Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex
Dokument 62022TN0743
Case T-743/22: Action brought on 25 November 2022 — Mazepin v Council
Cás T-743/22: Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Mazepin v an Chomhairle
Cás T-743/22: Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Mazepin v an Chomhairle
IO C 35, 30.1.2023, s. 71–72
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/71 |
Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Mazepin v an Chomhairle
(Cás T-743/22)
(2023/C 35/93)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Nikita Dmitrievich Mazepin (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante, T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1) a chur ar neamhní; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2) a chur ar neamhní; |
— |
an cinneadh lena gcoinnítear ainm an iarratasóra ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha faoi Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, (3) arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1530, agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1529, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a chur ar neamhní; dá ngairtear le chéile mar na “Gníomhartha atá faoi Chonspóid”, a mhéid a chuirtear an t-iarratasóir san áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha leis na Gníomhartha atá faoi Chonspóid. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú; ar Airteagal 296 CFAE agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha; ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha. |
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe. |
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe; mainneachtain an dualgais chruthúnais a urscaoileadh; sárú ar na critéir liostaithe a leagtar amach in Airteagail 1(1)(e) agus 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(g) de Rialachán Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann araon le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha an iarratasóra; sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus chun saoirse fiontraíochta agus sárú ar Airteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar bhunphrionsabal an neamh-idirdhealaithe. |
6. |
An séú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta; sárú ar na cearta atá ag na cosantóirí agus ar an oibleagáid atá ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar na smachtbhannaí go tréimhsiúil. |