Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.
Dokumentum 52022XG1115(02)
Notice for the attention of the data subjects to whom the restrictive measures provided for in Council Decision (CFSP) 2018/1544 and Council Regulation (EU) 2018/1542 concerning restrictive measures against the proliferation and use of chemical weapons apply 2022/C 433/08
Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach 2022/C 433/08
Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach 2022/C 433/08
IO C 433, 15.11.2022., 38—39. o.
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 433/38 |
Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach
(2022/C 433/08)
Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2232 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1542 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2228 ón gComhairle (5).
Is í Roinn RELEX.1 san Ard-Stiúrthóireacht um an gCaidreamh Seachtrach – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
An Ardrúnaíocht |
RELEX.1 |
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
1048 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
rphost: sanctions@consilium.europa.eu
Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí ARC ag:
An tOifigeach Cosanta Sonraí
data.protection@consilium.europa.eu
Is é is cuspóir don oibríocht phróiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/2232 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1542 ón gComhairle, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2228 ón gComhairle.
Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2018/1544 agus i Rialachán (AE) 2018/1542.
Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.
Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a chomhroinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.
Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.
Coimeádfar sonraí pearsanta ar feadh 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó ar feadh ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.
Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach eile, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 259, 16.10.2018, lch. 25.
(3) IO L 293, 14.11.2022, lch. 32.