Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R0493

    Rialachán (AE) Uimh. 493/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú

    IO L 141, 27.5.2011, p. 13–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 13/08/2019; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32019R1240

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/493/oj

    27.5.2011   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/13


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 493/2011 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 5 Aibreán 2011

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2)(c) agus Airteagal 74 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle (2), leagtar síos an oibleagáid chun cineálacha comhair a bhunú i measc oifigeach idirchaidrimh inimirce na mBallstát, cuspóirí an chomhair sin, feidhmeanna agus cáilíochtaí iomchuí na n-oifigeach idirchaidrimh sin, chomh maith lena bhfreagrachtaí i leith na tíre óstaí agus an Bhallstáit a sheolann iad.

    (2)

    Le Cinneadh 2005/267/CE (3) ón gComhairle, bunaíodh Líonra daingean gréasán-bhunaithe Faisnéise agus Comhordúcháin le haghaidh Seirbhísí Bainistithe Imirce Ballstát ionas go bhféadfaí faisnéis a mhalartú maidir le himirce neamhrialta, maidir le hiontráil agus inimirce neamhdhleathach agus maidir le cónaitheoirí neamhdhleathacha a aischur. Faoin gCinneadh sin, tá líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce le bheith san áireamh sna heilimintí a bhaineann le malartú faisnéise.

    (3)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 (4) ón gComhairle, bunaíodh Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (Frontex). Is é cúram Frontex anailísí riosca de chineál ginearálta agus de chineál sainiúil a ullmhú lena gcur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin.

    (4)

    Tá oifigigh idirchaidrimh inimirce le faisnéis a bhailiú maidir le hinimirce neamhdhleathach, ar faisnéis í atá le húsáid ar leibhéal oibríochtúil nó ar leibhéal straitéiseach nó ar an dá leibhéal sin. D’fhéadfadh faisnéis den sórt sin rannchuidiú go substaintiúil leis na gníomhaíochtaí de chuid Frontex a bhaineann le hanailís riosca, agus ba cheart comhar níos dlúithe a bhunú chun na críche sin idir líonraí éagsúla oifigeach idirchaidrimh inimirce agus Frontex.

    (5)

    Ba cheart go mbeadh na Ballstáit go léir in ann cruinnithe a thionscnamh, nuair a mheastar gurb iomchuí déanamh amhlaidh, idir na hoifigigh idirchaidrimh inimirce arna bpostú i dtríú tír áirithe nó i réigiún áirithe, chun comhar eatarthu a fheabhsú. Ba cheart d’ionadaithe de chuid an Choimisiúin agus de chuid Frontex a bheith rannpháirteach sna cruinnithe sin. Ba cheart go mbeifí in ann cuireadh a thabhairt freisin do chomhlachtaí agus d’údaráis eile, amhail an Oifig Eorpach um Thacaíocht Tearmainn agus Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe.

    (6)

    Le Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) déantar Ciste na dTeorainneacha Seachtracha a bhunú, ar feadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2013, mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce”, chun rannchuidiú le neartú an limistéir saoirse, slándála agus ceartais agus le cur i bhfeidhm phrionsabal na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit. Ba cheart go mbeifí in ann na hacmhainní atá ar fáil ó Chiste na dTeorainneacha Seachtracha a úsáid chun na gníomhaíochtaí arna n-eagrú ag seirbhísí consalachta agus seirbhísí eile na mBallstát i dtríú tíortha a fheabhsú agus chun tacú le neartú chumas oibríochtúil na líonraí éagsúla oifigeach idirchaidrimh inimirce, agus, sa dóigh sin, comhar níos éifeachtaí á chur chun cinn idir na Ballstáit.

    (7)

    Ba cheart go gcuirfí Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas go rialta maidir le gníomhaíochtaí na líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce i dtíortha sonracha agus/nó i réigiúin shonracha a bhfuil leas ar leith ag an Aontas iontu agus, freisin, maidir leis an staid sna tíortha agus/nó sna réigiúin sin, i dtaca le nithe a bhaineann le hinimirce neamhdhleathach. Ba cheart go ndéanfaí roghnú na dtíortha sonracha agus/nó na réigiún sonrach a bhfuil leas ar leith ag an Aontas iontu a bhunú ar tháscairí imirce oibiachtúla, amhail staidreamh maidir le hinimirce neamhdhleathach agus anailísí riosca agus faisnéis nó tuarascálacha ábhartha eile arna hullmhú nó arna n-ullmhú ag Frontex agus ag an Oifig Eorpach um Thacaíocht Tearmainn, agus ba cheart go ndéanfaí beartas foriomlán caidrimh sheachtraigh an Aontais a chur san áireamh ann.

    (8)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 a leasú dá réir.

    (9)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon forálacha reatha an Aontais maidir le cruthú agus feidhmiú na líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce a oiriúnú chun athruithe i ndlí an Aontais, chomh maith le taithí phraiticiúil a fuarthas sa chomhthéacs seo, a chur san áireamh, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    (10)

    Leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus a léirítear sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    (11)

    Tá an Ríocht Aontaithe rannpháirteach sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (6).

