Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TB0117

    Cás T-117/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta 1 Feabhra 2023 – Grodno Azot agus Khimvolokno Plant v an Chomhairle (Imeachtaí eatramhacha – An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

    IO C 112, 27.3.2023, p. 36–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 112/36


    Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta 1 Feabhra 2023 – Grodno Azot agus Khimvolokno Plant v an Chomhairle

    (Cás T-117/22 R)

    (Imeachtaí eatramhacha - An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)

    (2023/C 112/46)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóirí: Grodno Azot AAT (Grodno, an Bhealarúis), Khimvolokno Plant (Grodno) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Boggio Tomasaz agus A. Antoniadis, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar:

    Lena n-iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí ar fionraí forghníomhú Chinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2125 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021, lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021 L 430 I, lch. 16) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2124 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO 2021 L 430 I, lch. 1) a mhéid a bhaineann siad leis na hiarratasóirí.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don iarratas ar bhearta idirlinne.

    2)

    Forchoimeádtar na costais.


    Top