This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023XC0221(02)
Communication from the Commission Guidelines to facilitate the application of the IPI Regulation by contracting authorities and contracting entities and by economic operators 2023/C 64/04
Teachtaireacht ón gCoimisiún Treoirlínte chun cur i bhfeidhm an Rialacháin IPI* ag údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha agus ag oibreoirí eacnamaíocha a éascú 2023/C 64/04
Teachtaireacht ón gCoimisiún Treoirlínte chun cur i bhfeidhm an Rialacháin IPI* ag údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha agus ag oibreoirí eacnamaíocha a éascú 2023/C 64/04
C/2023/1067
IO C 64, 21.2.2023, pp. 7–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
21.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 64/7 |
TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN
Treoirlínte chun cur i bhfeidhm an Rialacháin IPI* ag údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha agus ag oibreoirí eacnamaíocha a éascú
(2023/C 64/04)
Clár Ábhar
|
1. |
Tionscnamh oibreora eacnamaíoch a chinneadh | 8 |
|
1.1. |
Míreanna fianaise is féidir a úsáid chun a chinneadh an bhfuil duine dlítheanach ag gabháil do “oibríochtaí substainteacha gnó” i dtír ar leith | 8 |
|
1.2. |
Fianaise dhoiciméadach a fhéadfar a úsáid chun “oibríochtaí substainteacha gnó” a chinneadh | 8 |
|
2. |
Tionscnamh na seirbhísí a chinneadh | 9 |
|
3. |
Tionscnamh na n-earraí a chinneadh | 9 |
|
3.1. |
Tionscnamh earraí ar bhonn choincheap na n-earraí a fhaightear go hiomlán i dtír amháin | 9 |
|
3.2. |
Tionscnamh na n-earraí lena mbaineann níos mó ná tír amháin agus an coincheap “claochlú substainteach deireanach” | 10 |
|
3.2.1. |
Tionscnamh a chinneadh le haghaidh táirgí a áirítear in Iarscríbhinn 22-01 CCA-DA | 10 |
|
3.2.2. |
Tionscnamh a chinneadh le haghaidh táirgí nach n-áirítear in Iarscríbhinn 22-01 CCA-DA | 10 |
|
4. |
Oibleagáidí ar na tairgeoirí a n-éireoidh leo | 11 |
|
4.1. |
Oibleagáidí maidir le fochonraitheoireacht i bhforghníomhú an chonartha | 11 |
|
4.2. |
Oibleagáidí maidir le tionscnamh na n-earraí a úsáideadh chun an conradh a fhorghníomhú | 12 |
|
4.3. |
Oibleagáidí maidir le fianaise leordhóthanach a sholáthar arna iarraidh sin | 12 |
|
4.4. |
Oibleagáidí maidir le muirear comhréireach a íoc | 13 |
|
5. |
Conas ba cheart d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha beart IPI a chur i bhfeidhm agus cathain ba cheart sin a dhéanamh | 13 |
Le Rialachán (AE) 2022/1031 (“Rialachán IPI”) (1), leagtar síos nósanna imeachta ionas gur féidir leis an gCoimisiún imscrúduithe a dhéanamh ar bhearta nó cleachtais líomhnaithe tríú tír i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais agus dul i mbun comhairliúchán leis na tríú tíortha lena mbaineann. Foráiltear leis freisin go bhféadfaidh an Coimisiún bearta IPI a fhorchur i ndáil le bearta nó cleachtais tríú tír den sórt sin chun srian a chur ar an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí ó thríú tíortha ar nósanna imeachta soláthair phoiblí de chuid an Aontais.
Foráiltear le hAirteagal 12 de Rialachán IPI gur cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint, laistigh de 6 mhí ón 29 Lúnasa 2022, chun a chur i bhfeidhm ag údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha agus ag oibreoirí eacnamaíocha a éascú.
Luaitear in Aithris 34 den Rialachán sin gur cheart faisnéis a sholáthar sa treoir sin, go háirithe, faoi na coincheapa maidir le tionscnamh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, tionscnamh earraí agus seirbhísí, oibleagáidí breise agus cur i bhfeidhm na bhforálacha sin faoi chuimsiú an Rialacháin seo. Leis na treoirlínte sin, ba cheart riachtanais shonracha faisnéise FBManna a chur san áireamh iontu freisin, agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, d’fhonn nach gcuirfí ró-ualach orthu.
