.2, déanfar an fheithicil is ábhar don tástáil a thiomáint sa chaoi go ndéanfaidh sí iarracht an lána a fhágáil agus gurb é an toradh a bheidh air sin go mbeidh trí idirghabháil ar a laghad ann ón gcóras in imeacht eatramh rollach 180 soicind.

    Comhlíonfar na ceanglais tástála má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    tugtar comhartha rabhaidh amhairc le haghaidh gach idirghabhála, fad a mhaireann an idirghabháil;

    (b)

    tugtar comhartha rabhaidh fuaime nuair atá an dara agus an tríú hidirghabháil ann;

    (c)

    an comhartha rabhaidh fuaime a thugtar nuair atá an tríú hidirghabháil ann, tá sé 10 soicind ar a laghad níos faide ná an ceann a thugtar agus an dara hidirghabháil ann.

    5.3.1.2.

    Ina theannta sin, léireoidh an monaróir chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais a shainmhínítear i bpointí 3.6.4.1.1 agus 3.6.4.1.2 i raon iomlán oibríochta an CDCF. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála.

    5.3.2.

    Tástáíl maidir le sárú stiúrtha

    5.3.2.1.

    An fheithicil is ábhar don tástáil, déanfar í a thiomáint agus CDCF gníomhachtaithe inti ar bhóthar ar a bhfuil marcálacha lána neamhbhriste ar gach taobh den lána.

    Na dálaí tástála agus luas tástála na feithicle is ábhar don tástáil, beidh siad laistigh de raon oibriúcháin an chórais.

    Déanfar an fheithicil a thiomáint sa chaoi go ndéanfaidh sí iarracht an lána a fhágáil agus gur idirghabháil ón CDCF an toradh a bheidh air sin. Le linn na hidirghabhála, déanfaidh an tiománaí an iarracht rialaithe stiúrtha is gá chun an idirghabháil a shárú.

    Taifeadfar an fórsa agus an t-ionchur stiúrtha a chuireann an tiománaí i bhfeidhm ar an rialtán stiúrtha chun an idirghabháil a shárú.

    Comhlíonfar na ceanglais tástála má bhíonn na nithe seo a leanas i gceist:

    (a)

    Ní mó ná 50 N an fórsa a chuireann an tiománaí i bhfeidhm ar an rialtán stiúrtha chun an idirghabháil a shárú.

    (b)

    Ní hé go dtagann caillteanas suntasach tacaíochta stiúrtha i gceist go tobann a luaithe a sháraítear an CDCF.

    (c)

    Maidir le ELKSanna nach dtéann i bhfeidhm ar an stiúradh féin (e.g. CDCF de chineál an choscánaithe dhifreálaigh), ní mó ná 25 chéim an t-ionchur stiúrtha.

    5.3.2.2.

    Ina theannta sin, léireoidh an monaróir chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais a shainmhínítear i mír 3.6.4 i raon iomlán oibríochta an CDCF. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála.

    5.3.3.

    Tástáil maidir le fanacht i lána

    5.3.3.1.

    Déanfar an CDCF a thástáil le haghaidh cásanna tástála Uimh. 1 agus Uimh. 2 a ndéantar tuairisc orthu i bpointe 3.6.2.

    5.3.3.1.1.

    Déanfar tástálacha le haghaidh gach cáis ag treoluasanna cliathánacha 0,2 m/s agus 0,5 m/s.

    5.3.3.1.2.

    An chonair tástála ar a mbeifear ag tiomáint, is éard a bheidh inti conair dhíreach tosaigh atá comhthreomhar leis an marcáil lána neamhbhriste a bheifear a thástáil, agus cuar ga fhosaithe ina dhiaidh sin ar mhaithe le treoluas cliathánach agus luascáil aitheanta a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfeithicil is ábhar don tástáil, agus conair dhíreach ina dhiaidh sin arís áit a mbeifear ag tiomáint gan aon fhórsa a chur i bhfeidhm ar an rialtán stiúrtha (e.g. trí na lámha a bhaint den rialtán stiúrtha).

    Image 3

    5.3.3.1.3.

    Is é 72 km/h ± 1 km/h a bheidh i luas na feithicle is ábhar don tástáil le linn na tástála go dtí go mbeidh idirghabháil ón gcóras ann.

    Cuar an gha fhosaithe a thiomáinfear chun an treoluas cliathánach is gá a chur i bhfeidhm, 1 200 m nó níos mó a bheidh sa gha aige.

