Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0070

Cás C-70/21: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 23 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v an Phoblacht Heilléanach (Mainneachtain Stáit – Comhshaol – Treoir 2008/50/CE – Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – Airteagal 13(1) – Iarscríbhinn XI – Sárú córasach agus leanúnach ar an teorainnluach laethúil do mhicreacháithníní (PM10) i gceirtleán Thessaloniki (EL 0004 – Airteagal 23(1) – Iarscríbhinn XV – Tréimhse sáraithe “chomh gearr agus is féidir” – Bearta iomchuí)

IO C 173, 15.5.2023, pp. 2–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 173/2


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 23 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v an Phoblacht Heilléanach

(Cás C-70/21) (1)

(Mainneachtain Stáit - Comhshaol - Treoir 2008/50/CE - Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh - Airteagal 13(1) - Iarscríbhinn XI - Sárú córasach agus leanúnach ar an teorainnluach laethúil do mhicreacháithníní (PM10) i gceirtleán Thessaloniki (EL 0004 - Airteagal 23(1) - Iarscríbhinn XV - Tréimhse sáraithe “chomh gearr agus is féidir” - Bearta iomchuí)

(2023/C 173/03)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Konstantinidis agus M. Noll-Ehlers, Gníomhairí)

Costantóir: An Phoblacht Heilléanach (ionadaí: E. Skandalou, Gníomhaire)

An chuid oibríochtúil

1)

Mhainnigh an Phoblacht Heilléanach,

trí mhainneachtain a áirithiú go ndéanfar an teorainnluach laethúil do PM10 a socraíodh do PM10 a shárú go córasach agus go leanúnach, ó 2005 go 2012 go huile, in 2014 agus arís ó 2017 go 2019 go huile, i gceirtleán Thessaloniki (EL 0004), a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 13(1) a chomhlíonadh i gcomhar le hIarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip, agus,

trí mhainneachtain na bearta iomchuí a ghlacadh, ón 11 Meitheamh 2010, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an teorainnluach laethúil do PM10 i gceirtleán Thessaloniki (EL 0004), na hoibleagáidí a fhorchuirtear le hAirteagal 23(1) den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn XV a ghabhann léi a chomhlíonadh, agus go háirithe, an oibleagáid a áirithiú go bhforáiltear i bpleananna cáilíochta aeir do bhearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh tréimhse sáraithe an teorainnluacha sin chomh gearr agus is féidir.

2)

Ordaítear don Phoblacht Heilléanach na costais a íoc.


(1)  IO C 128, 12.4.2021.


Top