1. Tionscnamh oibreora eacnamaíoch a chinneadh
Chun críocha chur i bhfeidhm Rialachán IPI, ba cheart tionscnamh oibreora eacnamaíoch a chinneadh mar seo a leanas:
I gcás gur duine nádúrtha é oibreoir eacnamaíoch, is é tionscnamh an duine sin an tír ar náisiúnach di an duine sin nó an tír a bhfuil ceart buanchónaithe ag an duine sin inti.
I gcás gur duine dlítheanach é oibreoir eacnamaíoch, is de thionscnamh an tír ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe nó eagraithe ar shlí eile, ar choinníoll go bhfuil an duine dlítheanach ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó sa chríoch sin.
Leis an gcritéar maidir le hoibríochtaí substainteacha gnó, seachnaítear dul timpeall féideartha aon bheart IPI arna ghlacadh faoin Rialachán seo trí chuideachtaí caocha a chruthú i gcríoch tíre seachas an tír atá faoi réir beart IPI ag daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ar de thionscnamh tíre atá faoi réir beart IPI iad.
1.1. Míreanna fianaise is féidir a úsáid chun a chinneadh an bhfuil duine dlítheanach ag gabháil do “oibríochtaí substainteacha gnó” i dtír ar leith
Gabhann duine dlítheanach do “oibríochtaí substainteacha gnó” i dtír ar leith má dhéanann sé oibríochtaí gnó i gcríoch na tíre sin nach socruithe saorga iad arna bunaíodh go formhór chun críocha cánach nó chun dul timpeall ar bheart IPI.
Chun a léiriú go ngabhann sé do “oibríochtaí substainteacha gnó” i dtír ar leith, féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch na míreanna seo a leanas, inter alia, a agairt:
|
— |
an cineál oibríochtaí gnó (e.g. saoráid táirgthe, oifig ionadaíochta, ionad taighde agus forbartha, etc.); |
|
— |
méid / déine / céatadán na n-oibríochtaí gnó sa tír sin; |
|
— |
infheistíocht chaipitil sa tír sin; |
|
— |
líon na bhfostaithe sa tír sin; |
|
— |
faisnéis faoi chustaiméirí / cliaint sa tír sin; |
|
— |
fad bunaithe na cuideachta sa tír sin; |
|
— |
seoladh gnó nó comhfhreagrais sa tír sin; |
|
— |
íocaíocht ar chánacha sa tír sin. |
Ba cheart na míreanna neamh-uileghabhálacha sin a mheasúnú ina n-iomláine ar bhonn cás ar chás. Chun críocha an mheasúnaithe sin, d’fhéadfaí míreanna eile a chur san áireamh, ag brath ar shaintréithe gach cáis.
1.2. Fianaise dhoiciméadach a fhéadfar a úsáid chun “oibríochtaí substainteacha gnó” a chinneadh
I measc na samplaí d’fhianaise dhoiciméadach a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear FBManna, lena mbreithniú i gcás amhrais maidir lena rannpháirtíocht in “oibríochtaí substainteacha gnó” i gcríoch na tíre ina bhfuil siad dlítheanach bunaithe nó eagraithe ar shlí eile, áirítear an méid seo a leanas:
|
— |
taifid ghnó (díolacháin agus oibríochtaí eile) - sonraisc, admhálacha, conarthaí gnó, litreacha creidmheasa, doiciméid an tseachadta, pleananna gnó, comhfhreagras le soláthraithe/creidiúnaithe agus ceannaitheoirí agus liosta díobh, taifid ar stoc a ceannaíodh agus earraí a díoladh, tuarascáil ar chuairt cuideachta, etc.; |
|
— |
faisnéis airgeadais – cuntas iniúchta, ráiteas airgeadais, ráiteas bainc, tuairisceáin chánach agus measúnuithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí iomchuí, etc.; agus |
|
— |
faisnéis fostaithe – taifid ar ranníocaíocht le hárachas leighis nó scéimeanna pinsin/scoir, conarthaí fostaíochta, etc. |
Tá liostaí na samplaí thuas neamh-uileghabhálach. Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha aon chineál fianaise doiciméadaí a éileamh a mheasann siad a bheith iomchuí d’fhonn an tír ina bhfuil a oibríochtaí substainteacha gnó ag oibreoir eacnamaíoch a chinneadh.
2. Tionscnamh na seirbhísí a chinneadh
Chun críocha Rialachán IPI, cinntear tionscnamh seirbhíse ar bhonn thionscnamh an oibreora eacnamaíoch a sholáthraíonn an tseirbhís sin. Dá bhrí sin, tá an treoir ábhartha chun tionscnamh an oibreora eacnamaíoch a chinneadh ábhartha freisin chun tionscnamh na seirbhísí a chinneadh.