    Beidh lamháltas ± 0,05 m/s i gceist agus an treoluas cliathánach is gá á bhaint amach.

    Cuirfidh monaróir na feithicle faisnéis ar fáil ina mbeidh tuairisc ar gha an chuair atá le tiomáint agus ar an suíomh ina gcuirfear deireadh leis an gconair lúibe iata agus/nó leis an rialú luais chun a áirithiú go mbeidh gluaiseacht shaor ann ionas nach gcuirfear isteach ar shochtadh uathoibríoch de réir phointe 3.3.1.

    5.3.3.2.

    An fheithicil is ábhar don tástáil, comhlíonfar na ceanglais tástála mura dtéann sí DTLM is mó ná -0,3 m. thar an marcáil lána.

    5.3.3.3.

    Ina theannta sin, léireoidh monaróir na feithicle chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an raon luais iomlán agus an raon treoluais imeachta chliathánaigh. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála.

    CUID 3

    DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)

    Teachtaireacht maidir le deonú/fadú/diúltú/aistarraingt (4) cineálcheadaithe cineáil feithicle i ndáil lena chóras éigeandála le fanacht i lána i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646 ón gCoimisiún (5)), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh 2021/646

    Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú AE:

    An chúis atá leis an bhfadú/an diúltú/an aistarraingt(1):

    ROINN I

    0.1.

    Déantús (trádainm an mhonaróra):

    0.2.

    Cineál:

    0.2.1.

    Ainm(nó ainmneacha) tráchtála (más ann dó(ibh):

    0.3.

    Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil:

    0.3.1.

    Suíomh na marcála sin:

    0.4.

    Catagóir na feithicle:

    0.5.

    Ainm agus seoladh an mhonaróra:

    0.8.

    Ainm (nó ainmneacha) agus seoladh (nó seoltaí) na monarchan/monarchana cóimeála:

    0.9.

    Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó):

    ROINN II

    1.

    Faisnéis bhreise (i gcás inarb infheidhme): féach an tAguisín.

    2.

    Na seirbhísí teicniúla atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh:

    3.

    Dáta na tuarascála tástála:

    4.

    Uimhir na tuarascála tástála:

    5.

    Barúlacha (más ann dóibh): féach an tAguisín.

    6.

    Áit:

    7.

    Dáta:

    8.

    Síniú:

    (1)  Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51)

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/621 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019 maidir leis an bhfaisnéis theicniúil is gá chun tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar na hítimí atá le tástáil, maidir le húsáid na modhanna tástála a mholtar, agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe i ndáil leis an bhformáid sonraí agus na nósanna imeachta maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis theicniúil lena mbaineann (IO L 108, 23.4.2019, lch. 5)

    (3)  IO L 178, 18.6.2014, lch. 29.

    (4)  Scrios murab infheidhme.

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil lena gcórais éigeandála le fanacht i lána (ELKS) (IO L 133, 20.4.2021, lch. 31).


    Aguisín

    le huimhir an deimhnithe ar chineálcheadú AE

    1.   

    Faisnéis bhreise

    1.1.   

    Tuairisc ar an gcóras

    1.2.   

    Modh chun an ELKS a dhíghníomhachtú de láimh

    1.3.   

    Tuairisc ar an díghníomhachtú uathoibríoch (má tá sé feistithe).

    1.4.   

    Tuairisc ar an sochtadh uathoibríoch (má tá sé feistithe)

    1.5.   

    Córas Rabhaidh Imeachta ó Lána (LDWS)

    1.5.1   

    Raon luais an LDWS

    1.5.2.   

    Tuairisc theicniúil ar an LDWS agus líníocht de)

    1.6.   

    Feidhm Cheartaitheach um Rialú Treorach (CDCF)

    1.6.1.   

    Raon luais an CDCF

    1.6.2.   

    Tuairisc ar an gcóras (go háirithe má úsáideann an córas stiúradh nó coscánú)


    IARSCRÍBHINN II

    INIÚCHÓIREACHT SÁBHÁILTEACHTA

    1.

    Faisnéis Ghinearálta

    1.1.

    Sainítear san Iarscríbhinn seo na ceanglais speisialta le haghaidh doiciméadachta, straitéise lochta, agus fíoraithe i ndáil le gnéithe sábháilteachta de chórais rialaithe Leictreonacha agus de chórais leictreonacha casta um rialú feithicle de chuid an chórais éigeandála le fanacht i lána.

