Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019TA0301

Cás T-301/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – PNB Banka v BCE (Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa – Airteagal 6(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 – An gá atá le maoirseacht dhíreach ag BCE ar institiúid chreidmheasa nach bhfuil chomh suntasach sin – Iarratas ón údarás inniúil náisiúnta – Airteagal 68(5) de Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 – Cinneadh BCE lena n – aicmítear PNB Banka mar eintiteas suntasach atá faoi réir a mhaoirseachta stuamachta dhíreach – Oibleagáid cúiseanna a lua – Comhréireacht – Cearta cosanta – Rochtain ar chomhad riaracháin – Tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 68(3) de Rialachán Uimh. 468/2014 – Airteagal 106 de na Rialacha Nós Imeachta – Iarratas ar éisteacht gan cúis)

IO C 35, 30.1.2023, p. 46–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/46


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – PNB Banka v BCE

(Cás T-301/19) (1)

(Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa - Airteagal 6(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 - An gá atá le maoirseacht dhíreach ag BCE ar institiúid chreidmheasa nach bhfuil chomh suntasach sin - Iarratas ón údarás inniúil náisiúnta - Airteagal 68(5) de Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 - Cinneadh BCE lena n – aicmítear PNB Banka mar eintiteas suntasach atá faoi réir a mhaoirseachta stuamachta dhíreach - Oibleagáid cúiseanna a lua - Comhréireacht - Cearta cosanta - Rochtain ar chomhad riaracháin - Tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 68(3) de Rialachán Uimh. 468/2014 - Airteagal 106 de na Rialacha Nós Imeachta - Iarratas ar éisteacht gan cúis)

(2023/C 35/52)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: PNB Banka AS (Ríge, an Laitvia) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)

Cosantóir: an Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: C. Hernández Saseta, F Bonnard agus D. Segoin, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ar tugadh fógra ina leith i litir an 1 Márta 2019, chun é a aicmiú mar eintiteas suntasach faoi réir a mhaoirseacht stuamachta dhíreach, a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do PNB Banka AS a chostais féin agus iad siúd a thabhaigh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) a íoc.


(1)  IO C 246, 22.7.2019.


Top