3. Tionscnamh na n-earraí a chinneadh
Chun críocha Rialachán IPI, ba cheart tionscnamh na n-earraí a sholáthraítear i bhforghníomhú conartha soláthair phoiblí a chinneadh ar bhonn na rialacha neamhfhabhracha maidir le tionscnaimh a leagtar síos i gCód Custaim an Aontais (“CCA”) (2), mar a shonraítear tuilleadh sna forálacha ábhartha de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (“CCA-DA”) (3).
Go bunúsach, úsáidtear rialacha neamhfhabhracha maidir le tionscnamh chun tír thionscnaimh na n-earraí a chinneadh chun cóireáil na náisiún barrfhabhair (NBF) a chur i bhfeidhm (i.e. cóireáil taraife chaighdeánach de chuid an Aontais), ach freisin chun roinnt beart beartais tráchtála a chur chun feidhme amhail dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh, trádbhaic thrádála, bearta coimirce agus srianta cainníochtúla nó cuótaí taraife. Úsáidtear iad freisin le haghaidh staidreamh trádála, tairiscintí poiblí agus comhartha tionscnaimh. Cuireann an tAontas a thacar féin de rialacha neamhfhabhracha maidir le forálacha i dtaca le tionscnamh i bhfeidhm, forálacha a d’fhéadfadh a bheith éagsúil le forálacha aon tríú tír eile.
Is féidir leis an tionscnamh neamhfhabhair a bheith éagsúil leis an tionscnamh fabhrach a chinntear i gcomhthéacs socrú fabhrach trádála le haghaidh earraí, amhail Scéim Ghinearálaithe um Fhabhair de chuid an Aontais nó comhaontú saorthrádála, lena ndéantar foráil maidir le cóireáil fhabhrach taraife. Is gá a mheabhrú fiú má tá fabhar taraife faighte ag na hearraí a úsáideadh i bhforghníomhú conartha tráth a n-allmhairithe isteach san Aontas agus má cinneadh tionscnamh na n-earraí sin ar bhonn na rialacha fabhracha tionscnaimh is infheidhme maidir le trádáil leis an tír is onnmhaireoir, ba cheart tionscnamh na n-earraí sin, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm bhearta IPI, a dhearbhú mar sin féin don údarás conarthach nó don eintiteas conarthach ar bhonn rialacha tionscnaimh neamhfhabhracha. Sa chomhthéacs sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach gá gurb í an tír thionscnaimh an tír as ar seachadadh na hearraí agus/nó ar soláthraíodh iad.
Ag an tús, tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi aicmiú ceart an earra dheiridh sa “Chóras Comhchuibhithe” (4) (“CC”), toisc go bhfuil riail shonrach tionscnaimh nasctha le gach earra bunaithe ar a aicmiú sa Chóras Comhchuibhithe.
Úsáidtear dhá choincheap bhunúsacha chun tionscnamh neamhfhabhair earraí a chinneadh, is é sin coincheap na dtáirgí “a fhaightear go hiomlán” agus coincheap na dtáirgí a ndearnadh “claochlú substainteach deireanach” orthu.
3.1. Tionscnamh earraí ar bhonn choincheap na n-earraí a fhaightear go hiomlán i dtír amháin
De réir Airteagal 60(1) CCA “earraí a fhaightear go hiomlán i dtír amháin nó i gcríoch amháin, measfar gur de thionscnamh na tíre nó na críche sin iad”.
Áirítear in Airteagal 31 de DA CCA liosta uileghabhálach d’earraí a mheasfar a bheith faighte go hiomlán i dtír nó i gcríoch amháin. Tagraíonn an liosta seo den chuid is mó do tháirgí a fhaightear ina staid nádúrtha agus do tháirgí a dhíorthaítear ó tháirgí a fhaightear go hiomlán. Dá bhrí sin, chun críocha Rialachán IPI freisin, is féidir a mheas go bhfaightear na táirgí sin go hiomlán i dtír agus i gcríoch amháin.
3.2. Tionscnamh na n-earraí lena mbaineann níos mó ná tír amháin agus an coincheap “claochlú substainteach deireanach”
De réir Airteagal 60(2) CCA “earraí a bhfuil níos mó ná tír nó críoch amháin bainteach lena dtáirgeadh, measfar gur de thionscnamh na tíre nó na críche ina ndearnadh an phróiseáil shubstainteach dheireanach nó an t-oibriú substainteach deireanach orthu, a raibh bunús leis an bpróiseáil nó an oibriú sin ó thaobh na heacnamaíochta, i ngnóthas a fheistítear chun na críche sin, a mbeidh monarú táirge nua mar thoradh air nó ar chéim thábhachtach sa mhonarú í”.
