Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0442

    Cás C-442/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Só Administracyjny (an Pholainn) arna taisceadh an 5 Iúil 2022 — P Sp. z o.o. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Lublinie

    IO C 380, 3.10.2022, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 380/3


    Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Só Administracyjny (an Pholainn) arna taisceadh an 5 Iúil 2022 — P Sp. z o.o. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Lublinie

    (Cás C-442/22)

    (2022/C 380/05)

    Teanga an cháis: An Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Naczelny Sąd Administracyjny

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir:: P Sp. z o.o.

    Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Lublinie

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1)

    An gcaithfear Airteagal 203 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1) a léirmhíniú sa chiall gur i gcás inar eisigh fostaí de chuid duine inchánach chun críocha CBL sonrasc CBL calaoiseach, inar luaigh sé sonraí an fhostóra mar dhuine inchánach, gan a eolas ná a thoiliú, go measfar gurb é an duine a chuireann CBL ar an sonrasc agus atá faoi dhliteanas an CBL a íoc mar sin:

    an duine inchánach chun críocha CBL ar úsáideadh a chuid sonraí go neamhdhleathach i dtéacs an tsonraisc, nó

    an fostaí a d’iontráil CBL go neamhdhleathach ar shonrasc ag baint úsáid as sonraí an duine inchánaigh?

    2)

    Maidir leis an gceist cé atá le meas, de réir bhrí Airteagal 203 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle, mar dhuine a chuireann CBL ar an sonrasc agus atá faoi dhliteanas an CBL a íoc mar sin sna himthosca dá dtagraítear sa chéad cheist, an bhféadfar a chur i leith duine inchánach chun críocha CBL a fhostaíonn fostaí atá tar éis sonraí an duine inchánaigh a fhostaíonn é a iontráil go neamhdhleathach ar an sonrasc CBL, nár fheidhmigh sé dícheall cuí maidir le maoirseacht a dhéanamh ar an bhfostaí?


    (1)  IO 2006, L 347, lch. 1.


    Top