    (12)

    Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (7).

    (13)

    I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

    (14)

    Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (8), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A agus pointe E, de Chinneadh 1999/437/CE (9) ón gComhairle maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.

    (15)

    Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (10), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A agus pointe E, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (11).

    (16)

    Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A agus pointe E, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle (12),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, scriostar an dara habairt;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “3.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar fáil ar an Líonra daingean gréasán-bhunaithe Faisnéise agus Comhordúcháin le haghaidh Seirbhísí Bainistithe Imirce Ballstát arna bhunú le Cinneadh 2005/267/CE (13) ón gComhairle (ICONet) faoin roinn atá tiomnaithe do líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a sholáthar don Chomhairle freisin.

    (2)

    Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fleasc:

    “—

    faisnéis agus taithí phraiticiúil a mhalartú, go háirithe ag cruinnithe agus trí ICONet,

    faisnéis a mhalartú, i gcás inarb iomchuí, maidir le taithí i dtaca le rochtain ar chosaint do lucht iarrtha tearmainn,”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Féadfaidh ionadaithe an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta Eorpaigh chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (Frontex) arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (14) páirt a ghlacadh sna cruinnithe arna n-eagrú faoi chuimsiú an líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce, cé go bhféadfar na cruinnithe a thionól gan na hionadaithe sin a bheith i láthair i gcás ina n-éilítear amhlaidh de bharr nithe a bhaineann le cúrsaí oibríochtúla. Féadfar cuireadh a thabhairt do chomhlachtaí agus d’údaráis eile freisin, de réir mar is iomchuí.

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Déanfaidh an Ballstát a shealbhaíonn Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh an tionscnamh a ghlacadh cruinnithe den sórt sin a thionól. Mura ndéantar ionadaíocht thar ceann an Bhallstáit a shealbhaíonn an Uachtarántacht sa tír nó sa réigiún lena mbaineann, is faoin mBallstát atá ag fónamh mar Uachtaránacht ghníomhach an tionscnamh a ghlacadh an cruinniú a thionól. Féadfar cruinnithe a thionól ar thionscnamh Ballstát eile freisin.”;

    (3)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    “Airteagal 6

    1.   Déanfaidh an Ballstát a shealbhaíonn Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh nó, i gcás nach ndéantar ionadaíocht thar ceann an Bhallstáit sin sa tír nó sa réigiún lena mbaineann, déanfaidh an Ballstát atá ag fónamh mar Uachtaránacht ghníomhach tuarascáil a tharraingt suas, faoi dheireadh gach seimeastair, do Pharlaimint na hEorpa, don Comhairle agus don Choimisiún maidir le gníomhaíochtaí na líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce i dtíortha sonracha agus/nó i réigiúin shonracha a bhfuil leas ar leith ag an Aontas Eorpach iontu, agus freisin ar an staid sna tíortha agus/nó sna réigiúin sin, i ndáil le nithe a bhaineann le hinimirce neamhdhleathach, agus na gnéithe ábhartha go léir á gcur san áireamh, lena n-áirítear cearta an duine. Déanfar roghnú na dtíortha sonracha agus/nó na réigiún sonrach a bhfuil leas ar leith ag an Aontas Eorpach iontu, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, a bhunú ar tháscairí imirce oibiachtúla, amhail staidreamh maidir le hinimirce neamhdhleathach, agus anailísí riosca agus faisnéis ábhartha eile nó tuarascálacha arna n-ullmhú ag Frontex agus ag an Oifig Eorpach um Thacaíocht Tearmainn, agus cuirfear san áireamh beartas foriomlán caidrimh sheachtraigh an Aontais.

    2.   Déanfar tuarascálacha an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas i gcomhréir leis an tsamhail a bunaíodh le Cinneadh 2005/687/CE ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2005 maidir leis an bhformáid don tuarascáil ar ghníomhaíochtaí na líonraí oifigeach idirchaidreamh inimirce agus ar an staid sa tír óstach i ndáil le nithe a bhaineann le hinimirce neamhdhleathach (15) agus léireofar iontu na critéir roghnaíochta ábhartha.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn thuarascálacha an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1, agus gnéithe a bhaineann le cearta an duine á gcur san áireamh más ábhartha, achoimre fhíorasach agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil, maidir le forbairt na líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 5 Aibreán 2011.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    J. BUZEK

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    GYŐRI E.


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Márta 2011.

    (2)  IO L 64, 2.3.2004, lch. 1.

    (3)  IO L 83, 1.4.2005, lch. 48.

    (4)  IO L 349, 25.11.2004, lch. 1.

    (5)  IO L 144, 6.6.2007, lch. 22.

    (6)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

    (7)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

    (8)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 2.

    (9)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

    (10)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    (11)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

    (12)  IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.

    (13)  IO L 83, 1.4.2005, lch. 48.”;

    (14)  IO L 349, 25.11.2004, lch. 1.”;

    (15)  IO L 264, 8.10.2005, lch. 8.”.


    Top