Ciallaíonn an coincheap “claochlú substaintiúil deireanach” gur cheart monarú táirge nua nó céim thábhachtach monaraíochta a bheith mar thoradh ar an bpróiseáil shubstaintiúil dheireanach nó ar an oibriú substaintiúil deireanach.
Go praiticiúil, chun measúnú a dhéanamh i gcás ina ndearnadh an claochlú substaintiúil deireanach, is gá faisnéis a fháil ó na hoibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach sa nós imeachta soláthair maidir leis na hábhair go léir a úsáideadh. Go háirithe, ní mór na hábhair neamhthionscnaimh a úsáideadh sa tír dheireanach táirgthe a shainaithint. Go deimhin, ní mór na hábhair neamhthionscnaimh sin a bheith próiseáilte nó oibrithe go substaintiúil sa tír dheireanach chun tionscnamh na n-earraí ábhartha a shannadh do thír táirgthe an táirge deiridh sin.
Go bunúsach, ba cheart saintréithe agus feidhmiúlachtaí ar leith a bheith ag an earra nuatháirgthe i dtír amháin, agus ba cheart go mbeadh na saintréithe agus na feidhmiúlachtaí sin éagsúil leis na hábhair a úsáideadh chun tionscnamh na tíre táirgthe céanna sin a fháil.
Ní mór an critéar “claochlú substaintiúil deireanach” a sheiceáil ar dhá shlí éagsúla, ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil an táirge lena mbaineann san áireamh in Iarscríbhinn 22-01 CCA-DA (féach pointe 3.2.1) nó mura bhfuil (féach pointe 3.2.2) (5).
3.2.1. Tionscnamh a chinneadh le haghaidh táirgí a áirítear in Iarscríbhinn 22-01 CCA-DA
Níl feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 22-01 (lena n-áirítear ina réamhfhorálacha) ach amháin maidir le hearraí a liostaítear go sonrach ar leibhéal 4 dhigit CC ar a laghad san Iarscríbhinn sin.
Measfar go ndearnadh an phróiseáil shubstaintiúil dheireanach nó an t-oibriú substaintiúil deireanach ar earraí a liostófar san Iarscríbhinn sin, a raibh monarú táirge nua nó céim thábhachtach monaraíochta mar thoradh uirthi, sa tír nó sa chríoch ina gcomhlíonfar na rialacha príomhúla nó iarmharacha a leagadh amach san Iarscríbhinn sin nó a sainaithníodh leis na rialacha sin. Mar shampla, áirítear ar na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn 22-01 CCA-DA táirgí talmhaíochta áirithe (e.g. feoil, caife, gránaigh mheilte), táirgí ceimiceacha áirithe, táirgí teicstíle, éadaí, coisbheart chomh maith le táirgí áirithe iarainn agus cruach, uirlisí miotail, táirgí innealra, lena n-áirítear innealra leictreach. Déanta na fírinne, tá an liosta teoranta go leor agus ní chumhdaítear leis speictream iomlán na dtáirgí a aicmítear in Ainmníocht Chomhcheangailte an Aontais.
Liostaítear na rialacha is infheidhme maidir le táirgí in Iarscríbhinn 22-01 agus léirítear iad sa tábla “liosta rialacha” (6). I gcás nach féidir an tír dheireanach táirgthe a chinneadh ar bhonn na rialacha príomhúla a liostaítear go sonrach, ba cheart í a chinneadh trí chur i bhfeidhm na “rialacha iarmharacha” a leagtar síos ag tús gach Caibidle.
3.2.2. Tionscnamh a chinneadh le haghaidh táirgí nach n-áirítear in Iarscríbhinn 22-01 CCA-DA
I gcás earraí nach liostaítear in Iarscríbhinn 22-01 CCA-DA, déantar tionscnamh na n-earraí sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás trí mheastóireacht a dhéanamh ar aon phróiseas nó oibríocht i ndáil le coincheap na próiseála substaintí deireanaí nó an oibrithe shubstaintigh dheireanaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 60(2) CCA iad.
D’fhonn an léirmhíniú comhchuibhithe ar an mbunphrionsabal “claochlú substaintiúil deireanach” le haghaidh earraí nach liostaítear in Iarscríbhinn 22-01 CCA-DA a mhéadú, rinneadh treoir shonrach nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí a fhorbairt maidir leis na táirgí sin. Liostaítear an treoir do na táirgí sin freisin (ach ní aibhsítear í) sa tábla “liosta rialacha” a luaitear thuas.
