Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0510

    Cás T-510/22: Caingean arna tabhairt an 22 Lúnasa 2022 – Sastela v EUIPO – Zenergo (Tante Mitzi Caffè – STRUDEL – BARETTO)

    IO C 380, 3.10.2022, p. 25–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 380/25


    Caingean arna tabhairt an 22 Lúnasa 2022 – Sastela v EUIPO – Zenergo (Tante Mitzi Caffè – STRUDEL – BARETTO)

    (Cás T-510/22)

    (2022/C 380/31)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Sastela, proizvodnja peciva in tort, d.o.o. (Ljutomer, an tSlóivéin) (ionadaí: U. Pogačnik, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Zenergo d.o.o. (Zgornja Polskava, an tSlóivéin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: An t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

    Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Tante Mitzi Caffè CAFFÈ – STRUDEL – BARETTO – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 11 425 394

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Meitheamh 2022 i gCás R 1413/2021-2

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    seasamh leis an iarratas sa chás seo, leasú a dhéanamh ar an gCinneadh a chonspóidtear chun seasamh lena achomharc chuig an mBórd Achomhairc agus cinneadh an Rannáin Cúlghairme a athchóiriú chun cúlghairm an trádmhairc a chonspóidtear a chur ar ceal;

    mar mhalairt air sin, an Cinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní agus an cás a tharchur chuig EUIPO le go ndéanfar tuilleadh plé ina leith.

    a ordú do EUIPO na costais a íoc.

    Saincheist dlí

    Sárú ar Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top