    1.1.1.

    Go ginearálta, is faoi rialú bogearraí a bhíonn córais leictreonacha rialaithe, agus is éard atá iontu comhpháirteanna feidhmiúla ar leithligh amhail braiteoirí, aonaid rialaithe leictreonacha agus gníomhróirí, agus iad nasctha le chéile ag naisc tarchuir. D’fhéadfadh eilimintí meicniúla, leictrea-neomatacha nó leictrea-hiodrálacha a bheith iontu.

    1.2.

    Ní shonraítear san Iarscríbhinn seo na critéir feidhmíochta le haghaidh “An Chórais” a chumhdaítear sa Rialachán seo, ach cumhdaítear inti an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm ar an bpróiseas deartha agus an fhaisnéis nach mór a nochtadh don tSeirbhís Theicniúil, chun críoch cineálcheadaithe.

    1.3.

    Leis an bhfaisnéis sin léireofar go n-urramaíonn “An Córas”, faoi dhálaí nach fabhtach agus faoi dhálaí fabht, na ceanglais feidhmíochta uile is iomchuí a shonraítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I, agus gur ceapadh é ionas go n-oibreoidh sé sa tslí nach gcothóidh sé rioscaí criticiúla sábháilteachta.

    2.

    Doiciméadacht

    2.1.

    Ceanglais

    Soláthróidh an monaróir pacáiste doiciméadachta ina mbeidh rochtain ar bhundhearadh “An Chórais” agus ar na modhanna trína nasctar é le córais eile feithicle nó trína ndéanann sé athróga aschuir a rialú go díreach. Míneofar feidhm (nó feidhmeanna) “an Chórais”, lena n-áirítear na straitéisí rialaithe agus coincheap na sábháilteachta atá leagtha síos ag an monaróir. Beidh an doiciméadacht gonta, ach mar sin féin beidh fianaise ann go raibh sé de bhuntáiste ag an dearadh agus an fhorbairt go raibh saineolas ann ó na réimsí córais ar fad lena mbaineann. Maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta, tabharfar tuairisc sa doiciméadacht ar an gcaoi ar féidir stádas oibríochtúil reatha “An Chórais” a sheiceáil.

    Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil measúnú ar an bpacáiste doiciméadachta chun a thaispeáint:

    (a)

    gur ceapadh “An Córas” ionas go n-oibreoidh sé, faoi dhálaí nach fabhtach agus faoi dhálaí fabht, sa tslí nach gcothóidh sé rioscaí criticiúla sábháilteachta;

    (b)

    go n-urramaíonn “An Córas”, faoi dhálaí nach fabhtach agus faoi dhálaí fabht, na ceanglais feidhmíochta uile is iomchuí a shonraítear in áiteanna eile sa Rialachán seo; agus

    (c)

    gur de réir an phróisis/an mhodha forbartha atá dearbhaithe ag an monaróir a forbraíodh “An Córas”, agus go n-áirítear leis sin na céimeanna a liostaítear i bpointe 2.4.4 ar a laghad.

    2.1.1.

    Cuirfear an doiciméadacht ar fáil ina dhá cuid:

    (a)

    An pacáiste foirmiúil doiciméadachta le haghaidh an fhormheasa, pacáiste ina bhfuil an t-ábhar a liostaítear i bpointe 2. (cé is moite den mhéid a ghabhann le pointe 2.4.4.) agus a sholáthrófar don tSeirbhís Theicniúil an tráth a chuirfear isteach an t-iarratas ar chineálcheadú. Úsáidfidh an tSeirbhís Theicniúil an pacáiste doiciméadachta sin mar thagairt bhunúsach don phróiseas fíoraithe a leagtar amach i bpointe 3. Áiritheoidh an tSeirbhís Theicniúil go mbeidh an pacáiste doiciméadachta sin ar fáil ar feadh tréimhse a chinnfear i gcomhaontú leis an Údarás Ceadaithe. 10 mbliana ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin agus is nuair a scoirfear go cinnte de tháirgeadh na feithicle a thosófar air sin a chomhaireamh.