Nuair nach gcomhlíontar riail an liosta sa tír dheireanach táirgthe, cinntear an tír thionscnaimh trí “na rialacha iarmharacha” a leagtar síos ag tús gach Caibidle a chur i bhfeidhm.
Ba cheart do na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha, chomh maith leis na conraitheoirí, lena n-áirítear FBManna, na rialacha faoi seach a leanúint agus ba cheart dóibh na treoirlínte a thagraíonn do thionscnamh neamhfhabhair a chur san áireamh (féach an Treoir maidir le rialacha tionscnaimh neamhfhabhair) (7).
I gcás amhrais maidir le tionscnamh earraí nó chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, féadfaidh conraitheoirí, agus go háirithe FBManna a fhéadfaidh nach mbeidh an saineolas riachtanach acu, iarratas a dhéanamh ar Fhaisnéis Cheangailteach i leith Tionscnaimh. Tuilleadh eolais: https://trade.ec.europa.eu/access-to-markets/en/content/binding-origin-information-2
4. Oibleagáidí ar na tairgeoirí a n-éireoidh leo
Le hAirteagal 8 de Rialachán IPI forchuirtear roinnt oibleagáidí ar thairgeoirí a n-éireoidh leo i nósanna imeachta soláthair phoiblí, atá faoi réir an bhirt IPI, agus i gcás conarthaí arna ndámhachtain ar bhonn creat-chomhaontuithe (dá ngairtear ar ghlaonna) a bhí faoi réir an bhirt IPI, maidir leis an méid seo a leanas: i) fochonraitheoireacht; ii) tionscnamh na n-earraí a úsáideadh chun an conradh a fhorghníomhú; iii) fianaise leordhóthanach a sholáthar maidir le fochonraitheoireacht agus tionscnamh earraí, arna iarraidh sin; agus iv) muirear comhréireach a íoc i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí fochonraitheoireachta agus tionscnaimh.
Ní mór d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha tagairt do na hoibleagáidí sin a áireamh sna doiciméid soláthair phoiblí, a bhfuil feidhm ag beart IPI maidir leo, ionas go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach i nósanna imeachta ábhartha, agus go háirithe FBManna, go hiomlán ar an eolas faoi na ceanglais is infheidhme i gcás ina ndámhtar an conradh orthu.
4.1. Oibleagáidí maidir le fochonraitheoireacht i bhforghníomhú an chonartha
Ciallaíonn “fochonraitheoireacht” go socraítear go ndéanann tríú páirtí cuid de chonradh a fhorghníomhú ach ní áirítear leis earraí nó codanna a sheachadadh amháin, ar earraí nó codanna iad atá riachtanach chun seirbhís a sholáthar.
Oibreoirí eacnamaíocha ar dámhadh conradh dóibh chun seirbhísí a sholáthar (lena n-áirítear oibreacha poiblí), ceanglaítear orthu gan níos mó ná 50 % de luach iomlán an chonartha a ligean ar fochonradh d’oibreoirí eacnamaíocha de thionscnamh tríú tír atá faoi réir an bhirt IPI.
I gcás conarthaí oibreacha poiblí, ní fochonraitheoireacht atá i gceist le húsáid ábhar, earraí agus comhpháirteanna atá le hionchorprú nó le bheith mar chuid d’oibreacha buana faoi chonradh oibreacha agus, dá bhrí sin, níor cheart í a áireamh sa ríomh don cheanglas tairsí 50 %. Mar shampla, má bhaineann an conradh a dámhadh le droichead a thógáil, níor cheart costas na n-ábhar a úsáidtear (mar shampla cruach, coincréit, cloch, asfalt etc.) a chur san áireamh agus luach an chonartha á ríomh chun críocha na tairsí 50 %.
Ina theannta sin, earraí a cheannaigh an conraitheoir lena n-úsáid le linn an conradh a fhorghníomhú (mar shampla innealra a úsáideann conraitheoir soláthair chun na hearraí arna soláthar a thástáil agus a shuiteáil, trealamh a úsáideann conraitheoir oibreacha chun bóthar a thógáil, ríomhaire nó ríomhairí a úsáideann conraitheoir seirbhíse chun staidéar a dhréachtú), níor cheart iad a chur san áireamh agus luach an chonartha á ríomh chun críocha na tairsí 50 %.
