This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022XG1115(12)
Notice issued by the Ministry of the Environment of the Czech Republic in accordance with Article 3(2) of Directive 94/22/EC of the European Parliament and of the Council on the conditions for granting and using authorisations for the prospection, exploration and production of hydrocarbons 2022/C 433/19
Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin 2022/C 433/19
Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin 2022/C 433/19
PUB/2022/1425
IO C 433, 15.11.2022, p. 53–54
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 433/53 |
Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin
(2022/C 433/19)
I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha i ndáil le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin, tugann an Aireacht Chomhshaoil fógra leis seo go bhfuil iarratas faighte aici ar réamhthoiliú le haghaidh togra chun láithreán eastósctha Karviná-Doly IV a bhunú chun an taisce gáis nádúrtha a bhaineann le seam guail Důl Darkov, suiteáil Uimh 3 (uimhir chlárúcháin taisce 070423) a shaothrú. Baineann an t-iarratas le limistéar polagánach de thart ar 4,49875 km.2. Tá an limistéar suite laistigh de limistéar cadastrach bhardais Karviná-Doly, Stonava agus Darkov i Réigiún Moravia-Silesia (oirthuaisceart Phoblacht na Seice).
Maidir leis an Treoir a luaitear sa teideal agus le hAlt 24 de Ghníomh Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú, tugann Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice cuireadh do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha atá údaraithe chun gníomhaíochtaí mianadóireachta a dhéanamh (eintitis chonarthacha) iarratas iomaíoch a chur isteach ar réamhthoiliú chun láithreán eastósctha a bhunú sa limistéar atá sonraithe thuas.
Is í an Aireacht Chomhshaoil an t-údarás atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh. Tá na critéir, na coinníollacha agus na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 5(1) agus (2) agus in Airteagal 6(2) den Treoir leagtha amach ina n-iomláine i reachtaíocht Phoblacht na Seice i nGníomh Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú.
Féadfar iarratais a chur isteach le linn na 90 lá tar éis fhoilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a sheoladh chuig an Aireacht Chomhshaoil ag an seoladh seo a leanas:
RNDr. Martin Holý |
ředitel odboru geologie |
Ministerstvo životního prostředí |
Vršovická 65 |
100 10 Praha 10 |
POBLACHT NA SEICE |
Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis don tréimhse sin dul in éag. Déanfar cinneadh ar na hiarratais tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don tréimhse sin dul in éag. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ach í a iarraidh ó roinn geolaíochta na hAireachta tríd an seoladh r-phoist martin.holy@mzp.cz.
IARSCRÍBHINN