    (b)

    Sonraí breise ábhair agus anailíse a ghabhann le pointe 2.4.4., rud a choinneoidh an monaróir ach a chuirfear ar fáil le hiniúchadh tráth an chineálcheadaithe. Áiritheoidh an monaróir go mbeidh na sonraí ábhair agus anailíse sin fós ar fáil go ceann tréimhse 10 mbliana, tréimhse a thosófar a chomhairfear nuair a scoirfear go cinnte de tháirgeadh na feithicle.

    2.2.

    Cuirfear tuairisc ar fáil ina dtabharfar míniú simplí ar na feidhmeanna uile, lena n-áirítear straitéisí rialaithe “An Chórais” agus na modhanna a úsáidtear chun na cuspóirí a bhaint amach. Cuimseofar sa tuairisc sin ráiteas maidir leis an meicníocht (nó na meicníochtaí) trína bhfeidhmítear an rialú.

    Aon fheidhm dá dtuairiscítear is féidir a shárú, aithneofar sin agus tabharfar tuairisc bhreise ar an réasúnaíocht athraithe atá le hoibriú na feidhme.

    2.2.1.

    Soláthrófar liosta de gach athróg ionchuir agus gach athróg braite, agus déanfar raon oibre na n-athróg sin a shainiú. Ina theannta sin tabharfar tuairisc ar an difear a dhéanann gach athróg d’iompar an chórais.

    2.2.2.

    Soláthrófar liosta de na hathróga aschuir go léir atá faoi rialú “An Chórais” agus tabharfar le fios, i ngach cás, cé acu is rialú díreach atá i gceist nó rialú trí chóras eile feithicle. Saineofar an raon inar dócha don “Chóras” rialú a fheidhmiú ar gach athróg aschuir.

    2.2.3.

    Teorainneacha lena sainítear teorainneacha oibríochta feidhmiúla (i.e. na teorainneacha fisiciúla seachtracha ar laistigh díobh is féidir leis an gcóras rialú a choinneáil ar bun), luafar iad sin i gcás inarb iomchuí ó thaobh fheidhmíocht an chórais de.

    2.3.

    Leagan amach an chórais agus scéimléaráid de.

    2.3.1.

    Fardal na gcomhpháirteanna.

    Soláthrófar liosta ina gcomhordófar gach aonad den “Chóras” agus ina luafar na córais eile feithicle is gá chun an fheidhm rialaithe atá i gceist a bhaint amach.

    Soláthrófar scéimléaráid imlíne ina léireofar na haonaid sin i dteannta a chéile, scéimléaráid ina soiléireofar idir an dáileachán trealaimh agus na hidirnaisc.

    2.3.2.

    Feidhmeanna na n-aonad

    Déanfar feidhm gach aonaid den “Córas” a leagan amach agus taispeánfar na comharthaí a nascann iad le haonaid eile nó le córais eile feithicle. Féadfar é sin a chur ar fáil le blocléaráid lipéadaithe nó le scéimléaráid eile, nó le tuairisc agus léaráid den sórt sin ina cúnamh aici.

    2.3.3.

    Idirnaisc laistigh den “Chóras”, is le léaráid chiorcaid a léireofar iad i gcás na nasc tras-seolta leictreach, is le léaráid phíobánra a léireofar iad i gcás trealamh tras-seolta neomatach, agus is le leagan amach simplithe léaráideach a léireofar iad i gcás nascálacha meicniúla. Léireofar freisin na naisc tarchuir chuig córais eile agus ó chórais eile.

    2.3.4.

    Beidh comhfhreagras soiléir idir naisc tarchuir agus na comharthaí a iomprófar idir aonaid. Tosaíochtaí comharthaí ar chonairí sonraí ilphléacsaithe, sonrófar iad sin i gcás inarbh fhéidir gur saincheist í an tosaíocht a dhéanfadh difear don fheidhmíocht nó don tsábháilteacht.

    2.3.5.

    Aonaid a shainaithint

    Beidh gach aonad inaitheanta go soiléir agus gan débhrí (e.g. trí mharcáil le haghaidh crua-earraí agus trí mharcáil nó aschur bogearraí le haghaidh inneachar bogearraí) ionas go mbeidh na crua-earraí agus an doiciméadacht comhfhreagrach dá chéile.

    I gcás ina gcuirtear feidhmeanna le chéile laistigh d’aonad amháin nó go deimhin laistigh de ríomhaire amháin, ach go dtaispeántar iad i mbloic iomadúla sa bhlocléaráid ar mhaithe le soiléireacht agus éascaíocht a mínithe, ní úsáidfear ach aon mharcáil aitheantais crua-earraí amháin. Dearbhóidh an monaróir, tríd an aitheantas sin a úsáid, go bhfuil an trealamh a sholáthraítear i gcomhréir leis an doiciméad comhfhreagrach.