4.2. Oibleagáidí maidir le tionscnamh na n-earraí a úsáideadh chun an conradh a fhorghníomhú
I gcás conarthaí a gcumhdaítear a n-ábhar soláthar earraí, ceanglaítear ar oibreoirí ar dámhadh an conradh orthu a áirithiú nach mó ná 50 % de luach iomlán an chonartha earraí nó seirbhísí arna gcur ar fáil nó arna soláthar chun an conradh a fhorghníomhú agus atá de thionscnamh tríú tír atá faoi réir an bhirt IPI.
Dá bhrí sin, ní mór do níos mó ná 50 % de na hearraí a úsáideadh i bhforghníomhú conarthaí soláthair earraí a bheith de thionscnamh an Aontais nó de thionscnamh tríú tír nach bhfuil faoi réir an bhirt IPI.
Tagann na hearraí go léir atá le seachadadh faoi chonradh soláthair faoin tairseach sin. Sainmhínítear “earraí” mar earraí dá dtagraítear i gcuspóir nós imeachta soláthair phoiblí agus i sonraíochtaí an chonartha ábhartha, ach ní chumhdaíonn siad aon ionchur, aon ábhar nó aon chomhábhar atá ionchorpraithe sna hearraí arna soláthar. Dá bhrí sin, ábhair, earraí agus comhpháirteanna atá le hionchorprú sna hearraí arna soláthar nó le bheith ina gcuid díobh, ní thagann siad faoin tairseach sin. Mar shampla, má bhaineann an soláthar le seachadadh gléasanna leictreonacha, ní áireofar leathsheoltóirí a úsáideadh i dtáirgeadh na ngaireas sin le haghaidh na tairsí luacha 50 %, ach ní mór níos mó ná 50 % de na gléasanna leictreonacha sin arna soláthar a bheith de thionscnamh tíre nach bhfuil faoi réir an bhirt IPI.
Féadfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach an fhaisnéis maidir le tionscnamh na n-earraí a úsáideadh a iarraidh tráth ar bith le linn forghníomhú an chonartha.
Má iarrtar é, ní mór don tairgeoir a n-éireoidh leis agus ar dámhadh an conradh dó a shonrú go sainráite go gcomhlíonann na hearraí arna soláthar i bhforghníomhú an chonartha na ceanglais a bhaineann leis an tairseach maidir le tionscnamh na n-earraí a sholáthraítear. Chuige sin, ba cheart don chonraitheoir ráiteas a sholáthar don údarás conarthach, ar ráiteas é a fhéadfar a dhréachtú ar an mbealach seo a leanas: “Deimhním leis seo nach de thionscnamh na tíre [X] iad níos mó ná 50 % de na hearraí a sholáthraítear i bhforghníomhú chonradh XXX faoi réir an bhirt IPI [XYZ] an [dáta: xx.yy.zz]”.
Molann an Coimisiún, mar chuid de na nósanna imeachta measúnaithe riosca agus rialaithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 8 den Rialachán IPI, go n-iarrfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ar an ar éirigh leis dearbhú deonach a sholáthar trí chéatadán na n-earraí nó na seirbhísí de thionscnamh tíortha atá faoi réir bearta IPI a shonrú i luach iomlán an chonartha.
Ba cheart, i bprionsabal, an dearbhú deonach sin a chur ar fáil sula ndéanfar íocaíocht deiridh an chonartha agus is féidir é a bhunú ar na córais rialaithe slabhra soláthair agus inrianaitheachta atá i bhfeidhm ag an gcuideachta mar chuid de ghnáthoibríochtaí an ghnó. Nuair a chuirtear dearbhuithe den sórt sin ar fáil, is féidir a mheas go bhfuil an riosca go ndéanfaí dul timpeall níos ísle ná in éagmais aon fhaisnéise den sórt sin.
4.3. Oibleagáidí maidir le fianaise leordhóthanach a sholáthar arna iarraidh sin
Tá sé d’oibleagáid ar an gconraitheoir, arna iarraidh sin don údarás conarthach nó don eintiteas conarthach, fianaise leordhóthanach a sholáthar chun comhlíonadh na tairsí maidir le tionscnamh na n-earraí a chruthú. I ndáil leis sin, is leor fianaise a sholáthar gur de thionscnamh an Aontais nó tríú tíortha eile nach bhfuil faoi réir an bhirt IPI atá níos mó ná 50 % de luach iomlán an chonartha.
Sa chleachtas, d’fhéadfadh dhá chás a bheith i gceist i gconradh chun earraí a sholáthar:
|
a) |
Féadfaidh an conraitheoir na hearraí deiridh, a úsáideadh chun an conradh a fhorghníomhú, a cheannach san Aontas (nó i dtríú tír) nó i dtír atá faoi réir an bhirt IPI, nó |
|
b) |
D’fhéadfadh gur tháirg an conraitheoir na hearraí sin agus úsáid á baint as comhpháirteanna nó comhábhair de thionscnamh an Aontais (nó tríú tíre) nó de thionscnamh tíre atá faoi réir an bhirt IPI. |
Tá feidhm chomhionann ag rialacha tionscnaimh neamhfhabhair mar a mhínítear thuas sa dá chás.
Sa chéad chás, más de thionscnamh tíre atá faoi réir beart IPI na hearraí deiridh allmhairithe, ní fhéadfaidh a sciar de luach iomlán an chonartha a bheith níos mó ná 50 % de luach an chonartha. Ciallaíonn sé sin gur cheart go mbeadh 50 % d’earraí a sholáthraítear ar bhonn an chonartha de thionscnamh an Aontais nó de thionscnamh tríú tíortha (seachas tíortha atá faoi réir an bhirt IPI). Féadfaidh an conraitheoir comhlíonadh na tairsí sin a chruthú trí shonraisc ábhartha agus/nó ráitis tionlacain ó sholáthraithe seachtracha a chur ar fáil. I gcás inar úsáideadh airgeadra eachtrach ar na sonraisc, déanfar a luach a chomhshó go EUR ar bhonn ráta malairte an EUR a bheidh bailí tráth an cheannaigh.
Sa dara cás, ní mór don chonraitheoir a léiriú go bhfuil tionscnamh de chuid an Aontais nó tríú tír (seachas tír atá faoi réir an bhirt IPI) faighte ag tromlach (níos mó ná 50 %) na n-earraí a tháirgtear agus a sholáthraítear ar bhonn an chonartha. Cé gur féidir comhpháirteanna de thionscnamh tíre atá faoi réir an bhirt IPI a úsáid, ní mór claochlú substaintiúil a bheith déanta orthu sa phróiseas táirgthe ionas go bhfaighidh an táirge deiridh tionscnamh an Aontais nó tríú tír (seachas tír atá faoi réir an bhirt IPI), i gcomhréir leis na rialacha tionscnaimh neamhfhabhracha mar a mhínítear thuas.
Ba cheart don chonraitheoir aon fhaisnéis, deimhniú, doiciméad tacaíochta nó ráiteas a sholáthar lena gcruthaítear gur comhlíonadh an tairseach maidir le tionscnamh. Is éard atá san fhianaise sin doiciméid a léiríonn gur de thionscnamh an Aontais nó tríú tír nach bhfuil faoi réir beart IPI níos mó ná 50 % de na hearraí. Is féidir tuairisc a bheith ann freisin ar na próisis mhonaraithe, lena n-áirítear samplaí, tuairiscí nó grianghraif, lenar féidir tionscnamh na n-earraí arna soláthar a chinneadh. Is féidir a bheith san fhianaise freisin ráiteas nó foirm eile fianaise ó sholáthróir earraí san Aontas, más rud é gur cheannaigh an conraitheoir na hearraí ar mhargadh an Aontais.
D’fhéadfadh dearbhuithe nó deimhnithe tionscnaimh a bheith sna doiciméid ábhartha freisin. D’fhéadfadh comhlacht inniúil de chuid thír dhearbhaithe thionscnaimh na n-earraí doiciméid den sórt sin a eisiúint (mar shampla an comhlachas tráchtála). Mar sin féin, ní thugtar aon fhaisnéis sna dearbhuithe nó sna deimhnithe tionscnaimh sin faoi chruinneas an tionscnaimh atá dearbhaithe, a mhéid a d’fhéadfadh rialacha difriúla a bheith ag tríú tíortha maidir le tionscnamh earraí a chinneadh. Ní thugann an cineál seo deimhnithe ach léiriú faoi áit táirgthe nó bunáitíochta na n-earraí. Dá bhrí sin, ní mheasfar gur cruthúnas dlíthiúil iad dearbhuithe/deimhnithe tionscnaimh, ach measfar iad mar ghné úsáideach chun an tionscnamh a chinneadh, rud a d’fhéadfadh, i gcás amhrais, seiceálacha breise a éascú.