    2.3.5.1.

    Leis an aitheantas déantar an leagan crua-earraí agus bogearraí a shainiú agus, i gcás ina dtagann athrú ar an leagan bogearraí sa tslí go n-athraítear feidhm an Aonaid a mhéid a bhaineann leis an Rialachán seo, athrófar an t-aitheantas sin freisin.

    2.4.

    Coincheap sábháilteachta an mhonaróra

    2.4.1.

    An straitéis arna roghnú chun cuspóirí “An Chórais” a bhaint amach, soláthróidh an monaróir ráiteas lena ndearbhófar nach ndéanfaidh an straitéis sin dochar d’oibriú sábháilte na feithicle.

    2.4.2.

    I ndáil le bogearraí a úsáidtear sa “Chóras”, míneofar an ailtireacht imlíne agus sainaithneofar na modhanna agus na huirlisí deartha a úsáideadh. Taispeánfaidh an monaróir fianaise maidir leis na bealaí ar chinn siad réadú loighic an chórais le linn an phróisis deartha agus forbartha.

    2.4.3.

    Soláthróidh an monaróir míniú don tSeirbhís Theicniúil ar na forálacha deartha is cuid den “Chóras” ionas go nginfear oibriú sábháilte faoi dhálaí fabht. Is forálacha deartha iad seo a leanas, mar shampla, a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh teip sa “Chóras”:

    (a)

    dul i mbun cúltaca agus oibriú de chóras páirteach;

    (b)

    athrú chuig córas cúltaca ar leithligh;

    (c)

    an fheidhm ardleibhéil a bhaint.

    I gcás teipe, tabharfar rabhadh don tiománaí, mar shampla, trí chomhartha rabhaidh nó trí theachtaireacht a thaispeáint. I gcás nach ndéanfaidh an tiománaí an córas a dhíghníomhachtú, e.g. tríd an lasc adhainte a chasadh chuig “as”, nó tríd an bhfeidhm áirithe sin a mhúchadh má bhíonn lasc speisialta ar fáil chun na críche sin, mairfidh an rabhadh a fhad a mhairfidh an fabht.

    2.4.3.1.

    An fhoráil a roghnófar, más modh oibríochta feidhmíochta páirtí faoi dhálaí fabht ar leith a roghnaítear léi sin, sonrófar cé na dálaí atá i gceist agus saineofar na teorannacha a bheidh leis an éifeachtacht dá bharr.

    2.4.3.2.

    An fhoráil a roghnófar, má roghnaítear modh eile (tánaisteach) léi chun cuspóir an chórais rialaithe feithicle a bhaint amach, déanfar prionsabail na meicníochta athraithe, loighic aon ghné cúltaca seiceála is cuid den chóras, agus leibhéal iomarcaíochta na ngnéithe sin a shainiú, agus saineofar na teorannacha a bheidh leis an éifeachtacht chúltaca dá bharr.

    2.4.3.3.

    An fhoráil a roghnófar, más é an fheidhm leictreonach rialaithe ardleibhéil a bhaint a roghnaítear léi, cuirfear cosc ar na comharthaí rialaithe aschuir ar fad a bhaineann leis an bhfeidhm sin, rud a dhéanfar tslí go gcuirfear srian leis an suaitheadh aistrithe.

    2.4.4.

    Tabharfar tacaíocht don doiciméadú trí anailís ina léireofar, i dtéarmaí foriomlána, conas a iompróidh an córas é féin nuair a tharlóidh aon cheann de na guaiseanna nó na lochtanna sin a mbeidh tionchar acu ar fheidhmíocht rialaithe feithicle nó ar shábháilteacht feithicle.

    An modh (nó na modhanna) anailíse a roghnófar, déanfaidh an Monaróir iad a bhunú agus a choinneáil ar bun, agus osclófar iad lena n-iniúchadh ag an tSeirbhís Theicniúil tráth an chineálcheadaithe.

    Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil measúnú ar chur i bhfeidhm an chur chuige (nó na cineálacha cur chuige) anailísigh. Cuimseofar an méid seo a leanas sa mheasúnú:

    (a)

    Iniúchadh ar an gcur chuige sábháilteachta ar leibhéal an choincheapa (feithicil) agus dearbhú gur cuid den cur chuige sin breithniú ar na nithe seo a leanas:

    (i)

    idirghníomhaíochtaí le córais eile feithicle;

    (ii)

    mífheidhmeanna de chuid an chórais, laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo;

    (iii)

    maidir leis na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe 2.2.:

    cásanna ina bhféadfadh córas nach bhfuil aon fhabht ann rioscaí criticiúla sábháilteachta a chothú (e.g. de dheasca easpa tuisceana nó míthuiscint ar thimpeallacht na feithicle nó an timpeallacht);

    mí-úsáid measartha intuartha ag an tiománaí;

    modhnú d’aon ghnó ar an gcóras.

    Is ar anailís ghuaise/riosca atá oiriúnach do shábháilteacht an chórais a bhunófar an cur chuige sin.

    (b)

    Iniúchadh ar an gcur chuige sábháilteachta ar leibhéal an chórais. D’fhéadfaí é sin a bhunú ar anailís ar chineál agus ar éifeachtaí clistí (FMEA), ar chrann-anailís fabhtanna (FTA) nó ar aon phróiseas den chineál céanna is iomchuí maidir le sábháilteacht an chórais.

    (c)

    Iniúchadh ar na pleananna bailíochtaithe agus na torthaí. Cuimseofar leis sin tástáil bhailíochtaithe atá oiriúnach don bhailíochtú, mar shampla tástáil ar chineál crua-earraí sa lúb (HIL), tástáil oibríochtúil feithicle ar bhóthar, nó aon tástáil eile is iomchuí maidir le bailíochtú.

    Is éard a bheidh sa mheasúnú seiceálacha spota ar ghuaiseacha agus fabhtanna roghnaithe ar mhaithe lena shuíomh gur loighciúil intuigthe an argóinteacht a thacaíonn leis an gcoincheap sábháilteachta, gurb oiriúnach na pleananna bailíochtaithe, agus gur cuireadh na pleananna sin i gcrích.

    Féadfaidh an tSeirbhís Theicniúil tástálacha a dhéanamh nó a éileamh go ndéanfar tástálacha faoi mar a shonraítear i bpointe 3. chun coincheap na sábháilteachta a fhíorú.

    2.4.4.1.

    Tabharfar tuairisc sa doiciméadacht sin ar na paraiméadair a bhfuil faireachán á déanamh orthu agus leagfar amach inti, i gcás gach dála fabht a shainítear i bpointe 2.4.4., an comhartha rabhaidh atá le tabhairt don tiománaí agus/nó don phearsanra seirbhíse/cigireachta teicniúla.

    2.4.4.2.

    Déanfar cur síos sa doiciméadacht sin ar na bearta atá i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfaidh an “Córas” dochar d’oibriú sábháilte na feithicle i gcás ina bhfuil tionchar ag dálaí timpeallachta ar fheidhmíocht “an Chórais”, e.g. dálaí aeráide, teocht, deannach a dhul isteach, uisce a dhul isteach, pacáil oighir.

    3.

    Fíorú agus tástáil

    3.1.

    Oibriú feidhmiúil “An Chórais”, a leagtar amach sna doiciméid a éilítear i bpointe 2, déanfar é a thástáil mar seo a leanas:

    3.1.1.

    Fíorú fheidhm “An Chórais”

    Fíoróidh an tSeirbhís Theicniúil “An Córas” faoi dhálaí nach fabhtach trí roinnt feidhmeanna roghnaithe a thástáil as a measc siúd a dtugann an monaróir tuairisc orthu i bpointe 2.2.

    Maidir le córais leictreonacha chasta, cuimseofar sna tástálacha sin cásanna ina sárófar feidhm shonraithe.

    3.1.1.1.

    Comhfhreagróidh torthaí an fhíoraithe don tuairisc, lena n-áirítear na straitéisí rialaithe, a sholáthair an monaróir i bpointe 2.2.

    3.1.2.

    Fíorú choincheap na sábháilteachta a ghabhann le pointe 2.4.

    Déanfar freagairt “An Chórais” a sheiceáil faoi thionchar teipe in aon aonad aonair trí chomharthaí aschuir comhfhreagracha a chur i bhfeidhm ar aonaid leictreacha nó ar eilimintí meicniúla chun éifeachtaí fabhtanna inmheánacha laistigh den aonad a ionsamhlú. Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil an tseiceáil sin i gcás aonaid aonair amháin ar a laghad, ach ní sheiceálfaidh sí freagairt “An Chórais” ar iliomad teipeanna comhuaineacha de chuid aonad aonair.