4.4. Oibleagáidí maidir le muirear comhréireach a íoc
I gcás ina bhfuil an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach a shuigh gur theip ar an gconraitheoir na hoibleagáidí faoi Airteagal 8.1(a-b) a chomhlíonadh nó i gcás ina bhfuil amhras réasúnta air faoi iontaofacht na fianaise arna tíolacadh ag an gconraitheoir faoi Airteagal 8.1(c), féadfaidh sé muirear comhréireach a fhorchur idir 10 % agus 30 % de luach an chonartha (de réir Airteagal 8.1 (d)). Ní mór méid iarbhír an mhuirir sin a bhunú ar bhonn cás ar chás agus féadfaidh sé a bheith ag brath ar sciar d’earraí nó de sheirbhísí, ach gan a bheith teoranta do sciar den sórt sin, a bhfuil amhras réasúnach ann ina leith.
5. Conas ba cheart d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha beart IPI a chur i bhfeidhm agus cathain ba cheart sin a dhéanamh
Le Rialachán IPI, foráiltear in Airteagal 6(4) den Rialachán sin nach mbeidh feidhm ag an mbeart IPI ach amháin maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí ar mó a luach measta ná tairseach atá le cinneadh ag an gCoimisiún i bhfianaise thorthaí an imscrúdaithe agus na gcomhairliúchán, agus na critéir a leagtar amach i mír 3 (8) á gcur san áireamh. Ba cheart an luach measta sin a bheith cothrom le EUR 15 000 000 nó os a chionn glan ó CBL le haghaidh oibreacha agus lamháltas, agus cothrom le EUR 5 000 000 nó os a chionn glan ó CBL le haghaidh earraí agus seirbhísí.
Chun na tairseacha sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart luachanna measta ábhartha na gconarthaí a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, le hAirteagal 5 de Threoir 2014/24/AE agus le hAirteagal 16 de Threoir 2014/25/AE faoi seach.
Ní bheidh feidhm ag beart IPI ach amháin maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a chumhdaítear, nósanna imeachta a seoladh idir teacht i bhfeidhm an bhirt IPI sin agus dul in éag, tarraingt siar nó cur ar fionraí an bhirt IPI sin.
Maidir le creatchonarthaí, ní chuirfear bearta IPI i bhfeidhm ach aon uair amháin tráth dámhachtain an chreat-chomhaontaithe. Níl feidhm ag bearta IPI maidir le conarthaí atá bunaithe ar chreat-chomhaontú (ag an gcéim ar glao mar a thugtar air).
Foráiltear in Airteagal 13(2) de Rialachán IPI gur cheart d’údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha tuairisciú don Choimisiún trí Tenders Electronic Daily maidir le cur i bhfeidhm bhearta IPI, mar chuid den fhaisnéis faoi dhámhachtain conarthaí. Áireofar i dtuarascáil den sórt sin, i gcás gach nós imeachta ábhartha, faisnéis faoi chur i bhfeidhm bhearta IPI, líon na dtairiscintí a fuarthas ó thríú tíortha faoi réir an bhirt IPI ábhartha, líon na dtairiscintí ar cuireadh eisiamh na tairisceana nó coigeartú scóir i bhfeidhm ina leith agus cur i bhfeidhm eisceachtaí sonracha ón mbeart IPI.
Beidh réimsí ar leith in Tenders Electronic Daily a bheidh ar údaráis chonarthacha a líonadh isteach.
Ba cheart beart IPI i bhfoirm coigeartú scór a chur i bhfeidhm ag céim na meastóireachta ar na critéir dhámhachtana (níos beaichte tráth a ríomhtar an scór deiridh).
Ba cheart beart IPI i bhfoirm eisiata a chur i bhfeidhm ag céim na meastóireachta ar na critéir roghnúcháin.
(1) Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI) (IO L 173, 30.6.2022, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe i dtaca le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).
(4) https://trade.ec.europa.eu/access-to-markets/en/content/harmonised-system-0
(5) Féach freisin Treoir maidir le rialacha tionscnaimh neamhfhabhair: https://taxation-customs.ec.europa.eu/system/files/2022-03/Guidance%20on%20non-preferential%20rules%20of%20origin.pdf
(6) https://taxation-customs.ec.europa.eu/table-list-rules-conferring-non-preferential-origin-products-following-classification-cn_en
(7) https://taxation-customs.ec.europa.eu/system/files/2022-03/Guidance%20on%20non-preferential%20rules%20of%20origin.pdf
(8) Go sonrach; (a) comhréireacht an bhirt IPI maidir le beart nó cleachtas tríú tír agus (b) infhaighteacht foinsí malartacha soláthair le haghaidh na n-earraí agus na seirbhísí lena mbaineann, chun tionchar suntasach ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha a sheachaint nó a íoslaghdú.