    Fíoróidh an tSeirbhís Theicniúil go gcuimsítear sna tástálacha sin gnéithe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar inrialaitheacht feithicle agus ar fhaisnéis an úsáideora (gnéithe a bhaineann le comhéadan duine le meaisín).

    4.

    Tuairisciú ón tSeirbhís Theicniúil

    Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil an measúnú a thuairisciú sa tslí go mbeidh inrianaitheacht ann, e.g. déanfar leaganacha de na doiciméid a ndéanfar cigireacht orthu a chódú agus a liostú i dtaifid na Seirbhíse Teicniúla.

    Tugtar sampla san Aguisín de leagan amach a d’fhéadfadh a bheith ar fhoirm mheasúnaithe na Seirbhíse Teicniúla don Údarás Cineálcheadaithe.


    Aguisín

    Foirm shamplach mheasúnaithe don ELKS

    Uimh. na tuarascála tástála:

    1.

    Sainaitheantas.

    1.1.

    Déanamh na feithicle:

    1.2

    Cineál

    1.3

    Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil:

    1.4.

    Suíomh na marcála sin:

    1.5.

    Ainm agus seoladh an mhonaróra:

    1.6.

    Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme:

    1.7.

    Pacáiste doiciméadachta fhoirmiúil an mhonaróra:

    Uimhir thagartha na doiciméadachta:

    Dáta na heisiúna bunaidh:

    Dáta an nuashonraithe is déanaí:

    2.

    Tuairisc ar an bhfeithicil (nó na feithiclí) tástála/ar an gcóras (nó na córais) atáthar a thástáil

    2.1.

    Tuairisc ghinearálta:

    2.2.

    Tuairisc ar fheidhmeanna rialaithe uile “An Chórais” agus ar na modhanna oibríochta:

    2.3.

    Tuairisc ar na comhpháirteanna agus léaráidí de na hidirnaisc laistigh den “Chóras”:

    2.4.

    Tuairisc ghinearálta:

    2.5.

    Tuairisc ar fheidhmeanna rialaithe uile “An Chórais”, agus ar na modhanna oibríochta:

    2.6.

    Tuairisc ar na comhpháirteanna agus léaráidí de na hidirnaisc laistigh den “Chóras

    3.

    Coincheap sábháilteachta an mhonaróra

    3.1.

    Tuairisc ar shreabhadh comharthaí agus ar shonraí oibriúcháin agus ar na tosaíochtaí a bhaineann leo:

    3.2.

    Dearbhú an mhonaróra:

    An straitéis arna roghnú chun cuspóirí ‘An Chórais’ a bhaint amach, dearbhaíonn an monaróir (nó na monaróirí)nach ndéanfaidh an straitéis sin dochar d’oibriú sábháilte na feithicle faoi dhálaí nach fabhtach.

    3.3.

    Ailtireacht imlíne bogearraí agus na modhanna agus uirlisí deartha a úsáideadh:

    3.4.

    Míniú ar fhorálacha dearaidh is cuid den “Chóras” faoi dhálaí fabht:

    3.5.

    Anailísí doiciméadaithe ar iompraíocht “an Chórais” faoi dhálaí guaise nó fabht ar leith:

    3.6.

    Tuairisc ar na bearta atá i bhfeidhm maidir le dálaí timpeallacht:

    3.7.

    Forálacha maidir leis an tástáil thréimhsiúil ródacmhainneachta ar “an gCóras”:

    3.8.

    Torthaí na tástála fíoraithe ar “an gCóras” dá dtagraítear i bpointe 3.1.1. d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646 ón gCoimisiún (1).

    3.9.

    Torthaí na tástála fíoraithe ar choincheap na sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe 3.1.2. d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646.

    3.10.

    Dáta na tástála:

    3.11.

    An tástáil seo a dhéanamh agus na torthaí a thuairisciú, is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/646, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 2021/646, a rinneadh é.

    An tSeirbhís Theicniúil atá i mbun na tástála

    Sínithe: … Dáta: …

    3.12.

    Barúlacha:

    (1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil lena gcórais éigeandála le fanacht i lána (ELKS) (IO L 133, 20.4.2021, lch. 31).


    Top